Uimhir 5 de 1990
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. |
Méaduithe
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh). |
8. | Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn tuillimh). |
9. | |
10. | |
11. |
Liúntas Tuismitheora Aonair
Liúntas Cúramóra
17. | |
18. |
Achomhairc
19. | |
20. | |
21. | |
22. |
Ciste na nDíobhálacha Ceirde agus an Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí a Dhíscaoileadh agus Airgead a Aistriú as na Cistí sin go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh
23. | |
24. | |
25. | Leasú ar alt 6 den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981. |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | |
30. | |
31. |
Leasuithe Ilghnéitheacha
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986 | |
Na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 agus 1988 | |
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 | |
Na hAchtanna Cánach Ioncaim | |
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 | |
Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984 | |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952 | |
Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989 | |
Uimhir 5 de 1990
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1989, AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ ALT 3 DEN ACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE NA nDÍOBHÁLACHA CEIRDE AGUS AN CISTE UM IOM-ARCAÍOCHT AGUS UM DHÓCMHAINNEACHT FOST-ÓIRÍ A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN AIRGEAD A AISTRIÚ AS NA CISTÍ SIN GO DTÍ AN CISTE ÁRACHAIS SHÓISIALAIGH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA.
[4 Aibreán, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1990, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, agus an tAcht seo (seachas alt 15 agus ailt 25 go 30 den Acht seo agus fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo) le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1990, a ghairm díobh le chéile.
(3) Féadfar na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 go 1990, a ghairm d'alt 25 den Acht seo agus de na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 agus 1988, le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1990, a ghairm d'ailt 26, 27 agus 29 den Acht seo agus de na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, le chéile.
(5) Féadfar na hAchtanna um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 agus 1990, a ghairm d'alt 28 den Acht seo agus den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984, le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982;
ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988;
ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1989;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.
CUID II
Méaduithe
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).
3.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1989) den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 19ú lá d'Iúil, 1990,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 23ú lá d'Iúil, 1990,
(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 26ú lá d'Iúil, 1990, agus
(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 27ú lá d'Iúil, 1990.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).
4.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1989) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 18ú lá d'Iúil, 1990,
(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh, le liúntas do bhean shingil, le pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus le liúntas fearchéile thréigthe, an 26ú lá d'Iúil, 1990,
(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 27ú lá d'Iúil, 1990,
(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 23ú lá d'Iúil, 1990, agus
(e) a mhéid a bhaineann sé le liúntas cúramóra, ar thosach feidhme Chaibidil 5B (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht seo) den Phríomh-Acht.
Sochar linbh.
5.—(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1989):
“CUID IV
Na Méideanna Sochair Linbh
An méid i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh | An méid i leith gach linbh de bhreis ar cheathrar |
(1) | (2) |
£15.80 | £22.90 |
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1990.
Míniú ar “leanbh cáilithe”.
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cáilithe” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1989):
“ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ duine a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair, agus—
(a) chun críocha—
(i) ailt 21 (2), 26A (1) agus 32 (2),
(ii) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, agus
(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta seachas iarratasóir dá dtagraítear i mír (b),
atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,
(b) chun críocha—
(i) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le pinsean míthreorach,
(ii) ailt 81 (2), 86 (2), 91 (2), 156B (1) (b), 161 (1) agus 1981 (1), agus
(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra atá, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2), ag fáil sochair dífhostaíochta nó cúnaimh dífhostaíochta ar feadh 390 lá ar a laghad—
(I) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó
(II) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 20 bliain d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile,
(c) chun críocha ailt 50 (9), 95 (1), 103 (1), 178 (1), 195 (1), 196 (1), 197 (1), 198A, 198B agus 198C (1)—
(i) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó
(ii) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 21 bliain d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile;”.
(2) Leasaítear leis seo alt 161 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1982):
“(1) Is é an ráta pinsin seanaoise (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir.”.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1990, ach amháin a mhéid a bhaineann sé leis an míniú ar “leanbh cáilithe” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) in alt 2 (1) den Phríomh-Acht chun críocha alt 139 (b) den Acht sin, go dtiocfaidh sé i ngníomh an 29ú lá de Lúnasa, 1990.
Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—
(a) trí “£18,600” a chur in ionad “£18,000” i mír (c) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1989) d'fho-alt (1), agus
(b) trí “£17,300” a chur in ionad “£16,700” i mír (cc) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1989) d'fho-alt (1).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1990.
Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn tuillimh).
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 17C (d) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den Phríomh-Acht trí “£17,300” a chur in ionad “£16,700” (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1989).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1990.
Ranníocóirí fostaithe a dhíolmhú ó ranníocaí a íoc.
9.—Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach le halt 14 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983):
“(9) (a) Más rud é, murach an fo-alt seo, go mbeadh ranníoc fostaíochta iníoctha ag ranníocóir fostaithe agus ina leith de réir na rátaí a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) arna mhéadú den mhéid a shonraítear in alt 65 (2) (b), beidh an ranníocóir fostaithe díolmhaithe, faoi réir rialachán, ón ranníoc fostaíochta is iníoctha faoi fho-alt (1) (b) (i) i gcás go mbeidh a thuilleamh ináirithe seachtainiúil faoi bhun méid forordaithe.
(b) Féadfar go sonrach, le rialacháin faoi mhír (a), agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, na nithe seo a shonrú—
(i) an modh ar a ríomhfar na méideanna tuillimh ináirithe sheachtainiúil chun críocha na míre sin,
(ii) an modh ar a gcuirfear forálacha na míre sin chun feidhme i gcás ranníocóir fostaithe atá ar fostú ag beirt fhostóir nó níos mó i gcomhthráth, agus
(iii) an modh ar a gcuirfear forálacha na míre sin chun feidhme i gcás ranníocóir fostaithe a íoctar seachas ar bhonn seachtainiúil.
(c) Fostóir a choigeartaíonn an modh ar a n-íoctar tuilleamh ináirithe le ranníocóir fostaithe a bhí ar fostú i seachtainí as a chéile chun a chinntiú go mbeidh an ranníocóir fostaithe díolmhaithe in aon seachtain ón ranníoc fostaíochta is iníoctha faoi fho-alt (1) (b) (i) de bhua mhír (a) agus rialachán arna ndéanamh fúithi beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná£1,000 a chur air nó ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná£10,000 a chur air.”.
Díolmhú ó íoc ranníocaí, etc.
10.—Fostóir a d'fhostaigh, le linn na tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989, agus dar críoch an 28ú lá d'Fheabhra, 1990, fostaithe breise faoin scéim agus de bhua na scéime a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh agus ar a dtugtar an Scéim Díolúine Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa d'Fhostóirí, ní dhlífidh sé, le linn na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1990, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1991, gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas a íoc i leith fostaithe breise ar glanmhéadú iad ar fhórsa saothair an fhostóra faoin scéim, eadhon—
(a) an ranníoc a shonraítear in alt 10 (1) (b) (ii) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1982);
(b) an ranníoc fostaíochta a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii) agus an méadú a shonraítear i bhfo-alt (2) (b) d'alt 65 (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1988) den Phríomh-Acht;
(c) an ranníoc sláinte is iníoctha ag fostóir faoi alt 5 (1) (b) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979;
(d) an tobhach fostaíochta agus oiliúna is iníoctha ag fostóir faoi alt 16 (c) den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 (arna leathnú le halt 25 den Acht um Áiseanna Saothair, 1987); nó
(e) an ranníoc iomarcaíochta fostóirí is iníoctha faoi alt 28 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979, agus a leathnaíodh le halt 2 den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967.
Sochar páchoibhneasa.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht trí “£72” a chur in ionad “£69” (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1989).
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 9ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.
CUID III
Liúntas Tuismitheora Aonair
Liúntas tuismitheora aonair.
12.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 5A (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1989) de Chuid III:
“Caibidil 5A Liúntas Tuismitheora Aonair | |
Léiriú (liúntas tuismitheora aonair). | 198A.—(1) Sa Chaibidil seo— |
ciallaíonn ‘tuismitheoir aonair’, faoi réir rialachán faoi alt 198F— | |
(a) baintreach, | |
(b) baintreach fir, | |
(c) céile idirscartha, | |
(d) duine gan phósadh, nó | |
(e) duine ar cimíodh a chéile i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí féilire, | |
a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí go rialta leis an duine sin; | |
ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas tuismitheora aonair; | |
ciallaíonn ‘acmhainn sheachtainiúil’ an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52. | |
(2) Chun críocha na Caibidle seo— | |
(a) ríomhfar acmhainn de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal, agus | |
(b) má athphósann baintreach ní mheasfar gurb í baintreach a hiarfhearchéile í agus má athphósann baintreach fir ní mheasfar gurb é baintreach fir a iarbhanchéile é. | |
Ceart chun liúntais | 198B.—(1) Faoi réir an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo, beidh liúntas tuismitheora aonair iníoctha le tuismitheoir aonair. |
(2) Faoi réir an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo leanfaidh liúntas tuismitheora aonair is iníoctha le tuismitheoir aonair de bheith iníoctha mura bpósann nó mura n-athphósann, de réir mar a bheidh, an tuismitheoir aonair agus i gcás den sórt sin, scoirfear den liúntas a íoc amhail ar agus ó dháta an phósta nó an athphósta, de réir mar a bheidh. | |
An ráta liúntais agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha. | 198C.—(1) Is é a bheidh sa ráta liúntais tuismitheora aonair (dá ngairtear san alt seo ‘an ráta sceidealta’) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tuismitheoir aonair. |
(2) Beidh liúntas tuismitheora aonair iníoctha— | |
(a) i gcás nach mó ná£6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí, de réir an ráta sceidealta, agus | |
(b) i gcás gur mó ná£6 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú de £2 i leith gach suim £2 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £2: | |
Ar choinníoll, más lú ná£2 an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, nach mbeidh an liúntas iníoctha. | |
Dícháiliú. | 198D.—(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, beidh tuismitheoir aonair dícháilithe chun liúntas (lena n-áirítear aon mhéadú i leith linbh cháilithe) a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh sé faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach. |
(2) Má bhíonn agus fad a bhíonn tuismitheoir aonair agus aon duine eile ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta ní bheidh sé i dteideal liúntas a íoc leis, agus beidh sé dícháilithe chun an liúntas sin a fháil. | |
Céilí príosúnach. | 198E.—I gcás duine a cháilíonn le haghaidh liúntais de bhua é a bheith ina chéile príosúnaigh leanfar den liúntas sin a íoc go ceann tréimhse ceithre seachtaine tar éis an príosúnach a scaoileadh saor as príosún nó as áit choinneála. |
Rialacháin. | 198F.—Déanfaidh an tAire rialacháin i ndáil le liúntas tuismitheora aonair agus go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na rialacháin— |
(a) na dálaí a shonrú, ina measfar, chun críocha na Caibidle seo— | |
(i) gur céile idirscartha duine, | |
(ii) gur duine gan phósadh duine, agus | |
(b) aon fhorálacha den Acht seo, nó aon rialacháin faoi, a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe), nó forálacha a dhéanamh (fara nó d'éagmais modhnaithe) ar comhréir le haon fhorálacha den Acht seo nó le rialacháin faoi.”. |
(2) An tagairt in alt 315 (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1989) den Phríomh-Acht d'alt 198B den Acht sin, forléireofar í mar thagairt don alt ar a bhfuil an uimhir sin, a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht leis an alt seo.
Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht chun críocha Chuid III.
13.—Leasaítear leis seo gach foráil de chuid an Phríomh-Achta atá luaite i gcolún (1) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo ar an modh atá sonraithe i gcolún (2) den Sceideal sin os comhair lua na forála sin i gcolún (1).
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
14.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid atá leagtha amach i Sceideal D a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht seo) den Cheathrú Sceideal.
Leasú ar alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.
15.—Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1989):
“ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas tuismitheora aonair faoi alt 198B nó liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;”.
Tosach feidhme Chuid III.
16.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den Chuid seo.
CUID IV
Liúntas Cúramóra
Liúntas cúramóra.
17.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198F (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht seo):
“Caibidil 5B Liúntas Cúramóra | |
Léiriú (liúntas cúramóra). | 198G.—(1) Sa Chaibidil seo, faoi réir an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo— |
ciallaíonn ‘cúramóir’ duine a chónaíonn le pinsinéir iomchuí agus a chuireann cúram agus aire lánaimseartha ar fáil do phinsinéir iomchuí; | |
ciallaíonn ‘pinsinéir iomchuí’duine (seachas duine a fhaigheann íocaíocht mar gheall ar shíor-fhreastal a bheith riachtanach faoi alt 46) atá chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uaidh agus, faoi fhorálacha an Achta seo— | |
(a) a fhaigheann— | |
(i) pinsean seanaoise (ranníocach), | |
(ii) pinsean easláine, | |
(iii) pinsean seanaoise (neamhranníocach), nó | |
(iv) pinsean dall, nó | |
(b) a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus a fhaigheann— | |
(i) sochar báis ar mhodh pinsin baintrí nó pinsin baintrí fir, | |
(ii) sochar báis ar mhodh pinsin tuismitheora, | |
(iii) pinsean scoir, | |
(iv) pinsean baintrí (ranníocach), | |
(v) sochar banchéile thréigthe, | |
(vi) pinsean baintrí (neamhranníocach), | |
(vii) liúntas banchéile thréigthe, | |
(viii) liúntas do bhanchéile príosúnaigh, | |
(ix) liúntas cúnaimh shóisialaigh, | |
(x) pinsean baintrí fir (neamhranníocach), | |
(xi) liúntas fearchéile thréigthe, nó | |
(xii) liúntas tuismitheora aonair, | |
nó a fhaigheann íocaíocht fhorordaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970; | |
ciallaíonn ‘liúntas gaoil fhorordaithe’ méadú do ghaol forordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2) (a), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), 103 (2), 162 (1) (a), 179 (a) nó faoi rialacháin lena gcuirtear forálacha alt 179 (a) chun feidhme maidir le haon phinsean nó liúntas faoin Acht seo; | |
ciallaíonn ‘acmhainn sheachtainiúil’ an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52. | |
(2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar acmhainn a ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal. | |
Ceart chun liúntais cúramóra. | 198H.—Faoi réir na Caibidle seo beidh liúntas (dá ngairtear ‘liúntas cúramóra’ san Acht seo) iníoctha le cúramóir i cibé imthosca agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe. |
Ráta liúntais. | 198I.—(1) Is é a bheidh sa ráta liúntais cúramóra (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an gcúramóir. |
(2) Beidh liúntas cúramóra iníoctha— | |
(a) i gcás nach mó ná£2 acmhainn sheachtainiúil an chúramóra, de réir an ráta sceidealta, agus | |
(b) i gcás gur mó ná£2 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú de £2 i leith gach suim £2 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £2, agus aon chodań de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £2: | |
Ar choinníoll, más lú ná£2 an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas cúramóra iníoctha, nach mbeidh an liúntas iníoctha. | |
(3) D'ainneoin fho-alt (2), más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Caibidle seo, go raibh liúntas gaoil fhorordaithe á íoc le héilitheoir ar liúntas cúramóra, nó á íoc ina leith, íocfar an liúntas cúramóra de réir ráta sheachtainiúil £29.40, mura mó ná£29.40 an ráta seachtainiúil liúntais cúramóra, arna ríomh de réir fho-alt (2), is iníoctha leis an éilitheoir sin, agus sa chás sin íocfar cibé méid is mó. | |
(4) Aon mhéadú ar liúntas cúramóra is iníoctha | |
de bhun fho-alt (1) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir agus le céile an iarratasóra nó an fhaighteora, beidh sé iníoctha de réir leath an méid iomchuí. | |
Liúntas cúramóra a íoc. | 198J.—D'ainneoin fhorálacha na Caibidle seo, ní bheidh iníoctha le cúramóir ach liúntas cúramóra amháin agus ní bheidh ach liúntas cúramóra amháin iníoctha i leith an chúraim agus an aire lánaimseartha atá á gcur ar fáil do phinsinéir iomchuí. |
Teideal chun liúntais gaoil fhorordaithe. | 198K.—(1) Scoirfear de liúntas gaoil fhorordaithe a íoc le pinsinéir iomchuí nó le gaol forordaithe, de réir mar a bheidh, i gcás go dtagann an gaol forordaithe chun bheith i dteideal liúntais cúramóra agus go bhfaigheann sé é. |
(2) D'ainneoin alt 50 (11), 51 (2) (a), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), 103 (2), 162 (1) (a), 179 (a) nó rialacháin lena gcuirtear forálacha 179 (a) chun feidhme maidir le haon phinsean nó liúntas faoin Acht seo ní íocfar liúntas gaoil fhorordaithe i gcás go ndéantar éileamh ar an liúntas sin ar thosach feidhme na Caibidle seo nó dá éis. | |
Rialacháin. | 198L.—(1) Déanfaidh an tAire rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo. |
(2) Féadfar go sonrach le rialacháin faoin alt seo, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)— | |
(a) aon fhorálacha den Acht seo nó aon rialacháin faoi, a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe), nó forálacha a dhéanamh (fara nó d'éagmais modhnaithe) ar comhréir le haon fhorálacha den Acht seo nó le rialacháin faoi, | |
(b) a fhoráil gur mar íocaíocht ar chuntas liúntais cúramóra a áireofar méideanna a íocfar i leith liúntais gaoil fhorordaithe, tar éis thosach feidhme na Caibidle seo, | |
(c) a fhoráil go mbeidh teideal chun liúntais cúramóra ag cibé aicme nó aicmí duine a bheidh forordaithe agus ag a mbeadh an teideal sin mura mbeadh nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hacmhainn, arna ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal agus féadfar an ráta liúntais is iníoctha amhlaidh a athrú de réir acmhainn an éilitheora. | |
Tosach feidhme Chaibidil 5B. | 198M.—Tiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.”. |
Leasuithe iarmhartacha ar an bPríomh-Acht.
18.—(1) Leasaítear leis seo alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis mhír (l) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht seo):
“(m) liúntas cúramóra.”.
(2) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí “liúntais cúramóra” a chur isteach i ndiaidh “pinsin seanaoise” i mír (3) de Riail 1,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (5) de Riail 1 (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984):
“(6) I gcás liúntais cúramóra faoi Chaibidil 5B de Chuid III, cibé méid a chinnfidh an tAire a bhféadfaí a bheith ag dréim le réasún go n-íocfadh an pinsinéir iomchuí (mar a mhínítear é chun críocha na Caibidle sin) é chun an cúramóir a chothú ach le linn an méid sin a chinneadh, ní chuirfear i gcuntas aon suimeanna a fhaigheann an pinsinéir iomchuí faoi Chuid II, III nó IV.”,
(c) trí “nó liúntais cúramóra faoi Chaibidil 5B” a chur isteach tar éis “faoi Chaibidil 3” i mír (1) de Riail 3,
(d) trí “nó ar liúntas cúramóra, de réir mar a bheidh” a chur isteach i ndiaidh “ar phinsean de réir ráta is airde” i mír (1) (c) de Riail 3,
(e) trí “agus 5B” a chur isteach tar éis “chun críocha Chaibidlí 3, 4, 5A” (a cuireadh isteach leis an Acht seo) i Riail 5.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
CUID V
Achomhairc
Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht (achomhairc).
19.—Leasaítear leis seo alt 298 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le halt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984):
“(1) Má bhíonn aon duine míshásta leis an gcinneadh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta, déanfar an cheist, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Phríomh-Oifigeach Achomhairc laistigh den am forordaithe, a tharchur chuig oifigeach achomhairc.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (4):
“(4A) D'ainneoin fho-alt (4), i gcás go gceapann an tAire nó duine a bheidh ainmnithe aige gur cóir, mar gheall ar na himthosca a bhaineann le cás ar leith, an t-achomharc a éisteacht ó bhéal, féadfaidh an tAire nó aon duine a bheidh ainmnithe aige amhlaidh a ordú don Phríomh-Oifigeach Achomhairc go gcinnfear an t-achomharc ar mhodh éisteachta ó bhéal.”,
(c) trí “ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ag a áit ghnó” a chur in ionad “ag a bhfuil gnáthchónaí air” i bhfo-alt (9),
(d) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1988) i bhfo-alt (10),
(e) trí “an Príomh-Oifigeach Achomhairc” a chur in ionad “an tAire” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (12) i ngach áit ina bhfuil sé,
(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (13):
“(14) I gcás duine ar a gceanglaítear teacht i láthair chun fianaise a thabhairt nó chun doiciméid a thabhairt ar aird faoi fho-alt (8) do mhainneachtain teacht i láthair nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird, féadfaidh oifigeach achomhairc, ar fhógra a sheirbheáil ar an duine sin, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú chun a ordú don duine sin teacht i láthair nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird mar a ceanglaíodh air.”.
Leasú ar alt 299 den Phríomh-Acht.
20.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'alt 299:
“(a) féadfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, i gcás go gceapann sé gurb iomchuí é, an cheist a tharchur chuig an Ard-Chúirt chun a cinneadh a fháil uirthi, agus”, agus
(b) trí na hailt seo a leanas a chur isteach tar éis alt 299:
“Féadfar feidhmeanna eile de chuid an Phríomh-Oifigigh Achomhairc a fhorordú. | 299A.—(1) Beidh ag an bPríomh-Oifigeach Achomhairc cibé feidhmeanna eile i ndáil le hachomhairc faoin gCuid seo a bheidh forordaithe. |
(2) San alt seo folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí. | |
Tuarascálacha bliantúla ón bPríomh-Oifgeach Achomhairc. | 299B.—(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc tuarascáil don Aire i dtaobh a ghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na n-oifigeach achomhairc faoin gCuid seo le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
(2) Beidh tuarascáil faoi fho-alt (1) i cibé foirm a ordóidh an tAire agus beidh faisnéis ar áireamh inti i dtaobh cibé nithe (más ann) seachas na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin a ordóidh an tAire. | |
(3) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, aon uair a iarrann an tAire air é, faisnéis a thabhairt dó i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé i dtaobh a ghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí oifigeach achomhairc faoin gCuid seo.”. |
Aisghairm.
21.—Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 297 den Phríomh-Acht.
Tosach feidhme Chuid V.
22.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
CUID VI
Ciste na nDíobhálacha Ceirde agus an Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí a Dhíscaoileadh agus Airgead a Aistriú as na Cistí sin go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh
Ciste na nDíobhálacha Ceirde a dhíscaoileadh.
23.—(1) Aisghairtear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht.
(2) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht atá luaite i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ar an modh atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os comhair lua na forála sin i gcolún (1).
AN TÁBLA
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear | An Cineál Leasaithe |
(1) | (2) |
Alt 2 (1) | An míniú ar “Ciste na nDíobhálacha Ceirde” a scriosadh. |
Alt 4 (2) | “(seachas árachas díobhálacha ceirde)” a scriosadh. |
Alt 4 (3A) (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984) | “, seachas Caibidil 5” a scriosadh. |
Alt 17 (3) | “Faoi réir alt 67 (2) (a),” a scriosadh. |
Ailt 55 (4), 57 (1), 64 (2) agus 66 (3) | “as an gCiste Árachais Shóisialaigh” a chur in ionad “as Ciste na nDíobhálacha Ceirde”. |
Ailt 115 (4) (a), 130 (1) agus 130 (3) (a) | “nó le Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh,” agus “nó as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh,” a scriosadh gach áit a bhfuil siad. |
Ailt 115 (5), 117 agus 119 | “nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde” a scriosadh. |
Airgead a aistriú go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh.
24.—(1) An t-airgead go léir a bheidh chun creidiúna do Chiste na nDíobhálacha Ceirde faoi alt 67 den Phríomh-Acht an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990.
(2) Gach infheistíocht a dhéanfaidh an tAire Airgeadais faoi alt 67 (5) den Phríomh-Acht agus a bheidh chun creidiúna do Chiste na nDíobhálacha Ceirde an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990.
(3) Aon ioncam a gheofar an 1ú lá de Bhealtaine, 1990, nó ina dhiaidh sin, a éiríonn as infheistíocht a rinne an tAire Airgeadais roimh an lá sin faoi alt 67 (5) den Phríomh-Acht as airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta Chiste na nDíobhálacha Ceirde aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh.
(4) An t-airgead go léir a bheidh chun creidiúna don Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí faoi alt 26 d'Acht 1967 (arna leathnú le halt 2 d'Acht 1984) an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990.
(5) Aon ioncam a gheofar an 1ú la de Bhealtaine, 1990, nó ina dhiaidh sin, a éiríonn as infheistíocht a rinne an tAire Airgeadais roimh an lá sin faoi alt 26 (6) d'Acht 1967 as airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh.
Leasú ar alt 6 den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981.
25.—Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) (a cuireadh isteach le halt 27 d'Acht 1988):
“(6) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh gach airgead a íoctar i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus déanfar airgead a gheobhaidh an tAire sin amhlaidh a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.”.
Leasú ar Acht 1967.
26.—Leasaítear leis seo Acht 1967—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 2 i ndiaidh an mhínithe ar “ ‘tinneas’ nó ‘breoiteacht’ ”:
“ciallaíonn ‘an Ciste Árachais Shóisialaigh’ an Ciste Árachais Shóisialaigh a bunaíodh faoi alt 39 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus a leanann ar marthain faoi alt 122 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;”,
(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 27 (arna leasú le halt 2 d'Acht 1979):
“Ranníocaí iomarcaíochta fostóirí le híoc isteach sa Chiste. Árachais Shóisialaigh. | 27.—(1) D'fhonn airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin Acht seo as an gCiste Árachais Shóisialaigh íocfar isteach sa Chiste sin ranníocaí ó fhostóirí (dá ngairtear ‘ranníocaí iomarcaíochta fostóirí’ sa Chuid seo). |
(2) Déanfar ranníocaí iomarcaíochta fostóirí agus gach airgead a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. | |
(3) Gach íocaíocht a dhéanfar de bhun an Achta seo déanfar í as an gCiste Árachais Shóisialaigh.”, |
(c) trí “Ciste Árachais Shóisialaigh” a chur in ionad “Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí” (arna leathnú le halt 2 d'Acht 1984) gach áit a bhfuil sé sna forálacha atá luaite sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus
(d) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 43:
“Suimeanna a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh a ghnóthú. | 43.—Beidh an t-airgead go léir a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh faoin Acht seo inghnóthaithe mar fhiacha a bheidh dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.”. |
AN TÁBLA
Alt 29 (1) | (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1979). |
Fo-ailt (2) go (6) d'alt 32 | (a cuireadh isteach le halt 14 d'Acht 1971). |
Alt 40 (2) | (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1971). |
Alt 56 (2) | (arna leasú le halt 19 d'Acht 1971). |
Leasú ar alt 15 d'Acht 1971.
27.—Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, údarás a thabhairt ó am go ham airgead a aistriú as an gCiste Árachais Shóisialaigh isteach in aon chiste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, agus beidh aon airgead a aistreofar faoin bhfo-alt seo inaisíoctha leis an gCiste Árachais Shóisialaigh ar cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí maidir le hús) a chinnfidh an tAire Airgeadais.”.
Leasú ar Acht 1984.
28.—Leasaítear leis seo Acht 1984—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 1 tar éis an mhínithe ar “oifigeach iomchuí”:
“ciallaíonn ‘an Ciste Árachais Shóisialaigh’ an Ciste Árachais Shóisialaigh a bunaíodh faoi alt 39 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus a leanann ar marthain faoi alt 122 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;”, agus
(b) trí “Ciste Árachais Shóisialaigh” a chur in ionad “Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí” in ailt 6 (1), 6 (3), 7 (1), 10 (4) agus 17 (2).
Aisghairm.
29.—Aisghairtear leis seo alt 26 agus fo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1979) d'alt 28 d'Acht 1967.
Mínithe (Cuid VI).
30.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967;
ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971;
ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979;
ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984.
Tosach feidhme Chuid VI.
31.—Tiocfaidh an Chuíd seo (seachas alt 24) i ngníomh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990.
CUID VII
Leasuithe Ilghnéitheacha
Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht (ré na híocaíochta).
32.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) I gcás go mbeidh ranníocaí cáilitheacha ag duine i leith 260 seachtain ranníoca ar a laghad ar an 312ú lá ar a n-íoctar sochar i leith tréimhse éagumais chun oibre, agus go mbeadh teideal aige chun sochair míchumais mura mbeadh nach gcomhlíontar an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) d'alt 19, measfar go gcomhlíonann sé an coinníoll ranníoca sin i leith gach lae éagumais dá éis sin sa tréimhse éagumais chun oibre sin.”.
Leasú ar alt 125 den Phríomh-Acht (íocaíochtaí tar éis bháis).
33.—Leasaítear leis seo alt 125 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987) d'fho-alt (2):
“(a) i gcás duine atá ag fáil sochair lena n-áirítear méadú i leith cleithiúnaí aosaithe, nó lena n-áireofaí méadú den sórt sin mura mbeadh céile an duine sin a bheith ag fáil pinsin faoi Chaibidil 3 de Chuid III as a cheart féin, d'fháil bháis, leanfar den sochar a íoc go ceann tréimhse 6 seachtaine tar éis dháta an bháis agus i gcaitheamh na tréimhse sin íocfar é le cibé duine agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus”.
Íocaíochtaí áirithe a dhíolmhú ó acmhainn a ríomh.
34.—(1) Leasaítear leis seo alt 146 (1) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) tar éis fhomhír (vi):
“(viA) i gcás iarratasóra cháilithe faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta agus ar a dtugtar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, aon ioncam a fhaightear faoin scéim sin i leith duine a chónaíonn go sealadach leis an iarratasóir cáilithe, maille le haon ioncam eile a fhaightear i leith cónaitheora shealadaigh den sórt sin,”.
(2) Leasaítear leis seo alt 210 (2) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) tar éis fhomhír (iA) (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 1989):
“(iB) i gcás iarratasóra cháilithe faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta agus ar a dtugtar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, aon ioncam a fhaightear faoin scéim sin i leith duine a chónaíonn go sealadach leis an iarratasóir cáilithe, maille le haon ioncam eile a fhaightear i leith cónaitheora shealadaigh den sórt sin,”.
(3) Leasaítear leis seo Riail 1 (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (c):
“(cc) i gcás iarratasóra cháilithe faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta agus ar a dtugtar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, aon ioncam a fhaigtear faoin scéim sin i leith duine a chónaíonn go sealadach leis an iarratasóir cáilithe, maille le haon ioncam eile a fhaightear i leith cónaitheora shealadaigh den sórt sin,”.
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (acmhainn a ríomh).
35.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 1:
“1A. D'ainneoin fhorálacha an Sceidil seo, chun críocha pinsin seanaoise agus, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, chun críocha pinsin baintrí (neamhranníocach) nó liúntais tuismitheora aonair, ní dhéanfar, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca agus ar feadh cibé tréimhsí a bheidh forordaithe, ioncam ó dhíol phríomh-áit chónaithe an éilitheora nó an tairbhí a chur i gcuntas le linn acmhainn an éilitheora nó an tairbhí a bheith á ríomh nó, i gcás duine amháin de lánúin phósta, le linn acmhainn chéile an éilitheora nó an tairbhí a bheith á ríomh i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an gcéile sin ar dháta an díola.”.
Ranníocaí fostaíochta.
36.—(1) Aisghairtear leis seo alt 10 (7) agus mír (e) d'alt 17C (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den Phríomh-Acht.
(2) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí “nó (e)” a scriosadh sa mhíniú ar “ranníoc cáilitheach” atá in alt 2 (1) (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1988),
(b) trí “alt 10 (7) agus” a scriosadh i mír (a) d'alt 9 (1), agus
(c) trí “, fho-alt (7)” a scriosadh i mír (b) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1982) d'alt 10 (1).
(3) Más rud é, maidir leis an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag duine iomchuí, go mbeadh sé, murach an fo-alt seo, de réir an ráta atá sonraithe in alt 10 (1) (b) (i) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1982) den Phríomh-Acht, íocfar an ranníoc fostaíochta—
(a) de réir ráta 3 faoin gcéad den tuilleamh ináirithe, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1990,
(b) de réir ráta 4 faoin gcéad den tuilleamh ináirithe, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus
(c) de réir ráta 5.5 faoin gcéad den tuilleamh ináirithe, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1992.
(4) Más rud é, maidir leis an ranníoc féinfhostaíochta is iníoctha ag duine iomchuí, go mbeadh sé, murach an fo-alt seo, de réir an ráta atá sonraithe in alt 17C (a) nó (c) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den Phríomh-Acht, íocfar an ranníoc féinfhostaíochta—
(a) de réir ráta 3 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó de na díolaíochtaí ináirithe, de réir mar a bheidh, nó£208, cibé acu is mó, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1990,
(b) de réir ráta 4 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó de na díolaíochtaí ináirithe, de réir mar a bheidh, nó£208, cibé acu is mó, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus
(c) de réir ráta 5 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó de na díolaíochtaí ináirithe, de réir mar a bheidh, nó£208, cibé acu is mó, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1992.
(5) I bhfo-ailt (3) agus (4) den alt seo, ciallaíonn “duine iomchuí” ranníocóir fostaithe nó ranníocóir féinfhostaithe a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas á fháil aige—
(a) pinsean baintrí (ranníocach) faoi alt 92 den Phríomh-Acht,
(b) pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi alt 177 den Phríomh-Acht,
(c) sochar banchéile thréigthe faoi alt 100 den Phríomh-Acht,
(d) liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195 den Phríomh-Acht,
(e) sochar báis ar mhodh pinsin baintrí faoi alt 50 den Phríomh-Acht,
(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197 den Phríomh-Acht, nó
(g) íocaíocht atá ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) ón údarás inniúil de chuid Ballstáit (seachas an Stát) den Chomhphobal Eorpach faoi reachtaíocht a bhfuil feidhm maidir léi ag rialacháin an Chomhphobail i dtaobh feidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí maidir le daoine fostaithe agus lena dteaghlaigh a aistríonn laistigh de chríoch an Chomhphobail.
(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1990.
Leasú ar Chuid IIA den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
37.—Leasaítear leis seo Cuid IIA (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1988) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4:
“4. Ranníocóir fostaithe nó duine a bheidh ag fáil pinsin a thig as fostaíocht roimhe sin dá chuid féin nó de chuid a chéile, agus i gcás ceachtar acu, nach mbeidh ar áireamh san ioncam don bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe nó, i gcás ioncaim ináirithe, ioncam lena mbaineann Caibidil II nó III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967.”, agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5:
“6. Duine a meastar nach bhfuil cónaí, nó gnáthchónaí, air sa Stát de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus nach mbeidh ioncam lena mbaineann Caibidil II nó III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar áireamh ina ioncam ináirithe don bhliain sin.”.
Liúntas leasa forlíontach a dheonú do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí áirithe.
38.—Leasaítear leis seó an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 215:
“Liúntas leasa forlíontach a dheonú do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí áirithe. | 215A.—Más rud é— |
(a) go mbeidh i leith aon tréimhse, liúntas leasa forlíontach deonaithe ag bord sláinte do dhuine nó i leith duine agus go dtiocfaidh ina dhiaidh sin liúntas cothabhála faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970, nó íocaíocht faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947, le duine a bhfuil galar aicídeach air, lena n-áirítear aon mhéadú ar an gcéanna, chun bheith iníoctha leis an duine sin nó i leith an duine sin i leith na tréimhse (nó i leith cuid di) ar íocadh liúntas leasa forlíontach ina haghaidh, agus | |
(b) gur mó an liúntas leasa forlíontach sin ná an méid a bheadh deonaithe don duine sin nó i leith an duine sin dá n-íocfaí ceachtar de na liúntais sin a dúradh, lena n-áirítear aon mhéadú orthu, le linn na tréimhse sin, | |
áireofar an liúntas leasa forlíontach breise sin mar íocaíocht ar chuntas na liúntas sin.”. |
Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht (sochar míthreorach a mheasúnú).
39.—(1) Leasaítear leis seo alt 43 (9) (a) den Phríomh-Acht trí “agus go measúnaítear gur 10 faoin gcéad ar a laghad agus 19 faoin gcéad ar a mhéid an méid míthreorach” a chur isteach i ndiaidh “tréimhse is mó ná 7 mbliana.”.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon mheasúnú ar mhíthreoir más roimh theacht i ngníomh don alt seo a thosaigh an tréimhse atá le cur i gcuntas leis an measúnú.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Leasú ar alt 156B (2) den Phríomh-Acht.
40.—Leasaítear leis seo alt 156B (2) (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1989) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) do dhaoine nach mó ná£2 a n-acmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sceidealta, agus”.
Liúntas do bhean shingil agus pinsean dílleachta (neamhranníocach).
41.—(1) Leasaítear leis seo alt 198 den Phríomh-Acht trí “£2” a chur in ionad “£1” i míreanna (a) agus (b) (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1982) d'fho-alt (2), i ngach áit ina bhfuil sé.
(2) Leasaítear leis seo alt 183 den Phríomh-Acht trí “£2” a chur in ionad “£1” i míreanna (a) agus (b) (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1982), i ngach áit ina bhfuil sé.
(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an 5ú lá d'Iúil, 1990, agus tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh ar an 6ú lá d'Iúil, 1990.
An ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh.
42.—Leasaítear leis seo alt 232C (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986):
“(3) Nuair a bheidh an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh de bhun fho-alt (1) á ríomh, déileálfar mar £1 le haon chodán de £1 agus más lú ná méid forordaithe an ráta seachtainiúil arna ríomh amhlaidh, íocfar an forlíonadh de réir an méid fhorordaithe.”.
Éifeacht acmhainne ar rátaí áirithe pinsin, cúnaimh agus liúntais.
43.—D'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, nó rialachán arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht, i gcás duine a bhfuil aon phinsean, cúnamh nó liúntas faoi Chuid III den Acht sin á fháil aige agus ar mó a acmhainn ná méid forordaithe, féadfaidh an tAire le rialacháin, i gcás nach iolrú ar £2 an méid is iníoctha, an méid sin a mhéadú go dtí an chéad iolrú eile ar £2 i leith cibé aicme duine nó aicmí daoine a bheidh forordaithe.
Cionta.
44.—(1) Leasaítear leis seo alt 115 (1) (b) den Phríomh-Acht trí “nó chun teideal chuig an gcéanna a shuíomh” a chur isteach i ndiaidh “a fháil”.
(2) Leasaítear leis seo alt 144 (1) den Phríomh-Acht trí “a fháil dó féin nó d'aon duine eile nó chun íocaíocht chúnaimh dhífhostaíochta a fháil nó teideal chuige a shuíomh” a chur in ionad “nó aon íocaíocht chúnaimh dhífhostaíochta a fháil dó féin nó d'aon duine eile.”
Tosaíocht ag fiacha atá ag an gCiste Árachais Shóisialaigh i bhfoirceannadh cuideachta.
45.—(1) Leasaítear leis seo alt 120 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Aon suim a asbhaintear nó a bheidh le hasbaint as cibé luach saothair de chuid fostaí a íocadh nó a bhí iníoctha roimh fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, i leith ranníoca fostaíochta a bheidh dlite agus gan íoc, ní bheidh sí ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh, nó atá le hasbhaint amhlaidh, a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) d'Acht na gCuideachtaí, 1963.”.
(2) Chun críocha alt 285 (2) (e) d'Acht na gCuideachtaí, 1963—
(a) measfar go bhfolaíonn an méid dá dtagraítear san fho-alt sin—
(i) aon mhéid arb é a bheadh ann, ar leith ó fhorálacha Airteagal 22 de Rialacháin 1988 (arna leasú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (An tArd-Bhailitheoir do Bhailiú Ranníocaí), 1989 (I.R. Uimh. 72 de 1989)), nó Airteagal 22 de Rialacháin 1989, méid thairis sin a bheadh dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn fostóir faoi Chaibidil I de Chuid II den Phríomh-Acht nó faoi Chaibidil 1A (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) de Chuid II den Acht sin, agus faoi aon rialachán faoi na Caibidlí sin (seachas an tAirteagal sin 22 de Rialacháin 1988 nó Airteagal 22 de Rialacháin 1989) a asbhaint as tuilleamh ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe, lena mbaineann na Caibidlí sin 1 agus 1A, a d'íoc sé le linn na tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, agus
(ii) sin maille le haon ús is iníoctha faoi Airteagal 23 de Rialacháin 1988 nó Airteagal 13 de Rialacháin 1989,
agus
(b) d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) d'alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, measfar gurb é an dáta iomchuí an dáta arb é an naoú lá é tar éis dheireadh na míosa cánach ioncaim inar thit an dáta iomchuí (de réir bhrí an fho-ailt sin (1)).
(3) San alt seo—
ciallaíonn “Rialacháin 1988” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha do Ranníocóirí Féinfhostaithe), 1988 (I.R. Uimh. 62 de 1988);
ciallaíonn “Rialacháin 1989” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (An tArd-Bhailitheoir do Bhailiú Ranníocaí Fostaíochta), 1989 (I.R. Uimh. 298 de 1989).
Leasú ar alt 306A den Phríomh-Acht.
46.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 306A (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984):
“Pinsean easláine agus sochar a chur i gcuntas i measúnú damáistí áirithe. | 306A.—(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1964, agus alt 306, déanfar, nuair a bheidh damáistí á measúnú in aon chaingean i leith dliteanais i leith díobhálacha pearsanta, nach cúis bháis iad, a bhaineann le húsáid feithicle inneallghluaiste (de réir bhrí alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961), luach aon cheart de dhroim na ndíobhálacha sin a chur i gcuntas a d'fhabhraigh, nó is dóigh a d'fhabhródh, chun an duine dhíobháilte i leith sochair míchumais (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha maille leis an sochar míchumais sin ar mhodh sochair páchoibhneasa) nó pinsean easláine faoi Chuid II don tréimhse 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhabhraigh an chúis caingne. |
(2) An tagairt i bhfo-alt (1) do dhamáistí déanfar, i gcás ina bhfuil na damáistí inlaghdaithe faoin dlí a bhaineann le faillí rannpháirteach nó ina bhfuil siad teorannaithe le haon Acht nó faoi, í a fhorléiriú mar thagairt do na damáistí ar fad a bheadh inghnóthaithe ar leith ón laghdú nó ón teorannú.”. |
(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chaingean a thionscnófar roimh an Acht seo a rith.
Glacadh páirte sa Scéim Deiseanna Gairm-Oiliúna.
47.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) i bhfo-alt (4A) (a cuireadh isteach le halt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986) d'alt 29—
(i) trí “nó” a chur le mír (g) (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1987) i ndiaidh “an Scéim Deiseanna Oideachais,” agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):
“(h) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Gairm-Oiliúna,”, agus
(b) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1985) d'alt 135—
(i) trí “nó” a chur le mír (g) (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1987) i ndiaidh “an Scéim Deiseanna Oideachais,”, agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):
“(h) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Gairm-Oiliúna,”.
Dícháiliú chun cúnamh a fháil.
48.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí “3 mhí” a chur in ionad “sé mhí” gach áit ina bhfuil sé i míreanna (a) agus (b) d'alt 144 (3),
(b) trí “3 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfo-alt (2) d'alt 169,
(c) trí “3 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfo-alt (2) d'alt 188, agus
(d) trí “3 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfo-alt (2) d'alt 231.
Méadú ar phinsin agus sochar áirithe nuair a shlánaíonn an faighteoir 80 bliain.
49.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5) d'alt 81:
“(6) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an tairbhí.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5) (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) d'alt 86:
“(6) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an tairbhí.”,
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 95:
“(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an tairbhí.”, agus
(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 103:
“(4) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an tairbhí.”.
Sochar báis a íoc ar mhodh pinsin tuismitheora.
50.—(1) Leasaítear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Faoi réir fho-alt (3A), beidh an ráta seachtainiúil pinsin is iníoctha le tuismitheoir—
(a) de réir an ráta sheachtainiúil laghdaithe, i gcás gur dhuine pósta an t-éagach tráth a bháis,
(b) de réir an ráta sheachtainiúil uasta, i gcás gur bhaintreach fir, baintreach nó duine singil an t-éagach tráth a bháis—
(i) in aon chás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus ina raibh sé, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus inar dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan,
(ii) in aon chás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus inar bhaintreach í ar bhás an éagaigh nó inar tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin, nó
(iii) in aon chás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus gan í a bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir an ráta sheachtainiúil uasta iníoctha lena fearchéile,
(c) de réir an ráta sheachtainiúil laghdaithe in aon chás eile.
(3A) I gcás duine lena mbaineann forálacha fhomhír (i) d'fho-alt (3) (b) do scor tráth ar bith de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach, beidh an pinsean iníoctha ina dhiaidh sin de réir an ráta sheachtainiúil laghdaithe agus, má bhaineann forálacha fho-alt (3) (b) lena bhanchéile, an tráth sin, beidh an pinsean sin iníoctha de réir an ráta sheachtainiúil uasta ina dhiaidh sin.
(3B) San alt seo—
ciallaíonn ‘ráta seachtainiúil laghdaithe’ an ráta seachtainiúil laghdaithe sochair bháis ar mhodh pinsin tuismitheora mar atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 4 (b) (i) i gCuid I den Dara Sceideal;
ciallaíonn ‘ráta seachtainiúil uasta’ an ráta seachtainiúil uasta sochair bháis ar mhodh pinsin tuismitheora mar atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 4 (b) (ii) i gCuid I den Dara Sceideal.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht trí “Faoi réir fho-ailt (3) agus (3A), is é a bheidh sa sochar báis” a chur in ionad “Is é a bheidh sa sochar báis” i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 14 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981).
Ceadú ón Aire Airgeadais i ndáil le rialacháin áirithe.
51.—Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) (arna leasú le halt 29 d'Acht 1989) den Phríomh-Acht trí “10 (9),” a chur isteach i ndiaidh “7,” agus trí “198G (1), 198L (2) (c),” a chur isteach i ndiaidh “142 (1A)”.
SCEIDEAL A
“An Dara Sceideal
Na Rátaí Sochar
CUID I
Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | (8) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta ... | 48.00 | 31.00 | 11.40 | 11.00 | -- | -- | -- |
(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dífhostaíochta ... ... | 45.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
2. Liúntas Máithreachais ... | 48.00 | -- | 11.40 | 11.00 | -- | -- | -- |
3. Sochar Díobhála ... ... | 64.80 | 31.00 | 11.40 | 11.00 | -- | -- | -- |
4. Sochar Báis: | |||||||
(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6)) | 71.00 | -- | 15.00 | 15.00 | 29.40 | 4.10 | -- |
(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir | |||||||
(i) ráta laghdaithe ... | 31.90 | -- | -- | -- | 29.40 | 4.10 | -- |
(ii) ráta uasta ... | 71.00 | -- | -- | -- | 29.40 | 4.10 | -- |
(c) pinsean is iníoctha le dílleachta ... ... | 36.90 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir: | 61.50 | 39.20 | 12.80 | 11.00 | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige ... | -- | 6.50 | -- | -- | -- | -- | -- |
6. Pinsean Easláine: | |||||||
(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois ... | 54.10 | 35.80 | 12.50 | 11.00 | 29.40 | -- | -- |
(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois ... | 55.10 | 35.80 | 12.50 | 11.00 | 29.40 | 4.10 | -- |
7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe ... | 56.00 | -- | 15.00 | 15.00 | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) | 35.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
CUID II
Sochair Dhíobhálacha Ceirde — Aiscí agus Deontas
£ | ||||||||
1. Sochar Míthreorach: | ||||||||
Aisce Uasta | ... | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 5,060 |
2. Sochar Báis: | ||||||||
(i) Aisce baintrí fir | ... | ... | ... | ... | ... | 3,690 | ||
(ii) Deontas i leith costas sochraide | ... | ... | ... | 250 |
CUID III
Pinsean Míthreorach
An grád míthreorach | An ráta seachtainiúil | |||
(1) | (2) | |||
£ | ||||
100 faoin gcéad | ... | ... | ... | 72.50 |
90 ” ” ... | ... | ... | ... | 65.30 |
80 ” ” ... | ... | ... | ... | 58.00 |
70 ” ” ... | ... | ... | ... | 50.80 |
60 ” ” ... | ... | ... | ... | 43.50 |
50 ” ” ... | ... | ... | ... | 36.30 |
40 ” ” ... | ... | ... | ... | 29.00 |
30 ” ” ... | ... | ... | ... | 21.80 |
20 ” ” ... | ... | ... | ... | 14.50 |
CUID IV
Méaduithe ar Phinsean Míthreorach
£ | |
1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre: | 48.00 |
2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí: | |
(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona— ... ... ... ... ... ... | 29.40 |
(b) teorainn in aon chás ... ... ... ... ... | 58.80 |
SCEIDEAL B
“An Ceathrú Sceideal
Na Rátaí Cúnaimh
CUID I
Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais | An ráta nó an méid seachtainiúil | An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | (8) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Cúnamh Dífhostaíochta: | |||||||
(a) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dhífostaíochta arna fhorléiriú dé réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad ... | 52.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
(b) i gcás daoine seachas iad sin ag (a) ... | 45.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
2. Liúntas Réamhscoir ... | 52.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
3. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall ... | 53.00 | -- | 11.40 | 11.00 | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
4. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh, Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh, Pinsean Baintrí Fir (Neamhranníocach) agus Liúntas Fearchéile Thréigthe | 53.00 | -- | 13.50 | 13.50 | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
5. Liúntas Cúramóra ... | 45.00 | -- | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
6. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach) ... | 30.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
7. Liúntas do Bhean Shingil ... | 52.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
8. Liúntas Leasa Forlíontach ... | 45.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
CUID III
An Méadú ar Phinsean Seanaoise i Leith Céile
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe |
£ | |
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 ... ... ... | 26.50 |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 ... ... | 25.50 |
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 ... ... | 24.50 |
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 ... ... | 23.50 |
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 ... ... | 22.50 |
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 ... ... | 21.50 |
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 ... ... | 20.50 |
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 ... ... | 19.50 |
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 ... ... | 18.50 |
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 ... ... | 17.50 |
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 ... ... | 16.50 |
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 ... ... | 15.50 |
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 ... ... | 14.50 |
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 ... ... | 13.50 |
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 ... ... | 12.50 |
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 ... ... | 11.50 |
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 ... ... | 10.50 |
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 ... ... | 9.50 |
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 ... ... | 8.50 |
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 ... ... | 7.50 |
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 ... ... | 6.50 |
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 ... ... | 5.50 |
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 ... ... | 4.50 |
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 ... ... | 3.50 |
níos mó ná £52 gan bheith níos mó ná £54 ... ... | 2.50 |
níos mó ná £54 gan bheith níos mó ná £56 ... ... | 1.50 |
níos mó ná £56 ... ... ... ... ... | Neamhní |
”.
SCEIDEAL C
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear | An Cineál Leasaithe |
(1) | (2) |
Alt 125 (2) (b) | “nó i dteideal liúntais tuísmítheora aonaír de bhua a bheith ina baintreach nó ina bhaintreach fir” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 50 nó 52”. |
Alt 130 (1) | “nó mar liúntas tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsean baintrí (neamhranníocach)”. |
Alt 130 (5) (a cuireadh isteach le halt 27 d'Acht 1989) | An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (d): “(d) liúntas tuismitheora aonair faoi Chaibidil 5A de Chuid III,”. |
Alt 134 (1) | Mír (h) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (l) agus (m) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1989): “(l) liúntas tuismitheora aonair,”. |
Alt 178 (1) (arna leasú le halt 3 d'Acht 1982) | “arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach” a scriosadh. |
Alt 180 (1) | “(lena n-áirítear aon mhéadú i leith linbh cháilithe)” a scriosadh. |
Alt 180 | Fo-alt (3) a scriosadh. |
Alt 188 (3) | “nó méadú i leith linbh cháilithe” a scriosadh. |
Alt 190 | An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): “(2) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ó am go ham, a ordú go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir.”. |
Alt 195 (1) | An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): “(b) atá 40 bliain d'aois nó os a chionn, agus”. |
Alt 195 | Fo-alt (3) a scriosadh. |
Alt 196 (1) | An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): “(b) atá 40 bliain d'aois nó os a chionn, agus”. |
Alt 196 | Fo-alt (4) a scriosadh. |
Alt 197 | An t-alt sin a scriosadh. |
Alt 306 (1) | “, liúntas tuismitheora aonair i gcás duine a cháilíonn do liúntas den chineál sin de bhua a bheith ina baintreach nó ina bhaintreach fir” a chur isteach i ndiaidh “liúntas díheachta (ranníocach)”. |
Alt 314 (1) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1989) | An míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas”: “ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas tuismitheora aonair faoi alt 198B nó liúntas leasa forlíontach faoi alt 200;”, agus an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás inniúil”: “ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i ndáil le sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe agus liúntas tuismitheora aonair, an tAire, agus i ndáil le liúntas leasa forlíontach ciallaíonn sé an bord sláinte a dheonaigh an liúntas sin d'fhaighteoir;”. |
Riail 1 (2) den Tríú Sceideal | “nó liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin bhaintrí (neamhranníocach) nó pinsin dílleachta (neamhranníocach)”. |
Riail 1 (2) den Tríú Sceideal | An mhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b): “(b) i gcás tuismitheora aonair, eisiafar £100 breise de luach caipitiúil na maoine i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tuismitheoir aonair, arb inéilithe méadú liúntais ina leith, agus”. |
Riail 1 (3) den Tríú Sceideal | “, liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin dall”. |
Riail 1 (4) den Tríú Sceideal | “nó liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin bhaintrí (neamhranníocach) agus pinsin dílleachta (neamhranníocach)”. |
Riail 1 (4) (i) (arna leasú le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985) den Tríú Sceideal | “liúntais tuismitheora aonair” a chur in ionad “pinsin baintrí (neamhranníocach)”. |
Riail 4 den Tríú Sceideal | “, 4 nó 5A” a chur in ionad “nó 4” sa dá áit ina bhfuil sé. |
Riail 5 den Tríú Sceideal | “, 4, 5A” a chur in ionad “agus 4”. |
SCEIDEAL D
“An Ceathrú Sceideal
Na Rátaí Cúnaimh
CUID I
Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais | An ráta nó an méid seachtainiúil | An méadú i leith cleithiunaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain daois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | (8) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Cúnamh Dífhostaíochta: | |||||||
(a) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna fhorléiriú de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad ... | 52.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
(b) i gcás daoine seachas iad sin ag (a) ... | 45.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
2. Liúntas Réamhscoir ... | 52.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
3. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall | 53.00 | -- | 11.40 | 11.00 | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
4. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh ... | 53.00 | -- | -- | -- | 29.40 | 4.10 | 4.00 |
5. Liúntas Tuismitheora Aonair ... | 53.00 | -- | 13.50 | 13.50 | 29.40 | 4.10 | -- |
6. Liúntas Cúramóra ... | 45.00 | -- | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |
7. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach) ... | 30.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
8. Liúntas do Bhean Shingil ... | 52.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
9. Liúntas Leasa Forlíontach ... | 45.00 | 31.00 | 11.00 | 11.00 | -- | -- | -- |