Uimhir 3 de 1950.
ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1950.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
tá leis an abairt “an tsuim iomchuí” an bhrí is iomchuí do réir ailt 2 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946);
ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas:—
(a) údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946,
(b) coiste gairm-oideachais,
(c) coiste talmhaíochta,
(d) coiste freastail scoile,
(e) Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath,
(f) Bord Ospidéal Fiabhrais Chorcaighe;
ciallaíonn an abairt “údarás ospidéil mheabhair-ghalar” údarás ospidéil mheabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945);
ciallaíonn an abairt “pinsean sceidealta” pinsean nó liúntas a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus, aon uair atá tagairt san abairt do Chuid áirithe den Sceideal sin, ciallaíonn sí pinsean nó liúntas a sonráítear sa Chuid sin.
(2) Aon phinsean sceidealta a dámhadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1949, agus a thiocfas i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach aon lá dá éis sin, measfar, chun críocha an Sceidil a ghabhas leis an Acht seo é a theacht i gcúrsa a íoctha an 1ú lá d'Aibreán, 1949, ach amháin i gcás dámhachtana i leith duine ar é do scor d'fhostaíocht is fostaíocht cheadaithe do réir bhrí ailt 4 den Superannuation Act, 1914.
An tsuim iomchuí.
2.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is é rud é an tsuim iomchuí, chun críocha an Achta seo, maidir le pinsean sceidealta—
(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 50 faoin gcéad de mhéid an phinsin,
(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £50 sa bhliain,
(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 40 faoin gcéad de mhéid an phinsin,
(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £60 sa bhliain,
(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, 30 faoin gcéad de mhéid an phinsin,
(f) más mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, oiread agus a bhéarfadh méid an phinsin go dtí £150 sa bhliain.
(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha fo-ailt (1) den alt seo:
(a) aon phinsean ar háiríodh aon bhónas éigeandála ann nuair a bhíothas á ríomh measfar gurb é a mhéid an méid a bheadh ann dá mba nár háiríodh an bónas éigeandála;
(b) ní háireofar i méid aon phinsin a híoctar go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus go páirteach as airgead faoi riaradh rialtais eile aon éadú is iníoctha as airgead faoi riaradh an rialtais eile, ach laghdófar an tsuim iomchuí méid aon mhéaduithe den tsórt sin;
(c) faoi réir na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, is é méid a bheas i bpinsean ná méid an phinsin iomláin, pé acu bheas an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach mbeidh sé i gcúrsa a íoctha ar chor ar bith.
Pinsean sceidealta (Cuid 1) a mhéadú.
3.—(1) Méadófar pinsean sceidealta (Cuid I)—
(a) i gcás pinsin shrianta, go dtí an méid is lú, agus
(b) in aon chás eile, méid is ionann agus an tsuim iomchuí.
(2) I bhfo-alt (1) den alt seo—
ciallaíonn an abairt “pinsean srianta” pinsean sceidealta (Cuid I)—
(i) a sonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h) nó (i) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus
(ii) a bheadh, dá méadaítí é an tsuim iomchuí, níos mó ná an pinsean dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime agus comhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946;
ciallaíonn an abairt “an méid is lú”—
(a) i gcás pinsin a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a deonadh d'fhear neamhphósta, an méid a cinnfí faoi mhír (b) den mhíniú seo dá mbeadh an pinsinéir pósta, agus
(b) in aon chás eile, méid an phinsin, dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime nó comhsheirbhíse, dá dtagartar i mír (ii) den mhíniú roimhe seo.
(3) I gcás pinsin is iníoctha le, nó maidir le, duine a bhí ina chomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus ar chríochnaigh a sheirbhís ann roimh thosach feidhme Achta Chónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), forléireofar tagairt i bhfo-alt (2) den alt seo do dhuine comhchéime agus comhsheirbhíse mar thagairt do dhuine ba chomhalta comhchéime agus comhsheirbhíse den Gharda Síochána.
(4) Má bhíonn i bpinsean a méadófar faoin alt seo eilimint is inchurtha i leith bónais éigeandála, ní bheidh an eilimint sin iníoctha i leith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1949, nó aon lá dá éis sin.
Pinsean sceidealta (Cuid II) a mhéadú
4.—Méadófar pinsean sceidealta (Cuid II) méid is ionann agus an tsuim iomchuí.
Pinsean sceidealta (Cuid III) a mhéadú.
5.—(1) Aon phinsean sceidealta (Cuid III) is lú ná an méid a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo méadófar é go dtí an méid sin.
(2) Is é an méid dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) an méid a gheofar—
(i) tríd an bpinsean áirithe d'athríomh do réir treoiruimhreach costais mhaireachtana 185, agus
(ii) tríd an bpinsean sin, arna athríomh amhlaidh, a mhéadú an tsuim iomchuí, nó
(b) an méid a gheofar tríd an bpinsean áirithe d'athríomh do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana 270,
pé acu sin is lú.
Pinsean sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.
6.—(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheoin pinsean sceidealta (Cuid IV) aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonadh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, agus beidh an méadú sin ina mhéadú de mhéid a bheas ceadaithe ag an Aire nó a bheas do réir cheaduithe a bhainfeas leis an bpinsean agus a bheas tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den tsórt sin.
(2) Aon uair ar cúis mhíshásaimh le duine diúltú nó loiceadh, i rith na tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, maidir le méadú a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltuithe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltuithe, nó, i gcás loicthe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis deireadh an dá mhí dhéag sin, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltuithe nó an loicthe sin.
(3) Aon uair ar cúis mhíshásaimh le duine méadú a deonadh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonadh, achomharc ina choinne a dhéanamh chun an Aire.
(4) Ar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó pé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, a bheith déanta ag an údarás áitiúil lena mbaineann, agus aon tsocruithe a dhéanfas an tAire amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.
(5) Beidh breith an Aire ar aon achomharc faoin alt seo ina breith chríochnaitheach.
(6) Ní thiocfaidh de phinsean sceidealta (Cuid IV) a mhéadú faoi alt 79 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948), go mbeidh cosc le pé méadú (más ann dó) a dheonadh is iomchuí faoin alt seo.
(7) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an tAire”—
(a) maidir le húdarás áitiúil nach údarás ospidéil mheabhairghalar, an tAire Rialtais Áitiúil, agus
(b) maidir le húdarás ospidéil mheabhair-ghalar, an tAire Sláinte.
Pinsean sceidealta (Cuid V) a mhéadú
7.—(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheoin pinsean sceidealta (Cuid V) aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonadh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith.
(2) Beidh méadú faoin alt seo do réir rialachán a dhéanfas an tAire Tionscail agus Tráchtála agus, ag ceapadh na rialachán dó, bhéarfaidh an tAire sin aird ar fhorála na n-alt eile den Acht seo maidir pinsin a mhéadú.
Duine ag a bhfuil níos mó ná pinsean amháin.
8.—(1) I gcás níos mó ná pinsean amháin a dheonadh ar dhuine—
(a) ní déanfar aon íocaíochta tráth ar bith i leith méaduithe a deonfar don duine sin faoin Acht seo más rud é go dtabharfadh na híocaíochta sin comhiomlán na bpinsean os cionn £450 sa bhliain,
(b) más pinsean sceidealta (Cuid I) nó pinsean sceidealta (Cuid III) gach pinsean acu, ansin, faoi réir míre (a) den fho-alt seo, beidh an méadú faoin Acht seo ina mhéadú is ionann agus an tsuim iomchuí a fionnfaí dá mba rud é gur pinsean sceidealta amháin comhiomlán na bpinsean agus déanfar an méadú sin a leithroinnt go coibhneasach idir na pinsin.
(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn an focal “pinsean” aon phinsean, liúntas nó cúiteamh is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó as an bPríomh-Chiste, as cistí údaráis áitiúil nó údaráis chuain nó as Ciste Pinsean na Meán-Mhúinteoirí nó as Ciste Uisce-Bhealaigh na Sionainne.
Tosach feidhme an mhéaduithe.
9.—Beidh éifeacht ag méadú faoin Acht seo ar phinsean sceidealta ó lá tosnuithe an phinsin (agus an lá sin d'áireamh) nó ón lú lá d'Aibreán, 1949 (agus an lá sin d'áireamh), pé acu is déanaí.
Pinsean a méadaíodh faoin Pensions (Increase) Act, 1920.
10.—Má bhí méadú ar phinsean sceidealta i gcúrsa a íoctha faoin Pensions (Increase) Act, 1920, an lú lá d'Aibreán, 1949, measfar chun críocha an Achta seo gurb é rud atá sa phinsean an méid iomlán a bhí i gcúrsa a íoctha ar an dáta sin, agus, gan dochar don mhéadú sin, scoirfidh forála an Pensions (Increase) Act, 1920, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an bpinsean.
Feidhm ag forála áirithe.
11.—Gach foráil, is foráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus a raibh feidhm aici maidir le pinsean sceidealta a méadaítear faoin Acht seo sar a ndearnadh an méadú sin, beidh feidhm aici maidir leis an bpinsean arna mhéadú amhlaidh, agus, go sonrach, beidh feidhm ag gach foráil den tsórt sin a bhaineas leis an gCiste, leis an airgead nó leis an bhfoinse eile as a bhfuil an pinsean le híoc nó a bhaineas leis an modh ar a bhfuil costas an phinsin le hiompar nó le híoc nó ar a bhfuil ranníoc le déanamh ina leith.
An tAire do dheonadh méaduithe.
12.—Is iad seo a leanas a dheonfas méadú faoin Acht seo ar phinsean sceidealta (Cuid I), pinsean sceidealta (Cuid II) nó pinsean sceidealta (Cuid III)—
(a) i gcás pinsin a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, an tAire Oideachais,
(b) I gcás pinsin sceidealta (Cuid I) nó pinsin sceidealta (Cuid III), is pinsean a deonadh d'iarchomhalta nó i leith iarchomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath nó den Gharda Síochána, an tAire Dlí agus Cirt,
(c) i gcás liúntais bhliantúil a deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, i leith seirbhíse a chríochnaigh sa Roinn Poist agus Telegrafa, an tAire Poist agus Telegrafa, agus
(d) in aon chás eile, an tAire Airgeadais.
Modhnú ar Ordú Pinsean Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (Baill d'Eirigh as agus a Briseadh), 1924.
13.—I gcás pinsean a sonraítear i mír (f) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus fós pinsean sceidealta eile a dheonadh do dhuine, beidh éifeacht ag fo-airteagal (b) d'Airteagal 5 d'Ordú Pinsean Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (Baill d'Eirigh as agus a Briseadh), 1924 (R. & O.R., Uimh. 9 de 1924), maidir leis fara pé modhnuithe (más ann dóibh) ina fhábhar is cuí leis an Aire Airgeadais.
Foráil speisialta i gcás inar dámhadh cúiteamh airithe.
14.—Más rud é—
(a) toisc cúiteamh a dhámhachtain i leith díobhála a bhain d'iarchomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath nó den Gharda Síochána nó i leith a bháis, nár dámhadh pinsean nó gur deonadh pinsean do réir ráta íslithe, agus
(b) go ndéanfaí an pinsean a deonfaí, dá mba nár dámhadh an cúiteamh, a mhéadú faoin Acht seo,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(i) féadfaidh an tAire Airgeadais, más rogha leis, an pinsean a deonfaí, dá mba nár dámhadh an cúiteamh, a dheonadh le héifeacht ón lú lá d'Aibreán, 1949 (agus an lá sin d'áireamh),
(ii) déanfar an pinsean a deonfar amhlaidh a mhéadú do réir an Achta seo, ach, arna mhéadú amhlaidh, beidh sé faoi réir pé laghduithe, i leith dámhachtana an chúitimh, a ordós an tAire Airgeadais,
(iii) an pinsean a deonfar amhlaidh gabhfaidh sé, má deonadh pinsean roimhe sin do réir ráta íslithe, ionad an phinsin deiridh sin.
An tAire Airgeadais do chinneadh nithe faoi dhíospóid.
15.—Breithneoidh an tAire Airgeadais gach amhras, ceist nó díospóid a bheas ann faoin Acht seo i dtaobh pinsin sceidealta (Cuid I), pinsin sceidealta (Cuid II) nó pinsin sceidealta (Cuid III), agus beidh a bhreith sin ar an gcéanna ina breith chríochnaitheach.
Pinsin áirithe is iníoctha ag Bord Soláthair an Leictreachais a mhéadú.
16.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927),
ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais,
tá leis an abairt “gnóthaire údaraithe” an bhrí a bheirtear di le hAcht 1927 chun críocha an Achta sin.
(2) Baineann an t-alt seo le gach pinsean (pé acu a thosnaigh sé roimh dháta nó ar dháta an Achta seo a rith nó a thosnós sé dá éis sin) a chomhlíonas na coinníollacha uile seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) an pinsean a bheith iníoctha ag an mBord, agus
(b) an pinsean a bheith iníoctha le duine (dá ngairmtear an pinsinéir sa bhfo-alt seo) a haistríodh de bhuaidh fo-ailt (9) nó fo-ailt (11) d'alt 39 d'Acht 1927 ó fhostaíocht ghnóthaire údaraithe go dtí fostaíocht an Bhoird agus d'fhág nó a fhágfas ina dhiaidh seo fostaíocht an Bhoird ar fhoras aoise nó easláinte nó de dhroim imthoisce dá luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 44 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), agus
(c) an pinsean a dhámhachtain don phinsinéir ar é d'fhágaint fostaíocht an Bhoird amhlaidh agus an pinsean a dhámhachtain dó amhlaidh de bhuaidh a chearta aoisliúntais i bhfostaíocht an ghnóthaire údaraithe sin, agus
(d) cuid den phinsean a ríomh do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana nó do réir dhá threoir-uimhir chostais mhaireachtana nó níos mó.
(3) An chuid de phinsean lena mbaineann an t-alt seo agus a ríomhtar do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana nó do réir dhá threoir-uimhir chostais mhaireachtana nó níos mó, ní bheidh sí inathruithe de dhroim athruithe ar an treoir-uimhir nó ar na treoir-uimhreacha sin ach, ina ionad sin, déanfar an chuid sin den phinsean a ríomh do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana 270.
(4) Cúlghairmtear leis seo an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 244), 1942 (R. & O. R., Uimh. 519 de 1942).
Srian ghinearálta.
17.—Ní forléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíos méadú—
(a) ar aon chúiteamh is iníoctha faoi Airteagal 10 de Chonradh 1921,
(b) ar aon liúntas nó íocaíocht nach pinsean sceidealta ná pinsean lena mbaineann alt 16 den Acht seo, ná
(c) ar aon aisce.
Gearrtheideal.
18.—Féadfar Acht na bPinsean (Méadú), 1950, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL.
Pinsin Sceidealta.
CUID I.
Pinsean nó liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán, 1949, agus—
(a) ba phinsean a deonadh faoin National School Teachers (Ireland) Act, 1879,
(b) ba phinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1948, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946,
(c) ba phinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1947, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1946,
(d) ba phinsean nó liúntas a deonadh faoin Constabulary and Police (Ireland) Act, 1883, arna leasú leis an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1908, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1914, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1916, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1918, agus an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, agus nár phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú le hOrduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, le, nó maidir le, duine a ndearnadh comhalta den fhórsa cónasctha dhe faoi Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925),
(e) ba phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú le hOrduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, agus nach pinsean a sonraítear sa mhír roimhe seo ná pinsean baintrí ná liúntas linbh,
(f) ba phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (Baill d'Eirigh as agus a Briseadh), 1924, 1929 agus 1936, agus nach pinsean baintrí,
(g) ba liúntas bliantúil a deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940,
(h) ba liúntas bliantúil a deonadh faoi bharántas a rinneadh faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, (i) ba liúntas bliantúil speisialta a deonadh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, nó
(j) ba phinsean a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, do dhuine a bhí ar fostú ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir le haireachasú nó caomhnadh a dhéanamh ar uiscebhealach nó siltean na Sionainne nó aon fho-abhann di nó ar oibreacha a rinneadh chun feabhas a chur ar an uisce-bhealach nó ar an siltean sin.
CUID II.
Pinsean baintrí nó liúntas linbh a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949.
CUID III.
Pinsean nó liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus—
(a) a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh tar éis an 30ú lá de Mheitheamh, 1940, agus roimh an lú lá d'Iúil, 1943,
(b) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an 1ú lá d'Aibreán, 1949, agus
(c) a méadaíodh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1945), faoin Acht Aoisliúntas, 1947 (Uimh. 29 de 1947), nó faoi Acht an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947 (Uimh. 41 de 1947, do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana nárbh airde ná 260.
CUID IV.
Liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a dheoin údarás áitiúil i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Iúil, 1943, agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán 1949.
CUID V.
Liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a dheoin údarás cuain i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán, 1949.