Uimhir 18 de 1988
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (TAIGHDE, OILIÚINT AGUS COMHAIRLE), 1988
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | An Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord agus coistí talmhaíochta a dhíscaoileadh. |
21. | Sócmhainní agus dliteanais de chuid an Fhorais agus na Comhairle a aistriú chuig Teagasc. |
22. | Sócmhainní agus dliteanais de chuid coistí talmhaíochta a aistriú chuig an Aire. |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | Srian ar chumhachtaí áirithe de chuid Theagaisc i ndáil le Caisleán Bhaile Sheonach. |
28. | |
29. | |
30. | |
31. |
Teagasc—An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1987 | |
Bee Pest Prevention (Ireland) Act, 1908 | 1908, c. 34 |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945 | |
Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1980 | |
Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984 | |
Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 | |
Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984 | |
Uimhir 18 de 1988
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (TAIGHDE, OILIÚINT AGUS COMHAIRLE), 1988
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
folaíonn “talmhaíocht”—
(a) gairneoireacht, déiríocht, pórú agus coimeád capall, beithíoch, muc agus beostoic eile, tógáil agus coimeád éanlaithe clóis agus beachaireacht,
(b) saothrú, táirgeadh agus sábháil barraí, lena n-áirítear féar,
(c) leasuithe agus leasacháin a úsáid agus a chur amach,
(d) táirgeadh agus próiseáil feola agus táirgí beostoic eile, bainne agus táirgí déiríochta eile, feola éanlaithe clóis, uibheacha agus táirgí éanlaithe clóis eile, meala agus táirgí beach eile, plandaí agus táirgí plandaí, éisc agus táirgí éisc agus torthaí agus táirgí gairneoireachta eile, agus
(e) cothú ainmhithe, sláinte ainmhithe agus sláinteachas ainmhithe,
(f) bainisteoireacht feirme, eacnamaíocht talmhaíochta, forbairt na tuaithe, margaíocht táirgí talmhaíochta agus aon ghníomhaíochtaí nó eolaíochtaí eile a bhaineann le talmhaíocht nó a bhfuil de bhrí iontu éifeachtacht na talmhaíochta a fheabhsú nó a réim a mhéadú;
folaíonn “taighde talmhaíochta” taighde i ndáil le gach gné den talmhaíocht, den fhoraoiseacht, de phórú plandaí agus de thaighde tréidliachta;
folaíonn “taighde tréidliachta” taighde i ndáil le galair ainmhithe agus éanlaithe clóis;
ciallaíonn “an Bord” Bord na Comhairle Oiliúna Talmhaíochta;
ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta;
ciallaíonn “Comhairle an Fhorais” Comhairle an Fhorais Thalúntais;
ciallaíonn “an Stiúrthóir” an príomhoifigeach ar Theagasc;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 2;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas agus na n-oibleagáidí;
ciallaíonn “an Foras” an Foras Talúntais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Bia;
folaíonn “taighde” imscrúdú, tástáil, turgnamh, anailís agus staidéar;
ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag Teagasc chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair fostaithe nó lena gcoinníollacha fostaíochta nó lena ndálaí oibre;
ciallaíonn “fochuideachta” (ar focal é a bhfuil an bhrí leis a shanntar dó le hAcht na gCuideachtaí, 1963) fochuideachta de chuid Theagaisc;
ciallaíonn “Teagasc” an comhlacht a bhunaítear le halt 3;
agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin.
(2) (a) San Acht seo, aon tagairt d'alt nó do sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(b) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
An lá bunaithe.
2.—Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Teagasc—An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia—a bhunú.
3.—(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Teagasc — An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia agus dá ngairtear “Teagasc” san Acht seo chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil maidir le Teagasc.
Feidhmeanna Theagaisc.
4.—(1) Is iad príomhfheidhmeanna Theagaisc—
(a) seirbhísí oideachais, oiliúna agus comhairle a sholáthar sa talmhaíocht nó a soláthar a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear cibé seirbhísí oideachais, oiliúna nó comhairle sa talmhaíocht a shonróidh an tAire chun éifeacht a thabhairt d'aon treoir, rialachán nó ionstraim eile lena mbeidh glactha ag foras de chuid na gComhphobal Eorpach,
(b) an fios eolaíochta agus an fios praiticiúil i ndáil le talmhaíocht a theastaíonn ó thionscal na talmhaíochta, a fháil agus a chur ar fáil don tionscal sin, agus
(c) taighde agus forbairt talmhaíochta (lena n-áirítear taighde agus forbairt i ndáil le próiseáil bia agus leis an tionscal próiseála bia) a ghabháil de láimh, a chur chun cinn, a spreagadh, a chomheagrú, a éascú, a athbhreithniú agus cuidiú leis an gcéanna.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh ag Teagasc freisin agus teachtfaidh sé na feidhmeanna sin go léir (seachas feidhmeanna a thugtar le hailt 34, 36 agus 59 d'Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977) a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Fhoras, do Chomhairle an Fhorais, don Chomhairle agus don Bhord agus nach sonraítear i bhfo-alt (1).
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), tabharfaidh Teagasc, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, aird ar leith ar an ngá agus ar an tábhacht atá le hoiliúint agus le hoideachas talmhaíochta do dhaoine óga agus le taighde agus forbairt i ndáil le próiseáil bia agus leis an tionscal próiseála bia.
(4) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag Teagasc is gá nó is fóirsteanach chun críocha a fheidhmeanna.
(5) D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo den alt seo, ní sheolfaidh Teagasc na nithe seo ná ní ghabhfaidh sé dóibh mura n-údaraíonn an tAire dó i scríbhinn déanamh amhlaidh—
(a) (i) tástáil ar bheostoc nó ar éanlaith chlóis chun críocha clár póraithe náisiúnta de chuid an Aire,
(ii) tástáil ar shíolta féir, gránach, fréamhacha nó glasraí, nó prátaí nó plandaí chun críocha scéimeanna deimhniúcháin de chuid an Aire, nó chun go n-ullmhódh an tAire liostaí de chineálacha inghlactha nó molta de na síolta, de na prátaí nó de na plandaí sin (chun aon treoir, rialachán nó ionstraim eile lenar ghlac foras de chuid na gComhphobal Eorpach nó eile a chur i bhfeidhm) nó chun cearta dílseánaigh a dheonú i ndáil le cineálacha nua de shíolta den sórt sin, nó de phrátaí nó de phlandaí, nó
(iii) tástáil ar shamplaí de shíolta a tógadh de réir alt 13 den Acht Síolta Talmhaíochta, 1936,
nó
(b) tástáil nó anailísiú ar shamplaí de leasacháin, d'ábhair bheatha, de lotnaidicídí, de mheascáin mhianrúla nó de tháirgí talmhaíochta chun críocha aon fhorála arna déanamh le reacht nó faoi reacht.
(6) Féadfaidh Teagasc, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, lasmuigh den Stát—
(i) aon cheann de na feidhmeanna a chomhlíonadh, aon cheann de na seirbhísí a chur ar fáil nó aon cheann de na gníomhaíochtaí a sheoladh a n-údaraítear dó leis an Acht seo iad a chomhlíonadh, a chur ar fáil nó a sheoladh sa Stát, agus
(ii) seirbhísí comhairle agus seirbhísí sainchomhairle a chur ar fáil i ndáil le—
(I) daoine eile do chomhlíonadh feidhmeanna lasmuigh den Stát,
(II) daoine eile do chur seirbhísí ar fáil lasmuigh den Stát, nó
(III) daoine eile do sheoladh gníomhaíochtaí lasmuigh den Stát,
ar feidhmeanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí iad atá ar aon dul leis na feidhmeanna, na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a n-údaraítear do Theagasc leis an Acht seo iad a chomhlíonadh, a chur ar fáil agus a sheoladh sa Stát.
(7) (a) Féadfar, maidir le feidhmeanna de chuid Theagaisc nó le seirbhísí atá le cur ar fáil aige, cibé cinn díobh a chinnfidh sé, a fheidhmiú nó a chur ar fáil trí fhochuideachta, agus féadfaidh Teagasc, dá réir sin, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, fochuideachta amháin nó níos mó a fháil nó a fhoirmiú agus a chlárú.
(b) Is i cibé foirm a chinnfidh Teagasc le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta.
(c) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn do Theagasc maidir le haon ábhar a bhaineann le fochuideachta nó le beartais, le cláir nó le gníomhaíochtaí fochuideachta agus déanfaidh Teagasc, nó de réir mar is iomchuí, áiritheoidh sé go ndéanfar, an t-ordú a chomhlíonadh.
(d) Ní thabharfar ordú faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon sócmhainní nó barrachais de chuid fochuideachta a dhiúscairt gan toiliú an Aire Airgeadais.
(8) Forléireofar an tagairt i bhfo-alt (1) (a) do sheirbhísí comhairle sa talmhaíocht mar thagairt a fholaíonn tagairt do sheirbhísí comhairle i ndáil le crainn a fhás mar chuid d'fhiontar feirmeoireachta agus i ndáil le criosanna foscaidh crann a bhunú.
Feidhmeanna breise a thabhairt do Theagasc.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, le hordú—
(a) cibé feidhmeanna breise a thabhairt do Theagasc a bhaineann le feidhmeanna Theagaisc de thuras na huaire nó leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a n-údaraítear do Theagasc iad a chur ar fáil nó a sheoladh de thuras na huaire (lena n-áirítear feidhmeanna de chuid an Aire i ndáil le haon treoir, rialachán nó ionstraim eile lena mbeidh glactha ag foras de chuid na gComhphobal Eorpach i ndáil le forbairt na talmhaíochta) mar is cuí leis an Aire, agus
(b) cibé foráil a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach maidir le hábhair atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna, nó a éiríonn as feidhmeanna, a thabhairt do Theagasc faoin alt seo nó Teagasc do chomhlíonadh feidhmeanna a thugtar amhlaidh (lena n-áirítear foráil go n-aistreofar chuig Teagasc aon mhaoin a bheidh ar seilbh ag an Aire chun críocha feidhmeanna a thugtar do Theagasc faoin alt seo).
(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm le hordú.
(3) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Muirir i leith seirbhísí.
6.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh Teagasc nó fochuideachta cibé muirir a ghearradh is cuí leis i gcomaoin comhlíonadh a fheidhmeanna aige, soláthar seirbhísí aige (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire) agus seoladh gníomhaíochtaí aige agus féadfaidh sé aon ní a tháirgfidh nó a fhorbróidh Teagasc nó fochuideachta a dhíol ar cibé praghsanna is cuí leis agus féadfaidh sé conarthaí a dhéanamh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí le Teagasc) maidir le forbairt agus úsáid tráchtála breise a dhéanamh ar thorthaí a chuid taighde agus forbartha.
(2) Is faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais a chinnfear méideanna muirear a ghearrfaidh Teagasc nó fochuideachta i leith seirbhísí oideachais, oiliúna agus comhairle.
(3) Muirir, praghsanna agus íocaíochtaí faoi fho-alt (1) maidir le feidhmeanna a chomhlíontar, seirbhísí a sholáthraítear, gníomhaíochtaí a sheoltar nó nithe a dhíoltar, lasmuigh den Stát, ní bheidh siad, ach amháin le ceadú an Aire, níos lú ná an costas a bhaineann leis an bhfeidhm a chomhlíonadh, an tseirbhís a sholáthar, an ghníomhaíocht a sheoladh nó an ní a tháirgeadh agus a fhorbairt, de réir mar a bheidh.
(4) Féadfaidh Teagasc aon mhéid a bheidh dlite agus le híoc leis faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb iníoctha aige é.
Stiúrthóir.
7.—(1) Beidh príomhoifigeach ar Theagasc ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Stiúrthóir.
(2) Déanfaidh an Stiúrthóir riarachán agus gnó Theagaisc a sheoladh, a bhainisteoireacht agus a rialú go ginearálta agus déanfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh Teagasc, a chomhlíonadh.
(3) Beidh an Stiúrthóir i seilbh oifige faoi chonradh seirbhíse, i scríbhinn, ina mbeidh cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Íocfar leis an Stiúrthóir cibé liúntais, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, i leith caiteachas a thabhóidh sé le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
(5) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Stiúrthóir agus féadfaidh sé é a chur as oifig tráth ar bith; is é Teagasc le toiliú an Aire a cheapfaidh gach Stiúrthóir ina dhiaidh sin agus féadfaidh Teagasc le toiliú an Aire é a chur as oifig tráth ar bith.
(6) Caithfidh an Stiúrthóir a chuid ama ar fad ar a dhualgais mar Stiúrthóir agus ní bheidh aon oifig ná post eile aige gan toiliú Theagaisc.
(7) Féadfaidh an Stiúrthóir tograí a chur faoi bhráid Theagaisc i dtaobh aon ní a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.
(8) Ní bheidh an Stiúrthóir ina chomhalta de Theagasc ná de choiste a cheapfaidh Teagasc faoi alt 17.
Foireann Theagaisc agus na bhfochuideachtaí.
8.—(1) (a) Féadfaidh Teagasc cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Theagaisc.
(b) Féadfaidh bord fochuideachta cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na fochuideachta.
(2) (a) Déanfar cibé luach saothair, agus liúntais i leith caiteachas, a thabhóidh comhalta d'fhoireann Theagaisc (seachas an Stiúrthóir) nó d'fhoireann fochuideachta agus a chinnfidh Teagasc nó an fhochuideachta de réir mar a bheidh, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcomhalta sin as airgead a bheidh faoina réir ag Teagasc nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh.
(b) Beidh comhalta d'fhoireann Theagaisc dá dtagraítear i mír (a) nó d'fhoireann fochuideachta i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh Teagasc, nó de réir mar a bheidh, an fhochuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(3) Déanfaidh Teagasc nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh fochuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoirne Theagaisc agus na fochuideachta agus an líon foirne i ngach grád a chinneadh.
(4) Déanfar gach duine a bhí díreach roimh an lá bunaithe ina chomhalta d'fhoireann an Fhorais nó na Comhairle a aistriú, an lá sin, chuig Teagasc agus tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'fhoireann Theagaisc.
(5) Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige a dheonóidh Teagasc i ndáil le comhalta d'fhoireann Theagaisc a aistríodh ón bhForas nó ón gComhairle le fo-alt (4) chuig foireann Theagaisc, ní lú fabhar dó iad fad a bheidh sé i seirbhís Theagaisc ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i réim díreach roimh an lá bunaithe san Fhoras nó sa Chomhairle, de réir mar is iomchuí, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann.
(6) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann an Fhorais nó na Comhairle a aistreofar le fo-alt (4) chuig foireann Theagaisc ní lú, fad a bheidh sé i seirbhís Theagaisc, an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a mbeidh sé faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.
(7) Go dtí go ndéanfaidh Teagasc, tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, athrú ar scálaí pá agus ar théarmaí agus coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) na foirne a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag an bhfoireann chucu agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige), na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an fhoireann faoina réir díreach sular aistríodh í, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an bhfoireann agus féadfaidh Teagasc nó an Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, iad a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, fad a bheidh an fhoireann i seirbhís Theagaisc. Ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá nó na téarmaí nó coinníollacha seirbhíse réamhráite a bhain le comhalta den fhoireann sin díreach roimh an lá bunaithe ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann.
(8) I ndáil le foireann a aistreofar le fo-alt (4) chuig foireann Theagaisc, féadfar seirbhís roimh ré san Fhoras nó sa Chomhairle nó seirbhís is ináirithe chun críocha aon sochar aoisliúntais is iníoctha ag an bhForas nó thar a cheann nó ag an gComhairle nó thar a ceann a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh eile sna hAchtanna sin.
(9) Féadfaidh Teagasc aon fheidhm dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh tríd an Stiúrthóir nó ag an Stiúrthóir nó trí aon chomhalta eile dá fhoireann, nó ag aon chomhalta eile dá fhoireann, arna údarú go cuí ag Teagasc chuige sin.
Aoisliúntas fhoireann Theagaisc.
9.—(1) Féadfaidh Teagasc, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine (seachas an Stiúrthóir) a cheapfar, nó a aistreofar le halt 8, chuig poist lánaimseartha ar fhoireann Theagaisc.
(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(3) Féadfaidh Teagasc, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.
(4) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean é chun an Aire Airgeadais, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.
(5) Ní dheonóidh Teagasc aon sochar aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann Theagaisc d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna faoin alt seo.
(6) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
(7) (a) Maidir le duine a aistreofar le halt 8 chuig post lánaimseartha ar fhoireann Theagaisc, déanfaidh scéim nó scéimeanna faoi fho-alt (1) socrú chun sochair aoisliúntais a dheonú dó hó ina leith ar théarmaí agus ar choinníollacha agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis díreach roimh an lá bunaithe i ndáil leis na sochair sin a dheonú.
(b) Más rud é, le linn na tréimhse idir an lá bunaithe agus teacht i bhfeidhm scéime faoin alt seo, go mbeadh sochair aoisliúntais deonaithe do dhuine nó i leith duine a aistríodh le halt 8 chuig foireann Theagaisc maidir lena fhostaíocht leis an bhForas nó leis an gComhairle, déanfaidh Teagasc na sochair aoisliúntais a dheonú don duine agus a íoc leis an duine nó a dheonú agus a íoc ina leith.
(c) (i) Na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais (lena n-áirítear an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh maidir le sochair aoisliúntais) de chuid aon scéime nó faoi aon scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d'fhoireann an Fhorais nó na Comhairle nó ina leith, dílseofar iad an lá bunaithe do Theagasc gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise, go feadh, maidir leis na sócmhainní, an eastáit, an téarma nó an leasa go léir, de réir mar a bheidh, dá raibh na sócmhainní dílsithe don Fhoras nó don Chomhairle, de réir mar a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe.
(ii) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig Teagasc leis an bhfo-alt seo agus a bhí, an lá bunaithe, i leabhair aon chorparáide nó cuideachta in ainm an Fhorais nó na Comhairle nó in ainm aon duine arbh iontaobhaí é, an lá bunaithe, ar scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d'fhoireann an Fhorais nó na Comhairle nó ina leith, déanfar, ar iarraidh ó Theagasc, iad a aistriú go dtí ainm Theagaisc nó go dtí ainm cibé duine a shonróidh Teagasc.
(8) San alt seo agus in ailt 8 agus 10 ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí de Theagasc nó ag foireann Theagaisc.
10.—(1) Más rud é i gcás comhalta de Theagasc—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta de Theagasc.
(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann Theagaisc—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,
beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag Teagasc agus ní íocfaidh Teagasc leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ó Theagasc aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.
(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta de Theagasc nó d'fhoireann Theagaisc.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís le Teagasc chun críocha aon sochar aoisliúntais.
Airleacain ón Aire chun Teagaisc.
11.—Féadfaidh an tAire, ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag Teagasc i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna a airleacan chuig Teagasc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Cuntais Theagaisc agus fochuideachtaí agus iniúchtaí orthu.
12.—(1) Coimeádfaidh Teagasc agus aon fhochuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh Teagasc nó an fhochuideachta, de réir mar a bheidh, nó a chaithfidh siad, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus go háirithe, coimeádfaidh siad na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.
(2) Maidir leis na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid Theagaisc nó aon fhochuideachta, de réir mar a bheidh, lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) dá chuid cuntas a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh a luaithe is féidir don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid réamhráite a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.
13.—(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid Theagaisc, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh Teagasc tuarascáil don Aire faoina ghníomhaíochtaí, agus gníomhaíochtaí aon fhochuideachta, le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an tuarascáil sin a fháil, cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé ábhair, a ordóidh an tAire.
(3) Déanfaidh Teagasc, 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh gach bliana airgeadais dá chuid, tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don Aire—
(a) a thabharfaidh sracléiriú ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige (seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá) agus ag aon fhochuideachta sa bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin,
(b) a thabharfaidh meastacháin dá chaiteachas agus de chaiteachas aon fhochuideachta sa bhliain is déanaí a luaitear, i ndáil le gach ceann de na gníomhaíochtaí sin, agus
(c) a thabharfaidh meastacháin dá ioncam agus d'ioncam aon fhochuideachta sa bhliain sin is déanaí a luaitear,
agus ní dhéanfaidh Teagasc ná fochuideachta aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích ná aon chaiteachas den sórt sin a thabhú go dtí go mbeidh an tuarascáil ceadaithe ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.
(4) Ní dhéanfaidh Teagasc ná aon fhochuideachta, le linn aon bhliana airgeadais den sórt sin—
(a) aon ghníomhaíocht (seachas gníomhaíocht ó lá go lá) nach mbeidh sonraithe sa tuarascáil faoi fho-alt (3) i ndáil leis an mbliain sin, a sheoladh, ná
(b) caiteachas a thabhú i ndáil le haon ghníomhaíocht, de bhreis ar mheastachán an chaiteachais sin a tugadh sa tuarascáil sin,
gan ceadú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais.
(5) Déanfaidh Teagasc, aon uair a iarrfaidh an tAire air amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé ábhair a shonróidh sé maidir le réimse a chuid gníomhaíochtaí nó a chuid straitéise nó a bhaineann leis an gcéanna, i gcoitinne nó i leith aon chuntais a d'ullmhaigh Teagasc nó fochuideachta nó aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (3) nó in alt 12 (2) nó i leith bheartas agus gníomhaíochtaí Theagaisc nó fochuideachta, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá.
Faisnéis a nochtadh.
14.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú Theagaisc, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh aon dualgas a chomhlíonadh) mar chomhalta de Theagasc nó d'fhochuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann Theagaisc nó fochuideachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir do Theagasc nó d'fhochuideachta.
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.
(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar do Theagasc nó a thabharfaidh Teagasc nó a thabharfar thar a cheann don Aire a nochtadh.
Teagasc agus fochuideachtaí d'infheistiú airgid agus do dhiúscairt fáltas díolachán talún nó leasa i dtalamh.
15.—(1) Féadfaidh Teagasc nó fochuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais cistí de chuid Theagaisc nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh, a infheistiú, i cibé slí is cuí leis.
(2) I gcás go ndéanfaidh Teagasc nó fochuideachta talamh nó leas i dtalamh a dhiúscairt diúscrófar fáltais na diúscartha i cibé slí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Teagasc agus fochuideachtaí d'fháil iasachtaí.
16.—Féadfaidh Teagasc nó fochuideachta, ó am go ham, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó caipitiúil, airgead lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní Theagaisc nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh, nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
Coistí de chuid Theagaisc.
17.—(1) Féadfaidh Teagasc coistí a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó agus comhairle a chur air i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.
(2) Féadfar daoine nach comhaltaí de Theagasc a bheith ar choiste.
(3) Féadfaidh Teagasc duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar choiste a bhunófar faoin alt seo.
(4) Féadfar cibé liúntais a chinnfidh Teagasc, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc as ioncam Theagaisc le comhaltaí coiste a bhunófar faoin alt seo faoi chomhair caiteachas a thabhóidh siad.
Bronntanais.
18.—(1) Féadfaidh Teagasc nó fochuideachta bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.
(2) Ní ghlacfaidh Teagasc ná fochuideachta le bronntanas má bhíonn na hiontaobhais nó na coinníollacha a ghabhann leis ar neamhréir lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna.
Orduithe ón Aire do Theagasc.
19.—(1) (a) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn do Theagasc á cheangal air—
(i) seirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó gníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh, a mbeidh sé údaraithe dó le halt 4 nó 5 iad a chur ar fáil nó, de réir mar a bheidh, a sheoladh,
(ii) staonadh ó sheirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó ó ghníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh,
(iii) caiteachas de mhéideanna sonraithe a thabhú, nó a chuid caiteachais a mhéadú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó gníomhaíochtaí sonraithe a mbeidh sé údaraithe dó le halt 4 nó 5 iad a chur ar fáil nó, de réir mar a bheidh, a sheoladh,
(iv) staonadh ó chaiteachas a thabhú, nó a chuid caiteachais a laghdú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó ar ghníomhaíochtaí sonraithe, nó
(v) staonadh ó mhuirir a ghearradh i leith seirbhísí sonraithe nó athruithe sonraithe a dhéanamh ar na muirir i leith seirbhísí sonraithe.
(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do sheirbhísí a chur ar fáil agus do ghníomhaíochtaí a sheoladh tagairtí do shocrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil agus a sheoladh.
(2) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn do Theagasc i ndáil le beartas i gcoitinne, i ndáil le haon ábhar a shonraítear i dtuarascáil a sholáthraítear dó faoi alt 12 (2) nó fo-alt (1) nó (3) d'alt 13 nó i ndáil le haon fhaisnéis a sholáthraítear dó faoi alt 13 (5).
An Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord agus coistí talmhaíochta a dhíscaoileadh.
20.—(1) Ar an lá bunaithe tiocfaidh an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord agus coistí talmhaíochta a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta, 1931, chun bheith, agus beidh siad, díscaoilte.
(2) Déanfar tagairtí in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimh an lá bunaithe nó in aon ionstraim a rinneadh roimh an lá bunaithe faoi Acht den Oireachtas, don Fhoras, do Chomhairle an Fhorais, don Chomhairle nó don Bhord a fhorléiriú amhail ar an agus ón lá sin mar thagairtí do Theagasc.
Sócmhainní agus dliteanais áirithe de chuid an Fhorais agus na Comhairle a aistriú chuig Teagasc.
21.—(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú ar an lá bunaithe chuig Teagasc:
(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí díreach roimh an lá sin á sealbhú nó á dteachtadh ag an bhForas nó ag an gComhairle, agus
(b) na dliteanais uile a thabhaigh an Foras nó an Chomhairle roimh an lá sin nach raibh urscaoilte roimh an lá sin,
agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise—
(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, an lá sin do Theagasc go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sí díreach roimh an lá sin dílsithe don Fhoras nó don Chomhairle, de réir mar a bheidh, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,
(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón lá sin, á dteachtadh ag Teagasc, agus
(iii) amhail ar an agus ón lá sin, is dliteanais de chuid Theagaisc na dliteanais sin.
(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig Teagasc leis an alt seo agus atá, ar an lá bunaithe, in ainm an Fhorais nó na Comhairle déanfar, má iarrann Teagasc amhlaidh, iad a aistriú isteach in ainm Theagaisc.
(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig Teagasc féadfar, leis an alt seo an lá bunaithe nó dá éis agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ag Teagasc nó i gcoinne Theagaisc ina ainm féin agus ní gá do Theagasc fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a dhliteanas leis an bhfo-alt sin.
(4) Tabharfaidh Teagasc don Aire, agus d'oifigigh don Aire agus do chomhaltaí eile d'fhoireann an Aire agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna mar oifigigh agus comhaltaí den sórt sin, cead isteach gach tráth réasúnach chun aon mhaoine dá dtagraítear in alt 60 d'Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977, ar mhaoin leis an Aire í díreach roimh an lá bunaithe agus ceadóidh Teagasc do na hoifigigh agus na comhaltaí sin cibé innealra agus feithiclí is gá le réasún chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh a thabhairt isteach gach tráth réasúnach ar an maoin sin mar a dúradh.
(5) (a) Féadfaidh an tAire le hordú aon mhaoin dá dtagraítear san alt sin 60 a aistriú chuig Teagasc agus oibreoidh an t-ordú óna thosach feidhme chun an mhaoin sin a dhílsiú do Theagasc gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sí dílsithe don Aire díreach roimh an tosach feidhme ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta.
(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear ordú faoin mír seo) a leasú.
Sócmhainní agus dliteanais de chuid coistí talmhaíochta a aistriú chuig an Aire.
22.—(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú ar an lá bunaithe chuig an Aire:
(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí díreach roimh an lá sin á sealbhú nó á dteachtadh ag coiste talmhaíochta,
(b) na dliteanais uile a thabhaigh coiste talmhaíochta roimh an lá sin nach raibh urscaoilte roimh an lá sin,
agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise—
(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, an lá sin, don Aire go feadh an eastáit nó an leasa uile dá raibh sí díreach roimh an lá sin dílsithe do choiste talmhaíochta, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,
(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón lá sin, á dteachtadh ag an Aire, agus
(iii) amhail ar an agus ón lá sin, is dliteanais de chuid an Aire na dliteanais sin.
(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Aire leis an alt seo agus atá, ar an lá bunaithe, in ainm coiste talmhaíochta déanfar, má iarrann an tAire amhlaidh, iad a aistriú isteach in ainm an Aire.
(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear leis an alt seo chuig an Aire féadfar, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ag an Aire nó i gcoinne an Aire ina ainm féin agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a dhliteanas leis an bhfo-alt sin.
(4) Na sócmhainní a aistrítear chun an Aire leis an alt seo, déanfar tar éis na dliteanais a aistrítear amhlaidh a urscaoileadh astu, iad a dhiúscairt i cibé slí a chinnfidh an tAire agus an tAire Comhshaoil le toiliú an Aire Airgeadais.
Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú agus tagairtí don Fhoras, do Chomhairle an Fhorais, don Chomhairle, don Bhord agus do choistí talmhaíochta a oiriúnú.
23.—(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord nó coiste talmhaíochta nó a rinneadh nó a tugadh thar a gceann d'aon duine, nó a thug aon duine don Fhoras, do Chomhairle an Fhorais, don Chomhairle, don Bhord nó do choiste talmhaíochta agus ar ghlac siad sin leo nó ar glacadh leo thar a gceann agus gach conradh nó comhaontú a rinneadh idir an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord nó coiste talmhaíochta agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm an lá sin nó dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo ionann is dá gcuirfí ainm Theagaisc iontu in ionad ainm an Fhorais, Chomhairle an Fhorais, na Comhairle, nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, agus ionann is dá gcuirfí ainm an Aire iontu in ionad ainm an choiste talmhaíochta.
(2) Aon tagairtí don Fhoras, do Chomhairle an Fhorais, don Chomhairle, nó don Bhord a bhí díreach roimh an lá bunaithe i meabhrán agus in airteagail chomhlachais aon chuideachta déanfar, ar an lá sin agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí do Theagasc.
Cosaint do ghníomhartha áirithe.
24.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ghnímh a rinne an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord nó coiste talmhaíochta nó a rinneadh thar a gceann roimh an lá bunaithe agus—
(a) gach gníomh den sórt sin a rinne an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle nó an Bord nó a rinneadh thar a gceann beidh, má bhí sé, agus a mhéid a bhí sé, i ngníomh díreach roimh an lá sin, éifeacht leis ar an lá sin agus dá éis amhail is dá mba é Teagasc a rinne é nó dá mba thar a cheann a rinneadh é,
(b) gach gníomh den sórt sin a rinne coiste talmhaíochta nó a rinneadh thar a cheann beidh, má bhí sé, agus a mhéid a bhí sé, i ngníomh díreach roimh an lá sin, éifeacht leis ar an lá sin agus dá éis amhail is dá mba é an tAire a rinne é nó dá mba thar a cheann a rinneadh é.
Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.
25.—Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go bhfuil imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord nó coiste talmhaíochta—
(a) déanfar ainm Theagaisc a chur in ionad ainm an Fhorais, Chomhairle an Fhorais, na Comhairle nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, sna himeachtaí agus
(b) déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm an choiste talmhaíochta,
agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an ionadú sin.
Nithe áirithe a chríochnú a thosaigh an Foras, Comhairle an Fhorais, an Chomhairle, an Bord nó coistí talmhaíochta.
26.—Aon ní a thosaigh an Foras, an Chomhairle, Comhairle an Fhorais, nó an Bord roimh an lá bunaithe féadfaidh Teagasc é a sheoladh agus é a chríochnú an lá sin agus dá éis agus aon ní a thosaigh coiste talmhaíochta roimh an lá sin féadfaidh an tAire é a sheoladh agus é a chríochnú an lá sin agus dá éis.
Srian ar chumhachtaí áirithe de chuid Theagaisc i ndáil le Caisleán Bhaile Sheonach.
27.—(1) Maidir le cumhacht Theagaisc talamh nó leas i dtalamh a dhiúscairt agus iasachtaí a fháil ar urrúis talún, ní bheidh, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, réim ag an gcumhacht sin i dtaca le diúscairt aon chuid den talamh, ná le diúscairt leasa in aon chuid den talamh arb é an bronntanas ar an Náisiún é dá dtagraítear in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, nó i dtaca le hiasachtaí a fháil ar urrús aon talún nó leasa den sórt sin.
(2) An srian a chuirtear ar Theagasc i bhfo-alt (1) maidir le diúscairt talún nó leasa i dtalamh, ní bhaineann sé leis an talamh a shonraítear in alt 2 d'Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1980.
Aisghairm.
28.—Déanfar, ar an lá bunaithe, gach achtachán a shonraítear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
Díolúine ó dhleacht stampa.
29.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don Aire, do Theagasc nó do dhuine a bheidh sonraithe ag Teagasc faoi alt 9 (7).
Caiteachais.
30.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
31.—Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988, a ghairm den Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Teagasc — An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia
1. Beidh Teagasc ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
2. Is é a bheidh i dTeagasc cathaoirleach, agus 10 ngnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire mar chomhaltaí de Theagasc.
3. Féadfaidh cathaoirleach Theagaisc éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.
4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach Theagaisc a chur as oifig.
5. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh cathaoirleach Theagaisc oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.
6. Íocfar le cathaoirleach Theagaisc, as airgead a bheidh faoina réir ag Teagasc, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
7. Maidir le gnáthchomhaltaí Theagaisc—
(a) is daoine 5 acu a bheidh ag gabháil do na nithe seo thíos nó a mbeidh eolas nó taithí (is eolas nó taithí a mheasfaidh an tAire is iomchuí le haghaidh comhaltais de Theagasc) acu orthu nó i ndáil leo eadhon, talmhaíocht, taighde talmhaíochta, oideachas (lena n-áirítear ardoideachas), próiseáil bia, an tionscal próiseála bia, nó bainisteoireacht fiontar tráchtála, agus
(b) is daoine 5 acu a ainmneofar lena gceapadh mar chomhaltaí de Theagasc ag cibé eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadach do dhaoine a ghabhann don talmhaíocht nó do chur chun cinn nó d'fhorbairt thionscal na talmhaíochta; agus féadfaidh an tAire duine amháin nó níos mó a ainmneofar faoin bhfomhír seo ag eagraíocht den sórt sin mar a dúradh a cheapadh mar chomhaltaí de Theagasc nó duine amháin nó níos mó a ainmneofar ag grúpa a bheidh ainmnithe ag an Aire, de na heagraíochtaí sin mar a dúradh roimhe, a cheapadh amhlaidh.
8. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh gach gnáthchomhalta de Theagasc i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.
9. (1) Is 5 bliana a bheidh mar théarma oifige ag cathaoirleach Theagaisc.
(2) (a) Faoi réir fhorálacha na fomhíre seo, 5 bliana a bheidh mar théarma oifige ag gnáthchomhalta de Theagasc.
(b) Is 3 bliana a bheidh mar théarma oifige ag 3 dhuine (a gcinnfidh an tAire na daoine sin trí chrannchur) den chéad 10 nduine a cheapfar chun bheith mar ghnáthchomhaltaí de Theagasc.
(c) Is 4 bliana a bheidh mar théarma oifige ag 3 dhuine (a gcinnfidh an tAire na daoine sin trí chrannchur) den chéad 10 nduine a cheapfar chun bheith mar ghnáthchomhaltaí de Theagasc.
10. (1) Más rud é go n-éagfaidh comhalta de Theagasc, go n-éireoidh sé as oifig, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta de Theagasc chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus an duine a cheapfar amhlaidh ceapfar é sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta de Theagasc ar tharla an corrfholúntas dá bharr.
(2) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta de Theagasc de bhua na míre seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an gcorrfholúntas a gceapfar é lena líonadh agus beidh sé inathcheaptha mar chomhalta de Theagasc.
11. Beidh comhalta de Theagasc a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta de Theagasc.
12. Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta de Theagasc a chur as oifig.
13. Féadfaidh gnáthchomhalta de Theagasc éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.
14. Beidh comhalta de Theagasc dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta nó pianseirbhíse air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.
15. Íocfar le gach gnáthchomhalta de Theagasc as airgead a bheidh faoina réir ag Teagasc, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
16. Tionólfaidh Teagasc cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
17. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit céad-chruinniú Theagaisc a shocrú.
18. Seisear is córam do chruinniú de Theagasc.
19. Ag cruinniú de Theagasc—
(a) is é cathaoirleach Theagaisc, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus
(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach Theagaisc i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh roghnóidh comhaltaí Theagaisc a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
20. Beidh vóta ag cathaoirleach Theagaisc agus ag gach gnáthchomhalta de Theagasc a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna.
21. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú de Theagasc a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionnanas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
22. Féadfaidh Teagasc gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.
23. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh Teagasc, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó Theagaisc.
24. Soláthróidh Teagasc séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.
25. Fíordheimhneofar séala Theagaisc le síniú chathaoirleach Theagaisc nó le síniú comhalta éigin eile de Theagasc a bheidh údaraithe ag Teagasc chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh do Theagasc a bheidh údaraithe ag Teagasc chun gníomhú chuige sin.
26. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala Theagaisc agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne Teagasc agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 25) Theagaisc glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.
AN DARA SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Uimhir nó Caibidil agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
1908, c. 34 | Bee Pest Prevention (Ireland) Act, 1908 | In alt 10 (2): na focail “for the purposes of agriculture and other rural industries”; |
alt 11 | ||
Codanna II agus III | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
In alt 81 (3): na focail “, agus sna hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1958,” | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
An tAcht go léir | ||
Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977 | An tAcht go léir | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 | An tAcht go léir | |
An tAcht go léir | ||
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1987 | An tAcht go léir |