Uimhir 33 de 1978
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL (LEASÚ), 1978
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an Achta seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil.
(2) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
(4) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, don bhliain 197879 agus gach bliain mheasúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) den alt sin:
“(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil.”.
Gnóchain a ríomh: caiteachas inlamhála a choigeartú ag féachaint don treoir-phraghas do thomhaltóirí.
3.—(1) Chun an gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt, déanfar gach suim (dá ngairtear “caiteachas inasbhainte” dá éis seo san alt seo) is inlamhála mar asbhaint as an gcomaoin i leith na diúscartha faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a choigeartú trína iolrú ar an bhfigiúr (dá ngairtear “an t-iolraitheoir” dá éis seo san alt seo) a shonraítear i bhfo-alt (4) nó a chinnfear faoi fho-alt (5), de réir mar is iomchuí (is éard é an t-iolraitheoir an chomhrann, arna slánú suas go dtí trí ionad deachúla, a gheofar tríd an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt a roinnt ar an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain mheasúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte):
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le caiteachas inasbhainte i gcás inar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt an caiteachas laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag dar críoch dáta na diúscartha.
(2) Chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil toimhdeofar maidir le sócmhainn a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, gur dhíol an duine sin í agus go bhfuair sé ar ais láithreach í ar an dáta sin agus measfar gur thug sé, i gcomaoin na hathfhála, cóimhéid mhargadhluach na sócmhainne ar an dáta sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) i ndáil le sócmhainn a dhiúscairt—
(a) más rud é de dhroim feidhmiú na bhfo-alt sin (1) agus (2) go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mba nach raibh feidhm ag na fo-ailt sin (1) agus (2), nó
(b) más rud é de dhroim feidhmiú na bhfo-alt sin (1) agus (2) go bhfaibhreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mba nach raibh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2),
agus, dá réir sin, i gcás lena mbaineann mír (a) nó (b), déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo ach, i gcás ina gcuirfeadh an fo-alt seo mura mbeadh sin caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, toimhdeofar, i ndáil leis an diúscairt, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir an tsócmhainn iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige as an diúscairt a dhéanamh.
(4) I ndáil le diúscairt sócmhainne arna dhéanamh sa bhliain 1978-79, is é an t-iolraitheoir an figiúr a luaitear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo os coinne lua na bliana measúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte i gcolún (1) den Tábla sin.
AN TABLA
An bhliain mheasúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte | An tIolraitheoir | ||||||||
(1) | (2) | ||||||||
1974-75 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1.815 |
1975-76 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1.466 |
1976-77 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1.263 |
1977-78 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1.083 |
(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin ag sonrú na n-iolraitheoirí, arna gcinneadh de réir fho-alt (1), i ndáil le diúscairt sócmhainne a dhéanfar sa bhliain 1979-80 agus déanfaidh siad rialacháin chomhréire i ndáil le diúscairt sócmhainne a dhéanfar gach bliain mheasúnachta dá éis sin.
(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(7) San alt seo ciallaíonn “an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí” an Uimhir Threoir-Phraghais do Thomhaltóirí—Gach Itim a ullmhaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ciallaíonn an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta an uimhir threoir-phraghais do thomaltóirí um lár na Feabhra is luaithe roimh thosach na bliana sin arna sonrú ar an mbonn gur 100 an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí um lár na Samhna, 1968.
Ráta laghdaithe muirir faoi threoir tréimhse úinéireachta.
4.—(1) D'ainneoin alt 3 (3) den Phríomh-Acht, ach faoi réir forálacha an ailt seo, duine (nach cuideachta) ar a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát agus a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, éileamh chuige sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe, beidh teideal aige, don bhliain 1978-79 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige ar shócmhainn a dhiúscairt a bhí ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse úinéireachta is faide ná trí bliana ach nach faide ná bliain is fiche, go muirearófaí é de réir ráta laghdaithe cánach don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt agus is mar a leanas a bheidh an ráta laghdaithe, is é sin le rá, má bhíonn an tréimhse a raibh an tsócmhainn ar úinéireacht aige—
níos faide ná 3 bliana ach gan bheith níos faide ná 6 bliana
25.5 faoin gcéad
níos faide ná 6 bliana ach gan bheith níos faide ná 9 mbliana
21.0 faoin gcéad
níos faide ná 9 mbliana ach gan bheith níos faide ná 12 bhliain
16.5 faoin gcéad
níos faide ná 12 bhliain ach gan bheith níos faide ná 15 bliana
12.0 faoin gcéad
níos faide ná 15 bliana ach gan bheith níos faide ná 18 mbliana
7.5 faoin gcéad
níos faide ná 18 mbliana ach gan bheith níos faide ná 21 bliain
3.0 faoin gcéad
(2) Ní sócmhainní inmhuirearaithe sócmhainní i gcás iad a bheith ar uinéireacht ag duine, de réir brí fho-alt (1), ar faide ná bliain is fiche an tréimhse a raibh siad ar úinéireacht aige.
(3) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as na nithe seo a leanas a dhiúscairt—
(i) talamh sa Stát ar mó comaoin a dhiúscartha ná an méid arbh é margadhluach na talún é dá mba rud é, díreach roimh an diúscairt, go raibh sé tagtha chun bheith neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir brí alt 3 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963) a dhéanamh i ndáil leis an talamh seachas forbairt de na cineálacha a shonraítear in alt 4 (1) den Acht sin;
(ii) mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó cuardach mianraí; nó
(iii) cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe.
(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do dhiúscairt sócmhainní a luaitear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) den mhír sin tagairtí do dhiúscairt scaireanna a fhaigheann a luach nó an chuid is mó dá luach go díreach nó go neamhdhíreach ó na sócmhainní sin, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) más méid arna chinneadh de réir alt 4 (3) den Phríomh-Acht an méid is inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil.
(5) Déanfar éileamh faoin alt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta ina ndéanfar an diúscairt nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn.
(6) Bainfidh an t-alt seo le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig iontaobhas aonad cáilitheach, de réir brí alt 32 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den Phríomh-Acht, ionann is dá gcuirfí tagairt don alt seo i bhfo-alt (2) den alt sin in ionad na tagartha d'alt 3 (3) den Acht sin.
(7) Beidh feidhm ag alt 5 (1) den Phríomh-Acht faoi réir forálacha an ailt seo agus mhír 7 de Sceideal 1.
(8) San alt seo—
tá le “limistéar ainmnithe”, “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” agus “scaireanna” na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8) den Phríomh-Acht;
ciallaíonn “tréimhse úinéireachta”, i ndáil le duine ag diúscairt sócmhainne, an tréimhse a raibh an tsócmhainn ar úinéireacht go leanúnach aige ar a feadh, sa cháil chéanna, dar críoch dáta na diúscartha sin, agus, chun críocha an mhínithe seo, cinnfear tréimhse úinéireachta ar neamhaird le forálacha alt 3 (2) agus, i gcás an duine d'fháil na sócmhainne ar bhás a chéile ionas go ndéileálfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, lena thréimhse úinéireachta mar thréimhse a thosaigh ar dháta an bháis sin, measfar a thréimhse úinéireachta a bheith leathnaithe le tréimhse úinéireachta leanúnaí a chéile dar críoch an dáta sin a bheith ar áireamh inti.
Fáil éigeantach: faoiseamh i gcásanna áirithe.
5.—(1) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, go ndiúscróidh duine maoin sa Stát nó leas sa mhaoin sin (dá ngairtear “na sócmhainní bunaidh” dá éis seo san alt seo) chuig údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh agus go n-éileoidh sé agus go gcruthóidh sé chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—
(a) nach ndéanfaí an diúscairt mura mbeadh—
(i) feidhmiú na gcumhachtaí sin, nó
(ii) an t-údarás do thabhairt fógra foirmiúil i dtaobh é a bheith ar intinn aige na cumhachtaí sin a fheidhmiú,
(b) gur caitheadh iomlán na comaoine i leith na diúscartha, agus sin an méid, ag fáil maoine eile sa Stát nó leas i maoin eile den sórt sin (dá ngairtear “na sócmhainní athshuímh” dá éis seo san alt seo), agus
(c) go bhfuil na sócmhainní bunaidh agus na sócmhainní athshuímh i gceann de na haicmí, agus san aicme chéanna, de na haicmí sócmhainní a shonraítear i bhfo-alt (5),
ansin, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ní dhéileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt lena ngabhann aon diúscairt ar na sócmhainní bunaidh ná ní dhéileálfar leis an bhfáil mar fháil lena ngabhann aon fháil ar na sócmhainní athshuímh nó ar aon chuid díobh ach áireofar gurb iad na sócmhainní céanna na sócmhainní bunaidh agus na sócmhainní athshuímh agus go bhfuarthas iad mar a fuarthas na sócmhainní bunaidh.
(2) I gcás a mbeadh feidhm ag fo-alt (1) mura mbeadh go ndearnadh méid de bhreis ar mhéid nó luach na comaoine i leith na diúscartha áirithe a chaitheamh mar a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt sin, déileálfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba go bhfuair sé, i gcomaoin na breise sin, tráth na sócmhainní athshuímh a fháil, cion de na sócmhainní sin a bhfuil idir é agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir méid na breise agus méid nó luach na comaoine a caitheadh ag fáil na sócmhainní athshuímh agus bainfidh fo-alt (1) le fuílleach na sócmhainní sin agus leis na sócmhainní bunaidh.
(3) I gcás a mbeadh feidhm ag fo-alt (1) mura mbeadh nach ndearnadh cuid de mhéid nó de luach na comaoine i leith na diúscartha áirithe a chaitheamh mar a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt sin, déileálfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba gur dhiúscair sé, i gcomaoin na coda sin, leas sna sócmhainní bunaidh agus bainfidh fo-alt (1) le fuílleach na sócmhainní sin agus leis na sócmhainní athshuímh.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás na sócmhainní athshuímh a fháil, nó conradh neamhchoinníollach a dhéanamh lena bhfáil, sa tréimhse dar tosach dáta dhá mhí dhéag roimh dhiúscairt, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis diúscairt, na sócmhainní bunaidh nó cibé tráth is luaithe nó is déanaí ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn:
Ar choinníoll, i gcás conradh neamhchoinníollach le haghaidh na fála a dhéanamh amhlaidh, go bhféadfar an t-alt seo a fheidhmiú ar fhoras sealadach gan fuireach lena dhéanamh amach an bhfuarthas na sócmhainní athshuímh de bhun an chonartha, agus, nuair a bheidh an fíoras sin déanta amach, déanfar na coigeartuithe go léir is gá trí mheasúnachtaí a dhéanamh nó trí cháin a aisíoc nó a urscaoileadh, agus déanfar sin amhlaidh d'ainneoin aon teorainn sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil leis an am ina mbeidh na measúnachtaí le déanamh.
(5) Is iad seo a leanas na haicmí sócmhainní chun críocha an ailt seo:
Aicme 1
Sócmhainní de chuid trádáil a sheolann an duine atá ag diúscairt arb éard iad—
A. gléasra nó innealra;
B. ach amháin nuair is déileáil i dtalamh nó forbairt talún, nó soláthar seirbhísí d'áititheoir talamh ina bhfuil eastát nó leas ag an duine atá ag seoladh na trádála, an trádáil—
(i) aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh. atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin,
(ii) aon talamh atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin. ar choinníoll más déileáil i dtalamh nó forbairt talún an trádáil, ach nach mbeadh an brabús as aon talamh a dhíol a theachtar chun críocha na trádála ina chuid de na brabúis trádála, go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, leis an trádáil ionann is dá mba nár thrádáil í ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún;
C. cáilmheas.
Aicme 2
Aon talamh nó foirgnimh nach talamh ná foirgnimh in Aicme 1, ach gan teach cónaithe nó cuid de theach cónaithe a mbeadh an duine atá ag déanamh na diúscartha i dteideal faoiseamh a éileamh ina leith faoi alt 25 den Phríomh-Acht a áireamh.
Leasú ar alt 14 (bás) den Phríomh-Acht.
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) den alt sin:
“(1) Chun críocha an Achta seo, na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt—
(a) measfar na hionadaithe pearsanta nó an duine eile ar a gcineachannn siad dá bhfáil ar éag don éagach ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach ar dháta an bháis; ach
(b) ní mheasfar iad a bheith diúscartha aige ar éag dó (cibé acu b'ábhar do dhiúscairt thiomnach iad nó nárbh ea).”.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le diúscairt sócmhainní arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ag na hionadaithe pearsanta nó ag an duine eile ar ar chineachaigh na sócmhainní sin ar bhás.
Leasú ar alt 15 (maoin shocraithe) den Phríomh-Acht.
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (b):
“(b) measfar gur ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainní ar dháta an bháis a fuarthas ar ais na sócmhainní faoin bhfo-alt sin.”.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le diúscairt sócmhainní arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ag iontaobhaí den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin 15, ina cháil mar iontaobhaí de réir alt 8 (3) den Phríomh-Acht, nó ag an duine a thiocfaidh chun teideal iomlán a bheith aige chun na sócmhainní sna himthosca dá dtagraítear san fho-alt sin (4).
Gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach.
8.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27 den Phríomh-Acht:
“27.—(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige do dhiúscairt a shócmhainní cáilitheacha go léir nó cuid acu chuig leanbh dá chuid, tabharfar faoiseamh i leith na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt.
(b) Chun críocha mhír (a), is í an cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.
(c) I mír (a) folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le diúscairt, nia nó neacht a d'oibrigh go substainteach go lánaimsearach ar feadh na tréimhse chúig bliana dar chríoch dáta na diúscartha ag seoladh, nó ag cabhrú ag seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme áirithe nó obair na hoifige nó na fostaíochta áirithe nó obair a ghabhann leis sin.
(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do ríomh gnóchan a fhaibhreoidh as diúscairt sócmhainní, seachas sócmhainní cáilitheacha, ag pearsa aonair a dhéanfaidh diúscairt lena mbaineann fo-alt (1).
(3) Bainfidh alt 26 (3) le diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) mar a bhaineann sé le diúscairt lena mbaineann alt 26 (1).
(4) (a) I gcás sócmhainní a chuimsítear i ndiúscairt chuig leanbh ar deonaíodh faoiseamh ina leith, roimh thosach feidhme an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, nó dá éis, faoin alt seo, a dhiúscairt ag an leanbh laistigh de dheich mbliana ón dáta a rinne an phearsa aonair áirithe an diúscairt, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil a mhuirearófaí, dá mba nach raibh feidhm ag fo-alt (1), ar an bpearsa aonair as na sócmhainní sin a dhiúscairt chuig an leanbh a mheasúnú agus a mhuirearú ar an leanbh, i dteannta aon cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a fhaibhreoidh chuig an leanbh as na sócmhainní sin a dhiúscairt.
(b) Ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar dhiúscair an leanbh na sócmhainní.
(5) Ní chuirfear an chomaoin as diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) i gcuntas chun comhiomlánú faoi alt 26 (2) a dhéanamh.”.
Leasú ar alt 28 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh) den Phríomh-Acht.
9.—Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Gnóchan inmhuirearaithe nó iarmhéid de ghnóchan inmhuirearaithe a ndéileáiltear leis, faoi fhorálacha fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, mar ghnóchan nó mar iarmhéid a d'fhaibhrigh ar dháta is déanaí ná dáta na diúscartha ar ar fhaibhrigh sé, ní dhéileálfar leis amhlaidh chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, ná chun an tréimhse úinéireachta faoi alt 4 den Acht sin a chinneadh.”.
Leasú ar alt 39 (diúscairtí chun an Stáit, chun carthanas agus chun comhlachtaí eile) den Phríomh-Acht.
10.—Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) (a) I gcás sócmhainn a diúscairt ar shlí seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí—
(i) chun an Stáit,
(ii) chun carthanais, nó
(iii) chun aon cheann de na comhlachtaí lena mbaineann alt 28 (3) den Acht Airgid, 1931 (fundúireachtaí náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile),
ní bheidh feidhm ag alt 9 (ina meastar an chomaoin a bheith ar cóimhéid leis an margadhluach), ach más diúscairt í gan aon chomaoin nó ar chomaoin nach mó ná na suimeanna ab inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1 chun gnóchan inmhuirearaithe a ríomh, ansin—
(I) measfar chun críocha an Achta seo gur diúscraíodh agus go bhfuarthas ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt, agus
(II) i gcás ar chuig duine lena mbaineann fomhír (ii) nó (iii) a rinneadh an diúscairt agus gur dhiúscair an duine sin an tsócmhainn ina dhiaidh sin in imthosca a bhéarfadh, dá mba gur fhaibhrigh gnóchan as an diúscairt is déanaí, gur ghnóchan inmhuirearaithe a bheadh ann, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a d'fhaibhreodh as an diúscairt is luaithe dá mba go raibh feidhm ag an alt sin 9 i ndáil leis a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha is déanaí i dteannta aon cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a fhaibhreoidh chuige as an diúscairt is déanaí.
(b) I gcás ar tugadh faoiseamh faoin bhfo-alt seo i leith sócmhainn a dhiúscairt chuig duine, is diúscairt a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, agus go ndiúscróidh an duine an tsócmhainn ina dhiaidh sin tar éis an tosach feidhme sin, beidh éifeacht le mír (a) (II) ionann is dá mba í an diúscairt chéadluaite an diúscairt is luaithe dá dtagraítear sa mhír sin.
(c) Ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha mhír (a) (II) as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana tar éis deireadh na bliana measúnachta inar dhiúscair an duine a dhéanann an diúscairt is déanaí an tsócmhainn áirithe.
(d) Chun críocha mhír (a) (II), is éard é méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt is luaithe méid na cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.”.
Leasú ar ailt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh) agus 37 (gnóchain inmhuirearaithe in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
11.—(1) Leasaítear leis seo ailt 13 (1) agus 37 (3) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) maidir leis an mbliain airgeadais 1978 i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus
(b) maidir leis an mbliain airgeadais 1979 agus gach bliain airgeadais dá éis sin,
trí “a cúig déag de dhaichead cúigithe” a chur in ionad “a naoi déag de dhaichead cúigithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977).
(2) Leasaítear leis seo alt 37 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) maidir leis an mbliain airgeadais 1978 i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus
(b) maidir leis an mbliain airgeadais 1979 agus le gach bliain airgeadais dá éis sin,
trí “30 faoin gcéad” a chur in ionad “26 faoin gcéad”.
Leasú ar alt 90 (dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 90 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “is gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13 (gnóchan inmhuirearaithe a ríomh), cáin chorparáide” agus in ionad “a cuireadh faoi mhuirear amhlaidh”, faoi seach, agus tá an t-alt sin 90 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Leasaítear leis seo alt 90 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “is gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13, cáin chorparáide” agus trí “de bhua alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, don bhliain mheasúnachta a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “faoi alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh” agus tá an t-alt sin 90 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) lena mbaineann fo-alt (2) go páirteach as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe agus go páirteach as brabúis chaipitiúla eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháilcadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe agus as brabúis chaipitiúla eile. (4) I gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe, déanfar an cháin a mhuirearófar faoi fho-alt (2) a laghdú cóimhéid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe de bhun alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, don bhliain mheasúnachta a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe ar chóimhéid chomhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát an duine a fuair é. |
Leasú ar alt 127 (athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí: aistriú sócmhainní) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
13.—Leasaítear leis seo alt 127 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978” a chur in ionad “Chuid II de Sceideal I a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974),” agus tá an t-alt sin 127 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás— (a) a gcuimsíonn aon scéim athchóirithe nó cónasctha gnó uile, nó cuid de ghnó, cuideachta a aistriú chun cuideachta eile, agus (b) an dá chuideachta a bheith ina gcónaí sa Stát tráth an aistrithe, agus (c) nach bhfaighidh an chuideachta chéadluaite aon chuid de chomaoin an aistrithe (ach amháin an chuideachta eile do ghlacadh dliteanais uile, nó cuid de dhliteanais, an ghnó chuici féin), |
ansin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, déilealfar leis an dá chuideachta ionann is dá mba go bhfuair cuideachta amháin ón gcuideachta eile aon sócmhainní a bhí ar áireamh san aistriú ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig cuideachta na diúscartha ar an diúscairt trí aistriú, agus chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, déileálfar le cuideachta na fála ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag cuideachta na fála fáil na sócmhainní sin ag an gcuideachta eile.
Leasú ar alt 132 (diúscairt nó fáil lasmuigh de ghrúpa) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
14.—Leasaítear leis seo alt 132 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978,” a chur in ionad “Cuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975,” agus tá an t-alt sin 132 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(2) Beidh feidhm ag alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, i ndáil le diúscairt sócmhainne ag cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí agus a fuair an tsócmhainn ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í. |
Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
15.—Leasaítear leis seo mír 8 (achomhairc) de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, maidir le measúnachtaí arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, trí “de thríocha lá” a chur in ionad “de lá is fiche” i bhfomhír (1) agus tá an fhomhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire no cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de thríocha lá tar éis dáta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile, agus mura ndéanfaidh duine dar tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt nó i gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun achomhairc a éisteacht, is measúnacht chríochnaitheach dho-chloíte an mheasúnacht a rinneadh air. |
Forlíontach.
16.—Beidh éifeacht le Sceideal 1 chun críocha an Achta seo.
Aisghairm.
17.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Sceideal 2 a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh an Sceidil sin.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
18.—(1) Féadfar an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil le chéile.
(3) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite ann, gur tháinig an tAcht seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1978.
SCEIDEAL 1
Forálacha Forlíontacha
Cúiteamh a fheidhmítear ag athshuíomh sócmhainní; deontais a bhaint as margadhluach sócmhainní a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974
1. (1) Suim chaipitiúil a bheidh le baint, faoi fho-alt (1) d'alt 29 (airgead cúitimh agus árachais) den Phríomh-Acht, as aon chaiteachas is inlamhála faoi Sceideal I a ghabhann leis an Acht sin mar asbhaint le linn gnóchan ó shócmhainn a dhiúscairt a bheith á ríomh, bainfear í as an tsuim a fheidhmeofar ag athshuíomh na sócmhainne sula bhfeidhmeofar forálacha alt 3 (1) ar iarmhar na suime sin, más ann.
(2) Déanfar méid arna chinneadh de réir alt 3 (2) maidir le sócmhainn a laghdú aon chaiteachas faoi mhír 3 (7) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann leis an tsócmhainn agus a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus bainfidh forálacha alt 3 (1) le hiarmhar an mhéid sin.
Caiteachas luachmhéadaithe, etc.
2. (1) I gcás aon chuid den chaiteachas is inlamhála mar asbhaint faoi Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht le linn gnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt sócmhainne a bheith á ríomh a theacht faoi réim mhír 3 (1) (b) den Sceideal sin, déanfar, chun alt 4 a fheidhmiú, an gnóchan inmhuirearaite a chinnfear de réir alt 3 a chionroinnt mar a fhoráiltear sa mhír seo.
(2) Déanfar an gnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) a chur i leith an chaiteachais, más ann, laistigh de réim mhír 3 (1) (a) den Sceideal sin mar mhír amháin caiteachais agus i leith gach míre caiteachais laistigh den mhír sin 3 (1) (b) i gcomhréir le méideanna leithleacha na míreanna caiteachais sin, agus déileálfar, chun críocha an ailt sin 4, le gach cuid den ghnóchan mar a chuirfear amhlaidh í i leith míre caiteachais laistigh de réim na míre sin 3 (1) (b), mar ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt sócmhainne ar leith ar thosaigh a tréimhse úinéireachta an tráth a léiríodh i gcéaduair an mhír caiteachais sin i staid nó i nádúr na sócmhainne a diúscraíodh nó (más mír caiteachais í a thabhaigh an duine a rinne an diúscairt ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti) an tráth a tabhaíodh an mhír caiteachais sin.
(3) Más rud é, i gcás faoi réim fhomir (2) nach mbeidh aon chaiteachas ann faoi réim na míre sin 3 (1) (a) nó go mbeidh an caiteachas sin, i gcomórtas le haon mhír caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b), beag ag féachaint do luach na sócmhainne díreach sular tabhaíodh an chéad mhír caiteachais eile, measfar an chuid den ghnóchan nach inchurtha i leith an mhéadaithe ar luach na sócmhainne de bharr aon mhír caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b) a bheith curtha i leith caiteachas faoi réim na míre sin 3 (1) (a) agus déanfar an chuid nó na codanna den ghnóchan is inchurtha i leith caiteachais faoi réim na míre sin 3 (1) (b) a laghdú dá réir sin.
(4) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1) d'alt 3 le linn gnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) a bheith á ríomh, beidh éifeacht leis an mír seo ionann is dá mba thagairt do chaiteachas arna chinneadh tar éis forálacha an ailt seo a fheidhmiú aon tagairt do chaiteachas.
Glaonna ar Scaireanna
3. I gcás a dtabharfaidh duine, maidir le heisiúint scaireanna i gcuideachta nó biuntiúir de chuid cuideachta, aon chomaoin ar dháta is deireanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, measfar, chun críocha alt 3, le linn gnóchan a d'fhaibhrigh chuige as diúscairt na scaireanna nó na mbintiúr a bheith á ríomh, gurb é a bheidh sa chomaoin caiteachas a tabhaíodh ar an dáta a tugadh an chomaoin, agus beidh feidhm ag alt 4 agus ag mír 2 ionann is dá mba chaiteachas faoi réim mhír 3 (1) (b), agus nach faoi réim mhír 3 (1) (a), de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, an chomaoin.
Scaireanna, tráchtearraí, etc.: ionannú
4. (1) Chun scaireanna a fuarthas a ionannú le scaireanna a diúscraíodh dá éis sin, a mhéid is scaireanna den aicme chéanna iad, measfar scaireanna a fuarthas níos luaithe a bheith arna ndiúscairt roimh scaireanna a fuarthas níos deireanaí.
(2) Ní dhéileálfar, chun críocha na míre seo, le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura rud é, dá mba scaireanna iad lena bpléitear ar stocmhargadh, go ndéileálfaí leo amhlaidh, ach déileálfar leo de réir na míre seo d'ainneoin iad a ionannú ar dhóigh éagsúil trí dhiúscairt nó tríd an aistriú nó an seachadadh ag tabhairt éifeachta di.
(3) Baineann an mhír seo le hurrúis mar a bhaineann sí le scaireanna.
(4) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (2) a áireamh, i ndáil le haon sócmhainní mar atá feidhm aici i ndáil le scaireanna i gcás ar de chineál na sócmhainní a ndéileáiltear iontu gan na sócmhainní áirithe a dhiúscraítear nó a fhaightear a ionannú.
(5) (a) Tá feidhm ag an bhfomhír seo i ndáil le diúscairt arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ar aon sócmhainní lenar bhain mír 13 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gcás—
(i) aon sócmhainní den sórt sin a bheith ar cuimsiú, an 6ú lá d'Aibreán, 1978, i sealbhán den chineál dá dtagraítear sa mhír sin, agus
(ii) arbh é a bhí sa sealbhán sócmhainní a fuarthas ar dhátaí éagsúla, agus
(iii) a raibh diúscairt sócmhainní ann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, a bheadh, mura mbeadh gur tharla an diúscairt sin, ar cuimsiú sa sealbhán ar an dáta sin.
(b) Chun fomhír (1) a fheidhmiú i ndáil le gach diúscairt lena mbaineann an fhomhír seo—
(i) déileálfar, d'ainneoin mhír 13 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, le scaireanna a fuarthas ar dhátaí éagsúla ionann is dá mba chodanna so-aitheanta iad de shócmhainn aonraic (dá ngairtear “an sealbhán” san fhomhír seo) a fuarthas, faoi seach, ar na dátaí leithleacha ar a bhfuarthas iad agus ar an gcomaoin ar a bhfuarthas iad, agus
(ii) toimhdeofar go ndearnadh, ar gach ócáid roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, ar diúscraíodh scaireanna sa sealbhán, gach cuid de na codanna so-aitheanta den sealbhán, mar a bhí sé díreach roimh an diúscairt, a laghdú, ó thaobh an lín scaireanna a bhí ar cuimsiú sa chuid sin agus an chaiteachais is inchurtha i leith na coda sin faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, sa chomhréir chéanna atá idir an líon scaireanna a diúscraíodh amhlaidh agus an líon scaireanna a bhí ar cuimsiú sa sealbhán díreach roimh an diúscairt, agus
(iii) is é a bheidh sa líon scaireanna a bhí ar cuimsiú i ngach cuid acu sin an 6ú lá d'Aibreán, 1978, agus sa chaiteachas is inchurtha (ar leith ó alt 3) i leith na coda sin faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i ndáil le diúscairt arna dhéanamh ar an dáta sin nó dá éis, an líon agus an caiteachas, faoi seach, a chinnfear de réir na fomhíre seo.
(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fhomhír seo difear do ríomh aon ghnóchain inmhuirearaithe nó aon chaillteanais inlamhála i ndáil le haon diúscairt sócmhainní a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978.
(6) Beidh feidhm ag an mír seo faoi réir mhír 14 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Scairchaipiteal a atheagrú nó a laghdú
5. Leasaítear leis seo mír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):
“(3) I gcás a dtarlóidh, ar scairchaipiteal cuideachta a atheagrú nó a laghdú, go dtabharfaidh duine aon chomaoin, nó go ndlífidh sé aon chomaoin a thabhairt, ar a shealbhán nua nó aon chuid de, ansin, le linn gnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh chuige as an sealbhán nua nó aon chuid de a dhiúscairt, measfar, chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, gur caiteachas an chomaoin sin a tabhaíodh ar an dáta a tugadh an chomaoin, agus beidh feidhm ag alt 4 den Acht sin agus ag mír 2 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba chaiteachas faoi réim mhír 3 (1) (b), agus nach faoi réim mhír 3 (1) (a), de Sceideal 1 an chomaoin, agus má dhéantar an sealbhán nua nó cuid de a dhiúscairt agus dliteanas ag gabháil leis i leith na comaoine sin, coigeartófar dá réir sin an chomaoin a tugadh ar an diúscairt:
Ar choinníoll nach n-áireofar mar chomaoin a tugadh ar an bhfáil sin—
(a) aon ghéilleadh, cealú nó athrú eile ar na scaireanna bunaidh nó ar na cearta a bhí ag gabháil leo, ná
(b) aon chomaoin arb éard í feidhmiú aon sócmhainní de chuid na cuideachta, nó aon díbhinne nó dáilte eile a dearbhaíodh as na sócmhainní sin ach nár tugadh, ag íoc ar na scaireanna nó ar na bintiúir nó ar aon chuid díobh,
ach, i gcás feidhm a bheith ag alt 56 (cáin ar scaireanna in ionad díbhinní airgid) den Acht Airgeadais, 1974, i ndáil le heisiúint aon scaireanna díobh, déanfar an tsuim airgid a gheobhadh an duine dá mbeadh sé gan an rogha a fheidhmiú scairchaipiteal breise a ghlacadh in ionad suime airgid a áireamh. chun críocha na fomhíre seo, mar chomaoin a tugadh ar na scaireanna sin.”.
Diúscairtí scaireanna i ndlúthchuideachtaí
6. (1) Faoi réir fomhíreanna (5) agus (6), tá éifeacht leis an mír seo i gcás—
(a) (i) aon duine de na daoine a bhfuil dlúthchuideachta faoina rialú, nó aon duine a bhfuil, i dtéarmaí alt 33 den Phríomh-Acht, baint aige le duine a bhfuil dlúthchuideachta faoina rialú, d'aistriú sócmhainní chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó
(ii) dlúthchuideachta d'fháil aon sócmhainní aon tráth tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978,
(b) duine do dhiúscairt scaireanna nó urrúis sa chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, is duine—
(i) lena mbaineann alt 4 (1), agus
(ii) a bhfuil an chuideachta faoina rialú,
(c) a bhfuil, ar leith ó alt 4 (2), gnóchan inmhuirearaithe as an diúscairt sin, agus
(d) na scaireanna nó na hurrúis, nó aon chuid díobh, a bheith ar teachtadh ag an duine ar feadh tréimhse úinéireachta is faide ná trí bliana.
(2) Gairtear sócmhainni iomchuí dá éis seo sa mhir seo de shócmhainní dá dtagraítear i gclásail (i) agus (ii) d'fhomhír (1) (a) nó de shócmhainní in ionannas na sócmhainní sin, ach, i ndáil leis an gclásal sin (ii), ní fholóidh siad airgead tirim, gléasra ná innealra ar ar éilíodh liúntais chaipitiúla, nó ar a bhféadfaí liúntais chaipitiúla a éileamh, faoi na hAchtanna Cánach ná féichiúnaithe trádála ná stoc trádála.
(3) (a) I gcás éifeacht a bheith leis an mír seo—
(i) toimhdeofar chun críocha na fomhíre seo gur dhíol an chuideachta áirithe a sócmhainní inmhuirearaithe go léir ar a margadhluach ar dháta na scaireanna nó na n-urrús a dhiúscairt agus gur scoir siad air sin, i gcás ar úsáideadh na sócmhainní sin chun críocha trádála na cuideachta, de bheith á n-úsáid amhlaidh,
(ii) dá mba ar an dáta céanna a fuair an chuideachta na sócmhainní iomchuí go léir a bhfaibhreodh gnóchain inmhuirearaithe ina leith ar an toimhde atá déanta san fhochlásal díreach roimhe seo, measfar chun críocha alt 4, méid den ghnóchan inmhuirearaithe (is é sin, é go léir nó cuid de) dá dtagraítear
i bhfomhír (1) (c) dá seasann an codán | A _ B | den |
ghnóchan inmhuirearaithe sin d'fhaibhriú as sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad ar feadh tréimhse úinéireachta dar tosach an dáta sin, i gcás—
arb é A an dara méid (nach mó ná B, áfach) dá dtagraítear i gclásal (b) (ii), agus
arb é B an méid dá dtagraítear i gclásal (b) (i),
agus
(iii) dá mba ar dhátaí éagsúla a fuarthas na sócmhainní iomchuí den chineál dá dtagraítear san fhochlásal díreach roimhe seo, déanfar an méid (dá ngairtear “C” dá éis seo sa chlásal seo) a gheofaí trí mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i
bhfomhír (1) (c) a iolrú ar an gcodán | A _ B | san |
fhochlásal réamhráite dá mba ar an dáta céanna a fuarthas na sócmhainní iomchuí sin go léir a fhionnadh agus, mura mbeidh aon chaillteanais inlamhála le cur i gcuntas faoi chlásal (b) (ii), cionroinnfear C ar na sócmhainní iomchuí sin a fuarthas ar gach dáta ar leithligh sa chomhréir chéanna atá idir méid an ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith na sócmhainní sin a fuarthas ar gach dáta de na dátaí sin agus na gnóchain inmhuirearaithe go léir dá dtagraítear sa chlásal sin agus measfar, chun críocha alt 4, gurb é a bheidh i ngach cuid den sórt sin de C arna fhionnadh amhlaidh méid den ghnóchan inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) (c) a d'fhaibhrigh as sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad ar feadh tréimhse úinéireachta dar tosach dáta na sócmhainní ar ar cionroinneadh an chuid sin mar a dúradh a fháil:
Ar choinníoll má bhíonn caillteanais inlamhála le cur in gcuntas faoi chlásal (b) (ii), go mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fhochlásal seo fara an modhnú go ndéanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar gach dáta ar leithligh a fhionnadh trí fhorálacha mhír 7 (caillteanais a asbhaint) a fheidhmiú ionann is dá mba dhuine lena mbaineann an mhír sin an chuideachta áirithe agus ionann is dá mbeadh na gnóchain is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar dháta is déanaí inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí do ghnóchain is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí a fuarthas ar dháta is luaithe.
(b) Beidh éifeacht leis an bhfomhír seo más rud é agus amháin más rud é—
(i) go bhfaibhreodh méid de ghnóchain inmhuirearaithe chuig an gcuideachta áirithe ar an toimhde dá dtagraítear i gclásal (a) (i), tar éis aon chaillteanais inlamhála a dhéanfar amach ar an toimhde chéanna a asbhaint (ach gan aon chaillteanais inlamhála is inchomhairimh ag an gcuideachta a asbhaint), agus
(ii) gur cuireadh i gcuntas le linn an méid sin a dhéanamh amach méid de ghnóchain inmhuirearaithe is inchurtha i leith sócmhainní iomchuí tar éis caillteanais inlamhála is inchurtha i leith na sócmhainní sin a asbhaint.
(4) I gcás gan cáin a bheith le muirearú ach ar chuid de ghnóchan inmhuirearaithe faoi fhorálacha fhomhír (3), muirearófar cáin ar iarmhéid an ghnóchain inmhuirearaithe de réir forálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil seachas an fhomhír sin.
(5) Ní bheidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le diúscairt scaireanna nó urrús i ndlúthchuideachta ag duine nach raibh teideal aige, ar dháta na diúscartha nó aon tráth laistigh de thrí bliana roimh an dáta sin, chun cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta, nó nach mbeadh, ar an gcuideachta a fhoirceannadh ar an dáta sin nó aon tráth den sórt sin, teideal aige chun cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta, mura rud é—
(a) gurb é a bheidh sa diúscairt ag an duine sin (nó, i gcás sraith diúscairtí a bheith déanta aige chuig an duine céanna, in aon diúscairt den sórt sin) diúscairt chuig duine eile a thiocfadh, de dhroim na diúscartha sin (nó de dhroim na ndiúscairtí sin go léir nó aon cheann díobh), chun bheith i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta nó, ar an gcuideachta a fhoirceannadh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta, nó
(b) gurb é a bheidh sa diúscairt ag an duine sin cuid de shraith diúscairtí ar scaireanna nó urrúis sa chuideachta, arna ndéanamh aige féin agus ag daoine a bhfuil, i dtéarmaí alt 33 den Phríomh-Acht, baint acu leis, chuig duine eile a thiocfadh, de dhroim na ndiúscairtí sin go léir nó aon cheann díobh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad den chumhacht vótála sa cuideachta nó, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh, i dteideal cuid ba mhó ná caoga faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta.
(6) Ní bheidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le diúscairt i gcás ar mhó an méid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe ar leith ón mír seo ar an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) don bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn an diúscairt ná an méid cánach ab inmhuirearaithe ar an duine don bhliain dá mba go raibh feidhm ag an mír seo.
(7) (a) Folóidh an tagairt i bhfomhír (1) (a) (ii) agus i bhfomhír (3) (a) (i) do chuideachta tagairt d'fhochuideachta de chuid na cuideachta sin.
(b) Beidh feidhm ag forálacha fhomhír (3) (a) chun tréimhse úinéireachta scaireanna nó urrúis i bhfochuideachta a chinneadh mar atá feidhm acu chun tréimhse úinéireachta sócmhainní ar leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (1) (b) iad a chinneadh, agus is sócmhainní iomchuí cibé méid (más ann) de na scaireanna nó de na hurrúis is scaireanna nó urrúis a gcinneann na forálacha sin an tréimhse úinéireachta ina leith; agus beidh feidhm ag forálacha an chlásail seo i gcás na scaireanna nó na hurrúis san fhochuideachta a bheith ar úinéireacht ag fochuideachta eile de chuid na cuideachta agus mar sin de trí aon uimhir fochuideachtaí de chuid na cuideachta sin.
(c) San fhomhír seo ciallaíonn “fochuideachta”, i ndáil le cuideachta, fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin de réir brí alt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976.
Caillteanais a asbhaint
7. Chun críocha fho-alt (1) d'alt 5 (an méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca) den Phríomh-Acht, más rud é, ar an toimhde nach raibh aon chaillteanais inlamhála le hasbhaint faoin bhfo-alt sin, go mbeadh duine inmhuirearaithe, faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, de réir breis agus ráta amháin cánach do bhliain mheasúnachta, déanfar aon chaillteanais inlamhála a bheidh le hasbaint faoin bhfo-alt sin a bhaint—
(a) i gcás ar de réir dhá ráta éagsúla a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh, de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir iad a asbhaint amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is ísle de na rátaí sin, agus
(b) i gcás ar de réir trí ráta nó níos mó a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir iad a asbhaint amhlaidh, as na gnóchain inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an chéad ráta eile is airde de na rátaí sin, agus mar sin de.
Díolúine don chéad £500 gnóchan
8. Chun críocha fho-alt (2) d'alt 16 (gnóchain £500 agus faoina bhun) den Phríomh-Acht, más rud é, ar an toimhde nach raibh feidhm ag an bhfo-alt sin, go mbeadh pearsa aonair inmhuirearaithe faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil de réir breis agus ráta amháin cánach do bhliain mheasúnachta, tabharfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt sin i leith an chéad £500 de ghnóchain inmhuirearaithe—
(a) i gcás ar de réir dhá ráta éagsúla a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is ísle de na rátaí sin, agus
(b) i gcás ar de réir trí ráta nó níos mó a bheadh sé inmhuirearaithe, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rataí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an chéad ráta eile is airde de na rátaí sin, agus mar sin de.
An ráta cánach gnóchan caipitiuil is infheidhme maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as aonaid cháilitheacha a dhiúscairt
9. Leasaítear leis seo alt 32 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975. don bhliain 1978-79 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin. tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Beidh gnóchain inmhuirearaithe a dhíorthóidh ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt agus a fhaibhreoidh chuig duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil inmhuirearaithe i leith cánach de réir leath an ráta ar dá réir ab inmhuirearaithe iad faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil ar leith ón bhfo-alt seo.”.
Páirt-diúscairt roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978
10. (1) I gcás a ndearna duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, diúscairt, lenar bhain forálacha mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ar shócmhainn a bhí ar teachtadh aige an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus—
(a) go ndearnadh méid an ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a chinneadh faoi fhorálacha mhír 18 den Sceideal sin, agus
(b) go raibh aon mhaoin a dhíorthaigh ón tsócmhainn sin gan diúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1978,
ansin, chun iarmhéid an chaiteachais a chinneadh a bheidh, faoin mír sin 6, le cur i leith na maoine a bheidh gan diúscairt, toimhdeofar go ndearnadh, ar an diúscairt, méid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i gclásal (a) a chinneadh, ní faoi fhorálacha na míre sin 18 ach ar an toimhde gur dhiúscair an duine an tsócmhainn agus go bhfuair sé ar ais láithreach í an 6ú lá d'Aibreán, 1974.
(2) I gcás a ndearna duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, diúscairt, lenar bhain forálacha mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ar shócmhainn a fuair sé ar bhás a tharla an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, agus—
(a) go ndearnadh méid an ghnócain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a chinneadh ar an bhforas go bhfuair sé an tsócmhainn ar dháta ba luaithe ná dáta an bháis sin, agus
(b) go raibh aon mhaoin a dhíorthaigh ón tsócmhainn sin gan diúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1978.
ansin, d'ainneoin forálacha fhomhír (1), chun iarmhéid an chaiteachais a chinneadh a bheidh, faoin mír sin 6, le cur i leith na maoine a bheidh gan diúscairt, toimhdeofar go ndearnadh, ar an diúscairt, méid an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i gclásal (a) a chinneadh ionann is dá mba go raibh feidhm ar dháta na diúscartha sin ag alt 14 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 6, nó, de réir mar a bheidh, ag alt 15 (4) (b) den Acht sin, arna leasú le halt 7.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difear d'aon dliteanas cánach gnóchan caipitiúil nó cánach corparáide maidir le diúscairt a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978.
SCEIDEAL 2
Achtacháin a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 6. In alt 11, i bhfo-alt (1), na focail “i gCuid II de Sceideal 1 agus” agus, i bhfo-alt (2), na focail“, ach sin faoi réir forálacha Chuid II de Sceideal 1 (a shrianann an méid gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a bhí ar úinéireacht an 6ú lá d'Aibreán, 1974)”. | ||
In alt 16 (4), na focail “ina lamháiltear coigeartú faoi alt 6 (malairt muirir faoi threoir cánach ioncaim), nó”. | ||
Alt 26 (7). | ||
Alt 29 (4). | ||
Alt 47 (7). | ||
In alt 51 (2), na focail “arna modhnú le Cuid II de Sceideal 1” | ||
Míreanna 13 agus 14 (6) de Chuid I agus Cuid II de Sceideal 1. | ||
Mír 2 (8) de Sceideal 2. | ||
Mír 8 (2) (j) de Sceideal 4. | ||
I mír 13 de Sceideal 4, na focail “alt 6 nó faoi”. | ||
Alt 13 (3) (b). | ||
In alt 16 (3), na focail “arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo,”. | ||
Ní dhéanfaidh na haisghairmeacha sa Sceideal seo difear don dliteanas cánach gnóchan caipitiúil do bhlianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1978, nó roimh an lá sin, ná don dliteanas cánach corparáide do thréimhsí cuntasaiochta nó codanna de thréimhsí cuntasaíochta a thit ar an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, do bhailiú nó do ghnóthú cheachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |