harp.jpg


Uimhir 18 de 1990


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT BAINISTÍOCHTA AN CHISTEÁIN NÁISIÚNTA, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An lá bunaithe.

3.

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a bhunú.

4.

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

5.

Feidhmeanna a tharmligean chun na Gníomhaireachta.

6.

Príomhfheidhmeannach.

7.

Foireann na Gníomhaireachta.

8.

Aoisliúntas fhoireann na Gníomhaireachta.

9.

Coiste comhairleach.

10.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Choiste nó d'fhoireann na Gníomhaireachta.

11.

Caiteachais na Gníomhaireachta.

12.

Cuntais na Gníomhaireachta agus iniúchtaí.

13.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

14.

Faisnéis a nochtadh.

15.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1988.

16.

Caiteachais.

17.

Gearrtheideal.

Feidhmeanna de chuid an Aire a fhéadfar a tharmligean chun na Gníomhaireachta

An Coiste Comhairleach um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leithreasa, 1950

1950, Uimh. 20

An tAcht Leithreasa, 1969

1969, Uimh. 30

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921

An tAcht Airgid, 1930

1930, Uimh. 20

An tAcht Airgeadais, 1940

1940, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1988

1988, Uimh. 12

An tAcht Airgeadais, 1989

1989, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1990

1990, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

1956, Uimh. 47

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968

1968, Uimh. 37

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 28

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989

1989, Uimh. 21

harp.jpg


Uimhir 18 de 1990


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT BAINISTÍOCHTA AN CHISTEÁIN NÁISIÚNTA, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR SON LEAS AN PHOB-AIL, CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHAR-FAR GNÍOMHAIREACHT BAINISTÍOCHTA AN CHIST-EÁIN NÁISIÚNTA LE hAIRGEAD A FHÁIL AR IASACHT DON STÁTCHISTE AGUS LEIS AN bhFIACHAS NÁISIÚNTA A BHAINISTÍ THAR CEANN AN AIRE AIRGEADAIS AGUS FAOI RÉIR RIALÚ AGUS MHAOIRSEACHT GHINEARÁLTA AN AIRE AIRGEAD-AIS AGUS LE FEIDHMEANNA GAOLMHARA ÁIRITHE A CHOMHLÍONADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[17 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a bhunaítear le halt 3;

[EN]

ciallaíonn “an Príomhfheidhmeannach” príomhoifigeach feidhmiúcháin na Gníomhaireachta;

[EN]

ciallaíonn “an Coiste” an Coiste Comhairleach um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a bhunaítear le halt 9;

[EN]

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 2;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

[EN]

ciallaíonn “an fiachas náisiúnta” fiachas an Státchiste atá neamhíoctha de thuras na huaire.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

[EN]

(c) aon tagairt d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile.

[EN]

An lá bunaithe.

2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a bhunú.

3.—(1) An lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, agus dá ngairtear “an Ghníomhaireacht” san Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh ar údarú an Rialtais.

[EN]

(2) Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

[EN]

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

4.—(1) Is iad príomhfheidhmeanna na Gníomhaireachta na feidhmeanna a tharmligtear chuici faoi alt 5 a chomhlíonadh thar ceann an Aire.

[EN]

(2) Beidh na cumhachtaí sin go léir (lena n-áirítear an chumhacht comhairleoirí agus forais airgeadais a fhostú) ag an nGníomhaireacht atá riachtanach nó fóirsteanach chun críche a feidhmeanna.

[EN]

(3) Comhlíonfar feidhmeanna na Gníomhaireachta faoi réir rialú agus mhaoirseacht ghinearálta an Aire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, chun críocha fho-alt (3), orduithe nó treoirlínte a thabhairt don Ghníomhaireacht agus déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon orduithe den sórt sin agus comhlíonfaidh sí a cuid feidhmeanna de réir aon treoirlínte den sórt sin.

[EN]

Feidhmeanna a tharmligean chun na Gníomhaireachta.

5.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, na feidhmeanna de chuid an Aire a shonraítear sa Chéad Sceideal agus aon fheidhmeanna eile de chuid an Aire is cuí leis an Aire agus a bheidh sonraithe san ordú, ar feidhmeanna iad i ndáil leis an bhfiachas náisiúnta a bhainistí nó le hairgead a fháil ar iasacht don Státchiste, a tharmligean chun na Gníomhaireachta.

[EN]

(2) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), aon uair a bheidh ordú faoi fho-alt (1) i bhfeidhm beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an nGníomhaireacht, má dhearbhaíonn, agus a mhéid a dhearbhaíonn, an t-ordú amhlaidh:

[EN]

(i) scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire a luaithe is féidir gach bliain ina gcuirfear in iúl, maidir leis an airgead a bheartaíonn an Ghníomhaireacht a fháil ar iasacht thar ceann an Aire don Státchiste an bhliain sin, an cion de a bheartaítear a fháil ar iasacht in airgead reatha an Stáit i leith na bliana sin, agus ar scéim i leith na bliana tar éis na bliana sin ina dtiteann an lá bunaithe an chéad scéim den sórt sin,

[EN]

(ii) scéimeanna a ullmhaítear de bhun fhomhír (i) a athbhreithniú, agus más iomchuí, a athmheas, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, agus aon athmheas den sórt sin a chur faoi bhráid an Aire,

[EN]

(iii) na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh ar a bhfaighidh an Ghníomhaireacht airgead ar iasacht thar ceann an Aire don Státchiste cibé acu in airgead reatha an Stáit nó in aon airgead reatha eile,

[EN]

(iv) meastachán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i leith gach bliana, aon uair a iarrann sé amhlaidh, i dtaobh—

[EN]

(I) an méid úis ar an bhfiachas náisiúnta,

[EN]

(II) an méid atá dlite do chiste fiachmhúchta ar bith i leith an fhiachais náisiúnta,

[EN]

(III) méid chaiteachas na Gníomhaireachta (seachas caiteachas maidir leis na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (I) agus (II) i ndáil le hairgead a fháil ar iasacht ag an nGníomhaireacht thar ceann an Aire don Státchiste, agus

[EN]

(IV) méid chaiteachais na Gníomhaireachta,

[EN]

a bheidh le híoc an bhliain sin, agus ar meastachán i leith na bliana tar éis na bliana sin ina dtiteann an lá bunaithe an chéad mheastachán den sórt sin, agus beidh de dhualgas ar an nGníomhaireacht a chinntiú go mbeidh de thoradh ar chomhlíonadh a cuid feidhmeanna agus ar bhainisteoireacht a cuid gnóthaí go n-áiritheofar go mbeidh méideanna na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh sí in aon bhliain maidir leis na nithe réamhráite ar aon dul a mhéid is féidir leis na méideanna a bheidh sonraithe sa scéim faoin bhfomhír seo maidir leis na nithe sin, mar a bheidh ceadaithe ag an Aire (cibé acu le leasú nó dá uireasa) don bhliain sin,

[EN]

(v) comhairle a thabhairt don Aire aon uair a iarrann sé amhlaidh i ndáil le hairgead a fháil ar iasacht ag daoine a bhfuil airgead a fháil ar iasacht acu faoi réir thoiliú an Aire, i ndáil le huainiú na fála ar iasacht sin agus le téarmaí agus coinníollacha an chéanna,

[EN]

(vi) comhairle a thabhairt don Aire cibé uair a iarrann sé amhlaidh—

[EN]

(I) i ndáil leis an bhfiachas náisiúnta a bhainistí, agus leis na nithe a bhaineann leis sin,

[EN]

(II) i ndáil le stocmhalartáin agus margaí eile le haghaidh stoc agus scaireanna agus urrús de chuid an Rialtais agus i ndáil leis na margaí airgeadais eile agus le nithe a bhaineann le margaí airgeadais, agus

[EN]

(III) i ndáil le sócmhainní a shealbhaíonn an tAire thar ceann an Stáit a dhíol agus le nithe atá gaolmhar leis sin, lena n-áirítear forais airgeadais a fhostú ag an Aire i dtaca le díol den sórt sin agus le héifeacht díola den sórt sin ar éileamh ar urrúis a eisítear in ainm an Aire nó thar a cheann chun airgead a fháil ar iasacht don Státchiste in ainm an Aire nó thar a cheann,

[EN]

(vii) comhairle a thabhairt don Aire i ndáil le hairgead a fháil ar iasacht don Státchiste (bíodh sé iarbhír nó beartaithe), in ainm an Aire nó thar a cheann, i ndáil le hiomlán na n-iasachtaí sin agus na himpleachtaí a bheidh ag iomláin éagsúla de na hiasachtaí sin ar an airgeadas náisiúnta agus ar an ngeilleagar i gcoitinne agus a n-éifeacht orthu,

[EN]

(viii) uair ar bith a mheasann sí gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh chun an fiachas náisiúnta a bhainistí, a shocrú íocaíochtaí a dhéanamh le Cuntas an Státchiste agus as an gCuntas sin agus treoracha a thabhairt i ndáil leis an mbainistíocht, de réir dlí, agus íocaíochtaí a dhéanamh, de réir dlí, leis an gCiste um Banc Taisce an Phoist agus as an gCiste sin, leis na cuntais seo a leanas de chuid an Aire agus astu, eadhon, an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla, Cuntais Chistí Fiachmhúchta na nIasachtaí Náisiúnta, Cuntas Luath-ús na nIasachtaí Náisiúnta, an Cuntas um Stoc a Ghlactar mar Íocaíocht ar Dhleachtanna Báis agus aon chuntas eile ina bhfuil airgead á shealbhú thar ceann an Aire,

[EN]

(ix) gaolmhaireachtaí gnó a bhunú agus a chothabháil le forais a ghabhann d'infheistiú airgid i stoic, i scaireanna, in urrúis de chuid an Rialtais nó in urrúis eile nó a ghabhann d'airgead a thabhairt ar iasacht,

[EN]

(x) aon uair a mheasann an Ghníomhaireacht é a bheith riachtanach nó fóirsteanach, gabháil do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon, faisnéis a bhailiú, a chomhthiomsú agus a ullmhú agus a pháirtiú le bainc agus forais airgeadais eile agus lena gcomhairleoirí agus a dháileadh orthu, is faisnéis (lena n-áirítear staitisticí agus réamhaisnéisí agus eachtarshuímh treochtaí agus forbairtí) i ndáil leis an bhfiachas náisiúnta, le hairgead a fháil ar iasacht agus a aisíoc, agus le hús a íoc air sin in ainm, nó thar ceann, an Aire don Státchiste nó ag daoine a bhfuil airgead a fháil ar iasacht acu faoi réir thoiliú an Aire.

[EN]

(b) Féadfaidh cibé forálacha cumhalda agus teagmhasacha (lena n-áirítear forálacha lena n-oiriúnaítear na forálacha reachtúla a shonraítear sa Chéad Sceideal nó aon fhoráil reachtúil eile) a bheith in ordú faoi fho-alt (1) a mheasfaidh an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an tarmligin a dhéantar leis an ordú.

[EN]

(c) Aon uair a bheidh ordú faoi fho-alt (1) i bhfeidhm, féadfaidh an tAire cibé faisnéis atá faoina rialú nó ar a dheis aige, agus a iarrann an Ghníomhaireacht, a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, ar faisnéis í a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun an fiachas náisiúnta a bhainistí ó lá go lá.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le tarmligean faoin alt seo agus le dearbhú faoi fho-alt (2) (a), is é sin le rá:

[EN]

(a) féadfaidh an Rialtas tráth ar bith le hordú—

[EN]

(i) an tarmligean a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach, nó

[EN]

(ii) a shocrú go scoirfidh na feidhmeanna go léir lena mbaineann an dearbhú, nó aon fheidhm acu, de bheith á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht, agus, ar thosach feidhme an ordaithe, scoirfidh na feidhmeanna de bheith á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht,

[EN]

(b) faoi réir mhír (a), oibreoidh an tarmligean, fad a leanfaidh sé i bhfeidhm, chun gach feidhm a tharmligtear leis an tarmligean a thabhairt don Ghníomhaireacht agus a dhílsiú di agus oibreoidh an dearbhú, fad a leanfaidh sé i bhfeidhm, chun gach feidhm a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) a thabhairt don Ghníomhaireacht agus a dhílsiú di,

[EN]

(c) déanfaidh an Ghníomhaireacht feidhm a tharmligtear leis an tarmligean nó lena mbaineann an dearbhú a dúradh a chomhlíonadh faoi réir aon choinníollacha nó srianta a luaitear san ordú lena mbaineann faoin alt seo,

[EN]

(d) aon oibleagáid nó dliteanas a ghabhfaidh an Ghníomhaireacht uirthi féin mar gheall ar an nGníomhaireacht do chomhlíonadh feidhme lena mbaineann an tarmligean nó an dearbhú, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna acu amhail is dá mbeadh an tAire tar éis an oibleagáid nó an dliteanas sin a ghabháil air féin,

[EN]

(e) leanfaidh feidhm de chuid an Aire a tharmligtear leis an tarmligean nó lena mbaineann an dearbhú, d'ainneoin an tarmligin nó an dearbhaithe, de réir mar a bheidh, de bheith dílsithe don Aire ach beidh sí dílsithe amhlaidh i gcomhthráth don Ghníomhaireacht agus sa chaoi go mbeidh an tAire nó an Ghníomhaireacht in ann í a chomhlíonadh, agus

[EN]

(f) ní chuirfidh an tarmligean ná an dearbhú deireadh le freagracht an Aire do Dháil Éireann nó mar chomhalta den Rialtas ná ní dhéanfaidh sé maolú ar an bhfreagracht sin maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna de chuid an Aire a tharmligtear leis sin nó lena mbaineann an dearbhú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(5) Déanfar ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Príomhfheidhmeannach.

6.—(1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo, an Príomhfheidhmeannach.

[EN]

(2) Déanfaidh an Príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó na Gníomhaireachta a sheoladh, a bhainistí agus a rialú go ginearálta agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile (más ann) i ndáil leis an nGníomhaireacht a chinnfidh an tAire.

[EN]

(3) Beidh an Príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste.

[EN]

(4) Gníomhóidh an Ghníomhaireacht tríd an bPríomhfheidhmeannach nó trí oifigeach eile de chuid na Gníomhaireachta a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an bPríomhfheidhmeannach agus comhlíonfaidh siad feidhmeanna na Gníomhaireachta ina hainm.

[EN]

(5) Beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach go díreach don Aire maidir le feidhmeanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh.

[EN]

(6) Is é an tAire a cheapfaidh an Príomhfheidhmeannach agus féadfaidh sé é a fhionraí óna oifig, nó a fhostaíocht leis an nGníomhaireacht a fhoirceannadh, ar chúiseanna a bheidh luaite.

[EN]

(7) (a) I gcás éagumas de dheasca tinnis a bheith ar an bPríomhfheidhmeannach nó i gcás é a fhionraí óna oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh ar a dtabharfar agus dá ngairtear san alt seo an Príomhfheidhmeannach Gníomhach chun feidhmeanna an Phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh.

[EN]

(b) Ní cheapfar aon Phríomhfheidhmeannach Gníomhach chun bheith i seilbh oifige ar feadh téarma is faide ná 12 mhí.

[EN]

(c) Beidh an Príomhfheidhmeannach Gníomhach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste.

[EN]

(d) Féadfaidh an tAire, ar chúiseanna a bheidh luaite, an Príomhfheidhmeannach Gníomhach a fhionraí óna oifig nó a cheapachán mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach a fhoirceannadh agus déanfaidh sé a cheapachán mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach a fhoirceannadh ar é a bheith deimhin de go bhfuil deireadh le héagumas an Phríomhfheidhmeannaigh nó go bhfuil deireadh lena fhionraíocht óna oifig agus go bhfuil sé tar éis cromadh ar a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh arís.

[EN]

(e) Beidh feidhm ag fo-alt (5) agus mír (a) maidir leis an bPríomhfheidhmeannach Gníomhach mar atá feidhm acu maidir leis an bPríomhfheidhmeannach.

[EN]

(8) Ní bheidh an Príomhfheidhmeannach ná an Príomhfheidhmeannach Gníomhach ina státseirbhísigh de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956.

[EN]

(9) San alt seo folaíonn “luach saothair” liúntais i leith caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas.

[EN]

Foireann na Gníomhaireachta.

7.—(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na Gníomhaireachta.

[EN]

(2) (a) Íocfar le comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta (seachas an Príomhfheidhmeannach) cibé luach saothair (lena n-áirítear liúntais i leith caiteachas agus sochair chomhchineáil) a chinnfidh an Ghníomhaireacht.

[EN]

(b) Beidh comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír (a) i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an Ghníomhaireacht.

[EN]

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht na hearnálacha d'fhoireann na Gníomhaireachta agus an líon foirne i ngach earnáil a chinneadh.

[EN]

(4) Ní bheidh comhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta ina státseirbhíseach de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, ach d'ainneoin an méid sin roimhe seo, féadfar oifigigh don Aire a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí ón lá bunaithe.

[EN]

Aoisliúntas fhoireann na Gníomhaireachta.

8.—(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht scéim nó scéimeanna a dhéanamh nó a shocrú iad a dhéanamh le go ndeonóidh an Ghníomhaireacht sochair aoisliúntais do dhaoine nó i leith daoine (seachas an Príomhfheidhmeannach) a cheapfar chun ionad ar fhoireann na Gníomhaireachta.

[EN]

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais inioctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus socrófar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(3) Féadfaidh an Ghníomhaireacht scéim a dhéanamh nó a shocrú scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(4) Ní dheonóidh an Ghníomhaireacht aon sochar aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta (seachas an Príomhfheidhmeannach) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin de réir scéime nó scéimeanna faoin alt seo.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is inioctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

[EN]

Coiste comhairleach.

9.—(1) Ar an lá bunaithe beidh coiste arna bhunú ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus dá ngairtear “an Coiste” san Acht seo chun cúnamh agus comhairle a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cibé nithe a tharchuirfidh an Ghníomhaireacht chuige chun na críche sin agus chun na feidhmeanna a shanntar dó le halt 6 (3) a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal maidir leis an gCoiste.

[EN]

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Choiste nó d'fhoireann na Gníomhaireachta.

10.—(1) Más rud é, i gcás comhalta den Choiste—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

[EN]

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Choiste.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

[EN]

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Gníomhaireacht agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGhníomhaireacht aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

[EN]

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choiste nó d'fhoireann na Gníomhaireachta.

[EN]

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht chun críocha aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

[EN]

Caiteachais na Gníomhaireachta.

11.—Déanfar na caitheachais a thabhóidh an Ghníomhaireacht ag comhlíonadh a feidhmeanna a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus a íoc amach as sin.

[EN]

Cuntais na Gníomhaireachta agus iniúchtaí.

12.—(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht i cibé foirm a cheadóidh an tAire na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Ghníomhaireacht nó a chaithfidh sí agus go háirithe coimeádfaidh sí na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo agus a bheidh sínithe ag an bPríomhfheidhmeannach (arb é an t-oifigeach é a bheidh cuntasach sna cuntais sin chun críocha na Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921) déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheir-eadh na bliana airgeadais de chuid na Gníomhaireachta lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh a thíolacadh a luaithe is féidir don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(3) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, i dteannta a thuarascála ar na Cuntais Leithreasa le haghaidh aon bhliana, tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann maidir le cruinneas na suimeanna a bheidh tugtha chun cuntais ag an nGníomhaireacht faoin alt seo sa bhliain sin.

[EN]

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

13.—(1) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí, tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Gníomhaireachta, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil don Aire faoina gníomhaíochtaí i rith na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé nithe, a ordóidh an tAire.

[EN]

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, aon uair a iarrfaidh an tAire uirthi amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé ábhair a shonróidh sé maidir le réimse a cuid gníomhaíochtaí nó a cuid straitéise nó a bhaineann leis an gcéanna, i gcoitinne nó i leith aon chuntais a d'ullmhaigh an Ghníomhaireacht nó aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó in alt 12 (2) nó i leith pholasaí agus gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

[EN]

Faisnéis a nochtadh.

14.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú na Gníomhaireachta, aon fhaisnéis a gheobhaidh sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Choiste nó mar chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Ghníomhaireacht.

[EN]

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

[EN]

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh a dhéanamh ar fhaisnéis i dtuarascáil, nó i gcomhairle, a thabharfar don Ghníomhaireacht nó a thabharfaidh an Ghníomhaireacht, nó a thabharfar thar a ceann, don Aire.

[EN]

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1988.

15.—Leasaítear leis seo alt 67 den Acht Airgeadais, 1988, trí “agus, aon uair a mheasfaidh sé é a bheith iomchuí, chun iocaíochtaí nó aisíocaíochtaí a dhéanamh i leith idirbheart den sórt sin” a chur isteach i bhfo-alt (8) tar éis “a íoc”.

[EN]

Caiteachais.

16.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

17.—Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, a ghairm den Acht seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Feidhmeanna de chuid an Aire a fhéadfar a tharmligean chun na Gníomhaireachta

Alt 5.

Feidhmeanna an Aire faoi—

(a) alt 19 den Acht Airgid, 1930,

(b) alt 30 (2) den Acht Airgeadais, 1940,

(c) ailt 22, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989, agus 23 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956,

(d) alt 4 den Acht Leithreasa, 1965, arna leasú le halt 2 den Acht Leithreasa, 1969,

(e) ailt 464 agus 466 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

(f) alt 9 (1) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968,

(g) alt 54 den Acht Airgeadais, 1970, arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970, alt 49 den Acht Airgeadais, 1978, alt 18 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981, alt 118 (a mhéid a bhaineann an leasú le hidirbhearta áirithe de ghnáthchineál baincéireachta a dhéanamh) den Acht Airgeadais, 1983, agus alt 68 den Acht Airgeadais, 1988,

(h) ailt 103, 104 agus 109 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide. 1983.

(i) alt 119 den Acht Airgeadais, 1983,

(j) alt 32 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,

(k) alt 67 (8) den Acht Airgeadais, 1988, arna leasú le halt 15, agus

(l) alt 134 den Acht Airgeadais, 1990.

AN DARA SCEIDEAL

An Coiste Comhairleach um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Alt 9.

1. Is é a bheidh sa Choiste 5 chomhalta ar a laghad agus 7 gcomhalta ar a mhéid (a bhféadfaidh gur duine díobh an Príomhfheidhmeannach) a cheapfaidh an tAire chun bheith ina gcomhaltaí den sórt sin.

2. (1) Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh comhaltaí den Choiste oifig ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Choiste a chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta den Choiste éirí as oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

(4) Íocfar le comhalta den Choiste cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an Ghníomhaireacht le toiliú an Aire.

(5) Beidh comhalta den Choiste a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

3. (1) Beidh cathaoirleach ar an gCoiste a cheapfaidh an tAire as measc chomhaltaí an Choiste.

(2) Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh cathaoirleach an Choiste oifig mar chathaoirleach den sórt sin ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach an Choiste a chur as oifig mar chathaoirleach den sórt sin.

(4) Féadfaidh cathaoirleach an Choiste tráth ar bith éirí as oifig mar chathaoirleach den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

(5) Íocfar le cathaoirleach an Choiste cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an Ghníomhaireacht le toiliú an Aire.

4. Beidh comhalta den Choiste dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta nó pianseirbhíse air.

5. Tionólfaidh an Coiste cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

6. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Choiste a shocrú.

7. Is é is córam do chruinniú den Choiste—

(a) más cúigear líon chomhaltaí an Choiste, triúr, agus

(b) más mó ná cúigear líon chomhaltaí an Choiste, ceathrar.

8. Ag cruinniú den Choiste—

(a) is é cathaoirleach an Choiste, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Choiste i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an Choiste a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

9. Beidh vóta ag cathaoirleach an Choiste, agus ag gach comhalta eile den Choiste, a bheidh i láthair ag cruinniú.

10. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Choiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

11. Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

12. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Coiste, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Choiste.