[EN]

harp.jpg


Uimhir 10 de 1985


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985


RIAR NA nALT

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Alt

1.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

2.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3.

Faoisimh phearsanta.

4.

Leasú ar alt 138A (liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

5.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.

6.

Leasú ar alt 125 (feidhm Í.M.A.T.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

7.

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

8.

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

9.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le cáin a bheidh dlite a mheas.

10.

Ioncam áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú a bheith díolmhaithe.

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

11.

Feidhm alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983, maidir le 1985-86.

Caibidil III

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

12.

Leasú ar alt 550 (ús ar cháin thar téarma) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

13.

Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.

14.

Leasú ar alt 18 (brabúis ó áitiú talún áirithe) den Acht Airgeadais, 1969.

15.

Leasú ar alt 21 (íocaíochtaí le hollscoileanna) den Acht Airgeadais, 1973.

16.

Bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin.

17.

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

18.

Leasú ar Chaibidil VIII (stocfhaoiseamh) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.

19.

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

20.

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú.

21.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais ar athfheistiú.

22.

Leathnú ar fheidhm faoisimh i leith foirgnimh áirithe a athchóiriú.

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

23.

Am le cáin chorparáide a íoc.

24.

Ioncam áirithe de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe c.p.t. a bheith díolmhaithe.

Caibidil V

Luathcháin Chorparáide

25.

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1983.

CUID II

Custaim agus Mál

26.

Léiriú (Cuid II).

27.

Táirgí tobac.

28.

Leann úll agus leann piorraí.

29.

Hidreacarbóin.

30.

Lastóirí meicniúla.

31.

Geallta.

32.

Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste (rátaí nua).

33.

Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste (athrú ó each-chumhacht go dtí ceintiméadair chiúbacha).

34.

Laghdú ar an dleacht ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí.

35.

Forálacha a bhaineann le dleacht máil ar uiscí boird.

36.

Leasú ar an Finance (New Duties) Act, 1916.

37.

Leasú ar alt 26 (comhacht chun dul isteach agus cuardach do scríbhinní) den Acht Airgid, 1926.

38.

Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais, 1975.

39.

Imeachtaí i gcásanna máil sa Chúirt Dúiche.

40.

Orduithe a dhaingniú.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

41.

Léiriú (Cuid III).

42.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht.

43.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

44.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

45.

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.

46.

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

47.

Leasú ar alt 23 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh) den Phríomh-Acht.

48.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

49.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

50.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

51.

Leasuithe ilghnéitheacha (an Tríú, an Séú agus an Seachtú Sceideal) ar an bPríomh-Acht.

52.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

53.

Aisghairm.

54.

Méadú ar ráta cánach a chur siar (teaghaisí príobháideacha).

CUID IV

Dleachtanna Stampa

55.

Tobhach ar bhainc.

56.

Alt 86 (dleachtanna stampa ar gheallta cúrsa) den Acht Airgeadais, 1980, do scor.

57.

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982.

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

58.

Léiriú (Cuid V).

59.

Díolúine do chéilí.

60.

Faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe.

61.

Faoiseamh ó chomhiomlánú dúbailte.

62.

Liúntas i leith cánach is luaithe maidir leis an teagmhas céanna.

63.

Liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna.

64.

Leasú ar alt 106 (fáltais ag iontaobhais lánroghnacha) den Acht Airgeadais, 1984.

65.

Leasú ar alt 108 (díolúintí) den Acht Airgeadais, 1984.

CUID VI

Ilghnéitheach

66.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

67.

Ús áirithe faoin Acht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta), 1984, a íoc.

68.

Comhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le Bord Telecom Éireann.

69.

Urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais.

70.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

71.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

Leasú ar Achtacháin

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Uchtála. 1952 go 1976

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Excise Act, 1848

1848, c. 118

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgid, 1931

1931, Uimh. 31

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1960

1960, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1961

1961, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1979

1979, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1982

1982, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1984

1984, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

Finance (New Duties) Act, 1916

1916, c. 11

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe. 1981

1981. Uimh. 37

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht Árachais, 1936

1936, Uimh. 45

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889

1889, c. 60

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

Stamp Act, 1891

1891, c. 39

An tAcht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta), 1984

1984, Uimh. 23

Succession Duty Act, 1853

1853, c. 51

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978

1978, Uimh. 34

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

harp.jpg


Uimhir 10 de 1985


AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [30 Bealtaine, 1985] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1.—Maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

[EN]

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,300” a chur in ionad “£5,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) agus trí “£2,650” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£6,000” a chur in ionad “£5,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), tri “£7,000” a chur in ionad “£6,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), trí “£3,000” a chur in ionad “£2,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) agus trí “£3,500” a chur in ionad “£3,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 £5,300, agus

(b) in aon chás eile, £2,650.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,000:

Ar chionníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,000;

(b) in aon chás eile, £3,000:

Ar choinníoll má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,500.

[EN]

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984, maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

[EN]

“AN TÁBLA

[EN]

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,500

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,800 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

[EN]

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £9,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £5,600 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

[EN]

Faoisimh phearsanta.

3.—(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1985-86 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1984-85

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1985-86 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967:

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

3,600

3,800

(baintreach fir nó mná)

...

...

2,300

2,400

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

3,600

3,800

(duine singil)

...

...

...

1,800

1,900

alt 141

(leanbh éagumasaithe)

...

...

500

600

An tAcht Airgeadais, 1969:

alt 3

(coimeádaí tí ag tabhairt aire do

dhuine éagumasaithe)

...

...

2,000

2,500

An tAcht Airgeadais, 1971:

alt 11

(dall)

...

...

...

...

500

600

(an dá chéile dall)

...

...

...

1,200

1,400

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982, le halt 3 den Acht Airgeadais, 1984, agus le halt 8 den Acht Airgeadais, 1984, faoi réir fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

[EN]

Leasú ar alt 138A (liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

4.—Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 138A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980)—

[EN]

“138A.—(1) (a) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair nach bhfuil teideal aige chun asbhainte a luaitear i mír (a) nó mír (b) (ii) d'alt 138.

[EN]

(b) San alt seo ciallaíonn ‘leanbh cáilitheach', i ndáil le haon éilitheoir agus le haon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(i) leanbh—

[EN]

(I) a rugadh sa bhliain mheasúnachta, nó

[EN]

(II) atá, i dtosach na bliana measúnachta, faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

[EN]

(III) arb amhlaidh dó, má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana measúnachta—

[EN]

(A) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais, nó

[EN]

(B) go bhfuil sé, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, buanéagumasach ar é féin a chothabháil agus gur tháinig sé chun bheith buanéagumasach amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tháinig sé chun bheith buanéagumasach amhlaidh tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach sin le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh,

[EN]

agus

[EN]

(ii) leanbh is leanbh leis an éilitheoir nó, mura leanbh den sórt sin é, leanbh atá i gcoimeád an éilitheora agus á chothabháil ag an éilitheoir ar a chostas féin ar feadh iomlán na bliana measúnachta nó ar feadh coda di.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), má dhéanann an t-éilitheoir, is pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, a chruthú i gcás bliana measúnachta go bhfuil leanbh cáilitheach ina chónaí leis ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh coda di, beidh teideal aige, más pearsa aonair é lena mbaineann mír (b) (i) d'alt 138, chun asbhaint £1,400 nó, más pearsa aonair é lena mbaineann mír (c) d'alt 138, chun asbhaint £1,900:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm leis an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an banchéile lena fearchéile, ná i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.

[EN]

(3) Ní bheidh teideal ag éilitheoir ach chun aon asbhainte amháin faoi fho-alt (2) d'aon bhliain mheasúnachta, is cuma cé mhéid leanaí cáilitheacha a chónaíonn leis sa bhliain sin.

[EN]

(4) (a) Na tagairtí i bhfo-alt (1) (b) do leanbh atá ag fáil teagaisc lánaimsire i mbunachas oideachais, folóidh siad tagairtí do leanbh atá á oiliúint ag aon duine (dá ngairtear ‘an fostóir’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go bhfuil ar an leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

[EN]

(b) Chun críche éilimh maidir le leanbh atá á oiliúint, féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí i dtaobh oiliúint an linbh a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(5) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta maidir le haon leanbh a bhfuil teideal aige féin chun ioncaim de bhreis ar £720 sa bhliain sin, ach amháin, más lú méid na breise ná an asbhaint ab inlamhála ar leith ón bhfo-alt seo, go lamhálfar asbhaint arna laghdú den mhéid sin:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfar, le linn ioncam an linbh a bheith á ríomh chun críocha na forála sin roimhe seo, aon ioncam a bhfuil teideal ag an leanbh chuige mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta nó dearlaice oideachais eile dá samhail a chur i gcuntas.

[EN]

(6) Má éiríonn aon cheist i dtaobh teideal a bheith ag aon duine chun liúntais faoin alt seo maidir le leanbh atá os cionn 16 bliana d'aois, ar leanbh é atá ag fáil teagaisc lánaimsire den chineál sin a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

[EN]

(7) I bhfo-alt (1) (b) (ii) folaíonn an tagairt do leanbh leis an éilitheoir tagairt do leasleanbh dá chuid, do leanbh neamhdhlisteanach dá chuid má phós sé an tuismitheoir eile tar éis bhreith an linbh agus do leanbh uchtaithe dá chuid a bhfuil ordú uchtála faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, i bhfeidhm ina leith.”.

[EN]

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.

5.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn an méid ioncaim a fhionnadh a bhfuil pearsa aonair dá dtagraítear ann le muirearú i leith cánach ioncaim ina leith don bhliain 1985-86, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

[EN]

(a) “1985-86” a chur in ionad “1982-83”, agus

[EN]

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

[EN]

Leasú ar alt 125 (feidhm Í.M.A.T.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

6.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le díolaíochtaí ar sa bhliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis dóibh, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 125:

[EN]

“125.—Baineann an Chaibidil seo le gach díolaíocht seachas díolaíochtaí is díolaíochtaí ar chuir an cigire scéala chuig an bhfostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht agus nach inoibrithe, i dtuairim an chigire, ag féachaint do chúinsí na hoifige nó na fostaíochta nó do mhéid na ndíolaíochtaí, cáin a bhaint astu faoi threoir fhorálacha na Caibidle seo:

[EN]

Ar choinníoll go bhféadfaidh an cigire, más gá é de bharr athrú ar chúinsí na hoifige nó na fostaíochta nó ar mhéid na ndíolaíochtaí, an scéala sin a chealú trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don fhostóir agus bainfidh an Chaibidil seo ansin le híocaíochtaí díolaíochtaí ón oifig nó ón bhfostaíocht a dhéanfar tar éis dháta an fhógra sin.”.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, i ndáil le díolaíochtaí ar sa bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis dóibh, le haon fhógra arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann, faoi alt 125 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986.

[EN]

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

7.—Déantar leis seo alt 142A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a leasú i bhfo-alt (2), maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis—

[EN]

(a) trí “cúig bliana is caoga” a chur in ionad “seasca bliain” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) i mír (a) (i), agus

[EN]

(b) trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” agus “£750” a chur in ionad “£500” i mír (b),

[EN]

agus tá na míreanna sin (a) (i) agus (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) go raibh sé cúig bliana is caoga d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, agus

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “an teorainn iomchuí”—

(i) i gcás éilitheoir atá i dteideal asbhainte faoi alt 138 (a), £1,500, agus

(ii) in aon chás eile, £750.

[EN]

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

8.—Leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980):

[EN]

“(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh in ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear ‘na suimeanna sin' san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

[EN]

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

[EN]

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

[EN]

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin ná an méid sonraithe:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh feidhm le forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairsceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

[EN]

(1A) (a) Faoi réir mhír (b), san alt seo ciallaíonn ‘méid sonraithe'—

[EN]

(i) i gcás suimeanna a fhreagraíonn d'ús ar thaiscí a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1), £120:

[EN]

Ar choinníoll, más rud é go raibh an phearsa aonair cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘méid sonraithe', i gcás na suimeanna sin, £240;

[EN]

(ii) i gcás suimeanna a fhreagraíonn d'ús ar thaiscí a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1), £50:

[EN]

Ar choinníoll, más rud é go raibh an phearsa aonair cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘méid sonraithe', i gcás na suimeanna sin, £100.

[EN]

(b) Ní mó na suimeanna go léir a ndéanfar neamhshuim díobh faoin alt seo i gcás pearsan aonair ná an méid sonraithe iomchuí a luaitear i mír (a) (i).

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cé mhéid is mó na suimeanna sin ná an méid sonraithe iomchuí. déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.”.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le cáin a bheidh dlite a mheas.

9.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1968, maidir le meastacháin ar cháin a bheidh dlite a dhéanfar ar an Acht seo a rith nó dá éis—

[EN]

(a) in alt 7 (5), trí “nó alt 8” a scriosadh, agus

[EN]

(b) in alt 8—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1)—

[EN]

(I) trí “I gcás ina mbeidh cúis ag an gcigire, nó ag cibé oifigeach eile a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear ‘oifigeach eile' anseo ina dhiaidh seo san alt seo), a chreidiúint” a chur in ionad “I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint”.

[EN]

(II) trí “féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile meastachán a dhéanamh” a chur in ionad “féadfaidh siad meas a thabhairt”, agus

[EN]

(III) trí “dar leis” a chur in ionad “dar leo”, agus trí “sé” a chur in ionad “siad”,

[EN]

(ii) i mír (a) d'fho-alt (2)—

[EN]

(I) trí “don chigire nó don oifigeach eile” a chur in ionad “do na Coimisinéirí Ioncaim”, agus

[EN]

(II) trí “tríocha lá” a chur in ionad “cheithre lá dhéag”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) i bhfo-alt (4), trí “ón gcigire nó ón oifigeach eile” a chur in ionad “ó na Coimisinéirí Ioncaim”,

[EN]

agus tá an t-alt sin 7 (5), an fo-alt sin (1) (ar leith ó mhíreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin), an mhír sin (a) d'fho-alt (2) agus an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach nó oifigigh dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo a dhéanamh nó a chomhlíonadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(1) I gcás ina mbeidh cúis ag an gcigire, nó ag cibé oifigeach eile a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear “oifigeach eile” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), a chreidiúint gur mhó an méid iomlán cánach a dhligh fostóir faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míonna cánach ioncaim faoi seach in aon bhliain mheasúnachta áirithe ná an méid cánach (má b'ann) a d'íoc an fostóir in aghaidh na míonna sin ansin, gan dochar d'aon bheart eile is féidir a dhéanamh, féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile meastachán a dhéanamh i suim amháin ar an méid iomlán cánach ba cheart, dar leis, a bheith íoctha in aghaidh na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin agus féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an bhfostóir a shonróidh—

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar fhostóir faoi fho-alt (1)—

(a) féadfaidh an fostóir, má éilíonn sé go bhfuil an méid iomlán cánach nó an iarmhéid cánach atá gan íoc iomarcach, ar fhógra scríofa a thabhairt don chigire nó don oifigeach eile laistigh den tréimhse tríocha lá ó dáta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc,

(4) Féadfaidh fógra ón gcigire nó ón oifigeach eile faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá bhliain mheasúnachta nó níos mó.

[EN]

Ioncam áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú a bheith díolmhaithe.

10.—(1) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “talamh feirmeoireachta” talamh sa Stát atá áitithe go hiomlán nó go formhór chun críocha fearachais agus folaíonn sé foirgneamh (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais) atá ar an talamh agus a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta ar an talamh sin;

[EN]

tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “cíos” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

ciallaíonn “léas cáilitheach” léas ar thalamh feirmeoireachta—

[EN]

(i) is léas i scríbhinn nó is léas atá fianaithe i scríbhinn, agus

[EN]

(ii) is léas ar feadh téarma cinnte cúig bliana nó níos mó, agus

[EN]

(iii) is léas arna dhéanamh ar bhonn neamhthuilleamaíoch idir léasóir cáilitheach nó léasóirí cáilitheacha agus léasaí nó léasaithe ar léasaí cáilitheach i ndáil leis an léasóir cáilitheach nó na léasóirí cáilitheacha an léasaí, nó gach duine de na léasaithe;

[EN]

ciallaíonn “léasaí cáilitheach”, i ndáil le léasóir cáilitheach nó léasóirí cáilitheacha, pearsa aonair—

[EN]

(i) nach bhfuil baint aige leis an léasóir cáilitheach nó le haon duine de na léasóirí cáilitheacha, agus

[EN]

(ii) a úsáideann aon talamh feirmeoireachta atá léasaithe aige ón léasóir cáilitheach nó ó na léasóirí cáilitheacha chun críocha trádála feirmeoireachta atá á seoladh aige go haonraic nó i gcomhpháirt;

[EN]

ciallaíonn “léasóir cáilitheach” pearsa aonair—

[EN]

(i) atá 55 bliana d'aois nó os a chionn nó atá, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, buanéagumasach ar thrádáil feirmeoireachta a sheoladh, agus

[EN]

(ii) nach bhfuil an talamh feirmeoireachta is ábhar don léas cáilitheach léasaithe aige, tar éis an 30ú lá d'Eanáir, 1985, ó dhuine nó ó dhaoine a bhfuil baint aige leis nó le duine díobh ar théarmaí nach de chineál a mbeifí ag súil go mbeidís ar áireamh i léas dá mba ar neamhthuilleamaí a dhéantaí na caibidlí don léas;

[EN]

ciallaíonn “an méid sonraithe”, i ndáil le haon bharrachas nó barrachais (de réir bhrí alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967) a eascraíonn i leith an chíosa nó na gcíosanna ó aon talamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach nó léasanna cáilitheacha—

[EN]

(i) méid an bharrachais sin nó méid comhiomlán na mbarrachas sin, nó

[EN]

(ii) £2,000, nó

[EN]

(iii) i gcás nárbh i leith ligean nó ligin bliana iomláine ab infhaighte an cíos nó na cíosanna, an méid sin a mbeidh idir é agus £2,000 an chomhréir chéanna atá idir méid an chíosa nó méid comhiomlán na gcíosanna agus méid an chíosa nó méid comhiomlán na gcíosanna ab infhaighte i leith ligean nó ligin bliana iomláine,

[EN]

cibé acu is lú.

[EN]

(b) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis de réir fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

(2) I gcás inarb éard é ioncam iomlán léasóra cháilithigh don bhliain 1985-86 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó i gcás inar cuid den ioncam sin, aon bhrabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás V de Sceideal D agus go mbeidh aon bharrachas nó barrachais (de réir bhrí alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967) a eascraíonn i leith an chíosa nó na gcíosanna ó aon talamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach nó léasanna cáilitheacha curtha i gcuntas le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan sin a bheith á ríomh, beidh teideal ag an léasóir cáilitheach, le linn dó an t-ioncam iomlán sin a fhionnadh, chun asbhainte—

[EN]

(a) den mhéid sonraithe i ndáil leis an mbarrachas nó leis na barrachais, nó

[EN]

(b) de mhéid na mbrabús nó na ngnóchan,

[EN]

cibé acu is lú.

[EN]

(3) Maidir le méid aon asbhainte a bheidh dlite faoi fho-alt (2) déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, é a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin, agus i gcás ina mbeidh feidhm le forálacha alt 197 den Acht sin déanfar aon asbhaint a lamháiltear de bhua an fho-ailt sin (2) a leithroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile ionann is dá mba nach raibh siad pósta.

[EN]

(4) (a) Chun críocha fho-alt (2), i gcás ina mbaineann léas cáilitheach amháin le talamh feirmeoireachta agus le maoin. earraí nó seirbhísí eile trí chéile, ní áireofar mar bharrachas a eascraíonn i leith cíosa ó thalamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach ach cibé méid, más ann, den bharrachas a eascraíonn i leith an chíosa is iníoctha faoin léas a chinnfidh an cigire a bheith inchurtha síos go cuí don léas ar an talamh feirmeoireachta, agus sin tar éis cibé cionroinntí cíosa, costais agus asbhaintí eile is gá, go feadh a eolais agus a bhreithiúnais.

[EN]

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon mhéid a chinnfidh an cigire de bhua mhír (a) a leasú ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht.

[EN]

(5) D'fhonn a chinneadh cad é méid aon fhaoisimh atá le lamháil faoi fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé faisnéis is dóigh leis an gcigire is gá, a chur ar fáil.

[EN]

(6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm leo i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh feidhm leo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaint faoin alt seo.

[EN]

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

[EN]

Feidhm alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983, maidir le 1985-86.

11.—Beidh feidhm agus éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1983, arna leasú le halt 10 den Acht Airgeadais, 1984, maidir leis an mbliain dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1986 (dá ngairtear “an bhliain ranníoca 1985-86” san alt seo) amhail mar atá feidhm agus éifeacht leis maidir leis an mbliain ranníoca 1984-85 (de réir bhrí an ailt sin 16), faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, maidir leis an mbliain ranníoca 1985-86, na tagairtí do “£96” agus “£5,000” sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) a ghabhann le fo-alt (2) a fhorléiriú mar thagairtí do “£102” agus “£5,300”, faoi seach.

[EN]

Caibidil III

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Leasú ar alt 550 (ús ar cháin thar téarma) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

12.—Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus measfar éifeacht a bheith leis riamh, ionann is dá gcuirfí “agus ag forálacha aon riail chúirte a bhaineann leis an gcéanna agus ag forálacha alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, agus ag ailt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963,” roimh “feidhm” i bhfo-alt (4).

[EN]

Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.

13.—Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais. 1984—

[EN]

(a) in alt 11 (1), sa mhíniú ar “comhlach”, trí “, ach amháin go ndéanfar an tagairt i mír (a) den alt sin do ghaol do rannpháirtí a eisiamh ón míniú sin” a chur isteach i ndiaidh “rannpháirtí”,

[EN]

(b) in alt 12 (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) i gcás nach mbeidh an trádáil sin á seoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna—

[EN]

(i) mura ndéanfaidh an chuideachta 80 faoin gcéad ar a laghad den airgead a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna a chaitheamh ar obair thaighde agus forbartha a bhaineann le seoladh na trádála agus a mbeifear ag gabháil di d'fhonn an trádáil a sheoladh, agus mura dtosóidh sí de bheith ag seoladh na trádála laistigh de thrí bliana i ndiaidh an ama sin,

[EN]

[EN]

(ii) mura dtosóidh an chuideachta thairis sin de bheith ag seoladh na trádála laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin.”,

[EN]

(c) in alt 15, trí “agus in alt 26 (2),” a chur isteach i ndiaidh “san fho-alt seo” i mír (b) d'fho-alt (7),

[EN]

(d) in alt 26—

[EN]

(i) trí na habairtí seo a leanas a scriosadh as mír (b) d'fho-alt (1)—

[EN]

(I) “gur corpraíodh sa Stát í agus”, agus

[EN]

(II) i bhfomhír (ii), “go hiomlán nó go formhór sa Stát”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a), i bhfo-alt (2):

[EN]

“(a) gur fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta cháilitheach an fhochuideachta;”,

[EN]

agus

[EN]

(e) in alt 27 (8), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (d) agus (e):

[EN]

“(d) go bhfuil aon mhéideanna a gheofar ar mhodh díbhinní nó úis, faoi réir choimisiún i leith costas bainistí de réir ráta nach mó ná ráta a bheidh sonraithe sa ghníomhas iontaobhais faoinar bunaíodh an ciste, le híoc gan mhoill mhíchuí leis na rannpháirtithe,

[EN]

(e) gur de réir ráta nach mó ná ráta a bheidh sonraithe sa ghníomhas iontaobhais faoinar bunaíodh an ciste a bheidh aon mhuirir a bheidh le gearradh ar mhodh costas bainistí nó costas eile i ndáil le bunú, reachtáil, síos-chéimniú nó foirceannadh an chiste,”,

[EN]

agus tá an míniú sin ar “comhlach”, ar mhír sin (b) d'fho-alt (7) d'alt 15, agus an mhír sin (b) d'fho-alt (1) d'alt 26, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

tá le “comhlach” an bhrí chéanna, i ndáil le duine, atá leis de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil le rannpháirtí, ach amháin go ndéanfar an tagairt i mír (a) den alt sin do ghaol do rannpháirtí a eisiamh ón míniú sin:

(b) San fho-alt seo agus in alt 26 (2), tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

(b) maidir leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta, gur cuideachta í—

(i) a thagann faoi réim alt 15 (2) (a), nó

(ii) atá ann d'aontoisc chun aon trádáil nach bhfuil inti ach oibríocht amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas a sheoladh—

(I) earraí nó ábhair a cheannach lena n-úsáid ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid,

(II) earraí nó ábhair arna dtáirgeadh ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid a dhíol,

(III) seirbhísí a thabhairt don chuideachta cháilitheach nó d'fhochuideachtaí dá cuid nó seirbhísí a thabhairt thar a gceann.

[EN]

Leasú ar alt 18 (brabúis ó áitiú talún áirithe) den Acht Airgeadais, 1969.

14.—(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Acht Airgeadais, 1969

[EN]

(a) maidir le cáin ioncaim don bhliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, agus

[EN]

(b) maidir le cáin chorparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis,

[EN]

tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (2):

[EN]

“(b)   (i) chun úinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh sa Stát, ó staileáil láracha laistigh den Stát ag an stail a dhíol, nó chun páirt-úinéir staile den sórt sin ó staileáil den sórt sin, nó ó chearta staileála den sórt sin, a dhíol, nó

[EN]

(ii) chun páirt-úinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh lasmuigh den Stát, ó staileáil láracha ag an stail, nó ó chearta staileála den sórt sin, a dhíol i gcás ina seolann an páirt-úinéir trádáil sa Stát arb éard í nó ar cuid di pórú stoic fholaíochta, agus go suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuarthas páirt-úinéireacht na staile go príomha, agus go sealbhaítear go príomha í, chun críocha staileála ag an stail ar láracha atá ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag páirt-úinéir na staile i gcúrsa na trádála sin, nó”.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le brabúis nó gnóchain a d'eascair roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985.

[EN]

Leasú ar alt 21 (íocaíochtaí le hollscoileanna) den Acht Airgeadais, 1973.

15.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1973, maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 21:

“Íocaíochtaí le hollscoileanna agus le comhlachtaí ceadaithe eile.

21.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann trádáil nó gairm—

(a) aon suim a íoc—

(i) an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, le hollscoil Éireannach, nó

(ii) an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, le comhlacht ceadaithe,

chun a chur ar chumas na hollscoile nó an chomhlachta cheadaithe sin taighde a dhéanamh ar ábhair cheadaithe nó iad a theagasc, agus

(b) nach ioncam lena mbaineann alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an tsuim a íocadh amhlaidh,

déanfar an tsuim a íocadh amhlaidh, murab inasbhainte amhlaidh thairis sin í, a asbhaint mar chaiteachas le linn na brabúis nó na gnóchain as trádáil nó gairm an duine a bheith á ríomh.

(2) Chun críocha an ailt seo—

ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe'—

(a) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath,

(b) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach,

(c) an Coláiste Caidrimh Thionscail, Raghnallach, Baile Átha Cliath, nó

(d) aon cheann de na coláistí seo a leanas a bunaíodh faoi fhorálacha an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930

(i) coláistí is cuid d'Fhoras Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(ii) Coláiste Ealaíne, Tráchtála agus Teicneolaíochta Luimnigh, nó

(iii) coláistí teicniúla réigiúnacha;

ciallaíonn ‘ábhair cheadaithe'—

(a) caidreamh tionscail,

(b) margú, nó

(c) aon ábhar eile atá ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais.”.

[EN]

Bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin.

16.—(1) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh;

[EN]

ciallaíonn “Scéim Chearnmhír an Uachtaráin” an scéim dámhachtana ar a dtugtar “‘Gaisce'—Cearnmhír an Uachtaráin” a bunaíodh faoi choimirce Uachtarán na hÉireann le gníomhas iontaobhais dar dáta an 28ú lá de Mhárta, 1985.

[EN]

(b) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid—

[EN]

(i) a thabharfar an 5ú lá d'Aibreán, 1986, nó roimhe, d'iontaobhaithe Scéim Chearnmhír an Uachtaráin lena úsáid acu chun críocha na scéime sin, agus

[EN]

(ii) nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) I gcás ina gcruthóidh duine go bhfuil bronntanas lena mbaineann an t-alt seo tugtha aige agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm le forálacha fho-alt (3) nó, de réir mar a bheidh, forálacha fho-alt (4).

[EN]

(3) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (4), méid an bhronntanais a asbhaint ó aon ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim, de chuid an duine is ioncam ar ar inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin agus déanfar an cháin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin, de réir mar is gá; agus is dá réir sin a dhéanfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ioncam iomlán an fhearchéile, a ríomh:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfar faoiseamh faoin alt seo a thabhairt do dhuine do bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) mura mó ná £100 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó

[EN]

(b) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

(4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo measfar, chun críocha cánach corparáide, gurb éard é méid an bhronntanais sin caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta inar tugadh an bronntanas.

[EN]

(b) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo do chuideachta maidir le bronntanas (nó maidir le méid comhiomlán bronntanas) a thug sí in aon tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(i) mura mó ná £100 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas sin), nó

[EN]

(ii) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas sin).

[EN]

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

17.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1985” a chur in ionad “1984” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984)—

[EN]

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus

[EN]

(b) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),

[EN]

agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985 nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis.

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) trí “1985-86” a chur in ionad “1984-85” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) i bhfo-alt (3), agus

[EN]

(b) trí “1985” a chur in ionad “1984” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984).

[EN]

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1985-86.

(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán. 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1985, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhs cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis.

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis:

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.

[EN]

Leasú ar Chaibidil VIII (stocfhaoiseamh) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.

18.—Leasaítear leis seo Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais. 1984—

[EN]

(a) i bhfo-alt (3) d'alt 49, trí “1985” a chur in ionad “1984”, agus

[EN]

(b) trí “nó 1985-86” a chur isteach i ndiaidh “1984-85” sa mhíniú ar “bliain iomchuí” in alt 51.

[EN]

agus tá an fo-alt sin agus an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1985.

ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1984-85 nó 1985-86:

[EN]

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

19.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980) i ndáil leis an mbliain 1985-86 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 1981-82, faoi réir an mhodhnaithe maidir leis an ráta laghdaithe, arb éard a bheadh ann don bhliain 1985-86, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, gurb éard a bheidh ann, don bhliain sin, 80 faoin gcéad den ráta caighdeánach.

[EN]

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta, maidir leis an mbliain 1985-86, comhshocraíochtaí iomchuí a dhéanamh ach na comhshocraíochtaí sin a bheith modhnaithe, a mhéid a ordóidh an tAire Airgeadais, sa mhéid go mbaineann siad leis na suimeanna ar a mbeidh cáin le ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe.

[EN]

(3) Aon mhéid in ionannas cánach ioncaim a bhfuil, faoi mheasún acht arna déanamh maidir le bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1985-86 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), cumann foirgníochta faoi dhliteanas cuntas a thabhairt ina thaobh agus é a íoc de bhua comhshocraíochtaí iomchuí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus an cumann maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, beidh sé iníoctha ina dhá thráthchuid chomhionanna mar a leanas—

[EN]

(a) an chéad thráthchuid ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht, agus

[EN]

(b) an dara tráthchuid ar an 1ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta sin nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht,

[EN]

agus na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin a ghnóthú, beidh feidhm leo maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm leo maidir le méid iomlán na cánach.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

tá le “cumann foirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

ciallaíonn “comhshocraíochtaí iomchuí” comhshocraíochtaí den chineál dá dtagraítear san alt sin 31.

[EN]

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú.

20.—Gach ceann de na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo agus a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976, beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1988, an tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1985 (mar a fhoráiltear le halt 35 den Acht Airgeadais, 1984).

AN TÁBLA

Fo-alt (4) (d) d'alt 251 (liúntais tosaigh)

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla)

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)

[EN]

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais ar athfheistiú.

21.—(1) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 23 den Acht Airgeadais, 1981;

[EN]

ciallaíonn “athfheistiú”, i ndáil le foirgneamh, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá:

[EN]

(i) aon oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

[EN]

(ii) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú.

[EN]

i gcás ina ndeimhneoidh an tAire Comhshaoil in aon deimhniú um chostas réasúnach arna thabhairt aige i ndáil le haon teach san fhoirgneamh, gur ghá na hoibreacha sin a dhéanamh nó na saoráidí sin a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go mbeadh aon teach san fhoirgneamh oiriúnach le bheith ina theaghais agus cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an líon tithe san fhoirgneamh, nó cruth nó méid aon tí den sórt sin, a athrú i gcúrsa an athfheistithe sin;

[EN]

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ag athfheistiú foirgnimh shonraithe, seachas caiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear “aonad neamhchónaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) den fhoirgneamh arb amhlaidh di, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe, nach teach í; agus chun críocha an mhínithe seo, i gcás inarb inchurtha síos caiteachas don fhoirgneamh sonraithe i gcoitinne (agus nach inchurtha síos go díreach é d'aon teach ná aonad neamhchónaithe ar leith san fhoirgneamh, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe) is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

[EN]

ciallaíonn “foirgneamh sonraithe” foirgneamh a bhfuil, roimh an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí, dhá theach nó níos mó ann agus a bhfuil, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe, dhá theach nó níos mó ann (cibé acu i dteannta aon aonaid neamhchónaithe nó nach ea).

[EN]

(b) Déanfar an t-alt seo agus an príomh-alt a fhorléiriú le chéile.

[EN]

(2) Maidir le caiteachas iomchuí beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, leis an bpríomh-alt agus le fo-ailt (2) go (4) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1983, ionann is dá mbeadh an caiteachas iomchuí tabhaithe ag foirgniú an fhoirgnimh shonraithe lena mbaineann an caiteachas sin agus—

[EN]

(a) sa phríomh-alt—

[EN]

(i) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i mír (ii) den mhíniú ar “léas cáilitheach” do chostas iomchuí tí tagairt do mhargadhluach an tí ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí;

[EN]

Ar choinníoll, i gcás teach is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, go measfar, chun críocha na míre seo, gurb é margadhluach an tí ar an dáta sin méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh,

[EN]

(ii) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí sa mhír sin (ii) agus sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2), faoi seach, do phréimh nó, de réir mar a bheidh, do phréimh nó suim eile, tagairtí do phréimh, nó do phréimh nó suim eile, is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin é, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú sin a dhéanamh nó thairis sin, i ndáil lena dhéanamh,

[EN]

(iii) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;”,

[EN]

(iv) ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach”:

[EN]

“(iv) atá, ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí (de réir bhrí alt 21 den Acht Airgeadais, 1985) ligthe (nó, mura bhfuil sé ligthe ar an dáta sin, atá ligthe den chéad uair, gan é a bheith úsáidte i ndiaidh an dáta sin) go huile faoi léas cáilitheach agus atá fós dá éis sin á ligean faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha de neamhúsáid shealadach ón am a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin go gcuirfear tús le léas eile dá shórt);”,

[EN]

(v) ionann is dá scriosfaí an míniú ar “costas iomchuí” agus fo-ailt (6) (b) agus (7) (b),

[EN]

(vi) ionann is dá mbeadh éifeacht leis an míniú ar “tréimhse iomchuí” amhail is dá mba é a bhí sa tréimhse atá luaite sa mhíniú tréimhse deich mbliana dar tosach dáta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas nó, mura raibh an t-áitreabh ligthe faoi léas cáilitheach ar an dáta sin, an tréimhse deich mbliana dar tosach dáta an chéadligin den sórt sin tar éis an dáta críochnaithe sin,

[EN]

(vii) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i bhfo-alt (1) (c) do dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach tagairt do dháta tosaigh na tréimhse iomchuí, i ndáil leis an áitreabh, arna chinneadh maidir leis an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí,

[EN]

(viii) ionann is dá scriosfaí na tagairtí i bhfo-alt (3) do chostas iomchuí agus ionann is dá mba thagairtí do chaiteachas iomchuí na tagairtí ann do chaiteachas,

[EN]

(ix) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí i bhfo-ailt (6) (a) agus (7) (a) don phraghas iomchuí a íocadh ar an díol tagairtí—

[EN]

(I) don ghlanphraghas a íocadh ar an díol, nó

[EN]

(II) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí le háireamh, chun críocha fho-alt (2) den alt sin, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, don mhéid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais sin,

[EN]

(x) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí i bhfo-alt (7) (a) do theach a úsáid tagairtí don teach a úsáid tar éis don chaiteachas iomchuí a bheith tabhaithe,

[EN]

(xi) ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (9) (a), “alt 5” a chur in ionad “alt 4”, agus

[EN]

(xii) ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (11), “nó faoi alt 21 den Act Airgeadais, 1985” a chur isteach i ndiaidh “alt 24”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) den alt sin 29, ionann is dá mba thagairtí do chaiteachas iomchuí tagairtí do chaiteachas lena mbaineann an t-alt sin.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le haon athfheistiú mura suífear go bhfuil cead pleanála, a mhéid is gá sin, i leith na hoibre a rinneadh i gcúrsa an athfheistithe tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó nach raibh gá le cead pleanála den sórt sin.

[EN]

(4) Ní áireofar in aon chaiteachas a mbeidh teideal ag duine, de bhua an ailt seo, chun faoisimh faoin bpríomh-alt ina leith aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine chun asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach cé is moite den phríomh-alt.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha, nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

[EN]

Leathnú ar fheidhm faoisimh i leith foirgnimh áirithe a athchóiriú.

22.—(1) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981, agus alt 30 den Acht Airgeadais, 1983, maidir le caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, chun teach a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid roimhe sin mar theaghais, amhail mar atá feidhm leo maidir le caiteachas arna thabhú chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú.

[EN]

(2) Chun críocha alt 24 den Acht Airgeadais, 1981, agus alt 30 den Acht Airgeadais, 1983, nó, de réir mar a bheidh, chun críocha na n-alt sin arna gcur chun feidhme le fo-alt (1), measfar go bhfolaíonn caiteachas arna thabhú ag athchóiriú foirgnimh caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, i gcúrsa an athchóirithe, ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon, is é sin le rá:

[EN]

(a) aon oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

[EN]

(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú,

[EN]

i ndáil leis an bhfoirgneamh nó le haon fhotheach a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta, ach ní mheasfar go bhfolaíonn sé—

[EN]

(i) aon chaiteachas a bhfuil teideal ag aon duine thairis sin chun asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, nó

[EN]

(ii) aon chaiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear “aonad neamhchónaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) den fhoirgneamh arb amhlaidh di, ar an athchóiriú a bheith críochnaithe, nach teach í.

[EN]

(3) Chun críocha mhír (ii) d'fho-alt (2) i gcás inarb inchurtha síos caiteachas d'fhoirgneamh i gcoitinne (agus nach inchurtha síos go díreach é d'aon teach ná aonad neamhchónaithe ar leith san fhoirgneamh, ar an athchóiriú a bheith críochnaithe), is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh.

[EN]

(4) Chun na gcríoch a bhaineann le faoiseamh faoi alt 23 den Acht Airgeadais, 1981, a chur i bhfeidhm, de bhua an ailt seo, maidir le haon chaiteachas, beidh éifeacht leis an alt sin ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;”.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha, nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

[EN]

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

[EN]

Am le cáin chorparáide a íoc.

23.—(1) Faoi réir fho-alt (2), leasaítear leis seo alt 6 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 28ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Déanfar cáin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a íoc laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.”.

[EN]

(2) Dá mba rud é, murach fo-alt (1), go mbeadh an cháin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 28ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, agus roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1987, iníoctha ina dhá thráthchuid agus go mbeadh an dara tráthchuid den sórt sin iníoctha, dá mba ar an lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a dhéanfaí an mheasúnacht, laistigh de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta is faide ná—

[EN]

(a) naoi mí, más roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, nó

[EN]

(b) dhá mhí dhéag, más ar an dáta sin nó dá éis do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta,

[EN]

ansin, maidir le tréimhse chuntasaíochta den sórt sin, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) agus beidh éifeacht le mír (b) d'alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá ndéanfaí, i bhfomhír (ii) (arna leasú le halt 27 den Acht Airgeadais, 1982), na nithe seo a leanas a chur in ionad “de shé mhí”, eadhon—

[EN]

(i) “de naoi mí”, más roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

[EN]

(ii) “de dhá mhí dhéag”, más ar an dáta sin nó dá éis do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

[EN]

Ioncam áirithe de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe c.p.t. a bheith díolmhaithe.

24.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh an t-ioncam seo a leanas díolmhaithe ó cháin chorparáide—

[EN]

(a) ioncam a eascraíonn chuig an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t. in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 8ú lá d'Fheabhra, 1982, ó iasachtaí a thabhairt agus airleacain a dhéanamh faoi alt 5 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981, agus

[EN]

(b) ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás I de Sceideal D.

[EN]

Caibidil V

Luathcháin Chorparáide

[EN]

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais. 1983.

25.—Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1983

[EN]

(a) i bhfo-alt (1), trí “1985” a chur in ionad “1984”, agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (2), trí—

[EN]

(i) “1985” a chur in ionad “1984”, agus

[EN]

(ii) “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

52.—(1) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, is é méid na luathchánach corparáide a dhlífidh cuideachta a íoc i leith dáiltí arna ndéanamh aici i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, nó aon lá roimhe, leath mhéid na luathchánach corparáide a dhlífeadh an chuideachta a íoc, ar leith ón alt seo, i leith na ndáiltí sin.

(2) Más roimh an lú lá d'Eanáir, 1986, do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus más i dtréimhse dar tosach an dáta sin don chuid eile di, beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, agus an chuid dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1986.

[EN]

CUID II

Custaim agus Mál

[EN]

Léiriú (Cuid II).

26.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

[EN]

Táirgí tobac.

27.—(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal tá le “toitíní” “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984.

[EN]

Leann úll agus leann piorraí.

28.—Déanfar an dara colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984, a leasú, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, trí “£0.69” agus “£3.00” a chur in ionad “£0.53” agus “£2.60”, faoi seach.

[EN]

Hidreacarbóin.

29.—(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir £25.56 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 73 (2) den Acht Airgeadais, 1984.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir £18.99 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 73 (6) den Acht Airgeadais, 1984.

[EN]

(3) Maidir le hola hidreacarbóin arna húsáid an lú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, chun na críche a shonraítear in alt 35 (5) (b) den Acht Airgeadais, 1981, is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoin alt sin méid na dleachta máil a íocadh ar an gcainníocht ola a úsáideadh amhlaidh, in ionad an méid dá dtagraítear in alt 60 (9) den Acht Airgeadais, 1983.

[EN]

Lastóirí meicniúla.

30.—Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 75 (2) den Acht Airgeadais, 1980

[EN]

(a) le héifeacht amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, trí “£0.30” a chur in ionad “£0.20”, agus

[EN]

(b) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1985, trí “£0.40” a chur in ionad “£0.30” (arna chur isteach leis an alt seo).

[EN]

Geallta.

31.—Déanfar (faoi réir fhorálacha alt 20 den Acht Airgid, 1931, agus gan dochar do na forálacha sin) an dleacht ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta arna ndéanamh an 4ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, de réir deich faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta fiche faoin gcéad a luaitear in alt 41 den Acht Airgeadais, 1975.

[EN]

Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste (rátaí nua).

32.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.

[EN]

(2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1985, nó dá éis, trí na leasuithe seo a leanas a dhéanamh i mír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin—

[EN]

(a) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), i bhfomhír (a),

[EN]

(b) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), i bhfomhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973), agus

[EN]

(c) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), i bhfomhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).

[EN]

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1985, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 80 den Acht Airgeadais, 1984) in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

[EN]

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht

 

£8.50 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó na 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht

 

 

£11 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 15 each-chumhacht

 

 

£13 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 15 each-chumhacht ach nach mó ná 16 each-chumhacht

 

 

£14 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 16 each-chumhacht ach nach mó ná 20 each-chumhacht

 

 

£16 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 20 each-chumhacht

 

£17 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas

£58”.

[EN]

(4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le haon fheithicil—

[EN]

(a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus ní chun aon chríche eile, nó

[EN]

(b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.

[EN]

(5) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975).

[EN]

Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste (athrú ó each-chumhacht go dtí ceintiméadair chiúbacha).

33.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, agus aon tagairt do cheintiméadair chiúbacha is tagairt í do thoilleadh sorcórach innill mar a luaitear san Acht.

[EN]

(2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, nó dá éis—

[EN]

(a) i bhfomhír (c) de mhír 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1960, agus leis an Acht Airgeadais, 1983) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht, trí “1,012 ceintiméadar ciúbach” a chur in ionad “8 n-each-chumhacht”, sa dá áit a bhfuil sé, agus trí “£2 ar gach 125 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna” a chur in ionad “£2 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta”,

[EN]

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fho-mhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961, agus a leasaíodh leis an Acht Airgeadais, 1983) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(ci) feithiclí (ar a dtugtar trucailí ladhar-ardaitheora de ghnáth) atá deartha agus déanta chun earraí a luchtú agus a dhíluchtú i gcás ina suífidh an duine a bhainfidh amach an ceadúnas, chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin, nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach amháin—

[EN]

(a) chun dul go dtí an láithreán, agus teacht ón láithreán, ar a n-úsáidfear í le haghaidh luchtú agus díluchtú agus, tráth a bhíonn sí ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn ná nach dtarraingíonn sí aon ualach, seachas ualach is gá lena tiomáint, nó trealamh,

[EN]

(b) mar chuid den phróis luchtaithe nó díluchtaithe, chun earraí a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid go dtí an láithreán, agus ón láithreán, ar a mbeidh sí ag luchtú nó ag díluchtú—

nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach nó a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

£16

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach     ...

 

£2 ar gach 125 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna”,

[EN]

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ccc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(cii) aon fheithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile—

nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach nó a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

£26.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£29.00

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£33.00

is mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£39.00

is mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£44.00”,

[EN]

(d) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 71 (5) den Acht Airgeadais, 1982) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(ciii) aon fheithicil (seachas tacsaí) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus ní chun aon chríche eile—

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach     ...

£24.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£27.00

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£30.00

is mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£33.00

is mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach     ...

£36.00

is mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach     ...

£39.00

is mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach     ...

£42.00

is mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£45.00

is mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£50.00

[EN]

(civ) aon fheithicil a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile—

nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach     ...

£24.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£27.00

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£30.00”,

[EN]

(e) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (civ) (arna cur isteach leis an alt seo) i mír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(cv) feithiclí atá déanta nó oiriúnaithe chun breis agus ocht nduine a iompar is feithiclí le heagraíocht don aos óg nó eagraíocht phobail nach n-úsáidtear ach ag an eagraíocht agus sin d'aontoisc chun daoine a iompar ar thurais a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí na heagraíochta—

nach mó ná 137 ceintiméadar ciúbach     ...

£8.50

is mó ná 137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 262 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£17.00

is mó ná 262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 387 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£25.50

is mó ná 387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 512 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£34.00

is mó ná 512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 637 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£42.50

is mó ná 637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 762 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£51.00

is mó ná 762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 887 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£59.50

is mó ná 887 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach     ...

£68.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£99.00

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£110.00

is mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£121.00

is mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach     ...

£132.00

is mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach     ...

£169.00

is mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach     ...

£182.00

is mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£195.00

is mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£224.00

a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

£58.00”,

[EN]

(f) trí “(seachas feithiclí dá dtagraítear i bhfomhír (c) den mhír seo)” a chur isteach i ndiaidh “Feithiclí” i bhfomhír (b) de mhír 3 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht,

[EN]

(g) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b) de mhír 3 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(c) feithiclí is mórfheithiclí seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus nach n-úsáidtear ach chun leanaí, nó leanaí agus múinteoirí, a iompar atá á n-iompar chuig scoil nó uaithi nó chuig gníomhaíochtaí corpoideachais a bhaineann leis an scoil, nó uathu, agus ar feithiclí iad atá ceadúnaithe faoi Airteagal 60 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963), arna leasú, nó atá ar úinéireacht nó, á n-oibriú ag gnóthas iompair reachtúil—

nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach nó a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

£22.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£25.50

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£29.00

is mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£33.00

is mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach     ...

£37.50

is mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach     ...

£42.00

is mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach     ...

£46.50

is mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£51.00

is mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£55.00”,

[EN]

agus

[EN]

(h) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (arna leasú le halt 32 den Acht seo) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht:

[EN]

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 137 ceintiméadar ciúbach     ...

£8.50

is mó ná 137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 262 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£17.00

is mó ná 262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 387 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£25.50

is mó ná 387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 512 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£34.00

is mó ná 512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 637 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£42.50

is mó ná 637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 762 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£51.00

is mó ná 762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 887 ceintiméadar

ciúbach     ...     ...     ...

£59.50

is mó ná 887 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach     ...

£68.00

is mó ná 1,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£99.00

is mó ná 1,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£110.00

is mó ná 1,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£121.00

is mó ná 1,387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach     ...

£132.00

is mó ná 1,512 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach     ...

£169.00

is mó ná 1,637 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach     ...

£182.00

is mó ná 1,762 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach     ...

£195.00

is mó ná 1,887 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,012 ceintiméadar ciúbach     ...

£224.00

is mó ná 2,012 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,137 ceintiméadar ciúbach     ...

£272.00

is mó ná 2,137 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,262 ceintiméadar ciúbach     ...

£288.00

is mó ná 2,262 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,387 ceintiméadar ciúbach     ...

£304.00

is mó ná 2,387 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,512 ceintiméadar ciúbach     ...

£320.00

ar gach 125 ceintiméadar ciúbach breise nó cuid

den chéanna     ...     ...

£17.00

a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

£58.00”.

[EN]

(3) Déantar leis seo fomhíreanna (1) agus (2) de mhír 5 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht a aisghairm le héifeacht ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985.

[EN]

(4) Déantar leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975), agus mír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (I.R. Uimh. 112 de 1977) a chúlghairm le héifeacht ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985.

[EN]

Laghdú ar an dleacht ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí.

34.—Leasaítear leis seo Ordú 1975, i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal ag uimhir thagartha 2—

[EN]

(a) trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 67 den Acht Airgeadais, 1982) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1985,

[EN]

(b) trí “15 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus

[EN]

(c) trí “10 faoin gcéad” a chur in ionad “15 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Fheabhra, 1986.

[EN]

Forálacha a bhaineann le dleacht máil ar uiscí boird.

35.—(1) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil monarú uiscí boird is inchurtha faoi dhleacht máil á dhéanamh ann agus féadfaidh sé ansin cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh, agus cibé samplaí a thógáil, de na huiscí boird sin nó d'aon deoch nó leachtar a gcreideann an t-oifigeach le réasún gurb iad na huiscí boird sin iad, nó d'aon substaint nó cumasc a gcreideann an t-oifigeach le réasún gur lena n-úsáid i monarú na n-uiscí boird sin iad, is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon leabhair nó doiciméid eile, nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, ar leabhair nó doiciméid iad a gheofar ansin agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le haon déileáil sna huiscí boird sin.

[EN]

(2) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

[EN]

Leasú ar an Finance (New Duties) Act, 1916.

36.—Leasaítear leis seo alt 6 den Finance (New Duties) Act, 1916—

[EN]

(a) sa dara mír d'fho-alt (1). trí “liable to forfeiture” a chur in ionad “forfeited” agus trí “£1,000” a chur in ionad “two hundred pounds” (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1969), agus

[EN]

(b) sa dara mír d'fho-alt (2), trí “an Excise penalty of £500” a chur in ionad “a fine not exceeding twenty pounds”,

[EN]

agus tá na míreanna sin de na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh. leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

If any person acts in contravention of or fails to comply with any such regulation, the article in respect of which the offence is committed shall be liable to forfeiture. and the person committing the offence shall be liable in respect of each offence to an Excise penalty of £1,000.

If any person prevents or obstructs the entry of any officer so appointed he shall be liable on summary conviction to an Excise penalty of £500.

[EN]

Leasú ar alt 26 (comhacht chun dul isteach agus cuardach do scríbhinní) den Acht Airgid. 1926.

37.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 den Acht Airgid, 1926. trí “a thabhairt ar aird, cibé acu atá siad i seilbh an duine sin nó nach bhfuil. ar scríbhinní iad a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach sin go mbaineann siad, leis an ngnó sin” a chur in ionad “i dtaobh an ghnótha san do thaisbeáint” agus tá an fo-alt sin (1). arna leasú amhlaidh. leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfidh aon oifigeach custum agus máil aon uair dul isteach in aon áitreabh go ndintar no go gcreideann an t-oifigeach san go ndintar gnó glactha geall ann agus féadfa sé cuardach ann d'aon leabhair. cuntaisí. leitreacha. agus scríbhinní eile a gheobhfar ann agus a bhaineann no a chreideann an t-oifigeach san a bhaineann leis an ngnó glactha geall san agus iad d'iniúcha, agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta agus féadfa sé fós a éileamh ar éinne a gheobhfar san áitreabh san gach scríbhinn san áitreabh san a thabhairt ar aird. cibé acu atá siad i seilbh an duine sin nó nach bhfuil. ar scríbhinní iad a bhaineann. nó a gcreideann an t-oifigeach sin go mbaineann siad, leis an ngnó sin.

[EN]

Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais. 1975.

38.—Leasaítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais. 1975, trí “£1,000” a chur in ionad “£300” sa dá áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5)  (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) maidir le haon áitreabh, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh ar fáil chun imeartha san áitreabh agus dlífear. ar é a chiontú go hachomair. pionós máil £1,000 a chur air i leith gach ciona. agus dlífear an meaisín ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

(b) Aon sealbhóir ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh meaisín cearrbhachais amháin nó níos mó de bhreis ar an líon a bheidh sonraithe sa cheadúnas a chur ar fáil chun imeartha san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh faoi deara nó a ceadaíodh a chur ar fáil chun imeartha amhlaidh agus dlífear. ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air i leith gach ciona agus dlífear an líon sin de mheaisíní a bheidh comhionann leis an difear idir an líon a bheidh sonraithe amhlaidh agus an líon a cuireadh ar fáil amhlaidh a fhorghéilleadh.

[EN]

Imeachtaí i gcásanna máil sa Chúirt Dúiche.

39.—(1) D'ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile, aon imeachtaí a thionscnófar sa Chúirt Dúiche chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú a gearradh faoi na reachtanna, nó de bhua na reachtanna, a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin nó faoi aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin agus a rinneadh faoi reacht, féadfar iad a thionscnamh amhlaidh—

[EN]

(a) i gcás ina mbaineann an fhíneáil nó an pionós sin le cion i ndáil le haon cheann de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin). 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), laistigh de thrí bliana ón dáta ar a ndearnadh an cion, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, laistigh de bhliain amháin ón dáta ar a ndearnadh an cion ar ina leith a gearradh an fhíneáil nó an pionós sin.

[EN]

(2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt Dúiche chun aon earraí a dhaoradh ar earraí iad a urghabhadh mar earraí a dhlitear a fhorghéilleadh faoi na reachtanna, nó de bhua na reachtanna, a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(3) Aisghairtear leis seo alt 3 den Excise Act, 1848.

[EN]

(4) Aisghairtear leis seo alt 75 (4) den Acht Airgeadais, 1984.

[EN]

Orduithe a dhaingniú.

40.—Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 252 de 1984

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 270) (Biotáille), 1984

I.R. Uimh. 352 de 1984

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 271) (Beoir), 1984

I.R. Uimh. 353 de 1984

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 272) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí), 1984

I.R. Uimh. 354 de 1984

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 273) (Dleacht Máil ar Ghluaisrothair), 1984

I.R. Uimh. 41 de 1985

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 274) (Teilifíseáin), 1985

[EN]

CUID III

Cáin Bhreisluacha

[EN]

Léiriú (Cuid III).

41.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Airgeadais, 1983;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Airgeadais, 1984.

[EN]

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht.

42.—Déantar leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht a leasú trí mhír (d) a scriosadh as fo-alt (6).

[EN]

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

43.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“(1) Muirearófar cáin de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is iomchuí in aon chás áirithe—

[EN]

(a) 23 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí inchánach, seachas earraí nó seirbhísí ar ar inmhuirearaithe cáin de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d),

[EN]

(b) nialas faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i) den Dara Sceideal nó le soláthar earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v), (vii), (viii), (x), (xii) go (xva) agus (xvii) go (xx) den Sceideal sin nó le soláthar seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin.

[EN]

(c) 10 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal, agus

[EN]

(d) 2.2 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar beostoic.”,

[EN]

(b) trí fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a scriosadh.

[EN]

(c) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “(ar leith ó fho-alt (2))” a scriosadh as mír (b) (ii),

[EN]

(d) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1976)—

[EN]

(i) trí “earraí inchánach a sheachadadh i ndáil leis an rince” a chur in ionad “aon earraí a sheachadadh i ndáil leis an rince, is earraí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a), fo-alt (1) (aa). fo-alt (1) (aaa) nó fo-alt (1) (b)” i mír (e) (i), agus

[EN]

(ii) trí “seirbhísí inchánach a dhéanamh i ndáil leis an rince” a chur in ionad “aon seirbhísí a dhéanamh i ndáil leis an rince, is seirbhísí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (b)” i mír (e) (ii),

[EN]

agus

[EN]

(e) i bhfo-alt (8), trí “an Dara nó an Séú Sceideal” a chur in ionad “an Dara, an Tríú, an Séú nó an Seachtú Sceideal i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).

[EN]

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

44.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.2 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1983) i bhfo-alt (1).

[EN]

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear. etc.) den Phríomh-Acht.

45.—Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “nó atá le fruiliú lena n-úsáid sa Stát” a scriosadh as fo-alt (3) (c).

[EN]

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

46.—Leasaítear leis seo alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Ní bhainfidh alt 14 le cáin dá bhforáiltear le halt 2 (1) (b) agus déanfar, faoi réir fho-alt (2), an cháin sin a mhuirearú—

[EN]

(a) ar earraí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (c) de luach na n-earraí,

[EN]

(b) ar bheostoc de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) de luach na n-earraí, agus

[EN]

(c) ar gach uile earra eile de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) de luach na n-earraí.”, agus

[EN]

(b) trí fho-alt (4) a scriosadh.

[EN]

Leasú ar alt 23 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh) den Phríomh-Acht.

47.—Leasaítear leis seo alt 23 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1)—

[EN]

(i) trí “ag an gcigire cánach, nó ag cibé oifigeach eile a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear ‘oifigeach eile’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo)” a chur in ionad “ag na Coimisinéirí Ioncaim”,

[EN]

(ii) trí “do na Coimisinéirí Ioncaim” a chur in ionad “dóibh”,

[EN]

(iii) trí “féadfaidh an cigire nó oifigeach eile” a chur in ionad “féadfaidh siad” sa chéad áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(iv) trí “is dóigh leis” a chur in ionad “is dóigh leo”, agus trí “féadfaidh sé” a chur in ionad “féadfaidh siad” sa dara háit a bhfuil sé, agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (2) (a), trí “don chigire nó oifigeach eile” a chur in ionad “do na Coimisinéirí Ioncaim”.

[EN]

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

48.—Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (w):

[EN]

“(ww) meánmhéid choise a chinneadh chun críocha mhír (xix) den Dara Sceideal;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) trí “na nithe a shonraítear i bhfo-alt (1) (w) nó (1) (ww)” a chur in ionad “an ní a shonraítear i bhfo-alt (1) (w)” i bhfo-alt (2A).

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

49.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vii):

[EN]

“(viii) taibhithe beo amharclainne nó ceoil, lena n-áirítear sorcais, a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), nó

[EN]

(b) taibhithe a bhfuil saoráidí ar fáil i ndáil leo le go gcaithfidh daoine atá ag freastal ar an taibhiú bia nó deoch le linn an taibhithe go léir nó le linn coda de;”.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

50.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xii):

[EN]

“(xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine, seachas—

[EN]

(a) deochanna ar ar inmhuirearaithe aon dleacht máil a mhuirearaítear go sonrach ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach agus ar ullmhóidí díobh,

[EN]

(b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

[EN]

(I) tae agus ullmhóidí tae,

[EN]

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nó

[EN]

(III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, gabhála, uibheacha nó bainne.

[EN]

(c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh,

[EN]

(d)  (I) seacláidí, milseáin agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta eile seachas arán,

[EN]

(II) san fhomhír seo ciallaíonn “arán” bia don duine, a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus d'aon cheann nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid—

[EN]

(1) gabháil nó gníomhaire eile deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan,

[EN]

(2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach mó meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo ná 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos,

[EN]

(3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach mó a meáchan ná 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos.

[EN]

seachas bia atá pacáistithe lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha in iúl air nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán) ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail agus screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana, agus

[EN]

(e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, scealloga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail, as prátaí nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta i mblaoscanna nó gan blaoscanna;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (xviiia) (a cuireadh isteach le hAcht 1984) agus (xix) (a cuireadh isteach le hAcht 1976):

[EN]

“(xix) earraí coisbhirt phearsanta do leanaí, nach mó a méideanna ná an mhéid is iomchuí do leanaí a bhfuil meánmhéid choise leanaí 10 mbliana d'aois acu (ach measfar chun críocha na míre seo gur leanbh 10 mbliana d'aois leanbh a bhfuil 10 mbliana nó 10 mbliana agus codán de bhliain slánaithe aige) ach gan coisbheart nach bhfuil tuairiscthe, lipéadaithe, marcáilte nó margaithe ar bhonn aoise nó méide a áireamh;”.

[EN]

Leasuithe ilghnéitheacha (an Tríú, an Séú agus an Seachtú Sceideal) ar an bPríomh-Acht.

51.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a scriosadh.

[EN]

(b) tríd an Seachtú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984) a scriosadh, agus

[EN]

(c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

[EN]

“AN SÉÚ SCEIDEAL

[EN]

Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (c)

[EN]

(i)  (a) Gual, móin agus substaintí soladacha eile ar mar bhreosla amháin a chuirtear ar díol iad,

[EN]

(b) gás de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin nó soilsiúcháin i dtithe nó i dtionscail i bhfoirm gásach nó i bhfoirm leachtach, ach gan gás a áireamh de chineál a úsáidtear de ghnáth le miotail a tháthú agus a ghearradh ná gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra,

[EN]

(c) ola hidreacarbóin de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin i dtithe nó i dtionscail seachas ola gáis (de réir bhrí na Rialachán Ola Hidreacarbóin (Ola faoi Lacáiste), 1961 (I.R. Uimh. 122 de 1961)), nach ola gáis atá marcáilte go cuí de réir Rialachán 6 (2) de na Rialacháin sin;

[EN]

(ii) earraí do-chorraithe;

[EN]

(iii) seirbhísí arb éard iad earraí do-chorraithe a fhorbairt, agus earraí do-chorraithe a chothabháil agus a dheisiú lena n-áirítear daingneáin a fheistiú, i gcás nach mó luach na n-earraí so-chorraithe (más ann dóibh) a sholáthrófar de bhun chomhaontú i ndáil leis na seirbhísí sin ná dhá thrian den mhéid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin maidir leis an gcomhaontú;

[EN]

(iv) coincréit atá réidh le doirteadh;

[EN]

(v) bloic choincréite de chineál atá i gcomhréir leis an sonraíocht sa Dearbhú um Shonraíocht Chaighdeánach (Bloic Thógála Choincréite), 1974 (Caighdeán Éireannach 20: 1974);

[EN]

(vi) earraí éadaí pearsanta agus ciarsúir theicstíleacha, seachas—

[EN]

(a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh, ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus

[EN]

(b) earraí éadaí pearsanta de chineál a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal;

[EN]

(vii) (a) faibricí, abhras, snáth agus leathar de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí, agus

[EN]

(b) abhras de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú faibricí éadaí;

[EN]

(viii) earraí coisbhirt phearsanta, ach amháin earraí coisbhirt phearsanta de chineál a shonraítear i mír (xix) den Dara Sceideal;

[EN]

(ix) leathar boinn agus uachtair de chineál a úsáidtear de ghnáth chun coisbheart a mhonarú agus a dheisiú, agus freisin boinn, sála agus boinn istigh d'ábhar ar bith;

[EN]

(x)  (a) na nuachtáin laethúla náisiúnta a fhoilsítear sa Stát,

[EN]

(b) nuachtáin eile, a fhoilsítear de ghnáth uair sa tseachtain ar a laghad, agus a bhfuil a leagan amach agus raon agus cineál an ábhair iontu ar aon dul le haon nuachtán dá dtagraítear i bhfomhír (a);

[EN]

(xi) ligean den chineál dá dtagraítear i mír (iv) (b) den Chéad Sceideal;

[EN]

(xii) ní ar bith acu seo a leanas a fhruiliú (dá ngairtear ‘an fruiliú reatha’ sa mhír seo) chuig duine—

[EN]

(a) feithicil atá deartha agus déanta, nó oiriúnaithe, chun daoine a iompar de bhóthar,

[EN]

(b) long, bád nó soitheach eile atá deartha agus déanta chun paisinéirí a iompar agus nach mó ná 15 thonna a mórthonnáiste,

[EN]

(c) bád spóirt nó áineasa d'aon chineál lena n-áirítear luamh, bád cábáin, báidín calaidh, curach, coite nó bád rásaíochta, nó

[EN]

(d) carbhán, teaghais so-ghluaiste, puball nó leanphuball,

[EN]

faoi chomhaontú, seachas comhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), ar feadh aon téarma nó aon choda de théarma nach faide ná 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu ar na hearraí céanna é nó ar earraí éigin eile den chineál céanna) chuig an duine céanna i rith na tréimhse 12 mhí dar críoch dáta thosach feidhme an fhruilithe reatha;

[EN]

(xiii) seirbhísí arb éard iad deisiú nó cothabháil a dhéanamh—

[EN]

(a) ar fheithiclí talún inneallghluaiste lena n-áirítear innealra soghluaiste uathghluaisteach (seachas feithiclí agus innealra atá deartha, déanta nó ceaptha lena n-úsáid ar ráillí),

[EN]

(b) innealra, gléasra nó trealamh de chineál a úsáideann feirmeoirí sa Stát de ghnáth chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear de ghnáth chun críche ar bith eile, nó

[EN]

(c) leantóirí (gan carbháin, teaghaisí so-ghluaiste agus leanphubaill a áireamh),

[EN]

lena n-áirítear earraí a chur ar fáil agus a fheistiú i gcúrsa na seirbhísí sin a sholáthar ar earraí iad de chineál a bhíonn ar áireamh mar chodanna de na feithiclí, den innealra, den ghléasra, den trealamh nó de na leantóirí sin de ghnáth nuair a sholáthraítear as an nua iad, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

[EN]

(I) na nithe seo a leanas a chur ar fáil i gcúrsa seirbhíse deisithe nó cothabhála—

[EN]

(A) gabhálais nó aidhlicí,

[EN]

(B) boinn, cásanna boinn, tráchtanna boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál, nó

[EN]

(C) batairí, agus

[EN]

(II) deisiú nó cothabháil a dhéanamh, cibé acu ar leithligh nó i gcúrsa earraí eile a dheisiú nó a chothabháil, ar airceadail arb éard iad gabhálais nó aidhlicí nó earraí a shonraítear i gclásal (I) (B) den mhír seo, seachas earraí dá dtagraítear i gclásail (b) agus (c) agus fochlásal (I) (C) den mhír seo, agus

[EN]

(III) ní, glanadh agus snasú;

[EN]

(xiv) seirbhísí talmhaíochta arb éard iad—

[EN]

(a) obair mhachaire, buaint, baint, bualadh, cornadh, fómharaíocht, curaíocht agus plandáil,

[EN]

(b) táirgí talmhaíochta a dhíghalrú agus a shadhlasú,

[EN]

(c) fiaile agus loitmhíola a dhíothú agus barraí agus talamh a dhustáil agus a spréáil,

[EN]

(d) teascadh, crainn a leagan agus seirbhísí foraoiseachta dá samhail, agus

[EN]

(e) siltean agus míntíriú talún;

[EN]

(xv) seirbhísí ceantálaí, aturnae, gníomhaire eastáit nó gníomhaire eile, a bhaineann go díreach le soláthar earraí do-chorraithe a úsáidtear chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A;

[EN]

(xvi) seirbhísí cuntasaíochta feirme nó bainistí feirme.”.

[EN]

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

52.—Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

[EN]

“(ia) fruiliú earraí so-chorraithe seachas modhanna iompair;”

[EN]

Aisghairm.

53.—Aisghairtear leis seo alt 89 (2) d'Acht 1983 agus alt 96 d'Acht 1984.

[EN]

Méadú ar ráta cánach a chur siar (teaghaisí príobháideacha).

54.—(1) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

ciallaíonn “teaghais” teach, nó leithleann, árasán, díonteach nó aonad cóiríochta dá samhail;

[EN]

ciallaíonn “soláthar cáilitheach” seirbhís arb éard í forbairt earraí dochorraithe, arb é atá inti foirgniú teaghaise atá deartha lena húsáid go príobháideach, agus lena háitiú, ag duine, a sholáthar an 30ú lá d'Aibreán, 1985, nó roimhe, don duine sin, ar pearsa aonair ag gníomhú thar a cheann féin é, agus folaíonn sé soláthar earraí dochorraithe don duine sin ar an dáta sin nó roimhe i ndáil le soláthar na seirbhíse sin.

[EN]

(2) San alt seo ní fholaíonn tagairt d'fhoirgniú teaghaise tagairt d'aon fhoirgneamh láithreach nó foirgnimh láithreacha a athchóiriú, a athfhoirgniú, a athrú nó a mhéadú.

[EN]

(3) Maidir leis an tréimhse inchánach dar thosach an 1ú lá de Mhárta, 1985, d'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) beidh, agus measfar go raibh, cáin bhreisluacha inmhuirearaithe, i ndáil le soláthar cáilitheach, de réir ráta 5 faoin gcéad.

[EN]

CUID IV

Dleachtanna Stampa

[EN]

Tobhach ar bhainc.

55.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

[EN]

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá d'Eanáir, 1984, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;

[EN]

ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;

[EN]

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 18ú lá d'Eanáir, 1984, an 15ú lá d'Fheabhra, 1984, an 31ú lá de Mhárta, 1984, an 18ú lá d'Aibreán, 1984, an 16ú lá de Bhealtaine, 1984, an 30ú lá de Mheitheamh, 1984, an 18ú lá d'Iúil, 1984, an 15ú lá de Lúnasa, 1984, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1984, an 17ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984, an 21ú lá de Shamhain, 1984 agus an 31ú lá de Nollaig, 1984;

[EN]

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

[EN]

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 11ú lá de Mheán Fómhair, 1985, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

[EN]

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

[EN]

(a) 0.25 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

[EN]

(b) 0.35 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

[EN]

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.25 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

[EN]

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

[EN]

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

[EN]

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin no ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin dlífidh sé mar phionós breise ón 11ú lá de Mheán Fómhair, 1985, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

[EN]

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

[EN]

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

[EN]

Alt 86 (dleachtanna stampa ar gheallta cúrsa) den Acht Airgeadais, 1980, do scor.

56.—(1) Cúlghairtear leis seo, le héifeacht ó dháta an Achta seo a rith, an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 275) (Dleachtanna Stampa ar Gheallta Cúrsa), 1985 (I.R. Uimh. 60 de 1985).

[EN]

(2) Scoirfidh alt 86 den Acht Airgeadais, 1980, d'éifeacht a bheith leis i ndáil leis an ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, agus gach ráithe dá éis.

[EN]

(3) San alt seo tá le “ráithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 86 den Acht Airgeadais, 1980.

[EN]

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982.

57.—Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 93 den Acht Airgeadais, 1982 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1984) trí “ceithre bliana” a chur in ionad “trí bliana”, agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dháta an Achta seo a rith agus sula mbeidh ceithre bliana caite ón dáta sin.

[EN]

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

[EN]

Léiriú (Cuid V).

58.—Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

[EN]

Díolúine do chéilí.

59.—(1) D'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, beidh oidhreacht arna glacadh ag comharba, is céile don diúscróir ar dháta na hoidhreachta, díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas í le linn cáin a bheith á ríomh.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le hoidhreacht a ghlacfar an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis.

[EN]

Faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe.

60.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “polasaí árachais cáilitheach” polasaí árachais—

[EN]

(a) atá i bhfoirm atá ceadaithe ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo;

[EN]

(b) a n-íocann an t-árachaí préimheanna bliantúla ina leith i rith a shaoil; agus

[EN]

(c) a chuirtear i gcrích go sainráite faoin alt seo chun cáin iomchuí a íoc;

[EN]

ciallaíonn “cáin iomchuí” cáin oidhreachta is iníoctha maidir le hoidhreacht (ach gan leas i bpolasaí árachais cáilitheach a áireamh le linn an cháin sin a bheith á ríomh) is oidhreacht arna glacadh faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí, i gcás ina nglacfar an oidhreacht ar dháta báis an árachaí nó dá éis agus tráth nach déanaí ná bliain amháin i ndiaidh an bháis sin.

[EN]

(2) (a) Aon leas i bpolasaí árachais cáilitheach atá ar áireamh in oidhreacht a ghlacfar faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí beidh sé, sa mhéid go gcuirtear chun feidhme na fáltais uaidh le linn cáin iomchuí a bheith á híoc, díolmhaithe ó cháin i ndáil leis an oidhreacht sin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh.

[EN]

(b) Aon leas i bpolasaí árachais cáilitheach atá ar áireamh in oidhreacht a ghlacfar faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí measfar, sa mhéid nach gcuirtear chun feidhme na fáltais uaidh le linn cáin iomchuí a bheith á híoc, agus d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, go nglactar é ar lá díreach i ndiaidh—

[EN]

(i) dáta báis an árachaí; nó

[EN]

(ii) an dáta is déanaí (más ann) ar a nglactar oidhreacht arb iníoctha an cháin iomchuí sin maidir léi,

[EN]

cibé acu is déanaí.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (5)—

[EN]

“(b) asbhaint a thabhairt i leith préimheanna nó íocaíochtaí is iníoctha i gcaitheamh tréimhse an iarchurtha i leith polasaí árachais iarchurtha; nó

[EN]

(c) asbhaint a thabhairt maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis i leith préimheanna is iníoctha i leith polasaí árachais cháilithigh de réir bhrí alt 60 den Acht Airgeadais, 1985:”.

[EN]

Faoiseamh ó chomhiomlánú dúbailte.

61.—(1) Ní dhéanfar maoin a bhfuil cáin inmhuirearaithe ina leith níos mó ná uair amháin maidir leis an teagmhas céanna a áireamh níos mó ná uair amháin i ndáil leis an teagmhas sin in aon chomhiomlán dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht le mír 7 de Chuid I den Dara Sceideal sin le linn an cháin a bheith á fionnadh is iníoctha maidir le maoin is inmhuirearaithe i leith cánach mar mhaoin a glacadh níos mó ná uair amháin an lá céanna.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis.

[EN]

(4) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Phríomh-Acht, ní bheidh ús iníoctha ar aon aisíoc cánach de bhua an ailt seo más ar dháta roimh dháta an Achta seo a rith a íocadh an cháin sin.

[EN]

Liúntas i leith cánach is luaithe maidir leis an teagmhas céanna.

62.—(1) Beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, ionann is dá gcuirfí an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 34 den Acht sin:

[EN]

“34A.—I gcás ina muirearaítear cáin níos mó ná uair amháin i leith na maoine céanna maidir leis an teagmhas céanna, ní dhéanfar an ghlancháin is iníoctha agus is luaithe i dtosaíocht a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach is déanaí i dtosaíocht, ach déanfar í a asbhaint as an gcáin is déanaí i dtosaíocht mar chreidmheas i gcoinne an chéanna. anuas go dtí glanmhéid an chéanna.”.

[EN]

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Phríomh-Acht, ní bheidh ús iníoctha ar aon aisíoc cánach de bhua an ailt seo más ar dháta roimh dháta an Achta seo a rith a íocadh an cháin sin.

[EN]

Liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna.

63.—(1) I gcás ina muirearaítear cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlaíonn an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gur diúscairt sócmhainne (arb í an mhaoin chéanna nó aon chuid den mhaoin chéanna í) an teagmhas céanna chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ní dhéanfar an cháin ghnóchan caipitiúil, más ann, is inmhuirearaithe ar an diúscairt a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta ach, sa mhéid gur íocadh í, asbhainfear í as an nglancháin bhronntanais nó as an nglancháin oidhreachta mar chreidmheas i gcoinne an chéanna, anuas go dtí glanmhéid an chéanna.

[EN]

(2) Chun críocha aon ríomha ar mhéid na cánach gnóchan caipitiúil a bheidh le hasbhaint faoin alt seo, déanfar aon chionroinntí is gá ar aon fhaoisimh nó caiteachas agus is é an modh cionroinnte a ghlacfar cibé modh is dóigh leis na Coimisinéirí, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

[EN]

Leasú ar alt 106 (fáltais ag iontaobhais lánroghnacha) den Acht Airgeadais, 1984.

64.—Beidh éifeacht le halt 106 (1) den Acht Airgeadais, 1984, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, ionann is dá scriosfaí “ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc iontaobhaithe an iontaobhais”.

[EN]

Leasú ar alt 108 (díolúintí) den Acht Airgeadais. 1984.

65.—Beidh éifeacht le halt 108 den Acht Airgeadais, 1984, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh. ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas leis:

[EN]

“(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 106—

[EN]

(a) i ndáil le hiontaobhas lánroghnach maidir leis an maoin atá, nó a thiocfaidh chun bheith, faoi réir an iontaobhais, ar maoin í atá, tráth foirceanta an iontaobhais, ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht arna ghlacadh ag an Stát; nó

[EN]

(b) maidir le hoidhreacht a mheasfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, trí chomhéifeacht alt 31 den Phríomh-Acht agus alt 106, a bheith glactha ag iontaobhas lánroghnach.”.

[EN]

CUID VI

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

66.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1984” alt 114 den Acht Airgeadais, 1984;

[EN]

ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

[EN]

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

[EN]

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1984 ach “£31,351,760” a chur in ionad “£32,706,344”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1984 ach “£22,604,148” a chur in ionad “£23,973,750”.

[EN]

(4) Déanfar suim £40,369,034 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985.

[EN]

(5) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £31,028,550 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an cúigiú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

Ús áirithe faoin Acht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta). 1984, a íoc.

67.—Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a dhéanfar íocaíochtaí maidir le hús a eascraíonn nó a d'eascair faoi alt 3 (2) den Acht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta), 1984.

[EN]

Comhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le Bord Telecom Éireann.

68.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide agus le Bord Telecom Éireann (dá ngairtear “an chuideachta” san alt seo), a cheangal go ndéanfaidh an chuideachta íocaíochtaí leis, cibé tráthanna agus i cibé modh a cheapfaidh sé, i leith airgid a bheidh le haisíoc ag an gcuideachta chun tairbhe don Státchiste faoin Acht sin, agus féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Cumarsáide, aon chomhshocraíochtaí a dhéanamh is gá chun na híocaíochtaí sin a mhaoiniú.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, scaireanna a cheannach sa chuideachta chun oibreacha caipitiúla a mhaoiniú, agus déanfar aon scaireanna a cheannófar amhlaidh a eisiúint chuig an Aire Cumarsáide.

[EN]

(b) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a bheidh ag teastáil d'aon cheannach den sórt sin, suas go dtí méid nach mó ná £170,000,000.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii) d'alt 10 (3) (b):

[EN]

“agus

[EN]

(iii) méid na scaireanna a bheidh eisithe chuig an Aire faoi alt 68 den Acht Airgeadais, 1985”, agus

[EN]

(b) trí “, agus in alt 68 den Acht Airgeadais, 1985” a chur isteach in alt 21 i ndiaidh “31”.

[EN]

Urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais.

69.—(1) San alt seo—

[EN]

forléireofar “rialú” de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ach “daoine a chónaíonn i gcríoch iomchuí” a chur in ionad “cúig rannpháirtí nó níos lú” i bhfo-alt (6);

[EN]

ciallaíonn “cuideachta choigríche” cuideachta—

[EN]

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

[EN]

(b) atá faoi rialú duine nó daoine a chónaíonn i gcríoch iomchuí;

[EN]

ciallaíonn “críoch iomchuí” Stáit Aontaithe Mheiriceá nó críoch a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí leo déanta lena rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

ciallaíonn “trádáil iomchuí” trádáil atá á seoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát, ach ní fholaíonn sé trádáil arb é atá inti go hiomlán nó go páirteach baincéireacht de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971, gnó árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais, 1936, miondíol earraí ná déileáil in urrúis:

[EN]

Ar choinníoll go measfar chun críocha an mhínithe seo nach earraí a mhiondíoltar earraí má dhíoltar iad—

[EN]

(a) le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme ina bhfuil na hearraí a dhíoltar leis, nó

[EN]

(b) le duine a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála a sheolann sé, nó

[EN]

(c) le duine, seachas pearsa aonair, a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha gnóthais a sheolann sé;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta—

[EN]

(a)  (i) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in áit ar bith eile,

[EN]

(ii) arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó—

[EN]

(I) trádáil iomchuí nó trádálacha iomchuí a sheoladh, nó

[EN]

(II) sealbhú stoc, scaireanna nó urrús de chuid cuid eachta atá ann go hiomlán nó go formhór chun trádáil iomchuí nó trádálacha iomchuí a sheoladh,

[EN]

agus

[EN]

(iii) a bhfuil cuid nach lú ná 90 faoin gcéad dá scairchaipiteal eisithe á sealbhú ag cuideachta choigríche nó cuideachtaí coigríche, nó ag duine nó daoine atá, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi rialú ag cuideachta choigríche nó cuideachtaí coigríche;

[EN]

[EN]

(b) is cuideachta choigríche a sheolann trádáil iomchuí trí bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát.

[EN]

(2) Aon urrús a bhfuil sé de chumhacht ag an Aire Airgeadais é a eisiúint chun aon airgead nó iasacht a chruinniú féadfar é a eisiúint maille le coinníoll nach ndlífear cáin chorparáide a íoc i leith aon úis ar an urrús sin fad a bheidh an t-urrús á shealbhú go leanúnach, ó dháta a eisiúna, in úinéireacht thairbhiúil cuideachta cáilithí ar eisíodh an t-urrús chuici.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

70.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le hailt 32 agus 33) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

71.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1985, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid I agus alt 69 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1984, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1985, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(5) Forléireofar Cuid IV i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(7) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1985.

[EN]

(8) Measfar gur tháinig Cuid III (seachas ailt 42, 45, 47 agus 52) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1985.

[EN]

(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

[EN]

(10) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(11) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 3.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),

(ii) i mír (b), trí “£ 2,400” a chur in ionad “£2,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) agus trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), agus

(iii) i mír (c), trí “£1,900” a chur in ionad “£1,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), agus

(b) in alt 141 (1A), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) gach áit a bhfuil sé i míreanna (b) agus (c).

2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, trí “£2,500” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1).

3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, i bhfo-alt (2), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,400” a chur in ionad “£1,200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982).

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 27.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní...

...

...

...

...

£33.20 an míle mar aon le méid is ionann agus 14.89 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

...

...

...

...

£50.296 an cileagram

Cavendish nó negrohead

...

...

£50.826 an cileagram

Tobac cruafháiscthe

...

...

...

£32.504 an cileagram

Tobac píopa eile

...

...

...

£40.858 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó

£42.443 an cileagram

chun a choganta

...

...

...