[EN]

harp.jpg


Uimhir 26 de 1988


[EN]

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.

Léiriú.

3.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4.

Caiteachais.

5.

Aisghairm.

6.

Leasú ar fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946.

7.

Pionóis.

8.

Imeachtaí.

CUID II

Bunú agus Riaradh

9.

Foirmiú na cuideachta.

10.

Ainm agus foirmiú caipitiúil na cuideachta.

11.

Foirm an mheabhráin chomhlachais.

12.

Cuspóirí na cuideachta.

13.

Dualgas ginearálta na cuideachta.

14.

Talamh a fháil agus a dhíol agus adhmad a dhíol.

15.

Airteagail chomhlachais.

16.

Srian le meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a athrú.

17.

Scaireanna a eisiúint don Aire Airgeadais i gcomaoin maoin a aistriú.

18.

Scair a eisiúint don Aire.

19.

Scaireanna a eisiúint do shínitheoirí mheabhrán comhlachais na cuideachta.

20.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith scaireanna.

21.

An tAire Airgeadais d'aistriú nó do dhíol scaireanna.

22.

Oibleagáid scairshealbhóirí áirithe scaireanna a shealbhú ar iontaobhas.

23.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

24.

Cumhacht iasacht a fháil.

25.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí.

26.

Oibreacha caipitiúla a mhaoiniú.

27.

Caipiteal oibre a sholáthar don chuideachta.

28.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

29.

Deontais le haghaidh caiteachais reatha.

30.

Cuntais agus iniúchadh.

31.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a thabhairt don Aire.

32.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.

33.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh go neamhúdaraithe.

34.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

35.

Príomhfheidhmeannach.

36.

Foireann na cuideachta.

37.

Fodhlíthe.

38.

Cumhachtaí ginearálta an Aire.

CUID III

Forálacha Idirlinne

39.

Talamh a aistriú.

40.

Maoin eile a aistriú.

41.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

42.

Díolúine ó dhleacht stampa.

43.

Forálacha a bhaineann le foireann a aistrítear chuig an gcuideachta.

44.

Aoisliúntas.

45.

Cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí obair a ghabháil de láimh.

46.

Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na cuideachta.

47.

Dliteanas maidir le caillteanas a tharlóidh roimh an lá dílseacháin.

48.

Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

49.

Breithiúnais a chur i bhfeidhm.

50.

Fógraí, deimhnithe, dearbhuithe agus bannaí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

51.

Ceadúnais agus ceadanna a dheonaigh an tAire do leanúint i bhfeidhm.

52.

Comhchomhairliúcháin pleanála do leanúint i bhfeidhm.

53.

Forálacha airgeadais idirlinne.

Achtacháin a Aisghairm

Leasú ar Fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

58 & 59 Vict. c. 16

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

An tAcht Foraoiseachta, 1946

1946, Uimh. 13

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976

1976, Uimh. 22

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

harp.jpg


Uimhir 26 de 1988


AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORAOIS-EACHT A FHORBAIRT AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CUIDEACHTA A BHUNÚ CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN NA FEIDHMEANNA A D'FHEIDHM-IGH AN tAIRE FUINNIMH GO NUIGE SEO A SHANN-ADH DON CHUIDEACHTA; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE GAOLMHARA. [13 Iúil, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1.—(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, agus den Acht seo, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “an chuideachta” an chuideachta dá dtagraítear in alt 9 (1);

[EN]

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963, agus gach achtachán atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

folaíonn “talamh” talamh atá faoi uisce;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fuinnimh;

[EN]

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an gcuideachta chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta fostaithe, nó le coinníollacha oibre fostaithe;

[EN]

ciallaíonn “údarás Stáit” údarás arb éard é—

[EN]

(a) Aire Rialtais,

[EN]

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

[EN]

(c) Coimisiún Talún na hÉireann;

[EN]

tá le “fochuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a bheidh ceaptha, faoi alt 9 (2), mar lá dílseacháin.

[EN]

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain, nó faoi.

[EN]

(5) Más rud é, faoi mheabhrán comhlachais fochuideachta de chuid na cuideachta, gur feidhm de chuid na fochuideachta aon fheidhm de chuid na cuideachta, beidh feidhm, i dtaca leis an bhfeidhm sin, ag gach foráil den Acht seo, nó d'aon achtachán eile a bhaineann leis an gcuideachta, maidir leis an bhfochuideachta, mar atá feidhm aici maidir leis an gcuideachta.

[EN]

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

3.—Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhni dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Caiteachais.

4.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Aisghairm.

5.—(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Foraoiseachta, 1946, a aisghairm ó dháta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a aisghairm le héifeacht ón lá dílseacháin a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

[EN]

Leasú ar fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946.

6.—(1) Gach foráil den Acht Foraoiseachta, 1946, a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ó dháta an Achta seo a rith mar a leasaítear sa dara colún.

[EN]

(2) An fhoráil den Acht Foraoiseachta, 1946, a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ón lá dílseacháin mar a leasaítear sa dara colún.

[EN]

(3) Aon duine a chúiseofar i gcion faoi aon fhoráil acu seo a leanas de chuid an Achta Foraoiseachta, 1946, is é sin le rá, ailt 37 (3), 38 (2), 39 (4), 42 (3), 45 (2), 47 (2) agus 51 (2), féadfar é a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 mar aon le méid nach mó ná £50 in aghaidh gach crainn a ndearnadh an cion ina leith, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Foraoiseachta, 1946, trí thagairt do chion achomair a chur in ionad gach tagartha do chion.

[EN]

Pionóis.

7.—(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 33 nó 37 dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Ar dhuine a chiontú ar díotáil i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile, a ordú go bhforghéillfear aon ghaireas, trealamh nó ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh.

[EN]

(3) I gcás cion lena mbaineann fo-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.

[EN]

Imeachtaí.

8.—(1) Féadfaidh an tAire nó an chuideachta imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi alt 33 nó 37 a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion lena mbaineann aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

[EN]

CUID II

Bunú agus Riaradh

[EN]

Foirmiú na cuideachta.

9.—(1) Cuirfidh an tAire faoi deara, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, go ndéanfar cuideachta phríobháideach a bheidh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá dílseacháin don chuideachta a luaithe is indéanta sin tar éis chlárú na cuideachta.

[EN]

(3) Ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar an gcuideachta leas a bhaint as aon fhorálacha de chuid Achtanna na gCuideachtaí a chumasaíonn do chuideachta phríobháideach athchlárú mar chuideachta phoiblí theoranta, ach ní cead leas a bhaint as forálacha den sórt sin ach amháin le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais.

[EN]

Ainm agus foirmiú caipitiúil na cuideachta.

10.—(1) Coillte Teoranta nó, sa Bhéarla, The Irish Forestry Board Limited, is ainm don chuideachta.

[EN]

(2) (a) Is é a bheidh i scairchaipiteal údaraithe na cuideachta £1 billiún nó cibé méid eile a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, arna roinnt i scaireanna punt an ceann.

[EN]

(b) Féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na scaireanna ina cuid scairchaipitil a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

[EN]

Foirm an mheabhráin chomhlachais.

11.—Is i cibé foirm i gcomhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh meabhrán comhlachais na cuideachta agus aon fhochuideachta.

[EN]

Cuspóirí na cuideachta.

12.—(1) Luafar i meabhrán comhlachais na cuideachta gurb iad a príomhchuspóirí—

[EN]

(a) gnó na foraoiseachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara a sheoladh ar bhonn tráchtála agus de réir cleachtas éifeachtach na foraoiseolaíochta,

[EN]

(b) tionscail coille a bhunú agus a sheoladh,

[EN]

(c) rannpháirtiú le daoine eile i gcúrsaí foraoiseachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara a bheidh ag teacht lena cuspóirí, d'fhonn cur le hoibriú éifeachtúil brabúsmhar na cuideachta, agus

[EN]

(d) na hacmhainní a bheidh ar fáil di a úsáid agus a bhainistí ar shlí a bheidh ag teacht leis na cuspóirí thuasluaite.

[EN]

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc nó srian leis na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir is gá nó is cuí le réasún chun na príomhchuspóirí thuasluaite a bhaint amach go cuí, nó atá teagmhasach nó coimhdeach lena mbaint amach, agus ar cuspóirí agus cumhachtaí iad nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo, a bheith ar áireamh i gcuspóirí na cuideachta mar a luaitear iad ina meabhrán comhlachais.

[EN]

(3) Beidh de chumhacht ag an gcuideachta aon ní a dhéanamh a mheasann sí is gá chun go gcomhlíonfaidh sí a feidhmeanna mar a shonraítear iad san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais, nó a rachadh chun sochair don chomhlíonadh sin nó atá teagmhasach leis nó a mheasann sí a d'éascódh, go díreach nó go neamhdhíreach, an comhlíonadh sin agus ar ní é nach bhfuil ar neamhréir le haon dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire le hordú, d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don sannadh feidhmeanna a dhéantar faoin Acht seo don chuideachta, aon achtachán a oiriúnú le toiliú aon Aire eile a bheidh freagrach as riaradh an achtacháin sin.

[EN]

Dualgas ginearálta na cuideachta.

13.—(1) Beidh sé mar dhualgas ginearálta ar an gcuideachta—

[EN]

(a) a cuid gnóthaí a stiúradh ar chaoi a áiritheoidh nach mbeidh ioncaim na cuideachta níos lú ná mar is leor—

[EN]

(i) chun íoc as na muirir go léir is inmhuirearaithe go cuí ar an gcuntas ioncaim (lena n-áirítear dímheas sócmhainní agus leithroinnt chuí don chúlchiste ginearálta), agus blianta a ghlacadh le chéile,

[EN]

(ii) chun cion réasúnach de riachtanais chaipitiúla a chruthú, agus

[EN]

(iii) chun íoc as caipiteal agus chun iasachtaí a aisíoc,

[EN]

(b) a gnó a sheoladh gach uile thráth ar bhealach cost-éifeachtúil agus éifeachtach,

[EN]

(c) aird chuí a thabhairt ar thionchar a cuid oibríochtaí ar an timpeallacht agus ar thaitneamhachtaí, agus

[EN]

(d) socrú a dhéanamh le haghaidh comhchomhairliúcháin leis an Aire Airgeadais i dtaobh forbairt na foraoiseachta i limistéir is díol spéise ó thaobh cúrsaí eolaíochta de.

[EN]

(2) Ní dhéanfar aon ní in alt 12 ná san alt seo a fhorléiriú mar ní a fhorchuireann, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais ar an gcuideachta ar dualgas nó dliteanas é is infheidhmithe le himeachtaí os comhair aon chúirte agus nach mbeadh an chuideachta faoina réir thairis sin.

[EN]

Talamh a fháil agus a dhíol agus adhmad a dhíol.

14.—(1) Cuirfidh an chuideachta faoi bhráid an Aire gach bliain, agus comhaontóidh siad air eatarthu, clár chun talamh a dhíol agus a fháil agus chun adhmad, cibé acu ina sheasamh nó leagtha, a dhiol.

[EN]

(2) Ní rachaidh an chuideachta thar na teorainneacha a aontaítear leis an Aire faoi fho-alt (1) maidir leis an gclár, gan ceadú a fháil roimh ré ón Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire an ceadú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thabhairt maidir le díolachán ar leith nó go ginearálta, faoi réir cibé teorainneacha agus coinníollacha a shonróidh sé. Féadfaidh an tAire ó am go ham aon teorainneacha nó coinníollacha den sórt sin a tharraingt siar nó a athrú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a ordú don chuideachta cibé faisnéis a shonróidh sé, maidir le díolacháin lena mbaineann an t-alt seo, a bheith ar áireamh ina tuarascáil bhliantúil agus déanfaidh an chuideachta de réir gach ordú den sórt sin.

[EN]

Airteagail chomhlachais.

15.—(1) Is i cibé foirm a bheidh i gcomhréir leis an Acht seo agus a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a bheidh airteagail chomhlachais na cuideachta.

[EN]

(2) Forálfar in airteagail chomhlachais na cuideachta—

[EN]

(a) nach mó ná 9 líon na stiúrthóirí (lena n-áirítear an cathaoirleach);

[EN]

(b) gurb é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile, agus go bhféadfaidh sé iad a chur as oifig;

[EN]

(c) go ndéanfar gach stiúrthóir (lena n-áirítear an cathaoirleach) a cheapadh ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana agus go mbeidh sé inathcheaptha;

[EN]

(d) gurb é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile;

[EN]

(e) nach ndéanfar aon duine a cheapadh mar iniúchóir don chuideachta gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais;

[EN]

(f) go ndéanfaidh an chuideachta, i gcomhairle le ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta, sás a bhunú chun críocha caibidlí i ndáil le pá agus coinníollacha seirbhíse a cuid foirne;

[EN]

(g) nach ndéanfaidh an chuideachta fochuideachta a bhunú ná a fháil gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais;

[EN]

(h) nach mbeidh infheistíocht chomhiomlán na cuideachta i ngnóthais (seachas i bhfochuideachtaí) níos mó ná £250,000 aon tráth áirithe, ach amháin le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Srian le meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a athrú.

16.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na cuideachta ná aon fhochuideachta don chuideachta bailí ná éifeachtúil mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Scaireanna a eisiúint don Aire Airgeadais i gcomaoin maoin a aistriú.

17.—(1) Eiseoidh an chuideachta scaireanna don Aire Airgeadais go feadh luach na maoine a aistreofar chuici ar an lá dílseacháin de réir ailt 39 agus 40, agus beidh vóta amháin ag gabháil le gach scair.

[EN]

(2) A luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta, deimhniú a eisiúint ag deimhniú na suime a fhreagraíonn, dar leis, do luach na maoine a aistreofar chuig an gcuideachta.

[EN]

(3) Tar éis di an deimhniú a fháil eiseoidh an chuideachta don Aire Airgeadais, gan aon íocaíocht uaidh, scaireanna láníoctha sa chuideachta arb ionann a luach ainmniúil agus an tsuim a deimhníodh amhlaidh.

[EN]

Scair a eisiúint don Aire.

18.—(1) Eiseoidh an chuideachta don Aire scair amháin puint i scairchaipiteal na cuideachta.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire cearta agus cumhachtaí uile sealbhóra scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta a fheidhmiú maidir lena scair sa scairchaipiteal sin agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe ag aturnae, féadfaidh sé é a fheidhmiú trína aturnae.

[EN]

(3) Déanfar costas na scaire sin a airleacan don Aire as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

Scaireanna a eisiúint do shínitheoirí mheabhrán comhlachais na cuideachta.

19.—(1) Eiseofar scair amháin i scairchaipiteal na cuideachta do gach duine de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na cuideachta.

[EN]

(2) Déanfar costas na scaireanna sin a airleacan do na sínitheoirí as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith scaireanna.

20.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, faoi réir an Achta seo, cearta agus cumhachtaí uile sealbhóra scaireanna sa chuideachta a fheidhmiú i leith na scaireanna de chuid na cuideachta a bheidh á sealbhú aige agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe ag aturnae, féadfaidh sé é a fheidhmiú trína aturnae.

[EN]

An tAire Airgeadais d'aistriú nó do dhíol scaireanna.

21.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás, chun déanamh de réir an oiread sin d'Achtanna na gCuideachtaí a cheanglaíonn go mbeidh íosmhéid comhaltaí i gcónaí ag an gcuideachta, scair amháin dá chuid a aistriú chuig aon duine.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna de chuid na cuideachta a thóg sé nó a fuair sé faoin Acht seo a shealbhú fad is cuí leis agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon scair díobh a dhíol.

[EN]

(3) Déanfar na glanfháltais ó dhíol scaireanna na cuideachta ag an Aire Airgeadais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

Oibleagáid scairshealbhóirí áirithe scaireanna a shealbhú ar iontaobhas.

22.—(1) Déanfaidh comhalta den chuideachta dá n-eisítear scair sa chuideachta faoi alt 19, nó dá n-aistrítear scair sa chuideachta faoi alt 21 (1), an scair sin sa chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais agus beidh de cheangal air dá réir sin na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh sé i leith na scaire a íoc leis an Aire sin chun tairbhe don Státchiste agus an scair a aistriú chuig an Aire sin nó chuig duine a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire sin de réir mar a cheanglaíonn, agus nuair a cheanglaíonn, an tAire sin air é.

[EN]

(2) Ach amháin nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh de bhun fho-alt (1), ní dhéanfaidh comhalta den sórt sin a scair a aistriú ná a choimhthiú.

[EN]

(3) Ar chomhalta den chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'fháil bháis, dílseofar don Aire Airgeadais, gan aistriú a bheith riachtanach, an scair a bhí á sealbhú ag an gcomhalta sin.

[EN]

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

23.—(1) Na méideanna go léir a fhreagraíonn do dhíbhinní nó airgead eile a bheidh faighte ag an Aire Airgeadais i leith scaireanna sa chuideachta agus na méideanna go léir a fhreagraíonn d'aisíoc airleacan inaisíoctha, nó d'ús ar an gcéanna, a bheidh faighte nó gnóthaithe aige ón gcuideachta, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé caoi a ordóidh sé.

[EN]

(2) Na méideanna go léir a fhreagraíonn do dhíbhinní nó airgead eile a bheidh faighte ag an Aire i leith a scaire sa chuideachta, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé caoi a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Cumhacht iasacht a fháil.

24.—(1) (a) Faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, féadfaidh an chuideachta, trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile, airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla, lena n-áirítear caipiteal oibre, ó dhaoine seachas an tAire Airgeadais.

[EN]

(b) Ní mó ná £80 milliún aon tráth áirithe comhiomlán iasachtaí na cuideachta faoi mhír (a).

[EN]

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, aon airgead a gheofar ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide, tráth na hiasachta a fháil, don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit.

[EN]

(2) Féadfaidh an chuideachta airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht go díomuan ach ní mó comhiomlán na n-iasachtaí sin aon tráth áirithe ná cibé méid a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) (a) Gan dochar d'alt 2 (5), folaíonn tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (2) don chuideachta tagairtí d'fhochuideachta de chuid na cuideachta.

[EN]

(b) I gcás go mbeidh, aon tráth áirithe, iasachtaí faoin alt seo faighte ag an gcuideachta agus ag fochuideachta dá cuid, beidh feidhm ag an teorainn le hiasachtaí dá bhforáiltear, maidir le comhiomlán iasachtaí na cuideachta agus na fochuideachta aon tráth áirithe.

[EN]

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí.

25.—(1) I ndáil le hiasachtaí a gheofar faoi alt 24, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid a bheidh dlite den chuideachta faoi chonradh a rinne an chuideachta nó go n-íocfar ús ar aon airgead, tráthchuid nó méid, nó go n-aisíocfar príomhshuim nó go n-íocfar na tráthchodanna nó na méideanna sin, de réir mar a bheidh, agus go n-íocfar an t-ús, agus féadfar a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfar coimisiún agus caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin nó leis an gconradh sin.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £80 milliún an méid, nó an méid comhiomlán, airgid a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid airgid (más aon mhéid é) a bheidh íoctha aige cheana féin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an gcuideachta.

[EN]

(3) Chun méid na n-iasachtaí, na dtráthchodanna nó an airgid eile a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo a ríomh faoi threoir na teorann le hairgead atá i bhfo-alt (2), déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis d'iasachtaí, do thráthchodanna nó d'airgead eile in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

[EN]

(4) I gcás go dtabharfar nó gur tugadh ráthaíocht faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais amhlaidh, cibé urrús (lena n-áirítear, go háirithe, bintiúir) a thabhairt dó a bheidh sonraithe sa cheanglas chun a urrú don Aire sin go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht.

[EN]

(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a leagfaidh amach, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

[EN]

(a) sonraí na ráthaíochta,

[EN]

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis ar scór na híocaíochta,

[EN]

(c) an méid airgid a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

[EN]

(6) Déanfaidh an chuideachta aon airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de cibé tréimhse ó dháta na híocaíochta ag an Aire sin a shonróidh an tAire sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta.

[EN]

(7) I gcás nach mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais aisíoctha de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead á sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an chuideachta de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an chuideachta an méid sin (mar aon le hús ar an méid sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire sin) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(9) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

[EN]

(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt do thráthchodanna nó méideanna eile airgid, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do choimisiún agus caiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) mar thagairt do choibhéis na príomhshuime iarbhír, na dtráthchodanna nó méideanna eile airgid iarbhír, an úis iarbhír nó an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is cuí, in airgead reatha an Stáit;

[EN]

(b) glacfar leis an tagairt don méid airgid i bhfo-alt (5) (c) mar thagairt do choibhéis an méid airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit;

[EN]

(c) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (6) go (8) mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

[EN]

(10) (a) Gan dochar d'alt 2 (5), folaíonn tagairtí san alt seo don chuideachta tagairtí d'fhochuideachta de chuid na cuideachta.

[EN]

(b) I gcás go mbeidh, aon tráth áirithe, ráthaíochtaí faoi réim nó de bhua an ailt seo i bhfeidhm maidir leis an gcuideachta agus maidir le fochuideachta dá cuid, beidh feidhm ag an teorainn iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) maidir le comhiomlán na méideanna a dhlífidh an tAire Airgeadais aon tráth áirithe a íoc faoi na ráthaíochtaí sin.

[EN]

Oibreacha caipitiúla a mhaoiniú.

26.—(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cistí a sholáthar don chuideachta le haghaidh críoch caipitiúil—

[EN]

(i) trí airleacain Státchiste inaisíoctha, nó

[EN]

(ii) trí shuibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta, nó

[EN]

(iii) trí na hairleacain sin agus tríd an suibscríobh sin.

[EN]

(b) Ní mó ná £100 milliún méid comhiomlán na gcistí a sholáthrófar faoi mhír (a).

[EN]

(2) Aon airleacain Státchiste a sholáthrófar faoi fho-alt (1) (a) déanfar iad de réir cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(3) Má mhainníonn an chuideachta aisíocaíocht a dhéanamh mar a cheanglaítear faoi fho-alt (2), leanfaidh an chuideachta de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid nach mbeidh íoctha agus déanfaidh an chuideachta an méid sin (mar aon le hús ar an méid sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire sin) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

Caipiteal oibre a sholáthar don chuideachta.

27.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais méid nach mó ná £3 mhilliún a chur ar fáil don chuideachta mar chaipiteal oibre.

[EN]

(2) Féadfar aon dliteanais de chuid an Aire agus na cuideachta faoi alt 53 a urscaoileadh, faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais, trí na dliteanais sin, mar aon le méideanna eile is ináirithe go cuí, a chur i gcuntas go cuí le linn an caipiteal oibre a bheidh le cur ar fáil don chuideachta faoi fho-alt (1) a bheith á ríomh.

[EN]

(3) Eiseoidh an chuideachta scaireanna don Aire Airgeadais go feadh luach an chaipitil oibre a chuirtear ar fáil di faoi fho-alt (1).

[EN]

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

28.—(1) An t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoi alt 25, 26 nó 27, airleacfar iad as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, d'fhonn na hiasachtaí sin a fháil, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó aon ní eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar príomhshuim na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo, agus an t-ús ar na hurrúis sin, agus na caiteachais a thabhófar i ndáil le heisiúint na n-urrús, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

[EN]

Deontais le haghaidh caiteachais reatha.

29.—(1) Le linn na tréimhse ceithre bliana ón lá dílseacháin, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus tar éis iarratas a fháil ón gcuideachta, deontais bhliantúla, nach mó ná £30 milliún san iomlán, a chur ar fáil don chuideachta le haghaidh caiteachais reatha.

[EN]

(2) Déanfar cibé sonraí i dtaobh na gcríoch chun a gcaithfear na deontais sin a bheidh ag teastáil ón Aire nó ón Aire Airgeadais a chur ar fáil mar thaca le hiarratais ón gcuideachta ar íoc cistí faoin alt seo.

[EN]

(3) Déanfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

30.—(1) Gan dochar do cheanglais Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le cláir chomhardaithe agus cuntais, coimeádfaidh an chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Déanfaidh an chuideachta na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) a ordóidh an tAire, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a thabhairt don Aire.

31.—(1) Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta, tabharfaidh an chuideachta tuarascáil don Aire i dtaobh a gníomhaíochtaí i rith na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Beidh i ngach tuarascáil bhliantúil faisnéis, i cibé foirm a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta agus le toiliú an Aire Airgeadais, maidir le hoibríochtaí, éifeachtúlacht costais agus spriocanna airgeadais na cuideachta.

[EN]

(3) Déanfaidh an chuideachta, má cheanglaíonn an tAire uirthi é, cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil uaidh maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas nó tuarascáil de chuid na cuideachta nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na cuideachta seachas oibríochtaí ó lá go lá.

[EN]

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.

32.—(1) Más rud é, ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta, go mbeidh aon ábhar acu seo a leanas i dtrácht, eadhon—

[EN]

(a) comhshocraíocht ar páirtí inti an chuideachta, nó comhshocraíocht den sórt sin a bheidh beartaithe, nó

[EN]

(b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin a bheidh beartaithe,

[EN]

ansin, aon stiúrthóir de chuid na cuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh leas aige ar bhealach ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, san ábhar, seachas ina cháil mar stiúrthóir den sórt sin—

[EN]

(i) nochtfaidh sé don chuideachta ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é,

[EN]

(ii) ní ghlacfaidh sé páirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na stiúrthóirí ar an ábhar sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéantar an breithniú sin, agus

[EN]

(iii) ní vótálfaidh sé ar aon chinneadh i ndáil leis an ábhar.

[EN]

(2) I gcás go nochtfar leas de bhun an ailt seo, taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheifear ag déileáil ag an gcruinniú leis an ábhar lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a dhéanann an nochtadh ar an gcóram don chruinniú.

[EN]

(3) Más rud é, ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta, go n-éireoidh ceist i dtaobh cibé acu ar mhainneachtain nó nár mhainneachtain ag stiúrthóir de chuid na cuideachta déanamh de réir cheanglais fho-alt (1) iompar áirithe aige, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan agus i gcás go gcinnfear ceist amhlaidh déanfar sonraí i dtaobh an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

[EN]

(4) Más deimhin leis an Aire gur mhainnigh stiúrthóir déanamh de réir ceanglais de chuid fho-alt (1) féadfaidh sé, más cuí leis, agus le toiliú an Aire Airgeadais, an stiúrthóir sin a chur as oifig, agus i gcás go gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo beidh sé dícháilithe dá éis sin chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir le stiúrthóir de chuid na cuideachta.

[EN]

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh go neamhúdaraithe.

33.—(1) Ní nochtfaidh duine faisnéis a fuair sé faoi rún le linn dó bheith ag comhlíonadh dualgas mar stiúrthóir ar an gcuideachta, mar chomhalta dá foireann nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir di, mura mbeidh sé údaraithe go cuí déanamh amhlaidh.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “faoi rún” rud a deirtear a bheith faoi rún ó thaobh faisnéise áirithe nó ó thaobh faisnéise d'aicme nó de thuairisc áirithe;

[EN]

ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag an gcuideachta nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin ag an gcuideachta.

[EN]

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

34.—(1) Más rud é, i gcás stiúrthóir de chuid na cuideachta—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht na cuideachta agus ní íocfaidh an chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gcuideachta, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

[EN]

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag an gcuideachta.

[EN]

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a áireamh mar sheirbhís leis an gcuideachta chun críche aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha tráth éirí as, tráth scoir nó tráth báis.

[EN]

Príomhfheidhmeannach.

35.—(1) Beidh Príomhfheidhmeannach ar an gcuideachta.

[EN]

(2) Tar éis don chéad Phríomhfheidhmeannach ar an gcuideachta a bheith roghnaithe trí chomórtas poiblí, ceapfaidh an tAire é go ceann tréimhse nach faide ná trí bliana agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig le linn na tréimhse sin.

[EN]

(3) Beidh an chéad Phríomhfheidhmeannach inathcheaptha agus féadfaidh stiúrthóirí na cuideachta é a chur as oifig dá éis sin.

[EN]

(4) Is iad stiúrthóirí na cuideachta a cheapfaidh gach Príomhfheidhmeannach ina dhiaidh sin agus féadfaidh siad é a chur as oifig.

[EN]

(5) Is iad na feidhmeanna a bheidh ag an bPríomhfheidhmeannach riaradh na cuideachta a sheoladh, a bhainistí agus a rialú i gcoitinne, faoi réir treoracha dleathacha ó stiúrthóirí na cuideachta.

[EN]

(6) Sealbhóidh an Príomhfheidhmeannach a oifig faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Foireann na cuideachta.

36.—Gan dochar do cheanglais alt 43, beidh aird ag an gcuideachta, le linn di bheith ag cinneadh cén luach saothair agus cé na liúntais le haghaidh caiteachas a íocfar lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cé na téarmaí nó na coinníollacha a sealbhaíonn nó a sealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a gcuid fostaíochta faoina réir, ar threoirlínte Rialtais nó ar threoirlínte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh i bhfeidhm amhlaidh agus, chomh maith leis sin, déanfaidh an chuideachta de réir aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire don chuideachta ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Fodhlíthe.

37.—(1) Féadfaidh an tAire, ar an gcuideachta dá iarraidh nó thar a cheann féin, fodhlíthe a dhéanamh do rialáil rochtana chuig aon talamh, nó úsáide aon talún, atá ar úinéireacht ag an gcuideachta nó á bhainistí nó á úsáid aici.

[EN]

(2) I gcás go gcuirfidh an chuideachta togra faoi bhráid an Aire chun fodhlí a dhéanamh, déanfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, diúltú an togra a cheadú nó an togra a cheadú gan mhodhnuithe, nó cibé modhnuithe a dhéanamh air is dóigh leis is cuí, agus an fodhlí, arna mhodhnú amhlaidh, a dhéanamh.

[EN]

(3) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'fhodhlíthe a dhéantar faoin alt seo, agus a mbeidh deimhniú (a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don Aire) formhuinithe air á rá gur cóip dhílis de na fodhlíthe an doiciméad agus go raibh na fodhlíthe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, glacfar leis, gan chruthú ar shíniú an oifigigh sin nó gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír, mar fhianaise i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlíthiúil go raibh na fodhlíthe ann agus go raibh siad i bhfeidhm ar an dáta sin.

[EN]

(4) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Cumhachtaí ginearálta an Aire.

38.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, treoracha i scríbhinn a eisiúint don chuideachta á cheangal ar an gcuideachta—

[EN]

(a) déanamh de réir cinntí ginearálta beartais ón Rialtas mar gheall ar fhorbairt na foraoiseachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, ar cinntí iad a chuirfidh sé in iúl don chuideachta ó am go ham, nó

[EN]

(b) seirbhísí nó saoráidí sonraithe a sholáthar nó a chothabháil, nó

[EN]

(c) talamh nó áitreabh sonraithe a bheidh i seilbh na cuideachta a chothabháil nó a úsáid chun críche áirithe.

[EN]

(2) Déanfaidh an chuideachta de réir gach treorach a thabharfar di faoin alt seo.

[EN]

(3) (a) Má iarrann an chuideachta amhlaidh i scríbhinn, is le hordú a thabharfaidh an tAire treoir don chuideachta faoin alt seo.

[EN]

(b) Leanfaidh ordú den sórt sin de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná dhá mhí dhéag mura ndéanfar é a fhadú nó a chúlghairm le hordú ón Aire.

[EN]

(4) Má dheimhníonn an chuideachta don Aire go bhfuil, thar thréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad nó cibé tréimhse eile a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta, caillteanas tabhaithe aici de bharr déanamh de réir treorach faoi fho-alt (1) (b) nó (1) (c), beidh sí i dteideal an caillteanas a ghnóthú ón Aire.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar iniúchadh ar leabhair agus ar thaifid na cuideachta chun a chinneadh gur tabhaíodh an caillteanas sin.

[EN]

(6) Sula dtabharfaidh sé treoir don chuideachta faoi fho-alt (1) (b) nó (1) (c), gheobhaidh an tAire mionsonraí ón gcuideachta i dtaobh an chostais a bhain le déanamh de réir na treorach sin agus tabharfaidh an chuideachta an fhaisnéis sin don Aire ar é á hiarraidh.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle leis an gcuideachta agus le toiliú an Aire Airgeadais, spriocanna airgeadais nó spriocanna eile (lena n-áirítear díbhinní a íoc i leith scaireanna sa chuideachta) a bheidh le baint amach ag an gcuideachta a leagan síos mar choinníoll.

[EN]

(8) Déanfaidh an tAire Airgeadais aon airgead a bheidh ag teastáil ón Aire faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglaítear air a dhéanamh faoin alt seo a airleacan dó as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

CUID III

Forálacha Idirlinne

[EN]

Talamh a aistriú.

39.—(1) An talamh go léir (seachas talamh a bheidh ainmnithe ag an Aire) a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire agus á úsáid nó faighte chun críocha feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin beidh siad, an lá sin, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir fho-alt (2), dílsithe don chuideachta go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus infheidhmithe.

[EN]

(2) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun aon mhianraí nó aon cheart mianadóireachta, nó ceart chun mianraí a bhaint, nó aon imeall trá de réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933, a dhílsiú don chuideachta.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le talamh sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an talamh dílsithe don chuideachta faoin alt seo nó nach raibh sé dílsithe amhlaidh agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

[EN]

Maoin eile a aistriú.

40.—(1) An mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin de chuid an Aire í díreach roimh an lá dílseacháin, agus a bhí á húsáid nó faighte díreach roimh an lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, beidh sí, an lá sin, dílsithe don chuideachta gan aon sannadh a dhéanamh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le maoin shonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an mhaoin dílsithe don chuideachta faoin alt seo nó nach raibh sí dílsithe amhlaidh agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

[EN]

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, tar éis an lá dílseacháin, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

[EN]

Cearta agus dliteanais a aistriú.

41.—(1) Na cearta agus na dliteanais go léir de chuid an Aire de bhua aon chonradh nó árach (sainráite nó intuigthe) a rinne nó a thug sé féin nó a rinne nó a thug Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn thar a cheann roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo beidh siad, an lá sin, arna n-aistriú chuig an gcuideachta.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní foláir dó ar iarratas ón gcuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le conradh nó árach sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go ndearnadh cearta agus dliteanais an Aire faoin gcéanna a aistriú, an lá dílseacháin, chuig an gcuideachta faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad agus is fianaise dhochloíte an deimhniú ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh.

[EN]

(3) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar, an lá sin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an alt seo.

[EN]

(4) Comhlíonfaidh an chuideachta cibé oibleagáidí (cé is moite d'aisíoc príomhshuime nó d'íocaíochtaí úis) a bheidh sonraithe ag an Aire Airgeadais i ndáil lena oibleagáidí conarthacha faoi chonarthaí iasachtaí coigríche, a rinneadh roimh an lá dílseacháin, i ndáil le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

42.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don chuideachta.

[EN]

Forálacha a bhaineann le foireann a aistrítear chuig an gcuideachta.

43.—(1) Le héifeacht ón lá dílseacháin glacfaidh an chuideachta i bhfostaíocht, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina chomhalta d'fhoireann na Roinne Fuinnimh ar duine é a bheidh ainmnithe ag an Aire, cibé acu roimh nó ar an lá dílseacháin nó dá éis, lena fhostú ag an gcuideachta.

[EN]

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann na Roinne Fuinnimh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse nó luacha saothair ar a gcuirfear é, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná na coinníollacha seirbhíse nó luacha saothair a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin.

[EN]

(3) Go dtí go ndéanfaidh an chuideachta, tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse na gcomhaltaí den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal acu chucu, agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir, díreach sular aistríodh iad, de bheith i bhfeidhm maidir leo agus féadfaidh an chuideachta iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh na comhaltaí sin i seirbhís na cuideachta.

[EN]

(4) Na coinníollacha maidir le seilbh oifige a dheonóidh an chuideachta i ndáil le comhalta den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh ní lú fabhar dó iad, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná na coinníollacha a bheidh i réim de thuras na huaire sa státseirbhís; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní lú fabhar dó é ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann. Má bhíonn aon díospóid idir an chuideachta agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha atá i réim sa státseirbhís, is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

[EN]

(5) I gcás foirne a aistreofar chuig an gcuideachta, féadfar seirbhís roimh ré sa státseirbhís a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiataí eile sna hAchtanna sin.

[EN]

Aoisliúntas.

44.—(1) Ullmhóidh an chuideachta, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann na cuideachta is cuí léi, nó i leith na gcomhaltaí sin, ar iad d'éirí as, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

[EN]

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim iardain arna cur isteach agus arna ceadú faoin alt seo.

[EN]

(4) Socróidh gach scéim faoin alt seo coinníollacha maidir le daoine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá dílseacháin.

[EN]

(5) Na pinsin, na haiscí agus na liúntais eile is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh, eisíocfar iad ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

[EN]

(6) Déanfaidh an chuideachta scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire aici faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí, má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(7) Ní dheonóidh an chuideachta pinsean, aisce nó liúntas ar chomhalta d'fhoireann na cuideachta d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim faoin alt seo.

[EN]

(8) I gcás ina ndlífear aoisliúntas a íoc le duine, nó i leith duine, lena mbaineann fo-alt (4) sa tréimhse dar tosach an lá dílseacháin agus dar críoch díreach roimh theacht i ngníomh do scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire ag an gcuideachta agus a bheidh ceadaithe faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta an liúntas a ríomh agus a íoc i gcomhréir le cibé scéim aoisliúntais, nó le cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a bhain leis an duine sin díreach roimh an lá dílseacháin agus, chun na críche sin, déanfar seirbhís inphinsin an duine sin leis an gcuideachta a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin roimhe sin.

[EN]

(9) Déanfaidh an tAire Airgeadais cibé ranníoc a shonrófar, lena thoiliú, i scéim nó i scéimeanna faoin alt seo faoi chomhair na bpinsean, na n-aiscí agus na liúntas eile i ndáil le seirbhís ináirithe a tugadh roimh an lá dílseacháin ar pinsin, aiscí agus liúntais iad is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh, agus socróidh an scéim nó na scéimeanna sin, leis an toiliú sin, modh íoca agus tráthanna íoca an ranníoca sin.

[EN]

(10) (a) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus san Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta, an cúram a tharmligean chuig an gcuideachta pinsin, aiscí agus liúntais eile a íoc leis na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Fuinnimh nó de Ranna eile agus a bhí ag gabháil d'fheidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo, ar daoine iad a scoir nó a fuair bás roimh an lá dílseacháin, de réir mar a shonróidh sé.

[EN]

(b) Déanfaidh aon tarmligean faoi mhír (a) socrú le haghaidh coinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm acu dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

[EN]

(c) Déanfaidh an chuideachta íocaíochtaí de réir aon tarmligean den sórt sin a dhéanfar chuici agus cúiteoidh an tAire Airgeadais í ina leith ar cibé modh agus cibé tráthanna a bheidh sonraithe in airteagail chomhlachais na cuideachta.

[EN]

(11) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a cheanglaítear ar an Aire Airgeadais a íoc faoin alt seo.

[EN]

Cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí obair a ghabháil de láimh.

45.—(1) Beidh cumhacht ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn obair a ghabháil de láimh ar iarraidh ón gcuideachta.

[EN]

(2) I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-alt (1), measfar, maidir le haon obair a ghabhfaidh na Coimisinéirí sin de láimh ar iarraidh ón gcuideachta an lá dílseacháin nó dá éis, nach údarás Stáit na Coimisinéirí sin chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983.

[EN]

Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na cuideachta.

46.—Aon mhaoin inrátaithe a dhílsítear don chuideachta ar an lá dílseacháin scoirfidh sí, amhail ó thosach na chéad bhliana airgeadais ina dhiaidh sin, de bheith díolmhaithe ón ráta is inmhuirearaithe ag údarás áitiúil d'ainneoin an mhaoin a bheith luaite mar mhaoin dhíolmhaithe ar liosta luachála.

[EN]

Dliteanas maidir le caillteanas a tharlóidh roimh an lá dílseacháin.

47.—(1) Aon éileamh maidir le haon chaillteanas nó díobháil a líomhnaítear a bhain d'aon duine de dhroim na feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo a fheidhmiú roimh an lá dílseacháin, is éileamh é, tar éis an lae sin, i gcoinne na cuideachta, bíodh nó ná bíodh aon éileamh déanta ina leith roimh an lá sin agus, faoi réir alt 49, ní éileamh é i gcoinne an Aire, i gcoinne aon údaráis Stáit eile ná i gcoinne an Stáit.

[EN]

(2) Más rud é, roimh an lá dílseacháin, in éileamh lena mbaineann fo-alt (1), go bhfuil na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir leis an éileamh a shocrú agus nach bhfuil téarmaí an chomhaontaithe curtha i ngníomh nó go bhfuil breithiúnas tugtha i bhfabhar an duine ar bhain an díobháil dó, agus nach bhfuil an breithiúnas curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, sa mhéid gurb infheidhmithe iad i gcoinne an Aire, aon údaráis Stáit eile nó an Stáit, inchurtha i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta agus, faoi réir alt 49, ní bheidh siad inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an Aire, aon údaráis Stáit eile ná an Stáit.

[EN]

(3) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire, aon údarás Stáit eile nó an Stát, nó is cuí dó a dhéanamh, maidir le haon chaillteanas nó díobháil de dhroim gnímh nó mainneachtana ag aon duine roimh an lá dílseacháin glacfar leis, más éileamh é a bhaineann le feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, mar éileamh a dhéanann an chuideachta nó mar éileamh is cuí di a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta dul ar aghaidh leis agus agairt ina leith ionann is dá mba don chuideachta a bhain an caillteanas nó an díobháil.

[EN]

(4) Más rud é, roimh an lá dílseacháin, in éileamh lena mbaineann fo-alt (3), go bhfuil na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir leis an éileamh a shocrú agus nach bhfuil téarmaí an chomhaontaithe curtha i ngníomh, nó go bhfuil breithiúnas tugtha i bhfabhar an Aire, aon údaráis Stáit eile nó an Stáit agus nach bhfuil an breithiúnas curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, sa mhéid gurb inchurtha i bhfeidhm iad ag an Aire, ag aon údarás Stáit eile nó ag an Stát, inchurtha i bhfeidhm ag an gcuideachta.

[EN]

(5) Ní bhaineann an t-alt seo le héileamh ó údarás Stáit amháin i gcoinne údaráis Stáit eile.

[EN]

Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

48.—Na himeachtaí dlí uile i leith feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin agus ar páirtí iontu an tAire, aon údarás Stáit eile nó an Stát, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ach an chuideachta a chur in ionad aon pháirtí den sórt sin.

[EN]

Breithiúnais a chur i bhfeidhm.

49.—(1) I gcás go dtabharfar breithiúnas i gcoinne na cuideachta in aon imeachtaí de bhun éileamh lena mbaineann alt 47 (1) nó in imeachtaí a leanann de bheith i bhfeidhm faoi alt 48, agus nach bhfuil an duine ar tugadh an breithiúnas ina fhabhar in ann an breithiúnas a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal breithiúnas i gcoinne an Aire Airgeadais a thaifeadadh in aon chúirt dlínse inniúla i leith aon mhéid nár gnóthaíodh ar scór an bhreithiúnais mar fhiach a bheidh dlite dó ag an Aire sin.

[EN]

(2) Beidh an tAire Airgeadais i dteideal aon íocaíocht a bheidh déanta aige le duine mar shásamh ar bhreithiúnas a taifeadadh ina choinne faoi fho-alt (1), a ghnóthú ón gcuideachta.

[EN]

(3) Aon airgead a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglaítear air a dhéanamh leis an alt seo, airleacfar chuige é as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus aisíocfar leis an bPríomh-Chiste é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Fógraí, deimhnithe, dearbhuithe agus bannaí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

50.—Ón lá dílseacháin—

[EN]

(a) gach fógra, deimhniú agus dearbhú a bheidh tugtha ag an Aire nó don Aire,

[EN]

(b) gach ordú cúirte a bheidh dírithe chuig aon duine, agus

[EN]

(c) gach banna a bheidh tugtha ag aon duine don Aire,

[EN]

agus a bhaineann le feidhmeanna a shanntar don chuideachta faoin Acht seo, leanfaidh siad, i gcás nach mbeidh a n-oibriú, a n-éifeacht nó a dtéarma scortha nó dulta in éag roimh an lá dílseacháin, d'fheidhm a bheith acu, agus beidh éifeacht leo, ionann is dá mbeadh feidhmeanna an Aire inchomhlíonta an lá sin ag an gcuideachta.

[EN]

Ceadúnais agus ceadanna a dheonaigh an tAire do leanúint i bhfeidhm.

51.—Gach ceadúnas nó cead a dheonaigh an tAire i ndáil le talamh nó maoin eile a dhílsítear don chuideachta faoin Acht seo, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige ionann is dá mba í an chuideachta a dheonaigh é.

[EN]

Comhchomhairliúcháin pleanála do leanúint i bhfeidhm.

52.—Chun crícha alt 84 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

[EN]

(a) aon chomhchomhairliúchán a bheidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin idir an tAire agus údarás pleanála i ndáil le foirgniú nó méadú foirgnimh a bheidh le húsáid ón lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo don chuideachta, beidh éifeacht leis ionann is dá mba pháirtí sa chomhchomhairliúchán sin an chuideachta;

[EN]

(b) aon chomhchomhairliúchán den sórt sin a bheidh tosaithe ag an Aire ach nach mbeidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin i ndáil le foirgniú nó méadú aon fhoirgnimh a bheidh le húsáid mar a dúradh ón lá sin, is í an chuideachta, agus ní hé an tAire, a chuirfidh i gcrích é.

[EN]

Forálacha airgeadais idirlinne.

53.—(1) Íocfaidh an chuideachta le gach comhalta, nó i leith gach comhalta, d'fhoireann na Roinne Fuinnimh a bheidh aistrithe chuig seirbhís na cuideachta aon mhéid a bheidh dlite don chomhalta sin nó ina leith maidir le seirbhís leis an Roinn agus a bheidh gan íoc ar an lá dílseacháin agus déanfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an méid sin a aisíoc leis an gcuideachta.

[EN]

(2) Íocfaidh an tAire leis an gcuideachta, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, méid is ionann agus na réamhíocaíochtaí a bheidh faighte aige roimh an lá dílseacháin i leith earraí nó seirbhísí a chuirfidh an chuideachta ar fáil ar an lá dílseacháin nó dá éis.

[EN]

(3) Íocfaidh an chuideachta leis an Aire méid is ionann agus na suimeanna a bhaileoidh sí, ar an lá dílseacháin nó dá éis, i leith earraí nó seirbhísí a chuir an tAire ar fáil roimh an lá dílseacháin i leith feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo.

[EN]

(4) Na suimeanna go léir a cheanglaítear a íoc faoin alt seo beidh siad dlite agus iníoctha ar cibé dáta a chinnfidh an tAire, i gcomhairle leis an gcuideachta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(5) Tabharfaidh an chuideachta don Aire cibé faisnéis, taifid agus doiciméid a bheidh ag teastáil ón Aire chun críocha an ailt seo agus beidh sé de cheart ag an Aire agus ag a oifigigh na taifid agus na doiciméid iomchuí uile de chuid na cuideachta a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh.

[EN]

(6) Má tharlaíonn easaontú maidir le haon mhéid a bheidh le híoc ag an gcuideachta leis an Aire, nó ag an Aire leis an gcuideachta, faoin alt seo is breith chríochnaitheach breith an Aire, arna tabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairm

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 13 de 1946

An tAcht Foraoiseachta, 1946

In alt 9 (1): míreanna (b), (e) agus (h).

Ailt 9 (6), 10 agus 59.

Uimh. 25 de 1954

An tAcht Maoine Stáit, 1954

Sa Chéad Sceideal: mír 1, arna leasú le halt 64 den Acht um Fhiadhúlra, 1976.

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Leasú ar Fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946

Alt 6.

CUID I

Foráil

Leasú

Ailt 11 (3) agus 63 (4)

“£100” a chur in ionad “deich bpuint”.

Ailt 37 (3), 38 (2), 39 (4), 42 (3), 45 (2), 47 (2) agus 51 (2)

(a) “faoi réir ailt 53 den Acht seo” a scriosadh.

(b) “£50” a chur in ionad “cúig puint”.

Ailt 41 (11), 46 (9), 48 (5), 49 (7) agus 52 (5)

“£50” a chur in ionad “cúig puint” agus “£100” a chur in ionad “deich bpuint”.

Alt 58 (2)

“£200” a chur in ionad “fiche punt”.

Alt 63 (5)

“£50” a chur in ionad “cúig puint”.

Alt 64

“£250” a chur in ionad “cúig puint fhichead”.

CUID II

Foráil

Leasú

Alt 9 (1) (g)

“cúnamh nó comhairle a thabhairt i ndáil le plandáil nó bainisteoireacht aon choillte nó foraoisí le daoine ar bith, lena n-áirítear coillte agus foraoiseacha le haon Aire Stáit nó le húdaráis áitiúil” a chur in ionad “plandáil, forbairt, úsáid, bainistí nó maoirsiú aon choillte nó foraoisí le daoine ar bith, lena n-áirítear coillte agus foraoisí le haon Aire Stáit nó le húdarás áitiúil, a ghlacadh de láimh ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll ar a gcomhaontófar, nó cúnamh nó comhairle a thabhairt maidir le plandáil nó bainistí aon choillte nó foraoisí den tsórt sin”.