[EN]

harp.jpg


Uimhir 9 de 1984


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984


RIAR NA nALT

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Alt

1.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

2.

Cáin ioncaim a mhuirearú do 1984-85 agus blianta dá éis.

3.

Faoisimh phearsanta.

4.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.

5.

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

6.

Leasú ar alt 432 (éilimh, etc., a dhéanamh agus achomhairc agus athéisteachtaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

7.

Leasú ar alt 41 (cuntais infheistíochta i mbainc taisce iontaobhais) den Acht Airgeadais, 1968.

8.

Leasú ar alt 3 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Acht Airgeadais, 1969.

9.

Díolúine do chomhlachtaí spóirt áirithe.

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

10.

Leasú ar alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983.

Caibidil III

Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe

11.

Léiriú (Caibidil III).

12.

An faoiseamh.

13.

Teorainneacha le faoiseamh.

14.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh.

15.

Cuideachtaí cáilitheacha.

16.

Trádálacha cáilitheacha.

17.

Scaireanna a dhiúscairt.

18.

Luach a fhaightear ó chuideachta.

19.

Caipiteal athshuímh.

20.

Luach a fhaigheann daoine seachas éilitheoirí.

21.

Mí-úsáid a chosc.

22.

Éilimh.

23.

Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar.

24.

Faisnéis.

25.

Cáin ghnóchan caipitiúil.

26.

Feidhm maidir le fochuideachtaí.

27.

Ainmnithigh agus cistí infheistíochta ainmnithe.

Caibidil IV

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

28.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le hurrúis neamhúsmhara áirithe.

29.

Cánachas ar ioncam a mheastar a eascraíonn ó dhíolacháin áirithe urrús.

Caibidil V

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

30.

Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976.

31.

Leasú ar Chaibidil IX (Scéimeanna Brabús-Roinnte) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982, agus ar an Tríú Sceideal (Scéimeanna Brabús-Roinnte) a ghabhann leis an Acht sin.

32.

Faoiseamh i leith bronntanais le haghaidh oideachas sna healaíona.

33.

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiséamh i leith méadú ar stocluachanna.

34.

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le 1984-85.

35.

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú.

36.

Liúntais i leith saotharlann áirithe.

37.

Feidhm alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.

38.

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.

39.

Leasú ar alt 26 (liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.) den Acht Airgeadais, 1981.

40.

Liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe.

Caibidil VI

Cáin Chorparáide

41.

Leasú ar Chuid IX (Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

42.

Mar a dhéileálfar le díbhinní ar scaireanna tosaíochta áirithe.

43.

Leathnú ar idirbhearta díolmhaithe i ndáil le cumainn talmhaíochta.

44.

Buanú ar fhaoiseamh maidir le méadú ar fhostaíocht.

45.

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980.

Caibidil VII

Luathcháin Chorparáide

46.

Leasú ar alt 51 (forálacha áirithe do scor) den Acht Airgeadais, 1983.

47.

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1983.

Caibidil VIII

Stocfhaoiseamh

48.

Léiriú (Caibidil VIII).

49.

Stocfhaoiseamh: cáin chorparáide.

50.

Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin chorparáide.

51.

Stocfhaoiseamh: cáin ioncaim.

52.

Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin ioncaim.

53.

Stoc a luacháil seachas ag tosach tréimhse cuntais.

54.

Stoc oscailte gnó nua.

55.

Coigeartú ar stocluach in imthosca áirithe.

56.

Comharbais, etc., ar thrádáil.

57.

Trádáil arna seoladh ag comhpháirtíocht.

58.

Measúnachtaí, etc.

Caibidil IX

Leasú ar Fhorálacha i ndáil le Laghdú ar Stocluachanna seachas i dTrádáil na Feirmeoireachta

59.

Laghdú ar stocluachanna: cáin chorparáide.

60.

Teorainn le feidhm alt 59.

61.

Laghdú ar stocluachanna: cáin ioncaim.

62.

Teorainn le feidhm alt 61.

63.

Comharbais, etc., ar thrádáil.

64.

Forálacha áirithe den Acht Airgeadais, 1983, do scor.

65.

Teorainn le feidhm Chaibidil IX.

Caibidil X

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

66.

Leathnú ar alt 19 (urrúis rialtais agus urrúis eile) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

67.

Leasú ar alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

CUID II

Custaim agus Mál

68.

Léiriú (Cuid II).

69.

Beoir.

70.

Táirgí tobac.

71.

Fíon agus fíon déanta.

72.

Leann úll agus leann piorraí.

73.

Hidreacarbóin.

74.

Taisteal coigríche.

75.

Forálacha a bhaineann le dleachtanna máil ar mhótarfheithiclí, teilifíseáin agus ceirníní gramafóin.

76.

Forálacha i ndáil le dleacht gealltóireachta.

77.

Leasú ar alt 11 (scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta áitreibh do dhiúltú) den Acht um Gheall-Chur, 1931.

78.

Srian leis an Probation of Offenders Act, 1907.

79.

Leasú ar alt 29 (mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach) den Acht Airgeadais, 1963.

80.

Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

81.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960.

82.

Leasú ar alt 23 (diúité ceadúnais d'íoc tré sheic) den Acht Airgid, 1936.

83.

Orduithe a dhaingniú.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

84.

Léiriú (Cuid III).

85.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

86.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

87.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

88.

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

89.

Leasú ar alt 18 (taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil) den Phríomh-Acht.

90.

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

91.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

92.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

93.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

94.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPhríomh-Acht.

95.

An Seachtú Sceideal a chur isteach sa Phríomh-Acht.

96.

Ráta cánach i ndáil le fruiliú gearrthéarma earraí áirithe.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

97.

Tobhach ar bhainc.

98.

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982.

99.

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982.

100.

Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969.

101.

Dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais.

102.

Leasú ar alt 17 (dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981.

103.

Ordú a chúlghairm.

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Caibidil I

Iontaobhais Lánroghnacha

104.

Léiriú (Cuid V).

105.

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

106.

Fáltais ag iontaobhais lánroghnacha.

107.

Feidhm an Phríomh-Achta.

108.

Díolúintí.

109.

Cáin a ríomh.

Caibidil II

Ríomh Athbhreithnithe

110.

Leasú ar ailt áirithe den Phríomh-Acht.

111.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

112.

Feidhm Chaibidil II.

Caibidil III

Deimhniú Urscaoilte

113.

Leathnú ar alt 48 (admhálacha agus deimhnithe) den Phríomh-Acht.

CUID VI

Ilghnéitheach

114.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

115.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

116.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

Leasú ar Achtacháin

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Faoiseamh i Leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe Fochuideachtaí

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta

Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorrai


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978

1978, Uimh. 33

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Excise Act, 1848

1848, c. 118

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgid, 1929

1929, Uimh. 32

An tAcht Airgid, 1931

1931, Uimh. 31

An tAcht Airgid, 1936

1936, Uimh. 31

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1963

1963, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1979

1979, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1982

1982, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960

1960, Uimh. 1

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

Acht Tionscail na gCon, 1958

1958, Uimh. 12

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 14

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980

1980, Uimh. 36

Probation of Offenders Act, 1907

1907, c. 17

An tAcht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945

1945, Uimh. 16

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

Stamp Act, 1891

1891, c. 39

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

Succession Duty Act, 1853

1853, c. 51

An tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972

1972, Uimh. 17

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978

1978, Uimh. 34

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

harp.jpg


Uimhir 9 de 1984


AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS d'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAI-NEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [23 Bealtaine, 1984] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1.—Maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

[EN]

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,000” a chur in ionad “£4,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) agus trí “£2,500” a chur in ionad “£2,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£5,600” a chur in ionad “£5,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982), trí “£6,600” a chur in ionad “£6,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982), trí “£2,800” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) agus trí “£3,300” a chur in ionad “£3,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £5,000, agus

(b) in aon chás eile, £2,500.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £5,600;

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéilé cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £6,600;

(b) in aon chás eile, £2,800:

Ar choinníoll má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,300.

[EN]

Cáin ioncaim a mhuirearú do 198485 agus blianta dá éis.

2.—(1) I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1984-85 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974, cáin a mhuirearú air ar a ioncam inchánach—

[EN]

(a) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach ar shlí seachas de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, nó

[EN]

(b) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach de réir fhorálacha an ailt sin 194, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Tábla sin,

[EN]

agus tabharfar, faoi seach, ar na rátaí i ngach Cuid den Tábla sin an tuairisc a shonraítear i gcolún (3) i ngach Cuid acu sin os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar a bheidh, i gcolún (2) den Chuid sin.

AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

55 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

...

60 faoin gcéad

An fuílleach ...

...

...

65 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £8,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

55 faoin gcéad

An chéad £4,000 eile

...

60 faoin gcéad

An fuílleach ...

...

...

65 faoin gcéad

[EN]

(2) Beidh éifeacht le mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1) agus beidh éifeacht le mír 2 den Chuid sin I d'fhorlíonadh alt 8 den Acht Airgeadais, 1980.

[EN]

Faoisimh phearsanta.

3.—(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1984-85 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1983-84

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1984-85 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967:

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

2,900

3,600

(baintreach fir nó mná

...

...

1,950

2,300

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

2,900

3,600

(duine singil)

...

...

...

1,450

1,800

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

(baintreach fir nó mná)

...

...

950

1,300

(daoine eile)

...

...

...

1,450

1,800

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982, faoi réir fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1).

[EN]

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.

4.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh pearsa aonair dá dtagraítear san alt sin le muirearú i leith cánach ioncaim don bhliain 1984-85, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

[EN]

(a) “1984-85” a chur in ionad “1982-83”, agus

[EN]

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

[EN]

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

5.—Déantar leis seo alt 142A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a leasú, maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “seasca bliain” a chur in ionad “cúig bliana is seasca” i bhfo-alt (2) (a) (i), agus tá an fo-alt sin (2) (a) (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) go raibh sé seasca bliain d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, agus

[EN]

Leasú ar alt 432 (éilimh, etc., a dhéanamh agus achomhairc agus athéisteachtaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

6.—Maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 432 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí “de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc” a scriosadh as mír (c), agus

[EN]

(b) trí “thríocha lá” a chur in ionad “lá is fiche”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'ainneoin aon fhoráil eile san Acht seo, déanfar—

(a) gach éileamh ar dhíolúine nó ar aon liúntas nó asbhaint faoin Acht seo,

(b) gach éileamh ar aisíoc cánach faoin Acht seo, agus

(c)  (i) gach éileamh ar fhaoiseamh faoin Acht seo i gcás ina bhfuil an faoiseamh tomhaiste san fhoráil ar faoi a thugtar é, agus

(ii) gach ábhar agus ceist a bhaineann le haon fhaoiseamh atá tomhaiste amhlaidh,

agus nach bhfuil foráil shonrach déanta ina leith, ar shlí seachas leis an alt seo, maidir le ceart achomhairc ó chinneadh,

a shonrú i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a chur go dtí, agus a chinneadh ag, na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire) a údaróidh siad chuige sin, ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ar aon éileamh, ábhar nó ceist den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó don oifigeach laistigh de thríocha lá tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine éagóraithe, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

[EN]

Leasú ar alt 41 (cuntais infheistíochta i mbainc taisce iontaobhais) den Acht Airgeadais, 1968.

7.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 41 (9) den Acht Airgeadais, 1968, maidir leis an mbliain 1984-85 ná aon bhliain mhéasúnachta dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 3 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Acht Airgeadais, 1969.

8.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “i dteideal £2,000 a bhaint as a ioncam iomlán, mura lú ná £2,000 méid an mhuirir a bheidh air faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, nó i dteideal méid an mhuirir a bheidh air amhlaidh a bhaint as an ioncam sin, más lú ná £2,000 an méid sin” a chur in ionad “i dteideal £700 a bhaint as a ioncam iomlán” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar a ioncam iomlán agus a chruthú—

(a)  (i) go raibh sé, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, nó

(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean ina fhearchéile atá measúnaithe in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach ar feadh na bliana sin, agus

(b) go raibh duine ar fostú aige an bhliain mheasúnachta chun aire a thabhairt don duine (is é sin, an phearsa aonair nó a bhanchéile) a bhí faoi éagumas amhlaidh,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaithe a bheith á ríomh, i dteideal £2,000 a bhaint as a ioncam iomlán, mura lú ná £2,000 méid an mhuirir a bheidh air faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, nó i dteideal méid an mhuirir a bheidh air amhlaidh a bhaint as an ioncam sin, más lú ná £2,000 an méid sin.

[EN]

Díolúine do chomhlachtaí spóirt áirithe.

9.—Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 349:

“Díolúine i gcás comhlachtaí a bunaíodh le haghaidh cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn.

349.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe daoine'—

(a) aon chomhlacht daoine a bunaíodh agus atá ann chun cluichí agus spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn agus chuige sin amháin, agus

(b) aon chomhlacht daoine dar tugadh maidir leis an mbliain 1983-84 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, díolúine ó cháin ioncaim faoi na forálacha sin den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar cuireadh an t-alt seo ina n-ionad,

ach ní fholaíonn sé aon chomhlacht daoine den sórt sin a dúradh dá dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dóibh cibé comhairle (más ann) is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, fógra i scríbhinn á rá gur deimhin leo—

(i) nach chun na críche a shonraítear i mír (a) agus chuige sin amháin a bunaíodh an comhlacht nó gur bunaíodh é go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, nó

(ii) cé gur chun na críche a shonraítear i mír (a) agus chuige sin amháin a bunaíodh amhlaidh é, nach chuige sin a thuilleadh é nó go dtosaíonn sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil.

(2) Tabharfar díolúine ó cháin ioncaim i leith an mhéid sin d'ioncam aon chomhlachta cheadaithe daoine a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur ioncam é a caitheadh nó a chaithfear chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin.

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh an díolúine ó cháin ioncaim a bheidh tugtha don chomhlacht daoine lena mbaineann sé d'éifeacht a bheith léi—

(a) más fógra lena mbaineann mír (i) den fho-alt sin an fógra—

(i) maidir le cáin ioncaim, don bhliain mheasúnachta inar bunaíodh an comhlacht daoine nó don bhliain 1984-85, cibé bliain acu is déanaí, agus do gach bliain mheasúnachta dá éis,

(ii) maidir le cáin chorparáide, don chéad tréimhse chuntasaíochta de chuid an chomhlachta daoine dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó aon lá dá éis, agus do gach tréimhse chuntasaíochta dá éis,

(b) más fógra lena mbaineann mír (ii) den fho-alt sin an fógra—

(i) maidir le cáin ioncaim, don bhliain mheasúnachta inar scoir an comhlacht daoine de bheith ann, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin nó don bhliain inar thosaigh sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, cibé bliain acu is luaithe, ach nach bliain is luaithe ná an bhliain 1984-85, agus do gach bliain mheasúnachta dá éis,

(ii) maidir le cáin chorparáide, don tréimhse chuntasaíochta inar scoir an comhlacht daoine de bheith ann, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin nó don tréimhse chuntasaíochta inar thosaigh sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, cibé tréimhse acu is luaithe, ach nach tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1984, agus do gach tréimhse chuntasaíochta dá éis.

(4) Beidh feidhm le halt 432 maidir le fógra faoi fho-alt (1) ionann is dá mba é a bhí san fhógra cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh éileamh ar dhíolúine faoin Acht seo.

(5) Aon ní a cheanglaítear ar na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a cheadaítear dóibh a dhéanamh, nó aon chumhacht nó feidhm a thugtar dóibh nó a fhorchuirtear orthu, leis an alt seo, féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chuige sin, é a dhéanamh, a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí.”.

[EN]

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

[EN]

Leasú ar alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983.

10.—Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1983

[EN]

(a) i bhfo-alt (2):

[EN]

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, 1982 (I.R. Uimh. 84 de 1982), ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg (Leasú), 1983 (I.R. Uimh. 52 de 1983) agus ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg (Leasú), 1984 (I.R. Uimh. 75 de 1984) (dá ngairtear ‘na Rialacháin’ san fho-alt seo)”, agus

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (v):

[EN]

“(v) in alt 1 (1) den Acht, cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain ranníoca':

[EN]

`ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta, de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim, arb í an bhliain 1983-84 nó an bhliain 198485 í,”',

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“Ar choinníoll nach ndlífidh pearsa aonair tobhach ioncaim a íoc—

[EN]

(a) maidir le haon íocaíocht ar chuntas díolaíochtaí a dhéantar sa bhliain ranníoca (de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981, arna mhodhnú leis an alt seo) 1984-85, más díolaíochtaí amháin a ioncam ináirithe an bhliain sin agus mura mó méid na híocaíochta ná méid is ionann agus £96, i gcás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith nó méid comhréire, i gcás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó

[EN]

(b) maidir lena ioncam ináirithe don bhliain ranníoca (de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981, arna mhodhnú leis an alt seo) 1984-85, mura díolaíochtaí amháin an t-ioncam sin agus mura mó méid an ioncaim sin ná £5,000 an bhliain sin.”.

[EN]

Caibidil III

Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe

[EN]

Léiriú (Caibidil III).

11.—(1) Sa Chaibidil seo—

[EN]

tá le “comhlach” an bhrí chéanna, i ndáil le duine, atá leis de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil le rannpháirtí;

[EN]

forléireofar “rialú”, ach amháin in alt 14 (7) agus in alt 26 (2) (b), de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

tá le “bintiúr” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

forléireofar “stiúrthóir” de réir alt 103 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975;

[EN]

ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta;

[EN]

tá le “an tréimhse iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (7);

[EN]

ciallaíonn “an faoiseamh” agus “faoiseamh” faoiseamh faoi alt 12 agus déanfar tagairtí do mhéid an fhaoisimh a fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt sin;

[EN]

tá le “oibríochtaí trádála cáilitheacha” an bhrí a shanntar dó le halt 16 (2); agus

[EN]

ciallaíonn “cuideachta neamhluaite” cuideachta nach bhfuil aon cheann dá scaireanna, dá stoic nó dá bintiúir liostaithe ar liosta oifigiúil stocmhargaidh nó nach ndéileáiltear iontu ar mhargadh urrús neamhliostaithe.

[EN]

(2) Tá feidhm le halt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha fhorálacha na Caibidle seo, cé is moite d'alt 14.

[EN]

(3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 den 10 Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha na Caibidle seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin.

[EN]

(4) Aon tagairtí sa Chaibidil seo d'aon mhéid a laghdú folaíonn siad tagairtí dá laghdú go nialas.

[EN]

An faoiseamh.

12.—(1) Tá éifeacht leis an gCaibidil seo chun faoiseamh a thabhairt ó cháin ioncaim i gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfaidh pearsa aonair, a bheidh cáilithe le haghaidh an fhaoisimh, suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach;

[EN]

(b) ina n-eiseofar na scaireanna sin chuige chun airgead a chruinniú le haghaidh trádáil cháilitheach a bheidh á seoladh ag an gcuideachta nó a bheidh ar intinn aici a sheoladh; agus

[EN]

(c) ina dtabharfaidh an chuideachta fianaise shásúil, agus gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, gur úsáideadh an t-airgead, go bhfuil sé á úsáid nó go mbeartaítear é a úsáid—

[EN]

(i) chun—

[EN]

(I) a chumasú don chuideachta dul i mbun oibríochtaí trádála cáilitheacha, nó chun an cumas sin a mhéadú,

[EN]

(II) a chumasú don chuideachta, nó cabhrú léi, gabháil do thaighde agus forbairt, faisnéis agus sonraí teicneolaíochta a fháil, táirgí nó seirbhísí nua nó láithreacha a fhorbairt nó táirgí nó seirbhísí nua a chur ar fáil,

[EN]

(III) a chumasú don chuideachta margaí nua a aithint, agus margaí nua agus láithreacha a fhorbairt, dá cuid táirgí agus seirbhísí, nó

[EN]

(IV) a chumasú don chuideachta breis táirgí a dhíol nó breis seirbhísí a chur ar fáil,

[EN]

agus

[EN]

(ii) d'fhonn fostaíocht sa chuideachta a chruthú nó a chothabháil.

[EN]

(2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “scaireanna cáilithe” gnáthscaireanna nua nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, nó chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta fuascailte, anois nó feasta.

[EN]

(3) Tabharfar an faoiseamh i leith an mhéid a shuibscríobh pearsa aonair le haghaidh aon scaireanna cáilithe tríd an méid sin a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna, agus is tagairtí do mhéid na hasbhainte sin aon tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid an fhaoisimh.

[EN]

(4) Is ar éileamh a thabharfar an faoiseamh agus ní lamhálfar é—

[EN]

(a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, an trádáil á seoladh ag an gcuideachta ar feadh ceithre mhí; agus

[EN]

(b) i gcás nach mbeidh an trádáil sin á seoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna, mura dtosóidh an chuideachta á seoladh laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin.

[EN]

(5) Féadfar géilleadh d'éileamh ar an bhfaoiseamh tráth ar bith tar éis don chuideachta bheith ag seoladh na trádála ar feadh ceithre mhí, má tá na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh comhlíonta an tráth sin; ach ní ghéillfear d'aon éileamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1985.

[EN]

(6) I gcás ina ngéillfear d'éileamh roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin, gur dealraitheach nach raibh an t-éilitheoir i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

[EN]

(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le faoiseamh i leith aon scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta—

[EN]

(a) maidir le hailt 14, 17, 18, 19 agus 20, an tréimhse dar tosach dáta corpraithe na cuideachta (nó, má corpraíodh an chuideachta breis agus dhá bhliain roimh dháta eisiúna na scaireanna, an tréimhse dar tosach dhá bhliain roimh an dáta sin) agus dar críoch cúig bliana i ndiaidh eisiúint na scaireanna; agus

[EN]

(b) maidir le hailt 15, 16 agus 26, an tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch trí bliana i ndiaidh an dáta sin nó, i gcás nach raibh trádáil cháilitheach á seoladh ag an gcuideachta ar an dáta sin, trí bliana i ndiaidh an dáta ar ar thosaigh sí de bheith ag seoladh trádála den sórt sin dá éis sin.

[EN]

(8) Más rud é, de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, go seolann an chuideachta an trádáil cháilitheach ar feadh tréimhse is giorra ná ceithre mhí, beidh éifeacht le fo-alt (4) (a) ionann is dá mba thagairt don tréimhse is giorra sin a bhí ann ach sin ar an gcoinníoll amháin go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

[EN]

(9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm leo i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh feidhm leo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin gCaibidil seo.

[EN]

(10) Faoi réir fhorálacha alt 25, ní dhéanfar an faoiseamh, sa mhéid nach dtarraingeofar siar é, a chur i gcuntas nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil aon suimeanna le heisiamh, de bhua mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(11) Níl feidhm leis an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 198485 nó i gceachtar den dá bhliain mheasúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist.

[EN]

Teorainneacha le faoiseamh.

13.—(1) Faoi réir alt 27, ní thabharfar an faoiseamh i leith aon mhéid a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag aon chuideachta chuige in aon bhliain mheasúnachta mura £200 nó níos mó an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh na scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige an bhliain sin:

[EN]

Ar choinníoll i gcás pearsa aonair is fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, go measfar, maidir le haon mhéid a bheidh suibscríofa ag a chéile le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuici sa bhliain mheasúnachta sin, gur méid é a bheidh suibscríofa aige féin le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige.

[EN]

(2) Ní thabharfar an faoiseamh sa mhéid gur mó ná £25,000 an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe chuige in aon bhliain mheasúnachta (cibé acu ag an gcuideachta céanna nó nach ea).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (vii):

[EN]

“(viii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984, sa chomhréir inar shuibscríobh siad le haghaidh na scaireanna cáilithe ar dá mbarr an faoiseamh,”.

[EN]

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh.

14.—(1) (a) Beidh pearsa aonair cáilithe le haghaidh faoisimh más rud é go suibscríobhfaidh sé thar a cheann féin le haghaidh na scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach, agus nach mbeidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, baint aige leis an gcuideachta agus nach bhfaighidh sé ón gcuideachta, i rith na tréimhse sin, aon díbhinn is dáileadh lena mbaineann alt 64 nó 76 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(b) Chun críocha an ailt seo agus mhír 2 den Dara Sceideal, is de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo a chinnfear aon cheist i dtaobh baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta.

[EN]

(2) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta—

[EN]

(a) más comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid; nó

[EN]

(b) faoi réir fho-alt (3), más stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid.

[EN]

(3) Níl baint ag pearsa aonair le cuideachta de bhíthin amháin gur stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid, mura bhfaighidh sé féin nó a chomhlach (nó comhpháirtíocht ar comhalta di é féin nó a chomhlach) íocaíocht ó cheachtar cuideachta i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna nó mura mbeidh sé i dteideal íocaíocht den sórt sin a fháil i leith na tréimhse sin nó aon choda di; ach ní thabharfar aon aird ar na nithe seo a leanas chun na críche sin—

[EN]

(a) aon íocaíocht nó aisíocaíocht i leith caiteachais taistil nó caiteachais eile a thabhaigh sé féin nó a chomhlach go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas ag comhlíonadh dualgas dó mar stiúrthóir nó mar fhostaí den sórt sin;

[EN]

(b) aon ús nach bhfreagraíonn ach d'fháltas tráchtála réasúnach ar airgead a tugadh ar iasacht do cheachtar cuideachta;

[EN]

(c) aon díbhinn nó dáileadh eile a d'íoc nó a rinne ceachtar cuideachta agus nach mó ná gnáthfháltas ar an infheistíocht;

[EN]

(d) aon íocaíocht i leith earraí a sholáthar do cheachtar cuideachta nach mó ná margadhluach na n-earraí sin; agus

[EN]

(e) aon luach saothair réasúnach is gá—

[EN]

(i)  (I) is luach saothair a íoctar i leith seirbhísí a tugadh do cheachtar cuideachta i gcúrsa trádála nó gairme (nach seirbhísí rúnaíochta nó bainistíochta ná seirbhísí de chineál a chuireann an chuideachta féin ar fáil), agus

[EN]

(II) is luach saothair a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a bheith á ríomh faoi Chás I nó II de Sceideal D nó is luach saothair a chuirfí i gcuntas amhlaidh dá mba i dtréimhse ar ar a bonn a mheasúnaítear na brabúis nó na gnóchain sin faoin Sceideal sin a d'íocfaí é,

[EN]

[EN]

(ii) i gcás inar stiúrthóir nó fostaí de chuid ceachtar cuideachta é agus nach bhfuil baint aige thairis sin le ceachtar cuideachta, is luach saothair a íoctar i leith seirbhís a tugadh don chuideachta dar stiúrthóir nó fostaí é le linn dó bheith ina stiúrthóir nó ina fhostaí.

[EN]

(4) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 30 faoin gcéad—

[EN]

(a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta; nó

[EN]

(b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta; nó

[EN]

(c) den chumhacht vótála sa chuideachta,

[EN]

nó má tá sé i dteideal breis agus 30 faoin gcéad den chéanna a fháil.

[EN]

(5) Chun críocha fho-alt (4) (b), measfar go bhfolaíonn caipiteal iasachta cuideachta aon fhiach a thabhaigh an chuideachta—

[EN]

(a) i leith aon airgead a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní caipitiúla a fuair an chuideachta; nó

[EN]

(b) i leith aon chirt chun ioncam a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta a ghlacadh; nó

[EN]

(c) i leith comaoin ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh air sin).

[EN]

(6) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, cibé cearta, nó má tá sé i dteideal cibé cearta a fháil, a thabharfadh teideal dó, i gcás foirceannadh na cuideachta nó in aon imthosca eile, breis agus 30 faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta a fháil ar sócmhainní iad ab inchomhairimh an tráth sin le dáileadh ar shealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar—

[EN]

(a) na daoine is sealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta; agus

[EN]

(b) an céatadán de shócmhainní na cuideachta a mbeadh teideal ag an bpearsa aonair chucu,

[EN]

a chinneadh de réir ailt 109 agus 111 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ach tagairtí in alt 111 don chéad chuideachta a ghlacadh mar thagairtí do shealbhóir cothromais agus tagairtí d'fhoirceannadh a ghlacadh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon imthosca eile inarb inchomhairimh sócmhainní de chuid na cuideachta le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais.

[EN]

(7) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta más é a rialaíonn í, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(8) Chun críocha an ailt seo áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil; agus glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid.

[EN]

(9) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an ailt seo, an bhfuil baint ag pearsa aonair le cuideachta, aon fhiach a thabhaigh an chuideachta trí chuntas a rótharraingt le duine atá ag seoladh gnó baincéireachta ní dhéileálfar leis mar chaipiteal iasachta de chuid na cuideachta más i ngnáthchúrsa an ghnó sin a tabhaíodh an fiach.

(10) I gcás ina suibscríobhfaidh pearsa aonair le haghaidh scaireanna i gcuideachta nach bhfuil baint aige léi (de réir bhrí an ailt seo nó de bhua mhír 2 (2) (b) den Dara Sceideal) déileálfar leis dá ainneoin sin mar dhuine a bhfuil baint aige léi má shuibscríobhann sé le haghaidh na scaireanna mar chuid d'aon chomhshocraíocht lena bhforáiltear go suibscríobhfaidh duine eile le haghaidh scaireanna i gcuideachta eile a bhfuil baint (de réir bhrí an ailt seo nó de bhua na míre sin) ag an bpearsa aonair, nó ag aon phearsa aonair eile is páirtí sa chomhshocraíocht, léi.

[EN]

Cuideachtaí cáilitheacha.

15.—(1) Is cuideachta cháilitheach cuideachta má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo.

[EN]

(2) Ní mór don chuideachta, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí, bheith ina cuideachta neamhluaite a bhfuil cónaí uirthi sa Stát agus nach bhfuil cónaí uirthi áit ar bith eile, agus ní mór di—

[EN]

(a) bheith ina cuideachta atá ann go hiomlán chun trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát; nó

[EN]

(b) bheith ina cuideachta arb é atá go hiomlán ina gnó—

[EN]

(i) scaireanna nó urrúis de chuid fochuideachta cháilitheach amháin nó níos mó don chuideachta a shealbhú, nó iasachtaí a thabhairt don chéanna; nó

[EN]

(ii) scaireanna nó urrúis den sórt sin a shealbhú, nó iasachtaí den sórt sin a thabhairt, mar aon le trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “fochuideachta cháilitheach”, i ndáil le cuideachta, fochuideachta don chuideachta sin is de chineál a cheadaítear do chuideachta de bhua alt 26.

[EN]

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (5), scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, go ndéantar aon ghníomh eile chun na críche sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh.

[EN]

(5) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoileadh gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus—

[EN]

(a) má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach cuid é de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint; agus

[EN]

(b) má dhéantar glansócmhainní na cuideachta, más ann, a dháileadh ar a comhaltaí roimh dheireadh na tréimhse iomchuí nó, i gcás foirceannadh, sula mbeidh trí bliana caite (más déanaí sin) ó tosaíodh ar an bhfoirceannadh.

[EN]

(6) Ní cead, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, aon scaireanna eisithe nach bhfuil láníoctha a áireamh i scairchaipiteal na cuideachta.

[EN]

(7) (a) Faoi réir alt 26, ní cead don chuideachta, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí—

[EN]

(i) rialú a bheith aici (nó aici agus ag aon duine a bhfuil baint aige léi) ar chuideachta eile nó bheith faoi rialú ag cuideachta eile (nó ag cuideachta eile agus ag aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta eile sin); nó

[EN]

(ii) bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile nó fochuideachta 51 faoin gcéad a bheith aici féin;

[EN]

agus ní cead aon chomhshocraíochtaí a bheith ar marthain tráth ar bith i rith na tréimhse sin a bhféadfadh an chuideachta dá mbua teacht faoi réim fhomhír (i) nó (ii).

[EN]

(b) San fho-alt seo tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(8) Ní cuideachta cháilitheach cuideachta más rud é—

[EN]

(a) (i) go mbeidh leas rialaithe faighte ag pearsa aonair i dtrádáil na cuideachta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984; agus

[EN]

(ii) tráth ar bith sa tréimhse a luaitear i bhfo-alt (11), go mbeidh, nó go raibh, leas rialaithe aige i dtrádáil eile; agus

[EN]

(b) maidir leis an trádáil a sheolann an chuideachta, nó maidir le cuid mhór di—

[EN]

(i) go mbaineann sí leis an maoin chéanna nó le maoin den chineál céanna nó le codanna di nó go gcuireann sí na seirbhísí nó na saoráidí céanna, nó seirbhísí nó saoráidí den chineál céanna, ar fáil a chuireann an trádáil eile ar fáil; nó

[EN]

(ii) go ndéanann sí freastal, tríd is tríd, ar na heasraisí nó na margaí céanna, nó ar easraisí nó margaí den chineál céanna, a ndéanann an trádáil eile freastal orthu.

[EN]

(9) Chun críocha an ailt seo tá leas rialaithe ag duine i dtrádáil—

[EN]

(a) i gcás trádáil atá á seoladh ag cuideachta, más rud é—

[EN]

(i) go rialaíonn sé an chuideachta;

[EN]

(ii) gur dlúthchuideachta an chuideachta chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide agus gur stiúrthóir den chuideachta é féin nó comhlach dá chuid agus go bhfuil sé féin nó comhlach dá chuid ina úinéir tairbhiúil, nó in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar aon bhealach neamhdhíreach eile, rialú a fheidhmiú, ar bhreis agus 30 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta; nó

[EN]

(iii) go bhféadfaí a mheas, de réir alt 20 (12) den Acht Cánach Corparáide, 1976, gur leis cuid nach lú ná leath den trádáil;

[EN]

(b) in aon chás eile, má tá teideal aige chun coda nach lú ná leath na sócmhainní a mbaintear leas astu le haghaidh na trádála nó leath an ioncaim a fhaightear ón trádáil.

[EN]

(10) Chun críocha fho-alt (9) glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid.

[EN]

(11) Is í an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (8) (a) (ii) an tréimhse dar tosach dhá bhliain—

[EN]

(a) roimh dháta eisiúna na scaireanna; nó

[EN]

(b) más déanaí é, roimh an dáta ar thosaigh an chuideachta ag seoladh na trádála,

[EN]

agus dar críoch trí bliana i ndiaidh an dáta sin.

(12) I bhfo-ailt (8) agus (11) is tagairtí do thrádáil aon fhochuideachta de chuid na cuideachta aon tagairtí do thrádáil cuideachta.

[EN]

Trádálacha cáilitheacha.

16.—(1) Is trádáil cháilitheach trádáil má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo.

[EN]

(2) Ní mór don trádáil, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí—

[EN]

(a) gurb é a bheidh inti, go hiomlán nó go formhór, ceachtar de na hoibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear “oibríochtaí trádála cáilitheacha” sa Chaibidil seo) nó iad araon—

[EN]

(i) monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, nó

[EN]

(ii) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa gnóthais sheirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981,

[EN]

agus

[EN]

(b) i gcás inarb éard í an trádáil, go hiomlán nó go páirteach, monarú earraí dá dtagraítear i mír (a) (i), gurb é a bheidh inti trádáil a bhfuil an chuideachta a sheolann í tar éis faoiseamh ó cháin chorparáide a éileamh ina leith, agus go bhfuil teideal aici chuige, faoi fhorálacha na Caibidle sin VI, nó a ndéanfadh an chuideachta sin an faoiseamh sin a éileamh ina leith, agus a mbeadh teideal aici chuige, mura mbeadh easpa brabús:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás trádáil arb é atá inti, le linn na tréimhse iomchuí, oibríochtaí trádála cáilitheacha go páirteach agus oibríochtaí trádála eile go páirteach, go n-áireofar í chun críocha an fho-ailt seo mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, oibríochtaí trádála cáilitheacha más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte sa tréimhse iomchuí ó na díolacháin a dhéanfar agus na seirbhísí a thabharfar i gcúrsa oibríochtaí trádála cáilitheacha ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar agus na seirbhísí go léir a thabharfar i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí.

[EN]

(3) Ní mór, le linn na tréimhse iomchuí, an trádáil a sheoladh ar bhonn tráchtála le hionchas brabúis a réadú.

[EN]

(4) Déanfar tagairtí san alt seo do thrádáil a fhorléiriú gan féachaint don méid sin den mhíniú ar “trádáil” in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála.

[EN]

Scaireanna a dhiúscairt.

17.—(1) I gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair aon scaireanna cáilithe roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ansin—

[EN]

(a) i gcás ina ndearnadh an diúscairt ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ní bheidh teideal aige chun aon fhaoisimh i leith na scaireanna sin; agus

[EN]

(b) in aon chás eile, déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna sin a laghdú de mhéid nó de luach na comaoine a gheobhaidh sé astu.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le diúscairt a dhéanfaidh banchéile chuig a fearchéile tráth a measfar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó maidir le diúscairt a dhéanfaidh seisean chuici tráth den sórt sin; ach i gcás inar trí idirbheart inter vivos a bheidh scaireanna, a eisíodh chuig duine acu, aistrithe chuig an duine eile—

[EN]

(a) beidh feidhm leis an bhfo-alt sin tráth a dhiúscróidh an t-aistrí na scaireanna chuig tríú duine; agus

[EN]

(b) más rud é, tráth ar bith, nach meastar a thuilleadh go bhfuil banchéile ina cónaí lena fearchéile chun na gcríoch thuasluaite agus go mbeidh aon chuid de na scaireanna sin nach mbeidh diúscartha ag an aistrí roimhe sin, is ar an aistrí a dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh i leith na scaireanna sin a tharraingt siar.

[EN]

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna d'aon aicme i gcuideachta agus gur tugadh an faoiseamh i leith roinnt scaireanna den aicme sin ach nár tugadh é i gcás roinnt eile, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar ghnáthscaireanna den aicme sin sa chuideachta mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin ar tugadh faoiseamh ina leith faoin gCaibidil seo seachas le scaireanna eile.

[EN]

(4) I gcás inar tugadh an faoiseamh do phearsa aonair i leith scaireanna d'aon aicme i gcuideachta, ar scaireanna iad a eisíodh chuige tráthanna éagsúla, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar scaireanna den aicme sin mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin a eisíodh níos luaithe seachas leo sin a eisíodh níos déanaí.

[EN]

(5) I gcás ina raibh, de bhua aon leithroinnte den chineál a luaitear i bhfomhír (1) (a) (i) de mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (nach leithroinnt ar íocaíocht), scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith le háireamh faoi fhomhír (2) den mhír sin mar chomhshócmhainn le sealbhán nua—

[EN]

(a) áireofar an sealbhán nua, chun críocha fho-alt (3), mar scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith, agus

[EN]

(b) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhiúscairt ar na scaireanna sin go léir nó ar chuid chomhréireach díobh.

[EN]

(6) Ní dhéanfar scaireanna i gcuideachta a áireamh chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.

[EN]

Luach a fhaightear ó chuideachta.

18.—(1) I gcás ina suibscríobhfaidh pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta agus—

[EN]

(a) go bhfuair sé aon luach ón gcuideachta sular eisíodh na scaireanna ach sin laistigh den tréimhse iomchuí; nó

[EN]

(b) go bhfaigheann sé aon luach den sórt sin ar dháta a n-eisiúna nó dá éis ach sin roimh dheireadh na tréimhse iomchuí;

[EN]

déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna a laghdú den luach a bheidh faighte.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta má dhéanann an chuideachta—

[EN]

(a) aon chuid dá scairchaipiteal nó dá hurrúis ar leis an bpearsa aonair iad a aisíoc, a fhuascailt nó a athcheannach nó aon íocaíocht a thabhairt dó as a cheart chun aon choda de scairchaipiteal na cuideachta nó chun aon urrúis a thabhairt suas, ar é a chealú nó a mhúchadh;

[EN]

(b) aon fhiach atá ag dul don phearsa aonair a aisíoc seachas—

[EN]

(i) fiach gnáth-thrádála a thabhaigh an chuideachta, nó

[EN]

(ii) aon fhiach eile a thabhaigh an chuideachta—

[EN]

(I) ar an dáta is luaithe ar ar shuibscríobh sé le haghaidh na scaireanna ar ina leith atá an faoiseamh á éileamh, nó aon tráth dá éis sin; agus

[EN]

(II) ar shlí seachas i gcomaoin fiach a mhúchadh is fiach a tabhaíodh roimh an dáta sin;

[EN]

(c) aon íocaíocht a thabhairt don phearsa aonair as a cheart chun aon fhéich a thabhairt suas, ar é a mhúchadh, seachas—

[EN]

(i) fiach i leith íocaíochta den chineál a luaitear in alt 14 (3) (d) nó (e), nó

[EN]

(ii) fiach den chineál a luaitear i mír (b) (i) nó (ii);

[EN]

(d) aon dliteanas de chuid na pearsan aonair i leith na cuideachta a scaoileadh nó a tharscaoileadh, nó aon dliteanas dá chuid i leith tríú duine a urscaoileadh, nó geallúint a thabhairt é a urscaoileadh;

[EN]

(e) iasacht nó airleacan a thabhairt don phearsa aonair;

[EN]

(f) sochar nó saoráid a chur ar fáil don phearsa aonair;

[EN]

(g) sócmhainn a aistriú chuig an bpearsa aonair gan chomaoin ar bith nó ar chomaoin is lú ná a margadhluach nó sócmhainn a fháil uaidh ar chomaoin is mó ná a margadhluach; nó

[EN]

(h) aon íocaíocht eile a thabhairt dó seachas íocaíocht den chineál a luaitear in alt 14 (3) (a), (b), (c), (d) nó (e) nó íocaíocht d'urscaoileadh féich ghnáth-thrádála.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta freisin má fhaigheann sé, i leith gnáthscaireanna atá á sealbhú aige, aon íocaíocht nó sócmhainn i bhfoirceannadh nó i ndáil le díscaoileadh na cuideachta, is foirceannadh nó díscaoileadh a thagann faoi réim alt 15 (5).

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta freisin má dhéanann aon duine, is duine a d'áireofaí, chun críocha alt 14, mar dhuine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta—

[EN]

(a) aon chuid dá scairchaipiteal nó dá hurrúis ar leis an bpearsa aonair iad a cheannach; nó

[EN]

(b) aon íocaíocht a thabhairt dó as aon cheart i ndáil le haon chuid de scairchaipiteal nó d'urrúis na cuideachta a thabhairt suas.

[EN]

(5) Is é an luach a fhaigheann pearsa aonair—

[EN]

(a) i gcás a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (2), an méid is infhaighte ag an bpearsa aonair nó, más mó é, margadhluach na scaireanna, na n-urrús nó an fhéich atá i gceist;

[EN]

(b) i gcás a thagann faoi réim mhír (d) den fho-alt sin, méid an dliteanais;

[EN]

(c) i gcás a thagann faoi réim mhír (e) den fho-alt sin, méid na hiasachta nó an airleacain;

[EN]

(d) i gcás a thagann faoi réim mhír (f) den fho-alt sin, an costas don chuideachta as an sochar nó an tsaoráid a chur ar fáil lúide aon chomaoin a thug an phearsa aonair ina leith;

[EN]

(e) i gcás a thagann faoi réim mhír (g) den fho-alt sin, an difear idir margadhluach na sócmhainne agus an chomaoin (más ann di) a tugadh ina leith;

[EN]

(f) i gcás a thagann faoi réim mhír (h) den fho-alt sin, méid na híocaíochta;

[EN]

(g) i gcás a thagann faoi réim fho-alt (3), méid na híocaíochta nó, de réir mar a bheidh, margadhluach na sócmhainne; agus

[EN]

(h) i gcás a thagann faoi réim fho-alt (4), an méid is infhaighte ag an bpearsa aonair nó, más mó é, margadhluach na scaireanna nó na n-urrús atá i gceist.

[EN]

(6) Má dhéantar, de bhua an ailt seo, aon fhaoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i gcás pearsa aonair ar eisíodh gnáthscaireanna i gcuideachta chuige tráthanna éagsúla, déanfar an faoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh níos luaithe seachas i leith scaireanna a eisíodh níos déanaí.

[EN]

(7) Chun críocha fho-alt (2) (d) measfar dliteanas a bheith scaoilte nó tarscaoilte ag cuideachta mura mbeidh an dliteanas urscaoilte trí íocaíocht laistigh de dhá mhí dhéag ón am ar chóir é a bheith urscaoilte trí íocaíocht.

[EN]

(8) Chun críocha fho-alt (2) (e) áireofar na nithe seo a leanas ionann is dá mba iasacht ón gcuideachta don phearsa aonair iad—

[EN]

(a) méid aon fhéich (seachas fiach gnáth-thrádála) a bheidh ag an gcuideachta ar an bpearsa aonair; agus

[EN]

(b) méid aon fhéich a bheidh dlite den phearsa aonair do thríú dhuine is fiach a bheidh sannta don chuideachta.

[EN]

(9) San alt seo ciallaíonn “fiach gnáth-thrádála” aon fhiach i ndáil le hearraí nó seirbhísí arna soláthar i ngnáthchúrsa trádála nó gnó nuair nach mó ná sé mhí an creidmheas a tugadh agus nuair nach faide é ná an creidmheas a thugtar de ghnáth do chustaiméirí an duine a sheolann an trádáil nó an gnó.

[EN]

(10) San alt seo—

[EN]

(a) aon tagairt d'íocaíocht a thabhairt do dhuine nó d'aistriú a dhéanamh chuige folaíonn sí tagairt d'íocaíocht a thabhairt dó nó d'aistriú a dhéanamh chuige go neamhdhíreach nó ar a ordú nó chun sochair dó; agus

[EN]

(b) aon tagairt do phearsa aonair folaíonn sí tagairt do chomhlach dá chuid agus aon tagairt don chuideachta folaíonn sí tagairt d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta.

[EN]

Caipiteal athshuímh.

19.—(1) Níl pearsa aonair lena mbaineann fo-alt (2) i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna i gcuideachta más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, maidir leis an gcuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí—

[EN]

(a) go dtosaíonn sí, mar an trádáil nó mar chuid den trádáil atá aici, ag seoladh trádála a bhí á seoladh roimhe sin, tráth ar bith le linn na tréimhse sin, ar shlí eile seachas ag an gcuideachta nó ag aon cheann dá fochuideachtaí; nó

[EN]

(b) go bhfaigheann sí iomlán nó formhór na sócmhainní ar baineadh feidhm astu chun críocha trádála a bhí á seoladh amhlaidh roimhe sin.

[EN]

(2) Tá feidhm leis an bhfo-alt seo maidir le pearsa aonair más rud é—

[EN]

(a) gur duine nó grúpa daoine, a mba leis nó leo, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, leas ar mhó é san iomlán ná leath-scair sa trádáil (mar a bhí sí á seoladh roimhe sin), aon duine nó aon ghrúpa daoine ar leis nó leo, nó a mba leis nó leo tráth ar bith den sórt sin, leas den sórt sin sa trádáil atá á seoladh ag an gcuideachta nó ag aon cheann dá fochuideachtaí; nó

[EN]

(b) gur duine, nó grúpa daoine, a raibh, tráth ar bith den sórt sin, rialú aige nó acu ar chuideachta eile a raibh an trádáil á seoladh aici roimhe sin aon duine nó grúpa daoine a bhfuil nó, tráth ar bith den sórt sin, a raibh, rialú aige nó acu ar an gcuideachta;

[EN]

agus gurb é an duine sin nó duine de na daoine sin an phearsa aonair.

[EN]

(3) Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna i gcuideachta más rud é—

[EN]

(a) go dtarlóidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go bhfaighidh an chuideachta an scairchaipiteal eisithe go léir i gcuideachta eile; agus

[EN]

(b) gur duine, nó grúpa daoine, a raibh, tráth ar bith den sórt sin, rialú aige nó acu ar an gcuideachta eile sin aon duine nó grúpa daoine a bhfuil nó, tráth ar bith den sórt sin, a raibh, rialú aige nó acu ar an gcuideachta;

[EN]

agus gurb é an duine sin nó duine de na daoine sin an phearsa aonair.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (2)—

[EN]

(a) déanfar an duine ar leis nó na daoine ar leo trádáil agus, i gcás inar le dhá dhuine nó níos mó an trádáil, a scaireanna faoi seach sa trádáil sin, a chinneadh de réir fho-alt (11) (a) agus (b), (12) agus (13) d'alt 20 den Acht Cánach Corparáide, 1976; agus

[EN]

(b) déanfar aon leas, cearta nó cumhachtaí de chuid duine is comhlach do dhuine eile a áireamh mar leas, cearta nó cumhachtaí de chuid an duine eile sin.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta is de chineál a cheadaítear do chuideachta cháilitheach de bhua alt 26; agus

[EN]

folaíonn “trádáil” aon ghnó, gairm nó slí mhaireachtála agus folaíonn tagairtí do thrádáil a bhí á seoladh roimhe sin tagairtí do chuid de thrádáil den sórt sin.

[EN]

Luach a fhaigheann daoine seachas éilitheoirí.

20.—(1) Déanfar an faoiseamh a mbeidh pearsa aonair ina theideal i leith aon scaireanna i gcuideachta a laghdú de réir fho-alt (2) más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go ndéanfaidh an chuideachta aon chuid dá scairchaipiteal is le haon chomhalta eile seachas—

[EN]

(a) an phearsa aonair sin; nó

[EN]

(b) pearsa aonair eile a laghdaítear a fhaoiseamh dá bharr sin de bhua alt 18 (2),

[EN]

a aisíoc, a fhuascailt nó a athcheannach nó aon íocaíocht a thabhairt d'aon chomhalta den sórt sin as a cheart chun aon choda de scairchaipiteal na cuideachta a thabhairt suas, ar é a chealú nó a mhúchadh.

[EN]

(2) I gcás ina bhfuil feidhm le fo-alt (1), déanfar méid an fhaoisimh a bhfuil teideal ag pearsa aonair chuige a laghdú den mhéid is infhaighte ag an gcomhalta nó, más mó é, de luach ainmniúil an scairchaipitil atá i gceist; agus i gcás ina mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal ag dhá phearsa aonair nó níos mó chun faoisimh, déanfar an laghdú i gcomhréir le méideanna an fhaoisimh a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal acu chucu.

[EN]

(3) Más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go bhfaigh idh comhalta de chuideachta aon luach ón gcuideachta de réir bhrí an fho-ailt seo, nó go mbeidh sé i dteideal é a fháil, ansin, chun críocha fhorálacha alt 14 (4) ina bhfeidhmiú maidir le haon tráth dá éis sin, déanfar—

[EN]

(a) méid ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta; agus

[EN]

(b) méid na coda den chaipiteal sin arb é atá ann na scaireanna a mbaineann na forálacha sin leo agus méid na coda arb é atá ann an fuílleach,

[EN]

a áireamh araon mar mhéideanna arna laghdú de réir fho-alt (4).

[EN]

(4) Déileálfar le méid gach ceann de na codanna a luaitear i bhfo-alt (3) (b) mar mhéid is ionann agus an comhréir sin den mhéid sin arb í an chomhréir í atá idir an méid a suibscríobhadh le haghaidh na coda sin lúide an luach iomchuí agus an méid a suibscríobhadh; agus déileálfar le méid an scairchaipitil eisithe mar mhéid is ionann agus comhshuim na méideanna a ndéileálfar leo faoin bhfo-alt seo mar mhéid na gcodanna sin faoi seach.

[EN]

(5) An tagairt i bhfo-alt (3) (b) don chuid den chaipiteal arb é atá inti na scaireanna a mbaineann forálacha alt 14 (4) leo, is tagairt í don chuid arb éard í scaireanna atá (de réir bhrí an ailt sin) á sealbhú go díreach nó go neamhdhíreach ag an bpearsa aonair nó a bhfuil sé i dteideal iad a fháil; agus i bhfo-alt (4), ciallaíonn “an luach iomchuí”, i ndáil le gach ceann de na codanna a luaitear ann, an luach a fhaigheann an comhalta nó na comhaltaí atá i dteideal na scaireanna arb iad an chuid sin iad.

[EN]

(6) Chun críocha fho-alt (3) faigheann comhalta de chuideachta luach ón gcuideachta, nó tá sé i dteideal é a fháil, de réir bhrí an fho-ailt sin in aon chás ina bhfaigheadh pearsa aonair luach ón gcuideachta de bhua mhír (d), (e), (f), (g) nó (h) d'fho-alt (2) d'alt 18 (ach go n-áireofar na híocaíochtaí go léir ar lán-chomaoin a bheith eiscthe ó mhír (h)) agus déanfar an luach a fhaightear a chinneadh mar a dhéantar é a chinneadh chun críocha an ailt sin.

[EN]

(7) Chun críocha fho-alt (6) áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil.

[EN]

(8) Níl feidhm le fo-alt (1) i ndáil le haon scairchaipiteal a fhuascailt más roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1984, a socraíodh an dáta fuascailte ina leith.

[EN]

(9) Más rud é—

[EN]

(a) go n-eiseoidh cuideachta, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984, scairchaipiteal (“na scaireanna bunaidh”) de luach ainmniúil ar comhionann leis an íosmhéid údaraithe (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983) chun ceanglais alt 6 den Acht sin a chomhlíonadh; agus

[EN]

(b) tar éis do chláraitheoir na gcuideachtaí deimhniú faoin alt sin 6 a eisiúint don chuideachta, go n-eiseoidh sí scaireanna cáilithe,

[EN]

ní bheidh feidhm le fo-alt (1) i ndáil le haon fhuascailt a dhéanfar ar aon cheann de na scaireanna bunaidh laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar ar eisíodh na scaireanna sin.

[EN]

(10) Má dhéantar, de bhua an ailt seo, aon fhaoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i gcás pearsa aonair ar eisíodh gnáthscaireanna sa chuideachta chuige tráthanna éagsúla, déanfar an faoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh níos luaithe seachas i leith scaireanna a eisíodh níos déanaí.

[EN]

Mí-úsáid a chosc.

21.—Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna mura suibscríobhfar le haghaidh na scaireanna, agus mura n-eiseofar iad, chun críocha tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint.

[EN]

Éilimh.

22.—(1) Aon éileamh ar an bhfaoiseamh i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta in aon bhliain mheasúnachta déanfar é—

[EN]

(a) tráth nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1985, nó, más déanaí é, deireadh na tréimhse ceithre mhí a luaitear in alt 12 (4) (a), agus

[EN]

(b) tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin nó, más tar éis dheireadh na bliana sin a chríochnaigh an tréimhse ceithre mhí sin, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse sin.

[EN]

(2) Ní ghéillfear d'éileamh ar fhaoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta mura mbeidh ag gabháil leis deimhniú arna eisiúint ag an gcuideachta, agus é i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an trádáil, comhlíonta i ndáil leis na scaireanna sin.

[EN]

(3) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (2) cuirfidh an chuideachta ráiteas chuig an gcigire á rá go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an trádáil, comhlíonta aici agus go raibh siad comhlíonta amhlaidh gach uile thráth ó thosach na tréimhse iomchuí.

[EN]

(4) Ní eiseofar aon deimhniú den sórt sin gan údarás ón gcigire ná ní eiseofar é i gcás ina mbeidh an chuideachta, nó duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta, tar éis fógra a thabhairt don chigire faoi alt 24 (2).

[EN]

(5) Beidh in aon ráiteas faoi fho-alt (3) cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún agus beidh an ráiteas sin i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú ann go bhfuil sé ceart de réir mar is fearr is eol don chuideachta agus mar a chreideann sí.

[EN]

(6) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (2) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (3) agus—

[EN]

(a) gur tugadh an deimhniú nó an ráiteas go calaoiseach nó go faillíoch; nó

[EN]

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (4);

[EN]

dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000, a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a shaothrú i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

[EN]

(7) Chun críche rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ní thabharfar aon aird ar an bhfaoiseamh mura mbeidh éileamh air sin déanta, agus mura mbeidh glactha leis, go cuí.

[EN]

(8) Chun críocha alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht—

[EN]

(a) áireofar í mar cháin atá dlite agus iníochtha d'ainneoin faoiseamh ón gcáin (cibé acu trí urscaoileadh nó trí aisíoc) a thabhairt dá éis sin de chionn éileamh ar an bhfaoiseamh; ach

[EN]

(b) mura rud é gur íocadh níos luaithe ná sin í nó go mbeidh sí dlite agus iníoctha níos déanaí ná sin, áireofar í mar cháin a íocadh, sa mhéid go mbeidh faoiseamh ó cháin dlite faoin gCaibidil seo, ar an dáta a rinneadh an t-éileamh ar dá chionn a tugadh an faoiseamh;

agus ní bheidh feidhm le halt 551 den Acht sin de thoradh aon urscaoileadh nó aisíoc lena dtabharfar éifeacht don fhaoiseamh.

[EN]

Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar.

23.—(1) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh agus go bhfaighfear amach dá éis sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta dar tugadh an faoiseamh.

[EN]

(2) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh i leith scaireanna ar shuibscríobh fearchéile nó a bhanchéile lena n-aghaidh agus ar scaireanna iad a eisíodh le linn dó bheith á mheasúnú de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus go mbeidh an faoiseamh sin le tarraingt siar de bhua diúscairt a dhéanfaidh an duine a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin orthu dá éis sin agus gurb amhlaidh, tráth na diúscartha, nach mbeidh an fearchéile inmheasúnaithe amhlaidh, is ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt a dhéanfar aon mheasúnacht chun an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar í faoi threoir an laghdú cánach a thig ó mhéid an fhaoisimh gan féachaint d'aon leithroinnt ar an laghdú sin faoi alt 198 (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná d'aon leithroinnt ar aisíoc cánach faoi alt 195A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(3) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar a dhéanfar mar gheall ar theagmhas a tharlóidh tar éis dháta an éilimh, féadfar í a dhéanamh laistigh de dheich mbliana tar éis dheireadh na bliana measúnachta ina dtarlaíonn an teagmhas sin.

[EN]

(4) Ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh chuig duine ar bith mar gheall ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis dó bás a fháil.

[EN]

(5) I gcás ina ndearna duine, trí dhiúscairt nó diúscairtí lena mbaineann alt 17 (1) (b), na gnáthscaireanna go léir a bheidh eisithe ag cuideachta chuige a dhiúscairt, ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith aon scair de na scaireanna sin mar gheall ar aon teagmhas ina dhiaidh sin mura dtarlóidh sé tráth a mbeidh baint aige leis an gcuideachta de réir bhrí alt 14.

[EN]

(6) Ní dochar fo-alt (3) don choinníoll a ghabhann le halt 186 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(7) Ina fheidhmiú maidir le measúnacht a dhéanfar de bhua an ailt seo, beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá mba é an dáta a dtiocfaidh an cháin a mhuirearófar leis an measúnacht chun bheith dlite agus iníoctha—

[EN]

(a) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 14, 15, 16, 19 nó 20 (1) de thoradh aon teagmhas a tharlóidh tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta an teagmhais sin;

[EN]

(b) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 17 (1) de thoradh diúscartha tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na diúscartha;

[EN]

(c) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 18 de thoradh luach a fháil tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na fála;

[EN]

(d) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 21—

[EN]

(i) a mhéid a bheidh éifeacht tugtha don fhaoiseamh de réir rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta inar tugadh éifeacht dó amhlaidh; agus

[EN]

(ii) a mhéid nach mbeidh éifeacht tugtha dó amhlaidh, an dáta ar ar deonaíodh an faoiseamh.

[EN]

(8) Chun críocha fho-alt (7) is é dáta deonaithe an fhaoisimh an dáta ar ar tugadh aisíoc cánach chun éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh nó, murar tugadh aon aisíoc den sórt sin, an dáta ar ar eisigh an cigire fógra chuig an éilitheoir inar sonraíodh méid na cánach ab iníoctha tar éis éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh.

[EN]

Faisnéis.

24.—(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh a tugadh do phearsa aonair le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 14, 17 nó 18, déanfaidh an phearsa aonair, laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh an teagmhas ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais.

[EN]

(2) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh i leith aon scaireanna i gcuideachta le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 15, 16, 18, 19, 20 nó 21, déanfaidh—

[EN]

(a) an chuideachta; agus

[EN]

(b) aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta agus a bhfuil aon eolas aige faoin ábhar sin;

[EN]

laistigh de sheasca lá ó dháta an teagmhais nó, i gcás duine a thagann faoi réim mhír (b), laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh sin ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais nó na híocaíochta.

[EN]

(3) Má tá cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil fógra, a cheanglaítear ar dhuine a thabhairt faoi fho-alt (1) nó (2) i dtaobh aon teagmhais, tugtha aige, féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin cibé faisnéis i ndáil leis an teagmhas a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na Caibidle seo a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra.

[EN]

(4) I gcás ina n-éileofar faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta agus go mbeidh cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil sé dlite mar gheall ar aon chomhshocraíocht nó scéim den sórt a luaitear in alt 14 (10), 15 (7) nó 21, féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann, na nithe seo a leanas a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra—

[EN]

(a) dearbhú i scríbhinn á rá cibé acu atá nó nach bhfuil, de réir na faisnéise atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil, comhshocraíocht nó scéim den sórt sin ann, nó an raibh riamh;

[EN]

(b) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na forála atá i gceist ar faisnéis í atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil.

[EN]

(5) Na tagairtí i bhfo-alt (4) don duine lena mbaineann is tagairti iad, i ndáil le hailt 14 (10) agus 21, don éilitheoir agus, i ndáil le hailt 15 (7) agus 21, don chuideachta agus d'aon duine a rialaíonn an chuideachta.

[EN]

(6) I gcás inar tugadh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta—

[EN]

(a) aon duine a fhaigheann aon íocaíocht nó sócmhainn ón gcuideachta a d'fhéadfadh a bheith ina luach arna fháil (cibé acu aige féin nó ag duine eile) chun críocha alt 18 nó 20 (3); agus

[EN]

(b) aon duine a bhfaightear íocaíocht nó sócmhainn den sórt sin thar a cheann,

[EN]

déarfaidh sé, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, arb amhlaidh maidir leis an íocaíocht nó an tsócmhainn a fuair sé féin nó a fuarthas thar a cheann, gur thar ceann aon duine eile seachas é féin a fuarthas í agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin.

[EN]

(7) I gcás inar éilíodh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta, déanfaidh aon duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chuideachta agus aon duine a bhfuil nó a raibh aon scaireanna den sórt sin á sealbhú thar a cheann, a rá, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, arb amhlaidh maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé nó na scaireanna atá nó a bhí á sealbhú thar a cheann, gur thar ceann aon duine eile seachas é féin atá nó a bhí siad á sealbhú agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin.

[EN]

(8) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar an gcigire a nochtadh do chuideachta gur tugadh nó gur éilíodh faoiseamh i leith líon nó cion áirithe dá cuid scaireanna.

[EN]

(9) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1984, alt 24 (3) agus (4)” a chur isteach i gcolún 2; agus

[EN]

(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1984, alt 24 (1) agus (2)” a chur isteach i gcolún 3.

[EN]

Cáin ghnóchan caipitiúil.

25.—(1) Déanfar na suimeanna is inlamhála mar asbhaintí as an gcomaoin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ar an ngnóchan nó ar an gcaillteanas a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as diúscairt scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, aon fhaoiseamh ina leith, a chinneadh gan féachaint don fhaoiseamh sin, ach amháin go ndéanfar, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, iad a laghdú méid is ionann agus—

[EN]

(a) méid an fhaoisimh sin, nó

[EN]

(b) an bhreis,

[EN]

cibé acu is lú, ach ní bheidh feidhm leis na forálacha sin roimhe seo den fhomhír seo maidir le diúscairt a thagann faoi réim alt 13 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

[EN]

(2) I ndáil le scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, faoiseamh ina leith, déanfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, aon cheist—

[EN]

(a) i dtaobh cé acu de na scaireanna den sórt sin, a eisíodh chuig duine tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo; nó

[EN]

(b) i dtaobh cibé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt;

[EN]

a chinneadh amhail mar a chinntear chun críocha alt 17.

[EN]

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna i gcuideachta agus go bhfuil an faoiseamh tugtha i leith cuid acu ach nach bhfuil i gcás cuid eile, ansin, má tharlaíonn atheagrú, de réir bhrí mhír 2 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a dhéanann difear do na scaireanna sin, beidh feidhm ar leithligh le mír 2 (2) den Sceideal sin maidir leis na scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith agus maidir leis na scaireanna eile (sa chaoi go ndéileálfar leis na scaireanna de gach cineál mar shealbhán ar leithligh de scaireanna bunaidh agus go sonrófar iad le sealbhán nua ar leithligh).

[EN]

(4) Déanfar na coigeartuithe sin go léir ar cháin ghnóchan caipitiúil, cibé acu trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim an faoiseamh a thabhairt nó a tharraingt siar.

[EN]

Feidhm maidir le fochuideachtaí.

26.—(1) Ceadaítear do chuideachta cháilitheach fochuideachta amháin nó níos mó a bheith aici sa tréimhse iomchuí más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh na coinníollacha i bhfo-alt (2) comhlíonta i ndáil leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta agus, ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), go leanfar i gcónaí dá gcomhlíonadh go dtí deireadh na tréimhse iomchuí; agus

[EN]

(b) maidir leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta, gur corpraíodh sa Stát í agus gur cuideachta í—

[EN]

(i) a thagann faoi réim alt 15 (2) (a), nó

[EN]

(ii) atá ann d'aontoisc chun aon trádáil nach bhfuil inti ach oibríocht amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát—

[EN]

(I) earraí nó ábhair a cheannach lena n-úsáid ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid,

[EN]

(II) earraí nó ábhair arna dtáirgeadh ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid a dhíol,

[EN]

[EN]

(III) seirbhísí a thabhairt don chuideachta cháilitheach nó d'fhochuideachtaí dá cuid nó seirbhísí a thabhairt thar a gceann.

[EN]

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a)—

[EN]

(a) gur leis an gcuideachta cháilitheach scairchaipiteal eisithe uile na fochuideachta agus an chumhacht iomlán vótála inti; agus

[EN]

(b) nach mbeidh an fhochuideachta faoi rialú aon duine eile de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976; agus

[EN]

(c) nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí ar marthain a dtarlódh dá mbua go scoirfí de na coinníollacha i míreanna (a) agus (b) a chomhlíonadh.

[EN]

(3) Ní mheasfar go bhfuil scortha de na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) a chomhlíonadh de bhíthin an fhochuideachta nó an chuideachta cháilitheach a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh gan foirceannadh agus dá bhíthin sin amháin, más rud é—

[EN]

(a) go suitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach cuid é de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint; agus

[EN]

(b) go ndéantar na glansócmhainní, más ann, de chuid na fochuideachta nó, de réir mar a bheidh, de chuid na cuid eachta cáilithí, a dháileadh ar a comhaltaí roimh dheireadh na tréimhse iomchuí nó, i gcás foirceannadh, sula mbeidh trí bliana caite (más déanaí sin) ó tosaíodh ar an bhfoirceannadh.

[EN]

(4) I gcás ina mbeidh fochuideachta amháin nó níos mó ag cuideachta cháilitheach sa tréimhse iomchuí beidh éifeacht leis an gCaibidil seo faoi réir an Dara Sceideal.

[EN]

Ainmnithigh agus cistí infheistíochta ainmnithe.

27.—(1) Aon scaireanna a suibscríobhann ainmnitheach lena n-aghaidh thar ceann pearsan aonair, nó a eisítear chuige nó a shealbhaíonn nó a dhiúscraíonn sé thar a cheann sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, gurb é an phearsa aonair sin a shuibscríobhann lena n-aghaidh nó gur chuige a eisítear iad nó gurb eisean a shealbhaíonn nó a dhiúscraíonn iad.

[EN]

(2) (a) Tabharfar faoiseamh, agus ní bheidh feidhm le halt 13 (1) (ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis), maidir le méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair ag duine nó daoine ag a bhfuil bainistí ciste infheistíochta a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo (“bainisteoirí ciste ainmnithe”) i gcás inar cuid den chiste an méid a shuibscríobhtar amhlaidh.

[EN]

(b) Ach amháin mar a fhoráiltear le mír (a), ní thabharfar faoiseamh i leith méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair ag duine nó daoine ag a bhfuil bainistí ciste infheistíochta i gcás inar cuid den chiste an méid a shuibscríobhtar amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, ag féachaint do fhíorais an cháis áirithe agus tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is dóigh leo is cóir a chur ag gabháil leis an ainmniú, ciste infheistíochta a ainmniú chun críocha na Caibidle seo.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do bhainisteoirí ciste infheistíochta ainmnithe, an t-ainmniú a thugtar chun críocha an ailt seo don chiste de réir fho-alt (3) a tharraingt siar agus, ar an bhfógra a thabhairt, scoirfidh an ciste de bheith ina chiste ainmnithe i leith aon suibscríobhanna a dhéanfar tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír (b).

[EN]

(b) I gcás ina dtarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar ainmniú aon chiste chun críocha an ailt seo, déanfar fógra faoin tarraingt siar a fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil.

[EN]

(5) I gcás ina n-éileoidh pearsa aonair faoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta ar scaireanna iad a bheidh eisithe chuig bainisteoirí ciste ainmnithe i gcáil ainmnithigh don phearsa aonair sin, beidh feidhm le halt 22 (2) ionann is dá mba iad na ceanglais a bhí ann—

[EN]

(a) gur chuig na bainisteoirí a eiseoidh an chuideachta an deimhniú a luaitear sa mhír sin; agus

[EN]

(b) go mbeidh deimhniú arna eisiúint ag na bainisteoirí, agus é i cibé foirm a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis an éileamh ar fhaoiseamh agus go dtabharfar sa deimhniú sin cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus go ndeimhneofar ann go bhfuil ag na bainisteoirí deimhnithe a d'eisigh na cuideachtaí lena mbaineann chucu, chun críocha alt 22 (2), i leith na sealbhán de scaireanna cáilithe a bheidh sonraithe i ndeimhniú na mbainisteoirí.

[EN]

(6) Féadfar a cheangal ar bhainisteoirí ciste ainmnithe, le fógra a thabharfaidh cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim dóibh, tuairisceán i dtaobh na sealbhán de scaireanna cáilithe a bheidh sonraithe i ndeimhnithe arna n-eisiúint acu de réir fho-alt (5) sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann an tuairisceán a sheachadadh ar an oifigeach laistigh den teorainn ama a luaitear san fhógra.

[EN]

(7) Ní bheidh feidhm le halt 22 (6) i ndáil le haon deimhniú a eiseoidh bainisteoirí ciste ainmnithe chun críocha fho-alt (5).

[EN]

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ciste a ainmniú chun críocha na Caibidle seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur deimhin leo go bhfuil an ciste bunaithe faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe agus gur bunaíodh é d'aontoisc chun a chumasú do phearsana aonair a cháilíonn le haghaidh an fhaoisimh (dá ngairtear “pearsana aonair cáilitheacha” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) infheistiú i scaireanna cáilithe de chuid cuideachta cáilithí agus go bhforáiltear faoi théarmaí na n-iontaobhas—

[EN]

(a) go ndéanfar an ciste iomlán a infheistiú gan mhoill mhíchuí i scaireanna cáilithe,

[EN]

(b) nach ndéanfaidh an ciste suibscríobh ach amháin le haghaidh scaireanna a d'fhágfadh, faoi réir imthosca na bpearsan aonair cáilitheach atá rannpháirteach sa chiste (dá ngairtear “rannpháirtithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), go mbeadh na rannpháirtithe sin cáilithe le haghaidh faoisimh,

[EN]

(c) go ndéanfar, go dtí go ndéanfar infheistiú i scaireanna cáilithe, aon airgead a bheidh suibscríofa chun scaireanna a cheannach a chur i dtaisce i gcuntas leithleach i mbanc atá ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh sa Stát,

[EN]

(d) go bhfuil aon mhéideanna a gheofar ar mhodh díbhinní nó úis, faoi réir choimisiún i leith costas bainistí nach mó ná 5 faoin gcéad den ioncam sin, le híoc gan mhoill mhíchuí leis na rannpháirtithe,

[EN]

(e) nach mbeidh, i ndáil le bunú an chiste, aon mhuirir a ghearrfar ar mhodh costas bainistí níos mó, i ndáil le haon rannpháirtí, ná méid réasúnach ná níos mó, i gcás ar bith, ná cúig faoin gcéad de na méideanna a bheidh suibscríofa ag an rannpháirtí sin i leith an chiste,

[EN]

(f) go ndéanfar cuntais iniúchta an chiste a chur gach bliain chuig na Coimisinéirí Ioncaim a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach tréimhse dá ndéantar cuntais an chiste amach,

[EN]

(g) nach mbeidh baint, díreach nó neamhdhíreach, de thuras na huaire, ag bainisteoirí, ag iontaobhaithe an chiste ná ag aon chomhlach dá gcuid le haon chuideachta ar cuid den chiste a cuid scaireanna,

[EN]

(h) nach ndéanfar aon lascainí ar scaireanna cáilithe arna bhfáil ag iontaobhaithe nó bainisteoirí an chiste a ghlacadh ach amháin chun sochair do na rannpháirtithe,

[EN]

(i) gur ciste dúnta an ciste agus gur luaithe an dáta deiridh le haghaidh rannpháirtíochta ná dáta na chéad infheistíochta a dhéanamh,

[EN]

(j) má tá teorainn curtha le méid an chiste nó má tá íosmhéid infheistíochta mar choinníoll leis, go mbeidh aon suibscríobhanna nach nglacfar leo le cur ar ais gan mhoill mhíchuí, agus

[EN]

(k) nach mbeidh cead ag aon rannpháirtí go ndéanfaí aon scair eanna in aon chuideachta a mbeidh infheistiú déanta ag an gciste inti a aistriú go dtí a ainm féin go dtí go mbeidh cúig bliana caite ón dáta ar eisíodh na scaireanna chuig an gciste.

[EN]

Caibidil IV

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

[EN]

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le hurrúis neamhúsmhara áirithe.

28.—(1) Ní bheidh feidhm le forálacha alt 465 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná le halt 63 den Acht Airgeadais, 1969, maidir le heisiúintí urrús lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfar tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura mbeidh tairiscint le haghaidh aon urrúis den sórt sin curtha isteach ar an dáta sin nó roimhe.

[EN]

(2) Tá feidhm leis an alt seo—

[EN]

(a) maidir le Billí Státchiste arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais, agus

[EN]

(b) maidir le Billí Idirghabhála um Earraí Talmhaíochta arna n-eisiúint ag an Aire Talmhaíochta.

[EN]

Cánachas ar ioncam a mheastar a eascraíonn ó dhíolacháin áirithe urrús.

29.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “úinéir”, tráth ar bith, i ndáil le hurrúis, an duine a mbeadh teideal aige, dá ndéanfadh an duine a d'eisigh na hurrúis iad a fhuascailt an tráth sin, chun fáltais na fuascailte;

[EN]

folaíonn “urrúis”—

[EN]

(a) sócmhainní nach sócmhainní inmhuirearaithe chun críocha cánach gnóchan caipitiúil de bhua alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus

[EN]

(b) stoic, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile cibé acu a chruthaíonn nó a fhianaíonn siad muirear ar shócmhainní nó nach ndéanann,

[EN]

ach ní fholaíonn sé scaireanna (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963) de chuid cuideachta (de réir na brí sin adúradh) nó comhlachta dá samhail;

[EN]

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí.

[EN]

(2) I gcás ina ndíolfaidh nó ina n-aistreoidh úinéir urrúis an t-urrús, ansin, más é toradh an idirbhirt go mbeidh aon ús, a thiocfaidh chun bheith iníoctha i leith an urrúis, infhaighte ar shlí seachas ag an úinéir sin, measfar an t-ús a bheith faibhrithe ó lá go lá ón dáta a ndearnadh an íocaíocht úis deiridh leis an úinéir sin i leith an urrúis nó, i gcás nach ndearnadh aon íocaíocht den sórt sin, ón dáta a bhfuair an t-úinéir sin an t-urrús agus beidh cáin inmhuirearaithe ar an úinéir sin, faoi Chás IV de Sceideal D, i leith an úis a mheasfar a bheith faibhrithe amhlaidh anuas go dtí an dáta a dhéanfar an conradh chun an díol nó an t-aistriú a dhéanamh nó an dáta a íocfar an chomaoin i leith an díola, cibé acu is déanaí:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm leis an alt seo—

[EN]

(a) má bhí an t-urrús á shealbhú ag an úinéir céanna ar feadh tréimhse leanúnaí dhá bhliain ar a laghad díreach roimh dháta an chonartha sin nó dáta na híocaíochta sin, cibé acu is déanaí, ach, maidir le hionadaithe pearsanta duine éagtha a bhfuil a eastát i gcúrsa a riartha, agus maidir leis an duine éagtha, measfar, chun críocha na míre seo, gurb iad an t-úinéir céanna iad, nó

[EN]

(b) más duine é an t-úinéir sin a sheolann trádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go páirteach, déileáil in urrúis a bhfuil cáin ioncaim nó cáin chorparáide inmhuirearaithe ar na brabúis astu faoi Chás I de Sceideal D don bhliain mheasúnachta nó, de réir mar a bheidh, don tréimhse chuntasaíochta a ndéantar ina leith an chomaoin i leith an díola a chur i gcuntas le linn brabúis na trádála a bheith á ríomh chun críocha measúnachta i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide don bhliain sin nó don tréimhse chuntasaíochta sin, mura rud é gurb é atá sa trádáil, go hiomlán nó go páirteach, gnó saoil nach bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar na brabúis as faoi Chás I de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin, nó

[EN]

(c) más éard é an díol nó an t-aistriú díol nó aistriú a dhéanann banchéile chuig a fearchéile tráth a mheastar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó díol nó aistriú a dhéanann fearchéile chuig a bhanchéile tráth den chineál sin a dúradh, ach i gcás idirbheart den chineál sin a dúradh nó i gcás díol nó aistriú a dhéanann an fearchéile nó an bhanchéile chuig aon duine eile i ndiaidh idirbhirt nó idirbhearta den chineál sin a dúradh, measfar, chun críocha mhír (a), gurb iad an t-úinéir céanna an fearchéile agus an bhanchéile, nó

[EN]

(d) más urrús é an t-urrús a ndéileáltar leis an ús air mar dháileadh chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

(3) I mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2), beidh le “gnó saoil” an bhrí a shanntar dó le halt 50 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(4) (a) Chun na gcríocha a bhaineann le hurrúis arna bhfáil ag úinéir a shonrú le hurrúis atá ar áireamh i ndíol nó in aistriú arna dhéanamh ag an úinéir, measfar, sa mhéid gur urrúis den aicme chéanna na hurrúis, urrúis arna bhfáil ar dháta is déanaí a bheith ar áireamh amhlaidh roimh urrúis arna bhfáil ar dháta is luaithe.

[EN]

(b) Measfar gur urrúis den aicme chéanna urrúis má bhíonn teideal ag úinéirí na n-urrús chun na gcearta céanna i gcoinne an duine chéanna ó thaobh caipitil agus úis agus chun na leigheasanna céanna ó thaobh na cearta sin a chur i bhfeidhm.

[EN]

(5) (a) Gan dochar d'aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach lena gceanglaítear faisnéis a nochtadh, féadfaidh cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann mír (b) cibé sonraí a mheasann an cigire is gá chun críocha an ailt seo, agus chun a chinneadh an eascraíonn muirear cánach faoin alt seo, a thabhairt laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra.

[EN]

(b) Baineann mír (a)—

[EN]

(i) le duine a eisíonn urrús,

[EN]

(ii) le haon ghníomhaire de chuid duine den sórt sin,

[EN]

(iii) le húinéir urrúis.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1984, alt 29” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

[EN]

(7) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon díol nó aistriú a dhéanfar tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1984.

[EN]

Caibidil V

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976.

30.—Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “ciallaíonn ‘measúnacht i leith cánach”':

[EN]

“ciallaíonn ‘an méid iomchuí'—

[EN]

(a) i gcás measúnacht i leith cánach ioncaim (seachas measúnacht i leith méid in ionannas cánach ioncaim chun críocha alt 31 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976) don bhliain 1984-85 nó bliain mheasúnachta dá éis, 85 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh, agus

[EN]

(b) i gcás aon mheasúnacht eile i leith cánach, 80 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (5):

[EN]

“(b) an méid iomchuí,”.

[EN]

Leasú ar Chaibidil IX (Scéimeanna Brabús-Roinnte) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982, agus ar an Tríú Sceideal (Scéimeanna Brabús-Roinnte) a ghabhann leis an Acht sin.

31.—Déantar leis seo Caibidil IX de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a leasú mar a leanas—

[EN]

(a) maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£5,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 56 agus i mír 1 (4) den Tríú Sceideal, agus

[EN]

(b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, trí “20 faoin gcéad díobh seo a leanas” a scriosadh as an gcoinníoll a ghabhann le halt 58 (1),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), an mhír sin 1 (4) agus an chuid sin den choinníoll sin atá roimh mhír (i) den choinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más mó ná £5,000 iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna go léir a bheidh leithreasaithe chuig pearsa aonair aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu faoi scéim cheadaithe amháin nó faoi dhá scéim nó níos mó den sórt sin) beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) maidir leis na scaireanna breise, is é sin le rá, aon scair ba chúis leis an teorainn sin a shárú agus aon scair a leithreasaíodh tar éis an teorainn sin a shárú.

(2) Chun críocha fho-alt (1), má dhéantar uimhir scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair an tráth céanna faoi dhá scéim cheadaithe nó níos mó, áireofar an chomhréir chéanna de na scaireanna a leithreasófar an tráth sin faoi gach scéim mar chomhréir a bheidh leithreasaithe sula mbeidh an teorainn £5,000 sáraithe.

(4) Ní mór don scéim a fhoráil nach mbeidh iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna a leithreasófar i mbliain mheasúnachta chuig aon rannpháirtí amháin níos mó ná £5,000.

Ar choinníoll nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach i leith cibé riar d'aon suim, nó de mhéid comhiomlán aon suimeanna, a caitheadh amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta sin is mó ná—

[EN]

Faoiseamh i leith bronntanais le haghaidh oideachas sna healaíona.

32.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” aon chomhlacht nó institiúid sa Stát a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo is comhlacht nó institiúid—

[EN]

(a) a chuireann aon chúrsa ar fáil sa Stát a mbaineann ceann dá choinníollacha iontrála le torthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta, scrúdú máithreánach de chuid ollscoile aitheanta sa Stát nó scrúdú comhionann a sheoltar lasmuigh den Stát, nó

[EN]

(b) (i) atá bunaithe ar bhonn buan chun ceann amháin nó níos mó de na hábhair cheadaithe a chur chun cinn go hiomlán nó go formhór sa Stát, agus chuige sin amháin,

[EN]

(ii) a chuidíonn leis an ábhar sin nó na hábhair sin a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta nó réigiúnach, agus

[EN]

(iii) a dtoirmisceann a bhunreacht air aon sócmhainní no brabúis dá chuid a dháileadh ar a chomhaltaí;

[EN]

ciallaíonn “ábhar ceadaithe”—

[EN]

(a) cleachtadh na hailtireachta,

[EN]

(b) cleachtadh na healaíne agus deartha,

[EN]

(c) cleachtadh an cheoil agus chumadóireacht an cheoil,

[EN]

(d) cleachtadh ealaíona na hamharclannaíochta,

[EN]

(e) cleachtadh ealaíona na scannánaíochta, nó

[EN]

(f) aon ábhar eile a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo;

[EN]

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh.

[EN]

(2) Tá feidhm leis an alt seo maidir le bronntanas airgid—

[EN]

(a) a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, do chomhlacht ceadaithe chun cabhrú leis an gcomhlacht sin le cur chun cinn aon ábhair cheadaithe a spreagadh sa Stát,

[EN]

(b) a mbaineann an comhlacht ceadaithe úsáid as chun na críche sin, agus

[EN]

(c) nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(3) I gcás ina gcruthóidh duine gur thug sé bronntanas lena mbaineann an t-alt seo agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm le forálacha fho-alt (4) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (5):

[EN]

Ar choinníoll, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh chun críocha na bhfo-alt sin, go ndéanfar méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine sin mar thoradh ar an mbronntanas a thabhairt, cibé acu an go díreach nó go neamhdhíreach ón gcomhlacht ceadaithe dar tugadh an bronntanas, nó ar shlí eile, a fuair sé í, a asbhaint as méid an bhronntanais.

[EN]

(4) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (5), glanmhéid an bhronntanais sin a bhaint as aon ioncam de chuid an duine ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin agus déanfar, de réir mar is gá, an cháin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin; agus is dá réir sin a ríomhfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is dá réir sin a ríomhfar ioncam iomlán an fhearchéile:

[EN]

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine do bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) mura mó ná £100 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó

[EN]

(b) sa mhéid gur mó ná £10,000 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

(5) I gcás ina dtabharfaidh cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) measfar, chun críocha cánach corparáide, gurb éard é glanmhéid an bhronntanais caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta inar tugadh an bronntanas, agus

[EN]

(b) déanfar tagairtí do bhliain mheasúnachta sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta.

[EN]

(6) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chomhlacht nó don institiúid, de réir mar a bheidh, an ceadú a tharraingt siar ó aon chomhlacht nó institiúid chun críocha an ailt seo agus, ar an bhfógra a thabhairt, scoirfidh an comhlacht nó an institiúid de bheith ina chomhlacht nó ina comhlacht ceadaithe maidir le haon bhronntanais a thabharfar tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír (b).

[EN]

(b) I gcás ina dtarraingeoidh an tAire Airgeadais siar ceadú ó aon chomhlacht nó institiúid chun críocha an ailt seo, déanfar fógra faoin tarraingt siar sin a fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil.

[EN]

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

33.—(1) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta a sheolfar i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó dá éis.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975

[EN]

(a) trí “1984” a chur in ionad “1983” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a),

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977)—

[EN]

“(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1984, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A+B-C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin,

[EN]

arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976, le linn a brabúis trádála a bheith á ríomh, chun críocha cánach ioncaim, do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”, agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977)—

[EN]

“(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis,

[EN]

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

D+E-F

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin,

[EN]

arb é E méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976, le linn a brabúis trádála a bheith á ríomh, chun críocha cánach ioncaim, do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus

[EN]

arb é F comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”,

[EN]

agus tá an mhír sin (iv), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó aon lá dá éis.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) trí “1984-85” a chur in ionad “1983-84” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) i bhfo-alt (3),

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978)—

[EN]

“(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1984, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A-C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a bhrabúis trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó, más déanaí é, 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an fho-ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977)—

[EN]

“(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

D-E

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a bhrabúis trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975 nó, más déanaí é, deich mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, agus

[EN]

arb é E comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1984-85.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1982 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (3):

[EN]

“Ar choinníoll nach mó an méid a mbeidh laghdú ar luach stoic do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) le méadú faoin bhfo-alt seo ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

(A-B)-(C-D)

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí, a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) nó fo-alt (2), mar is iomchuí, ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt sin, arbh asbhaintí iad a rinneadh le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite nó, más déanaí é agus i gcás a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) ina leith, an 6ú lá d'Aibreán, 1975, agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin,

[EN]

arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a áiríodh in A sular méadaíodh iad faoi fhorálacha fho-alt (1) (c) nó fho-alt (2),

[EN]

arb é C méid comhiomlán na laghduithe ar stoc trádála, a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt seo, ar déileáladh leo mar fháltais trádála ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus

[EN]

arb é D méid comhiomlán na laghduithe a áiríodh i C sular méadaíodh iad faoi fhorálacha an fho-ailt seo.”.

[EN]

(5) (a) I gcás trádáil feirmeoireachta (dá ngairtear “an trádáil iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bheith á seoladh ag duine, nó ag ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh an trádáil iomchuí á seoladh aige roimh bhás dó (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus go scoirfidh an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí sin agus go dtosóidh duine (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ar duine cáilitheach é i ndáil leis an réamhtheachtaí, de bheith á seoladh díreach ina dhiaidh sin, féadfaidh an réamhtheachtaí, nó ionadaí pearsanta an réamhtheachtaí i gcás inar duine a fuair bás an réamhtheachtaí, agus an comharba, i gcomhpháirt, nó, i gcás inar ionadaí pearsanta duine a fuair bás an comharba, féadfaidh an comharba ina aonar, trí fhogra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta inar thosaigh an comharba de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, rogha a dhéanamh go mbeidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:—

[EN]

(i) ní bheidh feidhm le halt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus

[EN]

(ii) d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim—

[EN]

(I) lamhálfar don chomharba cibé asbhaintí faoi alt 31 den Acht Airgeadais, 1975, le linn brabúis na trádála iomchuí atá á seoladh aige a bheith á ríomh, agus

[EN]

(II) déanfar, faoi fhorálacha fho-ailt (5) agus (6) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 agus alt 13 den Acht Airgeadais, 1982, cibé méideanna a áireamh mar fháltais trádála de chuid na trádála iomchuí atá á seoladh ar an gcomharba,

[EN]

a lamhálfaí amhlaidh nó a d'áireofaí amhlaidh, de réir mar a bheidh, dá leanfadh an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus dá mba eisean a rinne na nithe sin go léir agus dá mba dósan a lamháladh na lamháltais sin go léir i ndáil leis an trádáil sin a rinne an comharba nó a lamháladh dó.

[EN]

(b) Chun críocha mhír (a) is duine cáilitheach duine (dá ngairtear “an duine céadluaite” anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) i ndáil leis an réamhtheachtaí más rud é—

[EN]

(i) i gcás nach ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh trádáil na feirmeoireachta á seoladh aige roimh bhás dó an réamhtheachtaí, gur duine é an duine céadluaite—

[EN]

(I) a bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta ina dtosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus nach bhfuil cónaí air in áit ar bith eile, agus

[EN]

(II) atá—

[EN]

(A) ina ionadaí pearsanta don réamhtheachtaí, nó

[EN]

(B) ina chéile nó ina leanbh ag an réamhtheachtaí,

[EN]

agus, más céile nó leanbh den sórt sin a dúradh é, nach bhfuil aige, tráth a thosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, aon stoc trádála de chuid trádála feirmeoireachta seachas stoc trádála na trádála iomchuí,

[EN]

(ii) i gcás gur ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh an trádáil iomchuí á seoladh aige roimh bhás dó an réamhtheachtaí, gur duine é an duine céadluaite—

[EN]

(I) a bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta ina dtosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus nach bhfuil cónaí air in áit ar bith eile, agus

[EN]

(II) atá ina chéile nó ina leanbh ag an duine a fuair bás,

[EN]

agus, más céile nó leanbh den sórt sin a dúradh é, nach bhfuil aige, tráth a thosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, aon stoc trádála de chuid trádála feirmeoireachta seachas stoc trádála na trádála iomchuí.

[EN]

(c) Ní bheidh feidhm leis an bhfo-alt seo ach amháin i gcás ina n-aistreoidh an trádáil iomchuí agus stoc trádála na trádála sin ina n-iomláine chuig an gcomharba.

[EN]

(d) Beidh feidhm leis an bhfo-alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcás ina scoirfidh réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus go dtosóidh dhá dhuine nó níos mó, ar daoine cáilitheacha iad i ndáil leis an réamhtheachtaí agus a bheidh ag seoladh na trádála iomchuí i gcomhpháirtíocht, de bheith á seoladh díreach ina dhiaidh sin.

[EN]

(e) San fho-alt seo—

[EN]

tá le “leanbh” an bhrí chéanna atá leis in alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975;

[EN]

tá le “ionadaí pearsanta” an bhrí a fhreagraíonn don bhrí a shanntar d'ionadaithe pearsanta i gCuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le 1984-85.

34.—Beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980) i ndáil leis an mbliain 1984-85 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 198182 fara na modhnuithe seo a leanas—

[EN]

(a) maidir leis an ráta laghdaithe, arb é a bheadh ann don bhliain 1984-85, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an bhfo-alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, is éard a bheidh ann, don bhliain sin, 75 faoin gcéad den ráta caighdeánach, agus

[EN]

(b) maidir leis an méid in ionannas cánach ioncaim a bheadh, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an alt seo), iníochta, faoi mheasúnacht arna déanamh do 1984-85, ar an 1ú lá d'Eanáir, 1985 (nó, dá mba dhéanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfaí an mheasúnacht), beidh sé iníoctha ina dhá thráthchuid chomhionanna mar a leanas—

[EN]

(i) an chéad thráthchuid ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984, nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht, agus

[EN]

(ii) an dara tráthchuid ar an 1ú lá d'Aibreán, 1985, nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht,

[EN]

agus na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin a ghnóthú, beidh feidhm leo maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm leo maidir le méid iomlán na cánach.

[EN]

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú.

35.—Gach ceann de na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo agus a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976, beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1985, an tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1984 (mar a fhoráiltear le halt 26 den Acht Airgeadais, 1979).

AN TÁBLA

Fo-alt (4) (d) d'alt 251 (liúntais tosaigh)

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla)

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)

[EN]

Liúntais i leith saotharlann áirithe.

36.—Beidh éifeacht le halt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ionann is dá bhfolódh an tagairt i mír (a) do mhuileann, monarcha nó áitreabh eile dá samhail tagairt do shaotharlann arb í a haonfheidhm nó a príomhfheidhm anailísiú a dhéanamh ar mhianraí (lena n-áirítear ola agus gás nádúrtha) i ndáil le taiscéaladh nó teibiú na mianraí sin.

[EN]

Feidhm alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.

37.—Maidir le haon éileamh a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi fho-alt (2) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1981, i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh, beidh éifeacht leis an míniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den alt sin ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (iii):

[EN]

“(iii) a bhfuil, mura teach nua (de réir bhrí alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) a sholáthraítear lena dhíol é, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid a shonraítear ann i leith costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.

38.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1981, trí “1987” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 29ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1987, ag foirgniú carrchlóis ilstóir.

[EN]

(2) Déantar leis seo an t-alt sin 25 a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Bainfidh forálacha uile na nAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais thionscail, le caiteachas iomchuí—

[EN]

(a) ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin, agus

[EN]

(b) ionann is dá mba thagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1987, na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1985 (mar a fhoráiltear le halt 35 den Acht Airgeadais, 1984) sna forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (mar a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla)

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)”.

[EN]

Leasú ar alt 26 (liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.) den Acht Airgeadais, 1981.

39.—Leasaítear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1981, trí “1989” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989;

[EN]

Liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe.

40.—(1) (a) San alt seo—

[EN]

tá le “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

ciallaíonn “na liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla maidir le—

[EN]

(i) caiteachas a tabhaíodh ar innealra nó gléasra a sholáthrófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis. lena léasú i gcúrsa trádála léasúcháin, nó

[EN]

(ii) luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt,

[EN]

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6);

[EN]

ciallaíonn “trádáil léasúcháin”—

[EN]

(i) trádáil arb éard í go hiomlán léasú innealra nó gléasra, nó

[EN]

(ii) aon chuid de thrádáil a ndéileáiltear léi mar thrádáil leithleach de bhua fho-alt (2).

[EN]

(b) Chun críocha an ailt seo measfar gur léasú innealra nó gléasra na nithe seo a leanas dá mba rud é nach measfaí amhlaidh iad ar leith ón mír seo—

[EN]

(i) long nó aerárthach atá curtha ar fáil lena ligean ar cairt a ligean amhlaidh, agus

[EN]

(ii) aon bhall innealra nó gléasra a ligean ar fruiliú.

[EN]

(c) I gcás ina seolfaidh cuideachta trádáil oibriúcháin long agus go ndéantar, i gcúrsa na trádála sin, long a ligean ar cairt, ní bheidh éifeacht le mír (b) chun an ligean ar cairt sin a áireamh mar léasú innealra nó gléasra dá mba rud é, ar leith ón alt seo, go mbeadh an ligean le meas, chun críocha Chás I de Sceideal D, mar chuid de ghníomhaíochtaí na trádála.

[EN]

(2) Más rud é, i gcaitheamh aon tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse dar críoch an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, go seolfaidh duine, mar chuid de thrádáil, aon léasú innealra nó gléasra, áireofar an léasú sin, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, seachas aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le trádáil a thosú nó a scor, mar thrádáil leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann sé mar chuid den trádáil, agus déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó caiteachais.

[EN]

(3) (a) D'ainneoin aon fhoráil in alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i gcás ina n-éileofar faoiseamh faoin alt sin i leith caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil léasúcháin, déanfar méid an chaillteanais sin, sa mhéid gur inchurtha i leith na liúntas caipitiúil sonraithe é de bhua alt 318 den Acht sin, a áireamh, chun críocha fho-ailt (1) agus (2) (a) den alt sin 307, mar mhéid nach laghdaíonn ach brabúis nó gnóchain na trádála léasúcháin sin amháin agus ní áireofar é mar mhéid a laghdaíonn aon ioncam eile.

[EN]

(b) I gcás ina mbeidh feidhm le mír (a) maidir le haon éilitheoir ar fhaoiseamh faoin alt sin 307—

[EN]

(i) déanfar aon teorainn a chuirtear, le halt 319 den Acht sin, le méid na liúntas caipitiúil a fhéadfar a chur i gcuntas faoi alt 318 den Acht sin a chur, a mhéid is féidir, i leith na liúntas caipitiúil sonraithe seachas aon liúntais chaipitiúla eile, agus

[EN]

(ii) d'ainneoin fho-alt (2) den alt sin 318 (ach gan dochar do mhír (a) agus don ord ina mbeidh ioncam le háireamh mar ioncam arna laghdú faoi fho-alt (2) (a) den alt sin 307), féadfaidh an t-éilitheoir a shonrú cé mhéid a bheidh aon laghdú ar ioncam a mheasfar a tharla de bhua an ailt sin 307 le cur i leith cibé méid den chaillteanas is inchurtha síos don chaillteanas, más ann, a tabhaíodh iarbhír sa trádáil léasúcháin, do na liúntais chaipitiúla shonraithe nó d'aon liúntais chaipitiúla eile, agus i gcás ina sonróidh an t-éilitheoir amhlaidh, beidh feidhm le halt 320 den Acht sin de réir mar a shonróidh an t-éilitheoir agus ní de réir an fho-ailt sin (2) den alt sin 318.

[EN]

(4) (a) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta, a sheolann trádáil léasúcháin, caillteanas sa trádail sin agus go mbeifear tar éis aon liúntais chaipitiúla shonraithe a áireamh de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar chaiteachais trádála le linn méid an chaillteanais a bheith á fhionnadh, ní bheidh méid iomchuí an chaillteanais ar fáil—

[EN]

(i) le haghaidh faoisimh faoi fho-alt (2) d'alt 16 den Acht sin, ach amháin sa mhéid gur féidir é a fhritháireamh, faoin bhfo-alt sin, in aghaidh ioncam na cuideachta ón trádáil léasúcháin agus uaithi sin amháin, nó

[EN]

(ii) lena ghéilleadh ar mhodh grúp-fhaoisimh.

[EN]

(b) Chun críocha mhír (a), is é a bheidh i “méid iomchuí an chaillteanais” méid iomlán an chaillteanais nó, más lú é, méid is ionann agus—

[EN]

(i) i gcás nach mbeifear tar éis aon liúntais chaipitiúla seachas na liúntais chaipitiúla shonraithe a áireamh, de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar chaiteachais trádála le linn méid an chaillteanais a bheith á fhionnadh, méid na liúntas caipitiúil sonraithe,

[EN]

[EN]

(ii) i gcás ina mbeifear tar éis liúntais chaipitiúla eile, de bhreis ar na liúntais chaipitiúla shonraithe, a áireamh amhlaidh de bhua an ailt sin 14, cibé méid acu seo a leanas is lú—

[EN]

(I) méid na liúntas caipitiúil sonraithe,

[EN]

agus

[EN]

(II) an méid ar mó an caillteanas ná méid na liúntas caipitiúil eile:

[EN]

Ar choinníoll gur nialas “méid iomchuí an chaillteanais” i gcás nach mó méid an chaillteanais ná méid na liúntas caipitiúil eile.

[EN]

(5) Ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná le hailt 14 (6) agus 116 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil le liúntais chaipitiúla—

[EN]

(a) maidir le caiteachas arna thabhú an 25ú lá d'Eanáir, 1984 nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra, nó

[EN]

(b) maidir le luach laghdaithe innealra nó gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt más rud é, maidir leis an duine a bhfuil na liúntais chaipitiúla le tabhairt nó tugtha dó, gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a fuair sé an t-innealra nó an gléasra sin i gcéaduair,

[EN]

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6).

[EN]60

(6) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más rud é, maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nó, chun críocha mhír (a) i gcás scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980, maidir leis an gcostas a bhain leis an scannán a dhéanamh)—

[EN]

(a) gur íocadh é nó go bhfuil sé le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, go hiomlán nó go páirteach, ag an Údarás Forbartha Tionscail, Bord Scannán na hÉireann, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta, nó

[EN]

(b) gur faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an duine a sholáthair an t-innealra nó an gléasra (dá ngairtear “an léasóir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus an duine a bhfuil sé le léasú chuige (dá ngairtear “an léasaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a tabhaíodh é agus go ndeachthas faoin oibleagáid sin—

[EN]

(i) roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

[EN]

(ii) roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(I) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha fhomhíreanna (i) agus (ii), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

[EN]

(II) nach measfar, chun críocha fhomhír (ii), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an léasóir agus an léasaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

[EN]

Caibidil VI

Cáin Chorparáide

[EN]

Leasú ar Chuid IX (Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

41.—Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 84:

“Teorainn leis an míniú ar ‘dáileadh'.

84A.—(1) Aon ús dáileadh eile—

(a) a íocfar, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, as sócmhainní cuideachta (dá ngairtear ‘an t-iasachtaí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) le cuideachta eile atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

(b) a íocfar amhlaidh i leith urrús de chuid an iasachtaí atá faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d),

ní dáileadh é chun críocha an Achta seo mura mbeidh feidhm an fho-ailt seo eisiata le fo-alt (2), (7) nó (9).

(2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le haon ús a íocfaidh an t-iasachtaí, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an iasachtaí, le cuideachta eile ar cuid dá gnáthghníomhaíochtaí trádála airgead a thabhairt ar iasacht, i gcás—

(a) ina seolann an t-iasachtaí, sa tréimhse chuntasaíochta sin, trádáil shonraithe sa Stát, agus

(b) ina n-áireofaí an t-ús, dá mba nár dháileadh é, mar chostas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', i bhfo-alt (2), trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna), nó

(c) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa gnóthais sheirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981.

(4) I gcás inarb éard é an t-iasachtaí a luaitear i bhfo-alt (2) fochuideachta 75 faoin gcéad—

(a) de chumann talmhaíochta, nó

(b) de chumann iascaigh,

ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', san fho-alt sin, trádáil de chuid an iasachtaí arb éard í go hiomlán nó go formhór ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon—

(i) monarú earraí de réir bhrí fho-alt (3) (a), agus

(ii) mórdhíol—

(I) earraí talmhaíochta, i gcás feidhm a bheith le mír (a), nó

(II) éisc, i gcás feidhm a bheith le mír (b).

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), áireofar trádáil, maidir le tréimhse chuntasaíochta, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó dhíolacháin a rinneadh, nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a tugadh, i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó na díolacháin go léir a rinneadh, nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a tugadh, i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin.

(6) I bhfo-alt (4)—

tá le ‘cumann talmhaíochta’ agus ‘cumann iascaigh’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 18 den Acht Airgeadais, 1978;

ciallaíonn ‘mórdhíol’ earraí d'aicme ar bith a dhíol le haon duine a sheolann gnó ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais atá á sheoladh aige.

(7) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le haon ús nó dáileadh eile is iníoctha ar an lá iomchuí nó roimhe—

(a) faoi oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

(b) faoi oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984:

Ar choinníoll—

(i) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha mhíreanna (a) agus (b), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é. agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn (dá ngairtear ‘conradh iasachta’ ina dhiaidh seo san alt seo) ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(ii) nach measfar, chun críocha mhír (b), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an t-iasachtóir dá dtagraítear sa mhír sin agus an t-iasachtaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó

réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

(8) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), ciallaíonn ‘an lá iomchuí', i bhfo-alt (7), an 24ú lá d'Eanáir, 1989, nó, más luaithe é—

(i) i gcás aon phríomhshuim a bheidh íoctha leis an iasachtaí ar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, nó roimhe, an lá deiridh den tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse aisíoca’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a raibh an t-iasachtaí, ar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, faoi oibleagáid an phríomhshuim agus ús a aisíoc lena linn, nó

(ii) i gcás aon phríomhshuim a íocfar leis an iasachtaí tar éis an 24ú lá d'Eanáir, 1984, faoi chonradh iasachta a rinneadh ar an dáta sin nó roimhe, an lá deiridh den tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse aisíoca’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a raibh an t-iasachtaí, ar an dáta ar ar íocadh an phríomhshuim amhlaidh, faoi oibleagáid an phríomhshuim agus ús a aisíoc lena linn.

(b) Beidh feidhm le mír (a) i gcás oibleagáid dá dtagraítear i bhfo-alt (7) (b)—

(i) ionann is dá mba thagairt don 28ú lá d'Fheabhra, 1989, an tagairt sa mhír sin (a) don 24ú lá d'Eanáir, 1989, agus

(ii) ionann is dá mba thagairt don dáta (ar dáta é is déanaí ná an 24ú lá d'Eanáir, 1984 ach is luaithe ná an 1ú lá de Mhárta, 1984) ar a ndeachthas faoin oibleagáid gach tagairt sa mhír sin (a) don 24ú lá d'Eanáir, 1984.

(c) (i) I gcás ina ndéanfar an tréimhse aisíoca dá dtagraítear i mír (a) (i) nó (a) (ii) a fhadú thar an 24ú lá d'Eanáir, 1984 (cibé acu arbh iad téarmaí an chonartha iasachta ba bhun leis an gceart chun an fhadaithe sin nó nárbh iad), ansin, faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, beidh feidhm le mír (a) (i) nó (a) (ii), de réir mar a bheidh, ionann is dá mba nach ndearnadh an fadú sin.

(ii) I gcás ina ndéanfar an tréimhse aisíoca dá dtagraítear i mír (a) (i) nó (a) (ii) a fhadú thar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, ach sin roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, ansin, d'ainneoin fhomhír (i) den mhír seo, beidh feidhm le míreanna (a) (i) agus (a) (ii) araon ionann is dá mba í an tréimhse aisíoca dá dtagraítear iontu an tréimhse aisíoca sin arna fadú amhlaidh (dá ngairtear ‘an tréimhse fhadaithe’ anseo ina dhiaidh seo san fhomhír seo) nó, más i ndiaidh an 24ú lá d'Eanáir, 1989, is críoch don tréimhse fhadaithe, an chuid den tréimhse fhadaithe a chríochnaíonn ar an dáta sin.

(iii) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (7) chun críocha fhomhír (ii) den mhír seo mar atá feidhm léi chun críocha fho-alt (7) (b).

(9) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) i gcás inarb ionannas an chomaoin a thug an t-iasachtaí i leith úsáid na príomhshuime atá urraithe do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin:

Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith leis an bhfo-alt seo, nach n-oibreoidh aon ní i bhfomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh chun críocha an Achta seo leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin.”.

[EN]

Mar a dhéileálfar le díbhinní ar scaireanna tosaíochta áirithe.

42.—(1) San alt seo—

[EN]

ní fholaíonn “scaireanna tosaíochta” scaireanna tosaíochta—

[EN]

(a) a luaitear ar stocmhargadh sa Stát, nó

[EN]

(b) nach luaitear amhlaidh ach a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát;

[EN]

folaíonn “scaireanna” stoc.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (4), baineann an t-alt seo le haon díbhinn—

[EN]

(a) atá arna híoc, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag cuideachta (dá ngairtear “an t-eisiúnaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) le cuideachta eile (dá ngairtear “an suibscríobhaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

[EN]

(b) atá arna híoc amhlaidh i leith scaireanna tosaíochta de chuid an eisiúnaí.

[EN]

(3) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach—

[EN]

(a) ní bheidh an suibscríobhaí i dteideal creidmheasa cánach i leith díbhinn lena mbaineann an t-alt seo, agus

[EN]

(b) beidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an díbhinn faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le haon díbhinn is iníoctha, ar nó roimh an lá iomchuí, i leith scaireanna tosaíochta—

[EN]

(a) a eisíodh chuig an suibscríobhaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

[EN]

(b) a eiseofar chuig an suibscríobhaí ar an dáta sin nó dá éis i gcás—

[EN]

(i) ina ndeachaigh an suibscríobhaí faoi oibleagáid, roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, chun suibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, nó

[EN]

(ii) ina ndeachaigh an suibscríobhaí faoi oibleagáid roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-eisiúnaí agus an suibscríobhaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, chun suibscríobh le haghaidh na scaireanna sin:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(I) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha mhír (b), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

[EN]

(II) nach measfar, chun críocha mhír (b) (ii), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an t-eisiúnaí agus an suibscríobhaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

[EN]

(5) I bhfo-alt (4) ciallaíonn “an lá iomchuí” an 24ú lá d'Eanáir, 1989, nó, maidir le scaireanna lena mbaineann mír (b) (ii) den fho-alt sin, an 28ú lá d'Fheabhra, 1989.

[EN]

Leathnú ar idirbhearta díolmhaithe i ndáil le cumainn talmhaíochta.

43.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1978, trí “bleán sealaíochta” a chur isteach i ndiaidh “aoileach a leathadh” i mír 2 de Chuid I.

[EN]

Buanú ar fhaoiseamh maidir le méadú ar fhostaíocht.

44.—Beidh éifeacht le Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, di, mar atá éifeacht léi maidir le trémhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, di, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

[EN]

(a) in alt 43 den Acht sin, cuirfear “1985” in ionad “1983” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”,

[EN]

(b) in ailt 44 agus 45 den Acht sin, cuirfear “1984” in ionad “1982” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(c) in alt 46 den Acht sin, cuirfear “1983” in ionad “1981”.

[EN]

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980.

45.—Leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38:

[EN]

“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1981 (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (1CC) d'alt 39, ón 13ú lá d'Aibreán, 1984) go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, di;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) in alt 39:

[EN]

“(1CC) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí ríomhaire' ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon:

[EN]

(i) seirbhísí sonra-phróiseála, agus

[EN]

(ii) seirbhísí forbartha bog-earraí,

[EN]

ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981.

[EN]

(b) Beidh feidhm leis na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí ríomhaire a thabhairt:

[EN]

(i) measfar gur monarú earraí sa Stát na seirbhísí ríomhaire a thabhairt,

[EN]

(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as seirbhísí ríomhaire a thabhairt, agus

[EN]

(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”.

[EN]

Caibidil VII

Luathcháin Chorparáide

[EN]

Leasú ar alt 51 (forálacha áirithe do scor) den Acht Airgeadais, 1983.

46.—Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1983, trí “alt 16 (9),” a chur isteach roimh “alt 18 (4)” agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Is iad na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), alt 16 (9), alt 18 (4), fo-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) d'alt 25, mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt 26 (3) agus ailt 90, 91, 167 agus 168.

[EN]

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1983.

47.—Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1983, trí—

[EN]

(a) “an 31ú lá de Nollaig” a chur in ionad “an 8ú lá d'Fheabhra” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(b) “an 1ú lá d'Eanáir, 1985” a chur in ionad “an 9ú lá d'Fheabhra, 1984” gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus tá an t-alt sin 52, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

52.—(1) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, is é méid na luathchánach corparáide a dhlífidh cuideachta a íoc i leith dáiltí arna ndéanamh aici i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, nó aon lá roimhe, leath mhéid na luathchánach corparáide a dhlífeadh an chuideachta a íoc, ar leith ón alt seo, i leith na ndáiltí sin.

(2) Más roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1985, do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus más i dtréimhse dar tosach an dáta sin don chuid eile di, beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, agus an chuid dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1985.

[EN]

Caibidil VIII

Stocfhaoiseamh

[EN]

Léiriú (Caibidil VIII).

48.—Sa Chaibidil seo—

[EN]

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”—

[EN]

(a) i ndáil le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir fhorálacha alt 9 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus

[EN]

(b) i ndáil le duine seachas cuideachta, tréimhse bliana dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais an duine amach de ghnáth nó, i gcás nach mbeidh cuntais déanta amach nó i gcás ar in aghaidh tréimhse is faide nó is giorra ná bliain a bheidh cuntais déanta amach, cibé tréimhse nach faide ná bliain a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim;

[EN]

ciallaíonn “tréimhse chuntais” an tréimhse a ndéantar amach cuntais duine ina haghaidh;

[EN]

ciallaíonn “trádáil cháilitheach” trádáil a sheoltar sa Stát agus arb é atá inti go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse chuntasaíochta, aon aicme amháin nó níos mó de na haicmí oibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear “oibríochtaí trádála cáilitheacha” anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo)—

[EN]

(a) earraí a mhonarú,

[EN]

(b) oibríochtaí foirgníochta a dhéanamh de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970, nó

[EN]

(c) innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar ar bhóithre) nó earraí a dhíol le duine atá ag gabháil do thrádáil arb é atá inti go hiomlán nó go formhór feirmeoireacht nó oibríochtaí trádála d'aicme a shonraítear i mír (a) nó (b) lena n-úsáid chun críocha na trádála sin,

[EN]

agus aon trádáil arb é atá inti, le linn tréimhse chuntasaíochta, oibríochtaí trádála cáilitheacha, go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile, go páirteach, measfar, chun críocha an mhínithe seo, gur trádáil í arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, oibríochtaí trádála cáilithea cha más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte, sa tréimhse chuntasaíochta, ó dhíolacháin a dhéantar i gcúrsa oibríochtaí trádála cáilitheacha ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte, sa tréimhse chuntasaíochta, ó na díolacháin go léir a dhéantar i gcúrsa na trádála;

[EN]

tá le “stoc trádála”, i ndáil le trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus le linn luach stoic thrádála a bheith á chinneadh tráth ar bith chun críocha asbhaint faoi alt 49 nó 51, sa mhéid go mbeidh, an tráth sin nó aon tráth roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an trádálaí maidir le haon stoc trádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin.

[EN]

Stocfhaoiseamh: cáin chorparáide.

49.—(1) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i gcás ina ndéanann cuideachta a chónaíonn sa Stát trádáil cháilitheach a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil cháilitheach í a bhfuil sí laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D ina leith, beidh teideal aici, le linn dá hioncam ón trádáil cháilitheach a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, chun asbhainte faoin alt seo ionann is dá mba chaiteachas trádála de chuid na trádála cáilithí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint.

[EN]

(2) In aon chás ina mbeidh teideal ag cuideachta, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, chun asbhainte faoin alt seo maidir le trádáil cháilitheach, is é a bheidh san asbhaint sin méid a chinnfear de réir na foirmle

A ×

3

×

B

____

__

100

12

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A luach stoic thrádála na trádála cáilithí i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, agus

[EN]

arb é B an líon míonna nó codán de mhíonna sa tréimhse chuntasaíochta:

[EN]

Ar choinníoll nach mó in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh ná méid an ioncaim ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta tar éis na laghduithe go léir ar an ioncam sin don tréimhse sin de bhua ailt 16 agus 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus na hasbhaintí go léir ón ioncam sin, agus na breisithe go léir air, don tréimhse sin de bhua alt 14 den Acht sin, a chur i gcuntas, ach sin sula lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo.

[EN]

(3) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984.

[EN]

(4) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo do thréimhse chuntasaíochta mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint—

[EN]

(a) roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht cánach corparáide ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

[EN]

(b) roimh an 31ú lá de Nollaig díreach i ndiaidh dheireadh na bliana measúnachta inar críoch don tréimhse chuntasaíochta,

[EN]

cibé dáta acu is déanaí.

[EN]

Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin chorparáide.

50.—Faoi réir alt 56, más rud é i dtréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear “an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) maidir le cuideachta a sheolann trádáil ar lamháladh asbhaint faoi alt 49 ina leith d'aon tréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) go scoirfidh sí den trádáil a sheoladh, nó

[EN]

(b) go scoirfidh sí de bheith ina cónaí sa Stát, nó

[EN]

(c) go scoirfidh sí de bheith laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála,

[EN]

ansin—

[EN]

(i) ní bheidh teideal ag an gcuideachta chun asbhaint faoi alt 49 don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite, agus

[EN]

(ii) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite méid is ionann agus comhiomlán na n-asbhaintí a lamháladh don chuideachta faoi alt 49 i leith na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin ar chríoch dóibh sa tréimhse cúig bliana dar críoch an lá díreach roimh thosach don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite.

[EN]

Stocfhaoiseamh: cáin ioncaim.

51.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1984-85;

[EN]

ciallaíonn “brabúis thrádála”, i ndáil le trádáil, brabúis nó gnóchain na trádála arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D.

[EN]

(2) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i gcás ina ndéanann duine (seachas comhlacht corpraithe) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in aon áit eile trádáil cháilitheach a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil cháilitheach í a bhfuil sé inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ina leith faoi Chás I de Sceideal D ar bhrabúis trádála na tréimhse cuntasaíochta sin, beidh teideal aige, le linn brabúis trádála na trádála cáilithí a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, chun asbhainte faoin alt seo ionann is dá mba chaiteachas trádála de chuid na trádála cáilithí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint.

[EN]

(3) In aon chás ina mbeidh teideal ag duine, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, chun asbhainte faoin alt seo maidir le trádáil cháilitheach, is é a bheidh san asbhaint sin méid a chinnfear de réir na foirmle

A ×

3

×

B

____

__

100

12

[EN]

i gcás ina bhfuil na bríonna céanna le A agus B atá leo in alt 49 (2);

[EN]

Ar choinníoll nach mó in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh ná méid na mbrabús trádála de chuid na trádála cáilithí do tréimhse chuntasaíochta sula lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo.

[EN]

(4) I gcás ina mbeidh éifeacht, do bhliain iomchuí, le hasbhaint lamháiltear faoin alt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádá cháilitheach a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) ní bheidh teideal ag an duine chun faoisimh—

[EN]

(i) faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, d'aon bhliain mheasúnachta is déanaí ná an bhliain iomchuí i leith caillteanas a bhain dó sa trádáil roimh thosach na bliana iomchuí, nó

[EN]

(ii) faoi alt 311 den Acht sin, d'aon bhliain mheasúnachta is luaithe ná an bhliain iomchuí i leith caillteanas a bhain dó sa trádáil,

[EN]

(b) ní bheidh feidhm le forálacha alt 241 (3) den Acht sin ná leis na forálacha sin arna gcur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá nó a mheastar a bheith ina liúntas caipitiúil iomlán, nó ina chuid de liúntas caipitiúil, don bhliain iomchuí nár tugadh lán-éifeacht dó sa bhliain sin toisc gan aon bhrabúis nó gnóchain a bheith inmhuirearaithe don bhliain sin nó toisc gan dóthain brabús nó gnóchan a bheith inmhuirearaithe don bhliain sin, agus

[EN]

(c) ní bheidh feidhm le forálacha alt 318 den Acht sin maidir leis na liúntais chaipitiúla, nó maidir le haon chuid díobh, don bhliain iomchuí.

[EN]

(5) Ní bheidh teideal ag duine chun asbhainte faoin alt seo maidir le measúnacht arna déanamh do bhliain iomchuí mura ndeanfaidh sé éileamh—

[EN]

(a) roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

[EN]

(b) roimh an 31ú lá de Nollaig sa bhliain iomchuí,

[EN]

cibé dáta acu is déanaí.

[EN]

Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin ioncaim.

52.—Faoi réir alt 56, más rud é i dtréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear “an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) maidir le duine a sheolann trádáil ar lamháladh asbhaint faoi alt 51 ina leith d'aon tréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) go scoirfidh sé den trádáil a sheoladh, nó

[EN]

(b) go scoirfidh sé de bheith ina chónaí sa Stát, nó

[EN]

(c) go scoirfidh sé de bheith laistigh de réim cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála,

[EN]

ansin—

[EN]

(i) ní bheidh teideal aige chun asbhainte faoi alt 51 don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite, agus

[EN]

(ii) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite méid is ionann agus comhiomlán na n-asbhaintí a lamháladh dó faoi alt 51 i leith na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin ar chríoch dóibh sa tréimhse cúig bliana dar críoch an lá díreach roimh thosach don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite.

[EN]

Stoc a luacháil seachas ag tosach tréimhse cuntais.

53.—I gcás inar gá, chun críocha na Caibidle seo, luach stoic thrádála duine ag dáta seachas ag tosach tréimhse cuntais a fháil amach agus nach bhfuarthas amach an luach sin iarbhír, déileálfar leis an duine mar dhuine a raibh aige, ar an dáta sin, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe—

[EN]

(a) do luachanna an stoic thrádála i dtosach agus ag deireadh na tréimhse cuntais ina bhfuil an dáta áirithe,

[EN]

(b) do ghluaiseachtaí le linn na tréimhse cuntais sin i gcostais ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála an duine le linn na tréimhse, agus

[EN]

(c) d'athruithe, le linn na tréimhse sin, ar mhéid na trádála a bhí á seoladh aige.

[EN]

Stoc oscailte gno nua.

54.—I gcás ina ndéanann duine (dá ngairtear “an duine céadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) trádáil a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil í a n-éilítear asbhaint faoi alt 49 nó 51 ina leith agus, díreach roimh thosach na tréimhse cuntasaíochta sin, nach raibh an trádáil á seoladh aige, ansin, mura rud é—

[EN]

(a) go bhfuair an duine céadluaite stoc trádála bunaidh na trádála cáilithí ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar scor don duine sin de bheith ag seoladh na trádála, agus

[EN]

(b) gurb é stoc trádála an duine chéadluaite mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é,

[EN]

déileálfar leis an duine céadluaite, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine a raibh aige, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint d'imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe—

[EN]

(i) do ghluaiseachtaí le linn na tréimhse cuntasaíochta i gcostais ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála an duine chéadluaite le linn na tréimhse, agus

[EN]

(ii) d'athruithe, le linn na tréimhse sin, ar mhéid na trádála a bhí á seoladh aige.

[EN]

Coigeartú ar stocluach in imthosca áirithe.

55.—I gcás ina ndearna duine, roimh thosach tréimhse cuntais nó dá éis, stoc trádála a fháil nó a dhiúscairt ar shlí seachas i ngnáthsheoladh a chuid trádála, déileálfar leis, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine a raibh aige, ag aon dáta iomchuí sa tréimhse chuntais, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

[EN]

Comharbais, etc., ar thrádáil.

56.—(1) Faoi réir fho-alt (3), baineann an t-alt seo le diúscairt iomchuí trádála.

[EN]

(2) Is diúscairt iomchuí trádála í i gcás—

[EN]

(a) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag cuideachta amháin (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a aistriú chuig cuideachta eile (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus go bhfuil éifeacht le halt 20 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil leis an aistriú, nó

[EN]

(b) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag pearsa aonair nó ag daoine i gcomhpháirtíocht (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a aistriú chuig cuideachta (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus go bhfuil, ag dáta an aistrithe, cuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta á sealbhú ag an bpearsa aonair sin nó ag na daoine sin, de réir mar a bheidh, nó

[EN]

(c) ina dtagann duine (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) i gcomharbas ar thrádáil ar bhás duine éagtha (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a raibh an trádáil sin á seoladh aige, nó

[EN]

(d) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag pearsa aonair (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a dhiúscairt i rith a shaoil chuig leanbh dá chuid (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo).

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm leis an alt seo mura rud é—

[EN]

(a) i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (a) nó (2) (b), go ndéanfar stoc trádála na trádála a aistriú ar costas nó ar mhargadhluach, agus

[EN]

(b) in aon chás, go gcónaíonn an comharba sa Stát (agus, más pearsa aonair é, nach gcónaíonn sé in áit ar bith eile) agus go bhfuil sé laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála.

[EN]

(4) I gcás ina ndéantar diúscairt iomchuí ar thrádáil agus go ndéanann an réamhtheachtaí (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (c), ionadaithe pearsanta an réamhtheachtaí) agus an comharba rogha amhlaidh, ní bheidh feidhm le halt 50 nó 52, de réir mar a bheidh, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de chuid an réamhtheachtaí dar críoch, nó ina bhfuil, dáta na diúscartha iomchuí ach, chun críocha alt 50 nó 52, de réir mar a bheidh, déileálfar leis an gcomharba ionann is dá mba eisean an duine a raibh an trádáil á seoladh aige ón uair a thosaigh an réamhtheachtaí á seoladh (nó ón uair ar déileáladh leis, de bhua fheidhmiú an ailt seo roimhe sin, mar dhuine a thosaigh á seoladh).

[EN]

(5) Is trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe ag an réamhtheachtaí (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (c), ag ionadaithe pearsanta an réamhtheachtaí) agus ag an gcomharba agus a chuirfear chuig an gcigire dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dháta na diúscartha iomchuí, a dhéanfar rogha faoi fho-alt (4).

[EN]

(6) Chun críocha fho-alt (2) (c), measfar go dtagann duine i gcomharbas ar bhás duine eile má thagann sé i gcomharbas amhlaidh—

[EN]

(a) faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht (lena n-áirítear páirt-dhíthiomnacht),

[EN]

(b) de bhua aon fhorála i gCuid IX den Acht Comharbais, 1965,

[EN]

(c) trí mharthanas, i gcás nasc-thionóntachta, nó

[EN]

(d) mar fhuíollaí, ar thionónta saoil d'fháil bháis.

[EN]

(7) I bhfo-alt (2) (d) tá le “leanbh” an bhrí chéanna atá leis in alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

[EN]

Trádáil arna seoladh ag comhpháirtíocht.

57.—Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le forálacha na Caibidle seo, maidir le trádáil arna seoladh ag comhpháirtíocht mar atá feidhm leo maidir le trádáil arna seoladh ar shlí seachas ag comhpháirtíocht.

[EN]

Measúnachtaí, etc.

58.—Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo.

[EN]

Caibidil IX

Leasú ar Fhorálacha i ndáil le Laghdú ar Stocluachanna seachas i dTrádáil na Feirmeoireachta

[EN]

Laghdú ar stocluachanna: cáin chorparáide.

59.—(1) Faoi réir ailt 60 agus 65, baineann an t-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta cuideachta ar críoch di ar dháta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, le háireamh, ar leith ón alt seo, de bhua alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(2) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt seachas alt 60, ní dhéanfar aon mhéid lena mbaineann an t-alt seo i ndáil le cuideachta, a áireamh mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta.

[EN]

Teorainn le feidhm alt 59.

60.—Faoi réir alt 63, ní bheidh éifeacht le halt 59 maidir le trádáil cuideachta i gcás feidhm a bheith le forálacha fho-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) d'alt 31A den Acht Airgeadais, 1975, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar críoch di ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

[EN]

Laghdú ar stocluachanna: cáin ioncaim.

61.—(1) Faoi réir ailt 62 agus 65, baineann an t-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta ar críoch di ar dháta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, le háireamh, ar leith ón alt seo, de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, mar fháltas trádála de chuid thrádáil duine don tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(2) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt seachas alt 62, ní dhéanfar aon mhéid lena mbaineann an t-alt seo, i ndáil le duine, a áireamh mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine.

[EN]

Teorainn le feidhm alt 61.

62.—Faoi réir alt 63, ní bheidh éifeacht le halt 61 maidir le trádáil duine i gcás feidhm a bheith le forálacha fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid an duine ar críoch di ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

[EN]

Comharbais, etc., ar thrádáil.

63.—Beidh éifeacht, fara aon mhodhnuithe is gá, le halt 56 chun críocha na Caibidle seo mar atá éifeacht leis chun críocha Chaibidil VIII ionann is dá mba thagairtí d'alt 60 nó 62, faoi seach, na tagairtí i bhfo-alt (4) den alt sin d'alt 50 nó 52.

[EN]

Forálacha áirithe den Acht Airgeadais, 1983, do scor.

64.—(1) Ach amháin maidir le trádáil na feirmeoireachta, beidh, agus measfar go raibh riamh, éifeacht leis na hAchtanna Cánach, ionann is dá mba nár achtaíodh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1983.

[EN]

(2) I gcás, de bhua fho-alt (3) (b) nó (4) (b) den alt sin 26, ina ndearnadh, d'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, aon mhéid a áireamh mar fháltas trádála chun críche aon mheasúnachta cánach, déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin (1).

[EN]

Teorainn le feidhm Chaibidil IX.

65.—Ní bheidh éifeacht leis an gCaibidil seo maidir le haon mhéid a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, le háireamh, de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975, nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na feirmeoireachta.

[EN]

Caibidil X

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Leathnú ar alt 19 (urrúis rialtais agus urrúis eile) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

66.—Beidh feidhm le halt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint—

[EN]

(a) sa Stát, le ceadú an Aire Airgeadais, ag an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta mar atá feidhm leis i ndáil leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (a) den alt sin, agus

[EN]

(b) ag an bPost nó ag Bord Telecom Éireann agus arna ráthú ag an Aire Airgeadais mar atá feidhm leis i ndáil leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (d) den alt sin.

[EN]

Leasú ar alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

67.—Leasaítear leis seo alt 25 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

[EN]

“(10A) (a) San fho-alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘bundáta', i ndáil le sócmhainn a dhiúscróidh pearsa aonair, an dáta a fuair sé an tsócmhainn nó, má bhí an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, an dáta sin;

[EN]

ciallaíonn ‘bunluach', i ndáil le sócmhainn a dhiúscróidh pearsa aonair, méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil cé is moite de na costais theagmhasacha a bhain dó á fáil nó, má bhí an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, margadhluach na sócmhainne ar an dáta sin;

[EN]

tá le ‘luach úsáide reatha’ agus ‘talamh forbraíochta’ na bríonna céanna atá leo in alt 36 den Acht Airgeadais, 1982.

[EN]

(b) I gcás—

[EN]

(i) ina bhfaibhreoidh gnóchan chuig pearsa aonair as sócmhainn, nó leas i sócmhainn, ar talamh forbraíochta í a dhiúscairt, agus

[EN]

(ii) ar leith ón bhfo-alt seo, go dtabharfaí faoiseamh faoin alt seo i leith diúscairt na sócmhainne sin (is sócmhainn lena mbaineann fo-alt (1) nó (9A)), agus

[EN]

(iii) gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a rinneadh an diúscairt,

[EN]

ansin, faoi réir mhír (c), ní thabharfar an faoiseamh sin a dúradh i leith an ghnóchain (nó, más iomchuí, i leith coda den ghnóchan) ach amháin a mhéid (más aon mhéid é) a thabharfaí an faoiseamh sin dá ndéanfaí, le linn an gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt (d'ainneoin gur dhiúscairt ar thalamh forbraíochta an diúscairt) a bheith á ríomh, na nithe seo a leanas a eisiamh ón ríomh, eadhon—

[EN]

(I) an méid (más ann) ar mó bunluach na sócmhainne ná luach úsáide reatha na sócmhainne ar an mbundáta,

[EN]

(II) an méid ar mó an chomaoin i leith diúscairt na sócmhainne ná luach úsáide reatha na sócmhainne ar dháta na diúscartha,

[EN]

(III) mura raibh an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé comhréir (más ann) de na costais theagmhasacha a bhain don phearsa aonair ag fáil na sócmhainne ab inchurtha i leith an mhéid (más ann) dá dtagraítear i bhfomhír (I), agus

[EN]

(IV) cibé comhréir de na costais theagmhasacha a bhain don phearsa aonair ag diúscairt na sócmhainne ab inchurtha i leith an mhéid dá dtagraítear i bhfomhír (II).

[EN]

(c) Ní bheidh feidhm le mír (b) maidir le diúscairt a dhéanfaidh pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta mura mó ná £15,000 an chomaoin iomlán i leith na ndiúscairtí go léir a dhéanfaidh an phearsa aonair sin sa bhliain sin agus a mbeadh feidhm leis an mír sin ina leith murach sin.”.

[EN]

CUID II

Custaim agus Mál

[EN]

Léiriú (Cuid II).

68.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

[EN]

Beoir.

69.—(1) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 258) (Beoir) (Uimh. 2), 1982 (I.R. Uimh. 37 de 1982), déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £146.047, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 263) (Dleachtanna Máil) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 42 de 1983).

[EN]

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh 267) (Beoir) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 398 de 1983), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £146.047 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

[EN]

(3) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mbeidh beoir, a mbeidh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 íoctha ina leith, úsáidte, ar an 1ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, ag aon duine mar chomhábhar i dtáirgeadh nó i monarú dí (seachas beoir) ina bhfuil 1.2% alcóil ar a mhéid de réir toirte, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht máil a íocadh ar an méid beorach a úsáideadh amhlaidh a aisíoc leis an duine sin.

[EN]

Táirgí tobac.

70.—(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 266) (Táirgí Tobac), 1983 (I.R. Uimh. 213 de 1983).

[EN]

(3) Ní dhéanfar an dleacht máil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a mhuirearú ná a thobhach ar tháirgí nach bhfuil aon tobac iontu agus a dtugtar luibh-thoitíní nó luibh-chumaisc lena ngalchaitheamh orthu de ghnáth.

[EN]

Fíon agus fíon déanta.

71.—(1) San alt seo agus sa Cheathrú Sceideal—

[EN]

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

[EN]

ciallaíonn “Ordú 1983” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 263) (Dleachtanna Máil) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 42 de 1983);

[EN]

ciallaíonn“% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hOrdú 1983.

[EN]

(3) Déanfar mír 5 d'Ordú 1975 a leasú, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1984, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

[EN]

“(2A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, cead a thabhairt íoc na dleachta a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná—

[EN]

(a) i gcás gur ar lá i mí na Nollag in aon bhliain nach déanaí ná an fichiú lá den mhí sin a mhuirearaítear an dleacht, an lá deiridh den mhí sin sa bhliain sin, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht:

[EN]

Ar choinníoll, áfach, nach gceadófar íoc aon dleachta a chur siar mar a fhoráiltear san fhomhír seo in aon chás ina muirearaítear an dleacht ar an aonú lá is fiche, nó dá éis, de mhí na Nollag in aon bhliain.”.

[EN]

(4) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hOrdú 1983.

[EN]

Leann úll agus leann piorraí.

72.—(1) Sa Chúigiú Sceideal—

[EN]

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

[EN]

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982).

[EN]

Hidreacarbóin.

73.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Ordú 1983” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 264) (Hidreacarbóin), 1983 (I.R. Uimh. 85 de 1983);

[EN]

ciallaíonn “gásailín eitleoireachta” ola éadrom hidreacarbóin mhianra de réir bhrí mhír 11 (15) d'Ordú 1975 ar ola í—

[EN]

(a) a mhonaraítear go speisialta mar bhreosla d'aerárthaí, agus

[EN]

(b) nach n-úsáidtear de ghnáth i mótarfheithiclí, agus

[EN]

(c) a sheachadtar lena húsáid mar bhreosla d'aerárthaí, agus chuige sin amháin.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £23.78 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) d'Ordú 1983.

[EN]

(3) Amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1984, déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975, a mhéid is inmhuirearaithe ar ghásailín eitleoireachta í, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir leath an ráta ab inmhuirearaithe ar leith ón bhfo-alt seo.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha fho-alt (3).

[EN]

(b) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) díol, seachadadh, stóráil agus úsáid gásailín eitleoireachta a rialú,

[EN]

(ii) a cheangal go dtaiscfear gásailín eitleoireachta mbannastóras sula seachadfar le haghaidh úsáide baile é,

[EN]

(iii) úsáid ghásailín eitleoireachta seachas mar bhreosla d'aerárthaí a chosc,

[EN]

(iv) glacadh gásailín eitleoireachta isteach in umar breosla seachas in umar breosla aerárthaigh a chosc,

[EN]

(v) a fhoráil nach meascfar gásailín eitleoireachta le haon substaint eile, ach amháin le cead ó na Coimisinéirí Ioncaim,

[EN]

(vi) a cheangal ar aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann gásailín eitleoireachta nó a dhéileálann ann, cibé cuntais agus taifid a bheidh sonraithe i ndáil le monarú, allmhairiú, ceannach, fáil, stóráil, díol nó úsáid gásailín eitleoireachta a choimeád ar mhodh sonraithe agus iad a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe agus aon leabhair nó doiciméid eile i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe agus cead a thabhairt d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dheánamh díobh,

[EN]

(vii) a cheangal ar dhuine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann gásailín eitleoireachta nó a dhéileálann ann, cibé faisnéis agus tuairisceáin i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe.

[EN]

(c) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh rialachán faoin bhfo-alt seo beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air agus dlífear aon ghásailín eitleoireachta a ndearnadh an cion ina leith, agus aon substaint a bheidh measctha leis, a fhorghéilleadh agus, i gcás cion a raibh mótarfheithicil i gceist leis, dlífear an fheithicil a fhorghéilleadh.

[EN]

(5) (a) Chun críocha fhorálacha fho-alt (3) agus rialachán faoi fho-alt (4), féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, gásailín eitleoireachta á choinneáil nó á stóráil ann agus féadfaidh sé cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh ansin agus cibé samplaí de ghásailín eitleoireachta, nó d'aon substaint a gcreideann an t-oifigeach le réasún gur gásailín eitleoireachta í nó go bhfuil gásailín eitleoireachta inti, a thógáil is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ansin, agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le haon déileáil i ngásailín eitleoireachta, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(b) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

[EN]

(6) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £17.21 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (2) d'Ordú 1983.

[EN]

(7) Amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975, maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £1.79 an heictilítear.

[EN]

(8) Faoi réir fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 265) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1983 (I.R. Uimh. 126 de 1983), is é méid an lacáiste a lamháiltear faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le hola bhreosla de réir bhrí mhír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981), atá ceaptha lena húsáid chun críche seachas chun leictreachas a ghiniúint lena dhíol agus a allmhaireofar nó a sheachadfar ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras ar an 26ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £0.76 an heictilítear.

[EN]

(9) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £0.767 an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (4) d'Ordú 1983.

[EN]

Taisteal coigríche.

74.—(1) (a) Déanfar alt 65 (5) den Acht Airgeadais, 1982, a leasú amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1984, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

[EN]

“(dd) a bhaineann le duine faoi bhun 18 mbliana d'aois atá ag taisteal mar bhall de ghrúpa 10 nduine ar a laghad den sórt sin ar thuras atá eagraithe chun críocha oideachais ag bunscoil nó iarbhunscoil nó ag eagraíocht dheonach neamhbhrabúsmhar a bunaíodh chun forbairt oideachasúil nó leas daoine óga a chur chun cinn, nó

[EN]

(ddd) a bhaineann le duine meabhair-éislinneach atá ag taisteal mar bhall de ghrúpa 5 dhuine ar a laghad den sórt sin ar thuras atá eagraithe ag eagraíocht a bunaíodh chun leas daoine meabhair-éislinneacha a chur chun cinn, nó”.

[EN]

(b) Aon dleacht máil a bheidh íoctha maidir le ticéad paisinéara arna eisiúint an lú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus a mbaineann mír (ddd) (arna cur isteach leis an bhfo-alt seo) d'alt 65 (5) den Acht Airgeadais, 1982, leis, féadfar í a aisíoc.

[EN]

(2) I gcás ticéad paisinéara de réir bhrí alt 65 den Acht Airgeadais, 1982, a bheith faighte sa Stát an 26ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag an duine a mbaineann an ticéad lena iompar nó ag duine eile thar a cheann, measfar, chun críocha an ailt sin 65, d'ainneoin gur cuireadh nó gur tugadh an ticéad chuig an Stát ó áit lasmuigh den Stát, gur sa Stát a eisíodh é agus gur eisíodh amhlaidh é ar an dáta ar ar cuireadh nó ar ar tugadh chuig an Stát é.

[EN]

Forálacha a bhaineann le dleachtanna máil ar mhótarfheithiclí, teilifíseáin agus ceirníní gramafóin.

75.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I. R. Uimh. 57 de 1979);

[EN]

tá le “earraí indleachta” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 1979.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha Ordú 1979.

[EN]

(b) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) modh muirearaithe, urraithe agus bailithe na ndleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a fhorordú,

[EN]

(ii) allmhairiú, monarú, stóráil, stórasú agus onnmhairiú earraí indleachta, agus airteagail agus ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a rialú,

[EN]

(iii) a cheangal ar dhuine a dhlífidh ceachtar de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a íoc, cibe taifid agus cuntais a bheidh sonraithe i ndáil le hallmhairiú, fáil, monarú, díol agus seachadadh earraí indleachta, nó airteagail agus ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a choimeád ar mhodh sonraithe agus iad a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe agus cead a thabhairt d'oifigeach Custam agus Máil na taifid agus na cuntais sin, agus aon leabhair agus doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

[EN]

(iv) a cheangal ar mhonaróir earraí indleachta taifeadadh cuí a dhéanamh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil maidir leis na háitribh go léir a bheartaíonn sé a úsáid ag seoladh gnó dó mar mhonaróir den sórt sin agus socrú a dhéanamh leis an oifigeach sin i dtaobh an mhodh taifeadta sin,

[EN]

(v) foráil a dhéanamh maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim do cheadú áitreabh a bheidh á n-úsáid ag monaróir earraí indleachta chun na hearraí sin, nó airteagail nó ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a fháil, a stóráil, a mhonarú nó a sheachadadh agus maidir leis an monaróir sin do chomhlíonadh, i ndáil leis na háitribh, cibé coinníollacha a bheidh sonraithe i scríbhinn ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim,

[EN]

(vi) a cheangal ar dhuine a dhlífidh ceachtar de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a íoc, cibé faisnéis agus tuairisceáin a bheidh sonraithe, i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe, a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe,

[EN]

(vii) foráil a dhéanamh i dtaobh deimhnithe a eisiúint, i cibé foirm a bheidh sonraithe, i ndáil le mótarfheithiclí is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil monarú earraí indleachta á sheoladh ann nó a gcreideann an t-oifigeach sin le réasún go bhfuil earraí indleachta, nó leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le monarú nó stóráil earraí den sórt sin, á stóráil nó á gcoinneáil ann agus féadfaidh sé cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh ansin is cuí leis an oifigeach agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ansin, agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le monarú earraí indleachta, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(4) Beidh feidhm le halt 3 den Excise Act, 1848, i ndáil leis na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 fara an mhodhnaithe go gcuirfear “three years” in ionad “six calendar months”.

[EN]

(5) I gcás ina ndéanfar mótarfheithicil is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979 a allmhairiú isteach sa Stát, nó a sheachadadh de réir bhrí an Ordaithe sin, féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, tráth ar bith laistigh de thrí bliana tar éis an allmhairithe nó an tseachadta sin, de réir mar a bheidh, a cheangal ar aon duine a mbeidh an fheithicil sin díolta leis nó diúscartha chuige ar bhealach eile (de réir mar a bheidh) ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá:

[EN]

(a) an fhaisnéis sin go léir i ndáil leis an bhfeithicil sin a iarrfaidh an t-oifigeach sin le réasún, agus atá ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin, a chur ar fáil don oifigeach sin, laistigh de cibé am agus i cibé foirm agus modh a shonróidh an t-oifigeach sin;

[EN]

(b) na leabhair agus na doiciméid sin go léir i ndáil leis an bhfeithicil sin a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún agus a bheidh ar seilbh, i gcoimeád nó ar fáil ag an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach sin, laistigh de cibé am a shonróidh an t-oifigeach sin, agus cead a thabhairt dó iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(6) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

[EN]

(7) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon cheann d'fhorálacha Ordú 1979 nó rialachán faoi fho-alt (2), nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglóidh oifigeach Custam agus Máil air a dhéanamh faoi fho-alt (5), beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), agus dlífear aon earraí a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

[EN]

(8) (a) Cúlghairtear leis seo mír 21 d'Ordú 1979.

[EN]

(b) Leasaítear leis seo mír 24 (1) d'Ordú 1979 trí “agus mhír 21 den Ordú seo” a scriosadh.

[EN]

(c) Déanfar an tagairt d'fhomhír (2) de mhír 21 d'Ordú 1979 i míreanna 4, 5 agus 7 den Ordú sin a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (2) agus déanfar an tagairt don mhír sin 21 i mír 24 (2) den Ordú sin a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (4).

[EN]

(9) (a) San fho-alt seo folaíonn “suíochán leanúnach” dhá shuíochán leithleacha nó níos mó atá scartha i gcaoi gur féidir na suíocháin sin a úsáid mar shuíochán leanúnach amháin.

[EN]

(b) Chun críocha na dleachta máil ar mhótarfheithiclí a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979, ní mheasfar mótarfheithicil a bheith deartha, déanta ná oiriúnaithe chun líon daoine is mó ná sé dhuine dhéag (lena n-áirítear an tiománaí) a iompar mura mbeidh cóiríocht shuite, arna ríomh mar a leanas, le haghaidh líon daoine is mó ná sé dhuine dhéag inti:

[EN]

(i) measfar gur cóiríocht do dhuine amháin gach suíochán leithleach atá feistithe go buan ar an bhfeithicil agus a bhféadfadh duine suí air, ach leithead sé orlach déag arna thomhas feadh aghaidh an tsuíocháin a lamháil don duine sin;

[EN]

(ii) measfar, maidir le gach suíochán leanúnach atá feistithe go buan ar an bhfeithicil, gur cóiríocht é don líon daoine a d'fhéadfadh suí ar an suíochán sin, ach leithead sé orlach déag arna thomhas feadh aghaidh gach suíocháin den sórt sin a lamháil do gach duine.

[EN]

(c) I gcás inar slán-uimhir maille le codán cóiríocht shuite iomlán feithicle arna ríomh faoin bhfo-alt seo, déanfar neamhshuim den chodán.

[EN]

Forálacha i ndáil le dleacht gealltóireachta.

76.—(1) San alt seo—

[EN]

tá le “rás-chúrsa údaraithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945;

[EN]

ciallaíonn “dleacht”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an diúité máil ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926;

[EN]

tá le “rás-rian con” agus “cruinniú cúrsála údaraithe” na bríonna céanna atá leo in Acht Tionscail na gCon, 1958;

[EN]

tá le “geall-ghlacadóir ceadúnaithe”, “áitreabh”, “áitreabh cláraithe” agus “dílseánach cláraithe” na bríonna céanna atá leo san Acht um Gheall-Chur, 1931;

[EN]

ciallaíonn “clár” an clár d'oifigí geall-ghlacadóireachta a choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Gheall-Chur, 1931;

[EN]

folaíonn “tuairisceán” Official Betting Sheet de réir bhrí na Betting Duty (Official Sheets) Regulations, 1934 (R. & O. R. Uimh. 114 de 1934).

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh, maidir le haon áitreabh cláraithe, riaráistí dleachta dlite agus gan íoc nó aon tuairisceán a cheanglaítear, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh, gan tabhairt laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe chun na críche sin de thuras na huaire, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara fógra i scríbhinn a sheoladh chuig dílseánach cláraithe an áitribh sin á rá go mbainfear an t-áitreabh den chlár faoi fho-alt (4) mura mbeidh na riaráistí sin íoctha nó mura mbeidh na tuairisceáin sin tugtha laistigh de sheacht lá ón dáta a seolfar an fógra chuige.

[EN]

(3) Is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh aon fhógra faoi fho-alt (2) agus seolfar leis an bpost cláraithe é chuig an dílseánach cláraithe sin a dúradh ag an áitreabh cláraithe lena mbaineann an fógra.

[EN]

(4) Mura mbeidh na riaráistí nó na tuairisceáin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) íoctha nó tugtha, de réir mar a bheidh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra a sheolfar faoin bhfo-alt sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fhorálacha alt 12 den Acht um Gheall-Chur, 1931, an t-áitreabh cláraithe lena mbaineann an fógra a bhaint den chlár.

[EN]

(5) Aon uair a bhainfear aon áitreabh den chlár faoi fho-alt (4), déanfaidh an duine a bhí ina dhílseánach cláraithe ar an áitreabh sin díreach sular baineadh den chlár amhlaidh é, ar éileamh i scríbhinn a sheachadfar chuig an áitreabh sin nó a sheolfar leis an bpost chuige, an deimhniú is déanaí ar chlárú an áitribh sin arna eisiúint faoi alt 12 den Acht um Gheall-Chur, 1931, nó an deimhniú is déanaí ar athnuachan chlárú an áitribh sin arna eisiúint faoin alt sin 12 nó faoi fho-alt (7), a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim nó a sheoladh chucu, agus aon duine a mhainneoidh an deimhniú sin a sheachadadh nó a sheoladh amhlaidh laistigh de sheacht lá tar éis an éilimh sin beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £100 a chur air.

[EN]

(6) (a) I gcás ina mbainfear aon áitreabh den chlár faoi fho-alt (4) agus nach ndéanfar clárú an áitribh a athnuachan faoi fho-alt (7) nó faoin Acht um Gheall-Chur, 1931, féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, tráth ar bith, dul isteach san áitreabh má tá, nó má tá amhras ar an oifigeach sin go bhfuil, gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl ann agus féadfaidh sé ansin cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, cuntais, stiallacha gealltóireachta, duillíní gealltóireachta nó aon doiciméid eile a bhaineann le gnó na geall-ghlacadóireachta, nó a gcreideann an t-oifigeach sin go mbaineann siad le gnó na geall-ghlacadóireachta, agus féadfaidh sé a éileamh go dtabharfar na nithe sin ar aird agus dlífear aon leabhair nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann le gnó na geall-ghlacadóireachta a fhorghéilleadh agus féadfaidh an t-oifigeach sin iad a urghabháil agus a thógáil as an áitreabh.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm le halt 31 (2) den Acht Airgid, 1929, maidir le doiciméid a thógáil as áitreabh faoi mhír (a).

[EN]

(c) Gach duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chirt nó cumhachta a thugtar don oifigeach sin leis an bhfo-alt seo nó a dhiúltóidh, gan leorchúis dhlíthiúil, aon leabhair nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a cheanglóidh an t-oifigeach sin air a thabhairt ar aird faoin bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

[EN]

(7)  (a) Faoi réir mhír (b), i gcás—

[EN]

(i) ina n-íocfar na riaráistí dleachta go léir atá dlite agus le híoc maidir le haon áitreabh a baineadh den chlár faoi fho-alt (4), agus

[EN]

(ii) ina dtabharfar na tuairisceáin go léir a cheanglaítear, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh,

[EN]

déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná seacht lá i ndiaidh an dáta a n-íocfar na riaráistí sin agus a dtabharfar na tuairisceáin sin, clárú an áitribh sa chlár a athnuachan agus eiseoidh siad chuig an duine a bhí ina dhílseánach cláraithe ar an áitreabh díreach sular baineadh an t-áitreabh den chlár, deimhniú san fhoirm fhorordaithe i dtaobh na hathnuachana sin ar chlárú.

[EN]

(b) Ní dhéanfar clárú áitribh a athnuachan faoi mhír (a)—

[EN]

(i) ar dháta ar bith is déanaí ná an 30ú lá de Shamhain díreach i ndiaidh an dáta is deireanaí ar ar baineadh an t-áitreabh den chlár faoi fho-alt (4), nó

[EN]

(ii) más amhlaidh maidir leis an áitreabh sin, an tráth a dheonófaí athnuachan faoi mhír (a) murach sin, gurb ann d'aon cheann de na himthosca a mbainfí an t-áitreabh den chlár faoina dtreoir faoi alt 17 den Acht um Gheall-Chur, 1931.

[EN]

(c) Ní dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931, ar chlárú agus ar athnuachan ar chlárú aon áitribh ina seoltar gnó geall-ghlacadóireachta, a mhuirearú ar athnuachan ar chlárú áitribh sa chlár faoin bhfo-alt seo agus, d'ainneoin alt 12 (3) den Acht um Gheall-Chur, 1931, tiocfaidh an athnuachan sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht ón dáta a n-eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim an deimhniú i dtaobh na hathnuachana sin faoi mhír (a)

[EN]

(8) (a) Ní dhéanfaidh duine, le linn dó gnó a sheoladh mar gheallghlacadóir nó le linn dó gníomhú mar gheall-ghlacadóir, geall a ghlacadh in aon áitreabh nach mbeidh cláraithe de thuras na huaire sa chlár.

[EN]

(b) Aon duine a ghlacfaidh geall de shárú ar an bhfo-alt seo beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air.

[EN]

(c) Ní bheidh feidhm leis an bhfo-alt seo maidir le geall-ghlacadóir ceadúnaithe a bheidh ag seoladh gnó geall-ghlacadóra go dlíthiúil ag nó i bpurláin rás-chúrsa údaraithe, rásrian con nó cruinniú cúrsála údaraithe de réir an Achta um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945, nó Acht Tionscail na gCon, 1958.

[EN]

(9) Aon duine a bheidh fostaithe ag dílseánach cláraithe áitribh chláraithe mar chléireach nó mar chúntóir san áitreabh sin, nó aon duine eile a bheidh ag gníomhú don dílseánach sin nó thar a cheann, agus a dhéanfaidh aon iontráil in aon stiall nó doiciméad eile trína gcuirtear geall, agus fios aige go bhfuil an iontráil sin bréagach, nó a chuirfidh doiciméad eile, ar doiciméad bréagach é, in ionad aon stéille nó doiciméid den sórt sin, nó a dhéanfaidh aon iontráil in aon leabhar nó doiciméad a choimeádtar chun sonraí faoi gheallta san áitreabh sin a thaifeadadh, agus fios aige go bhfuil an iontráil sin bréagach, nó a bheidh páirteach go feasach ar shlí eile i seachaint chalaoiseach dleachta nó in iarracht ar sheachaint chalaoiseach dleachta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air.

[EN]

Leasú ar alt 11 (scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta áitreibh do dhiúltú) den Acht um Gheall-Chur, 1931.

77.—Leasófar alt 11 (1) den Acht um Gheall-Chur, 1931, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (m):

[EN]

“(mm) gurb amhlaidh—

[EN]

(i) go bhfuil an t-áitreabh foirgnithe nó fo-roinnte ar chaoi, nó gur de mhéid é, a chuirfeadh toirmeasc nó bac ar aon suirbhéanna, iniúchtaí nó fiosrúcháin a dhéanamh go cuí a cheanglófar ar oifigeach Custam agus Máil a dhéanamh san áitreabh sin chun críocha a bhaineann le haon dleacht is iníoctha de thuras na huaire ar gheallta nó ina leith, nó

[EN]

(ii) an tráth a n-iarrfar an deimhniú, nach mbeidh aon tuairisceáin a ceanglaíodh ar an iarratasóir, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh chun críocha a bhaineann le haon dleacht den chineál a dúradh, tugtha amhlaidh, nó

[EN]

(iii) an tráth a n-iarrfar an deimhniú, go mbeidh riaráistí aon dleachta den chineál a dúradh dlite d'aon duine, agus le híoc aige, maidir leis an áitreabh, nó

[EN]

(iv) nach mbeidh cibé urrús a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith íoc aon dleachta den chineál a dúradh is iníoctha ag an iarratasóir, tugtha aige,

[EN]

agus go mbeidh an méid sin curtha in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim do Cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil an t-áitreabh;”.

[EN]

Srian leis an Probation of Offenders Act, 1907.

78.—Ní bheidh feidhm le halt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i ndáil le cionta faoi na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

Leasú ar alt 29 (mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach) den Acht Airgeadais, 1963.

79.—Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1963, trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon choinníoll faoi rialachán faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós £1,000 a chur air; agus dlífear an mhótarfheithicil a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm.

[EN]

Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

80.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952) a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 73 den Acht Airgeadais, 1983) in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

[EN]

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht

£8 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht

£10 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16 each-chumhacht

£12 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 16 each-chumhacht ach nach mó ná 20 each-chumhacht

£14 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 20 each-chumhacht

£15 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas

£54”.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le haon fheithicil—

[EN]

(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus ní chun aon chríche eile, nó

[EN]

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975).

[EN]

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960.

81.—Leasaítear leis seo alt 3 (7) den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960, trí “£350” a chur in ionad “caoga punt”.

[EN]

Leasú ar alt 23 (diúité ceadúnais d'íoc tré sheic) den Acht Airgid, 1936.

82.—Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgid, 1936, trí “£500” a chur in ionad “de chaoga punt” i mír (c).

[EN]

Orduithe a dhaingniú.

83.—Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 12 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 262) (Beoir), 1983

I.R. Uimh. 126 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 265) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1983

I.R. Uimh. 213 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 266) (Táirgí Tobac), 1983

I.R. Uimh. 398 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 267) (Beoir) (Uimh. 2), 1983

[EN]

CUID III

Cáin Bhreisluacha

[EN]

Léiriú (Cuid III).

84.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Airgeadais, 1983;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972.

[EN]

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

85.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “gnó”:

[EN]

“ní fholaíonn ‘éadaí’ coisbheart;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach san fho-alt sin (1) i ndiaidh an mhínithe ar “feirmeoir cothrom-ráta”:

[EN]

“folaíonn ‘coisbheart’ bróga, buatais, slipéir agus a leithéidí ach ní fholaíonn sé stocaí, fostocaí, gearrstocaí, stocaí rúitín nó airceadail dá samhail ná coisbheart gan bhoinn ná coisbheart arb éard é nó ar cuid de trealamh scátála nó snámha;”.

[EN]

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

86.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978), trí “nó ag bisiú” a chur isteach i ndiaidh “i gcúrsa”,

[EN]

(b) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978)—

[EN]

(i) i bhfomhír (c) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “earraí inchánacha”, eadhon, “(nach earraí is inmhuirearaithe de réir ceachtar de na rátaí a shonraítear i míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 11 a tháirg nó a mhonaraigh sé go hiomlán nó go formhór as ábhair is inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i mír (b) den fho-alt sin)”, agus

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981):

[EN]

“(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b) nó (c), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £12,000 in aon tréimhse leanúnach dhá mhí dhéag:

[EN]

Ar choinníoll más rud é, i gcás dhá dhuine nó níos mó a bhfeidhmíonn duine amháin díobh rialú ar dhuine amháin nó níos mó de na daoine eile, go soláthróidh dhá dhuine nó níos mó díobh sin earraí den aicme chéanna nó seirbhísí den ghné céanna, go ndéanfar, chun críocha fheidhmiú mhíreanna (c) agus (e) i ndáil le gach duine de na daoine sin a dúradh a rinne na soláthairtí sin, iomlán na comaoine i ndáil leis na soláthairtí sin a áireamh ionann is dá mba gach duine de na daoine sin is deireanaí a luaitear a rinne na soláthairtí go léir atá i gceist.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982):

[EN]

“(3B) San alt seo ciallaíonn ‘rialú’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile, nó i ndáil leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go seoltar gnóthaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir thoil an duine sin, agus ciallaíonn sé, i ndáil le comhpháirtíocht, an ceart chun riar is mó ná leath de shócmhainní, nó is mó ná leath d'ioncam, na comhpháirtíochta a fháil.”.

[EN]

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

87.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978)—

[EN]

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa) (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

[EN]

“(aaa) 8 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí de chineál a shonraítear sa Seachtú Sceideal,”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) trí “, (aaa)” a chur isteach i ndiaidh “(aa)” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980),

[EN]

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1976), trí”, fo-alt (1) (aaa)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1) (aa)” i mír (e) (i), agus

[EN]

(c) i bhfo-alt (8), trí “an Dara, an Tríú, an Séú nó an Seachtú Sceideal” a chur in ionad “an Dara, an Tríú nó an Séú Sceideal” i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).

[EN]

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

88.—Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) d'fho-alt (1):

[EN]

“(aaa) ar earraí de chineál a shonraítear sa Seachtú Sceideal de réir an chéatadáin a shonraítear in alt 11 (1) (aaa) de luach na n-earraí, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 18 (taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil) den Phríomh-Acht.

89.—Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) (a) Chun críocha an Achta seo agus rialachán, féadfaidh oifigeach údaraithe, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh nó áit a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go seoltar gnó ann nó go ndéantar aon ní i ndáil le gnó ann agus—

[EN]

(i) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an gnó nó ar aon duine san áitreabh sin nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an gnó nó a bhfuil baint aige leis i seoladh an ghnó, aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a bhaineann leis an ngnó nó le haon ghnó eile a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go mb'fhéidir go bhfuil, nó go raibh, baint nó caidreamh trádála aige leis an ngnó sin,

[EN]

(ii) féadfaidh sé, má tá cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil aon cheann de na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile a cheangail sé a thabhairt ar aird dó faoi fhorálacha an fho-ailt seo tugtha ar aird amhlaidh, cuardach a dhéan amh san áitreabh sin nó san áit sin le haghaidh na leabhar, na dtaifead, na gcuntas nó na ndoiciméad eile sin,

[EN]

(iii) féadfaidh sé, i gcás aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bheidh tugtha ar aird dó nó aimsithe aige, cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus iad a thabhairt chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh nó chun críocha aon imeachtaí chun pionós a ghnóthú i ndáil le cáin,

[EN]

(iv) féadfaidh sé, má tá cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil earraí a bhaineann le soláthairtí nó allmhairí inchánach á gcoinneáil san áitreabh sin nó san áit sin agus nach bhfuil sonraí i dtaobh na n-earraí sin coimeádta agus coinnithe, mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó le rialacháin, i leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile de chuid an ghnó nó de chuid aon ghnó eile ar a bhfuil a shamhail de cheangal sonraí i dtaobh na n-earraí sin a choimeád agus a choinneáil, an t-áitreabh sin nó an áit sin a chuardach le haghaidh na n-earraí sin agus, ar iad a aimsiú, iad a scrúdú agus sonraí ina dtaobh a thógáil,

[EN]

(v) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an gnó, nó ar aon duine san áitreabh sin nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an gnó nó a bhfuil baint aige leis i seoladh an ghnó, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe.

[EN]

(b) Ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine a sheolann gairm, ná ar aon duine atá fostaithe ag aon duine a sheolann gairm, aon doiciméid a bhaineann le cliant a thabhairt ar aird d'oifigeach údaraithe, seachas cibé doiciméid a bheidh ábhartha do chúrsaí cánach an duine a sheolann an ghairm, agus, go háirithe, ní bheidh de cheangal air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a bheidh tugtha do chliant a nochtadh.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.

[EN]

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

90.—Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht, maidir le neamhchomhlíonadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1), trí “18 (2)” a scriosadh, agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (3A), trí “fo-alt (3) d'alt 18 nó ceanglas oifigigh údaraithe faoin alt sin” a chur in ionad “alt 18 (3)”.

[EN]

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

91.—Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (v):

[EN]

“(w) meándéanamh a chinneadh chun críocha mhír (xvii) den Dara Sceideal;”, agus

[EN]

(b) trí “nó i ndáil leis an ní a shonraítear i bhfo-alt (1) (w)” a chur isteach i ndiaidh “d'alt 15” i bhfo-alt (2A).

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

92.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xvii):

[EN]

“(xvii) earraí éadaí pearsanta do leanaí nach mó a méideanna ná méideanna na n-earraí sin is iomchuí do leanaí a bhfuil meándéanamh leanaí deich mbliana d'aois orthu (ach measfar chun críocha na míre seo gur leanbh deich mbliana d'aois leanbh a bhfuil deich mbliana nó deich mbliana agus codán de bhliain slánaithe aige) ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus

[EN]

(b) earraí éadaí nach bhfuil tuairiscithe, lipéadaithe, marcáilte nó margaithe ar bhonn aoise nó méide;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (xviii):

[EN]

“(xviii) tuáillí sláintíochta agus tampóin sláintíochta;

[EN]

(xviiia) coisbheart;”.

[EN]

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

93.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) i gCuid I—

[EN]

(i) trí “coincréit,” a scriosadh as mír (x) (b), agus

[EN]

(ii) trí “, sa Séú nó sa Seachtú” a chur isteach i ndiaidh “sa Dara” i mír (xxviii),

[EN]

agus

[EN]

(b) i gCuid II, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (viii):

[EN]

“(viii) fruiliú earraí a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal agus i mír (i) den Seachtú Sceideal.”.

[EN]

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

94.—Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii):

[EN]

“(iia) coincréit atá réidh le doirteadh;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

[EN]

“(iiia) taibhithe beo amharclainne nó ceoil, lena n-áirítear sorcais, a sheoladh nó daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), nó

[EN]

(b) taibhithe a bhfuil saoráidí ar fáil i ndáil leo le go gcaithfidh daoine atá ag freastal ar an taibhiú bia nó deoch le linn an taibhithe go léir nó le linn coda de;”.

[EN]

An Seachtú Sceideal a chur isteach sa Phríomh-Acht.

95.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

[EN]

“AN SEACHTÚ SCEIDEAL

[EN]

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (aaa)

[EN]

(i) Earraí éadaí pearsanta agus ciarsúir theicstíleacha, seachas—

[EN]

(a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh, ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus

[EN]

(b) earraí éadaí pearsanta de chineál a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal;

[EN]

(ii)  (a) faibricí, abhras, snáth agus leathar de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí, agus

[EN]

(b) abhras de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú faibricí éadaí.”.

[EN]

Ráta cánach i ndáil le fruiliú gearrthéarma earraí áirithe.

96.—D'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht, is é an ráta cánach breisluacha is inmhuirearaithe ar na seirbhísí seo a leanas, 18 faoin gcéad den mhéid ar inmhuirearaithe cáin ina leith i ndáil leis na seirbhísí sin:

[EN]

(a) an tseirbhís a shonraítear i mír (ii) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

[EN]

(b) an tseirbhís arb é atá inti puball, nó feithicil atá deartha agus déanta, nó oiriúnaithe, chun daoine a iompar de bhóthar, a fhruiliú do dhuine faoi chomhaontú den chineál a shonraítear sa mhír sin (ii).

[EN]

CUID IV

Dleachtanna Stampa

[EN]

Tobhach ar bhainc.

97.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

[EN]

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;

[EN]

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA”, a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1983, an 19ú lá de Dheireadh Fómhair, 1983, agus an 16ú lá de Shamhain, 1983;

[EN]

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna go léir a thaispeántar maidir le Míreanna 107 agus 108 mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

[EN]

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 12ú lá de Mheán Fómhair, 1984, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

[EN]

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

[EN]

(a) 0.2 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

[EN]

(b) 0.344 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

[EN]

Ar choinníoll, sa chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.2 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

[EN]

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

[EN]

(5) Tabharfaidh banc cibe sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

[EN]

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 12ú lá de Mheán Fómhair, 1984, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

[EN]

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

[EN]

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

[EN]

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982.

98.—Leasaítear leis seo alt 92 den Acht Airgeadais, 1982, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

[EN]

“(8) (a) San fho-alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘méid árachais saoil’ cibé cion de mhéid inmheasúnaithe arb é atá ann préimheanna iomchuí a gheofar an 1ú lá d'Iúil, 1984, nó dá éis, maidir le gnó in aicmí I, II, III, IV, V, VI, VII agus IX den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle 79/267/CEE dar dáta 5 Márta 1979 (IO Uimh. L 63, 13/3/1979);

[EN]

ciallaíonn ‘préimh iomchuí'—

[EN]

(i) i gcás conradh árachais arna dhéanamh an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó dá éis, préimh nó cuid de phréimh arna fáil de bhun an chonartha sa tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a ndéantar an chéad íocaíocht den phréimh nó de chuid den phréimh, agus

[EN]

(ii) i gcás ina ndéantar préimh faoi chonradh árachais, cibé uair a rinneadh é, a mhéadú, an méid faoina méadaítear an phréimh agus a fhaightear sa tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a ndéantar an chéad íocaíocht den mhéid méadaithe nó de chuid den mhéid méadaithe.

[EN]

(b) Déanfaidh árachóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1984, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid árachais saoil le haghaidh an árachóra sin don ráithe sin.

[EN]

(c) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo, muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le haon agus dhá thrian faoin gcéad den mhéid árachais saoil a thaispeántar ann.

[EN]

(d) Beidh feidhm le fo-alt (4), (5), (6) agus (7) den alt seo maidir le haon ráiteas a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt seo ar árachóir a sheachadadh ar gach caoi ionann is dá mba ráiteas i leith méid inmheasúnaithe an ráiteas sin.

[EN]

(e) I ndáil leis an ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1984, agus gach ráithe dá éis, ní dhéanfar aon phréimheanna a gheobhaidh árachóir i leith gnó sna haicmí dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘méid árachais saoil’ a áireamh sa mhéid inmheasúnaithe chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo.”.

[EN]

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982.

99.—Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 93 den Acht Airgeadais, 1982, trí “trí bliana” a chur in ionad “dhá bhliain”, agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dáta an Achta seo a rith agus sula mbeidh trí bliana caite ón dáta sin.

[EN]

Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969.

100.—(1) Leasaítear leis seo alt 49 den Acht Airgeadais, 1969, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-ailt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981):

[EN]

“(2B) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (2A) den alt seo, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le hionstraim, má shuitear, ach (ar leith ó na fo-ailt sin (2) agus (2A)) ar an gcoinníoll amháin go suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur dheimhnigh an tAire Comhshaoil go bhfuil sé sásta, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil aige le linn dó bheith ag deimhniú amhlaidh, nach bhfuil ná nach mbeidh achar urláir iomlán an tí sin, arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4 (2) (b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, níos mó ná an t-achar urláir iomlán uasta atá sonraithe i rialacháin faoin alt sin 4 (2) (b) ná nach bhfuil ná nach mbeidh sé níos lú ná an t-achar urláir iomlán íosta atá sonraithe amhlaidh.”.

[EN]

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 269) (Ionstraimí Áirithe a Dhíolmhú ó Dhleacht Stampa), 1984 (I.R. Uimh. 49 de 1984).

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

[EN]

Dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais.

101.—(1) Leasaítear leis seo an Stamp Act, 1891, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

[EN]

“7. Any stamp duties of an amount not exceeding 7p upon instruments which are permitted by law to be denoted by adhesive stamps not appropriated by any word or words on the face of them to any particular description of instrument shall, if denoted by adhesive stamps, be denoted by adhesive stamps issued by the Revenue Commissioners.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1970, trí “7p” a chur in ionad “5p” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982) sa dá áit a bhfuil sé.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais a tharraingeofar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 17 (dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981.

102.—Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) (c), trí “£10” a chur in ionad “£5”,

[EN]

(b) i bhfo-alt (2) (c), trí “£5” a chur in ionad “£2.50”, agus

[EN]

(c) i mír (d) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) d'fho-alt (2), trí “£10” a chur in ionad “£5”.

[EN]

Ordú a chúlghairm.

103.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 268) (Dleacht Stampa ar Bhillí Malairte, ar Nótaí Gealltanais, ar Chártaí Creidmheasa agus ar Chártaí Muirir), 1984 (I.R. Uimh. 34 de 1984).

[EN]

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Caibidil I

Iontaobhais Lánroghnacha

[EN]

Léiriú (Cuid V).

104.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976;

[EN]

ciallaíonn “cuspóir”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, duine a ndéantar, nó a bhféadfar, ioncam nó caipiteal, nó aon chuid d'ioncam nó de chaipiteal, mhaoin an iontaobhais, a fheidhmiú chun sochair dó;

[EN]

ciallaíonn “príomhchuspóirí”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, cibé cuspóirí, más ann dóibh, de chuid an iontaobhais de thuras na huaire arb iad na daoine seo a leanas iad—

[EN]

(a) céile an diúscróra,

[EN]

(b) leanaí an diúscróra, nó

[EN]

(c) leanaí le leanbh de chuid an diúscróra i gcás ina bhfuair an leanbh sin bás roimh bhás don diúscróir.

[EN]

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

105.—Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “iontaobhas lánroghnach” i ndiaidh “maoin a theachtadh ar iontaobhas”—

[EN]

“le hioncam nó le cuid d'ioncam na maoine a charnadh, nó aon iontaobhas a ndéantar dá bhíthin, dá bhua nó dá dhroim maoin (seachas maoin a bhfuil, de thuras na huaire, teideal tairbhiúil ag duine chuici ar leas seilbhe) a theachtadh ar iontaobhas”,

[EN]

agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach” aon iontaobhas a ndéantar dá bhíthin, dá bhua nó dá dhroim maoin a theachtadh ar iontaobhas le hioncam nó le cuid d'ioncam na maoine a charnadh, nó aon iontaobhas a ndéantar dá bhíthin, dá bhua nó dá dhroim maoin (seachas maoin a bhfuil, de thuras na huaire, teideal tairbhiúil ag duine chuici ar leas seilbhe) a theachtadh ar iontaobhas le hioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur chun sochair, nó le cumhacht sin a chur chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh;

[EN]

Fáltais ag iontaobhais lánroghnacha.

106.—(1) I gcás ina dtiocfaidh maoin, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, faoi réir iontaobhais lánroghnaigh (abairt a bhfuil an bhrí léi sa Chuid seo a shanntar di leis an bPríomh-Acht arna leasú le halt 105) ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc iontaobhaithe an iontaobhais, measfar maidir leis an iontaobhas—

[EN]

(a) ar an dáta ar a dtiocfaidh nó ar ar tháinig an mhaoin sin faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh;

[EN]

(b) ar dháta báis an diúscróra; nó

[EN]

(c) i gcás príomhchuspóirí don iontaobhas a bheith ann, ar an dáta nach mbeidh aon phríomhchuspóir don iontaobhas faoi bhun 25 bliana d'aois ann a thuilleadh,

[EN]

cibé dáta acu is déanaí, go dtiocfaidh nó gur tháinig sé chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuig leas iomlán i cibé méid, más aon mhéid é, den mhaoin sin nó de mhaoin in ionannas leis an maoin sin agus de charnáin ioncaim ón gcéanna nó de mhaoin in ionnannas leis na carnáin sin a bheidh fós faoi réir an iontaobhais sin ar an dáta sin is déanaí, agus go nglacfaidh nó gur ghlac sé oidhreacht dá réir sin, ionann is dá mba dhuine chun críocha an Phríomh-Achta an t-iontaobhas agus iontaobhaithe, mar atá de thuras na huaire, an iontaobhais, le chéile, agus is é an dáta sin is déanaí dáta na hoidhreachta.

[EN]

(2) Aon mhaoin a bhí, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, faoi réir iontaobhais lánroghnaigh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ar an dáta sin a tháinig sí faoi réir an iontaobhais.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) ní maoin leas feifeach go dtí go dtarlóidh teagmhas a fhágfaidh go scoirfidh an leas de bheith ina leas feifeach nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis;

[EN]

(b) ní maoin leas i bpolasaí árachais ar shaol duine go dtí, agus ansin sa mhéid amháin, go dtiocfaidh an leas chun bheith ina leas seilbhe faoi fhorálacha alt 32 den Phríomh-Acht nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis.

[EN]

(4) Más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh cáin inmhuirearaithe faoin alt seo breis agus uair amháin faoin diúscairt chéanna ar mhaoin nó ar mhaoin in ionannas leis an maoin sin, ní bheidh cáin inmhuirearaithe ach uair amháin ar an maoin sin, is é sin le rá, ar an ócáid is luaithe a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe ar an maoin sin.

[EN]

Feidhm an Phríomh-Achta.

107.—I ndáil le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 106—

[EN]

(a) déanfar tagairt in alt 16 den Phríomh-Acht do chuideachta faoi rialú an chomharba a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta atá faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, iontaobhaithe an iontaobhais lánroghnaigh, cuspóirí beo an iontaobhais lánroghnaigh, gaolta na gcuspóirí sin, agus ainmnithigh de chuid na n-iontaobhaithe nó na gcuspóirí sin nó de chuid ghaolta na gcuspóirí sin;

[EN]

(b) beidh feidhm le halt 21 den Phríomh-Acht, fara an mhodhnaithe gurb é dáta luachála na hoidhreachta inchánach—

[EN]

(i) dáta na hoidhreachta, nó

[EN]

(ii) an dáta luachála arna fhionnadh de réir an ailt sin,

[EN]

cibé dáta acu is déanaí, agus fara aon mhodhnuithe eile is gá;

[EN]

(c) aon duine is iontaobhaí don iontaobhas lánroghnach áirithe de thuras na huaire ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta eile ina dhiaidh sin is duine é a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach;

[EN]

(d) aon chuspóir don iontaobhas lánroghnach áirithe a ndéanfar aon chuid den mhaoin atá faoi réir an iontaobhais a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, beidh an duine sin cuntasach chomh maith in íoc na cánach ar éirigh an muirear ina leith roimh dháta na maoine a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, agus beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, ina fheidhm maidir leis an muirear cánach sin, ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) den Phríomh-Acht an cuspóir sin don iontaobhas lánroghnach;

[EN]

(e) aon duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta luachála nó tar éis dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí, tuairisceán iomlán ceart a sheachadadh ar na Coimisinéirí—

[EN]

(i) maidir le gach oidhreacht a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh inti;

[EN]

(ii) maidir leis an maoin go léir san oidhreacht sin; agus

[EN]

(iii) maidir le meastachán de mhargadhluach na maoine sin;

[EN]

(f) beidh éifeacht le forálacha alt 41 den Phríomh-Acht, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta maidir le haon mhuirear cánach den chineál a dúradh a d'éirigh roimh dháta an Achta seo a rith, ionann is dá mba thagairtí do dháta an Achta seo a rith, nó don dáta luachála, cibé dáta acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt sin;

[EN]

agus

[EN]

(g) ní bheidh feidhm le halt 35 (1), fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 36 ná le hailt 40, 45 agus 57 den Phríomh-Acht, ná leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

Díolúintí.

108.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 106 i ndáil le hiontaobhas lánroghnach a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur cruthaíodh go heisiatach é—

[EN]

(a) chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann;

[EN]

(b) chun críocha—

[EN]

(i) aon scéime chun sochair aoisliúntais a chur ar fáil tráth scoir, ar scéim í a bunaíodh le haon achtachán nó faoi nó le hionstraim, nó faoi ionstraim, arna déanamh faoi aon achtachán, nó

[EN]

(ii) aon scéime aoisliúntais faoi choimirce de réir bhrí fho-alt (9) d'alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó scéime iontaobhais nó coda de scéim iontaobhais arna ceadú ag na Coimisinéirí faoin alt sin nó alt 235A den Acht sin;

[EN]

(c) chun críocha scéime iontaobhais aonad cláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972;

[EN]

(d)     (i) chun sochair do phearsa aonair ainmnithe amháin nó níos mó, agus

[EN]

(ii) ar an gcúis go bhfuil an phearsa aonair sin nó na pearsana aonair sin go léir, mar gheall ar aois nó míbharrainn, nó mar gheall ar éagumas coirp, meabhrach nó dlíthiúil, neamhinniúil ar a ghnóthaí nó a ngnóthaí féin a riaradh; nó

[EN]

(e) chun soláthar a dhéanamh le teach nó gairdín dá dtagraítear in alt 39 den Acht Airgeadais, 1978, a chothabháil.

[EN]

Cáin a ríomh.

109.—Déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin de bharr fhorálacha alt 106 a ríomh de réir ráta trí faoin gcéad den luach inchánach sin.

[EN]

Caibidil II

Ríomh Athbhreithnithe

[EN]

Leasú ar ailt áirithe den Phríomh-Acht.

110.—(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

[EN]

“(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas—

[EN]

(a) i gcás inar mó comhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den méid tairsí (mar a mhínítear sin sa Dara Sceideal) a mbeidh feidhm leis le linn an cháin ar an gcomhiomlán sin a bheith á ríomh, nó

[EN]

(b) i gcás ina gceanglófar ar an deontaí, le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh.”.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le hailt 9 ná 53 (3) den Phríomh-Acht.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 54 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) I gcás ina nglacfaidh aon duine sochar chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla measfar—

[EN]

(a) chun críocha ailt 5 (1) agus 11 (1), gur ghlac sé an sochar sin go tairbhiúil, agus

[EN]

(b) chun críocha an Dara Sceideal, gur ghlac sé, dá réir sin, bronntanas nó oidhreacht lena mbaineann an aicme-thairseach £10,000.”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht (arna leathnú leis an Acht Airgeadais, 1978) trí “ón diúscróir céanna” a scriosadh as fo-alt (2) (a).

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1978) trí “ón diúscróir céanna” a scriosadh as fo-alt (2).

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

111.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) i gCuid I, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 1 go 5 agus 7:

[EN]

“1. Sa Sceideal seo—

[EN]

ciallaíonn ‘aicme-thairseach', i ndáil le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach a ghlacfar lá áirithe,—

[EN]

(a) £150,000, i gcás inarb é céile an diúscróra nó leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba an lá sin;

[EN]

(b) £20,000, i gcás inar dírshinsear, dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha), deartháir, deirfiúr, nó leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba an lá sin;

[EN]

(c) £10,000, i gcás nach bhfuil ag an deontaí ná ag an gcomharba leis an diúscróir, an lá sin, gaol dá dtagraítear i bhfomhír (a) nó (b);

[EN]

ciallaíonn ‘aicme-thairseach athbhreithnithe', i ndáil le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach atá ar áireamh in aon chomhiomlán de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3,—

[EN]

(a) an aicme-thairseach a bhaineann leis an mbronntanas inchánach nó leis an oidhreacht inchánach sin, nó

[EN]

(b) iomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir lena mbaineann an aicme-thairseach sin agus atá ar áireamh sa chomhiomlán sin,

[EN]

cibé acu is lú:

[EN]

Ar choinníoll i gcás inar lú an aicme-thairseach athbhreithnithe arna fhionnadh amhlaidh ná an ceann is lú de na haicme-thairseacha lena bhfuil feidhm i ndáil leis na bronntanais inchánach agus na hoidhreachtaí inchánach go léir atá ar áireamh sa chomhiomlán sin, gurb í an aicmethairseach athbhreithnithe an aicme-thairseach sin is lú;

[EN]

ciallaíonn ‘Tábla’ an Tábla i gCuid II den Sceideal seo;

[EN]

ciallaíonn ‘méid tairsí', i ndáil le cáin a ríomh ar aon chomhiomlán de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3, an ceann is mó de na haicme-thairseacha athbhreithnithe lena bhfuil feidhm i ndáil leis na bronntanais inchánach agus na hoidhreachtaí inchánach go léir atá ar áireamh sa chomhiomlán sin.

[EN]

2. Sa Tábla ciallaíonn ‘luach’ an comhiomlán iomchuí dá dtagraítear i mír 3.

[EN]

3. Faoi réir fhorálacha mhír 6, is é méid na cánach is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a ghlacfaidh deontaí nó comharba méid is ionann agus an méid ar mó an cháin, arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla, ar a gcomhiomlán seo a leanas—

[EN]

(a) an luach inchánach sin; agus

[EN]

(b) luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir (más ann) a ghlac an deontaí nó an comharba sin cheana féin, an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis,

[EN]

ná an cháin, arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla, ar chomhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach go léir a glacadh amhlaidh cheana féin (más ann):

[EN]

Ar choinníoll nach mó an cháin is inmhuirearaithe amhlaidh ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach ná méid is ionann agus an cháin arna ríomh de réir an ráta nó na rátaí is infheidhme faoin Tábla maidir leis an gcuid sin de chomhiomlán na luachanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) arb í an chuid is airde í den chomhiomlán sin agus is comhionann leis an luach inchánach sin.

[EN]

5. Sa Tábla, aon ráta cánach a thaispeántar sa dara colún is é an ráta é is infheidhme maidir leis an gcuid sin den luach (de réir bhrí mhír 2) a thaispeántar sa chéad cholún.

[EN]

7. Chun críocha an Sceidil seo, déanfar (ach amháin chun an méid tairsí a ríomh) na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a ghlac deontaí nó comharba an lá céanna a chomhaireamh mar aon ní amháin, agus chun an méid cánach a fhionnadh is iníoctha ar bhronntanas amháin, nó ar oidhreacht amháin, de bhronntanais leithleacha nó d'oidhreachtaí leithleacha a glacadh an lá céanna, déanfar an méid cánach a bheidh ríofa faoin Sceideal seo mar mhéid cánach is iníoctha ar iomlán na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí a glacadh an lá sin a chionroinnt go rátúil, de réir luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach leithleacha a glacadh an lá sin.”.

[EN]

(b) i gCuid II, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Táblaí I go IV:

[EN]

AN TÁBLA

An Chuid den Luach

An ráta cánach

Faoin gcéad

An méid tairsí

Nialas

An chéad £10,000 eile

20

An chéad £40,000 eile

30

An chéad £50,000 eile

35

An chéad £50,000 eile

40

An chéad £50,000 eile

45

An t-iarmhéid

55

[EN]

”.

[EN]

Feidhm Chaibidil II.

112.—Beidh éifeacht leis an gCaibidil seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 26ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis.

[EN]

Caibidil III

Deimhniú Urscaoilte

[EN]

Leathnú ar alt 48 (admhálacha agus deimhnithe) den Phríomh-Acht.

113.—Leasaítear leis seo alt 48 den Phríomh-Acht, maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás ina mbeidh cáin inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach agus—

[EN]

(a) tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta luachála an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach sin, go ndéanfar iarratas chun na gCoimisinéirí ó aon duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo)—

[EN]

(i) is duine atá cuntasach, ach nach duine atá cuntasach go príomha, in íoc na cánach go léir nó coda di, nó

[EN]

(ii) is ionadaí pearsanta de chuid aon duine dá dtagraítear i bhfomhír (i),

[EN]

agus

[EN]

(b) go seachadfaidh an t-iarratasóir ar na Coimisinéirí ráiteas iomlán maidir leis an maoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas inchánach nó san oidhreacht inchánach agus maidir le cibé sonraí is iomchuí don mheasúnú cánach, mar aon le cibé fianaise a iarrfaidh siad i ndáil leis an maoin nó na sonraí sin,

[EN]

féadfaidh na Coimisinéirí méid na cánach is inghnóthaithe ón iarratasóir a chinneadh agus, ar an gcáin a cinneadh amhlaidh a bheith íoctha, tabharfaidh na Coimisinéirí deimhniú faoin gcinneadh uathu, i cibé foirm is oiriúnach leo, ar deimhniú é a urscaoilfidh an t-iarratasóir ó aon éileamh cánach eile ina dhiaidh sin i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh deimhniú ó na Coimisinéirí faoi fho-alt (5) an t-iarratasóir a urscaoileadh i gcás calaoise nó i gcás mainneachtain fíorais ábhartha atá ar eolas dó féin a nochtadh ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon cháin bhreise a d'fhéadfadh a bheith iníoctha ag an iarratasóir má shuitear dá éis sin go raibh aon mhaoin bhreise ar áireamh sa bhronntanas inchánach nó san oidhreacht inchánach lena mbaineann an deimhniú agus ar mhaoin bhreise í a bhfuil an cháin dlite den iarratasóir ina leith.

[EN]

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, aird a thabhairt ar aon iarratas a dhéanfar chun críche fho-alt (5) cibé tráth a dhéanfar an t-iarratas agus, maidir le haon iarratas arna dhéanamh amhlaidh, beidh éifeacht le forálacha an fho-ailt sin d'ainneoin an t-iarratas sin a bheith déanta sula mbeidh an dá bhliain a luaitear san fho-alt sin caite.”.

[EN]

CUID VI

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

114.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1983” alt 117 den Acht Airgeadais, 1983;

[EN]

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

[EN]

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

[EN]

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1983 ach “£29,401,449” a chur in ionad “£30,566,856”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1983 ach “£18,559,719” a chur in ionad “£19,676,545”.

[EN]

(4) Déanfar suim £32,706,344 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984.

[EN]

(5) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £23,973,750 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an ceathrú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

115.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

116.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1984, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1983, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1984, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(5) Forléireofar Cuid IV i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(6) Forléireofar Cuid V i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(7) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1984.

[EN]

(8) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas ailt 84, 86, 89, 90, 93 (a) (i), 94 agus 96, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1984 agus measfar gur tháinig na hailt sin 84, 93 (a) (i), 94 agus 96 i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1984.

[EN]

(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

[EN]

(10) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(11) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Ailt 2 agus 3.

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 1 (1)—

(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ard-rátaí” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977):

“ciallaíonn ‘ard-rátaí', i ndáil le cáin, na rátaí cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984;”,

(ii) scriosfar an míniú ar “ráta laghdaithe” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977), agus

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977):

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach', i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984;”,

(b) scriosfar alt 153 (1) (dd),

(c) in alt 497, scriosfar “ráta laghdaithe” gach áit a bhfuil sé, agus

(d) in alt 525 (1), scriosfar fomhír (i) (b).

2. Déanfar, maidir leis na blianta measúnachta 1980-81 go 198384, na tagairtí in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1977, a fhorléiriú, agus measfar gur forléiríodh riamh iad, mar thagairtí d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1980.

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”,

(ii) i mír (b), trí “£2,300” a chur in ionad “£1,950” agus trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”, agus

(iii) i mír (c), trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”,

agus

(b) in alt 138A, trí “£1,300” a chur in ionad “£950” agus trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”.

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe: Fochuideachtaí

Alt 26.

Maoiniú do thrádáil fochuideachta

1. Féadfar na scaireanna a eiseoidh an chuideachta cháilitheach, in ionad nó i dteannta iad a eisiúint chun na críche a luaitear i bhfo-alt (1) (b) d'alt 12, a eisiúint chun airgead a chruinniú ar mhaithe le trádáil cháilitheach atá á seoladh ag fochuideachta nó a bheartaíonn fochuideachta a sheoladh; agus i gcás ina n-eiseofar scaireanna amhlaidh beidh éifeacht le fo-ailt (1) (c), (4), (5), (7) (b) agus (8) den alt sin ionann is dá mba thagairtí don fhochuideachta na tagairtí don chuideachta nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá bhfolódh na tagairtí don chuideachta tagairtí don fhochuideachta.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh

2.—(1) I bhfo-ailt (2), (4) agus (6) d'alt 14, folaíonn tagairtí do chuideachta (seachas an chéad tagairt den sórt sin i ngach fo-alt) tagairtí do chuideachta is fochuideachta don chuideachta sin le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh an mbliain mheasúnachta nó le linn nó i ndiaidh na bliana measúnachta a n-éilíonn an phearsa aonair faoiseamh ina leith a rinneadh fochuideachta di agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí ina fochuideachta den sórt sin le linn dó bheith ina chomhpháirtí, ina stiúrthóir nó ina fhostaí den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) nó le linn dó cibé caipiteal nó cumhacht vótála nó cearta a luaitear i bhfo-ailt (4) agus (6) a bheith aige nó bheith i dteideal iad a fháil.

(2) Gan dochar d'fhorálacha alt 14 (mar atá éifeacht leis de réir fhomhír (1) áireofar baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta más rud é—

(a) go raibh aige, tráth ar bith sa tréimhse iomchuí, rialú (de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976) ar chuideachta eile a ndearnadh fochuideachta don chuideachta di ón tráth sin i leith ach sin roimh dheireadh na tréimhse iomchuí; nó

(b) go sealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chaipiteal iasachta de chuid fochuideachta don chuideachta sin nó go bhfuil teideal díreach nó neamhdhíreach aige an céanna a fháil.

(3) Beidh feidhm le halt 14 (5) agus (8) chun críocha na míre seo.

Luach a fhaightear

3.—(1) In ailt 18 (1) agus 20 (3) folóidh tagairtí do luach a fháil ón gcuideachta tagairtí do luach a fháil ó aon chuideachta is fochuideachta don chuideachta sin le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh nó tar éis don phearsa aonair áirithe aon luach a fháil uaithi a rinneadh fochuideachta dí, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí don chuideachta sna forálacha eile d'ailt 18 agus 20 (6).

(2) In alt 20 (1) folóidh tagairtí don chuideachta (seachas an chéad tagairt) tagairtí do chuideachta is fochuideachta don chuideachta le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh an bhfuascailt, aisíocaíocht, athcheannach nó íocaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin, nó dá éis sin, a rinneadh fochuideachta di.

Faisnéis

4. Beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (5) d'alt 24 i ndáil le haon chomhshocraíochtaí den chineál a luaitear in alt 26 (2) (c) mar atá éifeacht leo i ndáil le haon chomhshocraíocht den chineál a luaitear in alt 21.

[EN]

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 70.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní

...

...

...

...

...

£29.50 an míle mar aon le méid is ionann agus 15.39 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

...

...

...

...

...

£44.928 an cileagram

Cavendish nó negrohead

...

...

...

£45.401 an cileagram

Tobac cruafháiscthe

...

...

...

£29.035 an cileagram

Tobac píopa eile

...

...

...

...

£36.497 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun

a choganta

...

...

...

...

£37.913 an cileagram

[EN]

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Alt 71.

CUID I

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon

An Cineál Fíona

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach:

Nach mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£1.96 an lítear

Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte     ...     ...     ...     ...

£2.84 an lítear

Ar mó ná 18% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£3.71 an lítear

Drithleach     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£3.93 an lítear

Fíon drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte:

Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte     ...     ...     ...

£0.23 an lítear

CUID II

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach:

Nach mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£1.87 an lítear

Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte     ...     ...     ...     ...

£2.69 an lítear

Ar mó ná 18% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£3.44 an lítear

Drithleach     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£3.64 an lítear

Drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte:

Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte     ...     ...     ...

£0.23 an lítear

[EN]

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí

Alt 72.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Nach mó ná 6% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£0.53 an galún

Ar mó ná 6% toirte ach nach mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte     ...     ...     ...     ...

£2.60 an galún

Ar mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£8.50 an galún