Uimhir 32 de 1953.
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1953.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus GinearÁlta.
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924);
ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926);
ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936);
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 (Uimh. 21 de 1946);
ciallaíonn “na hAchta” na hAchta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1949;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.
Athghairm.
3.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gCuid I den Sceideal d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3).
(2) Déantar leis seo an t-achtachán a sonraítear i gCuid II den Sceideal d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3), le héifeacht ó thosach feidhme an orduithe a déanfar faoi alt 16 den Acht seo.
(3) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gCuid III den Sceideal d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3), le héifeacht ó thosach feidhme na n-orduithe a déanfar faoi alt 21 agus alt 22 den Acht seo.
CUID II.
Luach Saothair, Caiteachais Agus Pinsin.
Luach saothair breitheamh a mhéadú.
4.—Déanfar luach saothair breitheamh a mhéadú, le héifeacht ón 1ú lá d'Aibreán, 1953—
(a) i gcás breitheamh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte agus Uachtaráin na Cúirte Cuarda, dhá chéad agus caoga punt sa bhliain, agus
(b) i gcás breitheamh na Cúirte Cuarda (seachas an tUachtarán) agus na Cúirte Dúiche, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain.
Caitheachais bhreitheamh, etc.
5.—(1) I dteannta luach saothair, féadfar pé suimeanna is dóigh leis an Aire, le ceadú an Aire Airgeadais, a bheith réasúnach a lamháil, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche nó do Choimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird chun caiteachais taistil agus caiteachais eile an bhreithimh nó an choimisinéara sin d'íoc.
(2) Féadfar socrú le haghaidh caiteachas faoin alt seo a dhéanamh—
(a) trí liúntais i leith caiteachas áirithe, arna ríomh do réir pé scálaí agus faoi réir pé coinníoll a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais; nó
(b) trí liúntais tréimhsiúla de pé méideanna, a bheas iníoctha pé trátha agus i pé slí, a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais; nó
(c) i gcás inar dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais nach n-oireann socrú faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (b) den fho-alt seo, i pé slí eile a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.
Pinsin bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chuirte.
6.—(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda.
(2) Deonfar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís chúig bliana déag nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.
(3) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith i seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an bhficheadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.
(4) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt ar dháta an Achta seo a rith.
(5) Baineann alt 8 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo.
Pinsin bhreitheamh na Cúirte Cuarda.
7.—(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche.
(2) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Chuarda a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís chúig bliana déag nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.
(3) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Chuarda a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith i seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an bhficheadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.
(4) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda ar dháta an Achta seo a rith.
(5) Baineann alt 17 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo.
Pinsin bhreitheamh na Cúirte Dúiche.
8.—(1) Deonfar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís fiche bliain nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.
(2) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Dúcihe a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith is seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an tríochadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.
(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar dháta an Achta seo a rith mura nglacfaidh sé sin de roghain trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire Airgeadais laistigh de thrí mhí tar éis an dáta sin. Sa chás sin ní bheidh feidhm feasta maidir leis ag an forála de na hAchta a bhaineas le pinsin bhreitheamh na Cúirte Dúiche.
(4) Bainfidh fo-alt (5) d'alt 48 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo nó faoi alt 19 d'Acht 1946.
Luach saothair agus pinsin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.
9.—Déanfar an luach saothair agus an pinsean is iníoctha le gach breitheamh faoi réim nó de bhuaidh na nAcht nó an Achta seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus d'íoc as an gcéanna.
Srian léis na forála de na hAchta a bhaineas le pinsin.
10.—Ní bheidh feidhm maidir le haon bhreitheamh a ceapfar tar éis dáta an Achta seo a rith ag na forála de na hAchta a bhaineas le pinsin bhreitheamh.
CUID III.
An ChÚirt Uachtarach agus an Ard-ChÚirt.
Breitheamh breise don Ard-Chúirt.
11.—Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1924 (trína mbunaítear an Ard-Chúirt) trí “sheachtar breithiún” a chur in ionad “sheisear breithiún” agus “seisear gnáth-bhreithiún” a chur in ionad “cúigear gnáth-bhreithiún”.
Alt 34 d'Acht 1936 a mhodhnú.
12.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 34 d'Acht 1936, más rud é, aon uair sara dtosnóidh breitheamh ag taisteal Cuarda Ard-Chúirte chun aon tsuíonna leathbhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird a thionól ar an gcuaird sin, go bhfaighidh an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte amach nach bhfuil aon ghnó le déanamh ag na suíonna sin in aon bhaile achomhairc áirithe do chontae nó do chontae-bhuirg ar an gCuaird Ard-Chúirte sin, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte a threorú i scríbhinn nach gá na suíonna sin a thionól sa bhaile achomhairc sin.
(2) I gcás—
(i) beirt bhreitheamh nó níos mó a bheith ag taisteal Cuarda Ard-Chúirte chun aon tsuíonna leathbhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird a thionól ar an gcuaird sin, agus
(ii) go bhfaighidh an breitheamh is sinsearaí díobh amach nach bhfuil aon ghnó le déanamh ag na suíonna sin in aon bhaile achomhairc áirithe do chontae nó do chontae-bhuirg ar an gCuaird Ard-Chúirte sin,
féadfaidh an breitheamh is sinsearaí díobh a threorú i scríbhinn nach gá na suíonna sin a thionól sa bhaile achomhairc sin.
(3) I gcás—
(i) gan ach aon bhreitheamh amháin a bheith ag taisteal Cuarda Ard-Chúirte chun aon tsuíonna leathbhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird a thionól ar an gcuaird sin, agus
(ii) go bhfaighidh an breitheamh amach nach bhfuil aon ghnó le déanamh ag na suíonna sin in aon bhaile achomhairc áirithe do chontae nó do chontae-bhuirg ar an gCuaird Ard-Chúirte sin, féadfaidh an breitheamh a threorú i scríbhinn nach gá na suíonna sin a thionól sa bhaile achomhairc sin.
(4) Féadfar treorú faoin alt seo a chomhdú san Oifig Chúirte Cuarda a fhónas don bhaile achomhairc lena mbaineann an treorú.
Máistir na hArd-Chúirte do tharchur nó d'aistriú caingean.
13.—Le toiliú na bpáirtithe sa chaingean, féadfaidh Máistir na hArd-Chúirte an chumhacht tarchurtha nó aistrithe caingin, a bheirtear le halt 25 d'Acht 1924, d'fheidhmiú, agus measfar gurb í an Ard-Chúirt a tharchuir nó d'aistrigh faoin alt sin aon chaingean a tharchuir nó d'aistrigh seisean.
Tórainn le méid costas gearánaí i gcaingin áirithe Ard-Chúirte.
14.—Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1936 (a chuireas tórainn le méid costas gearánaí i gcaingin áirithe Ard-Chúirte) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig puint fhichead”, “dhá chéad punt” in ionad “céad punt” agus “sé chéad punt” in ionad “trí chéad punt”.
Athchóiriú ar Choiste Rialacha na nUascúirteanna.
15.—(1) Beith triúr comhaltaí ex officio agus ochtar comhaltaí ainmnithe feasta ar Choiste Rialacha na nUascúirteanna a bunaíodh le halt 67 d'Acht 1936.
(2) Is iad na comhaltaí ex officio—
(a) an Príomh-Bhreitheamh, a bheas ina chathaoirleach ar an gCoiste,
(b) Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheas ina leas-chathaoirleach ar an gCoiste, agus
(c) Máistir na hArd-Chúirte.
(3) Beidh beirt de na comhaltaí ainmnithe ina n-abhcóidí cleachtacha a ainmneos Comhairle Ghinearálta Abhcóidí na hÉireann, agus duine díobh sin ina Abhcóide Sinsir agus an duine eile ina Abhcóide Sóisir, agus beidh beirt ina n-aturnaethe cleachtacha a ainmneos Comhairle Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann.
(4) Beidh gach comhalta ainmnithe den Choiste i seilbh oifige mar chomhalta den tsórt sin go ceann cúig bliana ó dháta a ainmnithe, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as oifig nó é a scor de bheith (pé acu é) ina ghnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach, ina ghnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt, ina abhcóide cleachtach, nó (i gcás an Abhcóide Shóisir) ina Abhcóide Sóisir, nó ina aturnae cleachtach.
(5) D'fhonn amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfuil ag an gCoiste agus go measfar go raibh riamh aige an chumhacht chun rialacha a dhéanamh le achainíocha toghcháin a thriail faoi aon reacht atá i bhfeidhm de thuras na huaire, lena n-áirítear cumhacht chun aon reacht den tsórt sin a mhodhnú nó d'oiriúnú chun críche na rialacha sin.
CUID IV.
An Chúirt Chuarda.
An Stát a roinnt ina chuarda.
16.—(1) Féadfaidh an Rialtas, más cuí agus nuair is cuí leo é, le hordú—
(a) na contaethe agus na contae-bhuirgí ar leithligh sa Stát a roinnt in ocht ngrúpaí oiriúnacha (dá ngairmtear cuarda san Acht seo) chun críocha na Cúirte Cuarda, ach faoi réir na dtórann—
(i) gur cuaird amháin díobh (dá ngairmfear Cuaird Bhaile Atha Cliath) contae agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath,
(ii) gur cuaird eile díobh (dá ngairmfear Cuaird Chorcaighe) contae agus contae-bhuirg Chorcaighe, agus
(iii) nach roinnfear aon chontae ná contae-bhuirg idir dhá chuaird nó níos mó;
(b) ainm a chur ar gach cuaird (seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath agus Cuaird Chorcaighe) a gairmfear den chuaird sin;
(c) beirt de na breithimh den Chúirt Chuarda a bheas i seilbh oifige i dtosach feidhme an orduithe a shannadh go buan do Chuaird Bhaile Atha Cliath;
(d) duine de na breithimh den Chúirt Chuarda a bheas i seilbh oifige i dtosach feidhme an orduithe a shannadh go buan do gach ceann faoi leith de na cuarda eile.
(2) (a) Féadfaidh an t-ordú foráil a dhéanamh chun dul ar aghaidh agus críoch a chur le haon ghnó de chuid na Cúirte Cuarda a bheas tionscanta roimh thosach feidhme an orduithe agus nach mbeidh críochnaithe roimh an tosach feidhme sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnó de chuid na Cúirte Cuarda a thionscnamh lá eisiúna an bhille shibhialta nó an doiciméid thionscnaimh eile a bhaineas leis.
(3) I dtosach feidhme an orduithe—
(a) scoirfidh roinnt an Stáit ina chuarda faoi alt 13 d'Acht 1936 d'éifeacht a bheith aige;
(b) beidh deireadh leis an sannadh atá faoi láthair ar bhreithimh na Cúirte Cuarda do na cuarda sin;
(c) chun críocha na nAcht agus an Achta seo, cuirfear na cuarda a bunófar faoi fho-alt (1) den alt seo in ionad na gcuarda a bunaíodh faoin alt sin 13;
(d) forléireofar dá réir sin tagairtí in aon Acht do chuarda maidir leis an gCúirt Chuarda.
(4) Más lú ná naonúr líon breitheamh na Cúirte Cuarda tráth déanta an orduithe, féadfar a shainrá san ordú go sannfar do chuaird agus, má sainráitear, sannfar di, an breitheamh a ceapfar chun an folúntas a líonadh agus, i gcás breitheamh a bheas sannta leis an ordú do chuaird do scarúint lena oifig mar gheall ar bhás nó eile roimh thosach feidhme an orduithe sin, oibreoidh an t-ordú chun an breitheamh a ceapfar (roimh thosach feidhme an orduithe nó dá éis) chun ionaid an bhreithimh sin a scar amhlaidh lena oifig a shannadh don chuaird sin.
Breitheamh den Chúirt Chuarda nach bhfuil sannta faoi alt 16 a shannadh.
17.—(1) Más rud é, i dtosach feidhme an orduithe faoi alt 16 den Acht seo, go mbeidh breitheamh den Chúirt Chuarda gan bheith sannta go buan leis an ordú sin do chuaird, féadfaidh an Rialtas é a shannadh go buan do chuaird tráth ar bith agus, go dtí go sannfar amhlaidh é, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda é a shannadh go sealadach ó am go ham d'aon chuaird.
(2) Má bhíonn breitheamh den Chúirt Chuarda sannta go sealadach, faoi fho-alt (1) den alt seo, do chuaird, ansin, fad a bheas an breitheamh sin sannta go sealadach amhlaidh, beidh aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcomhréim le haon bhreitheamh atá sannta go buan di agus le haon bhreitheamh atá sannta go sealadach, faoi alt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 (Uimh. 20 de 1947), don chuaird sin, na pribhléidí, na cumhachta agus na dualgais uile a bheas de thuras na huaire tugtha le dlí do bhreitheamh den Chúirt Chuarda atá sannta go buan don chuaird sin nó curtha le dlí air.
Líon breitheamh na Cúirte Cuarda.
18.—(1) Beidh naonúr breitheamh ar a mhéid sa Chúirt Chuarda.
(2) Athghairmtear leis seo alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928).
(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh i dtosach feidhme an orduithe faoi alt 16 den Acht seo nó, má bhíonn deichniúr breitheamh ann an uair sin, ar an gcéad fholúntas a theacht ina measc.
Dlínse a leathnú i gcásanna sibhialta.
19.—(1) Leasaítear leis seo mar leanas alt 48 d'Acht 1924 (a bhaineas le dlínse na Cúirte Cuarda i gcásanna sibhialta):—
(a) trí “£600” a chur in ionad “£300” i mír (ii) (a bhaineas le conradh agus tort),
(b) trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” i mír (iv) (a bhaineas le probháid agus riarachán), agus mír (v) (a bhaineas le hábhair chothromais) a mhodhnú dá réir, agus
(c) trí “£600” a chur in ionad “£300” i mír (vii) (a bhaineas le himeachta thar ceann an Stáit).
(2) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1936 (a bhaineas le dlínse na Cúirte Cuarda i gcaingin tarchurtha) trí “sé chéad punt” a chur in ionad “trí chéad punt”.
(3) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1936 (a bhaineas leis an gceart chun breis áirithe a thréigint sa Chúirt Chuarda) trí “shé chéad punt” a chur in ionad “thrí chéad punt” agus “sé chéad punt” in ionad “trí chéad punt” i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2).
Caingean ar héisteadh cuid de d'aistriú ó ionad amháin go dtí ionad eile.
20.—Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, ar iarratas aon pháirtí i gcaingean sibhialta ar héisteadh cuid de, an chuid eile, nó aon chuid, den éisteacht d'aistriú go dtí ionad eile laistigh den chuaird nó laistigh de Chuaird Bhaile Atha Cliath mura gcuireann aon cheann de na páirtithe eile ina aghaidh, agus féadfar achomharc i gcoinne breithe an bhreithimh ar aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh faoi alt 38 d'Acht 1936.
CUID V.
An ChÚirt DÚiche.
Ceantair chúirte dúiche.
21.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí agus nuair is cuí leis é, le hordú—
(a) an Stát (ach amháin Dúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath) a roinnt i pé ceantair oiriúnacha (dá ngairmfear ceantair chúirte dúiche) agus i pé méid díobh is cuí leis chun críocha na Cúirte Dúiche agus féadfaidh an Stát a roinnt i gceantair éagsúla chúirte dúiche chun críocha cineálacha éagsúla gnótha de chuid na Cúirte Dúiche, agus
(b) áit oiriúnach nó áiteanna oiriúnach i ngach ceantar cúirte dúiche nó laistigh de mhíle ó thórainn an cheantair sin, agus laethe agus trátha oiriúnacha áirithe agus méid áirithe díobh, a cheapadh chun an Chúirt Dúiche a thionól leis an ngnó dár socraíodh an ceantar a dhéanamh.
(2) (a) Féadfaidh an t-ordú foráil a dhéanamh chun dul ar aghaidh agus críoch a chur le haon ghnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheas tionscanta roimh thosach feidhme an orduithe agus nach mbeidh críochnaithe roimh an tosach feidhme sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gnó de chuid na Cúirte Dúiche a thionscnamh lá eisiúna na toghairme, an bharántais, na próise nó an doiciméid thionscnaimh eile a bhaineas leis.
(3) Na ceantair chúirte dúiche a bunófar faoi fho-alt (1) den alt seo gabhfaidh siad, chun gach críche, áit na gceantar cúirte dúiche a bunaíodh faoi alt 47 d'Acht 1926 agus cuirfear iad, chun gach críche, ina n-ionad sin, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon Acht do cheantair chúirte dúiche maidir leis an gCuirt Dúiche.
(4) Déanfar na suíonna den Chúirt Dúiche chun go ndéanfar d'aon cheantar cúirte dúiche an gnó dár socraíodh an ceantar cúirte dúiche sin a thionól sna háiteanna, ar na laethe agus ag na trátha, a bheas ceaptha chuige sin faoin Acht seo.
Dúthaí cúirte dúiche.
22.—(1) Ar an ordú faoi alt 21 den Acht seo a dhéanamh, dearbhóidh an tAire le hordú go mbeidh pé ceantair chúirte dúiche, agus pé méid díobh, is cuí leis, ina ndúthaí chun críocha na Cúirte Dúiche, ach faoi réir na tórann nach mbeidh thar cúig cinn fhichead de na dúthaí sin ann.
(2) I dtosach feidhme an orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) scoirfidh roinnt an Stáit (taobh amuigh de Dhúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath) ina dhúthaí faoi fho-alt (3) d'alt 47 d'Acht 1926 d'éifeacht a bheith aige;
(b) beidh deireadh leis an sannadh atá faoi láthair ar bhreithimh den Chúirt Dúiche do na dúthaí sin;
(c) sannfaidh an Rialtas go buan do gach dúthaigh a bunófar faoi fho-alt (1) den alt seo duine de na breithimh den Chúirt Dúiche a bheas i seilbh oifige an tráth sin, nach breitheamh atá sannta go buan do Dhúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath;
(d) chun críocha na nAcht agus an Achta seo, cuirfear na dúthaí a bunófar faoi fho-alt (1) den alt seo agus Dúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath in ionad na ndúthaí a bunaíodh faoin alt sin 47 agus gairmfear dúthaí cúirte dúiche díobh;
(e) forléireofar dá réir sin tagairtí in aon Acht do dhúthaí maidir leis an gCúirt Dúiche.
(3) Tiocfaidh an t-ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh i dtosach feidhme an orduithe faoi alt 21 den Acht seo.
Breithimh nach bhfuil sannta faoi alt 22 a shannadh.
23.—Más rud é, tar éis tosach feidhme an orduithe faoi alt 22 den Acht seo go mbeidh breitheamh den Chúirt Dúiche gan bheith sannta go buan d'aon dúthaigh chúirte dúiche, féadfaidh an Rialtas é a shannadh go buan tráth ar bith do dhúthaigh chúirte dúiche.
Cáilíocht i gcóir ceapacháin mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche.
24.—(1) Leasaítear leis seo alt 69 d'Acht 1924 (a fhorálas seasamh sé mblian mar abhcóide nó aturnae mar cháilíocht i gcóir ceapacháin mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche), trí “seasamh deich mbliana” a chur in ionad “seasamh sé mblian”.
(2) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1946 trí “deich mbliana” a chur in ionad “sé bliana”.
Líon breitheamh na Cúirte Dúiche.
25.—Do réir mar tharlós, tar éis tosach feidhme an orduithe faoi alt 22 den Acht seo, gach folúntas ar leith in oifig bhreithimh dhúiche, beidh an líon uasta de bhreithimh Chúirte Dúiche arna laghdú ceann amháin go dtí go mbeidh sé laghdaithe an uimhir chéanna a bheas an uimhir dhúthaí laghdaithe de dhroim an orduithe sin, agus beidh alt 16 d'Acht 1946 (a cuireadh isteach ann le halt 3 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949 (Uimh. 8 de 1949), arna mhodhnú dá réir sin.
Cumhacht chun dúthaí agus ceantair a bhunú, d'athrú agus a dhíchur.
26.—(1) Is dleathach don Aire ó am go ham, mar is foirstineach leis, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh le hordú:—
(a) aon dúthaigh chúirte dúiche d'athrú nó a dhíchur,
(b) aon dúthaigh nua chúirte dúiche a bhunú,
(c) aon cheantar cúirte dúiche d'athrú nó a dhíchur,
(d) aon cheantar nua cúirte dúiche a bhunú,
(e) an cineál nó na cineálacha gnótha dár socraíodh aon cheantar cúirte dúiche d'athrú,
(f) na háiteanna, na laethe nó na trátha d'athrú a bheas ceaptha de thuras na huaire chun an Chúirt Dúiche in aon cheantar cúirte dúiche nó dhó a thionól.
(2) (a) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé foráil a dhéanamh chun dul ar aghaidh agus críoch a chur le haon ghnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheas tionscanta roimh dháta thosach feidhme an orduithe sin agus nach mbeidh críochnaithe roimh an dáta sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gnó de chuid na Cúirte Dúiche a thionscnamh lá eisiúna na toghairme, an bharántais, na próise nó an doiciméid thionscnaimh eile a bhaineas leis.
(3) Oibreoidh díchur dúthaigh chúirte dúiche faoi fho-alt (1) den alt seo chun deireadh a chur le haon tsannadh a bheas i bhfeidhm an tráth sin ar bhreitheamh don dúthaigh sin agus féadfaidh an Rialtas an breitheamh sin a shannadh go buan tráth ar bith do dhúthaigh chúirte dúiche eile.
(4) Forléireofar tagairtí in alt 64 d'Acht 1936 d'alt 47 d'Acht 1926 mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'fho-alt (1) den alt seo agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Ordú Dúthaí Cúirte Dúiche (Baile Atha Cliath), 1945 (R. & O.R., Uimh. 279 de 1945).
Trátha agus áiteanna le gnó a dhéanamh.
27.—(1) San alt seo ciallaíonn “ceaptha” ceaptha faoi alt 11 d'Acht 1946 nó faoi alt 21 nó alt 26 den Acht seo.
(2) Is dleathach do bhreitheamh den Chúirt Dúiche, ina shuí dhó in áit, ar lá agus ag uair, a bheas ceaptha chun aon chineál áirithe gnótha Chúirte Dúiche a dhéanamh, aon chineál eile gnótha Chúirte Dúiche a dhéanamh ag an suí sin.
(3) Is dleathach do bhreitheamh den Chúirt Dúiche déanamh aon ghnótha Chúirte Dúiche ina bhfuil dlínse aige d'aistriú nó a chur ar atráth—
(a) go dtí ócáid eile san áit ina raibh an gnó sin á dhéanamh aige tráth a aistrithe nó a churtha ar atráth, pé acu lá agus uair atá ceaptha an ócáid sin nó nach ea, nó
(b) go dtí ócáid eile (pé acu lá agus uair atá ceaptha an ócáid sin nó nach ea) in áit éigin eile ina dhúthaigh atá ina háit atá ceaptha chun gnó Cúirte Dúiche a dhéanamh, pé acu a háirítear nó nach n-áirítear sa ghnó sin an gnó sin a haistríodh nó a cuireadh ar atráth amhlaidh.
Dlinse i gcasanna sibhialta a leathnú.
28.—(1) Leasaítear leis seo mar leanas mír A d'alt 77 d'Acht 1924 (a bhaineas le dlínse na Cúirte Dúiche i gcásanna sibhialta):—
(a) trí “£50” a chur in ionad “£25” i gclásal (i) (a bhaineas le conradh),
(b) trí “£50” a chur in ionad “£10” i gclásal (ii) (a bhaineas le caingin áirithe toirt),
(c) trí “£53” a chur in ionad “£27” i gclásal (iii), arna leasú le halt 16 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) (a bhaineas le heisiachtaint),
(d) trí “£50” a chur in ionad “£25” i gclásal (iv) (a bhaineas le himeachta thar ceann an Stáit), agus
(e) trí “£50” a chur in ionad “cúig puint fhichead” i gclásal (v) (a cuireadh isteach inti le halt 52 d'Acht 1936) (a bhaineas le himeachta thar ceann comhluchtaí poiblí áirithe).
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 20 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946) (a bhaineas le dlínse na Cúirte Dúiche i gcaingin chun earraí d'aisghabháil a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig puint fhichead”.
Dlínse faoi na hAchta Srianta Cíosa i gcásanna eisiachtana.
29.—Chun deireadh a chur le hamhras, achtaítear leis seo go bhféadfaidh an Chúirt Dúiche an dlínse agus na cumhachta a bheirtear don Chúirt leis na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1952, d'fheidhmiú i ngach cás eisiachtana ina bhfuil dlínse ag an gCúirt sin de bhuaidh na nAcht arna leasú leis an Acht seo.
Dlínse i gcásanna idirphléadála a leathnú.
30.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) (a bhaineas le tionscnamh imeachta idirphléadála ag foshirriam os comhair na Cúirte Dúiche) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig puint fhichead”.
Feidhmiú dlínse i gcásanna tréigin.
31.—D'ainneoin aon ní in alt 79 d'Acht 1924, féadfar imeachta ó bhean phósta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in Case of Desertion) Act, 1886, a thionscnamh, d'éisteacht agus a chinneadh, agus measfar gurbh fhéidir riamh iad a thionscnamh, d'éisteacht agus a chinneadh, os comhair breithimh, agus ag breitheamh, den Chúirt Dúiche atá sannta de thuras na huaire don dúthaigh ina gcónaíonn a fear céile, nó ina mbíonn gnó á sheoladh aige, de ghnáth nó os comhair breithimh, agus ag breithimh, den Chúirt Dúiche atá sannta de thuras na huaire don dúthaigh ina gcónaíonn sise de ghnáth.
Leasú ar alt 68 den Dublin Police Act, 1842.
32.—Leasaítear leis seo alt 68 den Dublin Police Act, 1842 (a fhorálas go seachadfar don únaer earraí a coinníodh go neamhdhleathach) trí “a justice of the District Court” a chur in ionad “any of the said divisional justices”, trí “within the Limits of the Police District” a scrios agus trí “fifty pounds” a chur in ionad “Fifteen Pounds”, agus beidh éifeacht ag an alt, arna leasú amhlaidh, ar fud an Stáit.
Achomharc i gcoinne orduithe faoin Probation of Offenders Act, 1907.
33.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne orduithe ón gCúirt Dúiche faoi fho-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907.
AN SCEIDEAL.
AchtachÁin a hAthghairmtear.
CUID I.
Achtacháin a hathghairmtear ó dháta an Achta seo a rith.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
Uimhir 10 de 1924. | Ailt 15 agus 42, agus, in alt 74, ó “Is amach as airgead” go dtí deireadh an ailt. | |
Fo-alt (1) d'alt 16. | ||
Fo-ailt (2), (3), (5) agus (6) d'alt 67. Alt 77. | ||
In alt 22, na focail “(seachas Ard-Bhreitheamh Roinne)”. | ||
Alt 19. |
CUID II.
Achtachán a hathghairmtear ó thosach feidhme an orduithe faoi alt 16 den Acht seo.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 13. |
CUID III.
Achtacháin a hathghairmtear ó thosach feidhme na n-orduithe faoi alt 21 agus alt 22 den Acht seo.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 68. | ||
Alt 47. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Alt 11. |