[EN]

Uimhir 3 de 1980


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1979, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1979, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1979, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1979, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚN-TAIS LEASA FORLÍONTACHA), 1975 AGUS 1979, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1979. [18 Márta, 1980] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha). 1969;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1979;

[EN]

ciallaíonn “Rialacháin 1979” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Íocaíochtaí), 1979 (I.R. Uimh. 320 de 1979).

[EN]

Ochtú Sceideal a chur isteach in Acht 1952.

2.—Leasaítear leis seo Acht 1952 tríd an Ochtú Sceideal atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh an Seachtú Sceideal.

[EN]

Pinsin seanaoise (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979):

[EN]

“(2) (a) Is é an ráta (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) pinsin an ráta seachtainiúil, atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht seo, móide, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith leanbh cáilithe nó gach duíne de bheirt leanbh cháilithe agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh cháilithe den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

[EN]

(b) Beidh pinsean iníoctha—

[EN]

(i)  i  gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara. de réir an ráta sceidealta, agus

[EN]

(ii)  i  gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta lúide an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Ochtú Sceideal sin i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na fomhíre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

[EN]

(c) Chun críocha an ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52.”;

[EN]

agus

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969) agus fho-alt (6) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(5)   Déanfar an ráta pinsin is iníoctha de réir fho-alt (2) den alt seo a mhéadú—

[EN]

(a) an méid atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

[EN]

(i) a bheidh an pinsinéir chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh.

[EN]

(ii) a bheidh gaol forordaithe leis an bpinsinéir ina chónaí leis an bpinsinéir chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

[EN]

(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe,

[EN]

ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná méadú amháin ar an bpinsean iníoctha faoin mír seo ná faoi alt 20 (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, ná faoi alt 26 (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968) den Acht seo i leith aon ghaoil fhorordaithe, agus

[EN]

(b) an méid atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Ochtú Sceideal sin i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus go gcónaíonn sé ina aonar, agus

[EN]

(c) an méid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Ochtú Sceideal sin i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir, agus

[EN]

(d) an méid a ríomhfar de réir Chuid III den Ochtú Sceideal sin i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir—

[EN]

(i)  más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé ina chónaí léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar, pinsean ná liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, á fháil aici, nó

[EN]

(ii)  más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar, pinsean ná liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, á fháil aige.

[EN]

(6) Oifigeach breithiúnachta arna cheapadh ag an Aire faoi alt 41 den Acht seo a dhéanfaidh cinneadh ar iarratas ar mhéadú faoi fho-alt (5) (a) den alt seo.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(1) Is coinníoll reachtúil le go bhfaighidh aon duine pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980, go ndeimhneoidh an duine do na húdaráis pinsean nach mó a acmhainn arna ríomh faoi na hAchtanna sin ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin faoi alt 77 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Ísliú ar an aois cháilitheach le haghaidh pinsean do dhaill agus foráil iarmhartach.

4.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932, trí “18 mbliana” a chur in ionad “21 bliain” sa dá áit ina bhfuil sé.

[EN]

(2) Dall ar iníoctha pinsean ina leith faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980—

[EN]

(a) ní leanbh cáilithe a bheidh ann chun críocha na nAchtanna sin, na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, nó na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, ná

[EN]

(b) ní leanbh cáilithe a bheidh ann chun críocha Acht 1966.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Déanfar neamhshuim de mhéadú ar thuillimh i gcás dall.

5.—(1) Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí “£312” agus “£208”, faoi seach, a chur in ionad “£208” agus “£156” (a cuireadh isteach le hAcht 1977) sa dá áit ina bhfuil siad i Riail 1 (II) (h).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua agus méadú do chleithiúnaithe aosaithe áirithe).

6.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1933 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 17:

[EN]

“17.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is é a bheidh sa ráta cúnaimh dhífhostaíochta (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, móide—

[EN]

(a) an méid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse—

[EN]

(i) a bheidh an t-iarratasóir nó an faighteoir ina chónaí lena bhanchéile agus á cóthabháil go hiomlán nó go formhór, nó

[EN]

(ii) a bheidh an t-iarratasóir nó an faighteoir ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach ar é féin a chothú, nó

[EN]

(iii) a bheidh an t-iarratasóir nó an faighteoir—

[EN]

(I)   is duine singil, baintreach nó baintreach fir, nó

[EN]

(II)  is duine pósta nach bhfuil ina chónaí lena chéile ná ag cothabháil a chéile go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag a chéile,

[EN]

ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir,

[EN]

faoi réir na sriantachta nach mbeidh teideal ag an iarratasóir ná ag an bhfaighteoir chun méadaithe ar chúnamh faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

[EN]

(b) an méid atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith leanbh cáilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

[EN]

(2) Aon uair a bheidh duine i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil tabharfar an cúnamh sin dó i bhfoirm íocaíochta airgid de réir cibé ráta díobh seo a leanas is infheidhme—

[EN]

(a) má bhíonn sé gan acmhainn, de réir an ráta sceidealta, agus

[EN]

(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 5p sa tseachtain in aghaidh gach 5p nó cuid de 5p dá acmhainn.

[EN]

(3) Aon uair a tharlóidh, le linn an ráta a bheith á ríomh ar dá réir a bheidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha le duine, go mbeidh an méid seachtainiúil a laghdófar an ráta sceidealta comhionann le méid seachtainiúil an ráta sceidealta nó níos mó ná an méid sin, ní bheidh aon chúnamh dífhostaíochta iníoctha leis an duine sin.

[EN]

(4) Measfar gurb í acmhainn duine ar bith chun críche an ailt seo acmhainn an duine sin mar a bheidh luaite sa deimhniú cáilíochta a bheidh aige de thuras na huaire.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

tá le ‘leanbh cáilithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn ‘faighteoir’ duine atá i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 4 (1A) (a cuireadh isteach le hAcht 1952) den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe (a cuireadh isteach le hAcht 1977) ar “cleithiúnaí aosaithe”:

[EN]

“ciallaíonn ‘cleithiúnaí aosaithe’ duine a bhfuil méadú ar chúnamh dífhostaíochta iníoctha ina leith faoi alt 17 (1) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) den Phríomh-Acht;”.

[EN]

(3) Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1979.

[EN]

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 13 (1) (b) d'Acht 1933 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xii) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964):

[EN]

“(xii)  i  gcás duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam sin a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (cáilíocht chónaithe 6 mhí a dhíchur).

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1933 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo mar choinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíochta á iarraidh aige—

[EN]

(a) go bhfuil cónaí air sa Stát ar dháta an iarratais;

[EN]

(b) go bhfuil aois 18 mbliana slánaithe aige agus nach bhfuil aois 66 bliana slánaithe aige;

[EN]

(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir an Achta seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus 52 oiread—

[EN]

(i)  an ráta cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus a bhaineann le duine a bhfuil cleithiúnaí aosaithe aige agus a chónaíonn i limistéar uirbeach, agus

[EN]

(ii)  i gcás leanbh cáilithe (mar a mhínítear in alt 2(1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952) nó leanaí cáilithe a bheith aige, cibé cion den chúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) de Chuid I den Ochtú Sceideal sin agus a bhaineann leis an duine arbh é an cion é ab iníoctha maidir leis an leanbh sin nó leis na leanaí sin, cibé acu é;

[EN]

agus

[EN]

(d) i gcás mná pósta—

[EN]

(i)  go bhfuil a fearchéile i gcleithiúnas uirthi, nó

[EN]

(ii)  nach bhfuil sí féin ná a fearchéile i gcleithiúnas ar a chéile agus go bhfuil cleithiúnaí amháin nó níos mó aici.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Pinsin baintreach (neamhranníocach), liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979):

[EN]

“(1) (a) Is é an ráta (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) pinsin bhaintrí (neamhranníocach) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, móide, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach.

[EN]

(b) beidh pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha—

[EN]

(i)  i gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, de réir an ráta sceidealta, agus

[EN]

(ii)  i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sceidealta lúide an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Ochtú Sceideal sin i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na fomhíre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

[EN]

(c) Chun críocha an ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52.”;

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8) (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979):

[EN]

“(8) Déanfar an ráta pinsin bhaintrí (neamhranníocach) is iníoctha de réir fho-alt (1) den alt seo a mhéadú—

[EN]

(a) an méid atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, in aghaidh aon tréimhse—

[EN]

(i) a mbeidh an bhaintreach tar éis aois inphinsin (de réir bhrí alt 2 (1) den Acht deiridh sin) a shlánú lena linn agus a bheidh sí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaithi,

[EN]

(ii) a bheidh gaol forordaithe leis an mbaintreach ina chónaí leis an mbaintreach chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

[EN]

(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe

[EN]

ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná méadú amháin ar an bpinsean iníoctha faoin mír seo ná faoi alt 77 (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) ná faoi alt 26 (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, i leith aon ghaoil fhorordaithe,

[EN]

(b) an méid atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Ochtú Sceideal sin i gcás aois inphinsin (de réir bhrí alt 2 (1) den Acht deiridh sin) a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus go gcónaíonn sí ina haonar, agus

[EN]

(c) an méid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Ochtú Sceideal sin i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, an 3ú lá d'Aibreán, 1980, agus

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (neamhranníocach), an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Pinsean baintrí (neamhranníocach) (leathnú ar an teideal).

10.—Leasaítear leis seo Acht 1935 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 19:

[EN]

“19.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo beidh pinsean (dá ngairtear pinsean baintrí (neamhranníocach) san Acht seo) iníoctha le baintreach.

[EN]

(2) Bean a bhfaighidh a fearchéile bás le linn di bheith ag fáil nó i dteideal liúntais bhanchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, beidh sí, faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, i dteideal, in ionad an liúntais sin, pinsin bhaintrí (neamhranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an liúntais bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi.”.

[EN]

Pinsean dílleachta (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

11.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1935 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 25 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1973):

[EN]

“25.—(1) Is é ráta seachtainiúil pinsin dílleachta (neamhranníocach)—

[EN]

(a)  i  gcás nach mó ná £1 acmhainn sheachtainiúil an dílleachta, an ráta atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus

[EN]

(b)  i  gcás ar mó ná £1 a acmhainn sheachtainiúil, an ráta sin lúide an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Ochtú Sceideal sin i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun an fho-ailt seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

[EN]

(2) Ríomhfar acmhainn dílleachta de réir na rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus, chun críocha an ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Leathnú ar bhrí “dílleachta” in Acht 1935 agus in Acht 1952.

12.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1935 agus alt 2 (1) d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“(c)  leanbh cáilithe a bhfuil duine dá thuismitheoirí marbh agus a bhfuil an tuismitheoir a mhaireann tar éis é a thréigean nó tar éis diúltú nó mainneachtain soláthar dó;”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Liúntas do bhean shingil (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

13.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Beidh liúntas do bhean shingil iníoctha—

[EN]

(a)  i gcás nach mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann le hAcht 1952, agus

[EN]

(b)  i gcás ar mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sin lúide an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Ochtú Sceideal sin i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, ní bheidh an liúntas iníoctha.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Liúntas leasa forlíontach (rátaí nua agus méadú do chleithiúnaithe aosaithe áirithe).

14.—(1) Leasaítear leis seo alt 9 (1) (a) d'Acht 1975 trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii):

[EN]

“(i) i gcás duine gan acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 10 (1) den Acht seo, nó

[EN]

(ii) i gcás duine ag a bhfuil acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 10 (1) den Acht seo ab iomchuí ina chás dá mbeadh sé gan acmhainn, lúide méid a acmhainne seachtainiúla,”.

[EN]

(2) Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 10 d'Acht 1975:

[EN]

“10.—(1) An méid seachtainiúil de liúntas leasa forlíontach a bheidh iníoctha le duine gan acmhainn mar a bheidh cinnte faoin Acht seo, is é a bheidh ann, faoi réir aon íocaíochta de bhun alt 11 den Acht seo, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, móide—

[EN]

(a) an méid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse—

[EN]

(i)  a bheidh an duine sin ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

[EN]

(ii)  a bheidh an duine sin ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú, nó

[EN]

(iii) a bheidh an duine sin—

[EN]

(I) is duine singil, baintreach nó baintreach fir, nó

[EN]

(II) is duine pósta nach bhfuil ina chónaí lena chéile ná ag cothabháil a chéile go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag a chéile,

[EN]

ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó do leanaí cleithiúnacha an duine sin, agus

[EN]

(b) an méid atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith leanbh cleithiúnach nó i leith gach duine de bheirt leanbh den sórt sin agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn ‘cleithiúnaí aosaithe’ duine a bhfuil méadú ar an liúntas leasa forlíontach iníoctha ina leith faoi fho-alt (1) (a) den alt seo;

[EN]

ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach’, i ndáil le duine, aon leanbh, nach cleithiúnaí aosaithe, nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige agus atá i gcleithiúnas ar an duine sin lena chothú.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, méideanna seachtainiúla an liúntais leasa fhorlíontaigh a shonraítear i gCuid I den Ochtú Sceideal sin a athrú le rialacháin ach ní ar shlí a laghdóidh aon mhéid a bheidh sonraithe amhlaidh.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo, forléireofar colúin (4) agus (5) den Ochtú Sceideal sin ionann is dá gcuirfí ‘linbh chleithiúnaigh’ agus ‘leanbh chleithiúnacha’, faoi seach, in ionad ‘linbh cháilithe’ agus ‘leanbh cháilithe’ i gcolún 4 agus ‘leanbh cleithiúnach’ in ionad ‘leanbh cáilithe’ i gcolún 5.”.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

15.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1952—

[EN]

(a) tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I den Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979):

[EN]

“CUID I

[EN]

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An Cineál Sochair

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

 

£

£

£

£

£

1.  Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a)  i gcás daoine os cionn ocht mbliana dé d'aois—

(i)  fear, bean shingil nó baintreach. bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...     ...     ...

20.45

13.25

5.95

4.90

--

(ii)  aon bhean phósta eile     ...

18.00

--

--

--

--

(b)  i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i)  má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...

20.45

13.25

5.95

4.90

--

(ii)  mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...     ...

18.00

--

--

--

--

2.  Pinsean Easláine:

(a)  fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaionn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...     ...

22.05

14.30

6.40

5.30

11.75

(b)  aon bhean phósta eile     ...     ...

19.40

--

--

--

11.75

3.  Liúntas Máithreachais

20.45

--

--

--

--

4.  Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe:

(a)  i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ...     ...     ...     ...

22.50

--

7.50

7.50

11.75

(b)  in aon chás eile     ...     ...     ...

24.05

--

7.50

7.50

11.75

5.  Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ...

16.15

--

--

--

--

6.  Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a)  i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ...     ...     ...     ...

24.50

15.65

6.40

5.30

11.75

(b)  in aon chás eile     ...     ...     ...

26.25

15.65

6.40

5.30

11.75

(c)  méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ...

--

2.65

--

--

--

[EN]

”;

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 2 de Chuid II (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Tríú Sceideal:

[EN]

“2. Deontas Báis:

(a) i gcás ar leanbh cáilithe faoi bhun 5 bliana d'aois an duine éagtha     ...     ...     ...

15

(b) i gcás ar aon leanbh cáilithe eile an duine éagtha     ...     ...     ...     ...     ...     ...

45

(c) in aon chás eile     ...     ...     ...     ...

75”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 14 (2) d'Acht 1977 trí “£1.65” a chur in ionad “£1.30” (a cuireadh isteach le hAcht 1979).

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a)  a  mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais agus le deontas báis, an 7ú lá d'Aibreán, 1980,

[EN]

(b)  a  mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 3ú lá d'Aibreán, 1980, agus

[EN]

(c)  a  mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Sochar dífhostaíochta (méadú ar rátaí áirithe).

16.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 (2) d'Acht 1967 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979) a ghabhann leis an alt sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

AN TÁBLA

An Aicme Duine

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

 

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ...

17.20

--

5.30

4.10

Aon duine eile     ...

17.00

12.25

5.30

4.10

[EN]

Sochar míchumais (laethanta feithimh breise).

17.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1952—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) (a) Ní bheidh teideal ag duine chun sochair mhíchumais in aghaidh an chéad 3 lá d'aon tréimhse éagumais chun oibre.

[EN]

 (b) Ní bheidh teideal ag duine chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh an chéad 3 lá d'aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta.”; agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (3):

[EN]

“(aa)  déanfar aon 3 lá éagumais chun oibre, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse éagumais chun oibre agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil níos mó ná 3 lá eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin éagumais chun oibre: ar choinníoll go measfar go bhfolaíonn tréimhse éagumais chun oibre aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse 3 lá chomhleanúnacha roimh an gcéad lá éagumais chun oibre, ach ní lá éagumais chun oibre lena mbaineann alt 3 (4) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973, aon lá dífhostaíochta den sórt sin,”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975):

[EN]

“(4) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha an Achta seo an raibh, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta, ní chuirfear i gcuntas ach—

[EN]

(a) aon lá nó laethanta éagumais chun oibre sa tréimhse sin ar íocadh sochar míchumais, liúntas máithreachais nó sochar díobhála leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin sa chéad tréimhse éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin lena mbaineann alt 15 (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) d'Acht 1952; agus

[EN]

(b) aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse sin ar íocadh sochar dífhostaíochta leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin lena mbaineann alt 15 (2) (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) d'Acht 1952.”.

[EN]

(3) Bainfidh an t-alt seo le tréimhsí éagumais chun oibre dar tosach an 7ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis.

[EN]

Alt 20 (5) d'Acht 1952 a aisghairm.

18.—Aisghairtear leis seo fo-alt (5) d'alt 20 d'Acht 1952 (a thugann míniú ar “seachtain” chun críche liúntais mháithreachais).

[EN]

Leathnú ar bhrí “cleithiúnaí aosaithe” i gcás sochar áirithe.

19.—(1) Leasaítear leis seo alt 26 (1) d'Acht 1952—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(c) a bheidh an tairbhí—

[EN]

(i)  is duine singil, nó

[EN]

(ii)  is baintreach, nó

[EN]

(iii) is baintreach fir, nó

[EN]

(iv) is duine pósta nach bhfuil ina chónaí lena chéile ná ag cothabháil a chéile go hiomlán nó go formhór ná á chothábháil go hiomlán nó go formhór ag a chéile,

[EN]

ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí,”;

[EN]

agus

[EN]

(b) trí “dá sonraítear i mír (c) den fho-alt seo” a scriosadh.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 26 (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970) d'Acht 1952—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(b) in aghaidh aon tréimhse a bheidh an tairbhí—

[EN]

(i)  is duine singil, nó

[EN]

(ii)  is baintreach, nó

[EN]

(iii) is baintreach fir, nó

[EN]

(iv) is duine pósta nach bhfuil ina chónaí lena chéile ná ag cothabháil a chéile go hiomlán nó go formhór ná á chóthabháil go hiomlán nó go formhór ag a chéile, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí,”;

[EN]

agus

[EN]

(b) trí “a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo” a scriosadh.

[EN]

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

(b) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua).

20.—(1) Déantar leis seo gach ráta (a cuireadh isteach le hAcht 1979 agus a athraíodh le Rialacháin 1979) den sochar díobhálacha ceirde in Acht 1966 a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1) a chur in ionad an ráta sin.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

(3) Tiocfaidh na méaduithe dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann siad le hailt 17 (2), 18 (2), 18 (3), 19, 20, 21 (2) agus 22 d'Acht 1966, i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

AN TÁBLA

An ráta sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966

An ráta méadaithe,

(1)

(2)

£18.60 in alt 8 (3) (a)

...

...

...

...

...

...

£22.30

£23.50 in alt 8 (3) (b)

...

...

...

...

...

...

£28.20

£1,630 in alt 9 (7) (a)

...

...

...

...

...

...

£2,040

£23.50 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£29.40

£21.15 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£26.46

£18.80 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£23.52

£16.45 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£20.58

£14.10 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£17.64

£11.75 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£14.70

£9.40 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£11.76

£7.05 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£8.82

£4.70 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£5.88

£18.60 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

£23.25

£16.74 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

£20.92

£14.88 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

£18.59

£13.02 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

£16.26

£11.16 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

£13.93

£9.30 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£11.60

£7.44 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£9.27

£5.58 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£6.94

£3.72 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

...

...

£4.61

£4.70 in alt 9 (9) (b) (ii)

...

...

...

...

...

...

£5.88

£3.72 in alt 9 (9) (b) (ii)

...

...

...

...

...

...

£4.61

£11.05 in alt 10 (1)

...

...

...

...

...

...

£13.25

£4.95 in alt 11 (1)

...

...

...

...

...

...

...

£5.95

£4.10 in alt 11 (1)

...

...

...

...

...

...

...

£4.90

£15.00 in alt 12 (1) (a)

...

...

...

...

...

...

£18.00

£17.05 in alt 12 (1) (b)

...

...

...

...

...

...

£20.45

£9.40 in alt 13 (1)

...

...

...

...

...

...

...

£11.75

£18.80 in alt 13 (1)

...

...

...

...

...

...

£23.50

£18.60 in alt 15 (1) (a) (i)

...

...

...

...

...

...

£23.25

£23.50 in alt 15 (1) (a) (ii)

...

...

...

...

...

£29.40

£22.85 in alt 17 (2) agus 18 (2)

...

...

...

...

...

£28.55

£1,191 in alt 18 (3)

...

...

...

...

...

...

£1,489

£6.00 in alt 19 gach áit a bhfuil sé

...

...

...

...

...

£7.50

£10.15 in alt 20 gach áit a bhfuil sé

...

...

...

...

£12.70

£22.85 in alt 20 gach áit a bhfuil sé

...

...

...

...

£28.55

£13.70 in alt 21 (2)

...

...

...

...

...

...

£17.10

£115 in alt 22 gach áit a bhfuil sé

...

...

...

...

...

£175

£3.72 in alt 25 (3) (a)

...

...

...

...

...

...

£4.61

£4.70 in alt 25 (3) (b)

...

...

...

...

...

...

£5.88

[EN]

Díobhálacha ceirde (méadú do phinsinéirí a chónaíonn ina n-aonar).

21.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (1) d'Acht 1977 trí “£1.65” a chur in ionad “£1.30” (a cuireadh isteach le hAcht 1979).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Díobhálacha ceirde (leathnú ar an míniú ar dhílleachta).

22.—(1) Leasaítear leis seo alt 1 (1) d'Acht 1966 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) sa mhíniú ar “dílleachta agus é cáilithe chun críocha an Achta seo”:

[EN]

“nó

[EN]

(c) leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo a bhfuil duine dá thuismitheoirí marbh agus a bhfuil an tuismitheoir a mhaireann tar éis é a thréigean nó tar éis diúltú nó mainneachtain soláthar dó;”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Díobhálacha ceirde (leathnú ar bhrí “cleithiúnaí aosaithe”).

23.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) d'Acht 1966—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(c) a bheidh an tairbhí—

[EN]

(i)  is duine singil, nó

[EN]

(ii)  is baintreach, nó

[EN]

(iii) is baintreach fir, nó

[EN]

(iv) is duine pósta nach bhfuil ina chónaí lena chéile ná ag cothabháil a chéile go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag a chéile,

[EN]

ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó do leanaí atá cáilithe chun críocha an Achta seo agus a chónaíonn go rialta leis an tairbhí,”;

[EN]

agus

[EN]

(b) trí “a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo” a scriosadh.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Liúntais leanaí (rátaí nua).

24.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1979):

[EN]

“(1) Faoi réir fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1980, agus na rialachán fúthu, aon duine atá cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Ochtú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1980) a ghabhann le hAcht 1952 i leith linbh cháilithe amháin agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe (más ann) de bhreis ar dhuine amháin.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1980.

[EN]

Méadú ar dheontais le haghaidh ilbhreitheanna.

25.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1969 trí “£300” a chur in ionad “céad punt” agus “£400” a chur in ionad “céad is caoga punt” i bhfo-alt (1).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Árachas sóisialach pá-choibhneasa (rátaí nua ranníocaí agus méadú ar an uasteorainn tuillimh).

26.—(1) Leasaítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978) d'alt 6 d'Acht 1952 trí—

[EN]

(a) “3.5 faoin gcéad” a chur in ionad “3.2 faoin gcéad” agus “8.5 faoin gcéad” a chur in ionad “7.5 faoin gcéad” i míreanna (b) (i) agus (b) (ii), faoi seach, d'fho-alt (1), agus

[EN]

(b) “£7,000” a chur in ionad “£5,500” (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Rátaí Ranníoca agus Tuillimh Ináirimh Bhliantúla) (Daingniú agus Athrú), 1979 (I.R. Uimh. 65 de 1979)) i mír (c) d'fho-alt (1), agus

[EN]

(c) “1.8 faoin gcéad” a chur in ionad “1.7 faoin gcéad”, “4.7 faoin gcéad” a chur in ionad “4.4 faoin gcéad” agus “2.9 faoin gcéad” a chur in ionad “2.7 faoin gcéad” i míreanna (b) (i), (b) (ii) agus (b) (iii), faoi seach, d'fho-alt (2).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

27.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1980, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo—

[EN]

(a)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(b)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1980, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(c)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(d)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1980, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(e)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 go 1980, a ghairm díobh le chéile, agus

[EN]

(f)  a  mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

Alt 2.

Cuid I

Rátaí an Chúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

 

£

£

£

£

£

£

£

1.  Cúnamh Dífhostaíochta:

A.  Daoinc seachas iad sin ag B

(1)  i gcás daoine seachas iad sin ag A (2)

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach     ...

17.00

12.25

5.30

4.10

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...     ...

16.45

11.95

5.30

4.10

--

--

--

(2)  i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir Acht Uimh. 20 de 1965, a. 8—

(a)  i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

14.15

10.20

4.40

3.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

13.70

9.95

4.40

3.40

--

--

--

(b)  i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

12.00

8.55

3.65

2.90

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

11.55

8.45

3.65

2.90

--

--

--

(c)  i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

10.05

7.15

3.10

2.45

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

9.70

7.05

3.10

2.45

--

--

--

B.  Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu

(1)  i gcás daoine seachas iad sin ag B (2)

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

17.20

--

5.30

4.10

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

16.70

--

5.30

4.10

--

--

--

(2)  i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir Acht Uimh. 20 de 1965, a. 8—

(a)  i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

14.35

--

4.40

3.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

13.90

--

4.40

3.40

--

--

--

(b)  i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

12.15

--

3.65

2.90

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

11.70

--

3.65

2.90

--

--

--

(c)  i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

10.25

--

3.10

2.45

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile     ...

9.85

--

3.10

2.45

--

--

--

2.  Pinsean Seanaoise (lena n-áirítear pinsean is iníoctha le dall)     ...     ...     ...

21.00

--

5.70

4.40

11.75

1.65

1.50

3.  Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh     ...

21.00

--

6.90

6.90

11.75

1.65

1.50

4.  Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)     ...     ...

13.55

--

--

--

--

--

--

5.  Liúntas do Bhean Shingil     ...

18.30

--

--

--

--

--

--

6.  Liúntas Leasa Fórlíontach:

(a)  Daoine seachas iad sin ag (b)     ...

16.45

11.95

5.30

4.10

--

--

--

(b)  Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu     ...     ...

16.70

--

5.30

4.10

--

--

--

Cuid II

An cineál cúnaimh shóisialaigh

Méid an laghdaithe i leith gach £1 d'acmhainn sheachtainiúil

(1)

(2)

 

£

Pinsean Seanaoise (lena n-áirítear pinsean is iníoctha le dall)     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

1.20

Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh     ...     ...     ...     ...

1.20

Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)     ...     ...     ...

1.20

Liúntas do Bhean Shingil     ...     ...     ...     ...

1.20

Cuid III

An Méadú ar Phinsean i leith Céile faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

 

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £6

...

...

...

...

10.55

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

...

...

9.95

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

...

...

9.35

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

...

...

8.75

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

...

...

8.15

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

...

...

7.55

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

...

...

6.95

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

...

...

6.35

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

...

...

5.75

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15

...

...

5.15

níos mó ná £15 gan bheith níos mó ná £16

...

...

4.55

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £17

...

...

3.95

níos mó ná £17 gan bheith níos mó ná £18

...

...

3.35

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £19

...

...

2.75

níos mó ná £19 gan bheith níos mó ná £20

...

...

2.15

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £21

...

...

1.55

níos mó ná £21 gan bheith níos mó ná £22

...

...

0.95

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £23

...

...

0.35

níos mó ná £23

...

...

...

...

...

...

Neamhní

Cuid IV

Méideanna na Liúntas Leanaí

An méid i leith linbh amháin

An méid breise i leith gach leanbh de bhreis ar dhuine amháin

(1)

(2)

£4.50

£7

 

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924

1924, Uimh. 19

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932

1932, Uimh. 18

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933

1933, Uimh. 46

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935

1935, Uimh. 29

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935

1935, Uimh. 38

An tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946

1946, Uimh. 8

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964

1964, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967

1967, Uimh. 18

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 31

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969

1969, Uimh. 19

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970

1970, Uimh. 12

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973

1973, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974

1974, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975

1975, Uimh. 8

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975

1975, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976

1976, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976

1976, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977

1977, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978

1978, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 25

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1979

1979, Uimh. 8