[EN]

harp.jpg


Uimhir 3 de 1988


[EN]

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhmiú an Achta.

3.

Feidhm dlí le bheith ag Coinbhinsiúin.

4.

Léiriú ar na Coinbhinsiúin.

5.

Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú.

6.

Breithiúnais Chomhphobail a fhorghníomhú (seachas orduithe cothabhála).

7.

Orduithe cothabhála Comhphobail a fhorghníomhú.

8.

Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc.

9.

Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail.

10.

Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais áirithe agus le haistriúcháin agus le doiciméid ghaolmhara.

11.

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha.

12.

Cúirteanna sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

13.

Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta.

14.

An láthair le haghaidh imeachtaí áirithe a thionscnófar sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche de bhua an Achta seo.

15.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

Téacs de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982.

Téacs de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982.

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978.

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982.

Sainchónaí.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 27

Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

1930, Uimh. 17

harp.jpg


Uimhir 3 de 1988


AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON CHOINBHINSIÚN AR DHLÍNSE AGUS AR FHORGHNÍOMHÚ BRE-ITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁ-CHTÁLA (LENA nÁIRÍTEAR AN PRÓTACAL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN) A SÍNÍODH SA BHRUISÉIL AN 27ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1968, DON PHRÓTACAL MAIDIR LE LÉIRIÚ AN CHO-INBHINSIÚIN SIN AG CÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH A SÍNÍODH I LUC-SAMBURG AN 3ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1971, AGUS DO NA COINBHINSIÚIN A FHORÁLANN D'AONTACHAS AN STÁIT, NA DANMHAIRGE, NA RÍOCHTA AON-TAITHE AGUS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN AGUS LEIS AN bPRÓTACAL SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE DE DHROIM NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS GAOLMHAR LEO THAIRIS SIN. [5 Márta, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1978” an Coinbhinsiún ar aontachas an Stáit, na Danmhairge agus na Ríochta Aontaithe le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971, a síníodh i Lucsamburg an 9ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978;

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1982” an Coinbhinsiún ar aontachas na Poblachta Heilléanaí le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971 (arna leasú i ngach cás le Coinbhinsiún Aontachais 1978), a síníodh i Lucsamburg an 25ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982;

[EN]

ciallaíonn “Stát Conarthach”—

[EN]

(a) ceann de na páirtithe bunaidh i gCoinbhinsiún 1968 (an Bheilg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, An Fhrainc, An Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír), nó

[EN]

(b) ceann de na páirtithe a aontaíonn do Choinbhinsiún 1968 faoi Choinbhinsiún Aontachais 1978 nó faoi Choinbhinsiún Aontachais 1982 (An Stát, An Danmhairg, An Ríocht Aontaithe agus An Phoblacht Heilléanach),

[EN]

ar stát é ar tháinig Coinbhinsiún Aontachais 1978 i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún sin nó, de réir mar is iomchuí, ar tháinig Coinbhinsiún Aontachais 1982 i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 15 den Choinbhinsiún sin, agus, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh, forléireofar “Stát Conarthach” chun a chumasú don Acht seo éifeacht a bheith leis maidir leis na háiteanna a mbeidh éifeacht ag Coinbhinsiún 1968 ina leith de bhua Airteagal 60;

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1968” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin), a síníodh sa Bhruiséil an 27ú lá de Mheán Fómhair, 1968;

[EN]

ciallaíonn “na Coinbhinsiúin” Coinbhinsiún 1968, Prótacal 1971, Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus, ar thosach feidhme alt 3 den Acht seo agus uaidh sin amach, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1982;

[EN]

folaíonn “cúirt” binse;

[EN]

ciallaíonn “ordú forghníomhaithe”—

[EN]

(a) ordú a dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte faoi alt 5 den Acht seo chun iomlán breithiúnais nó cuid de bhreithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú, nó

[EN]

(b) ordú ón Ard-Chúirt chun iomlán ionstraime nó socraíochta nó cuid díobh dá dtagraítear i dTeideal IV de Coinbhinsiún 1968 a aithint nó a fhorghníomhú,

[EN]

agus folaíonn sé ordú forghníomhaithe a dhéantar nó a athraítear ar achomharc ó bhreith a thug Máistir na hArd-Chúirte nó ó bhreith na hArd-Chúirte;

[EN]

tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972;

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt Eorpach” Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach;

[EN]

ciallaíonn “breithiúnas” ach amháin in alt 2 den Acht seo ach faoi réir alt 6 den Acht seo, breithiúnas nó ordú lena mbaineann an tAcht seo de bhua an ailt sin 2;

[EN]

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear leis an ordú;

[EN]

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú;

[EN]

ciallaíonn “ordú cothabhála”, faoi réir alt 6 den Acht seo, breithiúnas ar breithiúnas é a bhaineann le cothabháil (de réir bhrí Choinbhinsiún 1968) a mhéid, agus a mhéid amháin, a dhéanann sé foráil maidir le híocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

ciallaíonn “stát neamhchonarthach” aon stát, tír nó críoch seachas Stát Conarthach;

[EN]

ciallaíonn “Prótacal 1971” an Prótacal maidir le léiriú Choinbhinsiún 1968 ag an gCúirt Eorpach, a síníodh i Lucsamburg an 3ú lá de Mheitheamh, 1971.

[EN]

(2) Maidir le doiciméad a airbheartóidh gur cóip de bhreithiúnas é arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, measfar, chun críocha an Achta seo, go mbeidh sé fíordheimhnithe go cuí má airbheartaíonn sé—

[EN]

(a) séala na cúirte sin a bheith air, nó

[EN]

(b) é a bheith deimhnithe ag duine ina cháil mar bhreitheamh nó oifigeach de chuid na cúirte sin gur cóip dhílis é de bhreithiúnas arna thabhairt ag an gcúirt sin.

[EN]

(3) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

(a) tagairtí do Choinbhinsiún 1968 nó do Phrótacal 1971 nó d'aon fhoráil iontusan, is tagairtí iad do Choinbhinsiún 1968, do Phrótacal 1971 nó don fhoráil, de réir mar a bheidh, arna leasú—

[EN]

(i) le Coinbhinsiún Aontachais 1978, agus

[EN]

(ii) tar éis thosach feidhme alt 3 den Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, le Coinbhinsiún Aontachais 1982,

[EN]

(b) aon tagairt d'Airteagal uimhrithe is tagairt í, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, don Airteagal, arna uimhriú amhlaidh, de Choinbhinsiún 1968 agus forléireofar dá réir sin aon tagairt d'fhoroinnt d'Airteagal uimhrithe.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú le hordú—

[EN]

(i) gur Stát Conarthach aon stát a shonraítear san ordú, nó

[EN]

(ii) go ndearnadh dearbhú (a mbeidh an téacs ann leagtha amach san ordú) a chur chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach de bhun Airteagal 60 nó Airteagal IV, nó gur cuireadh scéala (a mbeidh an téacs ann leagtha amach san ordú) in iúl dó de bhun Airteagal VI.

[EN]

(b) Ordú a bheidh i bhfeidhm faoin bhfo-alt seo is fianaise é—

[EN]

(i) maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (i) san fho-alt sin, gur Stát Conarthach aon stát lena mbaineann an dearbhú, agus

[EN]

(ii) maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (ii) san fho-alt sin, i dtaca leis an dearbhú de bhun Airteagal 60 nó Airteagal IV, nó, de réir mar a bheidh, leis an scéala de bhun Airteagal VI, lena mbaineann an dearbhú céadluaite, go ndearnadh an dearbhú nó gur cuireadh an scéala in iúl agus is fianaise é ar an ábhar ann.

[EN]

(c) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú ordú faoin bhfo-alt seo lena n-áirítear ordú faoin mír seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Feidhmiú an Achta.

2.—Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon bhreithiúnas nó ordú (faoi cibé ainm a thabharfar air) ar breithiúnas é chun críocha Choinbhinsiún 1968.

[EN]

Feidhm dlí le bheith ag Coinbhinsiúin.

3.—(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag na Coinbhinsiúin agus tabharfar aird bhreithiúnach orthu.

[EN]

(2) Mar áis thagartha leagtar amach sa Chéad, sa Dara, sa Tríú agus sa Cheathrú Sceideal, faoi seach, a ghabhann leis an Acht seo:

[EN]

(a) Coinbhinsiún 1968, arna leasú le Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

[EN]

(b) Prótacal 1971, arna leasú le Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

[EN]

(c) Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978,

[EN]

(d) Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

[EN]

ar téacsanna iad a ullmhaíodh ó na téacsanna fíordheimhnithe i mBéarla dá dtagraítear in Airteagail 37 agus 41 de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus in Airteagal 17 de Choinbhinsiún Aontachais 1982.

[EN]

Léiriú ar na Coinbhinsiúin.

4.—(1) Tabharfar aird bhreithiúnach—

[EN]

(a) ar aon rialú nó breith nó ar aon léiriú tuairime de chuid na Cúirte Eorpaí ar aon cheist maidir le brí nó éifeacht aon fhorála de na Coinbhinsiúin, agus

[EN]

(b) ar na tuarascálacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh aon chúirt, nuair a bheidh sí ag léiriú aon fhorála de na Coinbhinsiúin breithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha seo a leanas (is tuarascálacha atá atáirgthe in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach), eadhon—

[EN]

(a) tuarascálacha an Uas. P. Jenard ar Choinbhinsiún 1968 agus ar Phrótacal 19711,

[EN]

(b) tuarascáil an Ollaimh Peter Schlosser ar Choinbhinsiún Aontachais 19782, agus

(c) tuarascáil an Ollaimh Demetrios Evrigenis agus an Ollaimh K. D. Kerameus ar aontú na Poblachta Heilléanaí do Choinbhinsiún 1968 agus do Phrótacal 19713,

agus tabharfar dóibh cibé creidiúnacht is cuí sna himthosca.

[EN]

Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú.

5.—Aon iarratas faoi Airteagal 31 chun breithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú sa Stát déanfar é chuig Máistir na hArd-Chúirte agus cinnfidh seisean é le hordú (lena n-áirítear ordú nach ndéanfar ach páirt-aithint nó páirt-fhorghníomhú ar bhreithiúnas) de réir na gCoinbhinsiún.

[EN]

Breithiúnais Chomhphobail a fhorghníomhú (seachas orduithe cothabhála).

6.—(1) Faoi réir alt 8 (4) den Acht seo agus an tsriain ar fhorghníomhú atá in Airteagal 39—

[EN]

(a) beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag breithiúnas, seachas ordú cothabhála, a mbeidh ordú forghníomhaithe déanta ina leith, go feadh an méid a mbeidh forghníomhú an bhreithiúnais údaraithe leis an ordú forghníomhaithe, agus

[EN]

(b) chun an breithiúnas a fhorghníomhú nó maidir lena fhorghníomhú, beidh ag an Ard-Chúirt na cumhachtaí céanna, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh,

[EN]

amhail is dá mba bhreithiúnas de chuid na hArd-Chúirte an breithiúnas.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh Máistir na hArd-Chúirte, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige ag an gcreidiúnaí cothabhála, a dhearbhú le hordú go measfar, maidir le suimeanna a bhí iníoctha faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe ach a bhí neamhíoctha roimh an dáta a ndearnadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí, go mbeidh siad iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte dearbhú faoi mhír (a) den fho-alt seo mura measfaidh sé go ndéanfaí, de bharr é do dhéanamh amhlaidh, an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe lena mbaineann a fhorghníomhú ar mhodh níos éifeachtúla maidir leis na suimeanna lena mbaineann.

[EN]

(c) Aon uair a dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte dearbhú faoi mhír (a) den fho-alt seo, measfar maidir leis na suimeanna lena mbaineann sé, go mbeidh siad, chun críocha an Achta seo, iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear san fho-alt sin (1) agus ní ar shlí eile.

[EN]

(3) San alt seo folaíonn “breithiúnas” ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún 1968.

[EN]

Orduithe cothabhála Comhphobail a fhorghníomhú.

7.—(1) San alt seo ciallaíonn “ordú cothabhála infhorghníomhaithe”—

[EN]

(a) ordú cothabhála a mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir lena fhorghníomhú ina iomláine, nó

[EN]

(b) i gcás gur le haghaidh ordú cothabhála a pháirt-fhorghníomhú amháin a bheidh ordú forghníomhaithe déanta, an t-ordú cothabhála go feadh an méid a mbeidh sé ordaithe amhlaidh é a fhorghníomhú.

[EN]

(2) (a) Faoi réir alt 8 (4) den Acht seo agus an tsriain ar fhorghníomhú atá in Airteagal 39, beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú agus—

[EN]

(i) chun na críche sin,

[EN]

(ii) chun críocha alt 98 (1) den Acht Cosanta, 1954, agus

[EN]

(iii) faoi réir Choinbhinsiún 1968, chun ordú den sórt sin a athrú nó a chúlghairm faoi alt 5 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, nó alt 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976,

[EN]

measfar, ón dáta a ndearnadh an t-ordú cothabhála, gur ordú a rinne an Chúirt Dúiche faoi alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, a dúradh nó faoi alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, a dúradh, de réir mar is iomchuí, an t-ordú sin.

[EN]

(b) Beidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo d'ainneoin go mbeidh aon mhéid is iníoctha faoin ordú lena mbaineann níos mó ná an t-uasmhéid a mbeidh dlínse ag an gCúirt Dúiche é a dhámhachtain faoin achtachán iomchuí a luaitear sa mhír sin.

[EN]

(3) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a athrú agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú cothabhála infhorghníomhaithe ina iomláine, nó maidir le cuid de, arna athrú amhlaidh nó, maidir leis an ordú ina iomláine, nó maidir le cuid de, lena ndéantar an t-athrú, de réir mar a bheidh, ní bheidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe, ón dáta a mbeidh éifeacht leis an athrú, infhorghníomhaithe sa Stát ach amháin de réir mar a bheidh sé arna athrú amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a chúlghairm agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú lena ndéantar an chúlghairm, scoirfidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe de bheith infhorghníomhaithe sa Stát ón dáta a mbeidh éifeacht leis an gcúlghairm ach amháin i ndáil le haon suimeanna faoin ordú a bhí iníoctha, ach nár íocadh, an dáta sin nó roimhe.

[EN]

(5) I gcás ordú cothabhála infhorghníomhaithe, measfar—

[EN]

(a) maidir le haon suimeanna a bhí iníoctha faoin ordú, ach nár íocadh, roimh an dáta a ndearnadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí, agus

[EN]

(b) maidir le haon chostais a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú forghníomhaithe sin is iníoctha de bhua alt 8 (2) den Acht seo,

[EN]

go mbeidh siad, faoi réir alt 6 (2) den Acht seo, iníoctha de bhua ordú a rinneadh faoi alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, nó faoi alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, de réir mar is iomchuí.

[EN]

(6) An dlínse a dhílsítear sa Chúirt Dúiche leis an alt seo feidhmeofar é ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire sannta don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an féichiúnaí cothabhála faoin ordú cothabhála infhorghníomhaithe lena mbaineann ina chónaí.

[EN]

(7) (a) Íocfaidh an féichiúnaí cothabhála i gceist aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infhorghníomhaithe, d'ainneoin aon ní dá mhalairt san ordú sin, leis an gcléireach cúirte don cheantar cúirte dúiche ina bhfuil cónaí de thuras na huaire ar an bhféichiúnaí cothabhála lena tarchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála nó, i gcás go n-údaróidh an creidiúnaí cothabhála d'údarás poiblí suim den sórt sin a ghlacadh, chuig an údarás sin.

[EN]

(b) Más rud é nach n-íocfar go cuí aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infhorghníomhaithe agus má iarrann an féichiúnaí cothabhála lena mbaineann i scríbhinn go ndéanfaí amhlaidh, déanfaidh an cléireach cúirte dúiche lena mbaineann iarratas faoi alt 10 (a bhaineann le tuillimh áirithe a astú) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, nó faoi alt 8 (a bhaineann le horduithe cothabhála áirithe a fhorghníomhú) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, maidir leis an tsuim agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí san alt sin 8 (seachas fo-ailt (4) agus (5)) don iarratasóir mar thagairtí don chléireach cúirte dúiche.

[EN]

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don cheart atá ag creidiúnaí cothabhála imeachtaí a thionscnamh chun aon suim is iníoctha le cléireach cúirte dúiche faoi mhír (a) den fho-alt seo a ghnóthú.

[EN]

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 8 (7) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, maidir le himeachtaí chun ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú.

[EN]

(9) Déanfaidh féichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe fógra a thabhairt don chléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina gcónaíonn sé i dtaobh athrú ar bith ar a sheoladh agus má mhainníonn sé gan cúis réasúnach sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

[EN]

(10) San alt seo déanfar, i gcás dhá chléireach cúirte dúiche nó níos mó a bheith ann don cheantar cúirte dúiche lena mbaineann, tagairt do chléireach cúirte dúiche a fhorléiriú mar thagairt d'aon duine de na cléirigh sin.

[EN]

(11) Chun críocha an ailt seo measfar gur ceantar cúirte dúiche Dúiche Phríomh-Chathrach Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc.

8.—(1) Más rud é go dtaispeánfar, ar iarratas ar ordú forghníomhaithe—

[EN]

(a) go ndéanann an breithiúnas iomchuí foráil chun suim airgid a íoc, agus

[EN]

(b) de réir dhlí an Stáit Chonarthaigh inar tugadh an breithiúnas, go mbeidh ús ar an tsuim sin inghnóthaithe faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó ó am áirithe,

[EN]

forálfaidh an t-ordú, má dhéantar é, go ndlífidh an duine ag a mbeidh an tsuim a dúradh iníoctha, an t-ús a dúradh a íoc freisin ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe de bhua fho-alt (2) den alt seo, de réir na sonraí a bheidh nótáilte san ordú, agus beidh méid an úis inghnóthaithe ag an iarratasóir lena mbaineann amhail is dá mba chuid é den tsuim a dúradh.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú forghníomhaithe, de rogha na cúirte lena mbaineann nó Mháistir na hArd-Chúirte, de réir mar is iomchuí, a fhoráil go n-íocfaidh an freagróir lena mbaineann leis an iarratasóir lena mbaineann na costais réasúnacha a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú.

[EN]

(3) Aon duine a mbeidh costais is inghnóthaithe de bhua fho-alt (2) den alt seo iníoctha aige dlífidh sé ús a íoc ar na costais amhail is dá mba ábhar ordaithe chun costais a íoc iad a rinne an Ard-Chúirt ar an dáta a rinneadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí.

[EN]

(4) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ach amháin de réir mar a fhoráiltear leis an alt seo.

[EN]

Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail.

9.—(1) Aon mhéid is iníoctha sa Stát faoi ordú cothabhála de bhua ordú forghníomhaithe íocfar é in airgeadra an Stáit agus, má luaitear an méid san ordú cothabhála in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, déanfar an íocaíocht ar bhonn an ráta malairte a bheidh, ar an dáta a ndéanfar an t-ordú forghníomhaithe, i réim idir an t-airgeadra sin agus airgeadra an Stáit.

[EN]

(2) Maidir le deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do bhanc sa Stát agus a airbheartóidh an ráta malairte a bheidh i réim ar dháta sonraithe idir airgeadra sonraithe agus airgeadra an Stáit a lua, beidh an deimhniú sin, chun críocha an ailt seo, inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “banc” an sealbhóir ar cheadúnas baincéara de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971.

[EN]

Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais áirithe agus le haistriúcháin agus le doiciméid ghaolmhara.

10.—(1) Chun críocha na gCoinbhinsiún—

[EN]

(a) maidir le doiciméad, arna fhíordheimhniú go cuí, a airbheartóidh gur cóip é de bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát, measfar gan a thuilleadh cruthúnais gur cóip dhílis den bhreithiúnas é, mura dtaispeánfar a mhalairt; agus

[EN]

(b) beidh an doiciméad bunaidh nó cóip d'aon doiciméad den sórt a luaitear in Airteagal 46.2 nó 47 inghlactha mar fhianaise ar aon ábhar lena mbaineann sé.

[EN]

(2) Maidir le doiciméad—

[EN]

(a) a airbheartóidh gur aistriúchán é ar bhreithiúnas a thug cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát nó ar dhoiciméad a luaitear in Airteagal 46.2, 47 nó 50 nó ina mbeidh socraíocht dá dtagraítear in Airteagal 51, agus

[EN]

(b) a bheidh deimhnithe a bheith cruinn ag duine a bheidh inniúil chun déanamh amhlaidh,

[EN]

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar an aistriúchán.

[EN]

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha.

11.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh tús curtha le himeachtaí, nó go mbeidh tús le cur leo, i Stát Conarthach seachas an Stát, agus

[EN]

(b) gur imeachtaí iad nó go mbeidh siad ina n-imeachtaí a mbeidh a n-ábhar faoi chuimsiú Choinbhinsiún 1968 arna chinneadh le hAirteagal 1 (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh éifeacht le Coinbhinsiún 1968 i ndáil leis na himeachtaí),

[EN]

féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuici de bhun Airteagal 24, bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, d'aon chineál a dheonú a mbeidh cumhacht ag an gCúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse.

[EN]

(2) Ar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt diúltú na bearta a lorgaíodh a dheonú i gcás, i dtuairim na Cúirte sin, go mbeadh sé neamhfhóirsteanach don Chúirt sin na bearta sin a dheonú de bharr nach bhfuil dlínse ag an gCúirt sin, ar leith ón alt seo, i ndáil le hábhar na n-imeachtaí i gceist.

[EN]

(3) Faoi réir Airteagal 39, féadfaidh iarratas ar cibé bearta cosantacha a dheonú a mbeidh cumhacht ag an Ard-Chúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse a bheith ar áireamh in iarratas chun Máistir na hArd-Chúirte ar bhreithiúnas a fhorghníomhú agus in iarratas chun na hArd-Chúirte ar ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún 1968, a fhorghníomhú agus, i gcás go ndéanfar ordú forghníomhaithe i ndáil le breithiúnas nó le hionstraim nó socraíocht den sórt sin, beidh foráil ar áireamh san ordú lena ndeonófar aon bhearta cosantacha den sórt sin mar a dúradh ar a ndéanfar iarratas mar a dúradh.

[EN]

Cúirteanna sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

12.—Maidir le breithiúnas a thabharfaidh cúirt sa Stát, tabharfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte, ar iarraidh ó pháirtí leasmhar agus faoi réir aon choinníollacha a fhéadfar a shonrú le rialacha cúirte, don pháirtí leasmhar—

[EN]

(a) cóip den bhreithiúnas arna fhíordheimhniú go cuí,

[EN]

(b) deimhniú a bheidh sínithe ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte ina sonrófar—

[EN]

(i) cineál na n-imeachtaí,

[EN]

(ii) na forais, de bhun Choinbhinsiún 1968, ar ghabh an Chúirt dlínse uirthi féin,

[EN]

(iii) an dáta a rachaidh an t-am in éag chun achomharc a thaisceadh in aghaidh an bhreithiúnais nó, más rud é go mbeidh sé dulta in éag, an dáta a ndeachaigh sé in éag,

[EN]

(iv) cibé acu a taifeadadh nó nár taifeadadh fógra achomhairc in aghaidh an bhreithiúnais, nó in aon chás nár láithrigh an cosantóir, cibé a taifeadadh nó nár taifeadadh fógra chun an breithiúnas a chur ar ceal,

[EN]

(v) i gcás gur chun suim airgid a íoc an breithiúnas, an ráta úis, más ann, is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh ús iníoctha, agus

[EN]

(vi) cibé sonraí eile (más ann) a bheidh sonraithe le rialacha cúirte,

[EN]

agus

[EN]

(c) i gcás gur d'éagmais láithrithe a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip, a bheidh deimhnithe mar chóip dhílis ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de dhoiciméad a chruthaíonn gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh imeachtaí ar an duine mainneachtnach.

[EN]

Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta.

13.—(1) Faoi réir Airteagal 52, beidh feidhm ag Cuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968 agus beidh feidhm ag Cuid II den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo an bhfuil sainchónaí ar dhuine sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas Stát Conarthach.

[EN]

(2) Measfar gurb é suíomh corparáide nó comhlachais sainchónaí na corparáide nó an chomhlachais sin agus beidh feidhm ag Cuid III den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968, agus beidh feidhm ag Cuid IV den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Airteagal 53 de Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo, an sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas an Stát, atá a suíomh ag corparáid nó comhlachas.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag Cuid V den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968, agus beidh feidhm ag Cuid VI den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo an sa Stát atá sainchónaí ar iontaobhas.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “comhlachas” comhlacht neamhchorpraithe daoine;

[EN]

ciallaíonn “corparáid” comhlacht corpraithe.

[EN]

An láthair le haghaidh imeachtaí áirithe a thionscnófar sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche de bhua an Achta seo.

14.—(1) Faoi réir Theideal II den Choinbhinsiún, maidir le dlínse na Cúirte Cuarda i dtaca le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 2, 8.1, 11 nó 14, beidh sí, i gcás go gcinnfí, ar leith ón bhfo-alt seo, an dlínse sin faoi threoir na háite ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé gnó, á feidhmiú ag breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh de thuras na huaire sannta don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

[EN]

(2) Féadfar dlínse na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche maidir le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 14 ag gearánaí a mbeidh sainchónaí air sa Stát, a fheidhmiú mar a leanas:

[EN]

(i) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó

[EN]

(ii) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

15.—(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, agus ailt 5 go 8, agus 11, 12 agus 14 den Acht seo.

[EN]

(3) (a) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas alt 3 a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

[EN]

(b) Tiocfaidh alt 3 den Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla agus aon lá a shocrófar amhlaidh féadfaidh sé gurb é an lá céanna é agus lá a shocrófar faoi mhír (a) den fho-alt seo nó gur lá éagsúil é.

1 IO Uimh. C59 an 5.3.1979, Ich.1

2 IO Uimh. C59 an 5.3.1979, Ich.71.

3 IO Uimh. C298 an 24.11.1986, Ich.1.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

Téacs Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982

Alt 3.

COINBHINSIÚN

ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

BROLLACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHON-RADH AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA,

Ós mian leo go gcuirfear i ngníomh na forálacha in Airteagal 220 den Chonradh sin ar ghabh siad orthu féin dá mbua a áirithint go simpleofaí na foirmiúlachtaí a bhaineann le breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí a aithint agus a fhorghníomhú go cómhalartach;

Ós é a miangas go neartófar sa Chomhphobal an chosaint dhlíthiúil ar dhaoine atá bunaithe ann;

De bhrí gur gá chun na críche sin dlínse idirnáisiúnta a gcúirteanna a chinneadh, aithint a éascú agus nós imeachta gasta a thabhairt isteach chun a áirithint go bhforghníomhófar breithiúnais, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte;

Tar éis cinneadh ar an gCoinbhinsiún seo a chur i gcrích agus chuige sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:

(Ainmniúcháin Lánchumhachtaigh na sé Stát Chonarthacha bunaidh)

NOCH A RINNE, i dtionól na Comhairle, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Beidh feidhm leis an gCoinbhinsiún seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custam agus riaracháin.

Eisiatar ó fheidhm an Choinbhinsiúin:

1. stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, maoin-chearta de bhua cóngais phósta, uachtanna agus comharbais;

2. féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

3. slándáil shóisialta;

4. eadráin.

TEIDEAL II

DLÍNSE

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 2

Faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, beidh daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach inagartha, cibé náisiúntacht atá acu, i gcúirteanna an Stáit sin.

Daoine nach náisiúnaigh den Stát ina bhfuil sainchónaí orthu, beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse a bhaineann le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal 3

Daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach, ní féidir iad a agairt i gcúirteanna Stáit Chonarthaigh eile ach amháin de bhua na rialacha atá leagtha síos i Ranna 2 go 6 den Teideal seo.

Go háirithe ní bheidh na forálacha seo a leanas infheidhme ina gcoinne:

—sa Bheilg: Airteagal 15 den chód sibhialta (Code civil—Burgerlijk Wetboek) agus Airteagal 638 den chód breithiúnach (Code judiciaire—Gerechtelijk Wetboek);

—sa Danmhairg: Airteagal 248 (2) den dlí ar nós imeachta sibhialta (Lov om rettens pleje) agus Caibidil 3, Airteagal 3, den Acht um an nós imeachta sibhialta don Ghraonlainn (Lov for Grønland om rettens pleje);

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine: Airteagal 23 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung);

—sa Ghréig: Airteagal 40 de chód an nós imeachta shibhialta (Κώδικας Πολιτικής Δικονομίας)

—sa Fhrainc: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil);

—in Éirinn: na rialacha á chumasú dlínse a bhunú ar dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí a bheith arna sheirbheáil ar an gcosantóir le linn dó bheith in Éirinn go sealadach;

—san Iodáil: Airteagal 2 agus Airteagal 4, Uimh. 1 agus 2, de chód an nós imeachta shibhialta (Codice di procedura civile);

—i Lucsamburg: Airteagail 14 agus 15 den chód sibhialta (Code civil);

—san Ísiltír: Airteagal 126 (3) agus Airteagal 127 de chod an nós imeachta shibhialta (Wetboek van Burgerlijke Rechtsvordering);

—sa Ríocht Aontaithe: na rialacha á chumasú dlínse a bhunú:

(a) ar dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí a bheith arna sheirbheáil ar an gcosantóir le linn dó bheith sa Ríocht Aontaithe go sealadach; nó

(b) ar mhaoin leis an gcosantóir a bheith sa Ríocht Aontaithe; nó

(c) ar urghabháil ag an ngearánaí ar mhaoin sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4

Mura bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach ar an gcosantóir, rialófar dlínse na gcúirteanna i ngach Stát Conarthach de réir dhlí an Stáit sin, faoi réir fhorálacha Airteagal 16.

Aon duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, cibé náisiúntacht atá aige, féadfaidh sé, ar nós náisiúnaigh an Stáit sin, leas a bhaint sa Stát sin, i gcoinne an chosantóra sin, as na rialacha dlínse atá i bhfeidhm ann agus go háirithe as na cinn a fhoráiltear sa dara mír d'Airteagal 3.

ROINN 2

Dlínse speisialta

Airteagal 5

Duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, féadfar é a agairt, i Stát Conarthach eile:

1. in ábhair a bhaineann le conradh, sna cúirteanna don áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe;

2. in ábhair a bhaineann le cothabháil, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an gcreidiúnaí cothabhála nó, más ábhar é atá coimhdeach le himeachtaí i dtaobh stádais duine, sa chúirt ag a bhfuil, de réir a dlí féin, dlínse chun na himeachtaí sin a thriail, mura rud é nach bhfuil de bhonn faoin dlínse sin ach náisiúntacht cheann de na páirtithe;

3. in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach;

4. i gcás éileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú mar gheall ar shárú ba shiocair le himeachtaí coiriúla, sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin faoina bráid, sa mhéid go bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta;

5. i gcás díospóide a éiríonn as oibríochtaí brainse nó gníomhaireachta nó bunaíochta eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile;

6. ina cháil mar shocraitheoir, iontaobhaí nó tairbhí i leith iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta nó le hionstraim i scríbhinn nó a bunaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn, i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann;

7. i gcás díospóide maidir le híoc luach saothair a éilíodh as last nó lucht a tharrtháil, sa chúirt ar faoina húdarás

(a) a gabhadh an last nó an lucht áirithe chun an íocaíocht sin a urrú, nó

(b) a bhféadfaí é a ghabháil amhlaidh, ach gur tugadh bannaí nó urrús eile;

ar an gcoinníoll nach mbeidh feidhm leis an bhforáil seo ach amháin nuair a éilítear go bhfuil leas ag an gcosantóir sa last nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála.

Airteagal 6

Féadfar duine a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach a agairt freisin:

1. más duine de líon cosantóirí é, sna cúirteanna don áit a bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh;

2. mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí, sa chúirt inar tionscnaíodh na himeachtaí bunaidh, mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d'aontoisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte ab iomchuí ina chás;

3. i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh, sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 6a

Más rud é de bhua an Choinbhinsiúin seo go bhfuil dlínse ag cúirt Stáit Chonarthaigh i gcaingne maidir le dliteanas a thig as úsáid nó oibriú loinge, beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin, nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin le dlí intíre an Stáit sin, i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú.

ROINN 3

Dlínse in ábhair a bhaineann le hárachas

Airteagal 7

In ábhair a bhaineann le hárachas, cinnfear dlínse de réir na Roinne seo, gan dochar d'fhorálacha Airteagail 4 agus 5.5.

Airteagal 8

Féadfar árachóir ar a bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach a agairt:

1. i gcúirteanna an Stáit ina bhfuil sainchónaí air, nó

2. i Stát Conarthach eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar shealbhóir an pholasaí árachais, nó

3. más comhárachóir é, i gcúirteanna Stáit Chonarthaigh ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra.

Árachóir nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach ach a bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit Chonarthacha, measfar, i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr de dhroim oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta, sainchónaí a bheith air sa Stát sin.

Airteagal 9

Féadfar fairis sin an t-árachóir a agairt sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach más é a bhíonn i gceist árachas i leith dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe. Is é an dála chéanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí céanna árachais agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon.

Airteagal 10

I gcás árachais i leith dliteanais, féadfar mar an gcéanna, má cheadaíonn dlí na cúirte é, an t-árachóir a uamadh in imeachtaí a thionscain an duine díobhálaithe i gcoinne an árachaí.

Beidh feidhm le forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 i gcás caingne a thionscain an duine díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra, má cheadaítear na caingne díreacha sin.

Má fhorálann an dlí maidir leis na caingne díreacha sin go bhféadfar sealbhóir an pholasaí nó an t-árachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean, beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith.

Airteagal 11

Gan dochar d'fhorálacha an tríú mír d'Airteagal 10, ní féidir leis an árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, cibé acu sealbhóir an pholasaí, nó an t-árachaí nó tairbhí é.

Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 12

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú i dtaobh dlínse:

1. a dhéanfar tar éis an díospóid a theacht ar barr, nó

2. a cheadóidh do shealbhóir an pholasaí, don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3. a chuirfear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir, a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát Conarthach céanna tráth an chonartha a thabhairt chun críche agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an Stáit sin fiú i gcás an teagmhas díobhálach a tharlú ar an gcoigrich, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Stáit sin, nó

4. a dhéanfar le sealbhóir polasaí nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach, ach amháin sa mhéid gurb árachas éigeantach atá ann nó árachas a bhaineann le maoin dhochorraithe i Stát Conarthach, nó

5. a bhainfidh le conradh árachais sa mhéid go gcumhdaíonn sé fiontar nó fiontair dá luaitear in Airteagal 12a.

Airteagal 12a

Is iad seo a leanas na fiontair dá dtagraítear in Airteagal 12.5:

1. Aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh

(a) do longa farraige, do chóracha amach ón gcladach nó ar muir, nó d'aerárthaí, de dhroim guaiseanna a bhaineann lena n-úsáid chun críocha tráchtála,

(b) d'earraí faoi bhealach, seachas bagáiste paisinéirí, agus iad á n-iompar go bun a mbealaigh nó ar chuid dá mbealach ag na longa nó na haerárthaí sin;

2. Aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste,

(a) a thig as úsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear in 1.(a) thuas sa mhéid nach gcuireann dlí an Stáit Chonarthaigh a bhfuil na haerárthaí sin cláraithe ann toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse maidir le hárachú na bhfiontar sin,

(b) i leith cailleadh nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach mar a luaitear in 1.(b) thuas;

3. Aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long, córacha nó aerárthaí mar a luaitear in 1.(a) thuas, go háirithe cailleadh last-táillí nó íocaíochta as cairtfhostú;

4. Aon fhiontar nó leas a ghabhann leo sin a luaitear in 1. go 3. thuas.

ROINN 4

Dlínse ar chonarthaí tomhaltais

Airteagal 13

In imeachtaí maidir le conradh a chuir duine i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá thrádáil nó dá ghairm, dá ngairtear an “tomhaltóir” anseo feasta, cinnfear dlínse leis an Roinn seo, gan dochar d'fhorálacha Airteagail 4 agus 5.5, más éard é:

1. conradh chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda, nó

2. conradh le haghaidh iasacht is iníoctha i dtráthchodanna, nó le haghaidh aon fhoirm eile chreidmheasa, arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú, nó

3. aon chonradh eile chun earraí a sholáthar nó conradh chun seirbhísí a sholáthar, agus

(a) go ndearnadh, i Stát sainchónaí an tomhaltóra, cuireadh sonrach a dhíriú chuige nó fógraíocht sular tugadh an conradh i gcrích, agus

(b) go ndearna an tomhaltóir sa Stát sin na bearta ba ghá chun an conradh a thabhairt i gcrích.

I gcás tomhaltóir do dhul i gconradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach ach go bhfuil brainse nó gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Stáit Chonarthacha, measfar sainchónaí a bheith ar an bpáirtí sin sa Stát sin i gcás díospóidí a thiocfaidh ar barr as oibríochtaí an bhrainse nó na gníomhaireachta nó na bunaíochta.

Ní bhainfidh an Roinn seo le conarthaí iompair.

Airteagal 14

Féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an pháirtí eile i gconradh i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin nó i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí air féin.

Ní féidir le páirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

Ní dhéanfaidh na forálacha seo difear don cheart chun frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh, de réir na Roinne seo.

Airteagal 15

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

1. a dhéanfar tar éis díospóid a theacht ar barr, nó

2. a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cinn a luaitear sa Roinn seo, nó

3. a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh, agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Stát Conarthach céanna tráth an chonartha a thabhairt chun críche, agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an Stáit sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Stáit sin.

ROINN 5

Dlínse eisiatach

Airteagal 16

Beidh dlínse eisiatach ag na cúirteanna seo a leanas, ar neamhchead do shainchónaí:

1. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem, nó tionóntachtaí, ar mhaoin dhochorraithe, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil an mhaoin;

2. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht chomhdhéanamh, neamhniú nó díscaoileadh cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile nó comhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó cinntí a thug orgáin dá gcuid, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil suíomh na cuideachta, an duine dhlítheanaigh nó an chomhlachais;

3. in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina bhfuil an clár á choimeád;

4. in imeachtaí a bhaineann le clárú nó le bailíocht paitinní, trádmharcanna, dearthaí, nó le cearta eile dá leithéid sin is gá a thaisceadh nó a chlárú, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh inar iarradh an taisceadh nó an clárú, nó arb ann a rinneadh nó a mheastar faoi théarmaí coinbhinsiúin idirnáisiúnta go ndearnadh é;

5. in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú, cúirteanna an Stáit Chonarthaigh ina ndearnadh, nó ina ndéanfar, an breithiúnas a fhorghníomhú.

ROINN 6

Dlínse a iarchur

Airteagal 17

Más rud é go ndearna na páirtithe, a bhfuil sainchónaí ar pháirtí nó páirtithe díobh i Stát Conarthach, comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó cúirteanna de chuid Stáit Chonarthaigh aon díospóidí a réiteach a tharla nó a tharlóidh i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe, beidh dlínse eisiatach ag an gcúirt nó ag na cúirteanna sin. Ní foláir comhaontú den sórt sin a thugann dlínse a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn nó, a bheith, i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, i bhfoirm atá de réir na gcleachtas sa trádáil nó sa tráchtáil sin ar a bhfuil eolas nó ar ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe. I gcás comhaontú den sórt sin a bheith déanta ag páirtithe nach bhfuil sainchónaí ar aon pháirtí díobh i Stát Conarthach, ní bheidh aon dlínse ag cúirteanna Stát Conarthach eile ar a ndíospóidí mura rud é go mbeidh diúltaithe ag an gcúirt nó ag na cúirteanna a roghnaíodh do dhlínse.

An chúirt nó na cúirteanna de chuid Stáit Chonarthaigh dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse, beidh dlínse eisiatach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí, má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a n-oibleagáidí faoin iontaobhas.

Ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha d'fhorálacha Airteagail 12 nó 15, nó má bhíonn dlínse eisiatach de bhua Airteagal 16 ag na cúirteanna a bhfuil airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh.

Más ar mhaithe le haon cheann amháin de na páirtithe a rinneadh an comhaontú chun dlínse a thabhairt, beidh ag an bpáirtí sin i gcónaí an ceart chun imeachtaí a thabhairt in aon chúirt eile a bhfuil dlínse aici de bhua an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 18

Amach ó na cásanna ina bhfuil dlínse aici de bhua fhorálacha eile den Choinbhinsiún seo, beidh dlínse ag cúirt Stáit Chonarthaigh a dtaifeadfaidh cosantóir láithreas os a comhair. Ní bheidh feidhm leis an riail seo más conspóid na dlínse ba chuspóir don láithreas a thaifeadadh, nó má bhíonn dlínse eisiatach ag cúirt eile ann de bhua Airteagal 16.

ROINN 7

Fíorú ar dhlínse agus ar inghlacthacht

Airteagal 19

Cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh a dtabharfar os a comhair éileamh a bhaineann go príomha le hábhar a bhfuil dlínse eisiatach ina leith ag cúirteanna Stáit Chonarthaigh eile de bhua Airteagal 16, dearbhóidh sí as a treoir féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 20

Má dhéantar cosantóir a bhfuil sainchónaí air i Stát Conarthach amháin a agairt i gcúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas, dearbhóidh an chúirt as a treoir féin nach bhfuil aon dlínse aici mura bhfuil dlínse aici atá bunaithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.

Cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

Cuirfear in ionad fhorálacha na míre roimhe seo forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige dar dáta 15 Samhain, 1965 ar sheirbheáil doiciméad dlíthiúil agus seachdhlíthiúil in ábhair shibhialta nó tráchtála ar an gcoigrích, má ba ghá doiciméad tionscanta na n-imeachtaí, nó fógra ina dtaobh, a sheoladh amach ar an gcoigrích de réir an Choinbhinsiúin sin.

ROINN 8

Lis Pendens—Caingne gaolmhara

Airteagal 21

Má dhéantar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Stát Conarthach éagsúil, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú, ar a treoir féin, i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Cúirt a dhlífeadh dlínse a dhiúltú, féadfaidh sí bac a chur ar a himeachtaí má chonspóidtear dlínse na cúirte eile.

Airteagal 22

Má thionscnaítear caingne gaolmhara i gcúirteanna Stát Conarthach éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad, le linn na caingne a bheith ar feitheamh ar an gcéad chéim, bac a chur ar a himeachtaí.

Féadfaidh cúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má cheadaíonn dlí na cúirte sin caingne gaolmhara a dhlúthú agus go bhfuil dlínse i leith an dá chaingean ag an gcéad chúirt ar tugadh os a comhair iad.

Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn lena chéile mar ab fhéidir a theacht d'imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 23

Má thagann caingne faoi dhlínse eisiatach cúirteanna éagsúla, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

ROINN 9

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

Airteagal 24

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí Stáit Chonarthaigh a iarraidh ar chúirteanna an Stáit sin, fiú más rud é, faoin gCoinbhinsiún seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Stáit Chonarthaigh eile maidir le substaint an ábhair.

Teideal III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 25

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn “breithiúnas” aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Stáit Chonarthaigh, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, ordú, cinneadh, nó eascaire fhorghníomhaithe, mar aon le cinneadh ar chostais nó caiteachais ag oifigeach den chúirt.

ROINN 1

Aithint

Airteagal 26

Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach aithint sna Stáit Chonarthacha eile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint bhreithiúnais faoi thrácht mar phríomhshaincheist i gconspóid féadfaidh sé, de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i Ranna 2 agus 3 den Teideal seo, iarratas a dhéanamh ar chinneadh go ndlitear an breithiúnas a aithint.

Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid Stáit Chonarthaigh ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 27

Ní aithneofar breithíunas:

1. má bhíonn an aithint sin contrártha don ord poiblí sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

2. más d'éagmais láithris a tugadh an breithiúnas, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint;

3. má bhíonn an breithiúnas bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Stát ina n-iarrtar an aithint;

4. má rinne cúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas, d'fhonn teacht ar a breithiúnas, réamhcheist maidir le stádas nó le hinniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, le maoin-chearta de thoradh cóngais phósta, le huachtanna nó le comharbas, a chinneadh ar dhóigh atá contrártha le riail de dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Stáit ina n-iarrtar an aithint, mura rud é gurb é an toradh céanna a thiocfadh de rialacha dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Stáit sin a chur chun feidhme;

5. má bhíonn an breithiúnas bunoscionn le breithiúnas a tugadh roimhe sin i Stát neamh-Chonarthach agus é ag baint leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna, nuair a chomhlíonann an breithiúnas deireanach seo na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

Airteagal 28

Ina theannta sin, ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le forálacha Roinn 3, 4 nó 5 de Theideal II, ná i gcás dá bhforáiltear in Airteagal 59.

Nuair a bheidh na forais dlínse a luaitear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici, beidh an t-údarás nó an chúirt chun a ndearnadh an t-iarratas faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna cúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas a dlínse a bhunú orthu.

Faoi réir fhorálacha na chéad mhíre, ní féidir dlínse chúirt an Stáit inar tugadh an breithiúnas a athbhreithniú; ní bheidh an fhoráil i dtaobh ord poiblí dá dtagraítear in Airteagal 27.1 inchurtha chun feidhme ar na rialacha maidir le dlínse.

Airteagal 29

Ní féidir i gcás ar bith breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 30

Féadfaidh cúirt i Stát Conarthach ina n-iarrtar aithint do bhreithiúnas a tugadh i Stát Conarthach eile bac a chur ar na himeachtaí má taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin.

Féadfaidh cúirt i Stát Conarthach ina n-iarrtar aithint do bhreithiúnas a tugadh in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe bac a chur ar na himeachtaí má bhíonn forghníomhú curtha ar fionraí, mar gheall ar achomharc, sa Stát inar tugadh an breithiúnas.

ROINN 2

Forghníomhú

Airteagal 31

Déanfar breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach agus is infhorghníomhaithe sa Stát sin a fhorghníomhú i Stát Conarthach eile nuair a bheidh, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, ordú a fhorghníomhaithe eisithe sa Stát eile sin.

Sa Ríocht Aontaithe, áfach, déanfar breithiúnas den sórt sin a fhorghníomhú i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, in Albain, nó i dTuaisceart Éireann nuair a bheidh sé cláraithe, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, lena fhorghníomhú sa chuid sin den Ríocht Aontaithe.

Airteagal 32

Is chucu seo a bheidh an t-iarratas le déanamh:

—sa Bheilg, an tribunal de première instance nó an rechtbank van eerste aanleg;

—sa Danmhairg, an underret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, uachtarán dlísheomra den Landgericht;

—sa Ghréig, an (Μονομελέζ Πρωτοδικείο)

—sa Fhrainc, uachtarán an tribunal de grande instance;

—in Éirinn, an Ard-Chúirt;

—san Iodáil, an corte d'appello;

—i Lucsamburg, uachtarán an tribunal d'arrondissement;

—san Ísiltír, uachtarán an arrondissementsrechtbank;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court tríd an Secretary of State;

2. in Albain, an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Sheriff Court tríd an Secretary of State;

3. i dTuaisceart Éireann, an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Magistrates' Court tríd an Secretary of State.

Cinnfear dlínse cúirteanna áitiúla de réir na háite a bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne. Mura bhfuil sainchónaí air sa Stát a n-iarrtar an forghníomhú ann, cinnfear í de réir áit an fhorghníomhaithe.

Airteagal 33

Is de réir dhlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann a rialófar an nós imeachta maidir leis an iarratas a thaisceadh.

Ní foláir don iarratasóir seoladh a thabhairt le haghaidh seirbheála próise i limistéar dlínse na cúirte chun a ndéantar an t-iarratas. Ach más rud é nach bhforálann dlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann seoladh mar sin a bheith le tabhairt, ceapfaidh an t-iarratasóir ionadaí ad litem.

Ní foláir na doiciméid a luaitear in Airteagail 46 agus 47 a bheith i gceangal leis an iarratas.

Airteagal 34

Tabharfaidh an chúirt chun a ndéantar an t-iarratas a breith ar an iarratas gan mhoill; agus ní fhéadfaidh an páirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne aon aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an iarratas ag an gcéim seo de na himeachtaí.

Ní féidir diúltú don iarratas ach ar chúis dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28.

Ní féidir i gcás ar bith an breithiúnas coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 35

Déanfaidh oifigeach iomchuí na cúirte, gan mhoill, an bhreith a tugadh ar an iarratas a chur in iúl don iarratasóir, de réir an nós imeachta a leagadh síos le dlí an Stáit a n-iarrtar forghníomhú ann.

Airteagal 36

Má údaraítear forghníomhú, féadfaidh an páirtí ar iarradh forghníomhú ina choinne achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe laistigh de mhí ó lá a seirbheála.

Má tá sainchónaí ar an bpáirtí sin i Stát Conarthach seachas an ceann inar tugadh an bhreith a d'údaraigh forghníomhú, beidh tréimhse dhá mhí ann le haghaidh achomhairc agus rithfidh sí ó lá na seirbheála, air féin go pearsanta nó ag a ionad cónaithe. Ní féidir cur leis an tréimhse sin mar gheall ar fhad slí ó bhaile.

Airteagal 37

Déanfar achomharc i gcoinne na breithe a d'údaraigh forghníomhú a thaisceadh de réir rialacha an nós imeachta in ábhair chointinneacha:

—sa Bheilg, sa tribunal de première instance nó sa rechtbank van eerste aanleg;

—sa Danmhairg, sa landsret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, san Oberlandesgericht;

—sa Ghréig, san (ΕΦετείο)

—sa Fhrainc, sa cour d'appel;

—in Éirinn, san Ard-Chúirt;

—san Iodáil, sa corte d'appello;

—i Lucsamburg, sa cour supérieure de Justice ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta;

—san Ísiltír, san arrondissementsrechtbank;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, sa High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Magistrates' Court;

2. in Albain, sa Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Sheriff Court;

3. i dTuaisceart Éireann, sa High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, sa Magistrates' Court.

Ní féidir an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid ach amháin:

—sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír, trí achomharc en cassation;

—sa Danmhairg, trí achomharc chuig an højesteret, le cead ón Aire Dlí agus Cirt;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine trí Rechtsbeschwerde;

—in Éirinn, trí achomharc ar phointe dlí chuig an gCúirt Uachtarach;

—sa Ríocht Aontaithe, trí aon achomharc amháin eile ar phointe dlí.

Airteagal 38

Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-achomharc faoin gcéad mhír d'Airteagal 37 os a comhair, má iarrann an t-achomharcóir é, bac a chur leis na himeachtaí i gcás gnáthachomharc i gcoinne an bhreithiúnais a bheith taiscthe sa Stát inar tugadh an breithiúnas, nó mura bhfuil an tréimhse le haghaidh achomhairc den sórt sin dulta in éag fós; sa chás deiridh sin, féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh.

Más in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe a tugadh an breithiúnas, measfar aon chineál achomhairc is indéanta sa Stát inar tugadh é a bheith ina ghnáthachomharc chun críocha na chéad mhíre.

Féadfaidh an chúirt freisin é a chur de choinníoll leis an bhforghníomhú go dtabharfar don chúirt cibé urrús a chinnfidh sí.

Airteagal 39

Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 36 agus go dtí go mbeidh breith tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní féidir a dhéanamh maidir leis an bhforghníomhú ach amháin bearta cosanta in aghaidh mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne.

Gabhfaidh údarás chun aon bhearta cosanta den sórt sin a ghlacadh leis an mbreith a údaróidh forghníomhú.

Airteagal 40

Má dhiúltaítear don iarratas ar fhorghníomhú, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh:

—sa Bheilg, chuig an cour d'appel nó an hof van beroep;

—sa Danmhairg, chuig an landsret;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, chuig an Oberlandesgericht;

—sa Ghréig, chuig an (ΕΦετείο)

—sa Fhrainc, chuig an cour d'appel;

—in Éirinn, chuig an Ard-Chúirt;

—san Iodáil, chuig an corte d'appello;

—i Lucsamburg, chuig an Cour supérieure de Justice, ina suí di mar chúirt achomhairc shibhialta;

—san Ísiltír, chuig an Gerechtshof;

—sa Ríocht Aontaithe:

1. i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, chuig an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Magistrates' Court;

2. in Albain, chuig an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Sheriff Court;

3. i dTuaisceart Éireann, chuig an High Court of Justice nó, i gcás breithiúnais chothabhála, chuig an Magistrates' Court.

Cuirfear toghairm ar an bpáirtí a n-iarrtar forghníomhú ina choinne á cheangal air láithriú os comhair na cúirte achomhairc. Mura láithreoidh sé, beidh forálacha an dara agus an tríú mír d'Airteagal 20 infheidhme, fiú mura bhfuil sainchónaí air in aon cheann de na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 41

Ní féidir breithiúnas a tugadh ar achomharc dá bhforáiltear in Airteagal 40 a chonspóid ach amháin:

—sa Bheilg, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg agus san Ísiltír, trí achomharc en cassation;

—sa Danmhairg, trí achomharc chuig an højesteret, le cead ón Aire Dlí agus Cirt;

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, trí Rechtsbeschwerde;

—in Éirinn, trí achomharc ar phointe dlí chuig an gCúirt Uachtarach;

—sa Ríocht Aontaithe, trí aon achomharc amháin eile ar phointe dlí.

Airteagal 42

Má bhíonn breithiúnas coigríche tugtha i leith ábhar éagsúil agus nach féidir forghníomhú a údarú ina dtaobh go léir, déanfaidh an chúirt forghníomhú a údarú i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

Féadfaidh iarratasóir forghníomhú páirteach ar bhreithiúnas a iarraidh.

Airteagal 43

Ní fhéadfar breithiúnas coigríche a d'ordaigh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorghníomhú sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann mura mbeidh méid na híocaíochta arna chinneadh go críochnaitheach ag cúirteanna an Stáit inar tugadh an breithiúnas.

Airteagal 44

Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Stát inar tugadh an breithiúnas, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais, beidh teideal aige, sna nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 32 go 35, chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais a fhoráiltear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas.

Ach féadfaidh iarratasóir a iarrfaidh forghníomhú ar chinneadh a thug údarás riaracháin sa Danmhairg i leith ordú cothabhála éileamh a dhéanamh, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas, ar na tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír má thugann sé ar aird ráiteas ó Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge á rá go gcomhlíonann sé na ceanglais eacnamaíochta is gá chun bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachais, go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 45

Ní féidir urrús, banna ná taisce, de chineál ar bith, a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forghníomhú i Stát Conarthach amháin ar bhreithiúnas a tugadh i Stát Conarthach eile ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

ROINN 3

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 46

Dlífidh páirtí a iarrfaidh aithint nó forghníomhú ar bhreithiúnas na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird:

1. cóip den bhreithiúnas a shásóidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh;

2. i gcás breithiúnas mainneachtana, an chóip bhunaidh nó cóip dhílis dheimhnithe den doiciméad á shuíomh gur seirbheáladh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann ar an bpáirtí mainneachtnach.

Airteagal 47

Dlífidh páirtí a iarrfaidh forghníomhú na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird freisin:

1. doiciméid á shuíomh go bhfuil an breithiúnas infhorghníomhaithe, agus gur seirbheáladh é, de réir dhlí an Stáit inar tugadh an breithiúnas;

2. más cuí, doiciméad á thaispeáint go bhfuil cabhair dhlíthiúil á fáil ag an iarratasóir sa Stát inar tugadh an breithiúnas.

Airteagal 48

Mura dtugtar ar aird na doiciméid a luaitear in Airteagail 46.2 agus 47.2, féadfaidh an chúirt tréimhse a shonrú chun iad a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméid chomhionanna, nó déanamh d'éagmais na ndoiciméad má mheasann sí go bhfuil a sá faisnéise os a comhair.

Déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt é; ní foláir an t-aistriúchán a bheith deimhnithe ag duine atá cáilithe chuige sin i gceann de na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 49

Ní gá aon dlíthiúilíocht ná aon fhoirmiúlacht dá samhail i leith na ndoiciméad a luaitear in Airteagail 46 nó 47 nó sa dara mír d'Airteagal 48, ná i leith doiciméad ag ceapadh ionadaí ad litem.

Teideal IV

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 50

Doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i Stát Conarthach amháin, déanfar, arna iarraidh sin de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31 et seq., ordú a fhorghníomhaithe a eisiúint i Stát Conarthach eile. Ní féidir diúltú don iarratas ach amháin i gcás forghníomhú na hionstraime a bheith contrártha don ord poiblí sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

Ní foláir an ionstraim a thabharfar ar aird a bheith de réir na gcoinníollacha is gá chun a bharántúlacht i Stát a tionscanta a shuíomh.

Beidh feidhm le forálacha Roinn 3 de Theideal III de réir mar is cuí.

Airteagal 51

Socraíocht ar tugadh formheas uirthi sa chúirt i gcúrsa imeachtaí agus is infhorghníomhaithe sa Stát inar tugadh i gcrích í, féadfar í a fhorghníomhú sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann, faoi na coinníollacha céanna le hionstraimí barántúla.

Teideal V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 52

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i Stát Conarthach ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach chun feidhme.

Mura bhfuil sainchónaí ar pháirtí sa Stát ar tugadh an t-ábhar os comhair a chúirteanna, déanfaidh an chúirt, chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach eile ar an bpáirtí, dlí an Stáit sin a chur chun feidhme.

Déanfar sainchónaí páirtí a chinneadh, áfach, de réir a dhlí náisiúnta féin más rud é, de réir an dlí sin, go mbraitheann a shainchónaí ar shainchónaí duine eile nó ar an áit a bhfuil suíomh údaráis.

Airteagal 53

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, measfar sainchónaí a bheith ar chuideachta nó ar dhuine dlítheanach nó ar chomhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha san áit a bhfuil a suíomh. Ach chun an suíomh sin a chinneadh cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh chun feidhme.

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Stát Conarthach a bhfuil an t-ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh chun feidhme.

Teideal VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 54

Ní bhainfidh forálacha an Choinbhinsiúin seo ach le himeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus le doiciméid a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar mar ionstraimí barántúla tar éis a theachta i bhfeidhm.

Déanfar, áfach, breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm, i gcás imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin, a aithint agus a fhorghníomhú de réir forálacha Theideal III má bhí dlínse bunaithe ar rialacha i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i dTeideal II den Choinbhinsiún seo nó i gcoinbhinsiún a tugadh i gcrích idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus a raibh feidhm aige nuair a tionscnaíodh na himeachtaí.

Teideal VII

GAOL LE COINBHINSIÚIN EILE

Airteagal 55

Faoi réir fhorálacha an dara mír d'Airteagal 54, agus Airteagal 56, gabhfaidh an Coinbhinsiún seo, i gcás na Stát is páirtithe ann, ionad na gCoinbhinsiún seo a leanas a tugadh i gcrích idir dhá cheann nó níos mó díobh:

—an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Fhrainc ar dhlínse agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh i bPáras an 8 Iúil 1899;

—an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ísiltír ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 28 Márta 1925;

—an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Iodáil ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 3 Meitheamh 1930;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Fraince ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh i bPáras an 18 Eanáir 1934;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Beilge ag déanamh socrú d'fhorghníomhú frithpháirteach breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh sa Bhruiséil an 2 Bealtaine 1934;

—an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Iodáil ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 9 Márta 1936;

—an Coinbhinsiún idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Ríocht na Beilge ar aithint agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 30 Meitheamh 1958;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na hIodáile ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 17 Aibreán 1959;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Bonn an 14 Iúil 1960;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na Gréige agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas, socraíochtaí agus ionstraimí barántúla go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh san Aithin an 4 Samhain 1961;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na Beilge agus Poblacht na hIodáile ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 6 Aibreán 1962;

—an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar aithint agus forghníomhú breithiúnas agus ionstraimí infhorghníomhaithe eile go cómhalartach in ábhair shibhialta agus tráchtála a síníodh sa Háig an 30 Lúnasa 1962;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hIodáile le haghaidh aithint agus forghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh sa Róimh an 7 Feabhra 1964, maille le Prótacal leasaitheach a síníodh sa Róimh an 14 Iúil 1970;

—an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na hÍsiltíre ag déanamh socrú d'aithint agus d'fhorghníomhú breithiúnas go frithpháirteach in ábhair shibhialta, a síníodh sa Háig an 17 Samhain 1967,

agus, sa mhéid go bhfuil sé i bhfeidhm:

—an Conradh idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg ar dhlínse, ar fhéimheacht, agus ar bhailíocht agus forghníomhú breithiúnas, dámhachtaintí eadrána agus ionstraimí barántúla a síníodh sa Bhruiséil an 24 Samhain 1961.

Airteagal 56

Leanfaidh an Conradh agus na Coinbhinsiúin a luaitear in Airteagal 55 d'éifeacht a bheith acu maidir le hábhair nach mbaineann an Coinbhinsiún seo leo.

Leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu i leith breithiúnas a tugadh agus ionstraimí barántúla a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraimí barántúla roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo.

Airteagal 57

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'aon choinbhinsiún ina bhfuil nó ina mbeidh na Stáit Chonarthacha ina bpáirtithe agus a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas.

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'fheidhmiú forálacha a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó ar fhorghníomhú breithiúnas atá nó a bheidh i ngníomhartha institiúidí na gComhphobal Eorpach nó i ndlíthe náisiúnta arna gcomhchuibhiú i bhfeidhmiú na ngníomhartha sin.

(Forálann Airteagal 25.2 de Choinbhinsiún Aontachais 1978:

“Chun a áirithint go dtabharfar léiriú comhionann air, cuirfear mír 1 d'Airteagal 57 chun feidhme mar a leanas:

(a) ní chuirfidh Coinbhinsiún 1968, arna leasú, toirmeasc ar chúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, atá ina pháirtí i gcoinbhinsiún a bhaineann le hábhar áirithe, dlínse a ghabháil chuici de réir an choinbhinsiúin sin, fiú más i Stát Conarthach eile nach bhfuil ina pháirtí sa choinbhinsiún sin atá sainchónaí ar an gcosantóir. Déanfaidh an chúirt, in aon chás, Airteagal 20 de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, a chur chun feidhme;

(b) déanfar breithiúnas a tugadh i Stát Conarthach i bhfeidhmiú dlínse dá bhforáiltear i gcoinbhinsiún ar ábhar áirithe a aithint agus a fhorghníomhú sna Stáit Chonarthacha eile de réir Choinbhinsiún 1968 arna leasú.

Má leagtar síos le coinbhinsiún ar ábhar áirithe, a bhfuil an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas ina bpáirtithe ann, coinníollacha i dtaobh breithiúnais a aithint nó a fhorghníomhú, beidh feidhm ag na coinníollacha sin. In aon chás, féadfar feidhm a thabhairt do na forálacha de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, a bhaineann leis an nós imeachta chun breithiúnais a aithint agus a fhorghníomhú.”)

Airteagal 58

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do na cearta a deonaíodh do náisiúnaigh Eilvéiseacha leis an gCoinbhinsiún a tugadh i gcrích an 15 Meitheamh 1869 idir an Fhrainc agus Cónaidhm na hEilvéise ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta.

Airteagal 59

Ní choiscfidh an Coinbhinsiún seo ar Stát Conarthach a ghabháil d'oibleagáid air féin i leith tríú Stát, i gcoinbhinsiún um aithint agus forghníomhú breithiúnas, gan breithiúnais a aithint a tugadh i Stáit Chonarthacha eile i gcoinne cosantóirí a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí orthu sa tríú Stát más rud é, i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4, nárbh fhéidir an breithiúnas a bhunú ach amháin ar fhoras dlínse a shonraítear sa dara mír d'Airteagal 3.

Ní fhéadfaidh Stát Conarthach, áfach, é a ghabháil d'oibleagáid air féin i leith tríú Stát gan breithiúnas a aithint a bheidh tugtha i Stát Conarthach eile ag cúirt ar bunaíodh a dlínse ar mhaoin leis an gcosantóir a bheith sa Stát sin, nó ar urghabháil ag an ngearánaí ar mhaoin atá sa Stát sin, más rud é:

1. gur tionscnaíodh an chaingean chun cearta dílseánaigh nó cearta seilbhe ar an maoin sin a fhógairt nó a dhearbhu nó chun údarás a fháil í a dhiúscairt, nó gur as saincheist eile a bhaineann leis an maoin sin a thig an chaingean, nó,

2. gurb í an mhaoin sin an t-urrús i leith fiach is ábhar don chaingean.

Teideal VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Bainfidh an Coinbhinsiún seo le críocha Eorpacha na Stát Conarthach, lena n-áirítear an Ghraonlainn, leis na ranna Francacha thar lear agus leis na críocha Francacha thar lear, agus le Mayotte.

Féadfaidh Ríocht na hÍsiltíre a dhearbhú, tráth an Choinbhinsiúin seo a shíniú nó a dhaingniú nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, go mbainfidh an Coinbhinsiún seo le hAintillí na hÍsiltíre. Mura ndéantar dearbhú mar sin, measfar i gcás imeachtaí a bheidh ar bun i gcríoch Eorpach na Ríochta de bhíthin achomhairc en cassation i gcoinne breithiúnais ó chúirt in Aintillí na hÍsiltíre na himeachtaí sin a bheith ar bun sa chúirt deiridh sin.

D'ainneoin na chéad mhíre, ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo:

1. le hOileáin Fharó, mura ndearbhóidh Ríocht na Danmhairge a mhalairt;

2. le haon chríoch Eorpach lasmuigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach ina caidreamh idirnáisiúnta, mura ndearbhóidh an Ríocht Aontaithe a mhalairt i dtaobh aon chríche den sórt sin.

Féadfar na dearbhuithe sin a dhéanamh am ar bith trína gcur i bhfios d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Imeachtaí a thionscnófar sa Ríocht Aontaithe ar achomharc ó chúirteanna i gceann de na críocha dá dtagraítear i bhfomhír 2 den tríú mír, measfar iad a bheith ina n-imeachtaí ar siúl sna cúirteanna sin.

Imeachtaí a ndéileáiltear leo i Ríocht na Danmhairge faoin dlí um an nós imeachta sibhialta d'Oileáin Fharó (lov for Faerøerne om rettens pleje), measfar iad a bheith ina n-imeachtaí ar siúl i gcúirteanna Oileáin Fharó.

Airteagal 61

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 62

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal 63

Aithníonn na Stáit Chonarthacha go ndlífidh aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa glacadh leis an gCoinbhinsiún seo mar bhonn do na caibidlí is gá idir na Stáit Chonarthacha agus an Stát sin chun a áirithint go bhfeidhmeofar an fhomhír dheireanach d'Airteagal 220 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Is féidir na hoiriúnuithe is gá a bheith ina n-ábhar do choinbhinsiún speisialta idir na Stáit Chonarthacha de pháirt agus an Ballstát nua den pháirt eile.

Airteagal 64

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do na Stáit a shíneoidh an Coinbhinsiún seo:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm;

(c) aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagal 60;

(d) aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagal IV den Phrótacal;

(e) aon téacsanna a fuarthas de bhun Airteagal VI den Phrótacal.

Airteagal 65

Is cuid dhílis den Choinbhinsiún seo an Prótacal atá curtha i gceangal leis de chomhthoil na Stát Conarthach.

Airteagal 66

Tá an Coinbhinsiún seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 67

Féadfaidh Stát Conarthach ar bith athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún seo a iarraidh. Sa chás sin, comórfaidh Uachtarán Chomhairle na gComhphobal Eorpach comhdháil lena athbhreithniú.

Airteagal 68

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na ceithre théacs; taiscfear é i gcartlann Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

(Sínithe Lánchumhachtaigh na sé Stát Chonarthacha bunaidh)

PRÓTACAL I gCEANGAL LE COINBHINSIÚN

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis comhaontú ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

Airteagal I

Aon duine ina shainchónaí i Lucsamburg a agrófar i gcúirt Stáit Chonarthaigh eile de bhun Airteagal 5.1, féadfaidh sé diúltú géilleadh do dhlínse na cúirte sin. Mura dtaifeadfaidh an cosantóir láithreas, dearbhóidh an chúirt, as a treoir féin, nach bhfuil dlínse aici.

Beidh comhaontú chun dlínse a thabhairt, de réir bhrí Airteagal 17, gan bailíocht i leith duine ina shainchónaí i Lucsamburg murar aontaigh an duine sin leis go sainráite agus go speisialta.

Airteagal II

Gan dochar d'aon fhorálacha níos fabhraí i ndlíthe náisiúnta, má bhíonn daoine a bhfuil sainchónaí orthu i Stát Conarthach á n-ionchúiseamh mar gheall ar chion neamhthoiliúil i gcúirteanna coiriúla Stáit Chonarthaigh eile nach náisiúnaigh dá chuid iad, féadfaidh daoine atá cáilithe chuige sin feidhmiú ar a son lena gcosaint, fiú gan iad a bheith i láthair go pearsanta.

Ach féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair a ordú do dhuine láithriú go pearsanta; mura ndearnadh láithriú níl sé riachtanach aithint a thabhairt ná forghníomhú a dhéanamh sna Stáit Chonarthacha eile ar bhreithiúnas a tugadh sa chaingean shibhialta gan caoi a bheith ag an duine a cúisíodh socrú a dhéanamh chun é féin a chosaint.

Airteagal III

In imeachtaí chun ordú forghníomhaithe a eisiúint, ní dhéanfar muirear, dleacht ná cáin ar bith, arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist, a thobhach sa Stát a n-iarrtar forghníomhú ann.

Airteagal IV

Doiciméid dhlíthiúla nó seachdhlíthiúla a tarraingíodh suas i Stát Conarthach amháin agus a dhlífear a sheirbheáil ar dhaoine i Stát Conarthach eile, tarchuirfear iad de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sna coinbhinsiúin agus sna comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir na Stáit Chonarthacha.

Mura ndéanfaidh an Stát a bhfuil siad le seirbheáil ann agóid ina choinne sin trí dhearbhú d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, is féidir freisin d'oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit inar tarraingíodh suas an doiciméad é a chur go díreach chuig oifigigh phoiblí iomchuí an Stáit ina bhfuil seolaí an doiciméid le fáil. Sa chás sin, déanfaidh oifigeach Stát a thionscanta cóip den doiciméad a chur chuig an oifigeach de chuid an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas a bhfuil údarás aige í a chur ar aghaidh chuig an seolaí. Cuirfear an doiciméad ar aghaidh ar an modh a shonraítear le dlí an Stáit chun a ndéantar an t-iarratas. Dearbhófar go ndearnadh amhlaidh i ndeimhniú a chuirfear go díreach go dtí oifigeach Stát a thionscanta.

Airteagal V

I bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ní féidir feidhm a bhaint as an dlínse a shonraítear in Airteagal 6.2 agus in Airteagal 10 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí. Sa Stát sin, féadfar aon duine ina shainchónaí i Stát Conarthach eile a agairt sna cúirteanna de bhun Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung) maidir le fógraí tríú páirtí.

Déanfar breithiúnais a tugadh sna Stáit Chonarthacha eile de bhua Airteagal 6.2 nó Airteagal 10 a aithint agus a fhorghníomhú i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine de réir Theideal III. Aithneofar mar an gcéanna sna Stáit Chonarthacha eile aon éifeachtaí a bheadh ag breithiúnais a tugadh sa Stát sin ar thríú páirtithe, de bhun Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de chód an nós imeachta shibhialta (Zivilprozeβordnung) a chur chun feidhme.

Airteagal Va

In ábhair a bhaineann le cothabháil, folaíonn an focal ‘cúirt’ údaráis riaracháin na Danmhairge.

Airteagal Vb

In imeachtaí a bhaineann le díospóid idir máistir loinge farraige atá cláraithe sa Danmhairg, sa Ghréig nó in Éirinn agus duine dá foireann, maidir le luach saothair nó le coinníollacha eile seirbhíse, cinnteoidh cúirt i Stát Conarthach cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an díospóid i bhfios don oifigeach taidhleoireachta nó consalach ar a bhfuil cúram na loinge. Cuirfidh sí bac ar na himeachtaí fad a bheidh an díospóid gan cur i bhfios don oifigeach. Déanfaidh sí, uaithi féin, dlínse a dhiúltú más rud é, arna cur i bhfios go cuí don oifigeach, gur fheidhmigh sé na cumhachtaí a tugadh dó san ábhar le coinbhinsiún consalach nó, in éagmais coinbhinsiúin den sórt sin, go ndearna sé, laistigh den tréimhse cheaptha, aon agóid in aghaidh fheidhmiú na dlínse sin.

Airteagal Vc

Nuair a dhéanfar faoi chuimsiú Airteagal 69 (5) den Choinbhinsiún maidir leis an bPaitinn Eorpach don Chómhargadh, a síníodh i Lucsamburg an 15 Nollaig 1975, Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún seo a chur chun feidhme ar na forálacha a bhaineann le residence i dtéacs Béarla an chéad Choinbhinsiúin sin, is tuigthe tagairt do residence sa téacs sin a bheith ina tagairt do shainchónaí in Airteagail 52 agus 53 thuasluaite.

Airteagal Vd

Gan dochar do dhlínse Oifig na bPaitinní Eorpacha faoin gCoinbhinsiún chun Paitinní Eorpacha a Dheonú a síníodh i München an 5 Deireadh Fómhair 1973, beidh dlínse eisiatach ag cúirteanna gach Stáit Chonarthaigh, gan aird a thabhairt ar shainchónaí, in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne Eorpaí a deonaíodh le haghaidh an Stáit sin nach paitinn Chomhphobail de bhua fhorálacha Airteagal 86 den Choinbhinsiún maidir leis an bPaitinn Eorpach don Chómhargadh, a síníodh i Lucsamburg an 15 Nollaig 1975.

Airteagal VI

Cuirfidh na Stáit Chonarthacha in iúl d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach téacsanna aon fhorálacha ina ndlíthe a dhéanann leasú ar na hairteagail sin dá ndlíthe a luaitear sa Choinbhinsiún nó ar liosta na gcúirteanna a shonraítear i Roinn 2 de Theideal III den Choinbhinsiún.

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Téacs de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982

Alt 3.

Airteagal 1

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialú a thabhairt i dtaobh léiriú an Choinbhinsiúin ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála agus an Phrótacail atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meán Fómhair 1968, agus fós i dtaobh léiriú an Phrótacail seo.

Beidh dlínse freisin ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialú a thabhairt i dtaobh léiriú an Choinbhinsiúin ar Aontú Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann do Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 agus don Phrótacal seo.

Beidh dlínse freisin ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialú a thabhairt i dtaobh léiriú an Choinbhinsiúin ar Aontú na Poblachta Heilléanaí do Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 agus don Phrótacal seo, arna n-oiriúnú le Coinbhinsiún 1978.

Airteagal 2

Féadfaidh na cúirteanna seo a leanas a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar cheisteanna léiriúcháin:

1. —sa Bheilg: la Cour de Cassation — het Hof van Cassatie agus le Conseil d'État — de Raad van State,

—sa Danmhairg: højesteret,

—i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine: die obersten Gerichtshöfe des Bundes,

—sa Ghréig: na (ανώτατα δικαστήϱια)

—sa Fhrainc: la Cour de Cassation agus le Conseil d'État,

—in Éirinn: an Chúirt Uachtarach,

—san Iodáil: la Corte Suprema de Cassazione,

—i Lucsamburg: la Cour supérieure de Justice ina suí di mar Cour de Cassation,

—san Ísiltír: de Hoge Raad,

—sa Ríocht Aontaithe: an House of Lords agus cúirteanna a ndearnadh iarratas chucu faoin dara mír d'Airteagal 37 nó faoi Airteagal 41 den Choinbhinsiún;

2. cúirteanna na Stát Conarthach ina suí dóibh i gcáil achomharcach;

3. sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 37 den Choinbhinsiún, na cúirteanna a luaitear san Airteagal sin.

Airteagal 3

1.    Nuair a dhéanfar ceist i dtaobh léiriú an Choinbhinsiúin nó ionstraime eile dá luaitear in Airteagal 1 a tharraingt anuas i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte dá luaitear in Airteagal 2.1, iarrfaidh an chúirt sin ar an gCúirt Bhreithiúnais, má mheasann sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt, rialú a thabhairt ar an gceist sin.

2.    Má tharraingítear ceist mar sin anuas os comhair aon chúirte dá dtagraítear in Airteagal 2.2 nó 2.3, féadfaidh an chúirt sin, ar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt uirthi.

Airteagal 4

1.    Féadfaidh údarás inniúil Stáit Chonarthaigh a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar cheist i dtaobh léiriú an Choinbhinsiúin nó i dtaobh léiriú ceann de na hionstraimí eile a luaitear in Airteagal 1 má bhíonn breithiúnais ó chúirteanna sa Stát sin ar neamhréir leis an léiriú a thug an Chúirt Bhreithiúnais nó a tugadh i mbreithiúnas ó chúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile a luaitear in Airteagal 2.1 nó 2.2. Ní bhainfidh forálacha na míre seo ach le breithiúnais a bhfuil éifeacht res judicata leo.

2.    Ní dhéanfaidh an léiriú a dhéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais de bhun iarratais den sórt sin difear do na breithiúnais ba bhun leis an léiriú sin a iarraidh.

3.    Beidh Ionchúisitheoirí Ginearálta na gCúirteanna Uachtaracha Achomhairc sna Stáit Chonarthacha, nó údarás ar bith eile a bheidh ainmnithe chuige sin ag Stát Conarthach, i dteideal rialú ar an léiriú a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais de réir mhír 1.

4.    Tabharfaidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais fógra faoin iarratas do na Stáit Chonarthacha, don Choimisiún agus do Chomhairle na gComhphobal Eorpach; beidh siadsan i dteideal ansin, laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a fháil, sonruithe cáis nó tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

5.    Ní fhéadfar aon táillí a thobhach ná aon chostais nó caiteachas a dhámhachtain i leith na n-imeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

Airteagal 5

1.    Na forálacha sin den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus na cinn sin den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais atá i gceangal leis, is infheidhme nuair a iarrtar ar an gCúirt réamhrialú a thabhairt, beidh feidhm acu mar an gcéanna, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an bPrótacal seo, ar aon nós imeachta maidir le léiriú an Choinbhinsiúin agus na n-ionstraimí eile a luaitear in Airteagal 1.

2.    Déanfar, más gá, Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais a oiriúnú agus a chomhlánú de réir Airteagal 188 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Airteagal 6

Bainfidh an Prótacal seo le críocha Eorpacha na Stát Conarthach, lena n-áirítear an Ghraonlainn, leis na ranna Francacha thar lear agus leis na críocha Francacha thar lear, agus le Mayotte.

Féadfaidh Ríocht na hÍsiltíre a dhearbhú tráth an Phrótacail seo a shíniú nó a dhaingniú, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, go mbainfidh an Prótacal seo le hAintillí na hÍsiltíre.

D'ainneoin na chéad mhíre, ní bhainfidh an Prótacal seo:

1. le hOileáin Fharó, mura ndearbhóidh Ríocht na Danmhairge a mhalairt;

2. le haon chríoch Eorpach lasmuigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach ina caidreamh idirnáisiúnta, mura ndearbhóidh an Ríocht Aontaithe a mhalairt i dtaobh aon chríche den sórt sin.

Féadfar na dearbhuithe sin a dhéanamh am ar bith trína gcur i bhfios d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 7

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an bPrótacal seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 8

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin; ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm tráth is luaithe ná teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála.

Airteagal 9

Aithníonn na Stáit Chonarthacha go ndlífidh gach Stát a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus a mbainfidh Airteagal 63 den Choinbhinsiún ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála leis, glacadh le forálacha an Phrótacail seo, faoi réir cibé oiriúnuithe is gá.

Airteagal 10

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do na Stáit a shíneoidh an Prótacal seo:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dáta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm;

(c) aon ainmniú a fuarthas de bhun Airteagal 4.3;

(d) aon dearbhú a fuarthas de bhun Airteagal 6.

Airteagal 11

Cuirfidh na Stáit Chonarthacha in iúl d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach téacsanna aon fhorálacha ina ndlíthe a bheireann gur gá liosta na gcúirteanna in Airteagal 2.1 a leasú.

Airteagal 12

Tá an Prótacal seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 13

Féadfaidh Stát Conarthach ar bith athbhreithniú ar an bPrótacal seo a iarraidh. Sa chás sin comórfaidh Uachtarán Chomhairle na gComhphobal Eorpach comhdháil lena athbhreithniú.

Airteagal 14

Tarraingíodh an Prótacal seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na ceithre théacs; taiscfear é i gcartlann Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

[EN]

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978

Alt 3.

Teideal V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 34

1. Ní bheidh feidhm ag Coinbhinsiún 1968 agus Prótacal 1971, fara na leasuithe a dhéantar leis an gCoinbhinsiún seo, ach amháin ar imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus ar ionstraimí barántúla a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar tar éis an Coinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm sa Stát tionscnaimh, agus i gcás iarratais chun breithiúnas nó ionstraim bharántúil a aithint nó a fhorghníomhú, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2. Ach, amhail idir na sé Stát Chonarthacha i gCoinbhinsiún 1968, déanfar breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú.

3. Thairis sin, amhail idir na sé Stát Chonarthacha i gCoinbhinsiún 1968, agus na trí Stát a luaitear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún seo, agus amhail idir na trí Stát sin, déanfar breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú freisin de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú i gcás an dlínse a bheith bunaithe ar rialacha a bhí i gcomhréir le forálacha Theideal II, arna leasú, nó le forálacha i gcoinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus a raibh feidhm aige nuair a tionscnaíodh na himeachtaí.

Airteagal 35

Má bhí na páirtithe i ndíospóid i dtaobh conartha tar éis comhaontú a dhéanamh i scríbhinn, roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo, go mbeadh an conradh faoi rialú ag dlí na hÉireann nó ag dlí chuid den Ríocht Aontaithe, coinneoidh cúirteanna na hÉireann nó na coda sin den Ríocht Aontaithe an ceart chun dlínse a fheidhmiú sa díospóid.

Airteagal 36

Go ceann tréimhse trí bliana ó theacht i bhfeidhm do Choinbhinsiún 1968 i gcás Ríocht na Danmhairge agus i gcás na hÉireann, faoi seach, déanfar dlínse in ábhair mhuirí a chinneadh sna Stáit sin de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin sin i dteannta fhorálacha mhíreanna 1 go 6 anseo thíos. Ach nuair a thiocfaidh an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Longa Farraige a Ghabháil, a síníodh sa Bhruiséil an 10 Bealtaine 1952, i bhfeidhm i gcás ceann de na Stáit sin, scoirfidh na forálacha seo d'éifeacht a bheith acu i gcás an Stáit sin.

1. Féadfar duine ar a bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach a agairt i gcúirteanna ceann de na Stáit thuasluaite maidir le héileamh muirí más rud é go ndearnadh an long lena mbaineann an t-éileamh, nó aon long eile leis an duine sin, a ghabháil trí phróis dlí i gcríoch an Stáit is déanaí atá luaite chun an t-éileamh a urrú, nó go bhféadfaí í a ghabháil ann amhlaidh ach gur tugadh banna nó urrús eile, sna cásanna seo a leanas:

(a) má tá sainchónaí sa Stát deireanach sin ar an éilitheoir; nó

(b) más sa Stát deireanach sin a d'éirigh an t-éileamh; nó

(c) má bhaineann an t-éileamh leis an aistear ar lena linn a rinneadh an ghabháil nó a d'fhéadfaí í a dhéanamh; nó

(d) má thig an t-éileamh as imbhualadh nó as damáiste a rinne long do long eile nó d'earraí nó do dhaoine ar bord ceachtar long, trí chor inlíochta a dhéanamh nó gan é a dhéanamh nó trí neamhchomhlíonadh rialachán; nó

(e) más éileamh ar tharrthálas atá ann; nó

(f) más éileamh i leith mhorgáistiú na loinge a gabhadh nó i leith a curtha i ngeall atá ann.

2. Féadfaidh éilitheoir an long áirithe a mbaineann an t-éileamh muirí léi a ghabháil, nó aon long eile leis an duine arbh é úinéir na loinge áirithe é an tráth a d'éirigh an t-éileamh muirí. Ach i gcás na n-éileamh muirí atá leagtha amach i bhfomhír (o), (p) nó (q) de mhír 5 den Airteagal seo, ní féidir a ghabháil ach an long áirithe a mbaineann an t-éileamh muirí léi.

3. Measfar longa a bheith san úinéireacht chéanna nuair is leis an duine nó na daoine céanna na scaireanna go léir iontu.

4. I gcás cairtfhostú loinge trína forléasadh, más é an cairtfhostóir amháin atá faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin, féadfaidh an t-éilitheoir an long sin nó aon long eile leis an gcairtfhostóir a ghabháil, ach ní fhéadfar aon long eile is leis an úinéir a ghabháil i leith an éilimh mhuirí sin. Is mar sin a bheidh freisin in aon chás ina mbeidh duine seachas úinéir loinge faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin.

5. Ciallaíonn an abairt “éileamh muirí” éileamh a thig as ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) damáiste ar bith a raibh long ina cúis leis, trí imbhualadh nó ar dhóigh eile;

(b) bás duine nó díobháil do dhuine a raibh long ar bith ina cúis leis nó a tharla i ndáil le hoibriú loinge ar bith;

(c) tarrthálas;

(d) comhaontú maidir le húsáid nó le fruiliú loinge ar bith, cibé acu trí chonradh fostaithe nó ar dhóigh eile é;

(e) comhaontú maidir le hiompar earraí in aon long cibé acu trí chonradh fostaithe nó ar dhóigh eile é;

(f) cailleadh nó damáistiú earraí, lena n-áirítear bagáiste, a bhí á n-iompar i long ar bith;

(g) caillroinnt ilpháirteach;

(h) longmhorgáiste;

(i) tuáil;

(j) píolótaíocht;

(k) earraí nó ábhair a soláthraíodh in áit ar bith do long chun í a oibriú nó a choimeád i dtreo;

(l) déanamh, deisiú nó trealmhú loinge ar bith nó táillí agus dleachtanna duga;

(m) pá máistrí, oifigeach nó foirne;

(n) eisíocaíochtaí máistir, lena n-áirítear eisíocaíochtaí a rinne seoladóirí, cairtfhostóirí nó gníomhairí thar ceann loinge nó thar ceann a húinéara;

(o) díospóid i dtaobh an teidil chun loinge ar bith nó i dtaobh a húinéireachta;

(p) díospóidí idir comhúinéirí loinge ar bith i dtaobh úinéireacht, seilbh, úsáid nó tuilleamh na loinge sin;

(q) morgáistiú loinge ar bith nó a cur i ngeall.

6. Sa Danmhairg, measfar, maidir leis na héilimh mhuirí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (o) agus (p) de mhír 5 den Airteagal seo, go bhfolaíonn an focal “gabháil” forbud i gcás inarb é sin an t-aon nós imeachta amháin a cheadaítear i leith éilimh den sórt sin faoi Airteagail 646 go 653 den Acht i dtaobh an nós imeachta shibhialta (Lov om rettens pleje).

Teideal VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

Déanfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach cóip dheimhnithe de Choinbhinsiún 1968 agus de Phrótacal 1971 sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis a chur chuig Rialtais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Déanfar téacsanna Choinbhinsiún 1968 agus Phrótacal 1971, arna dtarraingt suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis agus sa Ghaeilge, a chur i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo. Is téacsanna údarásacha faoi na coinníollacha céanna le téacsanna bunaidh Choinbhinsiún 1968 agus Phrótacal 1971 na téacsanna arna dtarraingt suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis agus sa Ghaeilge.

Airteagal 38

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 39

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh daingniú déanta acu air, an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh ag Ballstáit bhunaidh an Chomhphobail agus ag Ballstát nua amháin.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ballstát nua a dhaingneoidh é dá éis sin an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 40

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do Stáit an Choinbhinsiúin seo a shíniú:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm do na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 41

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na seacht dtéacs; taiscfear é i gcartlann Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

[EN]

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982

Alt 3.

Teideal V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 12

1. Ní bheidh feidhm ag Coinbhinsiún 1968 agus Prótacal 1971, arna leasú le Coinbhinsiún 1978 agus leis an gCoinbhinsiún seo, ach amháin ar imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus ar ionstraimí barántúla a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar tar éis an Coinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm sa Stát tionscnaimh agus, i gcás iarratais chun breithiúnas nó ionstraim bharántúil a aithint nó a fhorghníomhú, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2. Déanfar, áfach, breithiúnas a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún 1978 agus leis an gCoinbhinsiún seo i gcás an dlínse a bheith bunaithe ar rialacha a bhí i gcomhréir le forálacha Theideal II de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, nó le forálacha coinbhinsiún a bhí i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas tráth na n-imeachtaí a thionscnamh.

Teideal VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Déanfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach cóio dheimhnithe de Choinbhinsiún 1968, de Phrótacal 1971 agus de Choinbhinsiún 1978 sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis a chur chuig Rialtas na Poblachta Heilléanaí.

Déanfar téacsanna Choinbhinsiún 1968, Phrótacal 1971 agus Choinbhinsiún 1978, arna dtarraingt suas sa Ghréigis, a chur i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo. Is téacsanna údarásacha faoi na coinníollacha céanna le téacsanna eile Choinbhinsiún 1968, Phrótacal 1971 agus Choinbhinsiún 1978 na téacsanna arna dtarraingt suas sa Ghréigis.

Airteagal 14

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 15

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh sé daingnithe acu, an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh ag an bPoblacht Heilléanach agus ag na Stáit a chuir Coinbhinsiún 1978 i bhfeidhm de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún sin.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ballstát a dhaingneoidh dá éis sin é an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 16

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do Stáit an Choinbhinsiúin seo a shíniú:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm do na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 17

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na hocht dtéacs; taiscfear é i gcartlann Ard-Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe de chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

[EN]

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Sainchónaí.

Alt 13.

Cuid I

1. An individual is domiciled in the State, or in a state other than a Contracting State if, but only if, he is ordinarily resident in the State or in that other state.

2. An individual is domiciled in a place in the State if, but only if, he is domiciled in the State and is ordinarily resident or carries on any profession, business or occupation in that place.

Cuid II

1. Tá sainchónaí ar dhuine sa Stát nó i stát seachas Stát Conarthach i gcás go bhfuil cónaí air de ghnáth sa Stát nó sa stát eile sin, agus sa chás sin amháin.

2. Tá sainchónaí ar dhuine in áit sa Stát i gcás go bhfuil sainchónaí air sa Stát agus go bhfuil cónaí air de ghnáth, nó gairm, gnó nó slí bheatha á sheoladh aige, san áit sin, agus sa chás sin amháin.

Cuid III

1. A corporation or association has its seat in the State if, but only if—

(a) it was incorporated or formed under the law of the State, or

(b) its central management and control is exercised in the State.

2. A corporation or association has its seat in a particular place in the State if, but only if, it has its seat in the State and—

(a) it has its registered office or some other official address at that place, or

(b) its central management and control is exercised in that place or it is carrying on business in that place.

3. Subject to paragraph 4 of this Part, a corporation or association has its seat in a state other than the State if, but only if—

(a) it was incorporated or formed under the law of that state, or

(b) its central management and control is exercised in that state.

4. A corporation or association shall not be regarded as having its seat in a Contracting State other than the State if—

(a) it has its seat in the State by virtue of paragraph 1 (a) of this Part, or

(b) it is shown that the courts of that other state would not regard it for the purposes of Article 16.2 as having its seat there.

5. In this Part—

“association” means an unincorporated body of persons;

“business” includes any activity carried on by a corporation or association;

“corporation” means a body corporate;

“official address” means, in relation to a corporation or association, an address which it is required by law to register, notify or maintain for the purpose of receiving notices or other communications.

Cuid IV

1. Tá suíomh ag corparáid nó comhlachas sa Stát i gcás—

(a) gur corpraíodh í nó gur foirmíodh é faoi dhlí an Stáit, nó

(b) go bhfuil bainistíocht lárnach agus rialú na corparáide nó an chomhlachais á bhfeidhmiú sa Stát,

agus sa chás sin amháin.

2. Tá suíomh ag corparáid nó comhlachas in áit áirithe sa Stát i gcás go bhfuil a suíomh nó a shuíomh sa Stát agus—

(a) go bhfuil oifig chláraithe nó seoladh éigin eile oifigiúil aici nó aige ag an áit sin, nó

(b) go bhfuil bainistíocht lárnach agus rialú na corparáide nó an chomhlachais á bhfeidhmiú san áit sin nó gnó á sheoladh aici nó aige san áit sin,

agus sa chás sin amháin.

3. Faoi réir mhír 4 den Chuid seo, tá suíomh ag corparáid nó comhlachas i stát seachas an Stát i gcás—

(a) gur corpraíodh í nó gur foirmíodh é faoi dhlí an stáit sin, nó

(b) go bhfuil bainistíocht lárnach agus rialú na corparáide nó an chomhlachais á bhfeidhmiú sa stát sin,

agus sa chás sin amháin.

4. Ní mheasfar suíomh corparáide nó comhlachais a bheith i Stát Conarthach seachas an Stát i gcás—

(a) go bhfuil suíomh ag an gcorparáid nó ag an gcomhlachas sa Stát de bhua mhír 1 (a) den Chuid seo, nó

(b) go dtaispeánfar nach measfadh cúirteanna an stáit eile sin suíomh a bheith ag an gcorparáid nó ag an gcomhlachas ansin chun críocha Airteagal 16.2.

5. Sa Chuid seo—

ciallaíonn “comhlachas” comhlacht neamhchorpraithe daoine;

ciallaíonn “corparáid” comhlacht corpraithe;

folaíonn “gnó” aon ghníomhaíocht atá á seoladh ag corparáid nó comhlachas;

ciallaíonn “seoladh oifigiúil”, i ndáil le corparáid nó comhlachas, seoladh a cheanglaítear uirthi nó air, le dlí, a chlárú, a chur in iúl nó a choimeád chun fógraí nó cumarsáidí eile a fháil.

Cuid V

A trust is domiciled in the State if, but only if, the law of the State is the system of law with which the trust has its closest and most real connection.

Cuid VI

Tá sainchónaí ar iontaobhas sa Stát i gcás gurb é dlí an Stáit an córas dlí is mó a bhfuil dlúthbhaint agus baint dháiríre aige leis, agus sa chás sin amháin.