[EN]

Uimhir 39 de 1976


[EN]

AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHAOMHNÚ FIADHÚLRA (LENA nÁIRÍTEAR GÉIM) AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO CHOSAINT CRÉATÚIR FHIÁINE AGUS FLORA ÁIRITHE, DÁ CHUMASÚ COMHLACHT A BHUNÚ DÁ nGAIRFEAR SA GHAEILGE AN CHOMHAIRLE UM FHIADHÚLRA AGUS SA BHÉARLA THE WILDLIFE ADVISORY COUNCIL AGUS DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA, DÁ CHUMASÚ COMHLACHTAÍ ÁIRITHE EILE A BHUNÚ CHUN SEIRBHÍSÍ ÁIRITHE A SHOLÁTHAR NÓ A RIARADH, DÁ CHUMASÚ ANACLANNA AGUS TEARMAINN LE hAGHAIDH FIADHÚLRA A BHUNÚ AGUS A CHOTHABHÁIL, DÁ CHUMASÚ DÉILEÁIL I bhFIADHÚLRA, AGUS Á nGLUAISEACHT, Á RIALÁIL AGUS Á STIÚRADH, DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE TALAMH, LE hUISCÍ INTÍRE AGUS LE FARRAIGÍ TEORANN AN STÁIT, DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE INA dTAOBH SIN THUAS. [22 Nollaig, 1976] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Fhiadhúlra, 1976, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, a ghairm de na hAchta Foraoiseachta, 1946 agus 1956, agus d'ailt 55 agus 63 den Acht seo i dteannta a chéile.

[EN]

Mínithe.

1919, c. 57.

1946, Uimh. 13.

1956, Uimh. 6.

1955, Uimh. 10.

1933, Uimh. 12.

1941, Uimh. 23.

1958, Uimh. 12.

1959, Uimh. 22.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Foraoiseachta, 1946;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Foraoiseachta, 1956;

[EN]

folaíonn “talmhaíocht” gortóireacht;

[EN]

ciallaíonn “aerghunna” aon arm, lena n-áirítear aer-raidhfil nó aerphiostal, ar a bhfuil bairille as ar féidir slugaí miotail nó slugaí eile a chaitheamh;

[EN]

ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh faoi alt 72 den Acht seo ag an Aire le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo;

[EN]

ciallaíonn “an Bord”, ach amháin in alt 14 agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, An Bord Pleanála;

[EN]

tá le “oibríocht fhoirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Monarchan, 1955;

[EN]

ciallaíonn “na Coimisinéiri” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn”;

[EN]

ciallaíonn “caomhnú” úsáid talún i ndáil le leasanna fiadhúlra a bhainistí agus a rialú agus, nuair is iomchuí, talamh a fhorbairt agus a fheabhsú ag féachaint do na leasanna sin;

[EN]

ciallaíonn “an Chomhairle” an comhlacht a bhunaítear le halt 13 den Acht seo;

[EN]

tá le “ordú sainiúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht seo;

[EN]

tá le “hordú bunaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 15 den Acht seo;

[EN]

tá le “mamach fiáin díolmhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 25 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “fabhcúnacht” fiach le héin den ord Falconiformes atá tréineáilte do sheabhcóireacht spóirt;

[EN]

ciallaíonn “fauna” gach ainmhí fiáin (idir uiscí agus talúnta) agus folaíonn sé go háirithe éin fhiáine, mamaigh fhiáine, reiptílí, ainmhithe agus amfaibiaigh inveirteabracha neamhuiscí, agus uibheacha agus óga na n-ainmhithe fiáine sin uile, ach maidir le héisc nó le hainmhithe inveirteabracha uiscí (nó lena n-uibheacha nó lena sceathrach nó lena n-ál nó lena n-óga) ní fholaíonn sé ach éisc agus na hainmhithe inveirteabracha uiscí sin is de speiceas arna shonrú i rialacháin faoi alt 23 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “arm tine” aon arm tine marfach nó arm marfach eile de thuairisc ar bith (lena n-áirítear aerghunna) as ar féidir aon ghrán, piléar, sluga nó diúracán eile a chaitheamh;

[EN]

ciallaíonn “flora” gach planda (idir uiscí agus talúnta) san fhianas (laistigh nó lasmuigh den Stát) nach crainn, toir ná plandaí eile a bhíonn á bhfás i gcúrsa talmhaíochta nó gortóireachta, agus folaíonn sé go háirithe léicin, caonaigh, aelusanna, fungais, algaí agus plandaí soithíocha, is é sin le rá, plandaí bláthiompair, raithneacha agus plandaí raithneachúla agus aon chumann plandaí den sórt sin;

[EN]

tá le “urthrá” an bhrí atá le “imeall trágha” in alt 1 den Acht Imeall Trágha, 1933;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

ciallaíonn “ordú giorriacha” ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 25 den Acht seo a sonraítear aon speiceas giorriacha ann;

[EN]

ciallaíonn “fiach” stalcaireacht, tóraíocht, seilg, tiomáint, dúiseacht, gabháil, cúrsáil, mealladh, leanúint, cuardach, oirchilliú, tógáil, gaistiú nó lámhach ar dhóigh ar bith, i dteannta nó d'éagmais gadhar, agus, ach amháin in ailt 28 agus 29, folaíonn sé marú le linn fiaigh, ach ní fholaíonn sé san Acht seo stalcaireacht, mealladh, cuardach nó oirchilliú ar fauna ar bith ag duine neamharmtha d'aontoisc chun faireacháin nó chun pictiúir fótagrafacha nó eile a thógáil nó a dhéanamh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “uiscí intíre” aon uiscí a chuimsítear in uiscí inmheánacha nó intire an Stáit;

[EN]

folaíonn “leas” aon eastát, téarma, éasúint nó profit à prendre:

[EN]

folaíonn “talamh”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, talamh faoi uisce, agus maidir le fáil talún folaíonn sé freisin aon éasúint, profit à prendre nó ceart eile i dtalamh nó in uisce nó chun an chéanna nó ar an gcéanna (lena n-áirítear aon éasúint, profit à prendre nó ceart eile a deonaíodh don Aire nó atá ar teachtadh aige);

[EN]

ciallaíonn “na Coimisinéirí Tuata” Coimisinéirí Choimisiún Talún na hÉireann seachas an Coimisinéir Breithiúnais;

[EN]

ciallaíonn “déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra” duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas déileálaí i bhfiadhúlra;

[EN]

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;

[EN]

ciallaíonn “úinéir” maidir le talamh—

[EN]

(a) i gcás an talamh a bheith dílsithe faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh do Choimisiún Talún na hÉireann, ach gan a bheith dílsithe do thionónta-cheannaitheoir ná do cheannaitheoir na talún, an duine arb é de thuras na huaire tionónta-cheannaitheoir, nó ceannaitheoir, cibé acu é, na talún sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, úinéir an eastáit is ísle sa talamh arb eastát é is indíolta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh,

[EN]

ciallaíonn “údarás pleanála” údarás pleanála chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

[EN]

tá le “ainmhí fiáin cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (4) den Acht seo;

[EN]

tá le “éan fiáin cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 22 (3) den Acht seo;

[EN]

tá le “ordú aitheantais” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “babhta cúrsála rialaithe” babhta cúrsála arna chur ar bun de réir na rialacha le haghaidh na mbabhtaí sin a bheidh de thuras na huaire foilsithe agus ceadaithe ag Club Cúrsála na hÉireann de bhun Acht Tionscail na gCon, 1958;

[EN]

folaíonn “speiceas” fo-speicis agus hibridí;

[EN]

ní fholaíonn “cearta spóirt” cearta iascaireachta;

[EN]

ciallaíonn “farraigí teorann an Stáit” an pháirt sin den fharraige arb é atá inti, chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, farraigí teorann an Stáit;

[EN]

folaíonn “éan fiáin” gearrcach nár eitil fós de chuid éin fhiáin;

[EN]

ciallaíonn “déileálaí i bhfiadhúlra” aon duine ag a mbíonn gnó déileála i bhfiadhúlra á sheoladh;

[EN]

tá le “ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra” an bhrí a shanntar dó le halt 48 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “lacha fhiáin” lacha fhiáin de speiceas ar bith;

[EN]

folaíonn “mamach fiáin” mamaigh fhiáine, idir uiscí agus talúnta, agus a n-óga;

[EN]

ciallaíonn “fiadhúlra” fauna agus fiora;

[EN]

tá le “hobair innealtóireachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Monarchan, 1955.

[EN]

(2) Aon tagairt san Acht seo do dhíol folaíonn sé tagairt do dhiúscairt i modh babhtála, do thairiscint díola agus do thairiscint cheannaigh a lorg, agus forléireofar dá réir sin focail san Acht seo atá gaolmhar le díol agus, lasmuigh d'alt 47 agus d'alt 55, folaíonn aon tagairt san Acht seo do cheannach tagairt do fháil i modh babhtála, do thairiscint cheannaigh agus do thairiscint díola a lorg.

[EN]

(3) Chun críocha an Achta seo ciallaíonn gnó déileála i bhfiadhúlra gnó ceannaithe aon éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta lena n-athdhíol agus folaíonn sé bheith ag gabháil do sheitheadóireacht i ndáil leis na héin nó na hainmhithe sin.

[EN]

(4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann cosc nó srian ar ghníomh a dhéanamh ag duine ar bith, cibé acu mar fhostaí nó ar dhóigh eile é, seachas fauna a mharú, is gníomh a dhéanann an duine sin agus é ag cabhrú le duine eile chun fauna a fhiach go dleathach.

[EN]

Fógraí, etc., a sheirbheáil.

1963, Uimh. 33.

3.—(1) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, seachas alt 48, 60 nó 61, nó aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, fógra, cóip d'ordú nó cóip de rialacháin, a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó nó a chur chuige, déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, é a sheoladh chuige agus é a sheirbheáil air, a thabhairt dó nó a chur chuige ar dhóigh acu seo a leanas:

[EN]

(a) i gcás é a sheoladh chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó;

[EN]

(b) trína fhágáil ag seoladh a ghnátháite cónaithe nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna seoladh chuige ag seoladh a ghnátháite cónaithe nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(d) i gcás nach féidir seoladh a ghnátháite cónaithe a chinntiú trí fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt i leith aon talún nó áitribh, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a chónaíonn nó atá fostaithe ar an talamh nó san áitreabh sin nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh sin nó ina aice.

[EN]

(2) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, seachas alt 48, 60 nó 61, nó aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, fógra, cóip d'ordú nó cóip de rialacháin, a sheirbheáil ar áititheoir nó a thabhairt dó nó a chur chuige, agus nach féidir ainm an áititheora a chinntiú trí fhiosrú réasúnach, féadfar é a sheoladh go dtí “an t-áititheoir” gan é a ainmniú.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, a bheith ina gnáthchónaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe agus gach comhlacht neamhchorpraithe eile a bheith ina ghnáthchónaí ag a phríomhoifig nó a phríomháit ghnó.

[EN]

Caiteachais.

4.—Íocfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Airgead a gheobhaidh an tAire a chur chun feidhme.

5.—Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé dóigh a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Bronntanais.

6.—Féadfaidh an tAire aon bhronntanas a ghlacadh a thabharfar dó chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo agus, faoi réir a théarmaí, féadfaidh sé é a chur chun feidhme chun na gcríocha sin.

[EN]

Tuarascálacha.

7.—Déanfaidh an tAire, maidir le gach bliain airgeadais, tuarascáil a ullmhú ar a imeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana sin agus cuirfidh sé faoi deara an tuarascáil a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais an t-am céanna a leagfar amhlaidh tuarascáil na bliana sin ar a imeachtaí faoi Acht 1946.

[EN]

Rialacháin agus orduithe.

8.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ábhar a fhorordú a luaitear san Acht seo mar ábhar forordaithe, ar choinníoll, sa mhéid go bhforálfaidh aon rialacháin den sórt sin táillí a mhuirearú, nach ndéanfar iad ach amháin le toiliú ón Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus ailt 14 (5), 15 (5), 15 (6), 16 (4), 17 (3) agus 17 (13) den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú (seachas ordú ceannaigh de réir brí alt 55 den Acht seo) arna dhéanamh aige faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(3) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo ar an Aire, roimh ordú nó rialachán a dhéanamh faoin Acht seo, dul i gcomhairle le haon Aire Stáit eile, leis na Coimisinéirí, le húdarás pleanála nó le haon chomhlacht eile, ní dhéanfaidh an tAire cúlghairm ná leasú ar an ordú nó an rialachán gan dul i gcomhairle amhlaidh.

[EN]

(4) Gach rialachán agus gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 1 (2) nó ordú ceannaigh de réir brí alt 55 den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó a t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

[EN]

Ceadúnais.

9.—Féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheadúnas a dheonóidh sé chun aon chríocha de chuid an Achta seo nó rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo, agus féadfaidh sé na coinníollacha sin a athrú agus aon cheadúnas den sórt sin a chúlghairm seachas ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoi alt 29 den Acht seo. Faoi réir alt 32 (5) den Acht seo, oibreoidh ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, má bhíonn sin sainráite ann, chun a údarú d'aon duine d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sa cheadúnas,

[EN]

(a) aon ní a dhéanamh a gceadóidh an ceadúnas é a dhéanamh, nó

[EN]

(b) aon ní a dhéanamh a gceadófar amhlaidh é a dhéanamh agus is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh.

[EN]

Aisghairm.

10.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II

Fiadhúlra a Chaomhnú agus a Chosaint

Caibidil I

Ginearálta

[EN]

Feidhmeanna an Aire maidir le fiadhúlra.

11.—(1) Is feidhm de chuid an Aire é a áirithint go gcaomhnófar fiadhúlra.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire go háirithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

[EN]

(a) cúnamh nó comhairle a thabhairt d'aon duine ar aon ábhar a bhaineann le fiadhúlra,

[EN]

(b) má mheasann an tAire gurb inmhianaithe, ar mhaithe le fiadhúlra, aon talamh nach bhfuil leas aige ann a bheith á bhainistí, nó a bainistíocht a bheith á maoirsiú, aige féin nó thar a cheann, féadfaidh sé an talamh a bhainistí nó a chur faoi deara é a bhainistí, nó a bainistíocht a mhaoirsiú, nó a chur faoi deara í a mhaoirsiú, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha ar a gcomhaontófar idir é féin agus duine a bhfuil leas aige sa talamh,

[EN]

(c) comhaontú a dhéanamh, agus a chur i gcrích, le duine eile chun páirtiú i scéim, i ngnóthas nó i dtionscadal le haghaidh caomhnú fiadhúlra agus, chun críocha na scéime, an ghnóthais nó an tionscadail sin, aon cheann nó cinn de na feidhmeanna a shannfar chuige faoin Acht seo a chomhlíonadh,

[EN]

(d) deontais nó iasachtaí a thabhairt ar mhaithe le tionscadail nó gníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh fiadhúlra i gcoitinne a chaomhnú, gné áirithe den chaomhnú sin nó áiseanna agus gustail fiaigh a fhorbairt agus iad a úsáid go cuí,

[EN]

(e) scéimeanna nó tionscadail a thionscnamh, go díreach nó go hindíreach, cibé acu go haonrach nó i dteannta daoine eile é, chun fiadhúlra a chacmhnú agus a úsáid níos fearr nó chun aon damáiste, nó bunadh damáiste, do fhiadhúlra a chosc, a laghdú nó a dhíchur.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, go díreach nó i gcomhar le duine eile nó trí bhíthin duine eile—

[EN]

(a) taighde a dhéanamh, nó a chur á dhéanamh, is inmhianaithe, dar leis, chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh,

[EN]

(b) eolas agus tuiscint a chothú ar ábhair atá gaolmhar leis na feidhmeanna a shannfar dó faoin Acht seo.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, dochar ná difear maidir le comhlíonadh aon fheidhme ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a d'fhéadfadh sé a chomhlíonadh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

Oibleagáidí ginearálta Airí Stáit agus údarás agus comhlachtaí áirithe eile maidir le hanaclanna agus tearmainn dúlra.

1963, Uimh. 28.

1976, Uimh. 20.

12.—(1) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le húdarás áitiúil,

[EN]

(b) leis na Coimisinéirí,

[EN]

(c) le haon chomhlacht eile—

[EN]

(i) is comhlacht a bunaíodh le reacht nó faoi reacht agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí bhíthin iasachtaí nó deontas arna dtabhairt ag Aire Stáit,

[EN]

(ii) is cuideachta (dá ngairtear cuideachta Stát-tionscanta san fho-alt seo) de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, ina bhfuil tromlach na scaireanna ar teachtadh ag Aire Stáit nó thar a cheann,

[EN]

(iii) is cuideachta de réir brí an Achta sin ina bhfuil formhór na ngnáthscaireanna ar teachtadh ag cuideachta Stát-tionscanta, nó comhlacht arna bhunú agus arna mhaoiniú mar a shonraítear i bhfo-mhír (i) den mhír seo, agus

[EN]

a bhfuil i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire treoir arna tabhairt chun críocha an ailt seo ag an Aire.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh Aire Stáit seachas an tAire agus gach údarás nó comhlacht lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) sula gcinnfear aon ábhar nó a dhéanfar aon ní atá, dar leis nó leo, nó a mbeidh sé curtha in iúl ag an Aire, don Aire Stáit eile nó don údarás nó don chomhlacht, gurb ábhar nó ní é is dócha nó is baolach a rachadh in éifeacht nó a chuirfeadh isteach ar oiriúnacht aon talún le haghaidh anaclainne nó tearmainn dúlra, cibé acu é, ar talamh é a mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais nó ordú sainiúcháin leis, nó ar bhainistíocht talún de bhun agus de réir comhaontú faoi alt 18 den Acht seo, comhairle a ghlacadh leis an Aire maidir leis an éifeacht nó an cur isteach sin a sheachaint nó a mhaolú, agus

[EN]

(b) gach beart is oircheas a chur chun feidhme d'fhonn an éifeacht nó an cur isteach sin a sheachaint nó a mhaolú.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcás—

[EN]

(a) aon chinneadh nó aon ní a dhéanfar in éigeandáil,

[EN]

(b) feidhmeanna an Aire Rialtais Áitiúil nó údaráis phleanála faoi Chodanna III agus IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, nó faoi Chuid V den Acht sin (seachas ailt 47, 48 agus 49), nó faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, nó

[EN]

(c) feidhmeanna an Bhoird, nó

[EN]

(d) feidhmeanna na gCoimisinéirí faoi na hAchta Siltin Airtéirigh, 1945 agus 1955.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire treoir chun críocha an ailt seo a thabhairt maidir le comhlacht a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo agus tiocfaidh aon treoir den sórt sin i bhfeidhm nuair a thabharfar í agus fanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go gcealóidh an tAire í.

[EN]

An Chomhairle um Fhiadhúlra.

13.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhlacht a bhunú dá ngairfear sa Ghaeilge an Chomhairle um Fhiadhúlra agus sa Bhéarla The Wildlife Advisory Council (comhlacht dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar di leis an Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chomhairle, dá deoin féin nó ar iarratas ón Aire, moltaí a dhéanamh don Aire i dtaobh bheartas ginearálta an Aire (lena n-áirítear beartas riaracháin) i ndáil le caomhnú fiadhúlra nó i dtaobh aidhmeanna a bheidh le socrú nó cláir a bheidh le cur i ngníomh ag an Aire i ndáil leis an gcaomhnú sin, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní á chumasú don Chomhairle aon mholadh a dhéanamh don Aire i dtaobh ábhar áirithe riaracháin.

[EN]

(3) Déanfaidh an tAire cibé bearta is iomchuí leis chun an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le caomhnú fiadhúlra is dóigh leis a chuideodh leis an gComhairle chun na feidhmeanna a shanntar di le fo-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar an gComhairle a tuairim a thabhairt dó maidir le haon fheidhm a shanntar dó leis an Acht seo nó maidir le haon ábhar a mheasfaidh sé a bheith bainteach le haon fheidhm den sórt sin agus beidh de dhualgas ar an gComhairle déanamh de réir aon iarratais den sórt sin.

[EN]

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí sa mhéid go mbaineann sé le liúntais do chomhaltaí den Chomhairle, foráil a dhéanamh le haghaidh cibé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí leis:

[EN]

(a) comhdhéanamh na Comhairle,

[EN]

(b) an tréimhse a bheidh, agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina mbeidh, comhaltaí na Comhairle i seilbh oifige,

[EN]

(c) an tslí ina bhféadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as oifig agus an modh agus na himthosca ina bhféadfaí comhalta di a chur as oifig,

[EN]

(d) gnó agus nós imeachta na Comhairle.

[EN]

(e) liúntais shonraithe a íoc le comhaltaí den Chomhairle,

[EN]

(f) aon ábhar atá coimhdeach nó foghabhálach le haon ní acu sin roimhe seo.

[EN]

(6) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ina mbeidh forálacha maidir le comhdhéanamh na Comhairle, rachaidh sé i gcomhairle le haon Aire Stáit eile nó le comhlacht arna bhunú le reacht, nó á rialú faoi reacht, a measfaidh an tAire gur dá gcúram é.

[EN]

(7) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na Comhairle agus áireofar orthu cibé méid daoine a measfaidh sé, de dhroim a n-eolas nó a gcleachtadh, nó a gcúram sa talamhaíocht, san iascach, i spóirt mhachaire, i gcaomhnú fiadhúlra nó in eolaíocht éigin eile, gur daoine iad a áiritheoidh go gcabhróidh an Chomhairle go táigiúil le caomhnú an fhiadhúlra a chur chun cinn.

[EN]

Boird a bhunú chun seirbhísí áirithe a sholáthar nó a riaradh.

1895, c. 16.

14.—(1) Má mheasann an tAire go n-éascófaí dá bhíthin soláthar nó riaradh aon seirbhíse a gcumasaítear dó faoin Acht seo í a sholáthar nó a riaradh, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire Stáit eile (más ann) a measfaidh an tAire gur cuí dul i gcomhairle leis sna himthosca, bord (ar a dtabharfar an t-ainm a shonrófar san ordú) a bhunú, le hordú, chun an tseirbhís sin a sholáthar nó a riaradh, nó chun í a sholáthar agus a riaradh thar a cheann, de réir cibé treoracha (a gcloífidh an Bord leo) a thabharfaidh sé ó am go ham i ndáil le beartas ginearálta an Aire i dtaobh fiadhúlra.

[EN]

(2) Beidh feidhm maidir le bord a bhunóidh an tAire faoin alt seo ag cibé forálacha, dá bhfuil sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonróidh an tAire le hordú, agus chun feidhm a thabhairt d'aon fhoráil den sórt sin maidir le bord áirithe a sonrófar an fhoráil sin ina leith amhlaidh, déanfar aon tagairt sa Sceideal sin don Bhord a fhorléiriú mar thagairt don bhord áirithe sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, más iomchuí leis é, a fhoráil go bhféadfaidh an tAire a threorú do bhord sonraithe, arna bhunú faoin alt seo, gníomhú thar a cheann i gcomhlíonadh cibé feidhmeanna dá chuid faoin Acht seo (seachas ionchúiseamh i gcion) a bheidh sonraithe san ordú, agus comhlíonfaidh an Bord a bheidh sonraithe amhlaidh aon treoir den sórt sin agus beidh aige gach cumhacht is gá chun aon treoir a thabharfaidh an tAire dó de bhun an ordaithe a chur in éifeacht.

[EN]

(4) (a) Maidir le gach bliain chuntasaíochta déanfaidh bord arna bhunú ag an Aire faoin alt seo, laistigh den tréimhse shonraithe a thosóidh díreach tar éis bliain chuntasaíochta an Bhoird, tuarascáil a thabhairt don Aire ar a ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Teach den Oireachtas.

[EN]

(b) Déanfaidh an tAire, maidir le bord arna bhunú aige faoin alt seo, tréimhse a shonrú chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, agus gairtear an tréimhse shonraithe sa mhír sin den tréimhse a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh an tAire cúlghairm ar ordú faoin alt seo ag bunú boird gan toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí araon.

[EN]

(6) I gcás ina gcúlghairfidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, dílsithe don bhord lena mbaineann an t-ordú cúlghairthe (dá ngairtear an bord anseo feasta san fho-alt seo) nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí uile a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad, ar thosach feidhme an ordaithe gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, chorparáide nó chuideachta, chun bheith, agus beidh siad, dílsithe don Aire nó ina maoin de chuid an Aire nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (mar is gá sa chás) don Aire le haghaidh an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don bhord nó dá chuid féin aige, nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, ach faoi réir na n-iontaobhas, na gcoinníollacha agus na gcothromas uile a bhaineann leis an gcéanna agus a bhí ar marthain agus inchomhlíonta an uair sin,

[EN]

(b) an mhaoin sin a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, breactha i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an bhoird iomchuí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an Aire dá iarraidh sin tráth ar bith tráth an tosach feidhme sin nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Aire,

[EN]

(c) féadfaidh an tAire, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agra a dhéanamh i leith aon ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo, nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin,

[EN]

(d) gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as tortanna nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite ón mbord agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan urscaoileadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh nó urscaoilfidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire agus a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin, agus

[EN]

(e) más rud é, díreach roimh an tosach feidhme sin, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an bord, cuirfear ainm an Aire in ionad an bhoird, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

[EN]

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin nó cearta a aistrítear le fo-alt (6) den alt seo a dhílsiú don Aire.

Caibidil II

Anaclanna agus Tearmainn

[EN]

Anaclanna dúlra ar thailte de chuid an Aire nó an Stáit.

15.—(1) Baineann an t-alt seo leis an talamh seo a leanas:

[EN]

(a) talamh (lena n-áirítear talamh faoi uiscí intíre) de chuid an Stáit, lena n-áirítear talamh ina bhfuil aon leas ag an Aire (i gcomhpháirt nó go leithleach),

[EN]

(b) aon urthrá de chuid an Stáit,

[EN]

(c) talamh, seachas urthrá a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, is cuid den leaba faoi fharraigí teorann an Stáit.

[EN]

(2) Más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus leis na Coimisinéirí, gur deimhin leis an Aire—

[EN]

(a) maidir le talamh lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(i) go bhfuil ann, nó gurb éard atá ann, gnáthóg nó cuid de ghnáthóg speicis nó cumainn amháin, nó níos mó, de flora nó fauna is speiceas nó cumann ar díol spéise é ó thaobh eolaíochta, nó

[EN]

(ii) go bhfuil ann, nó gurb éard atá ann, éiceachóras is díol spéise ó thaobh eolaíochta,

[EN]

agus gur dóigh é a dhul chun tairbhe don ghnáthóg nó don éiceachóras bearta a dhéanamh lena chosaint,

[EN]

(b) gurb inmhianaithe an talamh a bhunú mar anaclann dúlra, agus

[EN]

(c) nach mbeadh bainistíocht chuí na talún mar anaclann dúlra coiscthe ag aon leas de chuid aon duine eile (lena n-áirítear duine is úinéir i dteannta an Aire) sa talamh nó air,

[EN]

féadfaidh sé, le hordú (dá ngairtear ordú bunaithe san Acht seo), a dhearbhú go mbeidh an talamh ina anaclann dúlra agus go ndéantar leis an ordú anaclann dúlra a bhunú: ar choinníoll,

[EN]

(i) i gcás leas a bheith ag na Coimisinéirí sa talamh, nach ndéanfaidh an tAire an t-ordú gan comhthoiliú na gCoimisinéirí, agus

[EN]

(ii) i gcás leas an Aire sa talamh a bheith ar teachtadh aige i gcomhpháirt le duine eile, gur deimhin leis an Aire i dteannta é a bheith deimhneach de na nithe réamhráite, sula ndéanfaidh sé ordú bunaithe maidir leis an talamh, nach gcuirfidh sé toirmeasc ar bhainistíocht chuí na talún ag an Aire mar anaclann dúlra leas a bheith ag an duine eile sa talamh.

[EN]

(3) Sonróidh ordú bunaithe cén fáth a bhfuil an anaclann dúlra á bunú ag an Aire agus cad is aidhmeanna di.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire bainistíocht ar an talamh lena mbaineann ordú bunaithe ar dhóigh go n-áiritheofar, mar is fearr is féidir, na haidhmeanna a bheidh luaite san ordú ag féachaint don timpeallacht nádúrtha agus i gcomhréir lena cosaint go ginearálta.

[EN]

(5) Ní leasóidh an tAire ordú bunaithe mura dóigh leis gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na haidhmeanna, ar ina leith a bunaíodh an anaclann dúlra áirithe, mar gheall ar athruithe ar ghnéithe nó ar airíona na hanaclainne nó ar aon imthoisc eile a bhaineann leis an anaclann.

[EN]

(6) Ní chúlghairfidh an tAire ordú bunaithe mura measfaidh sé nach indéanta nó nach inmhianaithe a thuilleadh an anaclann dúlra a bunaíodh leis an ordú a chothabháil.

[EN]

(7) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'ordú faoin alt seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí, chuig an mBord agus chuig aon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh, nó aon chuid den talamh, a chuimsítear san anaclann dúlra.

[EN]

Anaclanna dúlra ar thalamh seachas talamh lena mbaineann alt 15.

16.—(1) Má dheimhníonn duine is áititheoir talún don Aire—

[EN]

(a) go bhfuil sa talamh gnáthóg, cuid de ghnáthóg, nó éiceachóras a thuairiscítear i mír (a) d'alt 15 (2) den Acht seo,

[EN]

(b) go bhfuil leas aige sa talamh, nó air, a chumasódh dó anaclann dúlra a bhunú agus a bhainistí ar an talamh, agus

[EN]

(c) gur féidir leis, de réir aon choinníollacha is cuí leis an Aire a fhorchur, an talamh a úsáid nó a bhainistí chun anaclann dúlra a bhunú agus a chothabháil, nó a chothabháil, cibé acu is iomchuí, ar an talamh,

[EN]

ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairtear ordú aitheantais san Acht seo), an talamh a aithint mar anaclann dúlra agus mairfidh an t-aitheantas fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.

[EN]

(2) Sula ndéanfaidh an tAire ordú aitheantais, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Iompair agus Cumhachta, leis na Coimisinéirí agus le haon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh lena mbaineann an t-ordú beartaithe, nó aon chuid den talamh sin.

[EN]

(3) Inseofar in ordú aitheantais an chúis atá ag an Aire leis an talamh lena mbaineann an t-ordú a aithint mar anaclann dúlra agus luafar ann na haidhmeanna chun a bhfuil an talamh le húsáid nó le bainistí mar anaclann dúlra.

[EN]

(4) Ní chúlghairfidh an tAire ordú aitheantais mura measfaidh sé—

[EN]

(a) nár gnóthaíodh na haidhmeanna a luadh san ordú nó nach bhfuil siad á gcothabháil mar is cuí, nó

[EN]

(b) ar aon chúis eile, nach cuí dó a thuilleadh leanúint den talamh lena mbaineann an t-ordú a aithint mar anaclann dúlra, de bhun an ordaithe.

[EN]

(5) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, cuirfidh an tAire faoi deara go seolfar cóip d'ordú faoin alt seo chuig na Coimisinéirí, chuig an mBord agus chuig aon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh, nó aon chuid den talamh, lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

Tearmainn fauna.

17.—(1) Má mheasann an tAire gur cheart speiceas áirithe, nó speicis áirithe, fauna a chosaint go speisialta ar aon talamh is gnáthóg, nó atá tadhlach le gnáthóg, ag an speiceas, ansin, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh sé fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh á rá go bhfuil ar intinn aige ordú (dá ngairtear ordú sainiúcháin san Acht seo) a dhéanamh ag sainiú na talún mar thearmann don fauna sin.

[EN]

(2) Sula bhfoilseoidh an tAire fógra de bhun an ailt seo—

[EN]

(a) rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Iompair agus Cumhachta, leis na Coimisinéirí agus le haon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh, nó aon chuid den talamh, lena mbaineann an fógra, agus

[EN]

(b) seirbheálfaidh sé ar úinéir nó ar áititheoir na talún sin fógra faoi na sonraí a bheidh le cur san fhógra atá beartaithe aige a fhoilsiú amhlaidh.

[EN]

(3) Má bheartaíonn an tAire ordú sainiúcháin a leasú, foilseoidh sé san Iris Oifigiúil, agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-ordú sainiúcháin, fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige.

[EN]

(4) Luafar i bhfógra a fhoilseofar de bhun an ailt seo aon speiceas fauna a bhfuil an tAire chun é a chosaint le forálacha an ordaithe bheartaithe lena mbaineann an fógra, an talamh lena mbainfidh an t-ordú sainiúcháin nó an t-ordú leasaithe atá beartaithe, cibé acu é, agus na bearta cosanta a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur san ordú beartaithe, lena n-áirítear aon bhearta atá ar intinn aige a dhéanamh d'fhonn a bhfuil riachtanach do ghnáthóig an fauna sin a chosaint.

[EN]

(5) Ní chuirfidh an tAire i bhfógra a fhoilseofar de bhun an ailt seo aon tagairt do speiceas éisc nó ainmhí inveirteabraigh uiscí gan comhthoiliú roimh ré ón Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

[EN]

(6) Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis fógra de bhun fho-alt (1) den alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, féadfaidh áititheoir aon talún lena mbaineann an fógra, nó aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil leas, nó teideal chun leasa, aige sa talamh nó i gcuid den talamh nó ar an gcéanna, má tá agóid aige in aghaidh an t-ordú beartaithe a dhéanamh ar an bhforas go gcuirfidh sé isteach ar an leas sin, féadfaidh sé fógra a thabhairt, sa dóigh a shonrófar san fhógra céadluaite, don Aire ina n-inseofar sonraí an éilimh, agus má dhéanann sé amhlaidh, tabharfaidh sé don Aire, i dteannta an fhógra sin, sonraí ar fhorais na hagóide.

[EN]

(7) Duine ar bith, seachas duine dá luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo nó údarás pleanála, a bheidh á éileamh gur dhochar dó ordú beartaithe lena mbaineann fógra arna fhoilsiú de bhun an ailt seo, dá ndéanfaí sin, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, fógra i scríbhinn le sonraí a éilimh ann a thabhairt don Aire agus, má dhéanann sé amhlaidh, tabharfaidh sé don Aire, i dteannta an fhógra, sonraí ar fhorais na hagóide.

[EN]

(8) Má bhíonn an t-údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh, nó aon chuid den talamh, a mbainfidh ordú beartaithe faoin alt seo leis, má dhéantar an t-ordú sin, ag cur i gcoinne an ordaithe bheartaithe, féadfaidh siad, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil de bhun fho-alt (1) den alt seo, fógra i scríbhinn dá réir sin a thabhairt don Aire, agus má dhéanann siad amhlaidh tabharfaidh siad don Aire, i dteannta an fhógra, sonraí ar fhorais na hagóide.

[EN]

(9) Tar éis don Aire aon agóid a bhreithniú a rinneadh go cuí i ndáil le hordú sainiúcháin beartaithe nó le leasú beartaithe ar ordú sainiúcháin, féadfaidh sé, más cuí leis, maidir leis an talamh nó le haon chuid den talamh a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar de bhun an ailt seo, cibé ní acu seo a leanas a dhéanamh is iomchuí ag féachaint do théarmaí an fhógra:

[EN]

(a) ordú sainiúcháin ag sainiú na talún sin, nó aon chuid de, mar thearmann, agus ag bunú tearmainn ann, do gach ceann nó d'aon cheann den fauna a bheidh luaite san fhógra, nó

[EN]

(b) ordú iomchuí faoi alt 8 den Acht seo ag leasú ordú sainiúcháin,

[EN]

agus féadfaidh cibé forálacha is oiriúnach leis an Aire a bheith san ordú maidir le bearta cosanta a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(10) Faoi réir fho-alt (12) den alt seo, beidh duine a bhfuil leas aige i dtalamh, nó ar thalamh, a bheidh sonraithe i bhfógra arna fhoilsiú de bhun an ailt seo, i dteideal cúiteamh a fháil ón Aire i leith aon laghdú ar luach a leasa sa talamh nó ar an talamh de dhroim an ordaithe lena mbaineann an fógra a dhéanamh, agus cinnfear aon éileamh ar chúiteamh a íoc, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi Acht 1919, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, go huile agus go hiomlán amhail is dá mba i ndáil le talamh a fháil go héigeantach a tharla an t-éileamh.

[EN]

(11) Faoi réir fho-alt (12) den alt seo, aon duine seachas duine a luaitear i bhfo-alt (10) den alt seo arbh éigean dó, de dhroim ordú a dhéanamh faoin alt seo, caiteachas a thabhú nó ar bhain caillteanas airgid dó nó aon cheataí nó míbhuntáiste eile, beidh sé i dteideal cibé méid cúitimh (más aon mhéid é) a fháil ón Aire a mheasfaidh an tAire a bheith réasúnach.

[EN]

(12) Ní mheasúnófar aon chúiteamh faoin alt seo, ná ní bheidh sé iníoctha, ach amháin i leith laghdú luacha, caillteanas nó míbhuntáiste de dhroim na mbeart san ordú iomchuí chun a bhfuil riachtanach do ghnáthóg an fauna lena mbaineann an t-ordú a chosaint.

[EN]

(13) Ní chúlghairfidh an tAire ordú aitheantais mura measfaidh sé nach oircheas a thuilleadh, nó nach inmhianaithe a thuilleadh, an tearmann a bunaíodh leis an ordú a chothabháil.

[EN]

(14) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'ordú faoin alt seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí, chuig an mBord agus chuig aon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh nó aon chuid den talamh lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

(15) Aon duine a sháróidh ordú sainiúcháin beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Comhaontú faoi úsáid agus bainistíocht talún.

1964, Uimh. 16.

18.—(1) Féadfaidh an tAire, nó féadfaidh aon duine eile le ceadú roimh ré ón Aire, comhaontú a dhéanamh le duine ag a bhfuil leas i dtalamh, nó ar thalamh, á chur in áirithe go ndéanfar bainistíocht na talún a sheoladh ar dhóigh (a shonrófar sa chomhaontú) nach ndéanfaidh dochar don fhiadhúlra ná dá chaomhnú.

[EN]

(2) Ní dhéanfar comhaontú faoin alt seo gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis na Coimisinéirí agus le haon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh iomchuí nó aon chuid de.

[EN]

(3) Féadfaidh comhaontú faoin alt seo a fhoráil go n-íocfaidh an tAire, nó aon duine eile is páirtí sa chomhaontú, comaoin, trí íocaíocht shingil nó trí shuim bhliantúil a íoc, le duine a bhfuil, nó a bheidh á éileamh go bhfuil, leas aige sa talamh, nó ar an talamh, lena mbaineann an comhaontú.

[EN]

(4) Féadfaidh comhaontú faoin alt seo a fhoráil go mbeidh an comhaontú inchurtha i bhfeidhm i gcoinne daoine a dhíorthaíonn teideal chun na talún faoin duine a bhfuil an leas aige sa talamh nó ar an talamh agus, i gcás an fhoráil sin a bheith curtha sa chomhaontú, faoi réir an choinníll, más iomchuí, go gcláraítear an comhaontú faoi alt 69 den Acht um Chlárú Teidil, 1964, arna leasú le halt 66 den Acht seo, agus go gcomhlíontar aon rialacha, arna ndéanamh faoi alt 126 den Acht sin, is iomchuí, beidh sé inchurtha i bhfeidhm amhlaidh maidir le seanleas an duine amhail is dá mbeadh seilbh ag an Aire, nó ag an duine a rinne an comhaontú le ceadú an Aire, ar thalamh tadhlach agus amhail is dá mbeadh sé sainráite sa chomhaontú gur chun tairbhe na talún sin a rinneadh an comhaontú.

[EN]

(5) Cuirfidh an tAire comhaontú arna dhéanamh faoin alt seo in iúl do na Coimisinéirí, don Bhord agus d'aon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh, nó aon chuid den talamh, lena mbaineann an comhaontú, agus má fhoirceanntar an comhaontú agus a fhios sin ag an Aire, cuirfidh sé in iúl dóibh go bhfuil sé foirceanta.

[EN]

(6) Má fhoirceanntar comhaontú faoin alt seo nach bhfuil an tAire ina pháirtí ann, cuirfidh na páirtithe sa chomhaontú faoi deara go dtabharfar fógra faoin bhfoirceannadh don Aire.

[EN]

(7) San alt seo ciallaíonn “bainistíocht”, i ndáil le talamh, úsáid na talún le haghaidh talmhaíochta nó foraoiseachta, oibreacha a dhéanamh ar an talamh nó ann nó faoi, aon athrú a thabhairt ar nádúr nó airíona, fisiciúil nó topagrafach nó éiceolaíoch, na talún agus úsáid na talún chun críocha oideachais nó caitheamh aimsire.

Caibidil III

Cosaint ar éin fhiáine, ainmhithe cosanta agus flora

[EN]

Éin fhiáine a chosaint.

19.—Cosnófar éin fhiáine agus a neadacha agus a n-uibheacha, seachas éin fhiáine de na speicis a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Fauna (seachas éin fhiáine chosanta) a chosaint.

20.—Cosnófar ainmhithe de speiceas fauna lena mbaineann alt 23 den Acht seo.

[EN]

Flora a chosaint.

21.—(1) Má mheasann an tAire gur cheart speiceas áirithe, nó speicis áirithe, flora a chosaint, féadfaidh sé a dhearbhú le hordú an speiceas nó na speicis sin a chosaint ar fud an Stáit nó i limistéar nó i limistéir áirithe de, agus beidh feidhm ag ordú arna dhéanamh faoin alt seo—

[EN]

(a) má dhearbhaíonn an t-ordú speiceas flora a chosaint ar fud an Stáit, i gcás aon eiseamal den speiceas sin i ngach áit sa Stát,

[EN]

(b) má dhearbhaíonn an t-ordú speiceas flora a chosaint i limistéar nó i limistéir áirithe den Stát, i gcás aon eiseamal den speiceas sin i ngach áit i limistéar a shonrófar san ordú;

[EN]

ar choinníoll, má bheartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo á dhearbhú speiceas flora a chosaint i limistéar áirithe nó i limistéir áirithe den Stát, go rachaidh sé i gcomhairle, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, le haon údarás pleanála a mbainfeadh an t-ordú beartaithe, dá ndéanfaí é, lena limistéar nó le haon chuid dá limistéar.

[EN]

(2) A luaithe is féidir tar éis ordú faoin alt seo a dhéanamh cuirfidh an tAire faoi deara go gcuirfear cóip de chuig an mBord agus chuig aon údarás pleanála ar lena limistéar, nó le haon chuid dá limistéar, a bhaineann an t-ordú.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoin alt seo—

[EN]

(a) aon eiseamal lena mbaineann an t-alt seo ná bláthanna, fréamhacha, ná aon chuid eile den eiseamal sin, a ghearradh, a phiocadh, a stoitheadh ná a thógáil ar dhóigh eile,

[EN]

(b) aon eiseamal den sórt sin ná a bhláthanna, a fhréamhacha ná aon chuid eile de, a cheannach, a dhíol ná a shealbhú,

[EN]

(c) gnáthóg nó timpeallacht aon speicis flora lena mbaineann ordú faoin alt seo de thuras na huaire a athrú, a dhamáistiú ná a mhilleadh go toiliúil ná cur isteach go toiliúil ar an gcéanna.

[EN]

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine, le haghaidh cibé críocha eolaíochta, oideachais nó eile a shonrófar sa cheadúnas, chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

[EN]

(a) flora de speiceas a shonrófar sa cheadúnas agus is speiceas lena mbaineann ordú faoin alt seo de thuras na huaire, ná bláthanna, fréamhacha ná cuid eile d'eiseamal den speiceas a shonrófar amhlaidh, a ghearradh, a phiocadh, a stoitheadh ná a thógáil ar dhóigh eile,

[EN]

(b) gnáthóg ná timpeallacht aon eiseamail den sórt sin a athrú ná cur isteach uirthi ar dhóigh eile.

[EN]

(6) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, má chruthaíonn an t-ionchúisitheoir go ndearna an duine a bheidh á chúiseamh sa chion—

[EN]

(a) planda a dhíol, nó bláthanna, fréamhacha nó cuid eile a dhíol de phlanda, is den speiceas céanna leis an bplanda, leis na bláthanna, leis na fréamhacha nó leis an gcuid eile de phlanda, cibé acu é, lena mbaineann an cion a líomhnaítear, agus

[EN]

(b) éileamh, go sainráite nó go hintuigthe agus cibé acu trí fhógraíocht nó eile é, gur ó áit áirithe a tháinig an planda, na bláthanna, na fréamhacha nó an chuid eile a díoladh agus gur in áit áirithe a d'fhás an céanna go hiomlán nó go páirteach, agus gur i limistéar lenar bhain ordú faoin alt seo tráth an chiona líomhnaithe a dhéanamh atá an áit sin,

[EN]

glacfar leis, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, gur shárú ar fho-alt (3) den alt seo an díol a dhéanamh.

[EN]

(7) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh gur onnmhairíodh go dleathach an planda, na bláthanna, na fréamhacha nó cibé rud eile lena mbaineann an cion a líomhnaítear.

[EN]

(8) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 46 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, arna leasú le alt 40 (b) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, mar gheall ar an ngníomh céanna.

[EN]

(9) San alt seo—

[EN]

folaíonn “planda” crann nó tor;

[EN]

ciallaíonn “eiseamal lena mbaineann an t-alt seo” aon eiseamal de speiceas flora is speiceas lena mbaineann ordú faoin alt seo de thuras na huaire.

[EN]

Cosaint éan fiáin a chur i bhfeidhm.

22.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo le gach éan fiáin seachas éan fiáin de speiceas a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin—

[EN]

(a) gurb éan fiáin lena mbaineann an t-alt seo éan fiáin de speiceas a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

[EN]

(b) nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le héan fiáin is de speiceas a shonrófar sna rialacháin,

[EN]

(c) nach mbeidh éifeacht, i cibé áiteanna nó limistéir a shonrófar sna rialacháin agus in aghaidh cibé tréimhse nó tréimhsí a shonrófar amhlaidh, ag fo-alt (4) den alt seo, agus, de réir mar a shonrófar amhlaidh, go mbeidh sé gan éifeacht go ginearálta nó i gcás cibé speiceas éin fhiáin a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(d) nach mbeidh éifeacht ag an alt seo maidir le daoine do thógáil nó d'aistriú aicme shonraithe d'uibheacha agus de neadacha éan fiáin de speiceas a shonrófar amhlaidh,

[EN]

agus i gcás aon rialacháin faoin fho-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht aige faoina réim agus dá réir; ach aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin bhfo-alt seo agus a bhainfidh le haon ábhar dá luaitear i mír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo, ní dhéanfar iad amhlaidh gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

[EN]

(3) Gairtear éan fiáin cosanta san Acht seo d'éan fiáin lena mbaineann an t-alt seo de thuras na huaire.

[EN]

(4) Faoi réir na n-eisceachtaí a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, aon duine—

[EN]

(a) (i) a dhéanfaidh fiach ar éan fiáin cosanta, seachas éan fiáin cosanta is de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo, ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, nó

[EN]

(ii) a dhéanfaidh fiach ar éan fiáin cosanta is de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo, ar dhóigh seachas—

[EN]

(A) faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais den sórt sin arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, lasmuigh d'alt 29,

[EN]

(B) faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú faoi alt 29 den Acht seo agus (freisin) lá, nó tréimhse laethanta, a bheidh sonraithe in ordú iomchuí faoin alt sin 24,

[EN]

(b) a dhéanfaidh díobháil d'éan fiáin cosanta ar dhóigh seachas le linn a fhiachta,

[EN]

(i) más éan fiáin cosanta é de speiceas seachas speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo, faoi réim agus de réir ceadúnais nó ceada arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo,

[EN]

(ii) más éan fiáin cosanta é de speiceas a shonrófar amhlaidh, ar an dóigh a luaitear i gclásal (A) de mhír (a) (ii) den fho-alt seo nó ar an dóigh agus lá, nó tréimhse laethanta, a luaitear i gclásal (B) den mhír sin (a) (ii),

[EN]

(c) a thógfaidh nó a aistreoidh go toiliúil uibheacha nó nead éin fhiáin chosanta ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir ceadúnais den sórt sin,

[EN]

(d) a mhillfidh, a dhíobhálfaidh nó a loitfidh go toiliúil uibheacha nó nead éin fhiáin chosanta,

[EN]

(e) a chorróidh go toiliúil éan fiáin cosanta ar nead, nó in aice le nead, ina bhfuil uibheacha nó gearrcaigh gan eitilt,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(5) Ní cion do dhuine—

[EN]

(a) le linn bheith ag gabháil d'éaneolaíocht, éan fiáin cosanta a chorraí go toiliúil, nó

[EN]

(b) le linn bheith gafa amhlaidh nó ag gabháil do thalmhaíocht, d'iascaireacht nó d'fhoraoiseacht, éan fiáin cosanta a dhíobháladh nó a mharú go neamhdheonach, nó

[EN]

(c) uibheacha nó nead éin fhiáin chosanta a aistriú nó a mhilleadh i ngnáthchúrsa talmhaíochta nó foraoiseachta, nó

[EN]

(d) éan fiáin cosanta díobhálaithe nó míchumasaithe a ghabháil chun é a mharú go daonnachtúil nó le hintinn é a aireachasú agus ina dhiaidh sin é ligean saor, nó

[EN]

(e) éan fiáin cosanta a díobháladh mar a thuairiscítear i mír (b) nó a gabhadh mar a thuairiscítear i mír (d), nó a díobháladh sna himthosca a thuairiscítear i mír (h) den fho-alt seo, a mharú go daonnachtúil, nó

[EN]

(f) uibheacha éin fhiáin chosanta a thógáil lena ngoradh chun áil nó, chuige sin, na huibheacha sin a aistriú ó nead éin den sórt sin go nead éin eile den speiceas céanna, nó

[EN]

(g) aon nead den sórt sin a bheidh déanta i bhfoirgneamh áitithe nó air a mhilleadh nó a aistriú, nó

[EN]

(h) le linn bóthar a dhéanamh nó le linn bheith ag gabháil d'aon oibríocht seandálaíochta nó tógála nó d'obait fhoirgniúcháin innealtóireachta, nó le linn cibé oibríocht nó obair eile a bheidh forordaithe a fhoirgniú nó a dhéanamh, éan fiáin cosanta a mharú nó a dhíobháladh, nó uibheacha nó nead éin fhiáin chosanta a aistriú, a mhilleadh, a dhíobháladh nó a lot,

[EN]

agus ní fhágfaidh aon ní san alt seo gur neamhdhleathach aon ní a dhéanfar de bhun reachta (seachas an tAcht seo) nó ionstraime reachtúla, a cheadaítear a dhéanamh faoi reacht nó ionstraim den sórt sin, nó a dhéanfar de bhun agus de réir ceadúnais nó ceada eile arna dheonú nó arna eisiúint de bhun reachta nó ionstraime den sórt sin nó aon ní a thig de thoisc nó de thoradh nó de dhroim nó de dheasca aon ghnímh nó ní eile a bheidh déanta go dleathach.

[EN]

(6) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo maidir le héan fiáin cosanta is de speiceas seachas speiceas a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú go raibh géarghá le haon ghabháil nó marú a gearánadh d'fhonn damáiste a thuairiscítear in alt 42 (1) den Acht seo a stopadh agus in imthosca áirithe an cháis nach raibh sé caothúil aige cead faoi alt 42 den Acht seo a iarraidh ar an Aire roimh ré agus gur chreid an cosantóir le réasún go raibh damáiste a luaitear san alt sin 42 (1) á dhéanamh ag an éan fiáin cosanta lena mbaineann an cion líomhnaithe nó ag éin fhiáine chosanta den speiceas céanna leis an éan fiáin cosanta sin.

[EN]

(7) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo ina líomhnaítear gur chorraigh an cosantóir go toiliúil éan fiáin cosanta a thuairiscítear i bhfo-alt (4) (e) den alt seo, ní gá don ionchúiseamh a chruthú nach raibh an cosantóir ag gabháil d'éaneolaíocht tráth an chiona líomhnaithe.

[EN]

(8) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a thionscnamh in aon Dúiche Chúirte Dúiche, agus i gcás na himeachtaí sin a thionscnamh agus, ar leithligh ón alt seo, nach mbeadh ag an mBreitheamh a dtabharfaí na himeachtaí os a chomhair dlínse chun na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin chun an dlínse sin a thabhairt dó féadfar an cion a áireamh mar chion a rinneadh sa Dúiche Chúirte Dúiche a mbeidh an Breitheamh sin sannta dó.

[EN]

(9) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine—

[EN]

(a) chun éan fiáin cosanta de speiceas a shonrófar sa cheadúnas a ghabháil nó a mharú go daonnachtúil, nó chun é a ghabháil agus a mharú go daonnachtúil, tráth ar bith, chun cibé críocha oideachais, eolaíochta nó eile a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(b) chun fiach a dhéanamh, de réir an cheadúnais, cibé lá nó tréimhse laethanta a shonrófar sa cheadúnas, ar éin fhiáine chosanta is éin de chróthógáil agus de speiceas a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(c) chun fiach a dhéanamh amhlaidh, cibé lá nó cibé tréimhse laethanta, ar éin fhiáine chosanta de speiceas a shonrófar amhlaidh d'fhonn gadhair ghunna a thraenáil le haghaidh aon spóirt mhachaire nó le haghaidh trialacha gadhar gunna,

[EN]

(d) chun neadacha nó uibheacha éan fiáin cosanta de speiceas a shonrófar amhlaidh a thógáil chun cibé críocha oideachais, eolaíochta nó eile a shronrófar amhlaidh.

[EN]

(10) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—

[EN]

(a) go mbeidh éifeacht ag fo-alt (6) den alt seo i gcás aon imeachtaí mar gheall ar chionta faoin alt seo a bhaineann le héin fhiáine chosanta de speiceas a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sna rialacháin,

[EN]

(b) nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (6) i gcás aon imeachtaí den sórt sin a bhaineann le héin fhiáine chosanta de speiceas a shonrófar sna rialacháin,

agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (6).

[EN]

Cosaint ainmhithe fiáine (seachas éin fhiáine) a chur i bhfeidhm.

1937, Uimh. 4.

23.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo le haon ainmhí is de speiceas fauna a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, a fhoráil le rialacháin—

[EN]

(a) gurb ainmhí lena mbaineann an t-alt seo ainmhí de speiceas fauna a shonrófar sna rialacháin (nach speiceas a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo),

[EN]

(b) nach ainmhí lena mbaineann an t-alt seo ainmhí de speiceas fauna a shonrófar sna rialacháin agus a shonraítear sa Chúigiú Sceideal sin,

[EN]

(c) nach mbeidh éifeacht, i cibé áiteanna nó limistéir a shonrófar sna rialacháin agus in aghaidh cibé tréimhse nó tréimhsí a shonrófar amhlaidh, ag fho-alt (5) den alt seo, de réir mar a shonrófar amhlaidh, go ginearálta nó i gcás cibé speiceas ainmhí a shonrófar amhlaidh,

[EN]

agus i gcás aon rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht aige faoi réim agus de réir na rialachán sin.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh ná ní leasóidh an tAire rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) á fhoráil gurb ainmhí lena mbaineann an t-alt seo ainmhí d'aon speiceas éisc nó inveirteabraigh uiscí, ná

[EN]

(b) arb é ab éifeacht dóibh, arna ndéanamh, go scoirfeadh an t-alt seo, fad a bheadh na rialacháin i bhfeidhm, d'fheidhm a bheith aige i gcás ainmhithe den speiceas sin,

[EN]

gan comhthoiliú ón Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, agus cuirfidh seisean a chomhthoiliú in iúl trí na rialacháin a shíniú.

[EN]

(4) Gairtear ainmhí fiáin cosanta san Acht seo d'ainmhí lena mbaineann an t-alt seo de thuras na huaire.

[EN]

(5) Aon duine—

[EN]

(a) a dhéanfaidh fiach ar ainmhí fiáin cosanta, nach mamach fiáin díolmhaithe, ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo,

[EN]

(b) a dhéanfaidh fiach ar mhamach fiáin cosanta ar dhóigh seachas,

[EN]

(i) faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, lasmuigh d'alt 29, nó

[EN]

(ii) faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi alt 29 den Acht seo agus (freisin) lá, nó tréimhse laethanta, a bheidh sonraithe in ordú iomchuí faoi alt 25 den Acht seo,

[EN]

(c) a dhéanfaidh díobháil d'ainmhí fiáin cosanta ar dhóigh seachas le linn a fhiachta,

[EN]

(i) mura mamach fiáin díolmhaithe an t-ainmhí fiáin cosanta, faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo,

[EN]

(ii) más mamach fiáin díolmhaithe an t-ainmhí fiáin cosanta,

[EN]

(A) faoi réim agus de réir ceada nó ceadúnais den sórt sin arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, lasmuigh d'alt 29, nó

[EN]

(B) ar an dóigh agus lá, nó tréimhse laethanta, a luaitear i bhfomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt seo,

[EN]

(d) a dhéanfaidh, go toiliúil, cur isteach nó milleadh ar áit síolrúcháin aon ainmhí fhiáin chosanta,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine chun ainmhí fiáin cosanta de speiceas a shonrófar sa cheadúnas a ghabháil nó a mharú go daonnachtúil, nó a ghabháil agus a mharú go daonnachtúil, tráth ar bith, chun cibé críoch oideachais, eolaíochta nó eile a shonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(7) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) den alt seo, ní cion do dhuine—

[EN]

(a) le linn bheith ag gabháil do thalmhaíocht, d'iascach nó d'fhoraoiseacht, nó do zó-eolaíocht nó d'aon saothar eolaíochta eile, ainmhí fiáin cosanta a dhíobháladh nó a mharú go neamhdheonach, nó

[EN]

(b) le linn bheith gafa amhlaidh, cur isteach ná milleadh a dhéanamh ar áit síolrúcháin aon ainmhí den sórt sin, nó

[EN]

(c) le linn bóthar a dhéanamh nó le linn bheith ag gabháil d'aon oibríocht seandálaíochta nó tógála nó d'obair fhoirgniúcháin innealtóireachta, nó le linn cibé oibríocht nó obair eile a bheidh forordaithe a fhoirgniú nó a dhéanamh, aon ainmhí den sórt sin a mharú nó a dhíobháladh nó áit síolrúcháin aon ainmhí den sórt sin a mhilleadh nó a dhíobháladh, nó

[EN]

(d) ainmhí fiáin cosanta díobháilithe nó míchumasaithe a ghabháil chun é a mharú go daonnachtúil nó le hintinn é a aireachasú agus ina dhiaidh sin é a ligean saor, nó

[EN]

(e) ainmhí fiáin cosanta a díobháladh mar a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo, nó a gabhadh mar a thuairiscítear i mír (d) den fho-alt seo, a mharú go daonnachtúil, nó ainmhí fiáin cosanta a díobháladh sna himthosca a thuairiscítear i mír (c) den fho-alt seo, a mharú amhlaidh,

[EN]

agus ní fhagfaidh aon ní san alt seo gur neamhdhleathach,

[EN]

(i) giorriacha a ghabháil agus a mharú trí chúrsáil i mbabhta cúrsála rialaithe a chomórfar le linn tréimhse a bheidh sonraithe maidir le giorriacha in ordú giorriacha agus in áit lena mbaineann an t-ordú sin,

[EN]

(ii) giorriacha a fhiach le paca pocadán nó gadhar fiaigh i dtréimhse a bheidh sonraithe maidir le giorriacha in ordú giorriacha agus in áit lena mbaineann an t-ordú,

[EN]

(iii) aon ní a cheadaítear a dhéanamh le halt 3 (3) den Acht um Iascach Míolta Móra, 1937, nó

[EN]

(iv) aon ní arna dhéanamh go cuí de bhun reachta (seachas an tAcht seo) nó de bhun ionstraime reachtúla, agus a gceadaítear é a dhéanamh faoi reacht nó ionstraim den sórt sin nó arna dhéanamh de bhun agus de réir ceadúnais nó ceada eile arna dheonú nó arna eisiúint de bhun reachta nó ionstraime den sórt sin nó aon ní a thig de thoisc nó de thoradh nó de dhroim nó de dheasca aon ghnímh nó ní eile a bheidh déanta go dleathach.

[EN]

(8) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo maidir le hainmhí fiáin cosanta is de speiceas seachas speiceas a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú go raibh géarghá le haon ghabháil nó marú a gearánadh d'fhonn damáiste a thuairiscítear in alt 42 (1) den Acht seo a stopadh agus in imthosca áirithe an cháis nach raibh sé caothúil aige cead faoi alt 42 den Acht seo a iarraidh ar an Aire roimh ré agus gur chreid an cosantóir le réasún go raibh damáiste a luaitear san alt sin 42 (1) á dhéanamh ag an ainmhí fiáin cosanta lena mbaineann an cion líomhnaithe nó ag ainmhithe fiáine cosanta den speiceas céanna leis an ainmhí fiáin cosanta sin.

[EN]

(9) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo ní gá don ionchúiseamh a chruthú gur ar dhóigh seachas le linn don chosantóir a bheith ag gabháil do thalmhaíocht, d'iascach nó d'fhoraoiseacht, nó do zó-eolaíocht nó do shaothar eolaíochta eile a rinneadh aon ghníomh arbh é (go hiomlán nó go páirteach) an cion líomhnaithe é.

[EN]

(10) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a thionscnamh in aon Dúiche Chúirte Dúiche, agus i gcás na himeachtaí sin a thionscnamh agus, ar leithligh ón alt seo, nach mbeadh ag an mBreitheamh a dtabharfaí na himeachtaí os a chomhair dlínse chun na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin chun an dlínse sin a thabhairt dó féadfar an cion a áireamh mar chion a rinneadh sa Dúiche Chúirte Dúiche a mbeidh an Breitheamh sin sannta dó.

[EN]

(11) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—

[EN]

(a) go mbeidh éifeacht ag fo-alt (8) den alt seo i gcás aon imeachtaí mar gheall ar chionta faoin alt seo a bhaineann le hainmhithe fiáine cosanta de speiceas a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a shonrófar sna rialacháin,

[EN]

(b) nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (8) i gcás aon imeachtaí den sórt sin a bhaineann le hainmhithe fiáine cosanta de speiceas a shonrófar sna Rialacháin,

[EN]

agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (8).

[EN]

Séasúir oscailte d'éin fhiáine chosanta áirithe.

24.—(1) Faoi réir ailt 27 agus 28 den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go bhféadfar aon éan fiáin cosanta is de speiceas a shonrófar san ordú a fhiach ar fud an Stáit, nó in aon chuid de a shonrófar san ordú, lá nó tréimhse laethanta a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh forálacha éagsúla maidir le limistéir éagsúla agus maidir le speicis éagsúla d'éin fhiáine chosanta a bheith in ordú faoin alt seo, lena n-áirítear forálacha ag cur teorann leis an líon iomlán d'aon speiceas áirithe den sórt sin a fhéadfaidh daoine aonair a mharú i dtréimhse laethanta a shonrófar san ordú, agus iad ag fiach de réir an ordaithe maidir leis an limistéar go léir lena mbaineann an t-ordú nó maidir le cuid den limistéar sin.

[EN]

Séasúir oscailte do mhamaigh fhiáine áirithe.

25.—(1) Faoi réir ailt 27 agus 28 den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go bhféadfar aon mhamach fiáin (is ainmhí fiáin cosanta) is de speiceas a shonrófar san ordú (dá ngairtear mamach fiáin díolmhaithe san Acht seo) a fhiach ar dhóigh a shonrófar amhlaidh ar fud an Stáit, nó in aon chuid de a shonrófar san ordú, lá nó tréimhse laethanta a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh forálacha éagsúla maidir le limistéir éagsúla agus maidir le speicis éagsúla de mhamaigh fhiáine dhíolmhaithe a bheith in ordú faoin alt seo, lena n-áirítear forálacha ag cur teorann leis an líon iomlán d'aon speiceas áirithe den mhamach sin a fhéadfaidh daoine aonair a mharú i dtréimhse laethanta a shonrófar san ordú, agus iad ag fiach de réir an ordaithe maidir leis an limistéar go léir lena mbaineann an t-ordú nó maidir le cuid den limistéar sin.

[EN]

Ceadúnais chun dobharchúnna nó fianna a fhiach agus chun giorriacha a fhiach nó a chúrsáil.

26.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú—

[EN]

(i) don mháistir nó don duine eile i bhfeighil conairte dobharchúnna, á údarú dobharchúnna a fhiach leis an gconairt sin,

[EN]

(ii) don mháistir nó don duine eile i bhfeighil conairte fiachúnna, á údarú fianna a fhiach leis an gconairt sin,

[EN]

i gcaitheamh cibé tréimhse nó tréimhsí a shonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú don mháistir nó don duine eile i bhfeighil conairte pocadán nó gadhar fiaigh de thuras na huaire chun giorriacha a fhiach in aon cheantar nó ceantair a shonrófar sa cheadúnas, leis an gconairt sin, cibé lá nó laethanta (is lá nó laethanta nach mbeidh sonraithe in ordú giorriacha) a shonrófar sa cheadúnas agus a bheidh fós sa bhliain ina ndeonófar an ceadúnas.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon chlub cúrsála atá cleamhnaithe le Club Cúrsála na hÉireann, ceadúnas a dheonú don iarratasóir chun babhtaí cúrsála rialaithe a chomóradh cibé lá nó laethanta (is lá nó laethanta nach mbeidh sonraithe in ordú giorriacha) a shonrófar sa cheadúnas agus a bheidh fós sa bhliain ina ndeonófar an ceadúnas.

[EN]

Séasúir oscailte a fhionraí go sealadach.

27.—(1) Más deimhin leis an tAire, mar gheall ar chruas na haimsire sa Stát nó in áit eile, nó ar aon chúis eile (is cúis a shonrófar san ordú), gurb inmhianaithe, ar mhaithe le fauna a chaomhnú, ordú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh sé, le hordú, toirmeasc a chur, ar feadh cibé tréimhse nach faide ná mí a shonrófar san ordú, le fiach a dhéanamh ar fud an Stáit nó i cibé limistéar nó limistéir de a shonrófar amhlaidh—

[EN]

(a) ar aon éan fiáin cosanta is de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo agus san ordú faoin bhfo-alt seo, nó

[EN]

(b) ar aon mhamach fiáin díolmhaithe is de speiceas a shonrófar san ordú faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) Más rud é, roimh thosach feidhme ordaithe faoin alt seo, go mbeidh ordú faoi alt 24 nó alt 25 den Acht seo déanta agus gan cúlghairm, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) más rud é, díreach roimh an tosach feidhme sin, go raibh an t-ordú faoin alt sin 24 nó 25, cibé acu é, i bhfeidhm, ní bheidh éifeacht aige maidir le haon éan fiáin cosanta nó mamach fiáin díolmhaithe a shonrófar san ordú faoin alt seo tráth ar bith sa tréimhse a shonrófar amhlaidh, agus

[EN]

(b) más rud é, díreach roimh an tosach feidhme sin, nach raibh an t-ordú faoin alt sin 24 nó 25, cibé acu é, tar éis teacht i bhfeidhm, ansin, d'ainneoin aon ní san ordú, mura mbeidh an t-ordú faoin alt seo cúlghairthe roimhe sin, maidir le haon éan fiáin cosanta nó mamach fiáin díolmhaithe den sórt sin, ní thiocfaidh an t-ordú faoin alt sin 24 nó 25, cibé acu é, i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tréimhse a shonrófar san ordú faoin alt seo caite.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, an tréimhse a shonrófar in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú; ar choinníoll nach faide ná dhá mhí i gcás ar bith an tréimhse a bheidh toirmeasc faoin alt seo le fanacht i bhfeidhm.

[EN]

Caibidil IV

Srianta chun fiadhúlra a chosaint

[EN]

Srian ginearálta maidir le mamaigh fhiáine dhíolmhaithe áirithe agus éin fhiáine chosanta áirithe a fhiach nó a mharú le hairm tine.

28.—(1) Ní dhéanfaidh duine mamach fiáin díolmhaithe ná éan fiáin cosanta, de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a fhiach ná a mharú le hairm tine ar aon talamh mura rud é—

[EN]

(a) gur de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo, nó a mheasfar a bheith arna dheonú faoi alt 29 den Acht seo, a dhéanfar an mamach fiáin díolmhaithe nó an t-éan fiáin cosanta a fhiach nó a mharú, agus

[EN]

(b) gur duine é atá cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil leis an talamh.

[EN]

(2) Beidh duine cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le talamh má bhíonn sé ar a laghad sé bliana déag d'aois agus—

[EN]

(a) go mbeidh sé i dteideal cearta spóirt ar an talamh, nó

[EN]

(b) gurb aoi, tochraí, seirbhíseach nó gníomhaire é ag duine atá i dteideal cearta spóirt ar an talamh nó go bhfuil údarás i scríbhinn aige ón duine sin, nó

[EN]

(c) gur comhalta é de chomhlacht daoine atá i dteideal cearta spóirt ar an talamh nó a bhfuil an t-údarás áirithe sin aige, nó,

[EN]

(d) gur duine é d'aicme nó de thuairisc a ndearbhóidh an tAire, le rialacháin, gurb aicme nó tuairisc cháilithe í chun críocha an ailt seo.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Ceadúnais chun fiach le hairm tine.

1925, Uimh. 17.

1964, Uimh. 1.

29.—(1) Faoi réir alt 75 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine ina ghnáthchónaí sa Stát, a thabharfaidh dearbhú tráth an iarratais a dhéanamh i bhfoirm arna ceadú chun críocha an ailt seo ag an Aire, chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe (seachas giorriacha) a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo.

[EN]

(2) Faoi réir alt 75 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine ina ghnáthchónaí lasmuigh den Stát, a thabharfaidh, tráth a iarratais a dhéanamh ar cheadúnas, an dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe agus éin fhiáine chosanta lena mbaineann ordú faoi alt 24 den Acht seo de thuras na huaire a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo.

[EN]

(3) Nuair a bheidh iarratas ar cheadúnas nó ar athnuachan faoi fho-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (6) den alt seo á chinneadh ag an Aire, tabharfaidh sé aird ar riachtanais chaomhnaithe an speicis d'éin fhiáine chosanta nó de mhamaigh fhiáine dhíolmhaithe a bheidh i gceist agus ar oiriúnacht an iarratasóra ag féachaint do na riachtanais sin nó do chríocha an Achta seo.

[EN]

(4) Fanfaidh ceadúnas arna dheonú nó arna athnuachan ag an Aire faoin alt seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse dar tosach lá an cheadúnais a dheonú nó a athnuachan agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin, agus faoi réir a théarmaí oibreoidh an ceadúnas chun a údarú do shealbhóir an cheadúnais, fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm, fauna ar bith lena mbaineann an ceadúnas a fhiach agus a mharú le hairm tine, de bhun agus de réir cibé orduithe (más ann), arna ndéanamh faoi alt 24 nó 25 den Acht seo, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(5) I gcás ina n-iarrfaidh duine ar Cheannfort den Gharda Síochána deimhniú airm tine a dheonú dó faoi alt 3 d'Acht na nArm Teine, 1925, nó deimhniú den sórt sin a athnuachan faoi alt 9 d'Acht na nArm Teine, 1964, agus tráth a iarratais ar an deimhniú nó ar an athnuachan sin a dhéanamh go ndéanfaidh sé dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar, má bhíonn sé formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, an deimhniú a bheith, chun críocha ailt 22 (4) agus 23 (5) den Acht seo, ina cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo agus, faoi réir alt 75 (1) agus na srianta atá in alt 33 den Acht seo, oibreoidh an deimhniú sin, fad a bheidh sé i bhfeidhm, chun údarás a thabhairt don duine dar deonaíodh é le go bhféadfaidh sé, leis an arm tine lena mbaineann an deimhniú—

[EN]

(a) aon éan fiáin cosanta a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

[EN]

(b) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir aon ordú faoi alt 25 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.

[EN]

(6) Aon cheadúnas a dheonóidh an tAire faoin alt seo (seachas ceadúnas a measfar de bhun fho-alt (5) den alt seo é a bheith arna dheonú amhlaidh), féadfaidh an tAire, más cuí leis, é a athnuachan ar iarratas ó shealbhóir an cheadúnais a thabharfaidh, tráth an iarratais a dhéanamh, dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(7) Aon duine arb éagóir leis diúltú ón Aire ceadúnas a dheonú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo nó ceadúnas a athnuachan faoi fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche i gcoinne an diúltaithe, agus nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh aige féadfaidh an Breitheamh—

[EN]

(a) an diúltú a dhaingniú, nó

[EN]

(b) géilleadh don achomharc, a bhreith a chur in iúl don Aire agus a threorú don Aire ceadúnas faoin alt seo a dheonú a luaithe is féidir don iarratasóir nó é a athnuachan, cibé acu is iomchuí.

[EN]

(8) I gcás ina ndeonófar deimhniú airm tine do dhuine a thuairiscítear i bhfo-alt (5) den alt seo, formhuineofar an méid seo a leanas ar an deimhniú:

[EN]

“Údaraíonn an deimhniú seo, fad a bheidh sé i bhfeidhm, go bhféadfaidh an duine dá ndeonaítear é, leis an arm tine lena mbaineann sé—

[EN]

(a) aon éan fiáin atá cosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976, a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

[EN]

(b) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir ordú faoi alt 25 den Acht a dúradh a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.”

[EN]

(9) Má dhéanann aon choinbhinsiún, prótacal nó comhaontú eile idir an Stát agus aon tír nó críoch eile foráil chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cheadúnais arna ndeonú, nó a mheastar a bheith arna ndeonú, faoin alt seo agus do cheadúnais, ceadanna, ceaduithe nó údaraíochtaí eile arna ndeonú nó arna n-eisiúint sa tír nó sa chríoch sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú agus a fhoráil go measfar go mbeidh, agus beidh, an éifeacht dhlíthiúil chéanna le ceadúnas faoin alt seo a bheidh ag aon cheadúnas, cead, ceadú nó údaraíocht eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(10) Déanfaidh an sealbhóir ar cheadúnas a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo, nó ar dheimhniú airm tine a bheidh formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, má éilíonn an tAire air é, trí fhógra i scríbhinn arna chur chuig an sealbhóir nó trí fhógra arna fhoilsiú chun críocha an fho-ailt seo i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don Aire, eadhon, ráiteas faoin méad speiceas d'éin fhiáine chosanta, agus faoi líon agus speiceas na n-ainmhithe fiáine cosanta, a lámhaigh agus a ghabh an sealbhóir i cibé tréimhse a shonróidh an tAire san fhógra agus, de réir mar a shonrófar amhlaidh, in aon áit sa Stát nó in aon áit i gcuid den Stát a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(11) Duine ar bith nach ndéanfaidh de réir mar a éileoidh an tAire faoi fho-alt (10) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(12) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'aon ní in Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971.

[EN]

Srian le fiach ar urthrá de chuid an Stáit agus ar thalamh áirithe dá chuid.

30.—(1) Ní dleathach do dhuine, gan cead ón Aire, fauna a fhiach ar, ná thar, urthrá de chuid an Stáit ná ar, ná thar, thalamh de chuid an Stáit atá clúdaithe le haon uiscí intíre nó cuimsithe sa bhreisiú imill locha ó aon loch.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, beidh foghail déanta aige agus, más cuí leis an Aire, féadfaidh an tAire é a agairt i bhfoghail in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(3) Ní rachaidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar ar leithligh ón alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar éin fara áirithe a dhíol, a cheannach agus a shealbhú.

31.—(1) Is cion do dhuine ar bith éan fara beo lena mbaineann an t-alt seo, seachas eiseamal dlúthfháinnithe a tógadh i mbraighdeanas, a dhíol, a cheannach nó a shealbhú.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo le haon éan fara beo (ord Passeriformes) de speiceas a bhíonn ar fáil i staid fhiáin sa Stát, i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, ar Oileáin Mhuir nIocht nó ar Oileán Mhanann agus nach speiceas dá sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint don chosantóir a chruthú—

[EN]

(a) go bhfuair sé an t-éan fara iomchuí go dleathach roimh thosach feidhme an ailt seo, nó

[EN]

(b) go bhfuair sé an t-éan sin go dleathach ó dhuine a raibh sé faighte amhlaidh aige roimh an tosach feidhme sin.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “eiseamal dlúthfháinnithe” eiseamal d'éan fara beo (ord Passeriformes) le banda nó fáinne leanúnach miotail a sleamhnaíodh isteach thar a chrobh agus suas ar a chois ina ghearrcach dó.

[EN]

Srian ar fháinniú, agus ar mharcáil agus ar theilglíonta, etc., a shealbhú.

32.—(1) Is cion do dhuine é má dhéanann sé, ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo, aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a cheangal d'aon ainmhí fiáin nó d'aon éan fiáin, nó aon ainmhí nó éan den sórt sin a ghabháil le líon, le gaiste nó le haon chóir eile chun aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a cheangal de.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le dlúthfháinniú éan fiáin a tógadh go saorga.

[EN]

(3) Is cion do dhuine teilglíon, ceo-líon, roicéad-líon nó gaireas dá samhail sin a allmhairiú nó a bheith ina sheilbh aige le haghaidh gabhála nó gaistiú mura sealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag an Aire chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) Féadfaidh ceadúnas arna dheonú chun críocha fho-alt (1) den alt seo feidhm a bheith aige, de réir mar is cuí leis an Aire, maidir le hainmhithe fiáine agus le héin fhiáine (seachas éin fhiáine a tógadh go saorga) go ginearálta nó maidir le cibé speicis de na hainmhithe sin agus de na héin sin a shonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(5) Féadfar a shainrá i gceadúnas a dheonófar chun críocha fho-alt (1) den alt seo go n-údaraíonn sé, agus má bhíonn sin sainráite ann oibreoidh sé chun go n-údarófar, i limistéar nó i limistéir a shonrófar sa cheadúnas, agus sa limistéar nó sna limistéir sin amháin, na nithe a dhéanamh a gceadóidh an ceadúnas a ndéanamh.

[EN]

(6) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 22, 23 nó 34 den Acht seo mar gheall ar an ngníomh céanna.

[EN]

Srian le hairm tine áirithe, etc., a úsáid.

33.—(1) Is cion do dhuine—

[EN]

(a) aon éan fiáin a mharú nó a dhíobháladh le gránghunna athchaite nó uathoibreach (seachas gránghunna athchaite nó uathoibreach a bheidh oiriúnaithe nó modhnaithe ar dhóigh nach bhféadfaidh sé thar trí chartús gránghunna a iompar), le haerghunna, le haer-raidhfil, le gásraidhfil, le piostal nó le gunnán, nó le haon arm tine ar a mbeidh ciúineadóir feistithe.

[EN]

(b) aon éan fiáin cosanta a mharú nó a dhíobháladh le raidhfil.

[EN]

(2) Is cion do dhuine aon éan fiáin nó aon mhamach fiáin a mharú nó a dhíobháladh le ling-ghunna nó le rian-urchar nó le coimeádán snámhach ina mbeidh substaint phléascach.

[EN]

(3) Is cion do dhuine ainmhí fiáin cosanta, seachas giorria, a mharú nó a dhíobháladh le gunna gráin.

[EN]

(4) Faoi réir na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a shonróidh cineál agus cailibre na n-arm tine agus an lón lámhaigh a fhéadfar a úsáid chun éin fhiáine agus mamaigh fhiáine a fhiach agus á fhóráil nach n-úsáidfear airm tine ná lón lámhaigh d'aon chineál nó cailibre eile chun na héin nó na mamaigh sin a fhiach.

[EN]

(5) San alt seo folaíonn “raidhfil” gásraidhfil agus aer-raidhfil.

[EN]

Toirmeasc ar úsáid áirithe a bhaint as gaistí, dolaí, etc.

1911, c. 27.

34.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine ar bith—

[EN]

(a) aon éan fiáin ná mamach fiáin a fhiach le gaiste, le dol, le líon, le sreang, le crúca, le saighead, le ga, le sleá, nó lena samhail sin de dheis, le huirlis ná le diúracán, ná le glae glas ná aon substaint den chineál sin, ná le haon bhaoite nimhiúil, nimhithe nó támhaithe, ná

[EN]

(b) (i) aon ghaiste, dol nó líon chun éan fiáin nó mamach fiáin a mharú nó a ghabháil, ná

[EN]

(ii) aon líne, crúca nó deis nó uirlis eile, a mbeidh sé ceaptha dó, nó ar dóigh dó, bás nó díobháil choirp a thabhairt ar aon éan fiáin nó mamach fiáin a thiocfadh i dtadhall leis,

[EN]

a fheistiú, a chur nó a innliú ar aon chrann, cuaille, carn nó déanmhas eile in aon áit, nó gar d'aon áit, a ghnáthaíonn éin fhiáine nó mamaigh fhiáine, ná

[EN]

(c) aon substaint nimhiúil nó nimhithe nó aon bhaoite támhaithe a chur síos, is substaint nó baoite a mbeidh sé ceaptha dó, nó ar dóigh dó, éan fiáin nó mamach fiáin, in aon áit nó gar d'aon áit a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, a dhíobháladh, nó a ghabháil a éascú, nó ar aon chrann, cuaille, carn nó déanmhas eile san áit sin nó gar dó.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás na nithe seo a leanas ná ní fhágfaidh sé go mbeidh siad neamhdhleathach.

[EN]

(a) gaiste, dol nó líon a fheistiú, a chur nó a innliú a bheidh formheasta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo de bhua rialachán faoin alt seo,

[EN]

(b) aon éan fiáin nach éan fiáin cosanta nó aon mhamach fiáin nach mamach fiáin cosanta a ghabháil nó a mharú le haon ghaiste, dol nó líon den sórt sin,

[EN]

agus ní fhágfaidh aon ní san fho-alt sin (1) gur neamhdhleathach aon ní a dhéanfar go cuí de bhun reachta (seachas an tAcht seo) nó ionstraime reachtúla, a cheadaítear a dhéanamh faoi reacht nó ionstraim den sórt sin, nó a dhéanfar de bhun agus de réir ceadúnais nó ceada eile arna dheonú nó arna eisiúint de bhun reachta nó ionstraime den sórt sin nó aon ní a thig de thoisc nó de thoradh nó de dhroim nó de dheasca aon ghnímh nó ní eile a bheidh déanta go dleathach.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon ní acu seo a leanas, más de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire a dhéantar é:

[EN]

(a) aon speiceas d'éan fiáin a shonrófar sa cheadúnas a ghabháil beo, le gaiste, le dol nó le líon, ar thalamh a shonrófar sa cheadúnas, chun an speiceas sin a shíolrú nó cáilíocht an speicis sin a fheabhsú,

[EN]

(b) giorriacha a ghabháil beo le líonta ag club cúrsála a bheidh cleamhnaithe le Club Cúrsála na hÉireann nó thar ceann an chlub sin nó ar iarratas uaidh,

[EN]

(c) seabhaic nó fabhcúin a ghabháil beo le líonta nó le deiseanna eile chun críche fabhcúnacht dleathach sa Stát,

[EN]

(d) éin fhiáine nó mamaigh fhiáine a ghabháil beo, chun críocha taighde nó chun críocha eile eolaíochta nó oideachais nó chun iad a aistriú go gnáthóg nua, nó go háit a shonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú, i dtaobh gaiste nó dol nó líon is de chineál nó d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonrófar sna rialacháin—

[EN]

(a) go bhfuil sé ceadaithe chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh sé, más cuí leis, a úsáid a rialú maidir le héin fhiáine nó le mamaigh fhiáine,

[EN]

(b) gur gaiste, dol nó líon é a mbaineann fo-alt (6) den alt seo leis.

[EN]

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(6) Aon duine a allmhaireoidh, ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire chuige sin, nó a dhéanfaidh i gcúrsa a thrádála nó a ghnó gaiste, dol nó líon a dhíol ar dhearbhaigh an tAire, de bhun fho-alt (4) den alt seo, é a bheith de thuras na huaire ina ghaiste, ina dhol nó ina líon lena mbaineann an fo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(7) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 22 nó alt 23 den Acht seo ná faoi alt 8 den Protection of Animals Act, 1911. mar gheall ar an ngníomh céanna.

[EN]

Srian le húsáid áirithe a bhaint as taibhsí préachán, cluaineadóirí, éanghlaonna agus glaonna mamach fiáin.

35.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo, ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine—

[EN]

(a) aon éan fiáin beo a bheidh ar teaghrán a úsáid mar thaibhse préachán, ná

[EN]

(b) éan fiáin beo ar teaghrán nó ceangailte le teanntáin nó le fearais eile dá samhail nó iata i gcaighean nó i gcró nó atá dall, cithréimeach nó díobhálaithe a úsáid mar chluaineadóir chun aon éan fiáin a fhiach, ná

[EN]

(c) cluaineadóir stuáilte nó saorga i bhfoirm aon éin a úsáid chun aon éin fhiáine chosanta, seachas lachain fhiáine agus géanna fiáine, a fhiach, ná

[EN]

(d) úsáid a bhaint as aon uirlis nó fearas (lena n-áirítear gaireas taifeadta), leictreach nó eile, chun glaonna éan nó glaonna mamach fiáin, a ligean nó a aithris, chun éan fiáin cosanta nó ainmhí fiáin cosanta ar mamach é a fhiach.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le húsáid feadóige nó uirlise nó gairis dá samhail chun glaonna a aithris nó a ligean ar nós glaonna pilibíní, lachan fiáin nó géanna fiáine, agus a oibrítear (go hiomlán nó go páirteach) leis an lámh nó leis an mbéal, chun aon éan fiáin díobh sin a fhiach.

[EN]

(3) D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur ar fud an Stáit nó in aon limistéar áirithe de—

[EN]

(a) le húsáid aon chluaineadóra stuáilte nó shaorga d'aicme nó de thuairisc áirithe a shonrófar san ordú chun lachain fhiáine nó géanna fiáine a fhiach, nó

[EN]

(b) le húsáid aon fheadóige nó uirlise nó gairis eile (nach gaireas taifeadta), a oibrítear leis an mbéal nó leis an lámh, chun glaonna a aithris nó a ligean, ar nós glaonna lachan fiáin nó géanna fiáine nó chun glaonna taifeadta den sórt sin a ligean.

[EN]

(4) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfar úsáid a bhaint as cluaineadóir, nó as uirlis nó fearas lena n-áirítear gaireas leictreach nó gaireas taifeadta eile chun éanghlaonna (lena n-áirítear glaonna guaise) a ligean nó a aithris, d'fhonn éan fiáin cosanta a ruaigeadh, a scanrú nó a ghabháil, de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire, le haghaidh taighde eolaíochta nó chun críche eile a bheidh formheasta ag an Aire.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a thabhairt do dhuine chun úsáid a bhaint mar chluaineadóir as éan fiáin beo is éan de speiceas a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a bheidh gaibhnithe i gcaighean nó i gcró, agus gabhfaidh le gach ceadúnas a dheonófar de bhun an fho-ailt seo na coinníollacha seo a leanas, eadhon—

[EN]

(a) ní úsáidfear an t-éan amhlaidh ach amháin chun éin den speiceas céanna a fhiach, agus

[EN]

(b) le linn a úsáidte amhlaidh soláthróidh sealbhóir an cheadúnais, nó duine éigin thar a cheann, don éan, leordhóthain bia agus uisce agus nuair a chuirfear isteach i gcaighean é ní choimeádfar é ach i gcaighean a bheidh fairsing go leor chun go bhféadfaidh sé gluaiseacht agus aclaíocht a dhéanamh go héasca.

[EN]

(6) Duine—

[EN]

(a) a dhéanfaidh aon ní a thoirmisctear le fo-alt (1) den alt seo ar dhóigh seachas de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo,

[EN]

(b) a sháróidh ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Toirmeasc ar fheithiclí, soithí agus aerárthaí innealghluaiste a úsáid chun fiaigh.

36.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine fiach ná corraí chun críche fiaigh—

[EN]

(a) ar aon ainmhí fiáin cosanta le feithicil, soitheach nó aerárthach innealghluaiste, cibé acu a bheidh an céanna faoi ghluaiseacht amhlaidh nó ar fos,

[EN]

(b) ar aon éan fiáin cosanta le feithicil, soitheach nó aerárthach den sórt sin le linn í a bheith faoi ghluaiseacht amhlaidh.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfar feithicil, soitheach nó aerárthach innealghluaiste a úsáid chun éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta a ghabháil nó a mharú, de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire agus chun cibé críocha oideachais, eolaíochta nó eile a shonrófar sa cheadúnas, arb éin nó ainmhithe iad de speiceas a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(3) Ní fhágfaidh fo-alt (1) den alt seo gur rud neamhdhleathach aon ní a cheadaítear a dhéanamh le halt 3 (3) den Acht um Iascach Míolta Móra, 1937.

[EN]

(4) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.

[EN]

Srian le fiach istoíche.

37.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar leithligh ón alt seo ach faoi réir alt 42, ní dhéanfaidh duine fiach—

[EN]

(a) ar chreabhar tráth ar bith idir luí gréine agus éirí gréine,

[EN]

(b) ar aon éan fiáin cosanta eile, seachas lacha fhiáin nó gé fhiáin, ná ar aon ainmhí fiáin cosanta tráth ar bith in aon tréimhse dar tosach uair an chloig tar éis luí gréine, agus dar críoch uair an chloig roimh éirí gréine.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le héin fhiáine chosanta a fhiach de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi alt 22 (9) den Acht seo chun críche dá luaitear i mír (a) nó (d) den alt sin, nó

[EN]

(b) le hainmhithe fiáine cosanta a fhiach de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire faoi alt 23 (6) den Acht seo.

[EN]

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Toirmeasc ar lampaí, scátháin, etc., a úsáid ag fiach.

38.—Duine ar bith a úsáidfidh aon lampa, solas, tóirse, scáthán nó aon deis nó gaireas saorga eile frithchaite solais nó dallraitheach ag fiach aon éin fhiáin chosanta nó ainmhí fhiáin chosanta, ar dhóigh seachas—

[EN]

(a) le linn aon bhanda, fáinne, clib nó deis mharcála eile a ghreamú de, nó

[EN]

(b) le linn bheith ag fiach chun críocha oideachais nó eolaíochta,

[EN]

de bhun agus de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo ag an Aire, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Srian le fásra a dhó in aice le coillte nó le talamh áirithe eile.

39.—(1) Ní dhófaidh duine ar bith aon fhásra ag fás i bhfoisceacht míle—

[EN]

(a) do choill nach leis an duine sin, nó

[EN]

(b) do thalamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais, ordú sainiúcháin nó comhaontú faoi alt 18 den Acht seo,

[EN]

mura mbeidh an duine sin tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá ar a laghad nó cúig lá is tríocha ar a mhéid roimh an bhfásra sin a dhó, don sáirsint i gceannas ar stáisiún Garda Síochána sa cheantar Garda Síochána ina bhfuil an choill nó an talamh agus—

[EN]

(i) i gcás coille, d'áititheoir na coille,

[EN]

(ii) i gcás talamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais nó comhaontú faoin alt sin 18, don Aire agus ina theannta sin, murab é an tAire úinéir na talún, don áititheoir,

[EN]

(iii) i gcás talamh lena mbaineann ordú sainiúcháin, don Aire.

[EN]

(2) Nuair a thabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire nó aon duine eile dá dtabharfar an fógra, laistigh de thrí lá tar éis an fógra a fháil, frithfhógra a sheirbheáil ar an duine a thug an fógra sin ag cur i gcoinne an dó bheartaithe ar an bhforas gur baolach dó damáiste a dhéanamh don choill nó don talamh áirithe.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh duine—

[EN]

(a) tine a lasadh, ná

[EN]

(b) aon ghníomh eile,

[EN]

a thabharfaidh, nó is dóigh a thabharfadh, go ndófaí fásra ag fás i bhfoisceacht míle do choill nach leis an duine sin í nó do thalamh a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) Aon duine a dhófaidh fásra, a lasfaidh tine nó a dhéanfaidh aon ghníomh eile, de shárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(5) Má dhéanann duine—

[EN]

(a) aon fhásra a dhó de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, nó tar éis an fógra a thabhairt is gá de réir an ailt seo agus frithfhógra faoin alt seo a fháil,

[EN]

(b) tine a lasadh nó aon ghníomh eile a dhéanamh de shárú ar fho-alt (3) den alt seo, ansin,

[EN]

aon díobháil a bhainfidh mar gheall ar an dó, an lasadh nó an gníomh sin,

[EN]

(c) i gcás an sárú a bheith ina shárú ar an bhfo-alt sin (1), d'aon choill nó talamh ar cheart, nó a ndearnadh, fógra ina leith a sheirbheáil faoin alt seo, nó

[EN]

(d) i gcás an sárú a bheith ina shárú ar an bhfo-alt sin (3), d'aon choill nach leis an duine sin í nó d'aon talamh a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (1),

[EN]

measfar gurbh é gníomh faillíoch an duine sin ba chúis leis agus féadfaidh úinéir na coille nó na talún sin, cibé acu é, cothrom na díobhála sin de dhamáistí a ghnóthú dá réir sin in aon chúirt dlínse inniúla ón duine sin.

[EN]

(6) San alt seo folaíonn “coill” fáschoill.

[EN]

Srian le milleadh fásra ar thalamh gan saothrú.

1936, Uimh. 38.

40.—(1) Is cion do dhuine aon fhásra a bhaint, a ghrafadh, a dhó nó a mhilleadh ar dhóigh eile, sa tréimhse dar tosach an 15ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa in aon bhliain, a bheidh ag fás ar aon talamh nach mbeidh san am sin saothraithe nó á shaothrú le haghaidh talmhaíochta nó foraoiseachta.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás—

[EN]

(a) aon fhásra ag fás ar aon fhál nó díg, nó ann, a scriosadh, i ngnáthchúrsa talmhaíochta nó foraoiseachta;

[EN]

(b) toir nó toim fhánacha aitinn a ghearradh nó a ghrafadh nó fáis fhánacha raithní a bhaint i ngnáthchúrsa talmhaíochta;

[EN]

(c) fásra a ghearradh, a ghrafadh nó a scriosadh i gcúrsa aon oibreacha a bheith á ndéanamh go cuí ag Aire Stáit nó ag comhlacht arna bhunú nó arna rialú le reacht nó faoi reacht;

[EN]

(d) aon fhiailí díobhálacha lena mbaineann an tAcht um Fhiaile Dhíobhálach, 1936, a scriosadh;

[EN]

(e) fásra a ghlanadh chun siúil i bhforbairt nó in ullmhú láithreán a mbeartaítear aon fhoirgneamh nó déanmhas eile a chur ar fáil orthu;

[EN]

(f) fásra a aistriú nó a scriosadh a gceanglaítear le fógra arna sheirbheáil ar an Aire faoi alt 62 (1) d'Acht 1946 é a aistriú nó a scriosadh;

[EN]

ach ní oibreoidh an fo-alt seo chun aon ní a dhéanfar trí dhó a eisiamh ó fho-alt (1) den alt seo.

Caibidil V

Ilghnéitheach

[EN]

Fabhcúnacht, etc.

41.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(a) a rialóidh fiach le hiolair, le seabhaic, le fabhcúin agus le héin eile den ord Falconiformes a fuair traenáil ar sheabhcóireacht chun spóirt, nó a rialóidh cleachtadh na fabhcúnachta ar dhóigh eile,

[EN]

(b) a rialóidh gabháil iolar, seabhac, fabhcún agus éan eile den ord Falconiformes chun iad a thraenáil ar sheabhcóireacht le haghaidh spóirt,

[EN]

(c) a rialóidh sealbhú iolar, seabhac, fabhcún agus éan eile den ord Falconiformes, a bpórú, a dtraenáil ar sheabhcóireacht chun spóirt, nó a gcur ar taispeáint,

[EN]

(d) a fhorálfaidh nach cead do dhuine, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú chuige sin ag an Aire—

[EN]

(i) gabháil d'fhabhcúnacht,

[EN]

(ii) aon iolar, seabhac nó fabhcún, nó uibheacha nó gearrcaigh aon iolair, seabhaic nó fabhcúin, a bheith ina sheilbh nó faoina urlámh aige,

[EN]

(e) a fhorálfaidh go n-íocfaidh lucht iarrtha ceadúnas táillí forordaithe as ceadúnais a dheonóidh an tAire chun críocha an ailt seo,

[EN]

(f) a dhéanfaidh foráil i dtaobh aon nithe atá coimhdeach nó teagmhasach le haon ní acu sin roimhe seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnais a dheonú chun críocha an ailt seo.

[EN]

Damáiste ag éin fhiáine, etc.

42.—(1) Má bhíonn damáiste á dhéanamh ag éin fhiáine chosanta nó ag ainmhithe fiáine cosanta—

[EN]

(a) do bheostoc, d'éanlaithe clóis nó do bharra tal mhaíochta (agus glasraí nó torthaí san áireamh) ar fhéarach nó ar thalamh saothraithe,

[EN]

(b) d'éin fhiáine chró-thógtha ar thalamh ar bith,

[EN]

(c) do fauna eile,

[EN]

(d) do flora,

[EN]

(e) do choillearnach nó d'fháschoill foraoise, nó

[EN]

(f) d'iascach,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, féadfaidh an tAire a chur faoi deara go ndéanfaidh duine arna údarú aige chuige sin (agus tugtar cumhacht dó leis seo chun go ndéanfadh sé) cibé bearta, lena n-áirítear iontráil ar aon talamh agus gabháil nó marú a dhéanamh ar aon éan fiáin den sórt sin nó ar aon ainmhí fiáin den sórt sin, de réir mar is cuí leis chun an damáiste a stopadh.

[EN]

(2) Má bhíonn damáiste mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo á dhéanamh, féadfaidh an tAire, sula bhfeidhmeoidh sé i ndáil leis an damáiste na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, a cheangal ar an duine ar leis an mhaoin atá á damáistiú, nó atá ag áitiú na maoine sin, slánaíocht a thabhairt dó ag slánú an Aire, nó aon duine ag gníomhú thar a cheann, i gcoinne gach éileamh maidir le haon ní a bheidh déanta ag an Aire nó thar a cheann de bhua an fho-ailt sin (1) i ndáil leis an damáiste.

[EN]

(3) Má bhíonn damáiste mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo á déanamh, féadfaidh úinéir nó áititheoir na maoine a bhfuil an damáiste á dhéanamh di, nó aon duine eile arna údarú go cuí ag an úinéir nó ag an áititheoir chuige sin, cead faoin alt seo a iarraidh ar an Aire.

[EN]

(4) San iarratas chun an Aire ar chead faoin alt seo tabharfar sonraí an damáiste ar ina leith atá an t-iarratas á dhéanamh agus má chinneann an tAire an cead a dheonú, d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, ansin, faoi réir a théarmaí, oibreoidh an cead chun a chumasú don úinéir nó don áititheoir, nó d'aon duine eile atá údaraithe go cuí chun gníomhú thar a cheann, aon éan fiáin cosanta nó aon ainmhí fiáin cosanta a ghabháil nó a mharú a gcreideann an t-úinéir, an t-áititheoir nó an duine eile le réasún gurb é is cúis leis an damáiste agus cibé bearta eile (más aon bhearta iad) a dhéanamh a shonrófar sa chead chun an damáiste a stopadh.

[EN]

(5) Féadfar iarratas ar chead faoin alt seo a dhéanamh chuig an Aire, chuig an maor coille i bhfeighil aon fhoraoise de chuid an Aire nó chuig aon duine eile a bheidh údaraithe de thuras na huaire ag an Aire chun na hiarratais sin a ghlacadh.

[EN]

(6) I dteannta a bhfuil anseo roimhe seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cead arna dheonú faoin alt seo:

[EN]

(a) ní bheidh an cead bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a shonrófar ann,

[EN]

(b) déanfaidh an duine dá dtabharfar an cead sonraí a thabhairt don Aire, cibé tráthanna agus i cibé foirm a shonrófar sa chead, ar na héin fhiáine chosanta agus ar na hainmhithe fiáine cosanta go léir a gabhadh nó a maraíodh de bhun an cheada,

[EN]

(c) féadfaidh an tAire an cead a dheonú faoi réir coinníll—

[EN]

(i) gur trí mheáin shonraithe a dhéanfar aon ghabháil de bhun an cheada,

[EN]

(ii) go ndéanfar aon éan fiáin nó aon ainmhí fiáin a ghabhfar de bhun an cheada a aistriú go dtí áit a shonróidh an tAire lena ligean saor ina dhiaidh sin nó lena dhiúscairt ar cibé dóigh eile a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(7) Na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo, is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad in ionad, na gcumhachtaí a thugtar don Aire le hailt 59 gus 60 d'Acht 1946.

[EN]

Scéimeanna siltin talún.

1945, Uimh. 3.

43.—(1) Má bheartaíonn na Coimisinéirí—

[EN]

(a) scéim shiltin de réir brí an Achta Siltin Airtéirigh, 1945, a ghabháil de láimh ar scéim í a mbaineann an t-alt seo léi, nó

[EN]

(b) aon scéim shiltin talún eile a ghabháil de láimh,

[EN]

maidir le limistéar ina bhfuil talamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais nó ordú sainiúcháin, nó talamh lena mbaineann comhaontú arna dhéanamh faoi alt 18 den Acht seo, rachaidh na Coimisinéirí i gcomhairle leis an Aire, sula dtosóidh siad ar an scéim, lena fháil amach an mbeadh, agus cá mhéid a bheadh, an scéim bheartaithe, dá gcuirfí i gcrích í, ag baint nó ag cur as d'oiriúnacht na talún a bhfuil baint leis ag an scéim le haghaidh anaclainne nó tearmainn dúlra, cibé acu is iomchuí agus déanfaidh siad gach beart is féidir, lena n-áirítear, más iomchuí, an scéim shiltin a theorannú, d'fhonn an bhaint nó an cur as sin a mhaolú nó a sheachaint.

(2) Baineann an t-alt seo le haon scéim shiltin de réir brí an Achta Siltin Airtéirigh, 1945, nach scéim ar cuireadh cóip di ar taispeáint de réir alt 5 den Acht sin roimh thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

Fiach nó iontráil ar thalamh go neamhdhleathach agus ábhair ilghnéitheacha eile.

1930, Uimh. 11.

44.—(1) Aon duine nach úinéir ná áititheoir talún—

[EN]

(a) a dhéanfaidh le harm tine nó le deis, uirlis nó diúracán a luaitear in alt 72 (7) den Acht seo, éan fiáin nó ainmhí fiáin a fhiach ar an talamh nó a chuirfidh nó a thiomáinfidh éan nó ainmhí den sórt sin amach as an talamh chun é a fhiach amhlaidh,

[EN]

(b) a rachaidh isteach ar an talamh chun éin fhiáine nó ainmhithe fiáine a fhiach amhlaidh,

[EN]

(c) a iompróidh ar an talamh aon arm tine, líon, nó arm, uirlis nó deis eile is féidir a úsáid chun éan fiáin nó ainmhí fiáin a fhiach, nó

[EN]

(d) a dhéanfaidh lámhach thar an talamh nó isteach ann,

[EN]

gan cead ón duine arb é úinéir nó áititheoir na talún é nó, i gcás duine éigin eile a bheith i dteideal cearta spóirt thar an talamh, ón duine eile sin, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) I gcás arm tine, nó arm nó deis eile (nó cuid den chéanna) a thuairiscítear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, a bheith á iompar ar an talamh ag duine nach é úinéir nó áititheoir na talún é, féadfaidh duine ar bith acu seo a leanas a ainm agus a sheoladh a éileamh air (agus é a scríobh síos nuair a thugtar é), eadhon:

[EN]

(a) úinéir nó áititheoir na talún nó duine a bheidh údaraithe aige chun na cumhachtaí is infheidhmithe ag an úinéir nó ag an áititheoir sin faoin alt seo a fheidhmiú thar a cheann,

[EN]

(b) duine atá i dteideal cearta spóirt ar an talamh a theachtadh nó duine éigin eile a bheidh údaraithe aige amhlaidh chun na cumhachtaí is infheidhmithe aige faoin alt seo a fheidhmiú thar a cheann,

[EN]

(c) sealbhóir, nó duine a meastar de bhun alt 29 (5) den Acht seo gur sealbhóir é, ar cheadúnas arna dheonú faoin alt sin;

[EN]

ar choinníoll nach mbeidh an chumhacht a thugtar leis an alt seo do dhuine a luaitear i mír (c) den fho-alt seo infheidhmithe ach amháin nuair a thabharfaidh sé ar aird ceadúnas reatha a deonaíodh dó de bhun an ailt sin 29 nó ceadúnas reatha airm tine a deonaíodh dó agus a formhuiníodh de réir ceanglais fho-ailt (8) den alt sin.

[EN]

(3) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh ceart a thabhairt arna éileamh air go cuí de bhun an ailt seo nó a thabharfaidh, nuair a dhéanfar an t-éileamh sin air, ainm agus seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(4) Féadfaidh siad seo a leanas imeachtaí achomaire mar gheall ar chion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh—

[EN]

(a) duine arb é ag an am a líomhnaítear a rinneadh an cion (dá ngairtear an t-am iomchuí san fho-alt seo) úinéir nó áititheoir na talún a líomhnaítear an cion ina leith (dá ngairtear an talamh iomchuí san fho-alt seo),

[EN]

(b) aon duine aonair a bhfuil teideal aige maidir leis an talamh iomchuí chun cearta spóirt thar an talamh sin ag an am iomchuí,

[EN]

(c) an duine, agus féadfar sin a dhéanamh in ainm an duine, arb é ag an am iomchuí is rúnaí do chomhlacht aitheanta a bhfuil teideal aige ag an am sin chun cearta spóirt thar an talamh iomchuí;

[EN]

ar choinníoll nach ndéanfaidh rúnaí comhlachta aitheanta ionchúiseamh i gcion den sórt sin ach amháin más rud é,

[EN]

(i) go ndéantar, roimh an am iomchuí, fógra go bhfuil cearta spóirt mar a shonraítear san fhógra, thar thalamh a shonraítear ann, ar forcoimeád don chomhlacht a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa limistéar ina bhfuil an talamh iomchuí, agus

[EN]

(ii) gurb é an talamh a shonraítear amhlaidh, nó go n-áirítear ann, an talamh iomchuí.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, gur comhlacht aitheanta chun críocha an ailt seo aon chomhlachas, club, cumann nó comhlacht eile daoine a bhfuil mar chuspóirí aige, nó a n-áirítear ar a chuspóirí, géim a chaomhnú, agus gairtear comhlacht aitheanta san alt seo d'aon chomhlacht lena mbaineann rialacháin faoin bhfo-alt seo de thuras na huaire.

[EN]

(6) Faoi réir ceanglais an choinníll a ghabhann le fo-alt (4) den alt seo a chomhlíonadh, measfar fógra a foilsíodh chun críocha alt 15 den Acht chun Géim do Chosaint, 1930 (a aisghairtear leis an Acht seo), a bheith arna fhoilsiú chun críocha an Achta seo.

[EN]

(7) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo ní gá don ionchúisitheoir a chruthú go raibh an cosantóir ar an talamh gan údarás dleathach agus, sa chás ina n-éileoidh cosantóir go raibh sé ar an talamh le húdarás dleathach, is ar an gcosantóir a bheidh sé de dhualgas an t-údarás sin a chruthú.

[EN]

(8) San alt seo ciallaíonn “géim” aon mhamach fiáin díolmhaithe nó aon éan fiáin cosanta is de speiceas a shonrófar in ordú faoi alt 24 den Acht seo.

CUID III

Déileáil i bhfiadhúlra a rialú, agus iompar, allmhairiú agus onnmhairiú fiadhúlra

[EN]

Srian ar fauna a dhíol, a cheannach agus a shealbhú.

45.—(1) Ní dhéanfaidh duine nach déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra—

[EN]

(a) éan fiáin cosanta ná ainmhí fiáin cosanta, beo nó marbh, ná

[EN]

(b) uibheacha éin fhiáin chosanta,

[EN]

a dhíol, a choimeád le haghaidh díola, a cheannach le haghaidh athdhíola ná gabháil do sheitheadóireacht ina leith.

[EN]

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (8) den alt seo agus ailt 22 (5), 23 (7) (d) agus 42 den Acht seo, ní bheidh éan fiáin cosanta ná ainmhí fiáin cosanta, beo nó marbh, ná uibheacha éin fhiáin chosanta ina sheilbh ag duine nach déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra.

[EN]

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le díol aon eiseamail bheo d'éan fiáin cosanta nó d'ainmhí fiáin cosanta ag duine d'aontoisc chun an speiceas sin a shíolrú nó a cháilíocht a fheabhsú,

[EN]

(b) le díol giorriacha beo ag duine le club cúrsála atá cleamhnaithe le Club Cúrsála na hÉireann,

[EN]

(c) le díol aon éin fhiáin chosanta nó aon ainmhí fhiáin chosanta a mharaigh sé go dleathach ag duine le déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra,

[EN]

(d) le díol aon éin fhiáin nó ainmhí fhiáin den sórt sin a maraíodh go dleathach ag duine ar bith a fuair cead roimh ré ón Aire chuige sin,

[EN]

(4) Duine arb é is úinéir nó bainisteoir, nó an té atá ar dhóigh eile i bhfeighil, aon óstáin, teach aíochta, bialainne, teach itheacháin phoiblí, club chláraithe de réir brí Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1962, nó aon áitribh eile ina mbíonn béilí á soláthar ar luaíocht, ní cheannóidh sé éan fiáin cosanta ná ainmhí fiáin cosanta ar dhóigh seachas ó dhéileálaí i bhfiadhúlra ceadúnaithe, mura déileálaí den sórt sin an duine sin é féin.

[EN]

(5) Déanfaidh duine a luaitear i bhfó-alt (4) den alt seo, mura déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra é, taifead a choimeád i cibe foirm a cheadóidh an tAire ar na héin fhiáine chosanta nó na hainmhithe fiáine cosanta go léir a ceannaíodh i ndáil leis an áitreabh a luaitear amhlaidh agus arb é a úinéir nó a bhainisteoir é nó arb é atá ar dhóigh eile i bhfeighil an áitribh sin, agus déanfar taifid a choimeádfar de bhun an fho-ailt seo a choimeád ar fáil lena n-iniúchadh san áitreabh sin ag duine údaraithe ar é dá éileamh sin aon tráth réasúnach.

[EN]

(6) Féadfaidh duine údaraithe aon iontráil in aon taifead a choimeádfar de bhun fho-alt (5) den alt seo a iniúchadh agus, más cuí leis, cóipeanna di a thógáil.

[EN]

(7) Duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (4) den alt seo nó a mhainneoidh ceanglais fho-alt (5) den alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(8) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo ina líomhnaítear gur sáraíodh fo-alt (2) den alt seo, is cosaint don chosantóir a chruthú—

[EN]

(a) go bhfuair sé an t-éan fiáin, an t-ainmhí fiáin nó na huibheacha, cibé acu is iomchuí, go dleathach roimh thosach feidhme an Achta seo, nó ga bhfuair sé é nó iad ó dhuine a raibh sé nó siad faighte go dleathach aige,

[EN]

(b) i gcás an cion líomhnaithe a bhaint le héan fiáin cosanta nó le hainmhí fiáin cosanta, gur go dleathach a mharaigh nó a ghabh sé é nó go bhfuair sé é go dleathach ó dhuine a mharaigh nó a ghabh go dleathach é.

[EN]

(9) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh sé neamhdhleathach, éan fiáin cosanta nó ainmhí fiáin cosanta nó uibheacha éin fhiáin chosanta a shealbhú de dhroim aon ní eile—

[EN]

(a) a rinneadh de bhun agus de réir ceadúnais nó ceada arna dheonú faoin Acht seo, nó

[EN]

(b) a ceadaíodh a dhéanamh le haon reacht nó faoi aon reacht seachas an tAcht seo.

[EN]

(10) Ach amháin i ndáil le seitheadóireacht, déanfar tagairtí san alt seo d'éan fiáin cosanta nó d'ainmhí fiáin cosanta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fheoil éin nó ainmhí den sórt sin, agus i ndáil le seitheadóireacht forléireofar na tagairtí sin san alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chraiceann, do chlúmh nó d'aon chuid eile d'éan nó d'ainmhí den sórt sin.

[EN]

Déileáil i bhfiadhúlra a rialú.

46.—(1) Más deimhin leis an Aire go rachadh sé chun leasa do chaomhnú aon speicis d'éan fiáin cosanta nó d'ainmhí fiáin cosanta déanamh amhlaidh, faoi réir fho-alt 5 den alt seo, féadfaidh sé, le rialacháin, ceannach nó díol an speicis sin a thoirmeasc, nó a rialú ar cibé dóigh is cuí leis agus a shonrófar sna rialacháin, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun seoladh gnó déileála i bhfiadhúlra ag déileálaithe ceadúnaithe i bhfiadhúlra a rialú.

[EN]

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) coinníollacha a fhorordú maidir le háitribh a bheidh á n-úsáid ag déileálaithe ceadúnaithe i bhfiadhúlra chun déileáil i bhfiadhúlra,

[EN]

(b) foirm agus tréimhse bhailíochta ceadúnais déileálaí i bhfiadhúlra, agus foirm agus tréimhse bhailíochta athnuachana ar cheadúnas den sórt sin a fhorordú,

[EN]

(c) na speicis fauna a shonrú a fhéadfaidh sealbhóir ar cheadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a dhíol, nó a cheannach le haghaidh athdhíola, de bhun an cheadúnais,

[EN]

(d) a cheangal go gcoimeádfaidh an sealbhóir ar cheadúnas déileálaí i bhfiadhúlra cibé cláir, leabhair, taifid, sonraisc, admhálacha nó doiciméid eile a fhorordófar maidir le gnó déileála i bhfiadhúlra, agus a cheangal go dtabharfaidh an sealbhóir sin aon doiciméad den sórt sin ar aird nuair a éileoidh duine údaraithe air é sin a dhéanamh tráth réasúnach,

[EN]

(e) a fhoráil go gcuirfear ar breacadh sna cláir nó sna taifid sin cibé sonraí a fhorordófar maidir le fiadhúlra,

[EN]

(f) a cheangal go gcuirfear ceadúnas reatha déileálaí i bhfiadhúlra ar taispeáint san áitreabh sin,

[EN]

(g) a fhoráil nach ndéanfar éan fiáin cosanta ná ainmhí fiáin cosanta a ghaibhniú, a choimeád, ná a thaispeáint le haghaidh díola i gcaighean san áitreabh sin, ná le linn é a iompar ó áit go háit eile ag an déileálaí sin nó thar a cheann lena thaispeáint, lena dhíol nó lena chur ar taispeáint mura caighean é de thoise, de chineál nó de thuairisc a bheidh forordaithe, agus

[EN]

(h) aon fhoráil eile a dhéanamh a bheidh coimhdeach nó teagmhasach le haon cheann de na forálacha anseo roimhe seo.

[EN]

(4) Féadfaidh duine údaraithe aon iontráil in aon doiciméad a chuirfear ar fáil de bhun ceanglais rialachán faoin alt seo a iniúchadh agus, más cuí leis, cóipeanna a thógáil di.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo a bhaineann le speiceas d'iasc nó d'ainmhí inveirteabrach uiscí, sa mhéid go mbaineann siad leis an speiceas sin, gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

[EN]

Toirmeasc ar dhéileáil i bhfiadhúlra gan ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra.

47.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní sheolfaidh duine gnó déileálaí i bhfiadhúlra ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais déileálaí i bhfiadhúlra.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le duine ag a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, gnó á sheoladh mar dhéileálaí i bhfiadhúlra, ar feadh na tréimhse trí mhí dar tús tosach feidhme an ailt seo,

[EN]

(b) le duine a gheobhaidh (trína cheannach nó ar dhóigh eile) áitreabh ina raibh, díreach sula bhfuarthas é, gnó déileála i bhfiadhúlra á sheoladh go cuí, ar feadh na tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a fuarthas an t-áitreabh sin,

[EN]

(c) le hionadaí pearsanta déileálaí cheadúnaithe i bhfiadhúlra, ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta báis an déileálaí sin.

[EN]

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra.

48.—(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuige sin, deimhniú a dheonú, más cuí leis, á údarú go n-eiseofaí ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra san Acht seo) don iarratasóir á údarú dó gnó a sheoladh mar dhéileálaí i bhfiadhúlra in áitreabh a shonrófar sa deimhniú agus sa cheadúnas araon.

[EN]

(2) Fanfaidh ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a fhorordófar chuige sin faoi alt 46 (3) den Acht seo agus tosóidh an tréimhse sin an lá a eiseofar an ceadúnas.

[EN]

(3) Más cuí sin leis an gcúirt a dheonaigh deimhniú do cheadúnas déileálaí i bhfiadhúlra, féadfaidh an chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuige sin, deimhniú a dheonú ó am go ham d'athnuachan an cheadúnais le haghaidh tréimhsí a fhorordófar chuige sin faoin alt sin 46 (3).

[EN]

(4) Ar iarratas ó dhuine dar deonaíodh deimhniú chun ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a eisiúint, nó chun ceadúnas den sórt sin a athnuachan, agus ar é d'íoc na táille (más ann) is gá de réir dlí, eiseoidh an tAire ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra chuig an iarratasóir nó, de réir mar is iomchuí, déanfaidh sé athnuachan ar cheadúnas sin an iarratasóra.

[EN]

(5) Féadfaidh an chúirt, nuair a bheidh iarratas chun deimhniú a dheonú faoin alt seo á bhreithniú aici, aird a thabhairt—

[EN]

(a) ar oiriúnacht an iarratasóra, ag cur críocha an Achta seo san áireamh, chun ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a shealbhú, agus

[EN]

(b) ar inniúlacht an iarratasóra chun déanamh de réir rialacháin, arna ndéanamh faoi alt 46 (2) den Acht seo, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(6) Gach duine a bheidh á iarraidh go ndeonófaí deimhniú faoin alt seo dó, cuirfidh sé an t-iarratas in iúl don Aire i scríbhinn leis an bpost cláraithe agus beidh ceart ag an Aire chun láithriú agus éisteacht a fháil tráth an iarratais a éisteacht.

[EN]

(7) Féadfaidh an chúirt a dheonaigh an deimhniú iomchuí faoin alt seo, ar iarratas chuige sin a dhéanamh ag sealbhóir ceadúnais déileálaí i bhfiadhúlra, an ceadúnas a leasú ar dhóigh ar bith acu seo a leanas, eadhon, trí thagairt d'áitreabh sonraithe a chur isteach sa cheadúnas (i dteannta na dtagairtí d'áitribh a bheidh ann cheana féin), trí thagairt den sórt sin a scriosadh as an gceadúnas nó trí thagairt eile den sórt sin a chur sa cheadúnas in ionad na tagartha sin.

[EN]

Ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a chúlghairm.

49.—(1) Má dhéantar duine a shealbhaíonn ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a chiontú i gcion faoi alt 31 den Acht seo, nó i gcion faoi alt 69 (2) den Acht seo, mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh rialachán arna ndéanamh faoi alt 41 nó 46 den Acht seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine an ceadúnas a chúlghairm agus beidh an chúlghairm sin ina pionós de bhreis ar aon phionós eile a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion.

[EN]

(2) I gcás ina gcúlghairfidh cúirt ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra de bhun an ailt seo, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte cóip d'ordú na cúirte chuig an Aire a luaithe is féidir.

[EN]

Féadfaidh an tAire liosta de dhéileálaithe i bhfiadhúlra nó fógra cúlghairme a fhoilsiú.

50.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, fógra a fhoilsiú ó am go ham, agus ar cibé dóigh is oiriúnach leis, ina mbeidh liosta de na daoine go léir a bhí, an lá a shonrófar san fhógra, ina sealbhóirí ar cheadúnais déileálaithe i bhfiadhúlra.

[EN]

(2) Nuair a chúlghairfear ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra faoi alt 49 den Acht seo agus go bhfaighidh an tAire cóip den ordú ag cúlghairm an cheadúnais, ansin, más rud é—

[EN]

(a) nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an ordaithe agus go mbeidh an tréimhse chun achomharc den sórt sin a dhéanamh imithe in éag, nó

[EN]

(b) go ndéanfar achomharc den sórt sin agus go ndaingneofar an t-ordú san achomharc nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc,

[EN]

féadfaidh an tAire fógra faoin gcúlghairm a fhoilsiú ar cibé dóigh is oiriúnach leis.

[EN]

Iompar pacáistí, etc., ina bhfuil fauna áirithe.

51.—(1) Baineann an t-alt seo le haon phacáiste, beartán, bosca nó coimeádán eile ina mbeidh gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas, eadhon:

[EN]

(a) aon éan fiáin cosanta nó aon ainmhí fiáin cosanta,

[EN]

(b) corpán marbh, conablach nó aon chuid eile d'éan fiáin cosanta nó d'ainmhí fiáin cosanta,

[EN]

(c) uibheacha éin fhiáin chosanta.

[EN]

(2) Beidh gach pacáiste, beartán, bosca nó coimeádán eile lena mbaineann an t-alt seo, le linn a iompartha, de láimh nó ar dhóigh eile, marcáilte go feiceálach ar an taobh amuigh de nó ar dhuillín a bheidh greamaithe de, chun a chur in iúl go soiléir—

[EN]

(a) go bhfuil éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta, cibé acu é, istigh sa phacáiste, sa bheartán, sa bhosca nó sa choimeádán eile, agus

[EN]

(b) cad is ainm agus seoladh don choinsíneoir.

[EN]

(3) Aon duine a choinsíneoidh nó a iompróidh pacáiste, beartán, bosca nó coimeádán eile nach mbeidh marcáilte sa dóigh a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo agus a fhios aige go bhfuil aon rud dá luaitear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo istigh sa phacáiste, sa bheartán, sa bhosca nó sa choimeádán eile, cibé acu é, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(4) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint mhaith é a shuíomh nach raibh, tráth an chiona líomhnaithe, i bpacáiste, i mbeartán, i mbosca nó i gcoimeádán eile lena mbaineann an cion líomhnaithe, éin fhiáine chosanta ná ainmhithe fiáine cosanta seachas iad seo a leanas, eadhon, éan fiáin cosanta nó mamach fiáin díolmhaithe a fiachadh go dleathach de bhua ordú faoi alt 24 nó 25 den Acht seo nó corpán marbh éin fhiáin chosanta nó mamaigh fhiáin dhíolmhaithe den sórt sin nó aon chuid den chéanna.

[EN]

Fauna agus flora a allmhairiú.

1958, Uimh. 11.

1966, Uimh. 6.

1947, Uimh. 28.

1953, Uimh. 26.

52.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, allmhairiú gach ceann nó aon cheann acu seo a leanas a thoirmeasc, le rialacháin, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire nó thar a cheann faoin alt seo:

[EN]

(a) aon ainmhí fiáin nó éan fiáin de speiceas a shonrófar sna rialacháin,

[EN]

(b) corpán marbh nó conablach ainmhí fhiáin nó éin fhiáin is de speiceas a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(c) aon chuid, seachas an conablach, nó aon táirge d'ainmhí fiáin nó d'éan fiáin is cuid nó is táirge a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(d) uibheacha nó sceathrach speicis d'ainmhí fiáin nó d'éan fiáin a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(e) aon phlanda de speiceas a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(f) bláthanna nó fréamhacha aon phlanda den sórt sin,

[EN]

(g) aon chuid, seachas na bláthanna nó na fréamhacha, d'aon phlanda den sórt sin nó aon táirge uaidh, is cuid nó is táirge a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine chun aon rud a allmhairiú a dtoirmisctear a allmhairiú le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ceadúnas a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a dheonú thar a cheann.

[EN]

(4) I gcás ina n-allmhaireofar ainmhí, planda nó aon rud eile contrártha don alt seo, féadfaidh oifigeach Custam agus Máil a cheangal ar aon duine (arb é an t-allmhaireoir nó an t-iompróir a bheidh i gceist é) an t-ainmhí, an planda nó an rud eile a onnmhairiú laistigh d'am sonraithe, agus mura ndéanfaidh an duine sin de réir an cheanglais sin, beidh sé ciontach i gcion agus déanfar an t-ainmhí, an planda nó an rud eile a mharú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile de réir mar a ordóidh an tAire.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo nó in alt 53 den Acht seo toirmeasc, dochar ná difear d'fheidhmeanna an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh faoi Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1958, faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966, nó faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, ná d'fheidhmeanna an Aire Sláinte faoi alt 31 den Acht Sláinte, 1947, arna leasú le halt 34 den Acht Sláinte, 1953.

[EN]

Fauna agus flora a onnmhairiú.

1947, Uimh. 18.

53.—(1) Faoi réir alt 52 (5) den Acht seo, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, onnmhairiú gach ceann nó aon cheann acu seo a leanas a thoirmeasc, le rialacháin, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire nó thar a cheann faoin alt seo:

[EN]

(a) éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta de speiceas a shonrófar sna rialacháin,

[EN]

(b) corpán marbh nó conablach éin fhiáin chosanta nó ainmhí fhiáin chosanta de speiceas a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(c) aon chuid, seachas an conablach, nó aon táirge d'ainmhí fiáin nó d'éan fiáin is cuid nó is táirge a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(d) uibheacha nó sceathrach speicis d'ainmhí fiáin nó d'éan fiáin a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(e) plandaí fiáine is de speiceas a shonrófar amhlaidh agus lena mbaineann ordú faoi alt 21 den Acht seo de thuras na huaire,

[EN]

(f) bláthanna nó fréamhacha aon phlanda fhiáin den sórt sin,

[EN]

(g) aon chuid, seachas na bláthanna nó na fréamhacha, nó aon táirge d'aon phlanda den sórt sin is cuid nó is táirge a shonrófar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine chun aon rud a onnmhairiú a dtoirmisctear a onnmhairiú le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ceadúnas a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a dheonú thar a cheann.

[EN]

(4) Féadfaidh aon oifigeach don Aire Poist agus Telegrafa aon phacáid phoist a bheidh dírithe go háit lasmuigh den Stát agus a mbeidh ann, nó a mbeidh amhras air go bhfuil ann, aon rud atá á onnmhairiú contrártha don alt seo, a choinneáil agus a scrúdú, agus a oscailt chuige sin más gá, agus má bhíonn aon rud den sórt sin i bpacáid phoist a choinneofar amhlaidh, déanfaidh an t-oifigeach don Aire Poist agus Telegrafa an phacáid agus a bhfuil inti a dhiúscairt de réir treoracha an Aire.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo toirmeasc ná dochar ná difear d'fheidhmeanna an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh faoin Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947, ná d'fheidhmeanna a bheidh de thuras na huaire aistrithe chuig an Aire Tionscail agus Tráchtála agus dílsithe dó, le hordú faoi alt 5 den Acht sin.

[EN]

Cosaint maidir leis na hAchtanna Custam.

54.—Ní shaorfaidh aon ordú ná rialachán ná ní arna dhéanamh faoi fhorálacha an Achta seo, nó dá réir, an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir ná aon duine eile a mbeidh baint aige le hallmhairiú nó onnmhairiú aon ainmhí, planda nó ruda eile, ó chomhlíonadh cheanglais iomchuí na nAchtanna Custam maidir leis an ainmhí nó an planda nó an ruda áirithe eile.

CUID IV

Talamh agus Uiscí

[EN]

Orduithe talamhcheannaigh.

55.—(1) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

ciallaíonn “talamh le haistriú”—

[EN]

(a) i gcás gur deimhin leis an Aire gur talamh ar teachtadh i gcimíneacht an talamh iomchuí agus mura mian le duine amháin ar a laghad d'úinéirí na talún a leas sa talamh a dhíol de bhun an ailt seo leis an Aire, an talamh sin uile ach amháin an chuid de atá le tógáil i modh malairte faoin alt seo,

[EN]

(b) in aon chás eile, an talamh iomchuí;

[EN]

ciallaíonn “talamh ar teachtadh i gcimíneacht” talamh atá ar teachtadh ag beirt daoine nó níos mó (dá ngairtear úinéirí i gcoiteannas san alt seo) i scaireanna neamhroinnte, cibé acu mar nasc-thionóntaí nó mar thionóntaí i gcoiteannas é;

[EN]

ciallaíonn “talamh iomchuí” an talamh go léir atá, nó a bhfuil sé beartaithe é a bheith, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, ina ábhar d'ordú faoin alt seo;

[EN]

ciallaíonn “talamh fágtha”, maidir le talamh iomchuí ar deimhin leis an Aire gur talamh é atá ar teachtadh i gcimíneacht agus nach mian le húinéir amháin ar a laghad a leas sa talamh sin a dhíol de bhun an ailt seo leis an Aire, an talamh go léir, ar leith ón talamh le haistriú, a chuimsítear sa talamh iomchuí;

[EN]

tá le “blianacht Stáit” an bhrí cheanna atá leis in alt 12 d'Acht 1946.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) gur mian leis an Aire talamh a cheannach, agus

[EN]

(b) gur chun críche de chuid an Achta seo nó de chuid na nAcht Foraoiseachta, 1946 agus 1956, a bheartaíonn an tAire an talamh a úsáid, agus

[EN]

(c) go bhfuil úinéireacht na talún cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, agus

[EN]

(d)  (i) go n-éileoidh an díoltóir go bhfuil leas aige sa talamh a chumasaíonn dó seilbh ghlan ar an talamh a thairiscint don Aire, nó

[EN]

(ii) go n-éileoidh an díoltóir gur talamh atá ar teachtadh i gcimíneacht an talamh, agus go bhfuil leas aige ann a chumasaíonn dó scair neamhroinnte ann a thairiscint don Aire, agus

[EN]

(e) go bhfaighidh an tAire—

[EN]

(i) i ngach cás, ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an díoltóir ina sonrófar na forais ar a bhfuil a éileamh bunaithe agus ina ndéarfar go bhfuil an díoltóir toilteanach an leas a éilíonn sé a bheith aige sa talamh a dhíol leis an Aire ar phraghas a comhaontaíodh idir an díoltóir agus an tAire agus a shonrófar sa ráiteas,

[EN]

(ii) i gcás ina n-éileoidh an díoltóir gur talamh é atá ar teachtadh i gcimíneacht aige in éineacht le haon úinéir amháin eile i gcoiteannas agus gan an t-úinéir sin a bheith toilteanach a leas sa talamh a dhíol leis an Aire, i dteannta an ráitis a dúradh, ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine eile lena mbaineann ag sonrú na bhforas ar a bhfuil a éileamh chun úinéireachta i gcoiteannas bunaithe agus á rá go bhfuil sé toilteanach a leas sa talamh go léir a mhalartú ar leas aonair nó eisiatach i gcuid den talamh a bheidh sonraithe sa ráiteas,

[EN]

(iii) i gcás ina n-éileoidh an díoltóir gur talamh é atá ar teachtadh i gcimíneacht aige in éineacht le beirt úinéir eile nó níos mó i gcoiteannas agus gan na húinéirí sin i gcoiteannas a bheith toilteanach a leasanna sa talamh a dhíol leis an Aire, i dteannta an ráitis a thuairiscítear i bhfomhír (i) den mhír seo, ráiteas i scríbhinn ó gach duine lena mbaineann, agus é sínithe aige, ag sonrú na bhforas ar a bhfuil a éileamh chun úinéireachta i gcoiteannas bunaithe agus á rá go bhfuil sé toilteanach a leas sa talamh go léir a mhalartú ar scair neamhroinnte i gcoiteannas in éineacht leis na húinéirí eile i gcoiteannas, ar leith ón díoltóir, i gcuid den talamh a shonraítear sa ráiteas,

[EN]

féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, ordú a dhéanamh faoin alt seo (dá ngairtear ordú ceannaigh anseo feasta san alt seo) maidir leis an talamh.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú ceannaigh mura rud é—

[EN]

(a) gur chuir an tAire faoi deara fógra san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl é a bheith ar intinn aige an t-ordú a dhéanamh, agus ag sonrú na talún iomchuí, a fhoilsiú dhá mhí roimhe sin ar a dhéanaí san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh sin agus go mbeidh cóipeanna den fhógra seirbheáilte go cuí ar dhíoltóir na talún sin agus ar gach duine eile ar dóigh leis an Aire leas a bheith aige sa talamh sin, agus

[EN]

(b) nach bhfuil eolas ag an Aire faoi aon éileamh, seachas éileamh an díoltóra, chun leasa sa talamh, nó nach eol dó ualach a bheith cláraithe i gclár a choimeádtar faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, a luíonn ar an talamh, nó i gcás gurb eol don Aire aon éileamh eile den sórt sin, go bhfuil an t-ualach nó an t-éileamh diúscartha chun sástachta an Aire, úinéir an ualaigh nó an duine atá ag déanamh an éilimh, cibé acu é, agus aon duine eile arb eol don Aire baint a bheith aige leis.

[EN]

(4) Nuair a dhéanfaidh an tAire ordú ceannaigh beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) déanfaidh an t-ordú gan a thuilleadh forchinntithe an talamh le haistriú a dhílsiú don Aire i bhfeo simplí saor ó gach ceart (lena n-áirítear aon cheart poiblí), muirear, ualach nó eire eile nó leas, agus ó éilimh gach duine atá leasmhar sa talamh sin, cibé acu i leith eirí nó leasanna ann nó ar dhóigh ar bith eile, seachas—

[EN]

(i) i gcás an talamh sin a bheith faoi réir blianachta Stáit, an bhlianacht Stáit sin,

[EN]

(ii) cibé ualaí (más ann) a shonrófar san ordú,

[EN]

(b) más talamh i gcimíneacht an talamh iomchuí, amhail ar dháta an ordaithe agus uaidh sin amach scoirfidh an talamh de bheith ar teachtadh i gcoiteannas ag na húinéirí i gcoiteannas, agus—

[EN]

(i) i gcás ina raibh an talamh iomchuí, díreach sula ndearnadh an t-ordú, ar teachtadh ag an díoltóir agus ag beirt úinéir eile nó níos mó i gcoiteannas (arb úinéirí i gcoiteannas iad nach bhfuil toilteanach a leasanna sa talamh a dhíol leis an Aire), déanfaidh an t-ordú gan a thuilleadh forchinntithe an talamh fágtha a dhílsiú i bhfeo simplí do na húinéirí eile i gcoiteannas agus do na húinéirí sin amháin i gcoiteannas, agus beidh an talamh sin ar teachtadh acu mar thionóntaí i gcoiteannas i scaireanna ar comhréir le cionúireachtaí na scaireanna a bhí acu, ceann ar cheann, sa talamh iomchuí,

[EN]

(ii) i gcás ina raibh an talamh iomchuí, díreach sula ndearnadh an t-ordú, ar teachtadh ag an díoltóir in éineacht le haon úinéir amháin eile i gcoiteannas (arb úinéir i gcoiteannas é nach bhfuil toilteanach a leas sa talamh a dhíol leis an Aire), dílseoidh an t-ordú an talamh fágtha i bhfeo simplí don úinéir i gcoiteannas,

[EN]

(c) maidir le leas an díoltóra sa talamh iomchuí—

[EN]

(i) oibreoidh an t-ordú, amhail ar dháta an ordaithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bhí ar marthain i leith an leasa sin, díreach roimh dháta an ordaithe, a aistriú agus iad a chur ag gabháil leis an méid is iníoctha ag an Aire leis an díoltóir de bhun fho-alt (6) den alt seo, agus

[EN]

(ii) beidh an méid sin, maidir le haon chearta nó éilimh, chun an leasa nó ina choinne, a bhí ar marthain díreach roimh dháta an ordaithe, in ionannas leis an leas sin chun gach críche,

[EN]

(d) maidir le leas úinéirí i gcoiteannas (más ann), ar leith ón díoltóir, sa talamh iomchuí—

[EN]

(i) oibreoidh an t-ordú, amhail ar dháta an ordaithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bhí ar marthain i leith leas na n-úinéirí sin i gcoiteannas sa talamh iomchuí, díreach roimh dháta an ordaithe, a aistriú chun leasa na n-úinéirí sin i gcoiteannas sa talamh fágtha, agus

[EN]

(ii) beidh leas na n-úinéirí sin i gcoiteannas sa talamh fágtha, maidir le haon chearta nó éilimh chun nó i gcoinne leas na n-úinéirí sin i gcoiteannas sa talamh iomchuí, a bhí ar marthain díreach roimh dháta an ordaithe, in ionannas leis an leas is déanaí atá luaite de chuid na n-úinéirí sin i gcoiteannas, chun gach críche.

[EN]

(5) I gcás talamh le haistriú a theacht chun bheith dílsithe don Aire de bhua ordú arna dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an tAire a chlárú sa chlár iomchuí a choimeádtar faoin Acht sin mar úinéir (de réir brí an Achta sin) na talún agus ina theannta sin cuirfidh an t-údarás faoi deara go ndéanfar sa chlár iomchuí sin cibé athruithe eile (más ann) is iomchuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

[EN]

(6) Ar ordú ceannaigh a dhéanamh, déanfaidh an tAire—

[EN]

(a) i gcás gan eolas a bheith ag an Aire an uair sin faoi aon éileamh ar leas sa talamh áirithe, seachas éileamh an díoltóra, nó sa chás go bhfuil eolas ag an Aire faoi éileamh eile den sórt sin agus má fuair an tAire ráiteas dá dtagraítear i bhfo-mhír (ii) nó i bhfo-mhir (iii) d'fho-alt (2) (e) den alt seo nó má comhaontaíodh idir an tAire agus an duine atá ag déanamh an éilimh eile nach bhfuil aon íocaíocht le déanamh ag an Aire i leith an éilimh, suim is ionann agus an praghas ceannaigh comhaontaithe a íoc leis an díoltóir,

[EN]

(b) i gcás éileamh nó éilimh chun leasa den sórt sin, seachas éileamh an díoltóra, a bheith déanta agus gur chomhaontaigh an tAire íocaíocht a dhéanamh i leith an éilimh eile sin, an tsuim a comhaontaíodh ina leith a íoc le haon duine a rinne an t-éileamh eile sin agus cibé suim a íoc leis an díoltóir a mbeidh an tAire agus an díoltóir tar éis comhaontú uirthi ag féachaint don éileamh nó do na héilimh eile sin, cibé acu é.

[EN]

(7) Duine ag a mbeidh, díreach roimh ordú ceannaigh a dhéanamh, teideal chun leasa sa talamh iomchuí ach nach gcuirfidh in iúl don Aire, sula ndéanfar an t-ordú ceannaigh sin, a éileamh chun an leasa scoirfidh sé, amhail ó dhéanamh an ordaithe sin, de leas ar bith a bheith aige sa talamh sin agus ina ionad sin beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón Aire i leith an leasa a cailleadh; ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar chúiteamh chuig an Aire—

[EN]

(a) más mionaoiseach nó duine mímheabhrach é, laistigh de thréimhse sé bliana ón dáta a scoirfidh an duine sin de bheith faoin míchumas sin nó a éagfaidh sé, cibé ní acu sin is túisce a tharlóidh, ach tráth nach déanaí ná tríocha bliain tar éis an t-ordú ceannaigh sin a dhéanamh,

[EN]

(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse sé bliana ó dháta an ordaithe cheannaigh.

[EN]

(8) Mura gcomhaontaítear ar an gcúiteamh is iníoctha ag an Aire de bhun fho-alt (7) den alt seo, socróidh na Coimisinéirí Tuata é faoi alt 31 d'Acht 1946 ionann is dá mba chúiteamh é as leas i dtalamh dílsithe de réir brí Chuid III den Acht sin.

[EN]

(9) Faoi réir míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (7) den alt seo, féadfar cúiteamh faoin bhfo-alt sin a íoc le hionadaí pearsanta duine a bheidh ina theideal.

[EN]

(10) Nuair a íocfaidh an tAire cúiteamh faoi fho-alt (7) den alt seo de bhun iarratais chuige sin, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a cheangal ar an duine a chomhaontaigh leis leas i dtalamh lena mbaineann an t-iarratas a dhíol go n-íocfaidh sé leis—

[EN]

(a) mura mó méid an chúitimh ná an tsuim a d'íoc an tAire leis an duine de bhun fho-alt (6) den alt seo, méid is ionann agus an cúiteamh,

[EN]

(b) más mó méid an chúitimh ná an tsuim a íocadh amhlaidh, an tsuim a íocadh amhlaidh.

[EN]

agus mura n-íocfaidh duine leis an Aire méid a bheidh ceangailte air go cuí a íoc leis an Aire faoin alt seo, beidh an méid sin inghnóthaithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(11) Nuair a dhéanfar ordú ceannaigh maidir le talamh (dá ngairtear an talamh aistrithe san fho-alt seo) a bhí, díreach roimh dháta an ordaithe, faoi réir blianachta Stáit i dteannta talún eile, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) tabharfaidh an tAire fógra faoin ordú a dhéanamh don údarás lenarb iníoctha an bhlianacht Stáit,

[EN]

(b) déanfaidh an t-údarás sin, a luaithe is féidir tar éis dó an fógra a fháil, ní amháin díobh seo a leanas, eadhon—

[EN]

(i) an bhlianacht Stáit a chionroinnt, le héifeacht amhail ar an lá díreach roimh dháta an ordaithe cheannaigh agus ón lá sin amach, ar cibé dóigh is cuí leis an údarás, idir an talamh aistrithe agus an t-iomlán nó cuid den talamh eile, nó

[EN]

(ii) dearbhú go bhfuil iomlán na blianachta stáit de mhuirear go heisiatach, le héifeacht amhail ar an lá díreach roimh dháta an ordaithe cheannaigh agus ón lá sin amach, ar an talamh aistrithe nó ar an iomlán nó cuid den talamh eile.

[EN]

(12) Cuirfear i gceangal le hordú ceannaigh léarscáil nó plean a thaispeánfaidh an talamh lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

(13) Ní bheidh aon dleacht stampa le híoc ar aon ordú ceannaigh ná ní bheidh aon táille le híoc maidir le himeachtaí i gClárlann na Talún faoi fho-alt (5) den alt seo.

[EN]

Bainistíocht etc., ar thalamh áirithe a bheidh faighte, ar teachtadh nó á úsáid ag an Aire.

56.—(1) An talamh go léir a bheidh faighte nó dílsithe don Aire faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, nó a bheidh dílsithe amhlaidh de bhua an Ordaithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí d'Athroinnt), 1933. seachas talamh a measann an tAire nár cheart go mbainfeadh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo leis agus a mbeidh treoir (a chumhachtaítear dó a thabhairt leis seo) nach mbaineann na fo-ailt sin leis an talamh tugtha aige agus i bhfeidhm, beidh sé ar teachtadh aige chun críocha na nAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, agus chun críocha an Achta seo, agus féadfar, de réir mar is iomchuí leis an Aire, é a bhainistí agus a úsáid tráth ar bith chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas, eadhon:

[EN]

(a) chun barraí foraoiseachta a fhás,

[EN]

(b) chun fiadhúlra a chaomhnú,

[EN]

(c) chun gustail fiaigh agus iascaigh a bhainistí agus a shaothrú,

[EN]

(d) chun críocha eile atá coimhdeach le haon críocha acu sin roimhe seo, lena n-áirítear fios na heolaíochta a chur chun cinn, cuspóirí taitneamhachta, caithimh aimsire nó oideachais.

[EN]

(2) Nuair a mheasfaidh an tAire nach bhfuil talamh, a fuair an tAire nó a dílsíodh dó mar a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, oiriúnach chun aon chríche dá luaitear san fho-alt sin, féadfaidh sé an talamh sin a bhainistí nó a úsáid nó féadfaidh sé déileáil leis ar cibé dóigh eile is oiriúnach leis, agus mura mbíonn talamh a bheidh faighte nó dílsithe amhlaidh ag teastáil láithreach lena úsáid chun críche den sórt sin féadfar, fad a bheifear ag feitheamh lena úsáid chuige sin, an talamh a úsáid ar cibé dóigh is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire cibé táillí (más aon táillí iad) is cuí leis a ghearradh ar an bpobal as rochtain a bheith acu ar aon talamh atá á bhainistí nó á úsáid aige chun críche dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó as an talamh sin a úsáid le haghaidh carrpháirceála nó chun aon chríche eile.

[EN]

Uiscí intire áirithe ar úinéireacht ag an Stát.

1942, Uimh. 1.

57.—(1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil amhras ann faoi aon loch nó aon uiscí intíre a bheith, nó gan iad a bheith, ag baint leis an Stát ach gurb é a thuairim féin gur dócha gur leis an Stát an loch nó na huiscí intíre eile, féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil an loch nó na huiscí intíre eile á cheangal, de réir mar a bheidh ráite san fhógra—

[EN]

(a) ar aon duine a éileoidh go bhfuil leas aige, nó go bhfuil teideal aige chun leasa, sa loch nó sna huiscí intíre eile (a shonrófar san fhógra) nó thar an gcéanna nó, i gcás locha, sa bhreisiú (más ann) ar imeall an locha ón loch, nó thairis, nó

[EN]

(b) ar aon duine a éileoidh go bhfuil leas aige, nó go bhfuil teideal aige chun leasa, seachas ceart iascaireachta, sa loch nó sna huiscí intíre eile (a shonrófar amhlaidh) nó thar an gcéanna nó sa bhreisiú sin ar an imeall locha sin, nó thairis,

[EN]

sonraí an leasa, mar aon le hachomaireacht (agus cóipeanna ina teannta de na doiciméid uile as ar baineadh ábhar na hachomaireachta) ar a theideal chun an leasa nó ar na forais ar a bhfuil an t-éileamh bunaithe, a thabhairt don Aire, laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra (agus nach lú ná dhá mhí ó dháta an fhoilsithe san Iris Oifigiúil).

[EN]

(2) Nuair a thabharfaidh duine don Aire sonraí is gá de réir fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, íocfaidh an tAire leis an duine sin na costais uile a thabhaigh sé de riachtanas agus ó réasún i ndáil leis sin.

[EN]

(3) Nuair a fhoilseofar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, más rud é maidir le hiomlán na n-uiscí intíre agus an bhreisithe imill locha (más ann) lena mbaineann an fógra nó le cuid de na huiscí nó den bhreisiú imill locha sin (más ann)—

[EN]

(a) nach mbeidh sonraí leasa tugtha ag aon duine laistigh den tréimhse shonraithe, maille leis an achomaireacht agus leis na cóipeannna de dhoiciméid is gá de réir an fhógra a thabhairt i dtacaíocht chuí leis na sonraí sin, nó

[EN]

(b) go mbeidh an tréimhse a sonraíodh amhlaidh caite agus go bhfaighidh an tAire, trí chomhaontú, na leasanna go léir ar tugadh a sonraí dó de bhun an ailt seo,

[EN]

ansin, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú—

[EN]

(i) i gcás ina gcomhlíontar ceanglais mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo maidir le hiomlán na n-uiscí intíre sin agus an bhreisithe imill locha sin (más ann), gur leis an Stát an feo simplí sa talamh faoi na huiscí lena mbaineann an fógra nó, i gcás locha, atá cuimsithe in aon bhreisiú imill locha, ón loch, lena mbaineann an fógra.

[EN]

(ii) i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sin ach amháin maidir le cuid áirithe de na huiscí intíre sin, nó maidir le cuid áirithe d'aon bhreisiú imill locha den sórt sin, nó maidir le cuid áirithe de na huiscí intíre sin agus den bhreisiú imill locha sin, gur leis an Stát an feo simplí sa talamh faoin gcuid de na huiscí intíre sin, nó atá cuimsithe sa chuid sin den bhreisiú imill locha sin, nó sa talamh sin agus cuimsithe amhlaidh, de réir mar is iomchuí,

[EN]

mar aon le haon leas sa talamh sin nó sna huiscí sin, nó tharstu, is ísle ná an feo simplí réamhráite sin; ar choinníoll, más sonraí ar leasanna seachas cearta iascaireachta na sonraí is gá de réir an fhógra a thabhairt don Aire, go ndéanfar téarmaí an dearbhaithe a chumadh ar dhóigh nach mbeidh cearta iascaireachta san áireamh iontu.

[EN]

(4) Aon dearbhú a dhéanfar faoin alt seo oibreoidh sé i gcás na talún lena mbaineann sé, de réir a théarmaí agus beidh sé ina fhianaise dhochloíte ar na nithe a dhearbhófar agus ní thabharfar faoi cheist é in aon imeachtaí dlíthiúla.

[EN]

(5) Nuair a dhéanfaidh an tAire dearbhú faoin alt seo agus go gcruthóidh duine ina dhiaidh sin go mbeadh leas aige (dílsithe nó teagmhasach) sa talamh nó sa loch nó sna huiscí intíre eile lena mbaineann an dearbhú nó thar an gcéanna, mura mbeadh an dearbhú sin a dhéanamh, beidh teideal ag an duine sin cúiteamh a fháil ón Aire i leith an leasa.

[EN]

(6) Cheal comhaontaithe, déanfar éileamh faoin alt seo ar íocaíocht chúitimh a chinneadh trí eadráin faoi Acht 1919 ar an dóigh chéanna go huile agus go hiomlán ina ndéanfaí sin dá mba éileamh é as talamh a thógáil go héigeantach.

[EN]

(7) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo toirmeasc, dochar ná difear d'fheidhmeanna údarás sláintíochta nó an Aire Rialtais Áitiúil faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta). 1878 go 1964, nó faoin Acht Soláthairtí Uisce. 1942.

[EN]

An ceart chun fiach ar fharraigí teorann an Stáit a dhílsiú don Stát.

58.—(1) Dearbhaitear leis seo gur leis an Stát an ceart chun fauna a fhiach sa pháirt, nó thar an bpáirt, den fharraige arb iad farraigi teorann an Stáit atá inti.

[EN]

(2) Ní dleathach do dhuine, gan cead ón Aire, fauna a fhiach at, in, ná thar, aon chuid den pháirt den fharraige a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh foghail déanta aige.

[EN]

(4) Ní rachaidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon imeachtaí dlíthiúla a d'fhéadfaí a thionscnamh ar leith ón alt seo, agus má sháraíonn duine fo-alt (2) den alt seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, é a agairt i bhfoghail in aon chúirt dlínse inniúla, agus chun dlínse a thabhairt faoin Acht seo measfar an fhoghail a bheith déanta san áit a mbeadh an duine a ndearnadh an gearán air.

[EN]

Rialacháin ag ceadú agus ag rialú rochtain phoiblí ar thalamh áirithe.

59.—(1) Faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (7) den alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheadú don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme nó roinn áirithe den phobal nó do chomhaltaí aon chomhlachta daoine is d'aicme nó de thuairisc áirithe nó do chomhaltaí comhlachta áirithe daoine rochtain a bheith acu ar na háiteanna seo a leanas agus iad a úsáid de réir na rialachán—

[EN]

(a) urthrá de chuid an Stáit.

[EN]

(b) talamh (dá ngairtear tearmann anseo feasta san alt seo) lena mbaineann ordú sainiúcháin.

[EN]

(c) aon talamh (lena n-áirítear talamh faoi uiscí intíre) lena mbaineann ordú bunaithe agus is talamh de chuid an Stáit nach bhfuil leas i gcomhpháirt ná go leithleach ann ag an Aire (talamh dá ngairtear amhlaidh anaclann dúlra talún Stáit),

[EN]

(d) talamh seachas urthrá mar atá luaite i mír (a) den fho-alt seo, arb é leaba na farraige é faoi chuid d'fharraigí teorann an Stáit agus lena mbaineann ordú bunaithe (talamh dá ngairtear amhlaidh anaclann dúlra leaba farraige).

[EN]

(2) Bainfidh rialacháin faoin alt seo leis an urthrá go léir is de chuid an Stáit, le gach tearmann, gach anaclann dúlra talún Stáit agus gach anaclann dúlra leaba farraige, nó le haon urthrá den sórt sin nó le haon tearmann, anaclann dúlra talún Stáit nó anaclann dúlra leaba farraige is d'aicme nó de thuairisc áirithe, nó le hurthrá áirithe den sórt sin nó le tearmann nó anaclann dúlra talún Stáit nó anaclann dúlra leaba farraige áirithe.

[EN]

(3) Déanfaidh rialacháin faoin alt seo a bhaineann le hurthrá rochtain ar an urthrá sin nó a húsáid a rialú a mhéad is riachtanach leis an Aire chun fiadhúlra a chaomhnú agus ní dhéanfaidh sé na rialacháin sin gan dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus, i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo, má bhaineann na rialacháin le hurthrá seachas urthrá ar teachtadh ag an Aire, ní dhéanfar iad gan dul i gcomhairle—

[EN]

(a) i gcás an urthrá sin a bheith ar teachtadh ag na Coimisinéirí, leis na Coimisinéirí,

[EN]

(b) in aon chás eile, leis an Aire Stáit a mbeidh an urthrá ar teachtadh aige.

[EN]

(4) Déanfaidh rialacháin faoin alt seo a bhaineann le hanaclann rochtain ar an anaclann nó a húsáid a rialú a mhéad is gá chun gur féidir lánéifeacht a bheith leis an ordú sainiúcháin iomchuí.

[EN]

(5) (a) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo agus mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, le rialacháin, rochtain ar thalamh lena mbaineann ordú aitheantais nó comhaontú faoi alt 18 den Acht seo, agus úsáid na talún sin ag an bpobal i gcoitinne, a cheadú agus a rialú.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin bhfo-alt seo ach amháin ar iarratas agus le comhaontú—

[EN]

(i) má bhaineann na rialacháin le talamh a bhfuil feidhm ina leith ag ordú aitheantais, ó úinéir na talún sin.

[EN]

(ii) má bhaineann na rialacháin le talamh a bhfuil feidhm ina leith ag comhaontú faoin alt sin 18, ó na páirtithe go léir sa chomhaontú (seachas an tAire más páirtí ann é).

[EN]

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh an tAire, le rialacháin, ar iarratas agus le comhaontú ó bhord arna bhunú de bhun alt 14 den Acht seo, rochtain ar aon talamh i seilbh an bhoird sin agus a úsáid ag an bpobal i gcoitinne a cheadú agus a rialú.

[EN]

(7) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin—

[EN]

(a) faoi fho-alt (5) nó fo-alt (6) den alt seo,

[EN]

(b) faoi fho-alt (1) den alt seo chun rochtain ar urthrá nó ar anaclann (nach anaclann ar teachtadh ag an Aire) a raibh rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi díreach roimh thosach feidhme an ailt seo,

[EN]

gan dul i gcomhairle le haon údarás pleanála a bhfuil an urthrá iomchuí tadhlach le haon chuid dá limistéar nó a bhfuil an talamh iomchuí, nó aon chuid de, ina limistéar.

[EN]

(8) (a) I gcás rialachán faoin alt seo a bhfuil éifeacht acu maidir le talamh ar teachtadh ag an Stát, má scoireann an Stát den talamh lena mbaineann siad a theachtadh, scoirfidh na rialacháin as a aithle sin d'éifeacht a bheith acu maidir leis an talamh.

[EN]

(b) I gcás rialachán faoin alt seo a bhfuil éifeacht acu maidir le talamh lena mbaineann, de thuras na huaire, ordú sainiúcháin nó ordú aitheantais, cibé acu é, má chúlghairtear an t-ordú, scoirfidh na rialacháin as a aithle sin d'éifeacht a bheith acu maidir leis an talamh.

[EN]

(c) Scoirfidh rialacháin arna ndéanamh de bhun fho-alt (6) den alt seo d'éifeacht a bheith acu nuair a dhíscaoilfear, má dhíscaoiltear, an bord ar ar iarrtas uaidh a rinneadh na rialacháin nó má scoireann sé ar dhóigh eile den talamh a theachtadh ar ina leith a rinneadh na rialacháin.

[EN]

(9) Nuair a dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis a ndéanta amhlaidh, cóip de na rialacháin a chur chuig an mBord agus chuig aon údarás pleanála—

[EN]

(a) i gcás na rialacháin a bhaint le hurthrá, a bhfuil an urthrá sin tadhlach le haon chuid dá limistéar.

[EN]

(b) in aon chás eile, ar ina limistéar atá an tearmann nó an talamh eile lena mbaineann nó aon chuid den talamh sin.

[EN]

(10) Má chinneann an tAire ar chead a thabhairt don phobal i gcoitinne, cibé acu le fodhlíthe, rialacha, rialacháin nó eile é, rochtain a bheith acu chun críocha oideachais nó scíthe, faoi réir coinníollacha sonraithe, ar thalamh ar teachtadh ag an Aire, tabharfaidh sé sonraí faoina chinneadh, a luaithe is féidir, don Bhord agus d'aon údarás pleanála ar ina limistéar atá an talamh nó aon chuid de, agus má dhéanann an tAire athrú nó cúlghairm ar chinneadh den sórt sin cuirfidh sé an t-athrú nó an chúlghairm sin in iúl don Bhord agus don údarás pleanála sin mar an gcéanna.

[EN]

(11) I gcás ina gceadóidh an tAire, faoi réir coinníollacha sonraithe, agus cibé acu le fodhlíthe, rialacha, rialacháin nó eile é, rochtain chun críocha oideachais nó scíthe ar thalamh ar teachtadh aige, beidh duine ar bith nach gcomhlíonfaidh aon choinníoll den sórt sin, cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh é, ciontach i gcion.

[EN]

Cearta slí a bhunú.

60.—(1) Más rud é, i ndáil le haon talamh ar teachtadh ag an Aire chun críocha an Achta seo, nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha Acht 1946, go dteastóidh ceart slí ón Aire, de bhealach áirithe, thar aon talamh eile, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Tuata de bhun alt 21 (1) d'Acht 1946 agus, chun críocha an ailt seo, forléireofar an chéad tagairt san alt sin 21 (1) do thalamh mar thagairt a fholaíonn tagairt do thalamh ar teachtadh ag an Aire chun críocha an Achta seo nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha Acht 1946.

[EN]

(2) Nuair a dhéanfaidh an tAire, de bhua an ailt seo, iarratas faoi alt 21 (1) d'Acht 1946, beidh éifeacht as a aithle sin ag forálacha míreanna (a) go (h) den alt sin agus beidh feidhm ag alt 3 den Acht sin maidir leis an iarratas.

[EN]

(3) Bainfidh fo-ailt (2) go (7) d'alt 21 d'Acht 1946 le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt sin de bhua an ailt seo amhail mar a bhainfeadh dá mba sa ghnáthchúrsa faoi fho-alt (1) den alt sin a dhéanfaí an t-iarratas.

[EN]

Éasúintí a mhúchadh.

61.—(1) I gcás aon talamh ar teachtadh ag an Aire chun críocha an Achta seo, nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha Acht 1946, a bheith faoi réir aon éasúintí, féadfaidh an tAire ordú múchta a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuata chun na héasúintí sin nó aon cheann nó cinn acu a mhúchadh.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha fho-ailt (2) go (12) d'alt 19 d'Acht 1946 le hiarratas, arna dhéanamh de bhua fho-alt (1) den alt seo, ar ordú múchta amhail is dá mba faoi fho-alt (1) den alt sin 19 a dhéanfaí an t-iarratas, agus beidh feidhm ag alt 3 d'Acht 1946 maidir leis an iarratas.

[EN]

(3) San alt seo tá le “ordú múchta” an bhrí a shanntar dó le halt 19 d'Acht 1946.

[EN]

CUID V

Achtacháin a Leasú

[EN]

Leasú ar alt 3 d'Acht na nArm Tine, 1925.

62.—Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht na nArm Tine, 1925—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur le fo-alt (1):

[EN]

“ach sula ndeonóidh sé an deimhniú ceanglóidh an Ceannfort ar an duine a rá i scríbhinn cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige, má dheonaítear an deimhniú, an t-arm tine lena mbaineann an t-iarratas a úsáid chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 (seachas giorriacha) a mharú agus má chuireann an duine in iúl go bhfuil ar intinn aige an t-arm tine a úsáid amhlaidh, ní dheonófar an deimhniú ach amháin nuair a thabharfaidh an t-iarratasóir ar aird ceadúnas reatha a dheonaigh an tAire Tailte dó de bhun alt 29 (1) den Acht sin.”; agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur le fo-alt (2):

[EN]

“ach sula ndeonóidh sé an deimhniú ceanglóidh an tAire ar an duine a bheidh ag iarraidh an deimhnithe a rá i scríbhinn cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige, má dheonaítear an deimhniú, an t-arm tine lena mbaineann an deimhniú a úsáid chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976, nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta sin, lena mbaineann ordú faoi alt 24 den Acht sin de thuras na huaire, a mharú, agus má chuireann an duine in iúl go bhfuil sé ar intinn aige an t-arm tine sin a úsáid amhlaidh, ní dheonóidh an tAire an deimhniú ach amháin nuair a thabharfaidh an t-iarratasóir ar aird ceadúnas reatha a dheonaigh an tAire Tailte dó de bhun alt 29 (2) den Acht sin.”.

[EN]

Leasú ar ailt 9, 21, 22, 23 agus 58 d'Acht 1946.

63.—(1) (a) Forléireofar alt 9 d'Acht 1946 mar ní a chumasaíonn don Aire—

[EN]

(i) talamh a fháil faoin alt sin a bhfuil gá aige leis nó, de réir mar a bheidh, cearta thar an talamh a fháil a bhfuil gá aige leo, chun críocha an Achta seo, nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha a luaitear i bhfo-alt (1) (a) den alt sin,

[EN]

(ii) aon fhoirgnimh nó oibreacha is gá i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo a cheannach nó a thógáil ar léas.

[EN]

(b) Déanfar na cumhachtaí a thugtar don Aire le halt 9 d'Acht 1946 a fhorléiriú mar chumhachtaí a chumasaíonn don Aire talamh a bheidh faighte aige de bhua an ailt seo, nó go páirteach de bhua an ailt seo agus go páirteach faoin alt sin 9, a dhíol nó a ligean, nó aon talamh den sórt sin a mhalartú ar aon talamh eile agus (más gá é ar aon mhalartú den sórt sin) airgead a íoc nó a fháil i leith an chomhionannais mhalairte, nó cearta a dheonú ar, nó thar, aon talamh den sórt sin nó maidir le foirgnimh nó oibreacha ar teachtadh ag an Aire chun críocha an Achta seo nó chun críocha an Achta seo agus Acht 1946 araon.

[EN]

(2) Más rud é, le linn iarratas a dhéanamh faoi alt 21 (1) d'Acht 1946, lena n-áirítear aon iarratas faoin alt sin arna dhéanamh de bhua alt 60 den Acht seo, go n-iarrfaidh an tAire go mbeadh sé sainráite sa cheart slí riachtanach, má bhunaítear é, go n-áirítear ann agus go n-oibríonn sé sa dóigh go dtugtar don Aire an chumhacht chun a cheadú don phobal i gcoitinne nó d'aon chuid áirithe den phobal, a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an gceart slí, gabháil agus athghabháil gach tráth, nó cibé tráthanna a cheadóidh an tAire, agus i dteannta nó d'éagmais feithiclí nó ainmhithe, de réir mar a shonróidh sé amhlaidh, thar an talamh a mbeidh an ceart slí infheidhmithe thairis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) déanfaidh an tAire tagairt don iarraidh in aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) den alt sin 21 (1), agus

[EN]

(b) má chinneann na Coimisinéirí Tuata, nuair a bheidh an t-iarratas á bhreithniú acu, an t-iarraidh a cheadú go hiomlán nó go páirteach, déarfar sin san ordú a dhéanfar de thoradh an iarratais agus oibreoidh an t-ordú dá réir sin, agus chun críocha an ailt seo forléireofar mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 21 agus beidh éifeacht aici amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas leis an mír “mar aon leis an gcumhacht chun a cheadú don phobal i gcoitinne nó d'aon chuid den phobal a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire maidir leis an gceart slí, gabháil agus athghabháil, gach tráth nó cibé tráthanna a cheadóidh an tAire, agus i dteannta nó d'éagmais feithiclí nó ainmhithe, de réir mar a shonróidh sé, thar an talamh a mbeidh an ceart slí infheidhmithe thairis”.

[EN]

(3) Bainfidh alt 22 d'Acht 1946 le talamh a measfaidh an tAire gurb inmhianaithe é a fháil chun críocha an Achta seo nó go páirteach chun na gcríocha sin agus go páirteach chun críocha Acht 1946 agus bainfidh alt 23 den Acht sin le talamh ar mian leis an Aire é a fháil chun críche ar bith de na críocha réamhráite faoi mar a bhaineann sé le talamh ar mian leis an Aire é a fháil chun críocha Acht 1946.

[EN]

(4) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) go (16) d'alt 23 agus ag ailt 24 go 34 d'Acht 1946, arna leasú le halt 6 d'Acht 1956, maille le hailt 4 agus 5 d'Acht 1956, maidir le talamh a fháil faoi fho-alt (1) den alt sin 23 de bhua an ailt seo.

[EN]

(5) Déantar leis seo alt 58 d'Acht 1946 a leasú mar a leanas:

[EN]

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (1) amhail is dá ndéanfaí gach uile thagairt do choiníní a scriosadh as an bhfo-alt sin, agus

[EN]

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Is loitmhíol gach ceann acu seo a leanas chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) aon éan fiáin nach éan fiáin cosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976,

[EN]

(b) aon ainmhí fiáin (seachas éan) nach ainmhí fiáin cosanta de réir brí an Achta sin.”

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Maoine Stáit, 1954. 1954, Uimh. 25.

64.—Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Maoine Stáit, 1954, a leasú trí “faoin Acht Foraoiseachta, 1946, nó faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976” a chur i mír 1 in ionad “faoin Acht Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946)” agus tá an mhír sin 1, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas:

AN TáBLA

1. Aon talamh a dílsíodh don Aire Tailte de bhua an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhisí Poiblí d'Athroinnt), 1933 (R. & O.R., Uimh. 158 de 1933), nó a fuarthas faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht Foraoiseachta, 1946, nó faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976.

[EN]

Leasú ar Acht na nArm Tine, 1964.

65.—(1) Déantar leis seo Acht na nArm Tine, 1964, a leasú—

[EN]

(a) trí “ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976,” a chur in ionad “géim” in alt 3 (1), agus in alt 12 (1),

[EN]

(b) trí “, ach ní dhéanfaidh ordú faoin bhfo-alt seo tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fhadú thar mhí”, a chur le halt 3 (2), agus

[EN]

(c) trí “ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin” a chur in ionad “géim” i bhfo-alt (3) agus i bhfo-alt 4 (a) d'alt 3.

[EN]

(2) Tá ailt 3 (1), 3 (2), 3 (3), 3 (4) (a) agus 12 (1) d'Acht na nArm Tine, 1964, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3, 4, agus 5, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

1.—(1) Féadfaidh an tAire, ar uiríolla ón Aire Tailte gur gá sin a dhéanamh chun ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976, a chaomhnú, ordú a dhéanamh a thoirmisceoidh arm tine, nó arm tine de cibé saghas nó saghsanna a shonrófar san ordú, a úsáid nó a iompar in áit phoiblí nó ar aon tailte ar fud an Stáit nó i cibé limistéar nó limistéir a shonrófar san ordú i gcaitheamh cibé tréimhse, nach faide ná mí, a shonrófar san ordú.

2.—(2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tailte, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm, ach ní dhéanfaidh ordú faoin bhfo-alt seo tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fhadú thar mhí.

3.—(3) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le húsáid nó iompar arm tine ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann nó den Gharda Síochána ná le húsáid nó iompar arm tine ag duine dár thug Ceannfort aon cheantair cead a bheidh i bhfeidhm chun arm tine a úsáid agus a iompar chun críche (seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin a chaitheamh), a bheidh sonraithe sa chead sa cheantar sin, i gcaitheamh tréimhse a bheidh sonraithe sa chead, má iompraítear agus má úsáidtear an t-arm tine agus é de réir an cheada sin.

4.—(4)  (a) Aon uair a bheidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm i ndáil le haon cheantar, féadfaidh Ceannfort an cheantair sin, dá rogha féin, cead a thabhairt d'aon duine chun arm tine a mbainfidh an t-ordú lena úsáid nó lena iompar a úsáid agus a iompar sa cheantar sin chun críche (seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta den sórt sin a chaitheamh) a bheidh sonraithe sa chead i gcaitheamh tréimhse a bheidh sonraithe sa chead.

5.—(1) In aon chás inar gunna gráin an t-arm tine a thuairiscítear i ndeimhniú airm tine féadfaidh an deimhniú a rá go n-údaraíonn sé, agus sa chás sin oibreoidh sé chun a údarú don duine dá dtugtar an deimhniú an gunna a úsáid chun, agus amháin chun, ainmhithe nó éin seachas ainmhithe fiáine cosanta nó éin fhiáine chosanta de réir brí an Achta um Fhiadhúlra, 1976, a mharú (de réir mar a déarfar sa deimhniú)—

(a) ar thalamh atá á áitiú aige féin, nó

(b) ar thalamh atá á áitiú ag duine eile.

[EN]

Leasú ar alt 69 den Acht um Chlárú Teidil, 1964.

66.—Leasaítear leis seo alt 69 den Acht um Chlárú Teidil, 1964, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (r):

[EN]

“(rr) comhaontú faoi alt 18 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, a fhorálann go mbeidh sé inchurtha i bhfeidhm i gcoinne daoine a dhíorthaíonn teideal chun na talún iomchuí faoi pháirtí sa chomhaontú;”.

[EN]

Srian le Cuid V den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965.

1965, Uimh. 10.

67.—Measfar Cuid V den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965, a bheith gan feidhm maidir le héin fhiáine chosanta nó le hainmhithe fiáine cosanta.

CUID VI

Ilghnéitheach

[EN]

Cigireacht ar thalamh.

68.—(1) Aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an Aire faoi alt 11 d'Acht 1946 ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt sin (dá ngairtear oifigeach údaraithe anseo feasta san alt seo), féadfaidh sé aon tráth réasúnach dul isteach agus cigireacht agus suirbhéireacht a dhéanamh ar aon talamh chun a fháil amach an bhfuil fauna ar an talamh in uireasa cosanta faoi alt 17 den Acht seo, nó chun aon chríche eile (ar leith ón gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo) i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna ag an Aire faoin Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe aon tráth réasúnach dul isteach agus cigireacht a dhéanamh ar aon talamh lena mbaineann ordú aitheantais chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil na haidhmeanna a luaitear san ordú á mbaint amach, nó bainte amach nó, má tá siad bainte amach, an bhfuil siad á gcothabháil.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ann a mbeidh riachtanas leis de réir réasúin chun na críche is cúis lena dhul isteach.

[EN]

(4) Sula rachaidh oifigeach údaraithe isteach ar aon talamh faoi fho-alt (1) den alt seo, gheobhaidh sé toiliú an áititheora, más talamh áitithe é, nó toiliú an úinéara más talamh neamháitithe é, nó tabharfaidh sé don úinéir nó don áititheoir, cibé acu é, fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn go bhfuil ar intinn aige dul isteach ann.

[EN]

(5) Duine a mbeidh fógra tugtha dó faoin alt seo ag oifigeach údaraithe go bhfuil ar intinn aige dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt don oifigeach sin, chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an talamh ag iarraidh ordú chun an dul isteach a thoirmeasc, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis é, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an oifigeach a bheidh ag dul isteach ar an talamh sin.

[EN]

(6) Nuair a chuirfidh Breitheamh den Chúirt Dúiche toirmeasc faoin alt seo ar dhul isteach beartaithe ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoi fho-alt (1) den alt seo ar an talamh, agus má shonraíonn Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag daoine a bheidh ag dul isteach ar thalamh, ní foláir do gach duine a bheidh ag dul isteach faoin bhfo-alt sin (1) ar thalamh na coinníollacha a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh.

[EN]

Iarrachtaí, etc. agus cionta ilghnéitheacha eile.

69.—(1) Duine a fhéachfaidh nó a chabhróidh nó a neartóidh le cion faoin Acht seo a dhéanamh nó a chomhairleoidh nó a chuirfidh faoi deara é a dhéanamh nó a shirfidh nó a ghríosóidh aon duine eile chun cion faoin Acht seo a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Aon duine a dhéanfaidh, cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh é, rialacháin faoin Acht seo a shárú nó a fhágáil gan comhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) (a) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh ceart a thabhairt arna iarraidh sin air go cuí de bhun alt 72 nó 73 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

 (b) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir ceanglais arna chur air ag comhalta den Gharda Síochána nó ag duine údaraithe faoi alt 72 nó 73 den Acht seo nó a chuirfidh bac nó cosc, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, ar chomhalta nó duine den sórt sin agus cumhacht a thugtar leis an Acht seo á feidhmiú go dleathach aige, beidh sé ciontach i gcion, agus más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar den bhacadh nó den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise.

[EN]

(4) Duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon oibleagáide chun faisnéis a thabhairt a dhlífidh sé a thabhairt de bhua an Achta seo, aon fhaisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a thabharfaidh go meargánta faisnéis atá bréagach amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(5) Aon duine a dhéanfaidh eiseamal flora nó fauna nó aon chuid nó táirge d'eiseamal den sórt sin, nó aon rud dá luaitear in alt 73 (1) den Acht seo, a cheilt ar dhuine a bheidh ag feidhmiú cumhachta go dleathach faoi alt 72 nó 73 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(6) Aon duine a sháróidh coinníoll a ghabhfaidh le ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(7) Aon duine, chun deonú nó athnuachan ceadúnais nó ceada faoin Acht seo a fháil nó a athnuachan, dó féin nó do dhuine eile—

[EN]

(a) a dhéanfaidh aon ráiteas nó a thabharfaidh faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a thabharfaidh go meargánta faisnéis atá bréagach amhlaidh, nó

[EN]

(b) a thabharfaidh ar aird nó a úsáidfidh ar aon dóigh eile aon leabhar, taifead nó doiciméad eile ina bhfuil go bhfios dó aon ráiteas nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Ionchúiseamh i gcionta.

1851, c. 93.

70.—(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh i leith aon chiona faoin Acht seo.

[EN]

(2) Faoi réir alt 44 (4) den Acht seo, féadfaidh duine nach é an tAire é ná comhalta den Gharda Síochána, le toiliú ón Aire, nó ó oifigeach don Aire nach ísle céim ná Rúnaí Cúnta a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire, imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh mar gheall ar aon chion faoin Acht seo.

[EN]

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar aon chion faoin Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de bhliain tar éis dáta an chiona.

[EN]

Dualgas cruthúnais.

71.—In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, ní gá—

[EN]

(a) marthain aon ordaithe faoi alt 24 nó 25 den Acht nó aon cheadúnais nó ceada faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a fhrisnéis le fianaise,

[EN]

(b) a chruthú i dtaobh aon ghnímh is ábhar do na himeachtaí nach de thoisc ná de thoradh ná de dheasca ná de dhroim aon ní eile a bhí déanta go dleathach a tharla sé,

[EN]

agus i gcás aon cheadúnais nó cheada den sórt sin, is ar an duine a fhéachfaidh le leas a bhaint as a bheidh an dualgas cruthúnais ina thaobh nó, in aon chás eile, is ar an duine ar tionscnaíodh na himeachtaí ina choinne a bheidh sé de dhualgas a chruthú gur de thoisc nó de thoradh nó de dheasca nó de dhroim an ní sin a tharla an gníomh sin.

[EN]

Cumhachtaí an Gharda Síochána agus daoine údaraithe.

72.—(1) Féadfaidh an tAire duine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána nó ag duine údaraithe chun bheith in amhras go bhfuil duine tar éis cion a dhéanamh faoi Chuid II nó faoi alt 45, 47, 51, 52 nó 53 den Acht seo, féadfaidh sé, gach tráth réasúnach, aon duine a stopadh a bhfuil amhras aige é a bheith bainteach ar dhóigh ar bith leis an gcion agus a cheangal ar an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus aon eiseamal fauna nó flora nó aon chuid nó táirge d'aon eiseamal den sórt sin nó aon rud dá luaitear i bhfo-alt (7) den alt seo a bheidh ina sheilbh a chur in iúl agus, más dóigh leis an gcomhalta sin nó leis an duine údaraithe sin, cibé acu é, gur gá sin, é a thabhairt ar aird, arna éileamh, lena scrúdú, agus féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe sin aon eiseamal nó cuid nó táirge d'eiseamal nó aon rud a thabharfar ar aird amhlaidh ar dóigh leis gur rud é a bheadh ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a urghabháil agus a choinneáil.

[EN]

(3) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána nó ag duine údaraithe chun bheith in amhras go bhfuil duine tar éis cion a dhéanamh faoi Chuid II nó faoi alt 45, 47, 51, 52 nó 53 den Acht seo, féadfaidh sé, gach tráth réasúnach—

[EN]

(a) aon fheithicil, árthach nó aerárthach a chuardach a bhfuil amhras réasúnach aige í a bheith á húsáid chun aon eiseamal fauna nó flora nó aon chuid nó táirge d'aon eiseamal den sórt sin a iompar, a onnmhairiú nó a allmhairiú contrártha don alt sin 51, 52 nó 53 agus, leis an gcuardach a dhéanamh, féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe sin, más cuí leis, a cheangal ar an duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil na feithicle, an árthaigh nó an aerárthaigh í a chur ina stad nó gan í a chur ag gluaiseacht,

[EN]

(b) aon phacáiste, beartán, bosca nó coimeádán eile a bhfuil amhras réasúnach aige é a bheith á úsáid amhlaidh a oscailt agus a scrúdú,

[EN]

(c) a cheangal ar an duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil feithicle, árthaigh nó aerárthaigh a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, nó ar aon duine eile a gheofar ar an gcéanna, ainm agus seoladh an duine sin a thabhairt dó agus aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a bhaineann le haon eiseamal fauna nó flora nó aon chuid nó táirge de fauna nó de fiora a bheidh i seilbh an duine nó faoina urláimh agus fós, más eol sin don duine, ainm agus seoladh úinéir aon eiseamail fauna nó flora nó aon chuid nó táirge de fauna nó de flora a gheofar le linn an chuardaigh a thabhairt ar aird lena scrúdú,

[EN]

(d) aon iontráil a iniúchadh a bheidh in aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabharfar ar aird de bhun ceanglas faoin bhfo-alt seo agus, más cuí leis, cóipeanna di a thógáil,

[EN]

agus más rud é—

[EN]

(i) go bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta sin nó ag an duine údaraithe sin chun bheith in amhras go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh faoin Acht seo le haon rud, nó i ndáil le haon rud, a fuarthas i gcúrsa an chuardaigh, nó

[EN]

(ii) gurb éard atá i ndoiciméad a fuarthas amhlaidh taifead nó doiciméad eile a bhfuil cúis ag an gcomhalta nó ag an duine sin chun a chreidiúint go bhféadfadh sé bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo,

[EN]

féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe an rud nó an doiciméad sin a urghabháil agus a choinneáil, agus fós aon rud eile a fuarthas amhlaidh, más dóigh leis gur rud é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.

[EN]

(4)  (a) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó duine údaraithe dul isteach ar aon talamh tráth ar bith chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar dó le fo-alt (2) agus le mír (a) d'fho-alt (3) den alt seo.

[EN]

 (b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a chumasaíonn do chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine údaraithe dul isteach i bhfoirgnimh ar thalamh.

[EN]

(5) Gach duine a bheidh údaraithe ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfar deimhniú a údaraithe dó agus nuair a bheidh cumhacht faoin Acht seo á feidhmiú aige déanfaidh sé, arna iarraidh sin d'aon duine a bhfuil feidhm leis ina leith, an deimhniú sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an duine sin.

[EN]

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun dochair d'aon chumhacht chun maoin a chuardach nó chun í a urghabháil nó a choinneáil, a d'fhéadfadh Garda Síochána a fheidhmiú ar leith ón alt seo.

[EN]

(7) Is iad na rudaí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo arm tine, gaiste, dol, líon, sreang, crúca, saighead, ga nó sleá, nó deis, uirlis nó diúracán dá samhail a mbeidh sé ceaptha dó, nó ar dóigh dó, bás nó díobháil choirp a thabhairt ar aon éan fiáin nó mamach fiáin, a thiocfadh i dteagmháil leis, glae glas nó aon substaint den chineál sin, baoite nimhiúil, nimhithe nó támhaithe, rian-urchar nó gunna nó coimeádán a luaitear in alt 33 (2) den Acht seo, agus cluaineadóir nó aon uirlis nó deis nó fearas, leictreach nó eile, a luaitear in alt 35 (1) nó 38 den Acht seo.

[EN]

Barántais chuardaigh.

73.—(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána de thoradh faisnéise faoi mhionn ó dhuine údaraithe nó ó chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil cúis réasúnach ann chun bheith in amhras go bhfuil ina sheilbh ag duine ar aon áitreabh nó talamh eile—

[EN]

(a) éan fiáin cosanta,

[EN]

(b) ainmhí fiáin cosanta,

[EN]

(c) uibheacha éin fhiáin chosanta,

[EN]

(d) conablach nó aon chuid eile, nó aon táirge, d'éan fiáin cosanta nó d'ainmhí fiáin cosanta, nó

[EN]

(e) aon phlanda nó aon chuid nó táirge de phlanda de speiceas lena mbaineann ordú faoi alt 21 den Acht seo,

[EN]

agus go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh maidir leis an éan, leis an ainmhí, leis an bplanda, leis an gcuid, leis an táirge nó leis an rud eile, féadfaidh an Breitheamh nó an Feidhmeannach sin barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

[EN]

(2) Faoir réir fho-alt (3) den alt seo, beidh sé sainráite i mbarántas a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun údarás a thabhairt—

[EN]

(a) i gcás an fhaisnéis iomchuí a bheith mionnaithe ag comhalta den Gharda Síochána, do chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas, i dteannta cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána nó cibé daoine údaraithe eile is gá de réir réasúin,

[EN]

(b) i gcás an fhaisnéis iomchuí a bheith mionnaithe ag duine údaraithe, do dhuine údaraithe a bheidh ainmnithe sa bharántas, i dteannta cibé daoine eile is gá de réir réasúin,

[EN]

gach tráth réasúnach nó tráthanna réasúnacha laistigh de sheacht lá ó eisiúint an bharántais—

[EN]

(i) dul isteach san áitreabh nó ar an talamh eile a bheidh ainmnithe sa bharántas agus cuardach a dhéanamh ann, le foirneart más gá sin,

[EN]

(ii) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh sin nó ar an talamh eile sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

[EN]

(iii) a cheangal ar dhuine atá ag áitiú, nó atá i gceannas, nó ar a bhfuil cúram bainistíochta, an áitribh nó na talún eile a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó agus na rudaí seo a thabhairt ar aird—

[EN]

(A) aon rud dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo,

[EN]

(B) aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le haon rud dá luaitear amhlaidh agus atá i seilbh aon duine den sórt sin nó faoina urláimh,

[EN]

agus, más eol don duine sin é, ainm agus seoladh úinéir aon rud a tugadh ar aird amhlaidh a thabhairt dó,

[EN]

(iv) aon iontráil a iniúchadh a bheidh in aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabharfar ar aird de bhun ceanglais arna dhéanamh de bhun an bharántais agus, más cuí leis, cóipeanna di a thógáil,

[EN]

agus má bhíonn cúis réasúnach ag an gcomhalta nó ag an duine údaraithe a bheidh ainmnithe amhlaidh le bheith in amhras—

[EN]

(A) go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh faoin Acht seo le haon rud, nó i ndáil le haon rud, a fuarthas i gcúrsa an chuardaigh, nó

[EN]

(B) gurb éard atá i ndoiciméad a fuarthas amhlaidh taifead nó doiciméad eile a bhfuil cúis ag an gcomhalta nó ag an duine údaraithe chun a chreidiúint go bhféadfadh sé bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo,

[EN]

féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe an rud nó an doiciméad sin a urghabháil nó a choinneáil, agus fós aon rud eile a fuarthas amhlaidh más dóigh leis gur rud é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.

[EN]

(3) Na cumhachtaí a thabharfar do dhuine údaraithe le barántas arna eisiúint faoin alt seo, ní infheidhmithe iad ag an duine sin i ndáil le háit chónaithe ach sa chás go mbeidh, agus fad a bheidh, comhalta den Gharda Síochána ina theannta.

[EN]

Pionóis.

74.—(1) Má bíonn duine ciontach i gcion faoin Acht seo, nach cion a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3) den alt seo, dlífear, faoi réir an fho-ailt sin (3), pionós mar a leanas a chur ar an duine sin ar é a chiontú go hachomair—

[EN]

(a) i gcás an chéad chiona faoin alt nó faoin bhfo-alt áirithe, fíneáil nach mó ná caoga punt,

[EN]

(b) i gcás an dara cion den sórt sin, fíneáil nach mó ná céad punt, agus

[EN]

(c) i gcás an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin den sórt sin, fineáil nach mó ná dhá chéad punt.

[EN]

(2) Má bhíonn duine ciontach i gcion faoi alt 69 (2) den Acht seo mar gheall ar shárú, nó neamhchomhlíonadh, rialachán faoi alt 59 den Acht seo, nó in aon chion faoin Acht seo ar cion é a rinneadh ar thalamh lena mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais, ordú sainiúcháin nó comhaontú faoi alt 18 den Acht seo, dlífear pionós mar a leanas a chur ar an duine sin—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt.

[EN]

(3) Má bhíonn duine ciontach i gcion faoi alt 21 (4), 22 (4), 23 (5), 44 (1), 45, 51, 52 nó 53 den Acht seo agus gur de speiceas a mbeidh sé dearbhaithe de thuras na huaire, le rialacháin faoin alt seo, é a bheith ina speiceas lena mbaineann an fo-alt seo, an flora nó an fauna ar ina leith a rinneadh an cion, agus gur de speiceas lena mbaineann na rialacháin sin an t-eiseamal áirithe lena mbaineann an cion, dlífear pionós mar a leanas a chur ar an duine sin—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt.

[EN]

(4) Más deimhin leis an Aire go bhfuil speiceas áirithe fauna nó flora i gcontúirt dul in éag ar fud an Stáit nó i limistéar áirithe den Stát, féadfaidh sé a dhearbhú, le rialacháin, gur speiceas é lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, agus i gcás ina ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo bainfidh na rialacháin, de réir mar a bheidh sonraithe iontu, le gach ainmhí nó planda den speiceas sa Stát nó le gach ainmhí nó planda den sórt sin i limistéar áirithe den Stát a bheidh sonraithe amhlaidh.

[EN]

Cumhacht ag cúirt chun deimhnithe agus ceadúnais áirithe a chúlghairm agus dícháilíochtaí áirithe a fhorchur.

75.—(1) Má chiontaítear duine—

[EN]

(a) a bhfuil deimhniú airm tine a meastar de bhua alt 29 (5) den Acht seo é a bheith ina cheadúnas arna dheonú faoin alt sin, nó

[EN]

(b) a bhfuil deimhniú airm tine aige a deonaíodh ar cheadúnas reatha a thabhairt ar aird a thug an tAire dó faoi alt 29 den Acht seo,

[EN]

i gcion faoi Chuid II den Acht seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin an deimhniú a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó an ceadúnas a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, cibé acu is cuí, a chúlghairm agus an duine sin a dhícháiliú chun deimhniú nó ceadúnas den sórt sin a shealbhú, agus beidh feidhm ag an gcúlghairm agus ag an dícháiliú sin go ceann cibé tréimhse is iomchuí leis an gcúirt agus beidh sin ina phionós de bhreis ar aon phionós eile a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion.

[EN]

(2) Más rud é, de bhun fho-alt (1) den alt seo, go gcúlghairfidh cúirt deimhniú airm tine a luaitear i mír (a) den fho-alt sin, beidh feidhm ag alt 6 d'Acht na nArm Teine, 1925 (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht na nArm Tine, 1964) amhail is dá mba faoi alt 5 den Acht sin a cúlghaireadh an deimhniú; ar choinníoll, más gunna gráin an t-arm tine a thuairiscítear sa deimhniú sin, go bhféadfaidh Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil cónaí ar shealbhóir an deimhnithe, laistigh de thrí mhí ón gcúlghairm, más oiriúnach leis é, deimhniú teoranta de réir brí alt 12 d'Acht na nArm Tine, 1964, a dheonú, faoin alt sin 12, don sealbhóir sin i leith an ghunna gráin sin.

[EN]

(3) Má dhéanann cúirt deimhniú nó ceadúnas a chúlghairm agus dícháiliú a fhorchur de bhun an ailt seo, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte cóip d'ordú na cúirte chuig an Aire a luaithe is féidir.

[EN]

Forghéilleadh.

76.—(1) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh duine i gcion faoin Acht seo a ordú leas an duine sin, cibé acu mar úinéir nó eile é, a fhoirceannadh in aon eiseamal flora nó fauna nó in aon chuid nó táirge d'eiseamal den sórt sin nó in aon arm tine, gaiste, dol, líon nó rud eile ar deimhin leis an gcúirt gur maidir leis, nó gur leis, nó gur trína bhíthin, a rinneadh an cion.

[EN]

(2) Ní ordóidh cúirt forghéilleadh ar aon rud faoin alt seo má dhéanann duine a éilíonn gurb é a úinéir é, nó go bhfuil leas aige ann ar dhóigh eile, iarratas go n-éistfeadh an chúirt é, mura mbeidh caoi tugtha dó cúis a shuíomh le nach ndéanfaí an t-ordú.

[EN]

(3) Nuair a dhéanfaidh cúirt ordú faoin alt seo maidir le harm tine, agus gurb é úinéir an airm tine an duine a ciontaíodh sa chion faoin Acht seo ba chúis leis an ordú a dhéanamh, déanfar an t-arm tine a dhiúscairt, trína dhíol nó eile, mar a údaróidh Coimisinéir an Gharda Síochána.

[EN]

(4) Nuair a dhéanfar ordú faoin alt seo i dtaobh—

[EN]

(a) arm tine seachas arm tine lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, nó

[EN]

(b) aon rud seachas arm tine,

[EN]

beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(i) i gcás arm tine, déanfar, de réir mar a ordóidh an chúirt, an t-arm tine a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis an gCúirt gurb é an t-úinéir é, nó déanfar é a dhíol nó a dhiúscart ar cibé dóigh eile is cuí leis an gcúirt, agus

[EN]

(ii) i gcás aon ruda seachas arm tine, déanfar, de réir mar a ordóidh an tAire, an rud a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é an t-úinéir é, nó déanfar é a dhíol nó a dhiúscairt ar cibé dóigh eile is cuí leis an Aire.

[EN]

(5) Nuair a dhíolfar arm tine nó rud eile de bhun an ailt seo, íocfar glanfháltas an díola isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é mar a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Achomharc i gcoinne urghabhála.

77.—Duine arb éagóir leis urghabháil agus coinneáil faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche agus féadfaidh an Breitheamh, ag cinneadh an achomhairc dó—

[EN]

(a) más deimhin leis go ndearnadh an doiciméad nó an rud eile a urghabháil go hiomchuí, an urghabháil agus an choinneáil a dhaingniú, agus

[EN]

(b) mura deimhin leis é sin, a ordú don lé a rinne an urghabháil an doiciméad nó an rud eile a urghabhadh a thabhairt ar ais don duine sin agus a ordú don Aire cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) a íoc leis an duine sin a mheasfaidh sé a bheith réasúnach ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an duine sin mar gheall ar an urghabháil agus an choinneáil.

[EN]

Rudaí a urghabhadh a dhiúscairt.

78.—(1) Duine a rinne, de réir an Achta seo, aon doiciméad nó rud eile a urghabháil, ní dhiúscróidh sé é—

[EN]

(a) gan toiliú i scríbhinn ón úinéir nó ón duine ar cosúil é a bheith faoina chúram nó faoina urláimh, nó

[EN]

(b) i gcás aon rud seachas doiciméad, mura mbeidh treoir tugtha de bhun an ailt seo ag Feidhmeannach Síochána i dtaobh a dhiúscartha.

[EN]

(2) Duine a bheidh tar éis aon rud a urghabháil faoin Acht seo féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don úinéir nó don duine ar chosúil, tráth na hurghabhála, an rud a bheith faoina chúram nó faoina urláimh, á rá go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh, treoir a iarraidh ar Fheidhmeannach Síochána chun an rud a dhiúscairt (trína scriosadh nó ar dhóigh eile) mar a shonrófar sa treoir.

[EN]

(3) Feidhmeannach Síochána a gheobhaidh iarratas chuige sin go cuí faoin alt seo, más deimhin leis gur dócha aon rud a mbeidh iarratas mar sin déanta ina leith a theacht, sula bhféadfar é a úsaid mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, chun bheith mí-oiriúnach lena chaitheamh ag daoine, nó más deimhin leis ar aon chúis eile nár cheart an rud a choinneáil níos faide, tabharfaidh sé treoir faoin alt seo á údarú é a dhiúscairt (trína scriosadh nó ar dhóigh eile).

[EN]

(4) Ar threoir a thabhairt faoin alt seo, tabharfaidh an duine a d'iarr í fógra gur tugadh an treoir, a luaithe is féidir, don duine dar tugadh fógra de bhun fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

(5) Aon duine arb éagóir leis treoir faoin alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an treoir a thabhairt, achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche i gcoinne na treorach agus féadfaidh an Breitheamh, ag cinneadh an achomhairc dó—

[EN]

(a) más deimhin leis gur tugadh an treoir go cuí agus, ag féachaint d'imthosca an cháis, gur luigh sé le réasún í a thabhairt, an treoir a dhaingniú, agus

[EN]

(b) mura deimhin leis é sin, an treoir a neamhniú.

[EN]

(6)  (a) Faoi réir míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, ní bheidh éifeacht ag treoir faoin alt seo go dtí go mbeidh seacht lá caite ó dháta a tabhartha.

[EN]

 (b) Má dhéantar achomharc chuig an gCúirt Dúiche i gcoinne treorach faoin alt seo, agus go ndaingneoidh an Chúirt Dúiche an treoir, beidh éifeacht ag an ordú cibé tráth a chinnfidh an chúirt sin.

[EN]

 (c) Más deimhin le Feidhmeannach Síochána ar aon chúis áirithe gur chóir éifeacht a bheith ag treoir uaidh faoin alt seo roimh sheacht lá a bheith caite ó dháta a tabhartha agus go sonróidh sé sa treoir an tráth chun éifeacht a bheith aici amhlaidh, beidh éifeacht ag an treoir an tráth a shonrófar amhlaidh.

[EN]

 (d) Nuair a dhiúscrófar rud de réir treorach faoin alt seo agus, ar achomharc, go ndéanfaidh an Chúirt Dúiche neamhmú ar an treoir, féadfaidh an Chúirt Dúiche a ordú go n-íocfaidh an tAire leis an úinéir cibé cúiteamh (más ann), costais (más ann) agus caiteachais (más ann) is réasúnach léi ag féachaint d'aon chaillteanas, costais agus caiteachais a thabhaigh an t-úinéir mar gheall ar an diúscairt faoin alt seo.

[EN]

(7) Má thugann Feidhmeannach Síochána treoir de bhun an ailt seo, déanfaidh sé, ar an duine ag iarraidh na treorach do thabhairt an ruda lena mbaineann an treoir ar aird dó, deimhniú a thabhairt don duine sin, san fhoirm fhorordaithe, ina mbeidh tuairisc an ruda ina ndéarfar go bhfuil treoir faoin alt seo tugtha aige ina leith agus, más fauna an rud, ina sonrófar aon mharcanna ar an bhfauna, nó sainairíona nó sonraí eile a bhaineann leis, a bheidh curtha in iúl dó ag an duine atá ag déanamh an iarratais, agus in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo glacfar leis an deimhniú mar leorfhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú nó go suífidh an cosantóir a mhalairt.

[EN]

(8) Íocfar leis an Aire aon airgead is iníoctha de bhun diúscairt faoin alt seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 10.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisgharme

10 Will. 3, c. 8

..

Deer Protection Act, 1698

An tAcht iomlán.

27 Geo. 3, c. 35

..

Game Act, 1787

An tAcht iomlán.

7 Geo. 4, c. 9.

..

Night Poaching Act, 1826.

An tAcht iomlán.

25 & 26 Vict., c. 114.

Poaching Prevention Act, 1862.

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1930.

..

Acht chun Géim do Chosaint, 1930.

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1930.

..

Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930.

An tAcht iomlán.

Uimh. 13 de 1946.

..

An tAcht Foraoiseachta, 1946.

Alt 61.

Uimh. 10 de 1965.

..

An tAcht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965.

Alt 8.

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a fhéadfar a chur in ordú faoi Alt 14

Alt 14.

1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus cumhacht aige agra a dhéanamh agus a bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Is iad a bheidh ar an mBord Cathaoirleach agus líon nach lú ná mar a bheith forordaithe de ghnáthchomhaltaí.

3. (1) Má ainmnítear an cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Bhord mar iarrthóir le toghadh do cheachtar Teach den Oireachtas nó ina chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé as a aithle sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas, suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

4. Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus gach gnáthchomhalta den Bhord, agus tráth an cheapacháin a dhéanamh dó socróidh an tAire a théarma oifige agus, faoi réir cibé forálacha eile den Sceideal seo is iomchuí, beidh sé i seilbh a oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú ó Aire na Seirbhíse Poiblí.

5. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chuig an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an dáta, agus ón dáta, a gheobhaidh an tAire an litir.

6. Féadfaidh an tAire comhalta den Bhord a chur as oifig má éiríonn dó, de dheasca easláinte, a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil nó más dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig le go ndéanfadh an Bord a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil.

7. Féadfaidh an tAire comhalta den Bhord (seachas an Cathaoirleach) a cheapadh as líon na n-oifigeach a bheidh ag fónamh dó.

8. Íocfaidh an Bord le comhalta den Bhord cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú ó Aire na Seirbhíse Poiblí.

9. Féadfar comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh.

10. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird, ceapfaidh an tAire duine chun an folúntas a líonadh a luaithe is féidir.

11. (1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Bord.

(2) Coimeádfaidh an Bord cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe.

(3) Coimeádfaidh an Bord cibé cuntais speisialta (más ann) a ordóidh an tAire ó am go ham, le toiliú ón Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh an Bord na cuntais go léir a choimeádfar de bhun an Airteagail seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(5) Díreach tar éis a n-iniúchta, déanfar cóip de na cuntais (lena n-áirítear aon chuntais speisialta) a bheidh á gcoimeád ag an mBord de bhun an Airteagail seo, cóip den chlár comhardaithe (más ann) agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Teach den Oireachtas.

12. Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú ón Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBord maidir le clár a chaiteachais don bhliain sin.

13. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú ó Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an mBord i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

14. (1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe, agus cibé méid cruinnithe, is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh.

(2) Socróidh an tAire an dáta, an tráth agus an t-ionad do chéadchruinniú an Bhoird.

15. Is é is córam do chruinniú den Bhord cibé líon comhaltaí a bheidh sonraithe in ordú, arna dhéanamh faoi alt 14 den Acht seo, a bhaineann leis an mBord agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

16. Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord ag cruinniú den Bhord.

17. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair, agus i gcás comhionnannas vótaí beidh vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

18. Faoi réir líon córaim a bheith aige, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais i measc a chomhaltaí.

19. Faoi réir na bhforálacha d'aon ordú, arna dhéanamh faoi alt 14 den Acht seo, a bhaineann leis an mBord, féadfaidh an Bord socrú a dhéanamh i leith aon chúrsaí nós imeachta.

20. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

21. Féadfaidh an Bord aon fheidhmeanna dá chuid a chomhalladh trína gcomhlíonadh ag aon oifigigh nó seirbhísigh dá chuid a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord, nó trí bhíthin na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin.

22. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú beirt chomhalta den Bhord nó le síniú comhalta den Bhord agus síniú oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

23. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith arna fhíordheimhniú de réir Airteagal 22 den Sceideal seo) an Bhoird, agus measfar gurb é an ionstraim sin atá ann gan sin a chruthú mura suífear a mhalairt.

24. Féadfaidh an tAire, le ceadú ó Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a cheapadh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú don chathaoirleach agus do ghnáthchomhaltaí den Bhord a bheidh ceaptha i gcáil lánaimseartha, nó ina leith, ar iad a scor de bheith i seilbh oifige, seachas daoine a bhféadfaí dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(2) Féadfaidh scéim faoin Airteagal seo a fhoráil nach gcuirfidh forceannadh ar cheapachán an chathaoirligh nó gnáthchomhalta den Bhord, le linn téarma oifige an duine sin, cosc ar phinsean, aisce nó liúntas eile a dhéanamh dó faoin scéim.

(3) Féadfaidh an tAire, le ceadú ó Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim arna déanamh aige faoin Airteagal seo a leasú.

(4) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin Airteagal seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chuig Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus beidh a chinneadhsan air ina chinneadh críochnaitheach.

(5) Gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Airteagal seo, leagfar í faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

1859, c. 26.

(6) Má dhéantar státseirbhíseach bunaithe a aistriú go cinntitheach chuig an mBord mar chomhalta den Bhord, déanfar na sochair aoisliúntais a bheidh le deonú dó a ríomh, má ordaíonn Aire na Seirbhíse Poiblí é sin dá rogha féin, de réir forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, amhail is dá mba rud é go raibh sé, ar feadh tréimhse a sheirbhíse mar chomhalta lánaimsire den Bhord i ndiaidh a aistrithe, ina státseirbhíseach bunaithe agus go raibh sé á íoc ar feadh na tréimhse sin as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas de réir brí alt 17 den Superannuation Act, 1859.

25. (1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuir an deontóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord aon chistí de chuid an Bhoird, ar bronntanas nó na fáltais as bronntanas iad, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a ghabhfaidh leis an mbronntanas, ar aon dóigh ina gcumhachtaítear d'iontaobhaí, le dlí, cistí iontaobhais a infheistiú.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Speicis d'éin fhiáine atá eisiata (faoi réir Alt 22 (2)) ó Ailt 19 agus 22

Ailt 19, 22, 31 agus 35.

An Corcrán Coille

An Charóg Dhubh

An Droimneach Mór

An Faoileán Scadán

An Fheannóg

An Gealbhan Binne

An Cág

An Scréachóg

An Droimneach Beag

An Snag Breac

Colúir, lena n-áirítear an Colúr Coille, ach gan colúir iompair, colúir frithinge rásaíochta ná coilm a chur san áireamh

An Rúcach

An Druid

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Fauna dá dtagraítear in Alt 22 (6) nó 23 (8)

Ailt 22 agus 23.

CUID I

Speicis d'éin fhiáine chosanta dá dtagraítear in Alt 22 (6)

Clamháin

Iolair

Fabhcúin

Cromáin

Seabhaic

Cúir

Coirnigh

Ulchabháin

CUID II

Speicis d'ainmhithe fiáine cosanta dá dtagraítear in Alt 23 (8)

Cait Chrainn

Fianna Rua

Rónta

Míolta Móra

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Ainmhithe dá dtagraítear in Alt 23

Alt 23.

Mamaigh Thalún

An Broc

Speiceas na nIaltóg

Speiceas na bhFianna

Speiceas na nGiorriacha

An Ghráinneog

An Dobharchú

An Cat Crainn

An Iora Rua

Mamaigh Mhara

Speiceas na nDeilfeanna

Speiceas na Muc Mara

Speiceas na Rónta

Speiceas na Míolta Móra

Aimfibiaigh

An Cnádán