Uimhir 16 de 1981
AN tACHT AIRGEADAIS, 1981
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Cáin Ioncaim, Cáin Acmhainne agus Cáin Chorparáide
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.
1.—Maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980—
(a) in alt 1—
(i) i mír (b) d'fho-alt (1), trí “suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe” a chur in ionad “£5,000”, agus
(ii) i bhfo-alt (2), trí “£4,000” a chur in ionad “£3,400” agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,700”,
agus
(b) in alt 2—
(i) i bhfo-alt (3), trí “suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe” a chur in ionad “£10,000”, agus
(ii) i bhfo-alt (6), trí “£4,600” a chur in ionad “£4,000”, trí “£5,600” a chur in ionad “£5,000”, trí “£2,300” a chur in ionad “£2,000” agus trí “£2,800” a chur in ionad “£2,500”,
agus tá an mhír sin (b) agus na fo-ailt sin (2), (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (b) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin. |
(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhaint a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £4,000, agus
(b) in aon chás eile, £2,000.
(3) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin, dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.
(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhaint a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £4,600:
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe”£5,600;
(b) in aon chás eile, £2,300:
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe”£2,800.
Faoisimh phearsanta.
2.—(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1981-82 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).
AN TÁBLA | ||
An fhoráil reachtúil | An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1980-81 | An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1981-82 agus do bhlianta dá éis sin |
(1) | (2) | (3) |
£ | £ | |
alt 138A (liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) ... ... | 500 | 650 |
alt 138B | ||
(liúntas fostaí) ... | 400 | 600 |
alt 141 | ||
(leanbh éagumasaithe) | 390 | 500 |
alt 3 | ||
(coimeádaí tí ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) ... | 330 | 500 |
alt 11 | ||
(dall) ... ... | 330 | 400 |
(an dá chéile dall) ... | 660 | 1,000 |
(2) Beidh éifeacht le halt 4 den Acht Airgeadais, 1980, faoi réir fhorálacha an ailt seo.
(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.
3.—Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1980, maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:
“AN TÁBLA
CUID I
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £1,000 | ... | ... | ... | 25 faoin gcéad | an ráta laghdaithe |
An chéad £4,500 eile | ... | ... | 35 faoin gcéad | an ráta caighdeánach | |
An chéad £2,000 eile | ... | ... | 45 faoin gcéad | ||
An chéad £2,000 eile | ... | ... | 55 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 60 faoin gcéad |
CUID II
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £2,000 | ... | ... | ... | 25 faoin gcéad | an ráta laghdaithe |
An chéad £9,000 eile | ... | ... | 35 faoin gcéad | an ráta caighdeánach | |
An chéad £4,000 eile | ... | ... | 45 faoin gcéad | ||
An chéad £4,000 eile | ... | ... | 55 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 60 faoin gcéad |
”
Leasú ar alt 128 (pionóis) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
4.—Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) i bhfo-alt (2), trí “Maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh,” a chur in ionad “Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo,”,
(b) i bhfo-alt (3)—
(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) ina mainneoidh aon duine aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh,”,
agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, ag mainneachtain an fhoráil a chomhlíonadh,”,
agus
(c) i mír (a) d'fho-alt (4)—
(i) trí “, nó nár thug an cosantóir leatháin phá a shonrófar nó taifid nó doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé cáin a shonrófar chuig an mbailitheoir nó nach ndearna sé asbhaint nó aisíoc cánach a shonrófar,” a chur isteach i ndiaidh “deimhniú a shonrófar”, agus
(ii) trí “, nó nár thug sé na leatháin phá sin nó na taifid nó na doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé an cháin sin chuig an mbailitheoir, nó nach ndearna sé an asbhaint nó an t-aisíoc cánach sin,” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú sin isteach”,
agus tá an fo-alt sin (2), agus an mhír sin (a) d'fho-alt (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) Maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí dlí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú. (a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a shonrófar, nó nár thug an cosantóir leatháin phá a shonrófar nó taifid nó doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé cáin a shonrófar chuig an mbailitheoir nó nach ndearna sé asbhaint nó aisíoc cánach a shonrófar, i rith tréimhse a shonrófar, ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár chuir an cosantóir an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin isteach, nó nár thug sé na leatháin phá sin nó na taifid nó na doiciméid eile ar aird, nó nár tharchuir sé an cháin sin chuig an mbailitheoir, nó nach ndearna sé an asbhaint nó an t-aisíoc cánach sin, i rith na tréimhse sin, |
Leasú ar alt 198 (cionroinnt i gcásanna measúnachtaí ar leithligh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
5.—Leasaítear leis seo alt 198 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) aon laghdú cánach ioncaim a bheidh le déanamh faoi alt 1 (1) (b) nó 2 (3) den Acht Airgeadais, 1980, leithroinnfear é ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile i gcomhréir leis na méideanna cánach ioncaim a bheadh, murach an t-alt sin 1 (1) (b) nó 2 (3), iníoctha ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile,”.
Srian le faoiseamh faoi alt 496 (aisíoc i leith ús a íocadh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
6.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” aon suim arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó dá éis, ag an Aire Comhshaoil le pearsa aonair faoi scéim á fhoráil fóirdheontas morgáiste speisialta a íoc le húinéirí-áititheoirí céaduaire tithe áirithe;
ciallaíonn “iasacht shonraithe nó iasachtaí sonraithe” iasacht nó iasachtaí a ndéantar íocaíocht iomchuí ina leith;
ciallaíonn “aisíoc cánach iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, faoi réir fho-alt (3), an méid cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le haisíoc leis an bpearsa aonair faoi fhorálacha (dá ngairtear “na forálacha iomchuí” ina dhiaidh seo san alt seo) d'alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, do bhliain mheasúnachta ar an méid úis a d'íoc an phearsa aonair ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe sa bhliain mheasúnachta.
(2) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, go mbeadh aisíoc cánach iomchuí le déanamh, déanfar an t-aisíoc cánach iomchuí sin a laghdú an méid a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus d'ainneoin aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, déanfar méid na cánach arna laghdú amhlaidh, agus ní dhéanfar aon mhéid eile cánach, a aisíoc faoi na forálacha iomchuí leis an bpearsa aonair ar an méid úis a d'íoc sé sa bhliain mheasúnachta ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe.
AN TÁBLA
(R+S) | -P |
i gcás—
arb é R an t-aisíoc cánach iomchuí,
arb é S méid comhiomlán aon íocaíochtaí iomchuí a tugadh don phearsa aonair sa bhliain mheasúnachta nó méid aon íocaíochta iomchuí a tugadh don phearsa aonair i gcás nár tugadh ach íocaíocht amháin den sórt sin sa bhliain mheasúnachta, agus
arb é P—
(a) méid is ionann agus (R+S), nó
(b) méid aon íocaíochta, nó méid comhiomlán aon íocaíochtaí i gcás inar tugadh níos mó ná íocaíocht amháin, a thug an phearsa aonair sa bhliain mheasúnachta i modh aisíoca phríomhshuim aon iasachta sonraithe nó iasachtaí sonraithe, nó i modh íoca úis ar aon iasacht shonraithe nó iasachtaí sonraithe,
cibé ceann acu is lú.
(3) Chun críocha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a d'íoc ús eile i mbliain mheasúnachta i dteannta an úis ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe, is é méid an aisíoca cánach iomchuí méid a chinnfear de réir na foirmle—
A-B
i gcás—
arb é A an méid cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le haisíoc leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta faoi na forálacha iomchuí ar an ús go léir a d'íoc sé sa bhliain mheasúnachta, agus
arb é B an méid cánach a bheadh le haisíoc leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta faoi na forálacha iomchuí más rud é nár íoc sé aon ús ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe sa bhliain mheasúnachta.
(4) I gcás ina ndéanfar íocaíocht iomchuí maidir le haon tréimhse, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sa bhliain mheasúnachta ar chuid di an tréimhse sin a rinneadh an íocaíocht iomchuí sin:
Ar choinníoll, i gcás an tréimhse a bheith go páirteach i mbliain mheasúnachta amháin agus go páirteach i mbliain mheasúnachta eile, go ndéanfar méid na híocaíochta iomchuí a rinneadh i leith na tréimhse sin a chionroinnt ar gach bliain mheasúnachta sa chomhréir atá idir an chuid den tréimhse i ngach bliain mheasúnachta agus iomlán na tréimhse agus measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an méid a cionroinneadh amhlaidh ar bhliain mheasúnachta, gur sa bhliain mheasúnachta sin a íocadh é.
Leasú ar alt 17 (cáin a bhaint as íocaíochtaí le fochonraitheoirí sa tionscal foirgníochta) den Acht Airgeadais, 1970.
7.—Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1970, maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith, nó dá éis, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)—
“(b) duine a sheolann gnó ar cuid de foirgnimh a thógáil nó ábhair le húsáid, cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear iad, in oibríochtaí foirgníochta, a mhonarú, a chóireáil nó a theibeadh, nó
(bb) duine a bhfuil baint aige le cuideachta a sheolann gnó den sórt a luaitear i mír (b) (agus duine a áireamh chun críocha na míre seo mar dhuine a bhfuil baint aige léi amhlaidh dá n-áireofaí baint a bheith aige léi amhlaidh chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968), nó”.
Leasú ar alt 7 (faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe) den Acht Airgeadais, 1979.
8.—Beidh éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1979, agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar dhuine ina leith don bhliain 1981-82, ionann is dá gcuirfí—
(a) “1981-82” in ionad “1979-80” i bhfo-alt (1) agus an coinníoll seo a leanas leis an bhfo-alt sin:
“Ar choinníoll freisin i gcás gur fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£900’in ionad ‘£450’”,
agus
(b) (i) “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1981, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1982” in ionad “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i mír 1 den Sceideal sin, agus
(ii) “1981-82” in ionad “1979-80” i mír 4 (1) den Sceideal sin.
Leasú ar na forálacha a bhaineann le teorainneacha ama áirithe.
9.—Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear anseo thíos, maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí:
(a) “de na ceithre mhí is fiche” in ionad “den dá mhí dhéag” i mír (II) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 81 (cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(b) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 111 (foras measúnachta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(c) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2) d'alt 553 (cearta mianraí a lamháil d'úinéir i leith costas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(d) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2) d'alt 23 (obair ar siúl le linn scoir) den Acht Airgeadais, 1970,
(e) “ceithre mhí is fiche in ionad “dhá mhí dhéag” sna coinníollacha a ghabhann le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 11 (cáin ioncaim a mhuirearú ar shuimeanna ó shócmhainní mianraí sceidealta a dhíol) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974.
Caibidil II
Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta
Meán a thógáil ar bhrabúis feirme.
10.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978):
“20B.—(1) I gcás measúnacht i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith déanta ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1981-82 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í), féadfaidh sé, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin de réir fhorálacha fho-alt (2), agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht sin ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an fógra a tugadh don chigire, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta más rud é, maidir le ceachtar den dá bhliain mheasúnachta díreach roimhe sin, nár muirearaíodh an phearsa aonair i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(2) (a) Déanfar pearsa aonair atá le muirearú i leith cánach do bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha an fho-ailt seo a mhuirearú amhlaidh faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a chinnfear ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach ceann de na trí bliana dar chríoch an dáta sin sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar anuas go dtí í a dhéantar cuntais amach de ghnáth, nó i gcás nár ghnách cuntais a dhéanamh amach, an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain mheasúnachta.
(b) Déanfar aon bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig pearsa aonair nó aon chaillteanas a thabhaigh sé sna trí bliana sin ag seoladh feirmeoireachta a chomhiomlánú chun críocha an fho-ailt seo:
Ar choinníoll nach mbainfidh an mhír seo le caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, agus nach ndéanfar an caillteanas sin a chomhiomlánú le brabúis nó gnóchain chun críocha an fho-ailt seo.
(3) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair, maidir le bliain mheasúnachta, roghnú go cuí de réir fho-alt (1), déanfar, faoi réir fho-alt (4), cáin a mhuirearú air don bhliain sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, de réir fhorálacha fho-alt (2):
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta arb amhlaidh don phearsa aonair lena linn—
(a) gur pearsa aonair é lena mbaineann alt 16, nó
(b) nach bhfuil sé, de bhua alt 15 (3), inmhuirearaithe i leith cánach ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht.
(4) Más amhlaidh, do bhliain mheasúnachta, go bhfuil pearsa aonair, de bhua fho-alt (3), inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha fho-alt (2) agus go raibh sé inmhuirearaithe amhlaidh do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil sa bhliain mheasúnachta sin, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:
Ar choinníoll mura mbeidh feidhm, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, ag fo-alt (3) de bhíthin mhír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (3), go measfar teideal a bheith aige roghnú a dhéanamh agus an roghnú sin a bheith déanta aige go cuí, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, de réir an fho-ailt seo.
(5) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí, nó ina measfar roghnú a bheith déanta aige de réir fho-alt (4), maidir le bliain mheasúnachta—
(a) muirearófar cáin air don bhliain sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus
(b) déanfar cibé measúnacht nó measúnachtaí, más ann, is gá chun a áirithiú nach lú méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar a ndéantar é a mhuirearú do gach ceann den dá bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta, a ndearna nó a meastar go ndearna an phearsa aonair roghnú ina leith de réir fho-alt (4), ná an méid ar a ndéantar é a mhuirearú de bhua fho-alt (3) de réir fhorálacha fho-alt (2) don bhliain sin roimh an mbliain mheasúnachta.
(6) Le linn bheith á chinneadh, d'aon bhliain mheasúnachta, cé na liúntais chaipitiúla, na liúntais chothromaíochta nó na muirir chothromaíochta a bheidh le tabhairt do phearsa aonair nó le cur air le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin de réir fhorálacha fho-alt (2), measfar é a bheith inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le brabúis nó gnóchain na trádála sin de réir fhorálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(7) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú alt 58 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ní chuirfidh srian leis, in aon chás ina ndéanfar trádáil feirmeoireachta a dhíscor go buan.
(8) I gcás ina ndéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, caillteanas a chomhiomlánú le brabúis nó gnóchain de réir fho-alt (2) (b), agus gur mó méid an chaillteanais sin ná na brabúis nó na gnóchain sin, measfar chun críocha Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gur caillteanas trian den anbharr sin a tabhaíodh sa trádáil feirmeoireachta sa bhliain deiridh de na trí bliana a bhfuil an phearsa aonair le cur faoi mhuirear cánach i leith mheánmhéid na mbrabús nó na ngnóchan lena linn don bhliain mheasúnachta sin, agus ní bheidh aon chaillteanas a bheidh arna chomhiomlánú amhlaidh i dteideal faoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón bhfo-alt seo.
(9) Measfar maidir le brabúis nó gnóchain pearsan aonair ó fheirmeoireacht, a bhfuil cáin le muirearú air ina leith d'aon bhliain mheasúnachta de bhua fho-alt (3) de réir fhorálacha fho-alt (2), gur brabúis nó gnóchain iad a rinne an phearsa aonair sin ó fheirmeoireacht le linn a ioncam iomlán don bhliain sin a bheith á chinneadh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón alt seo, agus beidh feidhm ag aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le haon tuairisceán, cuntas (lena n-áirítear clár comhardaithe), ráiteas, dearbhú, leabhar, liosta nó doiciméad eile a sheachadadh nó aon sonraí a thabhairt, ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”.
Leasú ar alt 334 (tailte atá ar úinéireacht agus á n-áitiú, agus ceirdeanna atá á seoladh, ag carthanais) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
11.—Leasaítear leis seo alt 334 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Beidh feidhm ag fo-alt (1) (c) maidir leis na brabúis ó thrádáil feirmeoireachta arna seoladh ag carthanas ionann is dá scriosfaí na focail i ndiaidh ‘chun críocha an charthanais amháin'.”.
Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
12.—Beidh éifeacht le halt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980)—
(a) “1981-82” a chur in ionad “1980-81” i mír (a), agus
(b) “1981” a chur in ionad “1980”, agus “1982” a chur in ionad “1981”, gach áit a bhfuil siad, i mír (b).
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh i ndáil le méadú ar stocluachanna.
13.—(1) Más rud é, le linn brabúis ó thrádáil feirmeoireachta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht don bhliain 1981-82 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976—
(a) beidh feidhm agus éifeacht le halt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna chur chun feidhme le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976), ionann is dá scriosfaí “lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin”, agus
(b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979).
(2) Má bhíonn asbhaint le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, i ndáil le trádáil na feirmeoireachta d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, beidh feidhm agus éifeacht leis an alt sin 31A maidir leis an tréimhse chuntasaíochta sin ionann is dá scriosfaí “lúide 20 faoin gcéad dá hioncam trádála don tréimhse sin” i bhfo-alt (4) (a).
Caibidil III
Cáin Acmhainne
Cáin acmhainne do scor.
14.—D'ainneoin aon ní i gCaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, ní dhéanfar aon mheasúnacht i leith cánach acmhainne maidir leis an mbliain 1981-82 ná aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.
Caibidil IV
Cáin Chorparáide
Am le cáin chorparáide a íoc.
15.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis—
(a) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “de dhá mhí dhéag” a chur in ionad “de chúig mhí dhéag”, agus
(b) i bhfomhír (ii) de mhír (b), trí “de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin is lú de thrí mhí ná an t-eatramh” a chur in ionad “den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar an t-eatramh a bhí”,
agus tá na fomhíreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA
(ii) an dara tráthchuid laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh. (ii) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, laistigh de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin is lú de thrí mhí ná an t-eatramh idir deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta a bhí an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide agus an dáta a bheadh nó sula mbeadh an dara tráthchuid den cháin chorparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta sin le híoc dá mba go ndearnadh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin: (2) Dá mbeadh d'éifeacht le fo-alt (1), mura mbeadh an fo-alt seo, a cheangal go mbeadh an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ó fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta is luaithe ná dáta an Achta seo a rith, beidh an dara tráthchuid sin, d'ainneoin fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith. (3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ón bhfo-alt sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith. |
Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
16.—Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh luaite san fhógra—
(a) ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo—
(i) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh,
(ii) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus
(iii) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú,
agus
(b) ar na dáiltí a fuair an chuideachta ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar na creidmheasaí cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin.
(2) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go dtabharfar tuairisceán ar bhrabúis a d'eascair in aon tréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ar a feadh mar aon le sonraí i dtaobh dáiltí a fuarthas sa tréimhse sin ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus i dtaobh creidmheasaí cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin.”.
Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980.
17.—Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht sin—
(a) trí na fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Sa mhíniú ar ‘earraí’i bhfo-alt (1) áireofar—
(a) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc, agus
(b) beacáin shaothraithe a saothraíodh sa Stát,
i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í an chuideachta í a éilíonn, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus forléireofar tagairtí sa Chaibidil seo do mhonarú—
(i) i ndáil le hiasc, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do tháirgeadh, agus
(ii) i ndáil le beacáin, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shaothrú,
agus déanfar focail sa Chaibidil seo atá gaolmhar leis an bhfocal ‘monarú’a fhorléiriú dá réir sin.
(1B) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di longa a dheisiú—
(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát deisiúcháin a dhéantar laistigh den Stát ar long, agus
(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ar dheisiúcháin den sórt sin a dhéanamh amhlaidh.
(1C) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí innealtóireachta’ seirbhísí deartha agus pleanála ar sa Stát a dhéantar an obair a ghabhann lena dtabhairt i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimicí, sibhialta, leictrí, nó meicniúla, a dhéantar lasmuigh de chríocha Bhallstáit na gComhphobal Eorpach.
(b) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di seirbhísí innealtóireachta a thabhairt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo—
(i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát seirbhísí den sórt sin a thabhairt laistigh den Stát, agus
(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ar sheirbhísí den sórt sin a thabhairt amhlaidh.
(1D) Féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua fho-alt (1B) nó (1C), cibé acu é, cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mba chuid de na hábhair a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt orthu an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.”,
agus
(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39:
“Faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna. | 39A.—(1) San alt seo— tá le ‘an t-aerfort’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947; ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chuideachta a sheolann trádáil; ciallaíonn ‘Conradh CEE’ an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957; ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Airgeadais; ciallaíonn ‘cuideachta cháilithe’ cuideachta ar san aerfort a sheoltar a trádáil go léir nó cuid di; ciallaíonn ‘oibríochtaí trádála iomchuí’ oibríochtaí trádála a bheidh sonraithe i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2); ciallaíonn ‘oibríocht trádála’ aon oibríocht trádála nach éard í, ar leith ón alt seo, monarú earraí chun críche na Caibidle seo ach ar cuideachta cháilithe a sheolann í. (2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus aon deimhniú a thabharfar amhlaidh, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4), fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 ú lá de Nollaig, 2000: Ar choinníoll— (a) nach ndéanfar aon oibríochtaí trádála ar thug an tAire deimhniú ina leith faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (nó deimhniú arb ionann éifeacht dó agus deimhniú arna thabhairt faoin alt sin) a dheimhniú mar oibríochtaí trádála iomchuí mura deimhin leis an Aire gur as infheistíocht bhunaidh a d'eascair na hoibríochtaí sin; agus (b) le linn dó bheith á chinneadh cad is infheistíocht bhunaidh ann chun críocha an choinníll seo, go dtabharfaidh an tAire aird ar na prionsabail a bheidh á bhfeidhmiú de thuras na huaire ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach de réir na gcumhachtaí a dhílsítear dó le hAirteagail 92 go 94 de Chonradh CEE. (3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt gan coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé ann. (4) Más rud é, i gcás cuideachta ar tugadh deimhniú faoi fho-alt (2) ina leith— (a) go scoirfidh trádáil na cuideachta nó go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh go hiomlán lasmuigh den aerfort, nó (b) gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh an chuideachta aon choinníoll ar tugadh an deimhniú faoina réir a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a shonrófar san fhógra. (5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí oibríocht trádála áirithe mura mbeidh sí á seoladh laistigh den aerfort agus go bhfuil sí laistigh de cheann amháin nó níos mó de na haicmí oibríochta trádála seo a leanas— (a) deisiú nó cothabháil aerárthaí, (b) oibríochtaí trádála arb é tuairim an Aire ina dtaobh, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iompair, go gcuireann siad le húsáid nó le forbairt an aerfoirt, (c) oibríochtaí trádála a ghabhann le haon cheann de na hoibríochtaí sin a thuairiscítear sna míreanna sin roimhe seo nó le haon oibríocht arb éard í, ar leith ón alt seo, earraí a mhonarú. (6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí aon cheann de na hoibríochtaí trádála seo a leanas— (a) seirbhísí a thabhairt— (i) do phaisinéirí ag dul ar bord nó ag teacht ó bhord aerárthaí, lena n-áirítear seirbhísí óstán, lónadóireachta, sóinseála airgid nó iompair (seachas aeriompar), nó (ii) i ndáil le tuirlingt, imeacht, luchtú nó díluchtú aerárthaí, (b) oibriú seirbhíse aeriompair sceidealta, (c) miondíol, (d) díol tráchtearraí intomhailte chun aerárthaí a bhreoslú nó lena loingsiú mar stórais aerárthaí. (7) I gcás cuideachta cháilithe ag seoladh oibríochtaí trádála iomchuí, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo— (a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát na hoibríochtaí trádála iomchuí, agus (b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as aon ní a dhíol, nó as aon seirbhísí a thabhairt, i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála iomchuí. (8) (a) I gcás caoga fostaí lánaimsire nó níos mó a bheith ag cuideachta cháilithe ag deireadh aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ní mó comhiomlán na méideanna go léir d'fhaoiseamh iomchuí faoin gCaibidil seo a mbeidh an chuideachta ina dteideal in aghaidh na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí go léir ná méid a chinnfear de réir na bprionsabal a bheidh á bhfeidhmiú de thuras na huaire ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach faoi na cumhachtaí a dhílsítear dó le hAirteagail 92 go 94 de Chonradh CEE, agus déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo. (b) San fho-alt seo— ciallaíonn ‘fostaithe lánaimsire', i ndáil le cuideachta cháilithe, fostaithe atá ar fostú ag an gcuideachta ar fhoras lánaimsire i ndáil le hoibríochtaí trádála iomchuí agus arb é atá i ndualgais a bhfostaíochta dualgais de chineál gur gá dóibh bunús a gcuid ama go léir a chaitheamh i seirbhís na cuideachta; ciallaíonn ‘faoiseamh iomchuí faoin gCaibidil seo’ an faoiseamh faoin gCaibidil seo nach mbeadh cuideachta cháilithe ina theideal mura mbeadh forálacha fho-alt (7). (9) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (8) (a) agus chun socrú a dhéanamh maidir le haon nithe cumhalda nó iarmhartacha. (b) Gach rialachán a dhéanfar faoi mhír (a) leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is feidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. (10) Féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua an ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mba chuid de na hábhair a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt orthu an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo.”. |
Caibidil V
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
Íocaíochtaí as Ciste Fóirdheontas Sealadach na bhFostóirí a bheith díolmhaithe.
18.—(1) Ní thabharfar aird chun críocha uile na nAchtanna Cánach ar íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht arna thabhairt, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, d'fhostóir maidir le duine ar fostú aige, ar íocaíocht í as an gciste dá ngairtear Ciste Fóirdheontas Sealadach na bhFostóirí a bunaíodh an 28ú lá de Lúnasa, 1980, agus atá á riaradh ag coiste atá ionadaitheach do Chomhar Ceardchumann na hÉireann, do Chumann Cónaidhme na bhFostóirí, agus do Chónaidhm Thionscail na hÉireann.
Leasú ar alt 34 (díolúine ó cháin ar ioncam as ríchíosanna paitinne) den Acht Airgeadais, 1973.
19.—Leasaítear leis seo alt 34 (3) den Acht Airgeadais, 1973, trí “aireagán is ábhar do phaitinn cháilitheach” a chur in ionad “aireagán is ábhar do phaitinn”, agus tá an t-alt sin 34 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (3) Más rud é, faoi alt 92 d'Acht na bPaitinní, 1964, nó faoi aon fhorálacha comhréire i ndlí aon tíre eile, go mbeidh aireagán is ábhar do phaitinn cháilitheach á dhéanamh, á úsáid, á fheidhmiú nó á dhíol ag an Stát nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó ag rialtas na tíre lena mbaineann nó le haghaidh seirbhís an rialtais sin, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba gur de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh, nó a díoladh an t-aireagán sin agus gur ioncam as paitinn cháilitheach aon suimeanna a íocadh ina leith sin. |
Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar stocluachanna.
20.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1981” a chur in ionad “1980”—
(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) a ghabhann le fo-alt (4) (a),
(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977), agus
(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) gach áit a bhfuil sé,
agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis sin. |
(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:
(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—
arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis,
arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, agus
arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:
(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976—
(a) trí “, 1980-81 nó 1981-82” a chur in ionad “nó 198081” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) d'fho-alt (2),
(b) trí “1981-82” a chur in ionad “1980-81” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) i bhfo-alt (3), agus
(c) trí “1981” a chur in ionad “1980” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977),
agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80, 1980-81 nó 1981-82 le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den mhéid arbh é, ar leith ón mír seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é. |
(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1981-82.
(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1981, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:
(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C
i gcás—
arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis,
arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, agus
arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis:
Leathnú ar alt 67 (dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
21.—Beidh feidhm ag alt 67 den Acht Cánach Corparáide, 1976, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le dáileadh lena mbaineann alt 64 den Acht sin, is dáileadh a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, agus a fhaigheann cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát mar atá feidhm aige i ndáil le dáileadh a bheidh á fháil ag pearsa aonair.
Leasú ar alt 152 (forálacha maidir le cáin faoi alt 151) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
22.—Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) Ní bheidh feidhm ag alt 551 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, má dhéantar, de bhua alt 98 (4), aon cháin a measúnaíodh faoi alt 151 a urscaoileadh nó a aisíoc.”.
Caibidil VI
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe
Asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú.
23.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “deimhniú um chostas réasúnach” deimhniú arna thabhairt ag an Aire Comhshaoil chun críocha an ailt seo, á rá go bhfeictear dó gur méid réasúnach, an tráth a mbeidh an deimhniú á thabhairt agus ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil aige an tráth sin, an méid a bheidh sonraithe sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara cibé modhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, maidir le deimhniú um chostas réasúnach ionann is dá mba dheimhniú um luach réasúnach é;
tá le “deimhniú um luach réasúnach” an bhrí a shanntar dó le halt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979;
folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta;
tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “préimh” na bríonna a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “léas cáilitheach”, i ndáil le teach, léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—
(i) íocaíochtaí tréimhsiúla amháin ar méideanna iad go léir, nó a bhfuil sé le háireamh gur méideanna iad go léir, i modh cíosa chun críocha Chaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó
(ii) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (i) mar aon le híocaíocht i modh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí:
Ar choinníoll nach léas cáilitheach an léas má bhíonn aon fhorálacha i dtéarmaí an léasa a chuirfidh ar chumas an léasaí nó aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas a fháil sa teach tráth ar bith ar chomaoin is lú ná an chomaoin a bhféadfaí bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá mba ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte a dhéanfaí na caibidlí chun an leas sin a fháil;
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1984;
ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” teach—
(i) a úsáidtear ar fad mar theaghais, agus
(ii) arb amhlaidh dá achar urláir iomlán—
(I) nach lú é ná 30 méadar cearnach ná nach mó é ná 75 mhéadar chearnacha i gcás ar árasán nó teaghasán leithleach lánscartha i bhfoirgneamh dhá stór nó níos mó ar airde an teach, nó
(II) nach lú é ná 35 mhéadar chearnacha ná nach mó é ná 125 mhéadar chearnacha in aon chás eile, agus
(iii) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid a shonraítear ann i leith costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin nó, i gcás ar teach nua é a cuireadh ar fáil lena dhíol, deimhniú um luach réasúnach nach lú an méid atá curtha síos ann mar luach réasúnach don teach lena mbaineann an deimhniú ná an glanphraghas a íocadh ar an teach ar deonaíodh an deimhniú ina leith ar é a dhíol, agus
(iv) atá, gan é a bheith úsáidte, ligthe den chéad uair go huile faoi léas cáilitheach agus atá fós dá éis sin á ligean faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha de neamhúsáid shealadach ón am a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin go gcuirfear tús le léas eile dá shórt);
ciallaíonn “costas iomchuí”, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (3), méid is ionann agus comhiomlán na nithe seo a leanas—
(i) an caiteachas a tabhaíodh ag fáil aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe nó ag fáil aon chearta sa talamh nó thar an talamh sin, agus
(ii) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an tí;
ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse deich mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach;
ciallaíonn “achar urláir iomlán” an t-achar urláir iomlán i dteach arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4 (2) (b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.
(b) (i) D'fhonn a chinneadh, i ndáil le haon éileamh faoi fho-alt (2), an le linn na tréimhse cáilithí a tabhaíodh caiteachas, agus cé mhéad den chaiteachas a tabhaíodh le linn na tréimhse sin, ag foirgniú áitribh cháilithigh, ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas sin a chinnfidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, gur inchurtha go cuí é i leith obair ag foirgniú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh le linn na tréimhse sin.
(ii) Más rud é, de bhua fho-alt (4), go n-áireofar sa chaiteachas ag foirgniú aon áitribh caiteachas ag forbairt aon talún, beidh éifeacht le fomhír (i), fara aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba thagairtí d'fhorbairt na talún sin na tagairtí ann d'fhoirgniú aon áitribh.
(iii) Maidir le haon mhéid ar a mbeidh cinnte ag an gcigire de bhua fhomhír (i) nó (ii), féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda é a leasú ar achomharc in aghaidh an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht.
(c) Chun críocha an ailt seo, seachas chun na gcríocha a luaitear i mír (b) (i), measfar maidir le caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh, gur caiteachas é a tabhaíodh ar dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.
(d) Measfar chun críocha an ailt seo baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.
(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas ag foirgniú áitribh cháilithigh, beidh teideal aige, le linn méid aon bharrachais nó easnaimh i ndáil leis an gcíos ón áitreabh sin a bheith á ríomh chun críocha fho-alt (4) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, chun cibé méid (más ann) den chaiteachas a asbhaint a bheidh le háireamh faoi aon cheann d'fhorálacha an ailt seo mar chaiteachas a thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach agus beidh feidhm ag forálacha uile Chaibidil VI de Chuid IV den Acht sin ionann is dá mba asbhaint arna húdarú ag forálacha fho-alt (5) den alt sin 81 an asbhaint sin:
Ar choinníoll, i gcás nach méid i modh cíosa, nó nach n-áirítear gur méid i modh cíosa, chun críocha an ailt sin 81, aon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach, nó ar dhóigh eile faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh an léas, leis an léasóir nó le haon duine a bhfuil baint aige leis an léasóir nó chun tairbhe don léasóir nó don duine sin, nó aon chuid den phréimh nó den tsuim sin, go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, go mbeidh an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach, arna laghdú cibé méid díobh seo a leanas is lú—
(a) méid na préimhe nó na suime sin, nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh nó den tsuim sin, agus
(b) an méid a mbeidh idir é agus an méid a luaitear i mír (a), an chomhréir chéanna atá idir an méid den chaiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an áitribh cháilithigh agus atá le háireamh faoi fho-alt (1) (b) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach agus an caiteachas go léir a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.
(3) (a) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann é de líon foirgneamh i bhforbairt aonair, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann é féin de líon foirgneamh i bhforbairt aonair, déanfar cibé cionroinnt is gá—
(i) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus
(ii) ar an méid arb é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, cibé acu é—
chun a chinneadh cad é an caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an áitribh cháilithigh agus cad é an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.
(b) Is é an cigire a dhéanfaidh, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, aon chionroinnt a cheanglaítear a dhéanamh de réir na míre seo.
(c) Maidir le cionroinnt faoi mhír (a), féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda é a leasú ar achomharc in aghaidh aon asbhaint a deonaíodh ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht.
(4) San alt seo forléireofar tagairtí d'fhoirgniú aon áitribh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh foirgnithe nó a úsáidtear ag soláthar gairdíní, faichí, deiseanna rochtana nó aosáidí i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo thuas, mar thagairtí a fholaíonn, go háirithe—
(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,
(b) láithreáin a ghlanadh, uachtar na talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, bunsraitheanna a leagan, scafall a thógáil, láithreáin a aisiriú, tírdhreachú, agus bóithre agus oibreacha rochtana eile a sholáthar,
(c) ballaí, soláthar cumhachta, siltean, sláintíocht agus soláthar uisce, agus
(d) aon fhothithe nó foirgnimh nó déanmhais eile a fhoirgniú lena n-úsáid ag áititheoirí an áitribh nó lena n-úsáid ag soláthar aosáidí do na háititheoirí.
(5) I gcás ar áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar de na teagmhais seo a leanas aon uair le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh:
(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó
(b) go n-aistreoidh an úinéireacht ar leas an léasóra sa teach go dtí aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,
measfar, maidir leis an duine a fuair asbhaint, nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil, faoi fho-alt (2) sular tharla an teagmhas, i leith caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an áitribh cháilithigh, go bhfuair sé an lá roimh lá an teagmhais, méid i modh cíosa ón áitreabh cáilitheach is ionann agus méid na hasbhainte.
(6) (a) I gcás an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) tarlú sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, measfar, maidir leis an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach sin chuige, gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach méid caiteachais ag foirgniú an tí sin is ionann agus an méid a mheasfar, faoi aon cheann d'fhorálacha an ailt seo ar leith ón gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), a thabhaigh an léasóir sin sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú an tí sin:
Ar choinníoll, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, nach mó an méid a mheasfar amhlaidh a thabhaigh sé ná an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (7), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar theach a dhíol an méid a bhfuil idir é agus an glanphraghas a d'íoc sé ar an díol sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an tí a measfar faoi fho-alt (1) (b) gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.
(7) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina dtabhófar caiteachas ag foirg niú tí agus go ndíolfar an teach sula n-úsáidfear é, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an duine a cheannóidh an teach, gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach caiteachas ag foirgniú an tí is ionann agus méid an chaiteachais sin a measfar faoi fho-alt (1) (b) gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach nó an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol, cibé acu is ísle:
Ar choinníoll, má dhíoltar an teach breis agus uair amháin sula n-úsáidfear é, nach mbeidh éifeacht le forálacha an fho-ailt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deiridh de na díola sin.
(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ag foirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, ó thaobh a hiomláine nó aon choda di, foirgnimh a fhoirgniú lena ndíol agus, sula n-úsáidfear an teach, go ndíolfar é i gcúrsa na trádála sin, nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa na coda sin den trádáil sin, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an duine a cheannóidh an teach gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ag foirgniú an tí is ionann agus an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol sin (dá ngairtear “an chéad díol” dá éis seo sa mhír seo) agus, i ndáil le haon díol nó díola dá éis sin maidir leis an teach sula n-úsáidfear an teach, beidh éifeacht le mír (a) ionann is dá mba thagairt don phraghas iomchuí sin a íocadh ar an gcéad díol an tagairt do mhéid an chaiteachais a measfar gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.
(8) Ní áitreabh cáilitheach teach má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine a bhfuil baint aige leis an duine ag a bhfuil teideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an tí, chun asbhaint faoi fho-alt (2), agus nach téarmaí iad téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach a bhféadfaí bheith ag súil go mbeidís sa léas dá mba ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.
(9) Ní áitreabh cáilitheach teach—
(a) mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin fhoirgnithe tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile ann, agus
(b) mura gceadófar do dhaoine arna n-údarú i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil chun críocha an ailt seo é a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údarás a thabhairt ar aird má iarrann an duine lena mbaineann é sin orthu.
(10) Beidh éifeacht le mír 5 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ionann is dá mba liúntas caipitiúil asbhaint faoi fho-alt (2) agus ionann is dá mba mhuirear cothromaíochta aon mhéid i modh cíosa a mheasfar a bheith faighte ag duine faoi fho-alt (5).
(11) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist faoin alt seo nó faoi alt 24, seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.
Forálacha d'fhorlíonadh alt 23.
24.—(1) Baineann an t-alt seo le caiteachas a tabhaíodh chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú.
(2) Maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag alt 23, fara aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba rud é gur ag foirgniú na dtithe a tabhaíodh iarbhír an caiteachas a tabhaíodh chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh den fhoirgneamh agus ionann is dá mba rud é—
(a) i mír (ii) den mhíniú ar “léas cáilitheach”, gur thagairt do mhargadhluach tí tráth an athchóirithe a bheith críochnaithe an tagairt do chostas iomchuí an tí:
Ar choinníoll, maidir le teach is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta é ar leith ón bhfoirgneamh ar cuid de é, go n-áireofar, chun críocha na míre seo, gurb é margadhluach an tí tráth an athchóirithe a bheith críochnaithe méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh an tráth sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh,
(b) i mír (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” go gcuirfí “tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú” isteach i ndiaidh “gan a bheith úsáidte”,
(c) go scriosfaí an míniú ar “costas iomchuí” agus fo-ailt (6) (b) agus (7) (b),
(d) go scriosfaí na tagairtí i bhfo-alt (3) den alt sin do chostas iomchuí,
(e) maidir leis na tagairtí i bhfo-ailt (6) (a) agus (7) (a) don phraghas iomchuí a íocadh ar an díol, gur thagairtí iad—
(i) don ghlanphraghas a íocadh ar an díol, nó
(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo le háireamh, chun críocha fho-alt (2) den alt sin, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, don mhéid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a dúradh an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais sin,
(f) maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (7) (a) do theach a bheith á úsáid, gur thagairtí iad don teach a bheith á úsáid tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú, agus
(g) i bhfo-alt (9) (a), go gcuirfí “alt 5” in ionad “alt 4”.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athchóiriú mura mbeidh cead pleanála maidir leis an athchóiriú tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976.
Liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú.
25.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “carrchlós ilstóir” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil trí stór nó níos mó ann agus a úsáidtear go hiomlán chun spás loctha d'fheithiclí inneallghluaiste a sholáthar do dhaoine den phobal i gcoitinne, gan tosaíocht a bheith ag aon aicme áirithe daoine, ar tháille iomchuí a íoc;
ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 29ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1984, ag foirgniú carrchlóis ilstóir.
(2) Bainfidh forálacha uile na nAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais thionscail, le caiteachas iomchuí ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin.
Liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.
26.—(1) San alt seo—
tá le “tréimhse inmhuirearaithe” agus le “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1984;
ciallaíonn “comhaontú iomchuí” comhaontú idir údarás bóithre agus duine eile faoi alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979, a dtabhaíonn an duine eile sin caiteachas iomchuí dá bhua;
ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil a thabhóidh duine sa tréimhse cháilitheach de bhua comhaontú iomchuí, ach ní fholaíonn sé aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine ina leith chun asbhainte, faoisimh nó liúntais faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach seachas an t-alt seo;
ciallaíonn “ioncam iomchuí” ioncam a eascróidh chun duine de bhua comhaontú iomchuí;
tá le “údarás bóithre” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979.
(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, go raibh ioncam iomchuí infhaighte aige sa tréimhse inmhuirearaithe sin nó ina bonn-tréimhse agus gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí, beidh teideal aige, faoi réir fho-alt (3), d'fhonn an méid (más ann) ioncaim iomchuí a fhionnadh a mbeidh cáin le muirearú air ina leith don tréimhse inmhuirearaithe agus chuige sin amháin, chun liúntas is ionann agus leath an chaiteachais iomchuí:
Ar choinníoll nach mó comhiomlán na liúntas go léir a tugadh don duine sin faoin alt seo i ndáil le haon chaiteachas iomchuí ná méid is ionann agus leath an chaiteachais sin.
(3) I gcás nach féidir lánéifeacht a thabhairt do liúntas a mbeidh teideal ag duine chuige faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe mar gheall ar easpa nó easnamh san ioncam iomchuí, ansin (fad a bheidh ioncam iomchuí ag an duine), déanfar an méid a bheidh gan lamháil a thabhairt anonn go dtí an tréimhse inmhuirearaithe dár gcionn agus déileálfar, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú eile ar an bhfo-alt seo, leis an méid a bheidh tugtha anonn amhlaidh, mar mhéid liúntais chomhréire don tréimhse sin.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.
Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
27.—Leasaítear leis seo alt 254 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) An léasaí dá dtagraítear i mír (a) is léasaí é a áitíonn an foirgneamh nó an déanmhas ar tabhaíodh an caiteachas á fhoirgniú agus a áitíonn é amhlaidh—
(i) faoi léas iomchuí, nó
(ii) maidir le caiteachas den sórt sin arna thabhú tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1981, faoi léas ar léas frithdhílse ina leith léas iomchuí arna dheonú don Údarás Forbartha Tionscail, do Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó d'Údarás na Gaeltachta.”,
(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe iomchuí” i mír (c):
“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe iomchuí', i ndáil le haon duine a thabhaigh caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas nó, más déanaí í, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas (a measfar gur teagmhas é de réir bhrí mhír 1 (2) (b) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976), i gcás arb éard é an teagmhas sin—
(i) tosú na tionóntachta i gcás inarb éard í an chéad úsáid a baineadh as an bhfoirgneamh nó as an déanmhas úsáid ag duine atá á áitiú de bhua tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith, nó
(ii) i gcás lena mbaineann mír (b) (ii), tosú na tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;”,
agus
(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i mír (c) tar éis na mínithe ar “léas” agus “léasaí”:
“ciallaíonn ‘léas iomchuí’ léas ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;”.
Caibidil VII
Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó ó Fhorbairt Talún
Leasú ar alt 17 (muirear faoi Chás I de Sceideal D a leathnú chun baint le brabúis áirithe ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1908.
28.—I ndáil leis na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais a ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide d'aon tréimhse dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—
“(1) (a) I gcás ina n-áireofaí, ar leith ón alt seo, nár ghníomhaíochtaí a sheoltar i gcúrsa trádála faoi réim Sceideal D gníomhaíochtaí uile, nó cuid de ghníomhaíochtaí, gnó déileála i dtalamh nó forbartha talún ach go n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí le gach diúscairt leasa i dtalamh a bhí ar áireamh na ngníomhaíochtaí sin (lena n-áirítear diúscairt leasa i dtalamh arb éard é, ar leith ón alt seo, diúscairt ar an leas iomlán sa talamh a bhí faighte ag an duine a raibh an gnó á sheoladh aige) mar dhiúscairt a chomhlíonann an dá choinníoll a shonraítear i mír (b), measfar gur trádáil atá go hiomlán faoi réim Sceideal D an gnó nó, de réir mar a bheidh, gur cuid de thrádáil den sórt sin é agus déanfar dá réir sin na brabúis nó na gnóchain ón gcéanna a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.
(b) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (a):
(i) gur dhiúscairt ar an leas iomlán sa talamh a bhí faighte ag an duine a raibh an gnó á sheoladh aige an diúscairt, agus
(ii) gur i gcúrsa an ghnó a bhí an duine sin tar éis an leas a diúscraíodh a fháil.”.
Forálacha a bhaineann le hidirbhearta i dtalamh.
29.—(1) Achtaítear an t-alt seo chun daoine a bhfuil baint acu le déileáil i dtalamh nó le forbairt talún a chosc ar cháin a sheachaint.
(2) (a) I ndáil leis na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais a ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide d'aon tréimhse dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, leasaítear leis seo Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18:
“Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás I de Sceideal D. | 18.—(1) I gcás inar trádáil nó ina measfar gur trádáil faoi réim Sceideal D, nó inar cuid nó ina measfar gur cuid de thrádail den sórt sin gnó déileála i dtalamh nó forbartha talún, beidh éifeacht, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, leis na forálacha is infheidhme ar Chás I den Sceideal sin maidir le brabúis nó gnóchain an ghnó a ríomh. (2) (a) Aon chomaoin, seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith leas in aon talamh nó i gcuid d'aon talamh a dhiúscairt, áireofar í mar chomaoin i leith stoc trádála a dhiúscairt agus cuirfear i gcuntas í dá réir sin mar fháltas trádála. (b) Aon leas in aon talamh a theachtann duine atá ag seoladh trádála (dá ngairtear an trádálaí anseo feasta san alt seo) agus a ndearna stoc trádála de chuid na trádála de leanfaidh sé dá éis sin, go dtí go ndíscoirfear den trádáil, de bheith ina stoc trádála den sórt sin. (c) I gcás inar ar shlí seachas ar chomaoin i modh airgid nó luach airgid a fuair an trádálaí leas in aon talamh measfar, faoi réir mhír (d), gur cheannaigh sé an leas ar chomaoin ab ionann agus margadhluach an leasa an tráth a fuair sé é. (d) Más rud é, an tráth a fuarthas an leas in aon talamh, nach raibh an trádáil tosaithe nó nach raibh an leas leithreasaithe mar stoc trádála an tráth sin, measfar gur cheannaigh an trádálaí an leas ar chomaoin ab ionann agus a mhargadhluach tráth a leithreasaithe mar stoc trádála. (e) Cuirfear i gcuntas mar fháltas trádála aon chomaoin (seachas fáltais faoi réim alt 81 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar inmhuirearaithe, de bhua an ailt sin, na brabúis nó na gnóchain astu i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D) i leith an trádálaí do dheonú aon chirt i ndáil le forbairt aon talún. (3) Ní chuirfear i gcuntas aon suim (dá ngairtear an tsuim iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) a íoctar nó is iníoctha tráth ar bith ag an trádálaí mar chomaoin as ceart aon duine chun blianachta nó íocaíochta bliantúla eile a fhorghéilleadh nó a ghéilleadh mura rud é— (a) gur eascair an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile— (i) faoi dhiúscairt thiomnach, nó (ii) faoi dhliteanas a tabhaíodh— (I) ar chomaoin luachmhar leordhóthanach a gceanglaítear í go léir a chur i gcuntas le linn ioncam an duine dár tugadh an chomaoin sin a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, nó (II) ar chomaoin a tugadh do dhuine— (A) nach ndearna tráth ar bith gnó a sheoladh ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, ar trádáil nó cuid de thrádáil é, nó a measfar gur trádáil nó gur cuid de thrádáil é, agus (B) nach bhfuil, agus nach raibh tráth ar bith, baint aige le haon duine díobh seo a leanas— (aa) an trádálaí, (bb) duine a bhfuil nó a raibh tráth ar bith baint aige leis an trádálaí, agus (cc) aon duine eile a theachtann nó a theacht, i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún ar trádáil nó cuid de thrádáil é nó a measfar gur trádáil nó gur cuid de thrádáil é, leas i dtalamh ar ar muirearaíodh nó ar ar forchoimeádadh an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile, nó (b) go gceanglaítear an tsuim iomchuí a chur i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil déileála i dtalamh nó forbartha talún a sheolann an duine lenarb iníoctha an tsuim iomchuí a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide. (4) I gcás— (a) suim (dá ngairtear an tsuim sin anseo feasta san fho-alt seo) a bheith iníoctha— (i) ag duine (dá ngairtear an duine iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) nach é an trádálaí é, (ii) mar chomaoin as ceart aon duine chun blianachta nó íocaíochta bliantúla eile a fhorghéilleadh nó a ghéilleadh, agus (b) nach gceanglaítear an tsuim sin a chur i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil déileála i dtalamh nó forbartha talún a sheolann an duine lenarb iníoctha an tsuim sin a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, agus (c) an trádálaí do thabhú caiteachais (dá ngairtear an costas anseo feasta san fho-alt seo) ag fáil aon leasa i dtalamh ar a ndearnadh an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile a fhorchoimeád nó a mhuirearú, ansin— (I) déileáfar leis an trádálaí mar dhuine a chaith, ag fáil an leasa sin, méid is ionann agus an méid a chaithfí dá mbeadh an ceart gan forghéilleadh ná géilleadh, agus (II) déileálfar chun críocha fho-alt (3) le hanbharr an chostais ar an méid a chinnfear de réir fhomhír (I) mar shuim ab iníoctha ag an trádálaí mar chomaoin as an gceart sin a fhorghéilleadh nó a ghéilleadh, agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar gach uile chionroinnt agus luacháil a dhealraíonn don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach: Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má bhíonn an duine iomchuí ag seoladh trádála ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún agus go n-íocfaidh sé an tsuim sin le linn dó bheith ag seoladh na trádála sin.”. |
(b) Aon fhoráil d'alt 18 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, ag a bhfuil feidhm i ndáil le ríomh na mbrabús nó na ngnóchan nó na gcaillteanas d'aon tréimhse dar críoch lá roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, ach atá, de bhíthin an ailt seo gan feidhm i ndáil le ríomh na mbrabús nó na ngnóchan nó na gcaillteanas d'aon tréimhse dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis, ní bheidh feidhm aici, go háirithe, i ndáil le luach stoc trádála de chuid trádála i dtosach aon tréimhse dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis a chinneadh.
(3) Leasaítear leis seo Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 20, 21 agus 22:
“Muirearófar cáin faoi Chás IV ar ghnóchain ó dhiúscairtí áirithe talún. | 20.—(1) Ní bhainfidh an t-alt seo— (a) le gnóchan a réadaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, ná (b) le gnóchan a fhaibhreoidh chuig pearsa aonair agus atá, de bhua alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, díolmhaithe ó cháin ghnóchan caipitiúil, nó a bheadh díolmhaithe amhlaidh mura mbeadh forálacha fho-alt (10) den alt sin. (2) San alt seo agus in alt 21— ciallaíonn ‘méid caipitiúil’ aon mhéid, in airgead nó i luach airgid, nach bhfuil, ar leith ón alt seo, le háireamh in aon ríomh ioncaim chun críocha na nAchtanna Cánach, agus forléireofar dá réir sin abairtí eile ina bhfuil an focal ‘caipitiúil'; ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nó bliain mheasúnachta; folaíonn ‘talamh’ aon leas i dtalamh agus folaíonn tagairtí don talamh tagairtí don talamh go léir nó d'aon chuid den talamh; folaíonn ‘scair’ stoc; folaíonn tagairtí do mhaoin a dhíorthaíonn a luach ó thalamh tagairtí— (i) d'aon scairshealbhaíocht i gcuideachta, nó d'aon leas comhpháirtíochta, nó d'aon leas i maoin shocraithe, a dhíorthaíonn a luach nó an chuid is mó dá luach go díreach nó go neamhdhíreach ó thalamh, agus (ii) d'aon rogha, toiliú nó lánchosc a dhéanann difear do dhiúscairt talún. (3) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás— (a) ina ndéanfar talamh, nó aon mhaoin a dhíorthaíonn a luach ó thalamh, a fháil d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ó dhiúscairt na talún, (b) ina dteachtar talamh mar stoc trádála, nó (c) ina bhforbraíonn cuideachta talamh d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ón talamh a dhiúscairt tar éis a fhorbartha, agus ina mbeidh aon ghnóchan de chineál caipitiúil ó dhiúscairt na talún á fháil— (i) ag an duine atá ag fáil na talún nó á theachtadh nó á fhorbairt, nó ag duine a bhfuil baint aige leis an duine sin, nó (ii) i gcás comhshocraíocht nó scéim a bheith déanta maidir leis an talamh ar féidir dá cionn an gnóchan a réadú go díreach nó go neamhdhíreach trí aon idirbheart, nó trí aon sraith idirbhearta, ag aon duine is páirtí sa chomhshocraíocht nó sa scéim, nó a bhfuil baint aige leis an gcéanna, agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé acu is don duine sin féin nó d'aon duine eile a gheobhaidh an duine sin an gnóchan sin. (4) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, déileálfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, le méid iomlán aon ghnóchain den sórt a luaitear i bhfo-alt (3)— (a) mar ioncam a eascraíonn an tráth a réadaítear an gnóchan agus arb éard é brabúis nó gnóchain is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse inmhuirearaithe ina réadaítear an gnóchan, agus (b) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, mar ioncam de chuid an duine a réadaíonn an gnóchan. (5) Chun críocha an ailt seo déileálfar le talamh mar thalamh a diúscraíodh má dhéantar, trí aon idirbheart amháin nó níos mó, nó trí aon chomhshocraíocht nó scéim, cibé acu a bhaineann sin leis an talamh nó leis an maoin a dhíorthaíonn a luach ón talamh, an mhaoin sa talamh, nó rialú ar an talamh, a dhiúscairt go héifeachtúil, agus déanfar tagairtí i bhfo-alt (3) do thalamh agus do mhaoin a fháil nó a fhorbairt d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ó dhiúscairt na talún a fhorléiriú dá réir sin. (6) Chun críocha an ailt seo— (a) i gcás a ndéanfaidh duine, trí dhíol roimh am nó ar shlí eile, deis a thabhairt go díreach nó go neamhdhíreach, do dhuine eile gnóchan a réadú, déileálfar le gnóchan an duine eile sin mar ghnóchan a fuair an chéad duine a luaitear san fho-alt seo dó, agus (b) féadfar a mheas gur comhshocraíocht nó scéim aonair aon líon idirbheart má bhíonn comh-aidhm le sonrú iontu, nó má bhíonn leorfhianaise eile ar fáil maidir le comh-aidhm. (7) Le linn an t-alt seo a chur chun feidhme tabharfar aird ar aon mhodh, díreach nó neamhdhíreach— (a) trína ndéantar aon mhaoin nó ceart a aistriú nó a tharchur chuig duine eile, nó (b) trína ndéantar luach aon mhaoine nó aon chirt a mhéadú nó a laghdú, agus, dá réir sin, féadfar déileáil le hócáid aistrithe nó tarchurtha aon mhaoine nó cirt, ar mhodh ar bith, agus leis an ócáid a dtiocfaidh méadú ar luach aon mhaoine nó cirt, mar ócáid ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe faoin alt seo. (8) Bainfidh fo-alt (7) go háirithe— (a) le díola, conarthaí agus idirbhearta eile a dhéanfar seachas ar lánchomaoin nó ar bhreis agus lánchomaoin, (b) le haon mhodh trína ndéantar aon mhaoin nó ceart, nó an rialú ar aon mhaoin nó ceart, a aistriú nó a tharchur chuig aon duine trí shannadh a dhéanamh— (i) ar scairchaipiteal nó cearta eile i gcuideachta, (ii) ar chearta i gcomhpháirtíocht, nó (iii) ar leas i maoin shocraithe, (c) le haon rogha nó toiliú nó lánchosc a bhunú a dhéanann difear do dhiúscairt aon mhaoine nó aon chirt, agus leis an gcomaoin a tugadh ar an rogha, nó as an toiliú a thabhairt nó as an lánchosc a fhuascailt, agus (d) le diúscairt aon mhaoine nó aon chirt ar aon chuideachta, comhpháirtíocht nó iontaobhas a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a thabhairt chun críche. (9) Chun críocha an ailt seo glacfar le cibé modh chun gnóchan a ríomh is cóir agus is réasúnach sna himthosca, agus tabharfar aird ar an luach a gheofar as an talamh a dhiúscairt, agus ní lamhálfar ach cibé caiteachais is inchurtha i leith na talún a diúscraíodh, agus le linn an fo-alt seo a chur chun feidhme— (a) i gcás ina bhfaighfear leas i dtalamh agus go gcoimeádfar an frithdhílse ar é a dhiúscairt, féadfar aird a thabhairt ar an modh ina ndéantar na brabúis nó na gnóchain faoi Chás I de Sceideal D de chuid duine a dhéileálann i dtalamh a ríomh i gcás den sórt sin, agus (b) féadfar aird a thabhairt ar na coigeartuithe a bheidh le déanamh le linn brabúis nó gnóchain den sórt sin a bheith á ríomh faoi alt 84 (2) agus 85 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967. (10) Ní bhainfidh fo-alt (3) (c) le cibé cion d'aon ghnóchan is inchurtha go cóir i leith na tréimhse, más ann, sular ceapadh an rún an talamh a fhorbairt, agus nach dtiocfadh faoi réim mhír (a) nó (b) den fho-alt sin; agus le linn an fo-alt seo a chur chun feidhme tabharfar aird ar an gcaoi a ndéileáiltear faoi Chás I de Sceideal D le duine a leithreasaíonn talamh mar stoc trádála. (11) Maidir leis an ngnóchan go léir nó aon chuid den ghnóchan a fhaibhríonn chun aon duine, más ó luach, nó ó áiméar chun gnóchan a réadú, arna chur ar fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag duine éigin eile (cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh sin ar a dheis don chéad duine a luaitear san fho-alt seo), a dhíorthaíonn sé, beidh feidhm ag fo-alt (4) (b) maidir leis an ngnóchan nó leis an gcuid sin de, ach an duine eile sin a chur in ionad an duine a réadaigh an gnóchan. (12) I gcás diúscairt scaireanna a bheith i gceist— (a) i gcuideachta a theachtann talamh mar stoc trádála, nó (b) i gcuideachta ar léi go díreach nó go neamhdhíreach 90 faoin gcéad nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta eile a theachtann talamh mar stoc trádála, agus go ndéanfaidh cuideachta na talún a theachtadh an talamh go léir atá ar teachtadh amhlaidh a dhiúscairt i ngnáth-chúrsa na trádála agus chun a áirithiú gur chuig an gcuideachta sin a eascróidh gach áiméar chun brabúis i leith na talún, ansin, d'ainneoin fho-alt (3) (i), ní bhainfidh an t-alt seo le haon ghnóchan ar mhaoin a dhíorthaíonn luach ón talamh sin (ach sin gan dochar d'aon dliteanas faoi fho-alt (3) (ii)). (13) Le linn bheith á fhionnadh chun críocha an ailt seo cad iad intinní aon duine, ní cinntitheach d'aidhmeanna agus do chumhachtaí aon chuideachta, comhpháirtithe nó iontaobhaithe mar a bheidh sin leagtha amach in aon mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais nó in aon doiciméad eile. (14) Chun a fhionnadh an ndíorthaíonn agus cá mhéad a dhíorthaíonn luach aon mhaoine nó cirt ó aon mhaoin nó ceart eile, féadfar luach a rianú trí aon uimhir cuideachtaí, comhpháirtíochtaí agus iontaobhais agus déanfar an mhaoin a bheidh ar teachtadh ag aon chuideachta, comhpháirtíocht nó iontaobhas a chur i leith na scairshealbhóirí, na gcomhpháirtithe nó na dtairbhithe ag gach céim ar cibé slí is cóir agus is réasúnach. (15) Le linn an t-alt seo a chur chun feidhme— (a) féadfar aon chaiteachas nó fáltas nó comaoin nó aon mhéid eile a chionroinnt ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, agus (b) déanfar gach uile luacháil is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt. (16) Chun críocha an ailt seo, féadfar a mheas, maidir le comhpháirtithe, nó iontaobhaithe maoine socraithe, nó ionadaithe pearsanta, gur daoine iad ar leithligh ó na pearsana aonair nó ó na daoine eile ar comhpháirtithe nó iontaobhaithe nó ionadaithe pearsanta iad de thuras na huaire. (17) Bainfidh an t-alt seo le duine, cibé acu a chónaíonn sé sa Stát nó nach gcónaíonn, más sa Stát atá an talamh go léir nó aon chuid den talamh atá i gceist. |
Forálacha d'fhorlíonadh alt 20. | 21.—(1) (a) I gcás ina ndéanfar duine (dá ngairtear an chéad duine a luaitear anseo feasta san fho-alt seo) a mheasúnú i leith cánach faoi alt 20 agus go n-eascraíonn an mheasúnacht sin i leith cánach de dhroim agus de thairbhe comaoin is infhaighte ag duine eile (dá ngairtear an dara duine a luaitear anseo feasta san fho-alt seo)— (i) beidh an chéad duine a luaitear i dteideal aon chuid den cháin sin a d'íoc an chéad duine a luaitear a ghnóthú ón dara duine a luaitear, agus (ii) má bhíonn aon chuid den cháin sin gan íoc ar shé mhí a bheith caite ón dáta ar tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha, beidh sí inghnóthaithe ón dara duine a luaitear amhail is dá mba eisean an duine a measúnaíodh amhlaidh, ach sin gan dochar don cheart chun an cháin a ghnóthú ón gcéad duine a luaitear, agus chun críocha fhomhír (i), cuirfidh an cigire, má iarrtar air é, deimhniú ar fáil ina sonrófar méid an ioncaim ar íocadh cáin ina leith, agus méid na cánach a íocadh amhlaidh; agus beidh an deimhniú ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar aon fhíorais a bheidh luaite ann. (b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon mhéid a ndéileáiltear leis de bhua alt 20 mar ioncam duine déileálfar leis, d'ainneoin aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá mba é an chuid is airde dá ioncam é. (2) Má dhealraíonn sé do na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil cónaí sa Stát ar aon duine atá i dteideal aon chomaoin nó méid eile is inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 20, féadfaidh siad a ordú go mbainfidh alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) le haon íocaíocht is cuid den mhéid sin ionann is dá mba íocaíocht bhliantúil arna muirearú le cáin faoi Sceideal D an íocaíocht, ach sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir le dliteanas an duine sin, lena n-áirítear aon dliteanas faoi fho-alt (1) (a) (ii). (3) Beidh éifeacht le halt 20 faoi réir aon fhoráil de na hAchtanna Cánach faoina measfar ioncam a bheith ina ioncam de chuid duine áirithe. (4) Más rud é, de bhua alt 20 (3) (c), go ndéanfar aon duine a mhuirearú i leith cánach ar ghnóchan a réadú, agus go ndeachaigh ríomh an ghnóchain ar aghaidh, de bhua fho-alt (10) den alt sin, ar an mbonn go ndearnadh an talamh nó maoin éigin eile a leithreasú aon uair mar stoc trádála, déileálfar leis an talamh nó leis an maoin eile sin ar an mbonn sin freisin chun críocha mhír 15 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (leithreasú isteach i stoc trádála agus amach as). (5) Más rud é, de bhua alt 20 (11), maidir leis an duine a ndéanfar cáin a mhuirearú ina leith gur duine é seachas an duine dá bhfuarthas an méid caipitiúil nó an duine a réadaigh an gnóchan, agus go mbeidh an cháin íoctha, ansin, chun críocha mhíreanna 2 agus 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (brabúis is inchánach mar ioncam a bheith eisiata ó cháin ar ghnóchain chaipitiúla), measfar maidir leis an duine dá bhfuarthas an méid caipitiúil nó an duine a réadaigh an gnóchan, de réir mar is iomchuí, gurb airsean a muirearaíodh an cháin a íocadh amhlaidh. |
Cumhacht faisnéis a fháil. | 22.—(1) Féadfaidh an cigire le fógra i scríbhinn a chur de cheangal ar aon duine cibé sonraí a mheasfaidh an cigire is gá chun críocha ailt 20 agus 21 a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná 30 lá) a bheidh sonraithe san fhógra. (2) Áireofar ar na sonraí nach foláir do dhuine a sholáthar faoin alt seo, má chuirtear de cheangal air le fógra sin a dhéanamh, sonraí— (a) i dtaobh idirbhearta nó comhshocraíochtaí a bhfuil, nó a raibh, sé ag gníomhú thar ceann daoine eile ina leith, agus (b) i dtaobh idirbhearta nó comhshocraíochtaí ba chóir, i dtuairim an chigire, a scrúdú go cuí chun críocha ailt 20 agus 21 d'ainneoin nach n-eascraíonn, i dtuairim an duine dár tugadh an fógra, aon dliteanas i leith cánach faoi na hailt sin, agus (c) i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil aon pháirt glactha nó á glacadh ag an duine dár tugadh an fógra in aon idirbhearta nó comhshocraíochtaí de chineál a bheidh sonraithe san fhógra agus, má tá, cén pháirt í agus cé na hidirbhearta nó na comhshocraíochtaí iad. (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) ní mheasfar chun críocha fho-alt (2) (c) páirt a bheith glactha ag aturnae in aon idirbheart nó comhshocraíochtaí de bhíthin amháin gur thug sé comhairle ghairmiúil do chliant i ndáil leis an idirbheart nó leis na comhshocraíochtaí, ná ní féidir iallach a chur air faoin alt seo, i ndáil le haon ní a rinne sé thar ceann cliaint, aon rud a dhéanamh, ach amháin le toiliú a chliaint, seachas a rá go bhfuil nó go raibh sé ag gníomhú thar ceann cliaint, agus ainm agus seoladh a chliaint a thabhairt.”. |
(4) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, alt 22” a chur isteach i gcolún 2.
CUID II
Custaim agus Mál
Léiriú (Cuid II).
30.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Airgeadais, 1980;
ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).
Beoir.
31.—(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £112.266, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 64 (1) d'Acht 1980.
(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 250) (Beoir), 1981 (I.R. Uimh. 10 de 1981), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £112.266 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.
Táirgí tobac.
32.—(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).
(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.
(3) Leasófar mír 10 (4) d'Ordú 1975, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979, trí “£1.97 an cileagram ar gach cileagram” a chur in ionad “£0.99 an cileagram ar gach cileagram”.
Biotáille.
33.—(1) San alt seo ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.
(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.
(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.
(4) Má chruthaíonn aon duine chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur milleadh biotáille ar ar íoc sé dleacht máil nó gur éirigh sí neamhoiriúnach lena tomhailt, féadfaidh an duine, le cead na gCoimisinéirí Ioncaim agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, an bhiotáille a dhíothú agus, ar chruthúnas go ndearnadh an díothú sin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a chomhalladh is cuí leo a fhorchur, aon dleacht máil a íocadh ar an mbiotáille sin a aisíoc leis an duine sin.
Fíon agus fíon déanta.
34.—(1) Sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—
ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;
ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.
(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.
(3) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir ná rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.
Hidreacarbóin.
35.—(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £16.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (2) d'Acht 1980.
(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £10.88 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (3) d'Acht 1980.
(3) Amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975 maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh de réir £10.88 an heictilítear an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, £9.09 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 29ú lá d'Eanáir, 1981.
(4) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £0.40 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (14) d'Acht 1980.
(5) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “ola hidreacarbóin” ola hidreacarbóin arna seachadadh an lú lá de Mheitheamh, 1981, nó dá éis, agus ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 d'Ordú 1975;
ciallaíonn “bád iascaireachta mara” bád iascaireachta mara—
(i) atá cláraithe de réir an Ordaithe um Loingeas Cheannaíochta (Clárú, Leitreáil agus Uimhriú Bád Iascaigh) (Rialacháin), 1927 (R. & O.R., Uimh. 105 de 1927), agus
(ii) atá cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955;
ní fholaíonn “iascaireacht mhara” duánacht mhara.
(b) Má shuíonn úinéir nó máistir báid iascaireachta mara chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur úsáideadh ola hidreacarbóin lena dó in inneall an bháid sin agus í ag gabháil d'iascaireacht mhara, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, dleacht máil a aisíoc de réir £0.44 an heictilítear ar an ola a úsáideadh amhlaidh.
(c) Ach amháin i gcás ina gceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, is maidir le hola hidreacarbóin a úsáideadh laistigh de thréimhse trí mhí a dhéanfar iarratas ar dhleacht a aisíoc faoin bhfo-alt seo agus déanfar é tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis deireadh na tréimhse sin.
Teilifíseáin.
36.—Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.
Leasú ar an dleacht ar uiscí boird.
37.—(1) Leasaítear leis seo mír 9 d'Ordú 1975—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):
“(2) Chomh maith le haon dleacht eile is inmhuirearaithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil de réir £0.372 an galún ar uiscí boird a rinneadh sa Stát agus a chuirtear amach, ar díol nó lena ndíol nó eile, ó áitreabh an mhonaróra nó a dhíoltar chun a gcaite in áitreabh an mhonaróra, agus ar uiscí boird a allmhairítear isteach sa Stát.”,
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):
“(3) San ordú seo folaíonn ‘uiscí boird’ aon uiscí aeraithe agus aon deochanna (lena n-áirítear síoróipí nó leachtanna eile nach bhfuil sé ceaptha iad a chaitheamh ach i bhfoirm chaolaithe) a chuirtear ar díol i mbuidéil, i gcannaí, i gcascaí nó i gcoimeádáin nó gabhdáin dúnta eile seachas—
(a) leacht ar bith ar gá ceadúnas máil chun é a mhiondíol,
(b) bainne agus táirgí bainne, le blastanas nó gan bhlastanas,
(c) anraithí agus bratanna, agus
(d) súnna torthaí agus glasraí nach mbeidh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a gcáil bhunaidh caillte acu trí uisce nó substaintí eile a chur leo lena milsiú, lena leasú nó le haghaidh críocha eile.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 69 d'Acht 1980 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (3):
“(a) Faoi réir na míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt seo, lamhálfar, an lú lá de Mhárta, 1981, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht máil orthu a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975, arna leasú, lacáiste sa dleacht mar a leanas i ndáil le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:
An Ráta Lacáiste | |
Más í cainníocht a mhonaraigh sé san áitreabh agus ar ar íoc sé an dleacht aon bhliain dar tosach an lú lá de Mhárta, cainníocht nach mó ná 40,000 galún ...
|
£0.16 an galún ar gach galún de. |
is mó ná 40,000 galún agus is lú ná 120,000 galún ... |
£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún eile. |
is 120,000 galún nó níos mó | £0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún den chéad 80,000 galún ina dhiaidh sin.”. |
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1981.
Athrú ar an ráta dleachta ar cheadúnas Tithe Urúcháin.
38.—(1) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnais Tithe Úrúcháin, a fhorchuirtear le halt 1 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £10 in ionad an ráta a shonraítear in alt 77 (5) d'Acht 1980.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo, agus measfar go raibh éifeacht leis, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1981, agus féadfar aon dleacht máil os cionn £10 a íocadh faoin alt sin 77 (5) i leith aon cheadúnas Tithe Úrúcháin a eisíodh an lá sin nó dá éis a aisíoc.
Ordú a dhaingniú.
39.—Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 246) (Beoir), 1980 (I.R. Uimh. 49 de 1980).
Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.
40.—Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973 (Uimh. 19 de 1973), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):
“(b) £16.50 maidir le feithicil nach mó ná 16 each-chumhacht, a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dlea thach mar fheithicil seirbhíse sráide de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile;
(c) £20 maidir le haon fheithicil eile (nach feithicil í nach inmhuirearaithe agus nach intobhaigh an dleacht máil sin ina leith ná feithicil lena mbaineann mír (d) den fho-alt seo);
(d) £10 maidir le feithicil is mó ná 16 each-chumhacht, a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil seirbhíse sráide de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—
(a) maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis, maidir le feithiclí sonraithe (de réir bhrí an ailt sin 94) lena mbaineann míreanna (b) agus (c) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den fho-alt sin (2), agus
(b) maidir le feithiclí inneallghluaiste eile lena mbaineann míreanna (c) agus (d) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den fho-alt sin (2) agus a mbeidh ceadúnais ina leith faoin alt sin 1 bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá sin de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis.
(3) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe den alt seo agus is de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil a dhéanfar na haisíocaíochtaí.
Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.
41.—Leasaítear leis seo alt 1 (2) (b) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, maidir le ceadúnais faoin Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis, trí “fiche punt nó níos lú” a chur in ionad “£10 nó níos lú” (a cuireadh isteach le hAcht 1980).
CUID III
Cáin Bhreisluacha
An Príomh-Acht.
42.—Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972.
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.
43.—Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Phríomh-Acht, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Shamhain, 1972, tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “forbairt” tar éis “dá réir sin”—
“, agus
sa mhíniú seo folaíonn ‘foirgneamh', i ndáil le hidirbheart, aon déanmhas réamhdhéanta nó déanmhas dá shamhail a sásaítear na coinníollacha seo a leanas ina leith:
(a) maidir leis an déanmhas—
(i) go mbeidh díon docht agus balla docht amháin nó níos mó air agus, ach amháin i gcás déanmhas a úsáidtear chun plandaí a shaothrú, urlár ann,
(ii) go mbeidh sé ceaptha chun go bhféadfaidh daoine dul isteach ann, agus gluaiseacht go héasca laistigh de,
(iii) gur le haghaidh críche é nach gá dó a bheith gluaisteach ná iniompair chuige, agus
(iv) nach mbeidh aon chabhracha ag baint leis ná ann chun é a dhéanamh gluaisteach nó iniompair,
agus
(b) (i) nach mbeidh sa chomhaontú maidir leis an idirbheart ná in aon chomhaontú eile idir na páirtithe sa chomhaontú sin foráil i dtaobh an déanmhas a dhéanamh gluaisteach nó iniompair nó an déanmhas a bhogadh nó a athshuíomh tar éis a thógtha, agus
(ii) go ndéanfaidh an duine dá ndearnadh an déanmhas a fhoirgniú, a leathnú, a athrú nó a athfhoirgniú dearbhú a shíniú agus a sheachadadh, tráth an idirbhirt, ar an duine a rinne an déanmhas a fhoirgniú, a leathnú, a athrú nó a athfhoirgniú, á rá go bhfuil ar intinn aige an déanmhas a choinneáil ar an láthair ar a bhfuil sé suite an tráth áirithe sin”.
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.
44.—Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Phríomh-Acht trí “aisíocfar an bhreis leis an duine inchánach de réir alt 20 (1)” a chur in ionad “aisíocfar an bhreis leis an duine inchánach”.
Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.
45.—Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Más rud é, i ndáil le tuairisceán a thaiscfear faoi alt 19 nó le héileamh a dhéanfar de réir rialachán, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir le haon tréimhse inchánach, gur mó an méid cánach, más ann, a íocadh iarbhír leis an Ard-Bhailitheoir de réir alt 19 mar aon leis an méid cánach, más ann, a bhí cáilithe i leith asbhaint faoi alt 12 ná an cháin, más ann, ab iníoctha go cuí dá mba rud é nach ndearnadh aon asbhaint faoin alt sin 12, aisíocfaidh siad méid na breise lúide aon suimeanna a aisíocadh roimhe sin faoin bhfo-alt seo nó a aisíocadh faoi alt 12 agus féadfaidh siad aon ús a bheidh íoctha faoi alt 21 a áireamh sa mhéid a aisíocfar.”.
CUID IV
Cáin Fháltas Caipitiúil
Faoiseamh i leith socraíochtaí áirithe um pósadh.
46.—(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9:
“10. (a) Sa mhír seo ciallaíonn ‘diúscairt shonraithe' diúscairt—
(i) ar dáta roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, is dáta di,
(ii) ar seanathair nó seanmháthair don deontaí nó don chomharba i ndáil léi, an diúscróir, agus
(iii) ar sainíodh gurbh é pósadh tuismitheoirí an deontaí nó an chomharba an chomaoin ar dháta na diúscartha.
(b) Más rud é, ar scor do leas teoranta a raibh teideal seilbhe chuige ag tuismitheoir an deontaí nó an chomharba, go nglacfaidh an deontaí nó an comharba bronntanas nó oidhreacht faoi dhiúscairt shonraithe, ansin, chun an cháin is iníoctha ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht a ríomh, measfar gaol linbh a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir.”.
(2) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, ní iníoctha ús ar aon aisíoc cánach a eascróidh de bhua an ailt seo i gcás an cháin sin a bheith íoctha roimh dháta an Achta seo a rith.
CUID V
Dleachtanna Stampa
Leasú ar alt 58 (treoir maidir le dleacht i gcásanna áirithe) den Stamp Act, 1891.
47.—Leasaítear leis seo alt 58 den Stamp Act, 1891, maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) (a) The consideration moving from the sub-purchaser shall, in a case to which subsection (4), (5) or (6) applies, be ascertained without regard to the value of any covenant, power, condition or arrangement relating to the subject matter of the conveyance which was not in the contract for sale entered into by the original seller and also without regard to any consideration the duty on which or on any part of which would be charged in accordance with subsection (2) or (3) of section 56.
(b) In paragraph (a) ‘the original seller’ means, in relation to a case to which subsection (4) applies, the person from whom the property is conveyed to the subpurchaser and, in relation to a case to which subsection (5) or (6) applies, the original seller referred to in the said subsection (5) or (6), as the case may be.
(8) Paragraph 4 of the Heading ‘Conveyance or Transfer on sale of any property other than stocks or marketable securities' (inserted by the Finance Act, 1975) in the First Schedule to this Act shall not apply to determine the stamp duty to be charged on any conveyance referred to in subsection (4), (5) or (6).
(9) A conveyance in respect of which subsection (7) has effect shall be deemed to be a conveyance operating as a voluntary disposition inter vivos for the purposes of section 74 of the Finance (1909-10) Act, 1910.”.
Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969.
48.—(1) Leasaítear leis seo alt 49 den Acht Airgeadais, 1969, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976):
“(2A) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le hionstraim, má shuitear, ach (ar leith ón bhfo-alt sin (2)) ar an gcoinníoll amháin go suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—
(a) go bhfuil deimhniú um luach réasúnach faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i bhfeidhm maidir leis an teach lena mbaineann an ionstraim, agus
(b) gur dheimhnigh an tAire Comhshaoil go bhfuil sé sásta, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil aige le linn dó bheith ag deimhniú amhlaidh, nach bhfuil ná nach mbeidh achar urláir iomlán an tí sin arna thomhas ar an modh a luaitear in alt 4 (2) (b)den Acht sin níos mó ná an t-achar urláir iomlán uasta atá sonraithe i rialacháin faoin alt sin 4 (2) (b) ná nach bhfuil ná nach mbeidh sé níos lú ná an t-achar urláir iomlán íosta atá sonraithe amhlaidh.”.
Leasú ar alt 41 (dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí geallúna) den Acht Airgeadais, 1970.
49.—(1) Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1970, trí “3p” a chur in ionad “pingin nua” i bhfo-alt (1) agus in ionad “pingne in airgead reatha nua” i bhfo-alt (3).
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais arna dtarraingt ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.
Orduithe a chúlghairm.
50.—(1) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 248) (Dleacht Stampa ar Bhillí Malairte agus ar Nótaí Gealltanais), 1980 (I.R. Uimh. 136 de 1980), maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais arna dtarraingt ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.
(2) Cúlghairtear leis seo na hOrduithe seo a leanas maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis:
(a) an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 247) (Dleacht Stampa ar Thíolacais d'Fho-Cheannaitheoirí), 1980 (I.R. Uimh. 123 de 1980),
(b) an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 249) (Ionstraimí Áirithe a Dhíolmhú ó Dhleacht Stampa), 1980 (I.R. Uimh. 317 de 1980).
CUID VI
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
51.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1980” alt 88 den Acht Airgeadais, 1980;
ciallaíonn “an t-aonú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1981, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1980 ach “£24,070,491” a chur in ionad “£20,397,734”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1980 ach “£15,194,542” a chur in ionad “£13,130,462”.
(4) Déanfar suim £29,870,308 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig 1981.
(5) Déanfar an t-aonú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den aonú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná£19,228,162 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an aonú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Faisnéis a nochtadh don Ombudsman.
52.—Maidir le haon oibleagáid rúndacht a choimeád nó le haon srian eile le faisnéis (lena n-áirítear doiciméid) a nochtadh nó a thabhairt ar aird, is faisnéis a fuair na Coimisinéirí Ioncaim nó a fuair aon duine thar a gceann nó a tugadh dóibh nó do dhuine den sórt sin chun críocha cánachais, ní bhainfidh sí le faisnéis (lena n-áirítear doiciméid) a nochtadh nó a thabhairt ar aird don Ombudsman chun críocha scrúdaithe nó imscrúdaithe ag an Ombudsman, faoin Acht Ombudsman, 1980, ar aon ghníomh (de réir bhrí an Achta Ombudsman, 1980) a rinne na Coimisinéirí Ioncaim nó a rinneadh thar a gceann, is gníomh den sórt sin a rinneadh i bhfeidhmiú feidhmeanna riaracháin maidir le haon cháin nó dleacht faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.
53.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
54.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1980, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981, a ghairm díobh le chéile.
(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(7) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1981.
(8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Leasú ar Achtacháin
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:
(a) in alt 138A, in ionad “£500” cuirfear “£650”,
(b) in alt 138B(1), in ionad “£400” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£600”,
(c) in alt 141(1A), i míreanna (b) agus (c), in ionad “£390” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£500”.
2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, trí “£500” a chur in ionad “£330” i bhfo-alt (1).
3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, trí “£400” a chur in ionad “£330” gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,000” a chur in ionad “£660” i bhfo-alt (2).
AN DARA SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
An Cineál Táirge | An Ráta Dleachta | ||||||
Toitíní | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £15.30 an míle mar aon le méid is ionann agus 22.4 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní |
Todóga | ... | ... | ... | ... | ... | £28.614 an cileagram | |
Cavendish nó negrohead | ... | ... | ... | £28.915 an cileagram | |||
Tobac cruafháiscthe | ... | ... | ... | ... | £18.492 an cileagram | ||
Tobac píopa eile | ... | ... | ... | ... | £23.244 an cileagram | ||
Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun a choganta | ... | ... | ... | ... | ... | £24.146 an cileagram |
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille
An Cineál Biotáille | An Ráta Dleachta |
Aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo agus meascáin agus ullmhóidí a allmhaireofar ina bhfuil biotáille |
£20.922 an lítear alcóil sa bhiotáille |
Biotáille chumhraithe a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil ... ... | £19.039 an lítear |
Licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil ... ... ... ... ... | £16.110 an lítear |
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
CUID I
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon
An Cineál Fíona | An Ráta Dleachta |
Neamhdhrithleach: | |
Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte | £1.40 an lítear |
Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £1.98 an lítear |
Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £2.56 an lítear |
Drithleach ... ... ... ... ... ... ... | £2.78 an lítear |
Fíon, drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte: | |
Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte ... ... ... ... ... | £0.20 an lítear |
CUID II
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta
An Cineál Fíona Dhéanta | An Ráta Dleachta |
Neamhdhrithleach: | |
Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte | £1.31 an lítear |
Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £1.83 an lítear |
Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £2.29 an lítear |
Drithleach ... ... ... ... ... ... ... | £2.49 an lítear |
Drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte: | |
Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte ... ... ... ... ... | £0.20 an lítear |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíseáin
An Cineál Teilifíseán | An Ráta Dleachta |
Teilifíseáin daite: | |
le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta ... | £57 an teilifíseán |
le scáileán ar mó ná seacht n-orlach déag agus nach mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta ... ... ... | £72 an teilifíseán |
le scáileán ar mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta ... | £89 an teilifíseán |
Teilifíseáin mhonocróim: | |
le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta ... | £18 an teilifíseán |
le scáileán ar mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta ... | £28 an teilifíseán |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Finance (1909-10) Act, 1910 | 1910, c. 8 |
An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleánáil agus Forbairt), 1963 agus 1976 | |
Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860 | 1860, c. 107 |
Stamp Act, 1891 | 1891 c. 39 |