Uimhir 12 de 1988
AN tACHT AIRGEADAIS, 1988
RIAR NA nALT
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Ghnóchan Caipitiúil agus Tobhach ar Chiste Pinsean
Cáin Ioncaim
Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin, Measúnachtaí agus Achomhairc
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | Ceart an chigire fiosruithe a dhéanamh agus measúnachtaí a leasú. |
16. | Feidhm alt 48 (formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach) den Acht Airgeadais, 1986. |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. |
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Cáin Chorparáide
Liúntais Chaipitiúla
Tobhach ar Chiste Pinsean
53. |
Custaim agus Mál
54. | |
55. | |
56. | |
57. | Substaintí atá measctha le hearraí, a ndlitear dleacht máil orthu, a bhaint astu. |
58. |
Cáin Bhreisluacha
59. | |
60. | |
61. | |
62. | |
63. |
Dleachtanna Stampa
64. | |
65. | Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891. |
Cáin Fháltas Caipitiúil
66. |
Ilghnéitheach
Leasú ar Achtacháin
Creidmheasanna Cánach
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí
Leasuithe ar Chaibidil VI (cáin chorparáide: faoiseamh i ndáil le hioncam áirithe de chuid cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha
Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 28, 79, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis na blianta airgeadais 1988 agus 1989
Leasú ar Chaibidil VI (cáin chorparáide: faoiseamh i ndáil le hioncam áirithe de chuid cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Finance Act, 1920 | 1920, c. 1 |
Stamp Act, 1891 | 1891, c. 39 |
Succession Duty Act, 1853 | 1853, c. 51 |
Uimhir 12 de 1988
AN tACHT AIRGEADAIS, 1988
[An tiontú oifigiúil]
[25 Bealtaine, 1988]
CUID I
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Ghnóchan Caipitiúil Agus Tobhach ar Chiste Pinsean
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.
1.—Maidir leis an mbliain 1988-89 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980—
(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,500” a chur in ionad “£5,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985), agus trí “£2,750” a chur in ionad “£2,650” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985), agus
(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£6,500” a chur in ionad “£6,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), trí “£7,600” a chur in ionad “£7,350” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), trí “£3,250” a chur in ionad “£3,150” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), agus trí “£3,800” a chur in ionad “£3,675” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986),
agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”— (a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £5,500, agus (b) in aon chás eile, £2,750. (6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”— (a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,500: Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,600; (b) in aon chás eile, £3,250: Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith í rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,800. |
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1986, maidir leis an mbliain 1988-89 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:
“AN TÁBLA CUID I | |||||
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £5,700 | ... | ... | ... | 35 faoin gcéad | an ráta caighdeánach |
An chéad £2,900 eile | ... | ... | 48 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 58 faoin gcéad |
CUID II | |||||
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £11,400 | ... | ... | ... | 35 faoin gcéad | an ráta caighdeánach |
An chéad £5,800 eile | ... | ... | 48 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 58 faoin gcéad |
Faoisimh phearsanta.
3.—(1) I gcás go mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1988-89 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).
AN TÁBLA | ||
An fhoráil reachtúil | An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1987-88 | An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1988-89 agus do bhlianta dá éis |
(1) | (2) | (3) |
£ | £ | |
alt 138 | ||
(fear pósta) ... ... | 4,000 | 4,100 |
(baintreach fir nó mná) | 2,500 | 2,550 |
(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile) | 4,000 | 4,100 |
(baintreach fir ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a bhanchéile) ... ... | 2,500 | 4,100 |
(duine singil) ... ... | 2,000 | 2,050 |
alt 138A | ||
(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) (baintreach fir nó mná) | 1,500 | 1,550 |
(daoine eile) ... ... | 2,000 | 2,050 |
alt 138B | ||
(liúntas fostaí) ... ... | 700 | 800 |
(2) Beidh éifeacht le halt 3 den Acht Airgeadais, 1986, faoi réir fhorálacha an ailt seo.
(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal churí fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.
4.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1988-89 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—
(a) “1988-89” a chur in ionad “1982-83”, agus
(b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé.
Feidhm alt 16 (creidmheas i leith cánach feirme) den Acht Airgeadais, 1986.
5.—(1) Más rud é, murach neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, go dtabharfaí laghdú ar cháin ioncaim do phearsa aonair faoi fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais, 1986, maidir le méid iomlán na cánach feirme a d'íoc sé ar an 31 Nollaig, 1986, nó roimhe, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfaí a cháin ioncaim maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht do na blianta 1985-86 agus 1987-88 a laghdú den mhéid ar mó an cháin fheirme a d'íoc sé amhlaidh ná an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil leis an bpearsa aonair sin don bhliain 1986-87:
Ar choinníoll—
(a) go ndéanfar an laghdú a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt seo a fhritháireamh, a mhéid is féidir, in aghaidh dliteanas na pearsan aonair don bhliain 1985-86, agus
(b) nach lamhálfar aon laghdú faoin bhfo-alt seo ach aon uair amháin maidir leis an méid céanna cánach feirme a d'íoc an phearsa aonair.
(2) Déanfar an t-alt seo agus alt 16 den Acht Airgeadais, 1986, a fhorléiriú le chéile.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986.
6.—Maidir le haon cheart a gheobhaidh pearsa aonair an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, chun scaireanna a fháil i gcomhlacht corpraithe, déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986, a leasú mar a leanas:
(a) i bhfomhír (1) de mhír 1, trí na mínithe ar “stiúrthóir lánaimseartha” agus “fostaí cáilitheach” a scriosadh, agus
(b) i bhfomhíreanna (1) (a) agus (2) de mhír 5, trí na focail “lánaimseartha” agus “cáilitheach” a scriosadh,
agus tá na fomhíreanna sin (1) (a) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (a) mura stiúrthóir nó fostaí é de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéi me, de chuid cuideachta rannpháirtí; (2) D'ainneoin fhomhír (1) (a) féadfar foráil a bheith sa scéim go bhféadfaidh duine cearta a fuair sé fúithi a fheidhmiú d'ainneoin go bhfuil sé scortha de bheith ina stiúrthóir nó ina fhostaí. |
Leasú ar alt 16 (trádálacha cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984.
7.—Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1984, i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'fho-alt (2), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii):
“(iiia) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1988 nó dá éis, an saothrú plandaí sin dá dtagraítear i bhfo-alt (ICC3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980,”.
Leasú ar Chaibidil III (Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Airithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987.
8.—Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987—
(a) in alt 13 (1)—
(i) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:
“tá le ‘árachóir údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 145 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn ‘conradh árachais’ conradh idir árachóir údaraithe agus suibscríobhaí maidir le hárachas den chineál dá dtagraítear in alt 145 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn ‘comhalta’, i ndáil le conradh árachais, duine atá ainmnithe sa pholasaí árachais iomchuí ar duine é a mbeidh glactha ag árachóir údaraithe leis i gcomhair árachais;
tá le ‘liachleachtóir’ an bhrí chéanná atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1967;
ciallaíonn ‘caiteachais liachta iomchuí’ caiteachais a tabhaíodh i leith seirbhísí gairmiúla arna gcur ar fáil ag liachleachtóir is caiteachais atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina n-ábhar éilimh chun iad a aisíoc nó a urscaoileadh go hiomlán nó go páirteach faoi chonradh árachais ach gan aon chaiteachais den sórt sin a áireamh más rud é—
(a) faoi théarmaí an chonartha árachais, nach féidir (ach amháin i gcás caiteachas áirithe atá, i dtuairim an árachóra údaraithe lena mbaineann, níos airde ná mar is gnách) iad a bheith ina n-ábhar éilimh chun iad a urscaoileadh nó a aisíoc ach amháin—
(i) tar éis tréimhse shonraithe 12 mhí ar tabhaíodh na caiteachais lena linn, a bheith caite, agus
(ii) a mhéid gur mó ná méid sonraithe comhiomlán na gcaiteachas agus aon chaiteachas eile a tabhaíodh sa tréimhse sin,
nó
(b) gur tabhaíodh iad i leith seirbhísí gairmiúla arna gcur ar fáil ag liachleachtóir lasmuigh den Stát;
ciallaíonn ‘suibscríobhaí’, i ndáil le conradh árachais, duine (seachas árachóir údaraithe) is páirtí sa chonradh agus ar ina ainm atá an polasaí árachais iomchuí cláraithe;”,
(ii) trí “an Fhorais Áiseanna Saothair” a chur in ionad “na Comhairle Oiliúna” i mír (f) den mhíniú ar “seirbhísí gairmiúla”, agus
(iii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “íocaíocht iomchuí”:
“ciallaíonn ‘íocaíocht iomchuí’—
(a) íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dá éis, i leith seirbhísí gairmiúla bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach a dhéanann an íocaíocht, agus
(b) íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1988, nó dá éis—
(i) ag duine cuntasach a luaitear i mír (u), (v), (w) nó (x) (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) d'alt 14 (1) den Acht Airgeadais, 1987, i leith seirbhísí gairmiúla, bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach, nó
(ii) ag árachóir údaraithe le liachleachtóir de réir fhorálacha alt 14A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) nó ar shlí eile, d'urscaoileadh éilimh i leith caiteachas liachta iomchuí faoi chonradh árachais,
ach ní áirítear ann—
(I) díolaíochtaí a thagann faoi réim Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, lena mbaineann an Chaibidil sin, ná
(II) íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970, ónar asbhaineadh cáin de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin, nó óna n-asbhainfí amhlaidh í mura mbeadh forálacha fho-alt (8) den alt sin;”
(b) in alt 14 (1)—
(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (m):
“(m) An Foras Áiseanna Saothair,”, agus
(ii) trí “nó” a scriosadh i mír (s) agus trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):
“(u) An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint,
(v) Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann,
(w) An Bord Fuinnimh Núicléigh,
(x) ospidéal saorálach poiblí nó comhbhoird lena n-íocann an tAire Sláinte deontais sa bhliain 1988-89 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó
(y) árachóir údaraithe.”,
(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14:
“14A.—Faoi réir alt 15 (1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988), más rud é go ndéantar éileamh, faoi chonradh árachais, chuig árachóir údaraithe i leith caiteachas liachta iomchuí urscaoilfidh an t-árachóir an t-éileamh trí íocaíocht a dhéanamh, go feadh méid an tsochair, más ann, a bheidh dlite faoin gconradh, leis an liachleachtóir a chuir na seirbhísí gairmiúla ar fáil don suibscríobhaí nó don chomhalta áirithe a mbaineann na caiteachais liachta iomchuí leis agus beidh an suibscríobhaí nó an comhalta, de réir mar a bheidh, saortha agus urscaoilte i leith cibé méid arb ionannas dó an íocaíocht, amhail is dá mba é an suibscríobhaí nó an comhalta a rinne an íocaíocht sin.”, agus
(d) in alt 15, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Déanfaidh duine cuntasach a bheidh ag déanamh íocaíochta iomchuí an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht a asbhaint ó mhéid na híocaíochta. Déanfaidh an duine sonraithe lena bhfuil an méid iníoctha an asbhaint sin a lamháil ar iarmhéid na híocaíochta a fháil, agus beidh
(a) an duine cuntasach a dhéanfaidh an asbhaint, agus
(b) más árachóir údaraithe an duine cuntasach, aon suibscríobhaí nó comhalta ar thar a cheann a dhéanfaidh an duine cuntasach an íocaíocht iomchuí,
saortha agus urscaoilte i leith cibé méid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh an méid sin iarbhír.
(1A) Más rud é—
(a) de réir fhorálacha alt 14A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988), go mbeidh íocaíocht iomchuí déanta ag árachóir údaraithe le liachleachtóir, agus
(b) de réir fhorálacha fho-alt (1), go mbeidh asbhaint cánach cuí lamháilte ag an liachleachtóir i leith na híocaíochta sin agus go mbeidh suibscríobhaí nó comhalta saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint,
déanfaidh an liachleachtóir, má bhíonn aon mhéid i leith na gcaiteachas liachta iomchuí lena mbaineann an íocaíocht iomchuí íoctha ag an suibscríobhaí nó ag an gcomhalta, méid a íoc leis an suibscríobhaí nó leis an gcomhalta, de réir mar a bheidh, is comhionann leis an méid ar mó comhiomlán an méid a d'íoc an suibscríobhaí nó an comhalta agus méid na híocaíochta iomchuí ná na caiteachais liachta iomchuí.
(1B) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé rialacháin a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo a mhéid a bhaineann sí le leasuithe arna ndéanamh uirthi leis an Acht Airgeadais, 1988, agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt seo—
(i) na himthosca agus an modh a shonrú ina bhféadfar íocaíocht (seachas íocaíocht iomchuí) a dhéanamh nó a éileamh i leith caiteachas liachta iomchuí, agus
(ii) foráil a dhéanamh chun pearsa aonair a shlánú ar éilimh i leith caiteachas liachta iomchuí, nó ar aon éilimh eile a éireoidh as gníomhartha a rinne an phearsa aonair nó a d'fhág an phearsa sin gan déanamh, de bhun na Caibidle seo nó de bhun rialachán arna ndéanamh faoin bhfo-alt seo a mhéid a bhaineann sí nó siad leis na leasuithe sin a dúradh.
(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.
Caibidil II
Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin, Measúnachtaí agus Achomhairc
Léiriú (Caibidil II).
9.—(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “achomharc” achomharc faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “cigire cuí” i ndáil le duine inmhuirearaithe—
(a) an cigire is deireanaí a thug fógra i scríbhinn don duine inmhuirearaithe á rá gurb eisean an cigire a gceanglaítear ar an duine inmhuirearaithe tuairisceán nó ráiteas ar ioncam nó brabúis a sheachadadh air,
(b) d'éagmais cigire den chineál dá dtagraítear i mír (a), an cigire ar gnách don duine inmhuirearaithe tuairisceán nó ráiteas den sórt sin a sheachadadh air, nó
(c) d'éagmais cigire den chineál dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), an cigire tuairisceán;
ciallaíonn “measúnacht” measúnacht i leith cánach arna déanamh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó na hAchtanna Cánach Corparáide, de réir mar a bheidh;
tá le “tréimhse inmhuirearaithe”, an bhrí chéanna atá leis i mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “duine inmhuirearaithe”, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, duine arb inmhuirearaithe cáin air don tréimhse sin, cibé acu ar a chuntas féin nó ar chuntas duine éigin eile, ach ní fholaíonn sé duine—
(a) nach bhfuil ina ioncam iomlán don tréimhse inmhuirearaithe ach amháin díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus chun na críche sin, aon duine a ndéantar a ioncam iomlán don tréimhse inmhuirearaithe, seachas díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV, a asbhaint le linn méid a liúntas saor-ó-cháin don tréimhse inmhuirearaithe de bhua Rialachán 10 (1) (b) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960), a bheith á ríomh, measfar, maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, gur duine é nach bhfuil ina ioncam iomlán ach amháin díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV,
(b) a bheidh, maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe, díolmhaithe ag cigire ó cheanglais alt 10 de bhíthin fógra a bheidh tugtha faoi fho-alt (6) den alt sin, nó
(c) arb inmhuirearaithe cáin air don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin fhorálacha alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus dá bhíthin sin amháin;
ciallaíonn “cinneadh ar an achomharc” cinneadh ó na Coimisinéirí Achomhairc faoi alt 416 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus folaíonn sé comhaontú dá dtagraítear in alt 416 (3) den Acht sin agus measúnacht do theacht chun bheith críochnaitheach agus dochloíte de bhua alt 416 (6) den Acht sin;
tá le “dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (1);
folaíonn “cigire” i ndáil le haon ní, cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin;
ciallaíonn “cigire tuairisceán” an cigire a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 10(11) mar chigire tuairisceán;
tá le “comhpháirtí tosaíochta” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “foirm fhorordaithe” foirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nó foirm a úsáidfear faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé foirm a bhfuil i gceist léi tuairisceán a sheachadadh trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;
ciallaíonn “réamhcháin” méid na cánach a cheanglaítear ar dhuine inmhuirearaithe a íoc de réir fhorálacha alt 11;
ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe iomchuí”—
(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an bhliain 1988-89 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó
(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, tréimhse chuntasaíochta dar críoch ar cibé dáta, nó i ndiaidh cibé dáta, a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin;
ciallaíonn “dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe”, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí—
(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an 31ú lá de Nollaig an bhliain sin, agus
(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, an lá deiridh den tréimhse 9 mí dar tosach an lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta;
tá le “ailt shonraithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 48 den Acht Airgeadais, 1986;
tá le “cáin” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976.
(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sonrach, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo d'ainneoin aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(3) (a) I gcás go bhforchuirfear aon oibleagáid nó ceanglas ar dhuine i gcáil ar bith faoi aon fhoráil de chuid na Caibidle seo agus go bhforchuirfear oibleagáid nó ceanglas comhréire ar an duine sin i gcáil eile, ní dhéanfaidh urscaoileadh aon cheann de na hoibleagáidí nó na gceanglas sin an duine a fhuascailt ón oibleagáid eile nó ón gceanglas eile.
(b) Ní dhéanfar oibleagáid nó ceanglas a fhorchur ar dhuine, i gcáil ar bith, faoi fhorálacha na Caibidle seo de bhíthin amháin go bhfuil an oibleagáid nó an ceanglas sin forchurtha air in aon cháil eile.
(c) Más rud é go mbeadh, murach aon fhoráil de na forálacha sin dá éis seo den Chaibidil seo, aon oibleagáid nó ceanglas den sórt sin forchurtha ar dhuine i mbreis agus cáil amháin, ní dhéanfaidh fuascailt ón oibleagáid nó ón gceanglas sin faoi aon fhoráil de na forálacha sin de bhíthin aon fhíorais nó imthoisc a bhfuil feidhm aige i ndáil lena dhliteanas cánach in aon cháil áirithe é a fhuascailt ó cibé oibleagáid nó ceanglas a bheidh forchurtha air i gcáil seachas an cháil ina bhfuil feidhm ag an bhfíoras nó ag an imthoisc sin.
(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Oibleagáid tuairisceán a thabhairt.
10.—(1) Déanfaidh gach duine inmhuirearaithe, maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí, ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó roimhe sin, ar tuairisceán é san fhoirm fhorordaithe—
(a) i gcás duine inmhuirearaithe, arb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe ar bliain mheasúnachta í, maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir a cheanglófaí a bheith san áireamh i ráiteas arna sheachadadh de bhun fógra a bheadh tugtha don duine inmhuirear aithe ag an gcigire cuí faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mba é a bhí sa tréimhse a bheadh sonraithe san fhógra sin an bhliain mheasúnachta díreach roimh an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, agus i gcás gur pearsa aonair é an duine inmhuirearaithe agus gurb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, na nithe agus na sonraí sin go léir, i dteannta na nithe agus na sonraí sin a dúradh, a cheanglófaí a bheith san áireamh i dtuairisceán don tréimhse arna sheachadadh ar an gcigire cuí de bhun fógra a bheadh tugtha ag an gcigire cuí don duine inmhuirearaithe faoi alt 172 den Acht sin, nó
(b) i gcás duine inmhuirearaithe arb inmhuirearaithe cáin chorparáide air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí ar tréimhse chuntasaíochta í, maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe a cheanglófaí a bheith san áireamh i dtuairisceán arna sheachadadh de bhun fógra a bheadh tugtha ag an gcigire cuí don duine inmhuirearaithe faoi alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976,
mar aon le cibé sonraí breise a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe.
(2) Measfar gur duine inmhuirearaithe chun críocha an ailt seo an comhpháirtí tosaíochta in aon chomhpháirtíocht agus déanfaidh sé, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, an tuairisceán a cheanglófaí air a sheachadadh don tréimhse sin faoi fhorálacha alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mbeadh fógra faoin alt sin tugtha ag an gcigire roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, a sheachadadh ar an gcigire cuí ar an dáta sin nó roimhe.
(3) Más rud é, de bharr fho-alt (1) nó (2), go seachadfaidh duine tuairisceán ar chigire, measfar go raibh de cheangal air, de bharr fógra faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ráiteas a sheachadadh a mbeadh ann na nithe agus na sonraí atá sa tuairisceán nó go raibh de cheangal air, de bharr fógra faoi alt 70 nó 172 den Acht sin nó faoi alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976, an tuairisceán a sheachadadh, de réir mar a bheidh. Aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le haon ghníomh a dhéanamh ar dhuine do mhainneachtain ráiteas nó tuairisceán a sheachadadh de bhun fógra a tugadh faoi aon cheann de na hailt sin a dúradh, beidh feidhm aici maidir le duine inmhuirearaithe, i gcás nár tugadh fógra den sórt sin, amhail is dá mbeadh fógra tugtha dó, ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, faoi cibé ceann amháin nó níos mó de na hailt sin is iomchuí don fhoráil atá i gceist.
(4) Déanfaidh duine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí mar a cheanglaítear leis an alt seo d'ainneoin nach mbeidh fógra faighte aige ó chigire á rá leis ráiteas nó tuairisceán don tréimhse sin a ullmhú agus a sheachadadh faoi aon cheann de na hailt dá dtagraítear i bhfo-alt (3).
(5) Féadfaidh an duine inmhuirearaithe nó duine eile a bheidh ag gníomhú faoi údarás an duine inmhuirearaithe chuige sin, tuairisceán, a cheanglaítear leis an alt seo, a ullmhú agus a sheachadadh. I gcás gurb é an duine eile sin a ullmhaíonn agus a sheachadann tuairisceán, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach amhail is dá mba é an duine inmhuirearaithe a d'ullmhaigh agus a sheachaid é. Aon tuairisceán a airbheartaíonn a bheith ullmhaithe agus seachadta ag aon duine inmhuirearaithe nó thar a cheann measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, é a bheith ullmhaithe agus seachadta ag an duine sin nó ar údarás uaidh, de réir mar a bheidh, mura gcruthófar a mhalairt.
(6) Féadfaidh cigire duine a eisiamh ó fhorálacha an ailt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt dó á rá go bhfuil sé eisiata ó na forálacha sin agus beidh éifeacht leis an bhfógra maidir le cibé tréimhse nó tréimhsí inmhuirearaithe nó go dtí cibé tréimhse inmhuirearaithe nó go dtí go dtarlóidh cibé teagmhas a bheidh sonraithe san fhógra:
Ar choinníoll, i gcás go mbeidh, roimh dháta an Achta seo a rith, fógra tugtha ag an gcigire do dhuine á rá nach gá dó tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh maidir le tréimhse inmhuirearaithe sonraithe, nó go dtí í, nó dtí go dtarlóidh aon teagmhas, go measfar fógra chuige sin a bheith tugtha dó faoin bhfo-alt seo.
(7) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chigire do thabhairt fógra faoi aon cheann de na hailt shonraithe ná ní scaoilfidh sé aon duine ó aon oibleagáid ná ceanglas a forchuireadh ar an duine le fógra den sórt sin. Má thugtar fógra do dhuine faoi aon cheann de na hailt shonraithe ní scaoilfidh sé sin an duine sin ó aon oibleagáid chun tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh faoi fhorálacha an ailt seo.
(8) I gcás lena mbaineann alt 197 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, aon tuairisceán a mbeidh ar áireamh ann na nithe agus na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (1) maidir leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile araon, comhlíonfaidh sé, má sheachadann céile amháin é, oibleagáid an chéile eile faoin alt seo.
(9) Ní oibreoidh aon ní sna hailt shonraithe nó i bhfógra arna thabhairt faoi aon cheann de na hailt sin chun a cheangal ar dhuine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh ar dháta is luaithe ná an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe.
(10) Aon deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú go bhfuil na taifid iomchuí scrúdaithe aige agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, le linn tréimhse sonraithe, tuairisceán sonraithe ó dhuine inmhuirearaithe is franaise é, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an duine inmhuirearaithe, le linn na tréimhse sin, an tuairisceán sin a sheachadadh agus féadfar deimhniú a dheimhníonn amhail mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt seo agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag cigire a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é bheith sínithe ag an gcigire sin.
(11) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cigire a ainmniú chun bheith ina chigire tuairisceán chun críocha na Caibidle seo.
(b) Glacfaidh an cigire tuairisceán le tuairisceáin faoin alt seo a d'ordaigh sé a sheachadadh air agus le tuairisceáin ó dhaoine arb é an cigire cuí i ndáil leo é sna himthosca a shonraítear i mír (c) den mhíniú ar “cigire cuí” in alt 9(1).
(c) Déanfar ainm cigire a bheidh ainmnithe mar a dúradh, mar aon leis an seoladh chun a ndíreofar tuairisceáin a bheidh á seachadadh air, a fhoilsiú gach bliain san Iris Oifigiúil.
(12) Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le duine inmhuirearaithe do mhainneachtain tuairisceán a sheachadadh de réir fho-alt (1) nó (2) mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1988, alt 10 (1) agus (2)” a chur isteach i gColún 1.
Oibleagáid réamhcháin a íoc.
11.—(1) Dlífidh gach duine is duine inmhuirearaithe maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí an méid dá réamhcháin is cuí don tréimhse inmhuirearaithe sin a íoc leis an mBailitheoir de réir an ailt seo agus alt 18.
(2) Is é an méid de réamhcháin duine inmhuirearaithe is cuí do thréimhse inmhuirearaithe méid na cánach is dócha, i dtuairim an duine inmhuirearaithe, a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin measúnachta nó measúnachtaí don tréimhse inmhuirearaithe a bheidh déanta nó le déanamh ag an gcigire nó a dhéanfadh an cigire mura roghnódh sé, de bhun alt 13 (4), gan measúnacht a dhéanamh.
(3) Beidh réamhcháin iníoctha d'ainneoin nár thug an cigire fógra i leith na cánach sin faoi alt 12.
(4) Más rud é, ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc is cuí do thréimhse inmhuirearaithe, nó roimh an dáta sin, go mbeidh fógra faoi mheasúnacht don tréimhse faighte ag an duine inmhuirearaithe arb iníoctha an cháin aige, ní dhlífidh sé réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin.
(5) Aon mhéid réamhchánach is cuí do thréimhse inmhuirearaithe a bheidh íoctha ag duine inmhuirearaithe i gcáil ar bith, agus nach mbeidh aisíoctha leis, déileálfar leis, go feadh méid na híocaíochta sin nó go feadh méid na híocaíochta sin lúide aon mhéid a bheidh aisíoctha, mar íocaíocht ar scór na cánach is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, ar cáin í a bheidh sonraithe i measúnacht nó i measúnachtaí a bheidh déanta nó le déanamh don tréimhse sin ar an duine inmhuirearaithe sa cháil sin.
Fógraí réamhchánach.
12.—(1) Más rud é—
(a) go mainneoidh duine inmhuirearaithe íocaíocht réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a dhéanamh, nó
(b) tráth ar bith roimh an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, gur dóigh leis an gcigire gur cuí déanamh amhlaidh,
féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt don duine inmhuirearaithe maidir le méid na réamhchánach ba chóir don duine inmhuirearaithe a íoc, i dtuairim an chigire, don tréimhse inmhuirearaithe sin:
Ar choinníoll nach dtabharfar fógra faoin bhfo-alt seo do dhuine inmhuirearaithe maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith tar éis don duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe sin a sheachadadh.
(2) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, beidh méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) dlite den duine inmhuirearaithe don Bhailitheoir, agus iníoctha aige leis, ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí lena mbaineann an fógra.
(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, ar an dáta tuairisceáin sonraithe do thréimhse inmhuirearaithe nó roimh an dáta sin, go ndéanfaidh an duine inmhuirearaithe íocaíocht réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe faoi alt 11, nó go ndéanfaidh an duine inmhuirearaithe ar an dáta sin nó roimhe, fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhailitheoir á rá go measann sé nach mbeidh sé faoi dhliteanas cáin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe de bhíthin aon mheasúnachta nó measúnachtaí a bheidh déanta nó le déanamh ag an gcigire, ní bheidh méid na réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt don duine inmhuirearaithe faoi fho-alt (1), nó an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid sin ar an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, iníoctha.
(4) I gcás go mainneoidh an duine inmhuirearaithe tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh, ar tuairisceán é lena mbaineann fógra réamhchánach faoi fho-alt (1), agus gur mó méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra, arna mhéadú faoi fhorálacha alt 48 den Acht Airgeadais, 1986, ná méid na réamhchánach, más ann, a d'íoc an duine inmhuirearaithe faoi alt 11, arna mhéadú freisin faoi fhorálacha an ailt sin 48, ní bheidh feidhm ag fo-alt (3), le héifeacht ón dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, maidir leis an duine inmhuirearaithe sin don tréimhse inmhuirearaithe agus tiocfaidh méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra, arna mhéadú faoi fhorálacha an ailt sin 48 ach arna laghdú d'aon réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe sa cháil lena mbaineann an fógra, don tréimhse inmhuirearaithe, chun bheith dlite agus iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (3).
(5) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, maidir le méid réamhchánach, nó aon bhreis a bheidh ag an méid sin ar mhéid na réamhchánach, más ann, a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí lena mbaineann an fógra, a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) scoirfidh sé de bheith dlite agus iníoctha amhail ar an agus ón dáta a ndéanann an cigire measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin:
Ar choinníoll, i gcás gníomh a bheith déanta chun méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) a ghnóthú, ar gníomh é ar mhodh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó ar mhodh deimhniú a eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nach mbainfidh an fo-alt seo leis an méid sin réamhchánach.
(6) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar méid na réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) a bhailiú agus a íoc ar gach caoi ionann is dá mba cháin í arna muirearú trí mheasúnacht nach mbeadh aon achomharc ar feitheamh ina leith. Beidh feidhm ag alt 113 den Acht Airgeadais, 1986, maidir le méid réamhchánach a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) ar gach caoi ionann is dá mba mhéid cánach é a bheadh sonraithe i measúnacht. Beidh feidhm ag alt 537 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le réamhcháin a bheidh sonraithe i bhfógra amhail mar atá feidhm aige maidir le cáin a bheidh sonraithe i measúnacht.
(7) I gcás ar mó méid na réamhchánach a d'íoc duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe ná a dhliteanas cánach don tréimhse sin, aisíocfar an bhreis agus béarfaidh an méid aisíoctha ús de réir an ráta ag a mbéarfadh sé ús dá mba mhéid cánach é a bheadh aisíoctha faoi fhorálacha alt 30 (4) den Acht Airgeadais, 1976:
Ar choinníoll—
(a) nach mbeidh ús iníoctha faoin bhfo-alt seo más lú é ná £10, agus
(b) nach mbeidh cáin ioncaim in-asbhainte ó íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus nach n-áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.
(8) Más rud é, do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, go mbeidh fógra réamhchánach tugtha ag an gcigire do dhuine agus gur deimhin leis an gcigire—
(a) go bhfuil an duine, ós duine inmhuirearaithe é, tar éis a dhliteanas cánach uile don tréimhse inmhuirearaithe a urscaoileadh,
(b) nach duine inmhuirearaithe an duine i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, nó
(c) gur cuí déanamh amhlaidh,
féadfaidh sé méid na réamhchánach a bheidh sonraithe san fhógra a tugadh don duine a laghdú go dtí cibé méid, lena n-áirítear nialas, a mheasfaidh an cigire is cuí ag féachaint d'imthosca an cháis.
(9) I gcás go mbeidh d'éifeacht le haon fhoráil den alt seo a fhoráil go scoirfidh aon réamhcháin a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) de bheith iníoctha, ní bheidh d'éifeacht leis an bhforáil oibleagáid a fhorchuirtear le halt 11 ar aon duine inmhuirearaithe méid réamhchánach a íoc, a bhaint de.
(10) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 190 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le fógraí réamhchánach faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le measúnachtaí.
Measúnachtaí a dhéanamh.
13.—(1) Ní dhéanfar measúnacht ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeidh, an tráth sin, tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe seachadta ag an duine inmhuirearaithe ná ní dhéanfar measúnacht tráth a mbeidh toirmeasc, faoi fhorálacha alt 14 (2), ar mheasúnacht a dhéanamh.
(2) Faoi réir fho-alt (3), is é an cigire, faoi threoir na sonraí a bheidh i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe agus, más cuí, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, a dhéanfaidh measúnacht ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.
(3) Más rud é—
(a) go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, nó
(b) nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta, nó go mbeidh aon fhaisnéis faighte aige maidir le neamh-leordhóthanacht an tuairisceáin sin,
ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar an gcigire measúnacht a dhéanamh de réir fhorálacha alt 184 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 144 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976, de réir mar is cuí.
(4) I gcás gur deimhin leis an gcigire, maidir le tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, gur íoc duine inmhuirearaithe na méideanna cánach go léir a bheadh, dá ndéanfadh sé measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin, iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, féadfaidh an cigire a roghnú gan measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin agus, i gcás go roghnóidh sé amhlaidh, tabharfaidh sé fógra don duine inmhuirearaithe á rá gur roghnaigh sé amhlaidh agus measfar go raibh na méideanna a d'íoc an duine inmhuirearaithe iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba go raibh an mheasúnacht déanta ag an gcigire:
Ar choinníoll, faoi réir alt 14 (2), nach gcuirfidh aon ní san fho-alt seo cosc ar chigire measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí tráth ar bith tar éis fógra a bheith tugtha faoin alt seo á rá gur roghnaíodh amhlaidh.
(5) I gcás go ndéanfaidh an cigire measúnacht—
(a) faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3), i gcás gur mainníodh tuairisceán a sheachadadh, nó
(b) in imthosca inar ríomh an duine inmhuirearaithe méid na cánach a bheidh iníoctha aige ar scór measúnachta agus nach n-easaontaíonn an cigire, tráth déanta na measúnachta, leis an gcáin mar a ríomhadh amhlaidh í,
ní gá aon sonraí a leagan amach san fhógra measúnachta seachas sonraí i dtaobh méid na cánach a bheidh le híoc ag an duine inmhuirearaithe.
(6) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, ach faoi réir alt 14 (2), i gcás go mbeidh tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí seachadta ag duine inmhuirearaithe, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire, a cheangal air measúnacht a dhéanamh don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí sin agus déanfaidh an cigire an mheasúnacht láithreach.
Leasú ar mheasúnachtaí agus teorainn ama ina leith.
14.—(1) Faoi réir fho-alt (2) agus alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, féadfaidh cigire, tráth ar bith, measúnacht a rinneadh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a leasú trí cibé athruithe a dhéanamh inti nó cibé breisithe a chur léi is dóigh leis is gá, d'ainneoin cáin a bheith íoctha nó aisíoctha i leith na measúnachta agus d'ainneoin an mheasúnacht a bheith leasaithe aige ar ócáid nó ócáidí roimhe sin agus tabharfaidh sé fógra don duine inmhuirearaithe i dtaobh na measúnachta arna leasú amhlaidh.
(2) I gcás go mbeidh duine inmhuirearaithe tar éis tuairisceán do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí a sheachadadh agus gur nocht sé go hiomlán agus go cruinn sa tuairisceán na fíorais ábhartha go léir is gá chun go ndéanfaí measúnacht don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ní dhéanfar measúnacht ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse sin, ná ní dhéanfar leasú ar mheasúnacht den sórt sin, tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana dar tosach deireadh na tréimhse inmhuirearaithe ina seachadtar an tuairisceán, agus ní bheidh aon cháin bhreise iníoctha ag an duine inmhuirearaithe agus ní aisíocfar aon cháin leis an duine inmhuirearaithe tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana de bhíthin aon ní a bheidh ar áireamh sa tuairisceán:
Ar choinníoll nach gcoiscfidh aon ní san fho-alt seo measúnacht a leasú—
(a) i gcás nach nochtfar go hiomlán agus go cruinn na fíorais a luadh roimhe seo i dtuairisceán iomchuí,
(b) d'fhonn éifeacht a thabhairt do chinneadh ar aon achomharc i gcoinne measúnachta,
(c) d'fhonn aon fhíoras nó ní a chur i gcuntas a éireoidh de bhíthin teagmhas a tharlóidh tar éis an tuairisceán a bheith seachadta,
(d) d'fhonn earráid ríomha a cheartú,
(e) d'fhonn dearmad fíorais a cheartú, ar dearmad é a fhágann nach bhfuil ní éigin sa mheasúnacht ag freagairt i gceart do na fíorais a nocht an duine inmhuirearaithe, nó
(f) d'fhonn éifeacht a thabhairt d'fhorálacha alt 20 (2),
agus déanfar cáin a íoc nó a aisíoc, mar is cuí, de réir aon leasaithe den sórt sin agus ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú alt 455 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná alt 54 (4) (b) den Acht Airgeadais, 1974.
(3) Aon duine inmhuirearaithe arb éagóir leis measúnacht nó leasú ar mheasúnacht toisc go measann sé go raibh an cigire faoi thoirmeasc an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, a dhéanamh de bhíthin fhorálacha fho-alt (2), féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta nó na measúnachta leasaithe ar na forais sin agus má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc, ar an achomharc a éisteacht, go raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach ionann is dá mba nach ndearnadh an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, agus beidh an mheasúnacht nó an leasú ar an measúnacht, de réir mar is cuí, ar neamhní. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc nach raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, seasfaidh an mheasúnacht nó an mheasúnacht arna leasú, ach amháin sa mhéid go mbeidh aon mhéid nó ní ann ina ábhar achomhairc bhailí ar aon fhoras eile.
(4) I gcás go mbeidh amhras ar an duine inmhuirearaithe maidir le feidhmiú an dlí nó leis an gcaoi a ndéileálfar, chun críocha cánach, le haon ní a bheidh san áireamh i dtuairisceán a sheachadfaidh sé, féadfaidh sé an tuairisceán a sheachadadh de réir mar is fearr a chreideann sé ó thaobh fheidhmiú an dlí nó ó thaobh an chaoi a ndéileálfar, chun críocha cánach, leis an ní sin ach tarraingeoidh sé aird an chigire ar an ní atá i gceist sa tuairisceán tríd an amhras atá air a shonrú agus má dhéanann sé amhlaidh measfar go bhfuil nochtadh iomlán cruinn déanta aige maidir leis an ní sin:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás nach deimhin leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go raibh amhras air dáiríre agus gurb é a thuairim nó a dtuairim go raibh an duine inmhuirearaithe ag gníomhú d'fhonn cáin a imghabháil nó a sheachaint agus, sa chás sin, measfar nach bhfuil nochtadh iomlán cruinn déanta aige maidir leis an ní atá i gceist.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 186 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ag alt 144 (5) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i gcás duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí agus déanfar na nithe go léir a bheadh ar áireamh i gcéad mheasúnacht bhreise faoi na hailt sin a áireamh i leasú ar an gcéad mheasúnacht no ar na chéad mheasúnachtaí arna dhéanamh de réir an ailt seo agus, chun na críche sin, i gcás aon mhéid ioncaim, brabús nó gnóchan a bheith fágtha ar lár as an gcéad mheasúnacht nó as na chéad mheasúnachtaí, nó go mba lú an cháin a luadh sa chéad mheasúnacht nó sna chéad mheasúnachtaí ná an cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, déanfar cibé coigeartuithe ar an gcéad mheasúnacht nó na chéad mheasúnachtaí, nó cuirfear cibé breisithe léi nó leo (lena n-áirítear céad mheasúnacht eile a chur léi nó leo) is gá chun an fhaillí a leigheas nó chun a áirithiú gurb ionann an cháin a luadh amhlaidh agus an cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe.
Ceart an chigire fiosruithe a dhéanamh agus measúnachtaí a leasú.
15.—(1) Chun measúnacht a dhéanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí nó chun measúnacht den sórt sin a leasú, féadfaidh an cigire glacadh, go hiomlán nó go páirteach, le haon ráiteas nó sonra eile a bheidh ar áireamh i dtuairisceán arna sheachadadh ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin agus féadfaidh sé aon mhéid ioncaim, brabús nó gnóchan a mheasúnú, nó aon asbhaint, liúntas nó faoiseamh a lamháil, faoi threoir an ráitis nó an tsonra sin; ach i gcás go ndéanfar measúnacht nó go leasófar measúnacht faoi threoir aon ráitis nó sonra den sórt sin a bheidh ar áireamh i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe, ní thoirmiscfidh sé sin ar an gcigire cibé fiosruithe nó gníomhartha a dhéanamh, go feadh méid a chumhachtaí, is dóigh leis is gá chun a dheimhniú dó féin go bhfuil nó nach bhfuil an ráiteas nó an sonra sin cruinn agus, faoi réir alt 14 (2), ní thoirmiscfidh sé ar an gcigire measúnacht a leasú nó a leasú tuilleadh i cibé modh is dóigh leis is cuí:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon fhiosruithe ná aon ghníomhartha den sórt sin i gcás aon duine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse 6 bliana dar tosach deireadh na tréimhse inmhuirearaithe inar sheachaid an duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe iomchuí mura mbeidh, an tráth sin, forais réasúnacha ag an gcigire chun a chreidiúint go bhfuil an tuairisceán neamh-leordhóthanach toisc é bheith comhlánaithe go calaoiseach nó go faillíoch.
(2) Aon duine inmhuirearaithe arb éagóir leis aon fhiosrú nó gníomh a rinne cigire do thréimhse inmhuirearaithe, tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, ar na forais go measann sé go bhfuil an cigire faoi thoirmeasc an fiosrú sin nó an gníomh sin a dhéanamh mar gheall ar an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de 30 lá tar éis don chigire an fiosrú sin nó an gníomh sin a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus éistfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc ar gach caoi ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta é. Aon ghníomh a cheanglaítear ar an duine inmhuirearaithe a dhéanamh agus aon ghníomh breise a bheartaíonn an cigire a dhéanamh de bhun fhiosrú nó ghníomh an chigire, cuirfear ar fionraí iad go dtí go gcinnfear an t-achomharc. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc, ar an achomharc a éisteacht, go raibh an cigire faoi thoirmeasc amhlaidh, ní bheidh de cheangal ar an duine inmhuirearaithe aon ghníomh a dhéanamh de bhun fhiosrú nó ghníomh an chigire agus beidh an cigire faoi thoirmeasc dul ar aghaidh lena fhiosrú nó lena ghníomh. Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc nach raibh sé faoi thoirmeasc amhlaidh, beidh sé dleathach don chigire dul ar aghaidh lena fhiosrú nó lena ghníomh.
Feidhm alt 48 (formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach) den Acht Airgeadais, 1986.
16.—Beidh éifeacht le halt 48 den Acht Airgeadais, 1986, maidir le haon duine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ionann is dá bhfolódh an míniú ar “tuairisceán ar ioncam” san alt sin 48 an tuairisceán a cheanglaítear ar an duine inmhuirearaithe a sheachadadh faoi fhorálacha alt 10 agus ionann is dá mba thagairtí don dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe dá mbeidh tuairisceán le seachadadh tagairtí don dáta sonraithe i ndáil le tuairisceán ar ioncam agus beidh feidhm aige i ndáil le méid réamhchánach, cibé acu a íoctar é faoi alt 11 nó a shonraítear é i bhfógra faoi alt 12, mar atá feidhm aige maidir le méid cánach arna shonrú i measúnacht.
Achomhairc.
17.—(1) Ní cead achomharc a dhéanamh—
(a) i gcoinne fógra réamhchánach faoi alt 12,
(b) i gcoinne méid aon ioncaim, brabús nó gnóchan ná i gcoinne méid aon liúntais, asbhainte nó faoisimh a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí i gcás inar chinn an cigire an méid sin trí ghlacadh leis an ráiteas nó leis na ráitis nó leis an sonra nó leis na sonraí, gan é nó iad a athrú agus gan imeacht uaidh nó uathu, maidir le hioncam, brabúis nó gnóchain nó le liúntais, asbhaintí nó faoisimh a bhí sonraithe sa tuairisceán a sheachaid an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin, nó
(c) i gcoinne méid aon ioncaim, brabús nó gnóchan ná i gcoinne méid aon liúntais, asbhainte nó faoisimh a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí i gcás inar chomhaontaigh an cigire agus an duine inmhuirearaithe, nó aon duine a bhí údaraithe chuige sin ag an duine inmhuirearaithe, ar an méid sin sula ndearnadh nó, de réir mar a bheidh, sular leasaíodh an mheasúnacht.
(2) (a) Más rud é—
(i) go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh, nó
(ii) nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta ag duine inmhuirearaithe, nó go mbeidh aon fhaisnéis faighte aige maidir le neamhleordhóthanacht an tuairisceáin sin,
agus go ndéanfaidh an cigire measúnacht de réir aon cheann de na forálacha dá dtagraítear in alt 13 (3), ní bheidh aon ábhar achomhairc ann i gcoinne na measúnachta sin—
(I) i gcás lena mbaineann mír (a) (i), go dtí go mbeidh an tuairisceán seachadta ag an duine inmhuirearaithe, agus
(II) i gcás lena mbaineann fomhír (i) nó (ii) de mhír (a), go dtí go n-íocfaidh an duine inmhuirearaithe, nó go mbeidh íoctha aige, méid cánach ar scór na measúnachta ar méid é nach lú ná an cháin ab iníoctha ar scór na measúnachta dá mbeadh an mheasúnacht déanta, ar gach caoi, faoi threoir na ráiteas agus na sonraí a bhí ar áireamh sa tuairisceán a sheachaid an duine inmhuirearaithe,
agus measfar go dtosóidh an t-am le hachomharc i gcoinne na measúnachta a thionscnamh ar an dáta is luaithe a mbeidh an tuairisceán seachadta agus an méid sin cánach íoctha agus déanfar tagairtí san fho-alt seo do mheasúnacht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon leasú a dhéanfar ar an measúnacht roimh an dáta is luaithe sin a dúradh.
(b) Déanfar tagairtí san fho-alt seo do mhéid cánach a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon mhéid úis a bheadh dlite agus iníoctha, faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar an gcáin sin tráth íoctha na cánach mar aon le haon chostais a tabhaíodh nó méideanna eile a fhéadfar a mhuirearú nó a thobhach le linn an cháin a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht, nó sa mheasúnacht arna leasú, de réir mar a bheidh, a bheith á bailiú.
(3) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, i gcás go ndéanfar leasú ar mheasúnacht faoi alt 14 (agus nach leasú é a bheidh á dhéanamh de bhíthin achomharc a chinneadh) féadfaidh an duine inmhuirearaithe achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta arna leasú amhlaidh ar gach caoi ionann is dá mba mheasúnacht í arna déanamh ar dháta an leasaithe agus ionann is dá mba fhógra faoin measúnacht an fógra faoin measúnacht arna leasú, ach amháin nach mbeidh ag an duine inmhuirearaithe, i ndáil le nithe seachas athruithe a bheidh déanta ar an measúnacht, nó ábhair a bheidh curtha léi nó scriosta aisti, de bhíthin an leasaithe, aon cheart achomhairc eile de bhreis ar an gceart achomhairc a bheadh aige mura mbeadh leasú déanta ar an measúnacht.
(4) I gcás go dtionscnófar achomharc i gcoinne measúnachta nó i gcoinne measúnachta leasaithe a bheidh déanta ar dhuine inmhuirearaithe d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, sonróidh an duine inmhuirearaithe san fhógra achomhairc—
(a) gach méid nó ní sa mheasúnacht nó sa mheasúnacht leasaithe arb éagóir leis é, agus
(b) na forais, go mion-sonraithe, atá lena achomharc maidir le gach méid nó ní den sórt sin.
(5) Más rud é, maidir le méid nó ní lena mbaineann fógra achomhairc, nach gcomhlíonfaidh an fógra forálacha fho-alt (4), beidh an fógra, sa mhéid go mbaineann sé leis an méid sin nó leis an ní sin, neamhbhailí agus measfar nár tionscnaíodh an t-achomharc atá i gceist, sa mhéid go mbaineann sé leis an méid sin nó leis an ní sin.
(6) Ní bheidh an duine inmhuirearaithe i dteideal seasamh ar aon fhoras achomhairc nach mbeidh sonraithe san fhógra achomhairc mura mbeidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an breitheamh den Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, deimhin de nach bhféadfaí, le réasún, an foras a shonrú san fhógra.
Dáta le cáin a íoc.
18.—(1) Beidh réamhcháin is cuí do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha—
(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair nó roimhe sa bhliain mheasúnachta sin, nó
(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, laistigh den tréimhse 6 mhí 6 dheireadh na tréimhse cuntasaíochta,
agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo don dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc, a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta iomchuí nó don lá deiridh den tréimhse 6 mhí sin, de réir mar a bheidh.
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha—
(a) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht roimh an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe, ar an dáta sin nó roimhe, nó
(b) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht ar an dáta sin nó dá éis, ar an lá díreach i ndiaidh an lae a ndéanfar an mheasúnacht.
(3) Más rud é go mbeadh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha, murach an fo-alt seo, ar an lá díreach in ndiaidh an lae a ndéanfar an mheasúnacht, agus—
(a) gur mhainnigh an duine inmhuirearaithe réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin,
(b) gur lú an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó
(c) nach ndearnadh an réamhcháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe a íoc laistigh de mhí amháin ón dáta ar a raibh sí dlite agus iníoctha,
measfar go raibh an cháin a bheidh sonraithe sa mheasúnacht dlite agus iníoctha ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe.
(4) Faoi réir fho-alt (5), measfar, maidir le haon cháin bhreise a bheidh dlite de bhíthin leasú ar mheasúnacht do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, go mbeidh sí dlite agus iníoctha ar an lá céanna ar a raibh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht, sular leasaíodh í, dlite agus iníoctha:
Ar choinníoll—
(a) más rud é go ndearnadh an mheasúnacht tar éis don duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh ina raibh nochtadh iomlán cruinn ar na fíorais ábhartha go léir ba ghá chun an mheasúnacht a dhéanamh, nó
(b) más rud é gur leasaíodh an mheasúnacht roimhe sin tar éis an tuairisceán ina raibh an nochtadh sin a bheith seachadta,
go measfar go raibh an cháin bhreise a bheidh dlite amhlaidh dlite agus iníoctha ar an lá díreach i ndiaidh dháta an leasaithe.
(5) Measfar an méid ar mó an cháin a fhionnfar a bheith iníoctha do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, an tráth a chinnfear achomharc i gcoinne measúnachta a rinneadh ar dhuine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, ná an méid cánach don tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear in alt 17 (2) (a) (ii) (II) a bhí íoctha ag an duine inmhuirearaithe sula ndearnadh an t-achomharc, a bheith dlite agus iníoctha ar an dáta céanna ar a bhfuil an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht dlite agus iníoctha:
Ar choinníoll—
(a) i gcás nach lú an cháin a bhí íoctha amhlaidh ag an duine inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin a fhionnfar a bheith iníoctha an tráth a chinnfear an t-achomharc, agus
(b) i gcás go raibh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht dlite agus iníoctha de réir fhorálacha fho-alt (2),
go measfar an bhreis sin a bheith dlite agus iníoctha ar dháta cinnte an achomhairc.
Ús.
19.—(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2A) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le measúnacht arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.
(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 550 trí “de mhí amháin” a chur in ionad “de dhá mhí” gach áit a bhfuil sé.
Méideanna áirithe a mheas.
20.—(1) Más rud é, i gcás duine inmhuirearaithe arb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí (dá ngairtear “an chéad tréimhse” ina dhiaidh seo san alt seo)—
(a) go bhfuil san áireamh in ioncam iomlán an duine inmhuirearaithe don chéad tréimhse ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh a bheidh le ríomh ar bhonn na méideanna is infhaighte iarbhír sa chéad tréimhse nó más rud é go mbeidh, sa chéad tréimhse, aon asbhaintí is inlamháilte de thoradh aon suimeanna a íocadh amach as brabúis nó gnóchain an duine inmhuirearaithe le lamháil mar asbhaintí i leith na tréimhse inmhuirearaithe inarb iníoctha iad, agus
(b) tráth ar bith sula seachadfaidh an duine inmhuirearaithe tuairisceán don tréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin, go mbeidh ríomh le déanamh ag an gcigire nó ag an duine inmhuirearaithe ar an gcáin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don chéad tréimhse nó go mbeidh measúnacht don chéad tréimhse á déanamh nó á leasú ag an gcigire,
déanfaidh an cigire nó an duine inmhuirearaithe, de réir mar a bheidh, an ríomh, an mheasúnacht nó an leasú, de réir mar a bheidh, ar an mbonn—
(i) gur méid é méid an ioncaim ón mbunadh nó ó gach bunadh dá dtagraítear i mír (a) is comhionann le méid an ioncaim ón mbunadh nó ó gach bunadh ab infhaighte sa tréimhse inmhuirearaithe díreach roimh an gcéad tréimhse, agus
(ii) gur méid é méid na n-asbhaintí dá dtagraítear i mír (a) is comhionann le méid na n-asbhaintí sin sa tréimhse inmhuirearaithe díreach roimh an gcead tréimhse.
(2) I gcás go dtugann an duine inmhuirearaithe sonraí don chigire maidir le méid ceart an ioncaim nó na n-asbhaintí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), déanfaidh an cigire coigeartú ar aon ríomh nó measúnacht faoi threoir na difríochta idir an méid ceart agus an méid a bhí, de bhíthin fho-alt (1), ar áireamh sa ríomh nó sa mheasúnacht agus déanfar aon mhéid cánach a bheidh ro-íoctha a aisíoc agus déanfar aon mhéid cánach a bheidh gearríoctha a íoc.
(3) Aon mhéid cánach a aisíocfar faoi fho-alt (2), aisíocfar í mar aon le hús ar gach caoi ionann is dá mba aisíocaíocht réamhchánach faoi alt 12 (7) é. Ní mhuirearófar ús faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar aon mhéid cánach a bheidh gearríoctha faoi fhorálacha an ailt seo ach amháin i gcás nach n-íocfar an méid laistigh de mhí amháin i ndiaidh an dáta a gcuireann an cigire méid na gearríocaíochta in iúl don duine inmhuirearaithe agus ní dhéileálfar leis an méid cánach a bheidh gan íoc amhlaidh mar chuid den cháin is iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe chun críocha alt 18 (3) (b).
(4) Chun críocha alt 17 (1) (b), i gcás go mbeidh, d'aon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, méid ioncaim nó asbhainte a bheidh sonraithe i measúnacht, nó i measúnacht leasaithe arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe ríofa de réir fhorálacha fho-alt (1), measfar gur chinn an cigire an méid sin trí ghlacadh, gan é nó iad a athrú agus gan imeacht uaidh nó uathu, leis an ráiteas nó leis na sonraí maidir leis an méid sin a bhí sonraithe i dtuairisceán an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 528 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le duine inmhuirearaithe i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.
Ilghnéitheach.
21.—(1) Beidh feidhm ag alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le leasú ar mheasúnacht faoi alt 14 mar atá feidhm aige maidir le céad-mheasúnacht bhreise faoi alt 186 den Acht sin.
(2) Beidh éifeacht le halt 509 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá bhfolódh an míniú ar “measúnacht” measúnacht arna leasú faoi fhorálacha alt 14.
(3) I gcás go gcuirfidh an cigire, nó aon oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag gníomhú dó le fios an chigire, faoi deara go n-eiseofar, trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile, fógra réamhchánach ar a mbeidh ainm an chigire nó fógra measúnachta nó fógra faoi leasú ar mheasúnacht ar a mbeidh ainm an chigire, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, gur thug an cigire an fógra réamhchánach sin chomh fada lena thuairim agus measfar, chun na gcríoch sin, go ndearna an cigire an mheasúnacht nó an mheasúnacht leasaithe sin lena mbaineann an fógra measúnachta nó an fógra faoi mheasúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, chomh fada lena bhreithiúnas.
(4) Aon mheasúnacht atá críochnaitheach agus dochloíte thairis sin, ní áireofar í, chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach, mar mheasúnacht nach bhfuil críochnaitheach agus dochloíte, nó mar mheasúnacht atá scortha de bheith críochnaitheach agus dochloíte, de bhíthin amháin go bhfuil an mheasúnacht leasaithe ag an gcigire, nó go bhféadfaidh sé í a leasú, de bhun fhorálacha alt 14 agus más rud é, i gcás duine inmhuirearaithe, go roghnóidh an cigire faoi alt 13 (4) gan measúnacht a dhéanamh do thréimhse inmhuirearaithe, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach ionann is dá mbeadh measúnacht arna déanamh ar an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin tagtha chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach agus dhochloíte ar an dáta ar a dtugtar an fógra faoin roghnú.
(5) Má thugann duine inmhuirearaithe fógra de bhun alt 5 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, ní scaoilfidh sé sin an duine ó oibleagáid tuairisceán a sheachadadh faoi alt 10.
(6) Ní bheidh feidhm ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le measúnacht a dhéanfar ar aon duine do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí.
Caibidil III
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Íocaíochtaí áirithe ag an Aire Saothair agus ag an bhForas Aiseanna Saothair a bheith díolmhaithe.
22.—(1) Chun críocha uile na nAchtanna Cánach, déanfar neamhshuim d'íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar le duine, cibé acu roimh an tAcht seo a rith nó ina dhiaidh sin, ar íocaíocht í arna déanamh—
(a) faoi Scéim Liúntas Fiontair, nó Scéim Fiontair, an Aire Saothair, nó
(b) faoi Scéim Fiontair an Fhorais Áiseanna Saothair.
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.
23.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975 trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987)—
(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus
(b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó aon lá dá éis. (7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin: (9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus arb é Comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin: |
(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976—
(a) trí “1988-89” a chur in ionad “1987-88” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) i bhfo-alt (3), agus
(b) trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1988-89. (5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1988, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin: (6) Le linn bradúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988 nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis: |
(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.
Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí agus asbhaint ina leith.
24.—(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973, i ndáil le caiteachas a thabhófar ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá gcuirfí “£6,000” in ionad “£2,500”, gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.
(b) An tagairt i mír (a) do chaiteachas a thabhófar ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, ní fholaíonn sí—
(i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas arna thabhú roimh an 28ú lá d'Eanáir, 1988, nó arna thabhú laistigh de 12 mhí i ndiaidh an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus
(ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 28ú lá sin d'Eanáir, 1988.
(2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) a thabhófar tar éis an 27ú lá d'Eanáir, 1988, ionann is dá gcuirfí “£6,000” in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé.
Leasú ar alt 44 (liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe) den Acht Airgeadais, 1986.
25.—Leasaítear leis seo alt 44 den Acht Airgeadais, 1986, trí “seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim” a scriosadh as an míniú ar “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach” in alt (1) (a).
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh d'athnuachan uirbeach: teorainneacha ama áirithe a fhadú.
26.—Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Airgeadais, 1986, atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ionann is dá mba thagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991, an tagairt sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” don 31ú lá de Bhealtaine, 1989.
AN TÁBLA Fo-alt (1) d'alt 42 (liúntas i ndáil le háitribh thráchtála áirithe a fhoirgniú). Fo-alt (1) (a) d'alt 44 (liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe). Fo-alt (1) (a) d'alt 45 (liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh). |
Leasú ar alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.
27.—(1) Maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag alt 23 den Acht Airgeadais, 1981—
(a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a)—
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”, agus
(b) ionann is dá gcuirfí “90 méadar cearnach” in ionad “75 mhéadar chearnacha” sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san fho-alt sin (1) (a).
(2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, ag foirgniú áitribh cháilithigh.
(3) Déanfar an t-alt seo agus alt 23 den Acht Airgeadais, 1981, a fhorléiriú le chéile.
Feidhm alt 21 (cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais ar athfheistiú) den Acht Airgeadais, 1985, etc.
28.—I gcás caiteachas iomchuí (de réir bhrí fho-alt (1) (a) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1985) a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, beidh éifeacht leis an alt sin 21—
(a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (2) (a) (iii)—
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”, agus
(b) ionann is dá scriosfaí an coinníoll a ghabhann le halt 29 (2) den Acht Airgeadais, 1983.
Feidhm alt 22 (leathnú ar fheidhm faoisimh i leith foirgnimh áirithe a athchóiriú) den Acht Airgeadais, 1985, etc.
29.—I gcás caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, beidh éifeacht le halt 22 den Acht Airgeadais, 1985—
(a) ionann is dá gcuirfí “dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991,”—
(i) in ionad “dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987” i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin 22, agus
(ii) in ionad “dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987,” in alt 30 (2) den Acht Airgeadais, 1983,
(b) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (4) den alt sin 22—
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 27ú lá d'Eanáir, 1988 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991;”,
agus
(c) ionann is dá scriosfaí an coinníoll a ghabhann le halt 29 (2) den Acht Airgeadais, 1983, sin a dúradh.
Cistí pinsean: déileálacha i dtodhchaíochtaí airgeadais agus i roghanna intrádála a thabhairt faoi réim díolúintí cánach.
30.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “todhchaíochtaí airgeadais” agus “roghanna intrádála”, faoi seach, todhchaíochtaí airgeadais agus roghanna intrádála a ndéileáiltear iontu nó atá luaite, de thuras na huaire, ar mhalartán todhchaíochtaí nó ar stocmhargadh sa Stát.
(2) Chun críocha—
(a) alt 16 (2) den Acht Airgeadais, 1972,
(b) alt 21 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus
(c) alt 41 (1) den Acht um Cánach Corparáide, 1976,
measfar gur infheistíocht aon chonradh a dhéanfar le linn bheith ag déileáil i dtodhchaíochtaí airgeadais nó i roghanna intrádála.
Creidmheasanna cánach i leith dáiltí.
31.—(1) Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976, atá sonraithe i mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal—
(a) i ndáil le dáiltí a dhéanfar sa bhliain 1988-89, ionann is dá mba 32 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta sin,
agus
(b) i ndáil le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ionann is dá mba 28 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1989-90 agus do bhlianta measúnachta dá éis.
(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Leasú ar alt 45 (dáiltí) den Acht Airgeadais, 1980.
32.—(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1980, maidir le dáiltí arna ndéanamh ag cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3):
“(1) (a) Áireofar mar dháileadh sonraithe chun críocha fho-alt (2) cibé riar de dháileadh (dá ngairtear ‘an chéad dáileadh a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhír seo), a áirítear faoi fho-alt (1A) mar dháileadh arna dhéanamh ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, is comhionann leis an méid, agus féadfaidh gur nialas é, a chinnfear de réir na foirmle
Y × | (A-B) + E-U ___________ | |
(R-S) + T-U |
i gcás, faoi réir ailt 46 go 49—
arb é A méid ioncam na cuideachta, a ndéantar an cháin chorparáide is inchurtha ina leith a laghdú faoi alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta nó ar cuid den tréimhse sin í,
arb é B méid na cánach corparáide, arna laghdú faoi alt 41, is inchurtha i leith an méid a luaitear sa mhíniú ar A,
arb é E méid na ndáiltí iomchuí, cibé acu a dhéantar iad roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó ar an lá sin nó dá éis, a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin,
arb é R an méid d'ioncam na cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a mhínítear sin in alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar aon le haon mhéid d'ioncam na cuideachta ar a muirearófaí cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mura mbeadh forálacha alt 18 den Acht Airgeadais, 1969, alt 34 den Acht Airgeadais, 1973, nó alt 71 den Acht Cánach Corparáide, 1976,
arb é S méid na cánach corparáide, roimh aon fhritháireamh cánach nó creidmheas i leith cánach, lena n-áirítear cáin choigríche, agus i ndiaidh aon fhaoisimh faoi alt 58, 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, cé is moite den cháin chorparáide, roimh aon chreidmheas i leith cánach coigríche, is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin: agus measfar gurb é atá sa chuid sin an méid a thugtar faoi réim bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe sula ndéantar aon asbhaint maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar mhéideanna a laghdaíonn na brabúis sin,
arb é T méid na ndáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, mar aon le haon mhéid a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann forálacha alt 76 (2) (a) (ii), alt 81 (4), alt 93 (3) nó alt 170 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976,
arb é U—
(i) méid (dá ngairtear ‘an chéad mhéid a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) ioncam monarúcháin indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú den mhéid (dá ngairtear ‘an dara méid a luadh’ ina dhiaidh seo sa mhíniú seo), más ann, ar mó méid iomlán ioncam monarúcháin indáilte na cuideachta don tréimhse sin agus d'aon tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin de chuid na cuideachta ná méid iomlán na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó
(ii) nialas, mura lú an dara méid a luadh ná an chéad mhéid a luadh, agus
arb é Y méid an chéad dáilte a luadh.
(b) Aon tagairt san alt seo do dháileadh iomchuí a rinne cuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, forléireofar í mar thagairt do dháileadh iomchuí de réir bhrí an ailt seo sular leasaíodh é leis an Acht Airgeadais, 1988.
(1A) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-ailt (1) agus (2) agus gan bacadh leis an tréimhse chuntais dá ndéanann cuideachta dáileadh, déileálfar le dáileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a dhéanfaidh an chuideachta ar lá (dá ngairtear ‘an chéad lá a luadh’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo) arb é an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó aon lá dá éis é, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta is déanaí de chuid na cuideachta a chríochnaíonn roimh an gcéad lá a luadh:
Ar choinníoll, maidir le dáileadh—
(a) ar díbhinn eatramhach é arna híoc ag na stiúrthóirí i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í de bhun na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, nó
(b) nach dáileadh é ach amháin de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976,
go ndéileálfar leis mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina dtiteann an chéad lá a luadh:
Ar choinníoll freisin—
(a) (i) i gcás gur i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, dar tosach an lá ar thosaigh an chuideachta de bheith faoi réim cánach corparáide, a thiteann an chéad lá a luadh, go ndéileálfar leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin, ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, nach mbeidh déanta d'aon tréimhse chuntasaíochta, agus
(ii) i gcás gur ar an gcéad lá, nó tar éis an chéad lae, de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta a chríochnaíonn ar lá a scoireann an chuideachta de bheith faoi réim cánach corparáide, a thiteann an chéad lá a luadh, go ndéileálfar leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, mar dháileadh nó dáiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta sin;
(b) (i) i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh do thréimhse chuntasaíochta, ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin de chuid na cuideachta, agus
(ii) i gcás go mba mhó, thairis sin, méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a n-áirítear iad mar dháiltí a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin dá dtagraítear i bhfomhír (i), ná méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéileálfar leis an mbreis mar dháileadh nó dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinneadh don chéad tréimhse chuntasaíochta eile de chuid na cuideachta díreach roimhe sin arís agus mar sin de,
agus
(c) más rud é, de bhua forálacha an fho-ailt seo a chur i bhfeidhm maidir leis an dáileadh nó na dáiltí, de réir mar a bheidh, a rinne an chuideachta ar an gcéad lá a luadh, go mbeidh breis den chineál a luaitear sa choinníoll seo ann, go ndéanfar an bhreis sin—
(i) i gcás nach mbeidh ach dáileadh amháin déanta ag an gcuideachta ar an gcéad lá a luadh, a chur síos go hiomlán don dáileadh sin, nó
(ii) i gcás níos mó ná dáileadh amháin a bheith déanta amhlaidh ar an gcéad lá a luadh, a chur síos go páirteach do gach ceann de na dáiltí sin sa chomhréir chéanna faoi seach a bheidh idir méid gach dáilte ar leith den sórt sin agus méid iomlán na ndáiltí a rinne an chuideachta an lá sin,
sa chaoi is go ndéileálfar le haon dáileadh a rinne an chuideachta ar an gcéad lá a luadh mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó, má tá níos mó ná breis amháin den sórt sin ann, níos mó ná dhá dháileadh a ndéanann an chuideachta gach ceann ar leith acu do thréimhse chuntasaíochta éagsúil (más ann).
(1B) Chun críocha an ailt seo—
(a) is é méid ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle
(R-S) + T-U
i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S, T agus U atá leo i bhfo-alt (1), agus
(b) is é méid ioncam monarúcháin indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle
(A-B) + E
i gcás na bríonna céanna a bheith le A, B agus E atá leo i bhfo-alt (1).
(2) Más rud é, de bhua fho-ailt (1) agus (1A), go ndéileálfar le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis (dá ngairtéar an chéad dáileadh a luadh ina dhiaidh seo san fho-alt seo)—
(i) mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, nó
(ii) mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó níos mó, a ndéileáiltear le dáileadh amháin nó níos mó acu mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe,
de réir mar a bheidh, déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna sin, leis an gcéad dáileadh a luadh ionann is dá mba éard a bhí ann dhá dháileadh, a bhféadfaidh nialas a bheith i gceann acu ach ní sa dá cheann, arb é atá iontu faoi seach—
(a) dáileadh is dáileadh iomchuí chun críocha an ailt seo de mhéid is ionann agus méid an dáilte shonraithe a luaitear i mír (i) nó is ionann agus méid iomlán na ndáiltí sonraithe a luaitear i mír (ii), de réir mar a bheidh, agus
(b) dáileadh nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an chéad dáilte a luadh.
(3) Is é a bheidh sa chreidmheas cánach a bheidh faighteoir dáilte iomchuí i dteideal a fháil i leith an dáilte sin, d'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, cé is moite den alt seo, méid is ionann agus an t-ochtú cuid déag de mhéid an dáilte iomchuí.”.
(2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá, is lá nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1988, a bheidh sonraithe i bhfógra faoi mhír (b).
(b) I gcás go roghnóidh cuideachta amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire, beidh éifeacht leis an alt seo agus le halt 45 den Acht Airgeadais, 1980 (arna leasú leis an alt seo) maidir le haon dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta ar an lá sonraithe nó dá éis ionann is dá gcuirfí an dáta ar a dtitfidh an lá sonraithe in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1989” gach áit a bhfuil sé san alt seo, san alt sin 45 agus i gCuid II den Dara Sceideal.
(3) Beidh éifeacht le Cuid II den Dara Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Caibidil IV
Cáin Chorparáide
Rátaí cánach corparáide.
33.—(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 1 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis, muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta—
(a) 50 faoin gcéad—
(i) do gach bliain airgeadais go dtí an bhliain 1987, agus an bhliain sin san áireamh, agus
(ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1988 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988;
(b) 47 faoin gcéad—
(i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1988 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, agus
(ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1989 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Márta, 1989;
agus
(c) 43 faoin gcéad—
(i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1989 dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989, agus
(ii) do gach bliain airgeadais dá éis sin.”.
(2) Ní bheidh éifeacht le hailt 28 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.
(3) Beidh éifeacht leis an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
Leasú ar Chuid XI (grúpfhaoiseamh) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
34.—Leasaítear leis seo Cuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116:
“116A—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn ‘trádáil’ trádáil, arna seoladh ag cuideachta, arb éard í nó ar cuid di monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna seoladh i dtréimhse chuntasaíochta a bheadh, dá mbeadh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta sa tréimhse sin agus dá ndéanfadh sí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, don tréimhse sin, le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí);
maidir le ‘ioncam ó dhíol earraí’ i dtréimhse chuntasaíochta i gcúrsa trádála a sheolann cuideachta is é a bheidh ann, faoi réir alt 118 mar a chuirtear chun feidhme é chun críocha faoisimh faoin alt sin, cibé ioncam arb é a bheadh ann ‘an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin’ sa tréimhse sin i gcúrsa na trádála chun críocha éilimh faoi alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980, dá mba rud é—
(i) nach raibh aon ghrúpfhaoiseamh faoin alt seo lamháilte in aghaidh ioncaim ón trádáil sa tréimhse sin,
(ii) go raibh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta, agus
(iii) go ndearna an chuideachta éileamh ar fhaoiseamh faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980;
maidir le ‘caillteanas ó dhíol earraí’ i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba é a bhí, d'ainneoin alt 41 (4) den Acht Airgeadais, 1980, in ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ chun críocha fho-alt (3) den alt sin, méid cibé cuid den chaillteanas, arna ríomh mar a ríomhfaí é chun críocha alt 16 (2), ón trádáil sa tréimhse is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith caillteanais a tabhaíodh ag díol earraí agus marsantais:
Ar choinníoll nach caillteanas ó dhíol earraí caillteanas den chineál a luaitear in alt 28 (4) (b) den Acht Airgeadais, 1987;
maidir le ‘muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol’ i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba é a bhí, d'ainneoin alt 41 (4) den Acht Airgeadais, 1980, in ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ chun críocha fho-alt (3) den alt sin, méid cibé cuid de na muirir ar ioncam a íocadh go hiomlán agus go heisiach chun críocha na trádála sa tréimhse sin is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí agus marsantas a dhíol;
maidir le ‘barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol’ i gcúrsa na trádála i dtréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh ann an oiread sin de mhéid, arb é an méid é ar mó na muirir ar ioncam a d'íoc cuideachta chun críche earraí a dhíol i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin ná an t-ioncam ó earraí a dhíol i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin, nach mó ná an barrachas dá dtagraítear in alt 116 (6) arna ríomh i leith na cuideachta don tréimhse sin;
ciallóidh ‘earraí agus marsantas a dhíol’ i gcúrsa trádála arna seoladh ag cuideachta, cibé earraí agus marsantas a dhíol a ndéileálfaí leo faoi seach mar earraí agus marsantas chun críocha éilimh faoi Chaibidil VI den Acht Airgeadais, 1980, dá mbeadh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta agus dá mbeadh éileamh den sórt sin déanta aici.
(b) Chun críocha an ailt seo—
(i) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an dáta a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta agus déileálfar leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus
(ii) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2001, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an dáta a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2000, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 2001, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
(2) (a) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (6) d'alt 116 agus alt 117, más rud é, in aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1989, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, a thiteann sí, go dtabhóidh an chuideachta ghéillteach caillteanas ó dhíol earraí nó barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol, féadfar an caillteanas sin nó an barrachas sin a fhritháireamh, chun críocha cánach corparáide, in aghaidh ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire go feadh méid an ioncaim sin nó más lú é, go feadh méid an ioncaim ó dhíol earraí i gcúrsa na trádála, ach ní thabharfar aon fhaoiseamh eile maidir leis an gcaillteanas sin nó leis an mbarrachas sin d'aon chuideachta seachas an chuideachta ghéillteach.
(b) Laghdóidh grúpfhaoiseamh arna lamháil faoi mhír (a) an t-ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh do thréimhse chuntasaíochta—
(i) roimh fhaoiseamh arna dheonú faoi alt 18 (caillteanas foirceannaidh i dtrádáil) maidir le caillteanas arna thabhú i dtréimhse nó i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, agus
(ii) tar éis faoisimh arna dheonú faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanas foirceannaidh) maidir le caillteanas arna thabhú i dtréimhse nó i dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.
(3) (a) Chun críocha fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, déanfar ‘méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’ a chinneadh de réir fho-alt (4) den alt sin 41 ionann is dá mba nár lamháladh aon ghrúpfhaoiseamh faoin alt seo.
(b) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (3) den alt sin 41, maidir le ‘an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin’ i dtréimhse chuntasaíochta chun críocha fho-alt (2) den alt sin 41, is é a bheidh ann an tsuim a chinnfear le fo-alt (3) den alt sin 41 don tréimhse sin arna laghdú d'aon ghrúpfhaoiseamh a lamhálfar faoin alt seo in aghaidh ioncam na trádála mar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt sin 41 sa tréimhse sin.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—
(a) (i) maidir le caillteanas ó dhíol earraí i gcúrsa trádála, nó
(ii) maidir le barrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol i gcúrsa trádála,
i dtréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thiteann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, más rud é, sa tréimhse chuntasaíochta is déanaí roimhe sin ina raibh ioncam ón trádáil a raibh cáin chorparáide iníoctha ina leith, gur laghdaíodh méid an ioncaim sin faoi Chuid IV, nó
(b) maidir leis an oiread sin de chaillteanas ó dhíol earraí i gcúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta nach mó ná méid na liúntas caipitiúil faoi alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1986, a d'asbhain an chuideachta ghéillteach le linn an caillteanas a bheith á riomh aici a thabhaigh sí sa tréimhse sin ag seoladh oibríochtaí trádála a bhí sonraithe i ndeimhniú a bheidh tugtha di agus nach mbeidh aisghairthe ag an Aire Airgeadais faoi alt 39B (2) den Acht Airgeadais, 1980.
(5) Chun críocha an ailt seo—
(a) i gcás éileamh arna dhéanamh ag cuideachta mar chomhalta de chomheagras, ní fhéadfar ach codán de chaillteanas ó dhíol earraí, nó de bharrachas muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol, a fhritháireamh, agus beidh an codán sin ar cóimhéid le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 118 (2), agus
(b) beidh éifeacht le halt 118—
(i) ionann is dá gcuirfí ‘an ioncaim ó thrádáil de chuid’ in ionad ‘brabúis iomlána’ i mír (a) d'fho-alt (2), agus
(ii) ionann is dá gcuirfí ‘an t-ioncam ó dhíol earraí i gcúrsa trádála de chuid na cuideachta éilimh’ in ionad ‘na brabúis sin’ agus ‘ina aghaidh’ in ionad ‘ina n-aghaidh’ i mír (b).”.
Leasú ar alt 39A (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna) den Acht Airgeadais, 1980.
35.—Leasaítear leis seo alt 39A den Acht Airgeadais, 1980, tríd an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a scriosadh.
Leasú ar alt 39B (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar i Limistéar Duganna Theach an Chustaim) den Acht Airgeadais, 1980.
36.—(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (7) (c) d'alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980, agus measfar nár achtaíodh riamh é.
(2) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (6) agus (7) den alt sin 39B, féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú, de réir bhrí fho-alt (2) den alt sin, a thabhairt do chuideachta agus beidh éifeacht leis an deimhniú ón dáta ar a mbeadh éifeacht leis murach an fo-alt sin (7) (c).
(3) Leasaítear leis seo fo-alt (6) den alt sin 39B tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii)—
“(iiia) déileáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí nó i roghanna tráchtearraí thar ceann daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, seachas thar ceann daoine—
(I) a sheolann trádáil ina n-úsáidtear, i gcúrsa na trádála a sheoladh, tráchtearraí de chineál is ábhar do na todhchaíochtaí nó do na roghanna, de réir mar a bheidh, nó
(II) a measfaí, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, baint a bheith acu le duine a sheolann trádáil den sórt sin,”.
(4) (a) San fho-alt seo—
tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha an ailt sin 39B;
ciallaíonn “gnó árachais saoil coigríche” oibríochtaí trádála iomchuí, de réir bhrí an ailt sin 39B, arb éard iad gnó árachais saoil le sealbhóirí polasaí agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát;
ciallaíonn “gnó iontaobhais aonad coigríche” oibríochtaí trádála iomchuí, de réir bhrí an ailt sin 39B, arb éard iad bainisteoireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí iontaobhais aonad cháilithigh amháin nó níos mó;
ciallaíonn “iontaobhas aonad cáilitheach” scéim iontaobhais aonad—
(a) is scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972,
(b) arb amhlaidh atá a gnó—
(i) go seoltar sa Limistéar é, nó
(ii) nach seoltar amhlaidh é ach go seoltar sa Stát é agus go seolfaí sa Limistéar é mura mbeadh imthosca nach bhfuil rialú ag an duine nó na daoine a sheolann an gnó orthu,
agus
(c) ar daoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Stát na sealbhóirí go léir ar aonaid sa scéim;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí.
(b) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, ní mó ná 10 faoin gcéad an ráta ar dá réir a bheidh aon cháin inmhuirearaithe (sula lamháiltear aon chreidmheas i leith cánach coigríche) maidir le hioncam a eascróidh nó gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as urrúis nó sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát ar infheistíochtaí iad de chuid gnó árachais saoil choigríche nó ar infheistíochtaí iad atá faoi bhainisteoireacht gnó iontaobhais aonad choigríche.
Feidhm alt 84 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le hús áirithe.
37.—(1) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an oiread sin d'aon ús—
(i) ar dáileadh é de bhua alt 84 (2) (d) (iv) den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus dá bhua sin amháin,
(ii) is iníoctha ag cuideachta cháilitheach i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheoladh agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt sin 84 (2) (d) (iv), inasbhainte mar chaiteachas trádála le linn méid ioncam na cuideachta ó na hoibríochtaí trádála iomchuí a bheith á ríomh, agus
(iii) is ús is iníoctha le cuideachta ar cónaitheoir í i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gcríoch a mbeidh comhshocraíochtaí, a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, déanta lena rialtas.
(b) I mír (a)—
tá le “cuideachta cháilithe” agus “oibríochtaí trádála iomchuí” an bhrí chéanna atá leo chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980;
tá le “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá” an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(c) Chun críocha mhír (a), measfar gur cónaitheoir i gcríoch seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá cuideachta má mheastar amhlaidh ina taobh faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas na críche sin agus a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(2) I gcás go gcruthóidh cuideachta go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le haon ús is iníoctha aici do thréimhse chuntasaíochta agus go roghnóidh sí nach ndéileálfaí leis an ús sin mar dháileadh chun críocha alt 84 (2) (d) (iv) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní bheidh feidhm ag an alt sin 84 (2) (d) (iv) maidir leis an ús sin.
(3) Aon roghnú faoin alt seo i ndáil le hús is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta is i scríbhinn chuig an gcigire a dhéanfar é agus cuirfear isteach é mar aon le tuairisceán na cuideachta ar a brabúis don tréimhse.
Leasú ar alt 31 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Acht Airgeadais, 1974.
38.—Leasaítear leis seo alt 31 den Acht Airgeadais, 1974, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3), i ndiaidh mhír (c)—
“(cc) ús arna íoc le duine, ar lasmuigh den Stát a chónaíonn sé de ghnáth, ag cuideachta i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39A (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) nó alt 39B (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980, a sheoladh, nó”.
Ioncam áirithe de chuid Nítrigin Éireann Teoranta a bheith díolmhaithe.
39.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon ioncam—
(a) a eascróidh chuig Nítrigin Éireann Teoranta in aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh sa tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1987 agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, ón ngnó arb éard é gás, a ceannaíodh ó Bhord Gáis Éireann, a sholáthar do Irish Fertilizer Industries Limited faoi chonradh idir Nítrigin Éireann Teoranta agus Irish Fertilizer Industries Limited, agus
(b) a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D,
beidh sé díolmhaithe ó cháin chorparáide.
Leasú ar alt 28 (faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach) den Acht Airgeadais, 1987.
40.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1987—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “iascaireachta” i mír (i) den mhíniú ar “long cháilitheach”, eadhon, “seachas soitheach a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta a luaitear i mír (d) den mhíniú ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha san fho-alt seo”, agus
(b) sa mhíniú ar “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha”—
(i) trí “agus” a scriosadh as mír (c), agus
(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d)—
“(d) éisc a chur faoi phróiseas monarúcháin ar bord loinge cáilithí, agus
(e) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta;”,
agus tá na mínithe sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Chun críocha Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) den Acht Airgeadais, 1984, déanfar aon tagairt d'alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987, a fhorléiriú ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).
(3) Leasaítear leis seo fo-alt (4) den alt sin 28 trí “mhír (c)” a chur in ionad “mhír (b)” i mír (c), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA ciallaíonn “long cháilitheach” soitheach farraige— (a) atá faoi úinéireacht 51 faoin gcéad ar a laghad ag duine nó daoine a bhfuil gnáthchónaí air nó orthu sa Stát, (b) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955, (c) nach lú ná 100 tonna a olltonnáiste, agus (d) atá uathghluaisteach, ach d'ainneoin aon ní i míreanna (a), (b), (c) nó (d) den mhíniú seo, ní fholaíonn sé— (i) soitheach iascaireachta seachas soitheach a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta a luaitear i mír (d) den mhíniú ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha san fho-alt seo, (ii) tuga, (iii) soitheach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre nó mar ardán tumadóireachta, (iv) soitheach a úsáidtear chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil soghluaiste nó seasta de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna, agus (v) aon soitheach eile de chineál nach n-úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha; ciallaíonn “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha” gníomhaíochtaí arna seoladh ag cuideachta i gcúrsa trádála arb éard iad— (a) úsáid loinge cáilithí chun paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht, (b) seirbhísí a ghabhann le húsáid sin na loinge cáilithí, a chur ar fáil ar bord na loinge cáilithí, (c) cearta a thabhairt a gcuireann, nó a gcuirfidh, duine eile dá mbua na seirbhísí sin ar fáil ar bord na loinge cáilithí sin, (d) éisc a chur faoi phróiseas monarúcháin ar bord loinge cáilithí, agus (e) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta; (c) d'ainneoin mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1984, measfar, maidir le long a ligean ar cairt dá dtagraítear ag mír (a) (ii), i gcúrsa trádála, gur trádáil léasúcháin an ligean sin chun críocha an ailt sin agus gur trádail leithleach é dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt sin. |
Faoiseamh ó cháin chorparáide i leith díbhinní áirithe ó fhochuideachta neamhchónaitheach.
41.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “plean infheistíochta ceadaithe” plean infheistíochta a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire ina leith, de réir fho-alt (2), don chuideachta lena mbaineann;
ciallaíonn “plean infheistíochta” plean de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ar plean é atá dírithe ar chruthú nó cothabháil fostaíochta sa Stát in oibríochtaí trádála atá á seoladh, nó le seoladh, sa Stát agus ar chuir an chuideachta faoi bhráid an Aire é, sular cuireadh i ngníomh é, chun a chumasú di faoiseamh a éileamh faoin alt seo;
ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “díbhinní iomchuí” díbhinní arna bhfáil, an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát (arb í an chuideachta í a éilíonn an faoiseamh faoin alt seo) ó fhochuideachta choigríche de chuid na cuideachta, ar díbhinní iad—
(i) a chuirfear chun feidhme, tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus laistigh de thréimhse dar tosach bliain amháin roimh an lá a bhfaightear na díbhinní sa Stát agus dar críoch dhá bhliain i ndiaidh an lae sin, chun críocha plean infheistíochta cheadaithe, agus
(ii) a bheidh sonraithe i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2);
ciallaíonn “faoiseamh faoin alt seo”, i ndáil le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, an méid a ndéantar aon cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta a laghdú de bhua fho-alt (3).
(b) (i) An tagairt i mír (a) do “fochuideachta choigríche”, ciallaíonn sí fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta i gcás go gcónaíonn an chuideachta sa Stát agus, maidir leis an bhfochuideachta, gur cónaitheoir í i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gcríoch a mbeidh comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, déanta lena rialtas.
(ii) Chun críocha fhomhír (i)—
tá le “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá” an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967;
measfar gur cónaitheoir i gcríoch seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá cuideachta má mheastar amhlaidh ina taobh faoi fhorálacha comhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas na críche sin agus a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht sin.
(2) I gcás plean infheistíochta a bheith curtha go cuí faoi bhráid an Aire ag cuideachta agus—
(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an plean dírithe ar chruthú nó cothabháil fostaíochta sa Stát in oibríochtaí trádála atá á seoladh, nó le seoladh, sa Stát, agus
(b) go bhfuil scéala i scríbhinn faighte ag an Aire ón gcuideachta i dtaobh mhéid na ndíbhinní lena mbaineann,
féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt don chuideachta á dheimhniú gur méid díbhinní iomchuí a bheidh i méid díbhinní a bheidh sonraithe sa deimhniú.
(3) Faoi réir fho-alt (4), i gcás go n-éileoidh agus go gcruthóidh cuideachta go bhfuil aon mhéid díbhinní iomchuí faighte aici i dtréimhse chuntasaíochta, ní dhéanfar an méid dá hioncam don tréimhse arb ionannas dó na díbhinní sin a chur i gcuntas le linn ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide.
(4) Más rud é, i ndáil le deimhniú a tugadh do chuideachta faoi fho-alt (2), gur dóigh leis an Aire, maidir leis an bplean infheistíochta ceadaithe lena mbaineann, nár cuireadh na díbhinní iomchuí go léir, nó nár cuireadh cuid acu, chun feidhme laistigh den tréimhse dá bhforáiltear sa mhíniú ar “díbhinní iomchuí” i bhfo-alt (1) (a), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta, méid na ndíbhinní iomchuí a bheidh sonraithe sa deimhniú a laghdú de cibé méid nach mbeidh curtha chun feidhme amhlaidh, agus, dá réir sin, má dhéantar méid na ndíbhinní iomchuí a bheidh sonraithe i ndeimhniú a laghdú amhlaidh—
(a) i gcás go mbeidh faoiseamh faoin alt seo deonaithe i leith mhéid na ndíbhinní iomchuí a bhí sonraithe sa deimhniú sular laghdaíodh an méid sin amhlaidh, déanfaidh an cigire cibé measúnachtaí nó measúnachtaí breise is gá chun an faoiseamh a tugadh i leith mhéid an laghdaithe a ghnóthú, agus
(b) i gcás nach mbeidh éileamh ar fhaoiseamh déanta fós, ní bheidh faoiseamh dlite faoin alt seo i leith mhéid an laghdaithe.
(5) Aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo, is i scríbhinn chuig an gcigire a dhéanfar é agus cuirfear isteach é mar aon le tuairisceán na cuideachta ar a brabúis don tréimhse ina bhfaightear na díbhinní iomchuí sa Stát.
Brabúis de chuid Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim a dhíolmhú ó cháin chorparáide.
42.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhrabúis a eascróidh chuig Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim in aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnaíonn tar éis an 17ú lá de Shamhain, 1986, beidh siad díolmhaithe ó cháin chorparáide.
Caibidil V
Liúntais Chaipitiúla
Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
43.—Leasaítear leis seo alt 251 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985) den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4), i ndiaidh mhír (b):
“(bb) (i) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh, an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1989, ionann is dá gcuirfí ‘le trí cheathrú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1), agus
(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an gcúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1).”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra nua, ní bheidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967, ná le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin.”.
Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
44.—Leasaítear leis seo alt 254 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, ní dhéanfar aon mhéadú ar aon liúntas faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de bhua fhorálacha alt 25 den Acht Airgeadais, 1978, i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin.”.
Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
45.—Leasaítear leis seo alt 265 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985) den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (c):
“(d) má fhaigheann an duine a mbeidh teideal aige chuig an leas iomchuí comaoin (seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) i leith leasa atá faoi réir an leasa iomchuí sin,”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, ná aon chomaoin den chineál dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1), nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin nó an chomaoin sin iarmhar an chaiteachais díreach roimh an teagmhas, tabharfar liúntas cothromaíochta agus is é a mhéid méid an iarmhair sin nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin nó thar an gcomaoin sin.”,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh, nó comaoin den chineál dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1), ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó, i gcás ar nialas an t-iarmhar, leis an airgead sin nó leis an gcomaoin sin.”.
Leasú ar alt 11 (liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe i limistéir neamhfhorbartha) den Acht Airgeadais, 1967.
46.—Leasaítear leis seo alt 11 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Airgeadais, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.
(b) Maidir le haon innealra nó gléasra a sholáthrófar lena úsáid ar an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an innealra nó an ghléasra sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—
(i) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid roimh an lú lá d'Aibreán, 1989, ná 75 faoin gcéad, nó
(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná 50 faoin gcéad,
den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.
Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971.
47.—Leasaítear leis seo alt 26 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Airgeadais, 1971, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.
(b) Maidir le haon innealra nó gléasra a sholáthrófar lena úsáid ar an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an innealra nó an ghléasra sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—
(i) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná 75 faoin gcéad, nó
(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná 50 faoin gcéad,
den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.
Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978.
48.—Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú le halt 25 den Acht Airgeadais, 1979) den Acht Airgeadais, 1978, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) I gcás liúntas a bheith le tabhairt faoin alt sin 264, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caiteachais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (4) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 264 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.
(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an chaiteachais sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—
(i) i gcás gur roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 75 faoin gcéad, nó
(ii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 50 faoin gcéad,
de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”.
Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.
49.—Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú le halt 51 den Acht Airgeadais, 1986) den Acht Airgeadais, 1981, trí “1991” a chur in ionad “1988” i bhfo-alt (1).
Liúntais áirithe a bhuanú.
50.—Beidh éifeacht leis na forálacha (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976, agus arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ionann is dá mba thagairtí don lú lá d'Aibreán, 1991 na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1988 (mar a fhoráiltear in alt 20 den Acht Airgeadais, 1985).
AN TÁBLA Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail), Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla), Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta). |
Feidhm liúntas áirithe i ndáil le limistéir áirithe agus caiteachas áirithe.
51.—(1) Tá feidhm ag an alt seo—
(a) maidir le hinnealra nó gléasra nó foirgneamh tionscail a sholáthrófar lena úsáid chun críocha oibríochtaí trádála ar oibríochtaí trádála iomchuí iad de réir bhrí alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) nó alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980;
(b) maidir le háitreabh ar áitreabh cáilitheach é, de réir bhrí alt 42 den Acht Airgeadais, 1986;
(c) maidir le hinnealra nó gléasra nó foirgneamh tionscail—
(i) ar tabhaíodh an caiteachas á sholáthar faoi chonradh ceangailteach a rinneadh ar an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó roimh an dáta sin, nó
(ii) a sholáthraítear chun críocha tionscadail a cheadaigh gníomhaireacht forbartha tionscail ar an 31ú lá de Nollaig, 1988, nó roimh an dáta sin;
agus
(d) maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, chun críocha trádála nó cuid de thrádáil arb éard í trádáil óstóireachta arna seoladh i bhfoirgneamh nó déanmhas nó i gcuid den chéanna (lena n-áirítear innealra nó gléasra arna sholáthar ag léasóir do léasaí lena úsáid i dtrádáil nó cuid de thrádáil den sórt sin) i gcás conradh ceangailteach chun an foirgneamh nó an déanmhas sin a sholáthar a bheith déanta tar éis an 27ú lá d'Eanáir, 1988, ach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1988.
(2) Beidh éifeacht le halt 251 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá scriosfaí mír (bb) d'fho-alt (4) agus fo-alt (7) agus ionann is dá gcuirfí “1991” in ionad “1988” i bhfo-alt (4) (d).
(3) Beidh éifeacht le halt 11 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1967, agus le halt 26 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—
(a) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 11, agus
(b) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 26,
a scriosadh.
(4) Beidh éifeacht le halt 254 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus le halt 25 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1978, i ndáil le caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh tionscail nó áitribh lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—
(a) fo-alt (7) den alt sin 254, agus
(b) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 25,
a scriosadh.
(5) Beidh éifeacht le halt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó déanmhas lena mbaineann fo-alt (1) (d), ionann is dá mba nár achtaíodh alt 45.
(6) San alt seo ciallaíonn “gníomhaireacht forbartha tionscail” an tÚdarás Forbartha Tionscail, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta.
Feirmeoireacht.
52.—(1) Leasaítear leis seo alt 22 (arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1983) den Acht Airgeadais, 1974—
(a) maidir le caiteachas a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí “ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún” a chur isteach i ndiaidh “fálta” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin (2) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):
“(b) nach mó an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe—
(i) i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil sin, agus
(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin.”.
AN TÁBLA (2) I gcás ina dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta, ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún, nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síosscríofa (dá ngairtear “liúntais foirgneamh feirme” san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin: |
(2) Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1977, trí “agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989,” a chur isteach i ndiaidh “an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis,” i bhfo-alt (1).
(3) Ní bheidh éifeacht le halt 26 den Acht Airgeadais, 1980, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe a thosaíonn tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1989.
Caibidil VI
Tobhach ar Chiste Pinsean
Tobhach ar chiste pinsean.
53.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “sócmhainní”, i ndáil le scéim, infheistíochtaí, taiscí agus aon mhaoin eile (lena n-áirítear aon fhiach agus aon chonradh árachais) a bheidh á sealbhú chun críocha na scéime, seachas sócmhainní eisiata;
ciallaíonn “riarthóir”, i ndáil le scéim, na hiontaobhaithe nó na daoine eile a dhéanann bainisteoireacht ar shócmhainní na scéime;
ciallaíonn “duine inmhuirearaithe”, i ndáil le sócmhainní scéime—
(a) i gcás nach conarthaí árachais na sócmhainní, an riarthóir i ndáil leis an scéim, agus
(b) i gcás gur conarthaí árachais na sócmhainní, an t-árachóir i ndáil le conradh den sórt sin;
ciallaíonn “conradh árachais” aon chonradh de chineál a thuairiscítear in alt 50 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “sócmhainní eisiata”, i ndáil le scéim, sócmhainní arb ionannas dóibh—
(a) dliteanais scéime is inchurtha síos do sholáthar sochar iomchuí (de réir bhrí alt 13 den Acht Airgeadais, 1972) i leith fostaithe a bhfeidhmítear a bhfostaíocht lasmuigh den Stát go hiomlán, nó
(b) dliteanais faoi aon chonradh seachas conradh i leith gnó in aicme VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 79/267/CEE ón gComhairle, dar dáta 5 Márta, 1979(1);
ciallaíonn “árachóir” duine is sealbhóir ar údarú de réir bhrí na Rialachán nó is sealbhóir ar cheadúnas árachais a meastar leis na Rialacháin sin gur údarú é;
tá le “ciste pinsean”, i ndáil le hárachóir, an bhrí chéanna atá leis in alt 50 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “na Rialacháin” Rialacháin na gComhphobhal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);
ciallaíonn “scéim” scéim sochar scoir de réir bhrí alt 14 den Acht Airgeadais, 1972, nó conradh blianachta scoir nó scéim iontaobhais lena mbaineann alt 235 nó alt 235A den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(2) Chun críocha an ailt seo, is é “an méid inmhuirearaithe” i ndáil le haon sócmhainní méid a chinnfear de réir na foirmle
(A × 9) ________ | - P |
100 |
i gcás—
arb é A margadhluach comhiomlán na sócmhainní ar an lú lá d'Eanáir, 1988, agus
arb é P méid iomlán aon phinsean (lena n-áirítear blianachtaí) a íocadh sa bhliain 1988 i leith dhliteanais na scéime arb ionannas dóibh aon sócmhainn a áirítear le linn méid A a bheith á chinneadh:
Ar choinníoll, i gcás duine inmhuirearaithe seachas árachóir, gurb é an méid inmhuirearaithe an méid a chinnfear de réir na foirmle thuas, lúide—
(a) méid aon úis a fuarthas sa bhliain 1988 (ar ús iomchuí é de réir bhrí alt 31 (1) den Acht Airgeadais, 1986) i leith aon taisce a áirítear le linn méid A a bheith á chinneadh, agus
(b) dá mbeadh d'éifeacht leis, an méid inmhuirearaithe a laghdú go nialas, £5,000 nó cibé méid is lú ná sin a mbeadh an éifeacht sin leis.
(3) Don bhliain 1988, déanfar, de réir fhorálacha an ailt seo, tobhach (dá ngairtear “an tobhach” ina dhiaidh seo san alt seo) a mhuirearú ar an duine inmhuirearaithe, i ndáil le haon sócmhainní de chuid scéime, de réir ráta 6 faoin gcéad ar an méid inmhuirearaithe i leith na sócmhainní.
(4) Tabharfaidh an duine inmhuirearaithe don Ard-Bhailitheoir, ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1989 nó roimh an lá sin, tuairisceán ina dtaispeánfar—
(a) an méid inmhuirearaithe don bhliain 1988,
(b) méid an tobhaigh is inmhuirearaithe faoin alt seo i leith an méid sin, agus
(c) aon mhéid a íocadh, de réir fho-alt (6), ar cuntas an méid dá dtagraítear i mír (b).
(5) Beidh méid an tobhaigh a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite agus iníoctha an 30ú lá de Mheitheamh, 1989, agus íocfaidh an duine inmhuirearaithe leis an Ard-Bhailitheoir é agus beidh méid an tobhaigh a bheidh dlite amhlaidh iníoctha gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar méid an tobhaigh a bheidh tagtha chun bheith dlite agus iníoctha amhlaidh a mheasúnú ar an duine inmhuirearaithe mura mbeidh an méid sin nó aon chuid de íoctha ar an lá sin nó roimhe.
(6) D'ainneoin fho-alt (5), íocfaidh an duine inmhuirearaithe leis an Ard-Bhailitheoir, ar an 30ú lá de Shamhain, 1988, nó roimh an lá sin, méid ar cuntas mhéid an tobhaigh is iníoctha don bhliain 1988 agus is é méid is iníoctha ar cuntas amhlaidh méid nach lú ná 90 faoin gcéad de mhéid an tobhaigh a bheidh dlite de réir fho-alt (5), agus déileálfar leis an méid a íocadh ar cuntas amhlaidh mar mhéid comhionann den tobhach a bheidh dlite de réir fho-alt (5).
(7) Aon mhéid ar cuntas an tobhaigh is iníoctha ag duine inmhuirearaithe faoi fho-alt (6) beidh sé iníoctha amhlaidh gan measúnacht a bheith déanta agus na forálacha den alt seo a bhaineann le bailiú agus gnóthú an tobhaigh beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le bailiú agus gnóthú méid ar cuntas an tobhaigh.
(8) Má dhealraíonn sé don chigire go bhfuil aon mhéid den tobhach is iníoctha ar chóir é a áireamh, agus nach mbeidh curtha san áireamh, i dtuairisceán faoi fho-alt (4), nó má bhíonn an cigire mí-shásta le haon tuairisceán den sórt sin, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an duine inmhuirearaithe, go feadh méid a bhreithiúnais, chun aon mhéid nár íocadh a ghnóthú; agus aon mhéid den tobhach a bheidh dlite faoi mheasúnacht arna déanamh de bhua an fho-ailt seo déileálfar leis, chun críocha úis ar an tobhach nár íocadh, mar mhéid ab iníoctha an tráth arbh iníoctha é dá mbeadh tuairisceán tugtha.
(9) (a) Aon mhéid den tobhach a bheidh measúnaithe ar dhuine inmhuirearaithe faoin alt seo beidh sé dlite laistigh de mhí amháin tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an méid sin nó aon mhéid a áireofar mar mhéid ar cuntas an méid sin dlite níos luaithe faoi fho-alt (5) nó (6)), faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta a mbeidh aon mhéid dlite faoi fho-alt (5) nó (6).
(b) An tráth a chinnfear achomharc i gcoinne measúnachta faoin alt seo, aisíocfar aon mhéid den tobhach a bheidh ró-íoctha.
(10) (a) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—
(i) le measúnachtaí i leith cánach ioncaim,
(ii) le hachomhairc i gcoinne na measúnachtaí sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air), agus
(iii) le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim,
beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le measúnú, bailiú agus gnóthú aon mhéid den tobhach.
(b) Aon mhéid den tobhach, nó méid ar cuntas an tobhaigh, is iníoctha de réir an ailt seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach mí nó gach coda de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.
(c) Na forálacha d'fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.
(d) Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ina fheidhm maidir le haon mhéid den tobhach a mhuirearófar le haon mheasúnacht arna déanamh de réir na Caibidle seo, ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár.
(e) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 30 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le haon mhéid den tobhach a mhuirearófar le measúnacht arna déanamh de réir na Caibidle seo.
(11) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán chun críocha an ailt seo agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán iomlán é.
(12) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1988, alt 53 (4)” a chur isteach i gcolún 2.
(13) Ní lamhálfar an tobhach a mhuirearaítear leis an alt seo mar asbhaint nó mar chreidmheas chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim a ríomh nó a mhuirearú.
(14) Más rud é, faoin alt seo—
(a) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe ar árachóir é méid i leith an tobhaigh i ndáil le conradh árachais, measfar gur eisíocaíocht riachtanach as ciste pinsean an árachóra an méid sin agus féadfaidh an t-árachóir aon sochair faoin gconradh a choigeartú dá réir sin, agus
(b) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe ar riarthóir é méid i leith an tobhaigh i ndáil le sócmhainní scéime, measfar gur eisíocaíocht riachtanach as na sócmhainní sin an méid sin agus féadfar aon sochair is iníoctha faoin scéim a choigeartú dá réir sin.
CUID II
Custaim agus Mál
Léiriú (Cuid II).
54.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1987” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987 (I.R. Uimh. 19 de 1987).
Táirgí tobac.
55.—(1) (a) San alt seo ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977.
(b) San alt seo agus sa Cheathrú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo in Acht 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an alt seo.
(2) Leasaítear leis seo Acht 1977—
(a) in alt 1 (1)—
(i) tríd an míniú ar “cavendish nó negrohead” a scriosadh, agus
(ii) trí “tobac píopa milsithe” a chur in ionad “cavendish nó negrohead” sna mínithe ar “tobac cruafháiscthe” agus “tobac píopa eile”,
agus
(b) sa Chéad Sceideal, trí “Tobac píopa milsithe” a chur in ionad “Cavendish nó negrohead”.
(3) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1987.
Hidreacarbóin.
56.—(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).
(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir £29.47 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (1) d'Ordú 1987.
(3) (a) Chun críocha an fho-ailt seo—
(i) measfar gur ola díluaidhe ola éadrom hidreacarbóin mhianra má bhíonn cion nach mó ná 0.013 ghram luaidhe an lítear ann nó, i gcás ola den sórt sin a sheachadadh le haghaidh úsáide baile roimh an lú lá d'Aibreán, 1990, má bhíonn cion nach mó ná 0.020 gram luaidhe an lítear ann, agus
(ii) cinnfear an cion luaidhe in ola éadrom hidreacarbóin mhianra de réir fhorálacha Treoir Uimh. 85/210/CEE ón gComhairle, dar dáta 20 Márta, 1985(1).
(b) Faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur, déanfar lacáiste ar an dleacht máil a fhorchuirtear, le mír 11 (1) d'Ordú 1975, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a lamháil de réir £0.80 an heictilítear i leith ola den sórt sin (nach gásailín eitleoireachta de réir bhrí alt 73 den Acht Airgeadais, 1984) a meastar gur ola díluaidhe í de bhua mhír (a) agus a n-íoctar an dleacht sin a dúradh uirthi an 28ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis.
(4) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir £22.31 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (2) d'Ordú 1987.
Substaintí atá measctha le hearraí, a ndlitear dleacht máil orthu, a bhaint astu.
57.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon earraí ar a ndlitear dleacht máil agus atá measctha le substaint nó substaintí éigin eile chun críocha a bhaineann le lacáiste dleachta máil ar na hearraí sin nó leis na hearraí sin a dhíolmhú ó dhleacht máil.
(2) Aon duine a dhéanfaidh, gan toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim, substaint nó substaintí a luaitear i bhfo-alt (1) a bhaint as earraí lena mbaineann an t-alt seo, nó a dhéanfaidh iarracht an tsubstaint nó na substaintí sin a bhaint astu, nó a bheidh bainteach go feasach leis an mbaint nó leis an iarracht ar an mbaint sin nó a dhéileálfaidh go feasach, ar bhealach ar bith, le hearraí den sórt sin a mbeidh an tsubstaint nó na substaintí a luaitear i bhfo-alt (1) bainte astu gan an toiliú sin a dúradh, beidh sé ciontach i gcion.
(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, pionós máil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, pionós máil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.
(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, arna leasú le halt 17 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984, i ndáil le cion faoi fho-alt (2) ionann is dá mba thagairtí do phionós máil na tagairtí i bhfo-alt (3) (a) den alt sin 13 do fhíneáil.
(5) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi fho-alt (2) agus go suífear go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ina bhall de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, measfar an duine sin a bheith ciontach freisin sa chion agus féadfar agairt ina leith agus é a phionósú dá réir sin.
Ordú a dhaingniú.
58.—Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 287) (Dleacht Máil ar Uiscí Boird), 1987 (I.R. Uimh. 338 de 1987).
CUID III
Cáin Bhreisluacha
Léiriú (Cuid III).
59.—Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972.
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.
60.—Leasaítear leis seo alt 1 (2) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(bb) tagairtí d'airgead a bhí dlite don duine agus de réir fhorálacha alt 73 den Acht Airgeadais, 1988, atá íoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ag duine eile agus atá, dá bharr sin, scortha de bheith dlite don duine den duine eile sin, agus”.
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.
61.—Leasaítear leis seo alt 11 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985) den Phríomh-Acht—
(a) trí “, (bb)” a chur isteach i ndiaidh “i míreanna (b)” i mír (a),
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(bb) 5 faoin gcéad den mhéid arb inmhuirearaithe cáin air i ndáil le soláthar leictreachais,”, agus
(c) trí “1.4 faoin gcéad” a chur in ionad “1.7 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) i mír (d).
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.
62.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978) den Phríomh-Acht trí “1.4 faoin gcéad” a chur in ionad “1.7 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) i bhfo-alt (1).
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
63.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí mhír (xx) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) a scriosadh.
CUID IV
Dleachtanna Stampa
Tobhach ar bhainc.
64.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar 12 agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;
ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1987, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;
ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA”, a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 21ú lá d'Eanáir, 1987, an 18ú lá d'Fheabhra, 1987, an 31ú lá de Mhárta, 1987, an 15ú lá d'Aibreán, 1987, an 20ú lá de Bhealtaine, 1987, an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, an 15ú lá d'Iúil, 1987, an 19ú lá de Lúnasa, 1987, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1987, an 21ú lá de Dheireadh Fómhair, 1987, an 18ú lá de Shamhain, 1987 agus an 31ú lá de Nollaig, 1987;
ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.
(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 14ú lá de Mheán Fómhair, 1988, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:
(a) 0.325 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £102,000,000, agus
(b) 0.45 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £102,000,000:
Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £102,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.325 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.
(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó go mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 14ú lá de Mheán Fómhair, 1988, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.
(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.
65.—(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (8) faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities”—
“(8A) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds fifty thousand pounds but does not exceed sixty thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds sixty thousand pounds:
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration ... ... ... ... ... ... ... £2.50”
(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 288) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1988 (I.R. Uimh. 8 de 1988).
CUID V
Cáin Fháltas Caipitiúil
Leasú ar alt 63 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Acht Airgeadais, 1985.
66.—(1) Leasaítear leis seo alt 63 (1) den Acht Airgeadais, 1985, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “i gcoinne an chéanna, anuas go dtí glanmhéid an chéanna”, eadhon—
“i gcoinne an chéanna:
Ar choinníoll, i ndáil le gach sócmhainn, nó le cuid de gach sócmhainn, a dhiúscrófar amhlaidh, gurb é méid a asbhainfear cibé méid acu seo a leanas is lú—
(a) méid is comhionann le méid na cánach gnóchan caipitiúil is inchurtha síos don tsócmhainn sin, nó don chuid den tsócmhainn sin, nó
(b) méid is comhionann le méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is inchurtha síos don mhaoin arb í an tsócmhainn sin, nó an chuid sin den tsócmhainn sin, í”,
agus tá an fo-alt sin 63 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go muirearófar cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.
AN TÁBLA 63.—(1) I gcás ina muirearaítear cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlaíonn an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gur diúscairt sócmhainne (arb í an mhaoin chéanna nó aon chuid den mhaoin chéanna í) an teagmhas céanna chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ní dhéanfar an cháin ghnóchan caipitiúil, más ann, is inmhuirearaithe ar an diúscairt a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta ach, sa mhéid gur íocadh í, asbhainfear í as an nglancháin bhronntanais nó as an nglancháin oidhreachta mar chreidmheas i gcoinne an chéanna: Ar choinníoll, i ndáil le gach sócmhainn, nó le cuid de gach sócmhainn, a dhiúscrófar amhlaidh, gurb é méid a asbhainfear cibé méid acu seo a leanas is lú— (a) méid is comhionann le méid na cánach gnóchan caipitiúil is inchurtha síos don tsócmhainn sin, nó don chuid den tsócmhainn sin, nó (b) méid is comhionann le méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is inchurtha síos don mhaoin arb í an tsócmhainn sin, nó an chuid sin den tsócmhainn sin, í. |
CUID VI
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
67.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1987” alt 51 den Acht Airgeadais, 1987;
ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988 beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1987 ach “£44,473,927” a chur in ionad “£45,510,049”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1987 ach “£33,669,150” a chur in ionad “£34,980,050”.
(4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £44,807,298 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais comhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988.
(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £34,439,900 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
(8) Íocfaidh an tAire isteach sa Chuntas, agus cuirfidh sé chun feidhme, aon suim (lena n-áirítear ús a bheidh faighte aige ar thaiscí sealadacha arna sealbhú thar lear faoi alt 4 (2) (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leithreasa, 1969) den Acht Leithreasa, 1965, agus ús a bheidh faighte ar chuntais an Státchiste le Banc Ceannais na hÉireann nó le sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971) a bheidh faighte aige de dhroim idirbhearta a ndeachthas fúthu faoi alt 54 (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) den Acht Airgeadais, 1970, chun an t-ús agus na caiteachais ar an bhfiach poiblí a íoc.
Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1970.
68.—Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970—
(a) trí “, nó ó aon Chiste Roinne eile atá faoina rialú,” a chur isteach i ndiaidh “ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist” i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht Airgeadais, 1978), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983):
“(8) Féadfaidh an tAire, chun bainisteoireacht níos fearr a dhéanamh ar an bhféichiúnas a thabhóidh sé faoin alt seo, cibé nithe a dhéanamh agus cibé bearta a ghlacadh (lena n-áirítear saineolaithe agus sainseirbhísí a fhostú) a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun na gcríoch sin, agus is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a mhuirearófar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an tAire Airgeadais faoin bhfo-alt seo nó thairis sin i ndáil leis an mbainisteoireacht sin.”.
AN TÁBLA (5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, urrúis a bhunaigh agus a d'eisigh sé faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas a cheannach ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist, nó ó aon Chiste Roinne eile atá faoina rialú, agus a chealú. |
Forálacha a bhaineann le suimeanna a airleacan do Chiste na nIasachtaí Áitiúla.
69.—(1) I gcás go ndéantar, nó go ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon suim a airleacan, de bhun alt 5 (2) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935, as an bPríomh-Chiste do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, féadfaidh an tAire Airgeadais, más dóigh leis gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, tarscaoileadh a dhéanamh—
(a) ar an tsuim sin go léir, nó ar cibé cuid de a shonróidh an tAire, nó
(b) ar iomlán aon iarmhéid den tsuim sin nach mbeidh aisíoctha nó ar cibé cuid de a shonróidh an tAire,
mar aon le hiomlán aon úis neamhíoctha ar an tsuim sin nó ar an iarmhéid sin, nó cibé cuid de a bheidh sonraithe amhlaidh.
(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le gach suim nó iarmhéid ar tarscaoileadh a n-aisíoc nó cuid dá n-aisíoc, nó ar tarscaoileadh aisíoc an úis nó cuid den ús orthu de bhun fho-alt (1), ráiteas ina sonrófar na nithe seo a leanas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, eadhon:
(a) méid iomlán na suime a airleacadh as an bPríomh-Chiste;
(b) méid iomlán na príomhshuime, ar tarscaoileadh a haisíoc de bhun fho-alt (1); agus
(c) méid iomlán an úis, ar tarscaoileadh a aisíoc de bhun fho-alt (1).
Urrúis de chuid Bhord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.
70.—(1) Leasaítear leis seo Cuid XXXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 467:
“467A.—(1) Aon bhintiúir, stoc bhintiúir, bannaí, nótaí, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis arna eisiúint tar éis dháta rite an Achta Airgeadais, 1988, ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.
(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, le linn méid brabús nó gnóchan cuideachta lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh chun críocha measúnachta faoi Sceideal D, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, ar stoc bintiúir, ar bhannaí, ar nótaí, ar dheimhnithe muirir nó ar fhoirmeacha eile urrúis a bheidh, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466 arna chur chun feidhme leis an alt seo, íoctha ag an gcuideachta gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin.
(3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Bord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.”, agus
(b) trí “467A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 467,” in alt 474 (1), agus tá an t-alt sin 474 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar arb iníoctha ús gan cáin ioncaim a asbhaint de bhua ordaithe ón Aire Airgeadais de bhun alt 467, 467A, 471, 472 nó 473 nó alt 59 den Acht Airgeadais, 1970, nó alt 92 den Acht Airgeadais, 1973. |
(2) (a) Leasaítear leis seo alt 19 (d) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith, trí “Bord Telecom Éireann, Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.,” a chur isteach i ndiaidh “Bord Soláthair an Leictreachais,” agus tá an t-alt sin 19 (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
(b) Amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 54 den Acht Airgeadais, 1983, ná le mír (b) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984.
AN TÁBLA (d) bintiúir, stoc bintiúir, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis a d'eisigh Bord Soláthair an Leictreachais, Bord Telecom Éireann, Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t., Córas Iompair Éireann, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, Bord na Móna, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta. |
Puntáiste agus táillí áirithe eile.
71.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “na hAchtanna”—
(a) na hAchtanna Cánach,
(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,
(c) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,
(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus
(e) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin,
agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;
ciallaíonn “deimhniú” deimhniú arna eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “cláraitheoir contae” duine atá ceaptha chun bheith ina chláraitheoir contae faoi alt 35 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926;
ciallaíonn “mainnitheoir” duine a bheidh sonraithe nó deimhnithe in ordú forghníomhaithe nó deimhniú ar duine é a mbeidh méid iomchuí a bheidh sonraithe nó deimhnithe san ordú nó sa deimhniú iontobhaigh ina leith;
tá le “ordú forghníomhaithe” an bhrí chéanna atá le “ordú feidhmiúcháin” san Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926;
ciallaíonn “táillí” na táillí, ar a dtugtar táillí puntáiste, is iníoctha faoi alt 14 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, agus faoi orduithe arna ndéanamh faoin Acht sin, i leith seirbhísí ag forghníomhú, nó i dtaca le forghníomhú, ordaithe fhorghníomhaithe a ordaíonn nó a údaraíonn ordú cúirte a fhorghníomhú trí mhaoin duine a urghabháil agus a dhíol nó, de réir mar is cuí, na táillí, ar comhréir leis na táillí sin a dúradh, is iníoctha faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith deimhniú a fhorghníomhú;
ciallaíonn “ús ar cháin neamhíoctha” ús a bheidh faibhrithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna a dhéanann foráil le haghaidh ús a mhuirearú i leith cánach neamhíoctha, lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí;
ciallaíonn “méid iomchuí” méid cánach nó ús ar cháin neamhíoctha;
ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá, de réir aon fhorála de na hAchtanna, curtha faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.
(b) Aon tagairtí, maidir le hordú forghníomhaithe, do mhéid iomchuí, folaíonn siad tagairtí d'aon mhéid costas a bheidh sonraithe san ordú.
(2) (a) Más rud é—
(i) go ndéanfar ordú forghníomhaithe nó deimhniú ina sonraítear nó ina ndeimhnítear mainnitheoir, agus a bhaineann le méid iomchuí, a thaisceadh, roimh dháta an Achta seo a rith, nó dá éis, leis an sirriam cuí nó leis an gcláraitheoir contae cuí lena fhorghníomhú,
(ii) go dtabharfaidh an sirriam nó, de réir mar a bheidh, an cláraitheoir contae fógra don mhainnitheoir faoin taisceadh nó faoi é bheith beartaithe aige an t-ordú forghníomhaithe nó an deimhniú a fhorghníomhú trí mhaoin an mhainnitheora lena mbaineann sé a urghabháil, nó go n-éileoidh sé go n-íocfaidh an mainnitheoir an méid iomchuí, agus
(iii) go n-íocfar an méid iomchuí go léir, nó cuid de, leis an sirriam nó, de réir mar a bheidh, leis an gcláraitheoir contae nó leis an Ard-Bhailitheoir, tar éis an fógra a bheith tugtha nó an t-éileamh a bheith déanta mar a dúradh,
ansin, chun críche dhliteanas an mhainnitheora i leith táillí a íoc agus chun críche fheidhmiú aon chearta nó cumhachtaí i ndáil le bailiú táillí atá dílsithe de thuras na huaire, faoin dlí, do shirriamaí agus do chláraitheoirí contae—
(I) measfar seilbh a bheith glactha, i bhforghníomhú an ordaithe fhorghníomhaithe nó an deimhnithe, ag an sirriam nó, de réir mar a bheidh, ag an gcláraitheoir contae, ar an maoin sin a dúradh, agus
(II) measfar an íocaíocht a luadh i bhfomhír (iii) a bheith tobhaithe, i bhforghníomhú an ordaithe fhorghníomhaithe nó an deimhnithe, ag an sirriam nó, de réir mar a bheidh, ag an gcláraitheoir contae,
agus beidh táillí iníoctha ag an mainnitheoir leis an sirriam sin nó, de réir mar a bheidh, leis an gcláraitheoir contae sin dá réir sin i leith na híocaíochta a luadh i bhfomhír (iii).
(b) Beidh feidhm ag mír (a) freisin, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcás gur tugadh nó go ndearnadh fógra nó éileamh den chineál a luaitear i bhfomhír (ii) den mhír sin roimh dháta an Achta seo a rith, má íocadh na táillí lena mbaineann leis an sirriam nó leis an gcláraitheoir contae lena mbaineann roimh an dáta rite sin.
Dreasú chun cúrsaí cánach a thabhairt cothrom le dáta.
72.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “na hAchtanna”—
(i) na hAchtanna Cánach,
(ii) Cuid V den Acht Airgid, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin,
(iii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus
(iv) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,
agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;
tá le “riaráistí cánach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2) (a);
ciallaíonn “an dáta dlite”, i ndáil le méid cánach, an dáta a dtiocfaidh duine chun bheith faoi dhliteanas ús a íoc, faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, maidir le híoc déanach na cánach sin;
ciallaíonn “meastachán” meastachán cánach arna dhéanamh de réir fhorálacha—
(i) alt 7 nó 8 den Acht Airgeadais, 1968,
(ii) alt 17 den Acht Airgeadais, 1970, agus na rialachán atá déanta faoi, nó
(iii) alt 22 nó 23 den Acht Cánach Breisluacha, 1972,
de réir mar a bheidh;
folaíonn “breithiúnas” aon ordú nó foraithne;
ciallaíonn “ús iomchuí” ús (seachas ús lena mbaineann fo-alt (4)) is iníoctha de réir na bhforálacha sonraithe i leith riaráistí cánach;
ciallaíonn “na forálacha sonraithe” aon fhoráil de na hAchtanna a bhféadfadh duine dá mbun a bheith faoi dhliteanas—
(i) ús a íoc i leith cánach neamhíoctha lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí, nó
(ii) fíneáil nó pionós eile a íoc i leith ciona;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin bhreisluacha, de réir mar a bheidh.
(b) An tagairt i bhfo-alt (2) (b) do mhéid cánach a bheidh dlite agus iníoctha forléireofar í, i gcás cáin a mheasúnú nó a mheas i measúnacht nó meastachán a mbeidh achomharc déanta ina aghaidh, mar thagairt don mhéid cánach a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha ar an achomharc a chinneadh (de réir bhrí alt 550 (2A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967) nó, fad a bheidh an cinneadh sin ar feitheamh, an cháin mar a measúnaíodh nó mar a measadh í.
(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine—
(a) nár íoc nó nár chuir ar aghaidh, roimh an dáta dlite, cáin (dá ngairtear “riaráistí cánach” san alt seo) a bhí dlite agus iníoctha aige ar an 31ú lá de Nollaig, 1987, nó roimh an dáta sin de réir aon fhorála de chuid na nAchtanna, lena n-áirítear cáin a bheadh dlite agus iníoctha amhlaidh dá mbeadh aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú (is tuairisceán, ráiteas nó dearbhú, de réir mar a bheidh, ba chóir a bheith déanta aige ach nach raibh déanta aige, de réir na nAchtanna) déanta amhlaidh agus dá mbeadh an cháin sin ar áireamh i measúnacht nó meastachán a rinneadh roimh an dáta sin,
agus
(b) a d'íoc nó a chuir ar aghaidh, tráth ar bith sa tréimhse idir an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1988—
(i) na méideanna cánach go léir a bhí dlite agus iníoctha aige roimh an tréimhse sin nó lena linn de réir fhorálacha na nAchtanna, lena n-áirítear cibé riaráistí cánach dá dtagraítear i mír (a), agus
(ii) na méideanna go léir a dhligh sé a íoc nó a chur ar aghaidh roimh an tréimhse sin nó lena linn—
(I) de réir fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus na rialachán arna ndéanamh fúthu,
(II) de réir fhorálacha an Achta um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus na rialachán arna ndéanamh faoi,
(III) de réir fhorálacha an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981, agus na rialachán arna ndéanamh faoi, agus
(IV) de réir fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais, 1983.
(3) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, i gcás duine lena mbaineann an t-alt seo—
(a) déanfar ús iomchuí a bheidh dlite de agus gan íoc ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) a tharscaoileadh, agus
(b) ní thionscnófar aon imeachtaí, ná ní leanfar ar aghaidh le haon imeachtaí, chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú a bheidh tabhaithe ag an duine, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi aon cheann de na forálacha sonraithe i ndáil le riaráistí cánach, ná ní lorgóidh ná ní éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim go n-íocfaidh an duine aon suim in ionad na fíneála nó an phionóis sin.
(4) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hús is inmhuirearaithe in aghaidh aon mhíosa, nó cuid de mhí, dar tosach—
(a) an lú lá de Mhárta, 1988, i leith cánach a dhligh duine a chur ar aghaidh—
(i) de bhun Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus na rialachán arna ndéanamh faoi, nó alt 7 den Acht Airgeadais, 1968, agus na rialachán a dúradh, nó a dhligh duine a íoc de réir fhorálacha alt 8 den Acht Airgeadais, 1968,
(ii) de bhun alt 17 den Acht Airgeadais, 1970, agus na rialachán arna ndéanamh faoi, nó
(iii) de bhun an Achta Cánach Breisluacha, 1972, agus na rialachán arna ndéanamh faoi,
nó
(b) an 1ú lá de Bhealtaine, 1988, i leith cánach seachas cáin dá dtagraítear i mír (a).
(5) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (3) nó aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, aon ús iomchuí a íocfaidh duine an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis—
(a) déanfar, más duine é lena mbaineann an t-alt seo, é a aisíoc leis, nó
(b) féadfar, mura duine den sórt sin é, é a áireamh mar íocaíocht i leith aon mhéid (is méid a bheadh, dá mba dhuine den sórt sin é, íoctha nó curtha ar aghaidh aige de réir fho-alt (2) (b)) más rud é, ach más rud é amháin, gur dhuine lena mbaineann an t-alt seo a bheadh ann de bhíthin an áirimh sin; agus déanfar aon ús iomchuí a bheidh íoctha de bhreis ar an méid sin a dúradh a aisíoc leis.
(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ús, fíneáil nó pionós eile—
(a) a bheidh, i gcás fíneála nó pionóis eile, gearrtha ag cúirt faoi aon cheann de na hAchtanna,
(b) i gcás úis, is ús a d'ordaigh cúirt do dhuine a íoc in aon imeachtaí chun cáin nó ús a ghnóthú, nó
(c) in aon chás, a bheidh ar áireamh i suim shonraithe de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1983, más rud é, de bhun imscrúdú ag cigire, gur ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis an tsuim shonraithe ar an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó roimhe sin.
(7) Leasaítear leis seo alt 23 (4) den Acht Airgeadais, 1983, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) go bhfuil feidhm ag forálacha alt 72 den Acht Airgeadais, 1988, nó”.
Méideanna a bheidh dlite i ndáil le cáin a asbhaint ó íocaíochtaí a bheidh dlite do mhainnitheoirí.
73.—(1) (a) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1988.
(b) San alt seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “na hAchtanna”—
(i) na hAchtanna Cánach,
(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus
(iii) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,
agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;
ciallaíonn “fiach breise”, i ndáil le duine iomchuí a bhfuil fógra astaithe faighte aige i leith cáiníocóra, aon mhéid a bheadh, tráth ar bith tar éis don duine iomchuí an fógra astaithe a fháil ach roimh dheireadh na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, ina fhiach a bheadh dlite don cháiníocóir den duine sin dá mbeadh fógra astaithe faighte aige an tráth sin;
ciallaíonn “fiach”, i ndáil le fógra astaithe a bheidh tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra agus i ndáil leis an duine iomchuí sin agus leis an gcáiníocóir sin, méid nó méid comhiomlán aon airgid a bheidh, an tráth a bhfaighidh an duine iomchuí an fógra astaithe, dlite den duine iomchuí (cibé acu as a chuntas féin, nó mar ghníomhaire nó iontaobhaí) don cháiníocóir is cuma cé acu a bheidh nó nach mbeidh iarratas déanta ag an gcáiníocóir go n-íocfaí (leis féin nó le haon duine eile) nó go dtarraingeofaí amach an t-airgead go léir nó cuid de:
Ar choinníoll—
(i) más foras airgeadais duine iomchuí, go ndéanfar aon mhéid nó aon mhéid comhiomlán airgid, lena n-áirítear ús ar an gcéanna, arb éard é, an tráth sin, taisce atá á shealbhú ag an duine iomchuí chun creidmheasa an cháiníocóra dá thairbhe féin amháin, a áireamh mar fhiach a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir an tráth sin,
(ii) nach ndéanfar aon mhéid airgid a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir mar dhíolaíochtaí faoi chonradh seirbhíse a áireamh amhlaidh, agus
(iii) i gcás díospóid a bheith ann i dtaobh méid airgid a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir, go dtabharfar neamhaird ar an méid atá faoi dhíospóid d'fhonn méid an fhéich a chinneadh;
ciallaíonn “taisce” suim airgid a íocfar le foras airgeadais ar théarmaí faoina n-aisíocfar é i dteannta nó d'éagmais úis agus sin ar éileamh nó ag tráth agus in imthosca ar a gcomhaontófar idir an duine nó thar ceann an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus an duine lena ndéanfar í;
ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní arb inmheasúnaithe cáin ioncaim air faoi Sceideal E;
ciallaíonn “foras airgeadais” sealbhóir ar cheadúnas a eisíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin agus folaíonn sé brainse d'fhoras airgeadais a thaifeadann taiscí ina chuid leabhar mar dhliteanais de chuid an bhrainse;
ciallaíonn “tuairisceán sa bhreis” tuairisceán arna thabhairt ag duine iomchuí faoi fho-alt (4);
ciallaíonn “ús ar cháin neamhíoctha”, i ndáil le méid sonraithe a bheidh sonraithe i bhfógra astaithe, ús a bheidh faibhrithe anuas go dtí an dáta a dtabharfar an fógra astaithe, faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna a dhéanann socrú le bús a mhuirearú i leith cánach neamhíoctha lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí;
ciallaíonn “fógra astaithe” fógra faoi fho-alt (2);
ciallaíonn “fógra cúlghairme” fógra faoi fho-alt (10);
ciallaíonn “pionós” pionós airgeadaíochta arna ghearradh ar cháiníocóir faoi fhoráil de na hAchtanna;
ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i ndáil le fógra astaithe agus maidir leis an duine iomchuí dá dtugtar an fógra astaithe, an tréimhse dar tosach an tráth a bhfaighidh an duine iomchuí an fógra agus dar críoch—
(i) an dáta a gcríochnóidh sé de bheith ag íoc méid leis na Coimisinéirí Ioncaim, as an bhfiach, nó as comhiomlán an fhéich agus aon fhéich bhreise eile, a bheidh dlite de don cháiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra, is méid ar comhionann leis an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir,
(ii) an dáta a bhfaighidh sé fógra cúlghairme i leith an fhógra astaithe, nó
(iii) más amhlaidh atá, maidir leis féin nó leis an gcáiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra—
(I) go ndearbhaítear ina fhéimheach é, an dáta a ndearbhaítear amhlaidh é féin nó an cáiníocóir, nó
(II) gur cuideachta é a dtosaítear á foirceannadh, an “dáta iomchuí” de réir bhrí alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, i ndáil leis an bhfoirceannadh,
cibé dáta acu is luaithe;
ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le cáiníocóir, duine a bhfuil cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go bhféadfadh go bhfuil, an tráth a bhfaighidh sé fógra astaithe i leith cáiníocóra, fiach dlite de don cháiníocóir;
ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán arna thabhairt ag duine iomchuí faoi fho-alt (2) (a) (iii);
tá le “méid sonraithe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2) (a) (ii);
ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá, de réir aon fhorála de chuid na nAchtanna, curtha faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim;
ciallaíonn “cáiníocóir” duine a dhlíonn cáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó a chur ar aghaidh chucu nó cuntas a thabhairt dóibh ina leith faoi na hAchtanna.
(2) (a) Faoi réir fho-alt (3), i gcás gur mhainnigh cáiníocóir, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, aon cháin, ús ar cháin neamhíoctha nó pionós a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó a chur ar aghaidh chucu nó cuntas a thabhairt dóibh ina leith, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mura mbeidh an mhainneachtain ceartaithe ag an gcáiníocóir, fógra i scríbhinn (dá ngairtear “an fógra astaithe” san alt seo) a thabhairt do dhuine iomchuí i ndáil leis an gcáiníocóir agus beidh ar áireamh san fhógra sin—
(i) ainm agus seoladh an cháiníocóra,
(ii) méid nó méid comhiomlán (dá ngairtear “an méid sonraithe” san alt seo) na gcánacha, an úis ar chánacha neamhíoctha agus na bpionós a mbeidh mainneachtain déanta ag an gcáiníocóir ina leith an tráth a dtabharfar an fógra astaithe, agus
(iii) ordú don duine iomchuí—
(I) go ndéanfaidh sé, laistigh den tréimhse 10 lá ón tráth a bhfaighidh sé an fógra astaithe, tuairisceán i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim ina sonrófar cé acu atá nó nach bhfuil aon fhiach dlite de don cháiníocóir an tráth a bhfaighidh sé an fógra agus i gcás aon fhiach a bheith dlite amhlaidh, ina sonrófar méid an fhéich:
Ar choinníoll, i gcás méid an fhéich a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir a bheith ar cóimhéid leis an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur mó ná an méid sin é, gur méid ar cóimhéid leis an méid sonraithe a bheidh i méid an fhéich a bheidh sonraithe sa tuairisceán,
agus
(II) má bhíonn méid aon fhéich sonraithe amhlaidh, go n-íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse a dúradh, suim ar cóimhéid le méid an fhéich a bheidh sonraithe amhlaidh.
(b) Ní mór do dhuine iomchuí a mbeidh fógra astaithe tugtha dó déanamh de réir an ordaithe san fhógra.
(3) Ní dhéanfar aon mhéid i leith cánach, úis ar cháin neamhíoctha nó pionóis, a mbeidh mainneachtain déanta ag cáiníocóir ina leith mar a shonraítear i bhfo-alt (2), a áireamh i bhfógra astaithe mura rud é—
(a) go mbeidh tréimhse míosa caite ón dáta ar ar thosaigh an mhainneachtain sin, agus
(b) go mbeidh fógra i scríbhinn (bíodh nó ná bíodh sa doiciméad ina bhfuil an fógra faisnéis eile freisin á tabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim don cháiníocóir), tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim don cháiníocóir, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a bhfaighidh an duine iomchuí atá i gceist an fógra astaithe, á rá go bhféadfar, mura n-íocfar an méid, é a shonrú i bhfógra astaithe agus é a ghnóthú faoin alt seo ó dhuine iomchuí i ndáil leis an gcáiníocóir.
(4) Más rud é, nuair a fhaigheann duine iomchuí fógra astaithe, gur lú méid an fhéich a bheidh dlite de don cháiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir nó nach mbeidh aon fhiach dlite amhlaidh agus, tráth ar bith dá éis sin ach roimh dheireadh na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, go dtiocfaidh fiach breise chun bheith dlite den duine iomchuí don cháiníocóir, déanfaidh an duine iomchuí, laistigh de 10 lá ón tráth sin—
(a) más ionann comhiomlán mhéid aon fhéich a bheidh dlite amhlaidh agus an fhéich bhreise a bheidh dlite amhlaidh, agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó más lú ná an méid sonraithe sin é—
(i) tuairisceán sa bhreis, ina sonrófar an fiach breise, a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim, agus
(ii) méid an fhéich bhreise a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim,
agus mar sin ar aghaidh do gach ócáid ina dhiaidh sin, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra astaithe, a dtiocfaidh fiach breise chun bheith dlite den duine iomchuí don cháiníocóir go dtí gur comhionann méid comhiomlán an fhéich agus an fhéich bhreise nó na bhfiach breise a bheidh dlite amhlaidh, agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó go dtí go mbeidh feidhm ag forálacha mhír (b) i ndáil le fiach breise, agus
(b) más mó méid comhiomlán aon fhéich agus an fhéich bhreise nó na bhfiach breise a bheidh dlite amhlaidh don cháiníocóir ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir—
(i) tuairisceán sa bhreis a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim ina sonrófar cibé cion den fhiach breise is déanaí a fhágann, nuair a chuirtear é le comhiomlán an fhéich agus aon fhiach breise is luaithe, gur comhionann é agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, agus
(ii) an cion sin a dúradh den fhiach breise a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
(5) I gcás go seachadfaidh duine iomchuí go calaoiseach nó go faillíoch tuairisceán, nó tuairisceán sa bhreis, nach bhfuil cruinn ach a airbheartaíonn gur tuairisceán nó tuairisceán sa bhreis é arna thabhairt de réir an ailt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion faoi alt 94 den Acht Airgeadais, 1983.
(6) (a) I gcás fógra astaithe a bheith tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra, ní dhéanfaidh an duine iomchuí, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, aon eisíocaíochtaí as an bhfiach, ná as aon fhiach breise, a bheidh dlite de don cháiníocóir ach amháin sa mhéid—
(i) nach laghdóidh aon eisíocaíocht den sórt sin an fiach nó comhiomlán an fhéich agus aon fhiach breise a bheidh dlite amhlaidh go dtí méid is lú ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó
(ii) gur de bhun ordaithe cúirte a dhéantar aon eisíocaíocht den sórt sin.
(b) Chun críocha an ailt seo, aon eisíocaíocht a dhéanann duine iomchuí contrártha do mhír (a), measfar nach laghdaíonn sé méid an fhéich ná aon fhiach breise atá dlite de don cháiníocóir.
(7) (a) Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le mainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán a cheanglaítear le fógra astaithe a sheachadadh laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san fhógra nó tuairisceán sa bhreis a sheachadadh laistigh den tréimhse ama atá sonraithe i bhfo-alt (4) mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1988, mír (a) (iii) (I) d'fho-alt (2) agus míreanna (a) (i) agus (b) (i) d'fho-alt (4) d'alt 73” a chur isteach i gColún 1.
(b) Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus a dheimhníonn gur scrúdaigh sé na taifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas tuairisceán sonraithe ó dhuine iomchuí le linn tréimhse sonraithe, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an duine iomchuí an tuairisceán le linn na tréimhse sin agus féadfar deimhniú, a dheimhníonn mar a fhoráiltear leis an mír seo agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh.
(8) I gcás go ndéanfaidh duine iomchuí a mbeidh fógra astaithe i leith cáiníocóra tugtha dó—
(a) an tuairisceán a sheachadadh a cheanglaítear a sheachadadh leis an bhfógra sin ach go mainneoidh sé an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán, nó aon chuid den mhéid sin, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, nó
(b) tuairisceán sa bhreis a sheachadadh faoi fho-alt (4) ach go mainneoidh sé an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán sa bhreis, nó aon chuid den mhéid sin, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fho-alt sin (4),
féadfar, mura mbeidh an fógra astaithe cúlghairthe le fógra cúlghairme, agairt i leith an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán nó sa tuairisceán sa bhreis, nó i leith na coda sin, de réir mar a bheidh, a mhainnigh sé a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar é a ghnóthú, trí chaingean nó trí imeachtaí cuí eile, ar agra ó oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in aon chúirt dlínse inniúla.
(9) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhágann go ndlífear, maidir le haon mhainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán nó tuairisceán sa bhreis, a cheanglaítear leis an alt seo, a thabhairt, nó an méid nó na méideanna a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim a cheanglaítear air a íoc leis an alt seo, an mhainneachtain sin a áireamh mar mhainneachtain lena mbaineann alt 94 den Acht Airgeadais, 1983.
(10) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra astaithe a bheidh tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra a chúlghairm tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don duine iomchuí agus cúlghairfear láithreach é má bhíonn an méid sonraithe íoctha ag an gcáiníocóir leis na Coimisinéirí Ioncaim.
(b) Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocann duine iomchuí aon mhéid leis na Coimisinéirí Ioncaim as fiach nó fiach breise a bheidh dlite de don cháiníocóir agus go mbeidh, an tráth a bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid sin, an méid sonraithe íoctha ag an gcáiníocóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid céadluaite a aisíoc láithreach leis an gcáiníocóir.
(11) Má thugtar fógra astaithe nó fógra cúlghairme do dhuine iomchuí i ndáil le cáiníocóir, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip de láithreach don cháiníocóir.
(12) (a) Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocfaidh duine iomchuí aon mhéid leis na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an duine iomchuí fógra i scríbhinn a thabhairt láithreach don cháiníocóir lena mbaineann sé ina sonrófar an íocaíocht, méid na híocaíochta agus an fáth a ndearnadh í.
(b) Ar na Coimisinéirí Ioncaim d'fháil méid a bheidh íoctha de bhun an ailt seo, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scéala i scríbhinn a thabhairt láithreach don cháiníocóir agus don duine iomchuí á rá go bhfuair siad an méid sin.
(13) Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocfaidh duine iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim an t-iomlán, nó cuid, de mhéid féich, nó féich bhreise, a bhí dlite de do cháiníocóir, nó aon chion de mhéid den sórt sin, lamhálfaidh an cáiníocóir an íocaíocht sin agus saorfar agus díscaoilfear an duine iomchuí i leith mhéid na híocaíochta amhail is dá mba leis an gcáiníocóir a íocadh í.
(14) Más rud é, de bhun an ailt seo, go bhfuil duine iomchuí toirmiscthe ó aon eisíocaíocht a dhéanamh as fiach, nó fiach breise, atá dlite do cháiníocóir, ní bheidh aon ábhar caingne i gcoinne an duine iomchuí in aon chúirt mar gheall ar mhainneachtain aon eisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh.
(15) Aon oibleagáid atá ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a chaomhnú nó aon srian eile ar nochtadh faisnéise ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní bheidh feidhm aici nó aige i ndáil le faisnéis a bheidh i bhfógra astaithe.
(16) Ní dhéanfar fógra astaithe i leith cáiníocóra a thabhairt do dhuine iomchuí tráth ar féimheach neamhurscaoilte nó cuideachta atá á foirceannadh an duine iomchuí nó an cáiníocóir.
(17) I gcás fógra astaithe a bheith tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, fógra astaithe i leith an cháiníocóra a thabhairt d'aon duine iomchuí eile.
(18) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh.
Forléiriú Achtanna áirithe de réir an Achta um Stádas Leanaí, 1987.
74.—(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna”—
(i) na hAchtanna Cánach,
(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,
(iii) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus
(iv) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa,
agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu.
(2) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna nó na dátaí ar ar ritheadh iad, le linn bheith ag fionnadh cén gaol atá idir daoine chun críocha na nAchtanna, forléireofar na hAchtanna de réir alt 3 den Acht um Stádas Leanaí, 1987.
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo—
(i) i ndáil leis na hAchtanna Cánach, maidir leis an mbliain 1987-88 agus blianta measúnachta dá éis nó le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, de réir mar a bheidh,
(ii) i ndáil leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis,
(iii) i ndáil leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, agus
(iv) i ndáil leis na reachtanna a bhaineann le dleachtanna stampa, maidir le haon ionstraim arna forghníomhú an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis.
Taiscí le Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt agus le Corparáid an Chairde Tionscail cpt a ráthú.
75.—An chumhacht atá ag an Aire ráthaíocht a thabhairt—
(a) faoi alt 14 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, go n-aisíocfar aon airgead a chruinnigh Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt, nó a fuair sí ar iasacht, agus
(b) faoi alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, go n-aisíocfar aon airgead a chruinnigh Corparáid an Chairde Tionscail cpt, nó a fuair sí ar iasacht,
folóidh sí, agus measfar gur fholaigh sí riamh, an chumhacht ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfar airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a taisceadh le Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt agus le Corparáid an Chairde Tionscail, cpt.
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna.
76.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
77.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1987, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, a ghairm díobh le chéile.
(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le Ciste na nIasachtaí Áitiúla) a fhorléiriú i dteannta Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1987, agus féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1988 a ghairm den Chuid sin agus de na hAchtanna sin, le chéile.
(8) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1988.
(9) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas alt 60, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1988, agus glacfaidh an t-alt sin 60 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1988.
(10) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Leasú ar Achtacháin
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:
(a) in alt 138—
(i) i mír (a), trí “£4,100” a chur in ionad “£4,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986),
(ii) i mír (b)—
(I) trí “£2,550” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), i bhfomhír (i), agus
(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):
“(ii) baintreach fir nó mná, seachas duine lena mbaineann mír (a), ar sa bhliain mheasúnachta sin a d'éag a chéile nó a céile, asbhaint £4,100, agus”,
agus
(iii) i mír (c), trí “£2,050” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986),
(b) in alt 138A(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985), trí “£1,550” a chur in ionad “£1,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986) agus trí “£2,050” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), agus
(c) in alt 138B(1), trí “£800” a chur in ionad “£700” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986) gach áit a bhfuil sé.
AN DARA SCEIDEAL
Creidmheasanna Cánach
CUID I
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí
1. Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear in alt 31 (1):
(a) ailt 45 (5), 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2) agus 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976,
(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977) d'alt 66 (3) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976, an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”,
(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “an ráta caighdeánach faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé, agus
(d) in alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976, an míniú ar “A” i mír (b).
2. (1) Chun críocha na míre seo agus alt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh,
agus
(b) i gcás dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh.
(2) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “ach beidh feidhm ag an tsriantacht” go dtí deireadh an fho-ailt, eadhon “ach ní mó méid an chreidmheasa cánach, nó comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i gcás breis agus dáileadh amháin a bheith faighte, is féidir a fhritháireamh ná méid a chinnfear de réir na foirmle
S × (A - B) | ||
________________ | ||
100 |
i gcás—
arb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an dáileadh,
arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí a chuirtear san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta óna gnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus
arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí a bhfuil, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éilimh faoi alt 8 (3).”
3. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh a dhéanann cuideachta sa bhliain 1988-89 agus a bhfuil feidhm ag alt 64 den Acht Cánach corparáide, 1976, maidir leis.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978, ná ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983, maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo.
(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo—
(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8739, sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus
(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar 1.0980, sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983.
4. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh a dhéanann cuideachta sa bhliain 1989-90 nó i mblianta measúnachta dá éis, agus a bhfuil feidhm ag alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978, ná ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983, maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo.
(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo—
(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7222 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988,
(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .9074 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, agus
(c) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8264 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh sa bhliain 1988-89.
CUID II
Leasuithe ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
1. Leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, maidir le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) d'alt 45:
“(7) Más dealraitheach don chigire gur mó méid an chreidmheasa cánach ar taispeánadh faighteoir dáilte iomchuí (lena n-áirítear cuid de dháileadh a áirítear faoi fho-alt (2) mar dháileadh iomchuí) a bheith ina theideal sa ráiteas a bhí i gceangal nó ag gabháil le haon bharántas nó seic nó ordú eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó in aon ráiteas a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, ná méid an chreidmheasa cánach ar chóir a thaispeáint sa ráiteas sin go bhfuil faighteoir an ráitis ina theideal faoi threoir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an cigire measúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar an gcuideachta faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an ráiteas, ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air, de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin, agus an méid ar mó an creidmheas cánach a thaispeántar sa ráiteas ná an creidmheas cánach ar chóir a thaispeáint sa ráiteas sin go bhfuil faighteoir an ráitis sin ina theideal:
Ar choinníoll—
(a) nach ndéanfar aon mhéid a ndéantar, de bhua an fho-ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ar chuideachta ina leith le measúnacht faoi Chás IV de Sceideal D, a áireamh mar ioncam de chuid na cuideachta chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach, agus
(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo más deimhin leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go mbeadh sé cóir réasúnach de bhíthin na cuideachta do cheartú an ráitis a bhí i gceangal nó ag gabháil leis an mbarántas nó leis an seic nó leis an ordú iomchuí eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó an ráitis a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, nó ar aon chúis leormhaith eile, nach mbeadh feidhm acu.”,
(b) trí “nó C” a scriosadh as fo-alt (2) d'alt 46,
(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982, agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 47 (2):
“(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sna mínithe, in alt 45 (1) ar A, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus ar R, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, a laghdú mar a leanas:
(I) maidir le A, méid a chinnfear de réir na foirmle
G × | 5 | × | H | ||
_ | __ | ||||
4 | J |
i gcás—
arb é G méid an laghdaithe san fhaoiseamh maidir leis an trádáil don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (bb) den choinníoll sin,
arb é H ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus
arb é J an cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta de réir bhrí an ailt sin 182, agus
(II) maidir le R, méid a chinnfear de réir na foirmle
V × | H | ||
__ | |||
J |
i gcás—
na bríonna céanna a bheith le H agus J atá leo i bhfomhír (I) den mhír seo, agus
arb é V méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 182 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi mhíreanna (b) agus (bb) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin, agus”,
(d) trí “nó D” a scriosadh as mír (ii) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982, agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 47 (2),
(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) d'fho-alt (2) d'alt 48:
“(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú, in alt 45 (1), ar A, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus ar R, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, a laghdú mar a leanas:
(I) maidir le A, méid a chinnfear de réir na foirmle
K × | L | × | N | ||
__ | __ | ||||
M | P |
i gcás—
arb é K méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 184 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi fhorálacha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin,
arb é L ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976,
arb é M an cháin chorparáide iomchuí de réir bhrí alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta,
arb é N an t-ioncam ó dhíol earraí, de réir bhrí alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus
arb é P an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta,
agus
(II) maidir le R, méid a chinnfear de réir na foirmle
K × | L | ||
__ | |||
M |
i gcás—
na bríonna céanna a bheith le K, L agus M atá leo i gclásal (I) den mhír seo,
agus”,
(f) trí “nó D” a scriosadh as mír (ii) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982, agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 48 (2), agus
(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 49:
“(2) I gcás go bhfaighidh cuideachta, i dtréimhse chuntasaíochta, dáileadh forlíontach iomlán, nó cuid de dháileadh forlíontach, faoi fho-alt (1) is dáileadh iomchuí de réir bhrí alt 45, ansin, chun críocha an ailt sin—
(a) is é a bheidh sa dáileadh forlíontach iomlán nó sa chuid de dháileadh forlíontach, de réir mar a bheidh, méid a chuirtear i gcuntas faoin míniú ar E, agus
(b) is é a bheidh sa dáileadh forlíontach iomlán méid a chuirtear i gcuntas faoin míniú ar T
sna foirmlí i bhfo-ailt (1) agus (1B) den alt sin.”.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha
CUID I
Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 28, 79, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis na blianta airgeadais 1988 agus 1989
1. (a) Maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 6 (3) agus leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 13 (1B) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá mba bhliain airgeadais gach tréimhse ar leith díobh seo a leanas—
(i) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988,
(ii) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus
(iii) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990.
(b) Leasaítear leis seo alt 13 (1B) den Acht sin, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll:
“Ar choinníoll, chun críocha na forála roimhe seo den fho-alt seo, i gcás gur i mbliain airgeadais amháin (dá ngairtear ‘an bhliain airgeadais chéadluaite’ ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) a thiteann cuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite a thiteann an chuid eile, agus go mbeidh rátaí éagsúla i bhfeidhm faoi alt 1 (1) do gach bliain de na blianta sin, measfar gurb é ‘an ráta a shonraítear in alt 1 (1)’ ráta faoin gcéad arna ríomh de réir na foirmle
(A × C) | + | (B × D) | ||
________ | ________ | |||
E | E |
i gcás—
arb é A an ráta faoin gcéad a bheidh i bhfeidhm don bhliain airgeadais chéadluaite,
arb é B an ráta faoin gcéad a bheidh i bhfeidhm don bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite,
arb é C fad an chuid sin den tréimhse chuntasaíochta a thiteann sa bhliain airgeadais chéadluaite,
arb é D fad an chuid sin den tréimhse chuntasaíochta a thiteann sa bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite, agus
arb é E fad na tréimhse cuntasaíochta.”.
2. (1) Chun críocha alt 33 (2) agus ailt 28 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
(2) (a) Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú le halt 21 den Acht Airgeadais, 1978) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, trí “17.5 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” i bhfo-alt (2).
(b) Chun críocha na fomhíre seo agus an ailt sin 28, i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
3. (1) Chun críocha fhomhír (3) agus ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus
(b) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
(2) Más rud é, faoi fhomhír (1), go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, measfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar don chuid a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear dí, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.
(3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin d'aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ionann is dá mba é a bhí sa ráta caighdeánach—
(a) 32 faoin gcéad don bhliain 1988-1989, agus
(b) 28 faoin gcéad don bhliain 1989-1990 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.
CUID II
Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
1. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus a chríochnaíonn ar an lá sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1982) den Acht Airgeadais, 1980, dá ngairtear “alt 41 (2)” ina dhiaidh seo sa Chuid seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú ceithre chúigiú” go dtí deireadh an fho-ailt:
“a laghdú—
(a) ceithre chúigiú, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus
(b) tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989,
agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—
(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus
(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.
(2) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, nó roimh an dáta sin, beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá gcuirfí “tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe” in ionad “ceithre chúigiú”.
(3) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus a chríochnaíonn an dáta sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú ceithre chúigiú” go dtí deireadh an fho-ailt:
“a laghdú—
(a) tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus
(b) tríocha a trí de dhaichead tríthe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990,
agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—
(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus
(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.
(4) Leasaítear leis seo alt 41 (2), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí “tríocha a trí de dhaichead tríthe” a chur in ionad “ceithre chúigiú”.
2. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, nó roimh an dáta sin, beidh éifeacht le hailt 47 (2) agus 48 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1982) den Acht Airgeadais, 1980, ionann is dá gcuirfí—
(a) “47/37” in ionad “5/4” i mír (i) d'alt 47 (2),
(b) “10/37” in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 47 (2), agus
(c) “10/37” in ionad “1/4” i mír (ii) d'alt 48 (2).
(2) Leasaítear leis seo ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—
(a) trí “43/33” a chur in ionad “5/4” i mír (i) d'alt 47 (2),
(b) trí “10/33” a chur in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 47 (2), agus
(c) trí “10/33” a chur in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 48 (2).
(3) Más rud é, de bhua mhír 3 (1) de Chuid I, go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, déileálfar freisin leis an gcuid sin mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha na míre seo agus chun críocha ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980, agus measfar, chun críocha na n-alt sin 47 (2) agus 48 (2), gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar do chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
An Cineál Táirge | An Ráta Dleachta |
Toitíní... ... ... ... ... | £39.60 an míle mar aon le méid is ionann agus 13.33 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní. |
Todóga ... ... ... ... | £58.444 an cileagram |
Tobac píopa milsithe ... ... ... | £59.059 an cileagram |
Tobac cruafháiscthe ... ... ... | £37.768 an cileagram |
Tobac píopa eile ... ... ... | £47.476 an cileagram |
Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun a choganta ... | £49.318 an cileagram |