Uimhir 10 de 1990
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
RIAR NA nALT
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Cáin Ioncaim
Athrú ar Bhonn Measúnachta agus Forálacha Iarmhartacha
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. |
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
28. | Leasú ar alt 421 (nós imeachta ar achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967. |
29. | |
30. | |
31. | |
32. | |
33. | |
34. | |
35. | |
36. |
Cáin Chorparáide
Cánachas ar Chumainn Fhoirgníochta
57. | |
58. | Leasú ar alt 129 (grúpaí cuideachtaí: mínithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976. |
Cánachas ar Bhainc Thaisce Iontaobhais
59. | |
60. | |
61. | Leasú ar alt 337 (bainc thaisce) den Acht Cánach Ioncaim, 1967. |
Cistí Eischósta
Liúntais Chaipitiúla
Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Custaim agus Mál
88. | |
89. | |
90. | |
91. | |
92. | |
93. | |
94. | |
95. | |
96. |
Cáin Bhreisluacha
97. | |
98. | |
99. | |
100. | |
101. | |
102. | |
103. | |
104. | Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht. |
105. | |
106. | |
107. |
Dleachtanna Stampa
Cáin Mhaoine Cónaithe
Cáin Fháltas Caipitiúil
126. | |
127. | |
128. | |
129. | |
130. | Feidhm alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985. |
Ilghnéitheach
Creidmheasanna Cánach
Athrú ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha
Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976
Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
Cumainn Fhoirgníochta: Athrú Stádais
Bainc Thaisce Iontaobhais a Atheagrú ina gCuideachtaí
Cistí Eischósta: Cistí Dáileacha
An Tástáil Dáilte
Modhnuithe ar na Coinníollacha Deimhniúcháin i gCásanna Áirithe
Nós Imeachta Deimhniúcháin
Forlíontach
Cistí Eischósta: Gnóchain Ioncaim Eischósta a Ríomh
Diúscairtí Leasanna i gCistí Neamhcháilitheacha
Diúscairtí a ngabhann gné chomhionannaithe leo
Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíséain
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
Dleacht Stampa ar Ionstraimí
Bannaí, Cúnaint, etc.
Tíolacadh nó Aistriú ar Dhíol aon Stoc nó Urrús Inmhargaidh
Tíolacadh nó Aistriú ar Dhíol Maoine eile
Dúblach nó Contrapháirt
Léasanna
Morgáistí, Bannaí, Bintiúir agus Cúnaint agus Barántais Aturnae áirithe
Aon Mhaoin, etc., a Scaoileadh nó a Thréigean.
Aon Mhaoin, nó aon Cheart nó Leas in aon Mhaoin, a Ghéilleadh
Scairbharántas agus Stocdheimhniú chuig Iompróir
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988 | |
Na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1980 | |
Acht an Bhainc Ceannais, 1972 | |
Finance Act, 1900 | 63 Vict., c. 7 |
An tAcht Airgid, Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 | |
An tAcht Airgeadais (Forálacha llghnéitheacha), 1968 | |
An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 | |
An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 | |
An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 | |
Stamp Act, 1891 | 54 & 55 Vict., c. 39 |
Succession Duty Act, 1853 | 16 & 17 Vict., c. 51 |
Na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1970 |
Uimhir 10 de 1990
AN tACHT AIRGEADAIS, 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.
[30 Bealtaine, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.
1.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980—
(a) in alt 1—
(i) trí “53 faoin gcéad” a chur in ionad “60 faoin gcéad” i mír (b) d'fho-alt (1),
(ii) trí “£6,500” a chur in ionad “£6,000”; agus trí “£3,250” a chur in ionad “£3,000”, i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989), agus
(iii) trí “£300” a chur in ionad “£200” i mír (a) d'fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989),
agus
(b) in alt 2—
(i) trí “53 faoin gcéad” a chur in ionad “60 faoin gcéad” i bhfo-alt (3), agus
(ii) trí “£7,500” a chur in ionad “£6,800”, trí “£8,700” a chur in ionad “£8,000”, trí “£3,750” a chur in ionad “£3,400” agus trí “£4,350” a chur in ionad “£4,000” i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1989),
agus tá an mhír sin (b), an fo-alt sin (2), an mhír sin (a) agus na fo-ailt sin (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(b) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 53 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin. |
(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir fho-alt (3)— |
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £6,500, agus |
(b) in aon chás eile, £3,250. |
(a) Chun críocha an ailt seo agus alt 2, i gcás ina gcruthóidh éilitheoir go bhfuil aon leanbh cáilitheach dá chuid beo tráth ar bith le linn bliana measúnachta, ansin, faoi réir fho-alt (4), déanfar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo nó alt 2, de réir mar a bheidh) a mhéadú £300 in aghaidh gach linbh den sórt sin don bhliain mheasúnachta sin. |
(3) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin, dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 53 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin. |
(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir fho-alt (3) d'alt 1— |
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £7,500: |
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £8,700, agus |
(b) in aon chás eile, £3,750: |
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £4,350. |
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984, maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:
“AN TÁBLA
CUID I
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £6,500 | ... | ... | 30 faoin gcéad | an ráta caighdeánach | |
An chéad £3,100 eile | ... | ... | 48 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 53 faoin gcéad |
CUID II
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £13,000 | ... | ... | 30 faoin gcéad | an ráta caighdeánach | |
An chéad £6,200 eile | ... | ... | 48 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | ... | ... | ... | 53 faoin gcéad |
”.
Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.
3.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1990-91 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—
(a) “1990-91” a chur in ionad “1982-83”, agus
(b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé.
Leasú ar alt 3 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Acht Airgeadais, 1969.
4.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, trí “£5,000” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar a ioncam iomlán agus a chruthú— |
(a) (i) go raibh sé, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, nó |
(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean ina fhearchéile atá measúnaithe in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach ar feadh na bliana sin, agus |
(b) go raibh duine ar fostú aige an bhliain mheasúnachta chun aire a thabhairt don duine (is é sin, an phearsa aonair nó a bhanchéile) a bhí faoi éagumas amhlaidh, |
beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaithe a bheith á ríomh, i dteideal £5,000 a bhaint as a ioncam iomlán, mura lú ná £5,000 méid an mhuirir a bheidh air faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, nó i dteideal méid an mhuirir a bheidh air amhlaidh a bhaint as an ioncam sin, más lú ná £5,000 an méid sin. |
Íocaíochtaí i leith díobhálacha pearsanta.
5.—(1) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar—
(a) le pearsa aonair, nó i leith pearsan aonair, atá buan-éagumasaithe go hiomlán, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, ar é féin a chothabháil, agus
(b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag an bpearsa aonair, nó thar a cheann, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta ba bhun leis an éiglíocht mheabhrach nó choirp sin.
(2) Aon ioncam a eascróidh chuig duine, lena ndéantar nó ar ina leith a dhéantar íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, ó na híocaíochtaí sin nó ó ioncam uathu a infheistiú, go hiomlán nó go páirteach, is ioncam arb éard é díbhinní nó ioncam eile a bheadh, murach an t-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1974) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ach na forálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le tuairisceáin a thabhairt ar ioncam iomlán beidh feidhm acu ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo in aon chás murab é atá san ioncam a eascróidh amhlaidh (dá ngairtear “an t-ioncam díolmhaithe” feasta sa choinníoll seo) aon-ioncam nó príomhioncam na pearsan aonair a n-eascróidh an t-ioncam díolmhaithe chuige nó ina leith.
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis.
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith préimheanna arárachais áirithe, etc.
6.—Beidh éifeacht le halt 8 den Acht Airgeadais, 1989, maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, ionann is dá gcuirfí “50 faoin gcéad” in ionad “80 faoin gcéad”.
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le híocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag an Haemophilia H.I.V. Trust.
7.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tIontaobhas” an t-iontaobhas a bunaíodh le gníomhas dar dháta an 22ú lá de Shamhain, 1989, idir an tAire Sláinte agus daoine áirithe eile agus dá ngairtear sa ghníomhas an “Haemophilia H.I.V. Trust” nó an “HHT”.
(2) Baineann an t-alt seo le hioncam arb éard é íocaíochtaí arna ndéanamh ag iontaobhaithe an Iontaobhais le tairbhí, nó i leith tairbhí, faoin Iontaobhas, cibé acu a d'eascair an t-ioncam sin roimh dháta rite an Achta seo nó a eascróidh sé dá éis sin.
(3) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, tabharfar neamhaird, chun críocha uile na nAchtanna sin, ar ioncam lena mbaineann an t-alt seo.
Leasú ar alt 13 (formhuirear ar ioncam áirithe de chuid iontaobhaithe) den Acht Airgeadais, 1976.
8.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1976, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2), in ionad mhír (a):
“(a) An t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo déanfar, i dteannta cáin ioncaim a bheith inmhuirearaithe air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta darb inmhuirearaithe amhlaidh é, dleacht bhreise cánach ioncaim (dá ngairtear ‘formhuirear’ anseo feasta) de réir 20 faoin gcéad a mhuirearú air.
(aa) Aon fhormhuirear atá le gearradh ar iontaobhaithe faoin alt seo i leith ioncam a eascraíonn i mbliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an chéad bhliain mheasúnachta’ anseo feasta) déanfar—
(i) é a mhuirearú ar na hiontaobhaithe don bhliain mheasúnachta ina gcríochnaíonn tréimhse ocht mí dhéag dar tosach díreach tar éis dheireadh na chéad bliana measúnachta sin, agus
(ii) é a áireamh mar cháin ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá muirearaítear amhlaidh é.”.
Leasú ar alt 28 (feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic) den Acht Airgeadais, 1980.
9.—Maidir le diúscairtí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgeadais, 1980, i mír (b) d'fho-alt (3)—
(a) trí “dhá bhliain” a chur in ionad “bliain” i bhfomhír (ii),
(b) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (II) i bhfomhír (ii):
“(II) luach an stoic thrádála sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin nó i dtosach na chéad tréimhse cuntasaíochta eile i ndiaidh na tréimhse sin, más iomchuí,”,
agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (A) den choinníoll:
“(A) nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a chumasódh gur mhó luach stoic thrádála i ndeireadh tréimhse cuntasaíochta nó, de réir mar a bheidh, i dtosach tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin nó i dtosach na chéad tréimhse cuntasaíochta eile i ndiaidh na tréimhse sin, ná luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta céadluaite,”,
agus tá an mhír sin (b) (ar leith ó fhomhír (i) agus ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(b) Más rud é— |
(ii) ar leith ó fhorálacha an fho-ailt seo, gur mó luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta ná luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, féadfaidh an duine a roghnú trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, go ndéanfar, chun críche alt 31 den Acht Airgeadais, 1975, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976— |
(I) luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus |
(II) luach an stoic thrádála sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin nó i dtosach na chéad tréimhse cuntasaíochta eile i ndiaidh na tréimhse sin, más iomchuí, |
a ríomh ionann is dá mba rud é nár diúscraíodh an stoc sin lena mbaineann an fo-alt seo: |
Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.
10.—Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984—
(a) i bhfo-alt (1) d'alt 11—
(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “comhlach”:
“ciallaíonn ‘foirgneamh réamh-mhonarchan’ foirgneamh monarchan—
(a) a fhoirgnítear ar thionscnamh grúpa pobail áitiúil arb é is cuspóir dó, nó ar ceann dá phríomhchuspóirí, forbairt an cheantair sin a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a chruthú ann, agus
(b) a rachfar i mbun a fhoirgnithe gan aon réamhghealltanas, díreach nó neamhdhíreach, i scríbhinn nó ar shlí eile, ó dhuine go rachaidh sé féin nó aon duine eile faoi léas chun é a úsáid;”,
agus
(ii) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir”:
“tá le ‘foirgneamh monarchan’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986;
ciallaíonn ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ an tÚdarás Forbartha Tionscail, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta, de réir mar is cuí;”,
(b) in alt 12—
(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1):
“(ii) d'fhonn fostaíocht a chruthú nó a chothabháil sa chuideachta nó, i gcás oibríochtaí trádála cáilitheacha lena mbaineann alt 16 (2) (a) (iiib) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990) i gcuideachta atá faoi chonradh chun an foirgneamh réamh-mhonarchan lena mbaineann a fhoirgniú nó i gcuideachta a théann faoi léas chun é a úsáid, nó iontu araon:”,
(ii) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur le mír (c) d'fho-alt (1):
“Ar choinníoll freisin, i gcás gur úsáideadh an t-airgead a cruinníodh nó go bhfuil sé á úsáid, nó go mbeartaítear é a úsáid, chun foirgneamh réamh-mhonarchan a fhoirgniú agus a léasú, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó ghníomhaireacht forbartha tionscail á dheimhniú gur shásaigh sí í féin—
(i) gur foirgneamh réamh-mhonarchan an foirgneamh nó gur foirgneamh réamh-mhonarchan a bheidh ann, agus
(ii) (I) go bhfuil nó go mbeidh an foirgneamh réamh-mhonarchan suite i limistéar a raibh nó a bhfuil, ar bhonn treoirlínte ar ar chomhaontaigh sí féin agus an tAire Tionscail agus Tráchtála nó Aire na Gaeltachta (de réir mar is cuí sna himthosca) agus le toiliú an Aire Airgeadais, gá ar leith aige le forbairt agus le deiseanna fostaíochta a chruthú ann, agus
(II) go gcabhraíonn nó go gcabhróidh a fhoirgniú go mór chun freastal do na riachtanais sin.”,
agus
(iii) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (4):
“Ar choinníoll, i gcás oibríochtaí trádála cáilitheacha lena mbaineann alt 16 (2) (a) (iiib) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990), go measfar gur thosaigh an trádáil ar an dáta ar ar thosaigh foirgniú an fhoirgnimh réamh-mhonarchan lena mbaineann.”,
agus
(c) in alt 16—
(i) i mír (a) d'fho-alt (2)—
(I) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fomhír (i):
“Ar choinníoll, maidir le hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí trádála a áirítear sa mhíniú ar earraí chun críocha na Caibidle sin VI, nó a meastar chun na gcríoch sin gur monarú earraí den sórt sin laistigh den Stát iad, de bhun aon achtacháin a achtófar tar éis an tAcht seo a rith (seachas alt 41 den Acht Airgeadais, 1990), nach measfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, gur oibríochtaí trádála cáilitheacha iad chun críocha na Caibidle seo,”,
agus
(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):
“(ii) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a eiseofar ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1990, nó dá éis, seirbhísí a dhéanamh (seachas oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B, arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987, den Acht Airgeadais, 1980) i gcúrsa tionscail seirbhíse (de réir bhrí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1986)—
(I) ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986, nó
(II) ar chuir Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta deontas faoi alt 3, nó cúnamh airgid faoi alt 4, den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970, ar fáil ina leith, nó
(III) ar chuir Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid ar fáil ina leith faoi alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979,”,
(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2):
“(iiib) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1990, nó dá éis, foirgniú agus léasú foirgnimh réamh-mhonarchan,”,
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) in ionad mhír (II) den dara coinníoll (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1989):
“(II) léasú talún nó foirgneamh (seachas léasú foirgnimh réamh-mhonarchan), nó”,
agus
(iv) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do thrádáil a fhorléiriú—
(a) gan féachaint don mhéid sin den mhíniú ar ‘trádáil’ in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála, agus
(b) mar thagairtí a fholaíonn foirgniú agus léasú foirgnimh réamh-mhonarchan:
Ar choinníoll go ndéanfar, chun gach críche eile de chuid na nAchtanna Cánach, an cheist i dtaobh trádáil a bheith á seoladh a chinneadh gan féachaint don fho-alt seo.”.
Srian le faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil scaireanna i gcuideachtaí.
11.—D'ainneoin fhorálacha alt 34 den Acht Airgeadais, 1974, agus alt 8 den Acht Airgeadais, 1978, ní thabharfar faoiseamh faoin alt sin 34 ná faoin alt sin 8 i leith aon íocaíocht úis ar aon iasacht a chaithfear ag fáil scaireanna a eiseofar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis (ar scaireanna iad is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta) i gcás ina ndéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984, maidir leis an méid a shuibscríobhfar le haghaidh na scaireanna sin.
Leasú ar Sceideal 3 (faoisimh i leith cáin a mhuirearófar ar íocaíochtaí ar scor, etc.) a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967.
12.—Leasaítear leis seo Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, amhail ar an agus ón 20ú lá d'Aibreán, 1990—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c) de mhír (4):
“(c) asbhainfear as an toradh ag (b) méid is comhionann leis an tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht.”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6:
“6. (a) Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘an tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht’ a gcomhiomlán seo a leanas—
(i) méid aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) a bheidh faighte, agus
(ii) an méid is comhionann le luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) is infhaighte, agus
(iii) an méid is comhionann le luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin) a bheidh, ar é d'fheidhmiú rogha nó cirt chun pinsean a iomalartú, go hiomlán nó go páirteach, i bhfabhar cnapshuime, le fáil sa todhchaí,
ag an sealbhóir i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéime nó ciste den chineál dá dtagraítear in alt 115 (1) (d):
Ar choinníoll go mbeidh an méid a luaitear i gclásal (iii) ar áireamh sa tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht is cuma cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear an rogha nó an ceart dá dtagraítear sa chlásal sin:
Ar choinníoll, freisin, i gcás go mbeidh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i dteideal, faoi choinníollacha nó faoi théarmaí aon scéime nó ciste den chineál dá dtagraítear in alt 115 (1) (d), an rogha nó an ceart dá dtagraítear i gclásal (iii) a thabhairt suas ar bhealach neamh-inchúlghairthe agus go mbeidh sé sin déanta aige ar an dáta iomchuí, nach mbeidh an méid a luaitear sa chlásal sin ar áireamh sa tsuim chaipitiúil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht.
(b) Le linn an muirear cánach maidir le híocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114 a bheith á ríomh i gcás éilitheora, mura mbeidh éileamh faoi alt 115 déanta roimhe sin ag an éilitheoir agus i gcás nach mó ná £4,000 an tsuim chaipitiúil iomchuí (más ann) i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht ar ina leith a dhéantar an íocaíocht, beidh feidhm ag alt 115 (3) agus ag mír 3 maidir leis an íocaíocht sin ionann is dá mba éard í gach tagairt do £6,000 tagairt do £6,000 arna mhéadú an méid ar mó £4,000 ná an tsuim chaipitiúil iomchuí sin.”.
Údaráis áitiúla, etc., a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe cánach.
13.—(1) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, seachas forálacha Chaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986, beidh aon ioncam a eascróidh chuig comhlacht lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir leis an mbliain 1973-74 agus blianta measúnachta dá éis.
(3) Bainfidh an t-alt seo le gach comhlacht díobh seo a leanas, is é sin le rá:
(a) údarás áitiúil;
(b) bord sláinte;
(c) coiste gairmoideachais arna bhunú faoi na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1970;
(d) coiste talmhaíochta arna bhunú faoi na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1980.
(4) San alt seo tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971.
Caibidil II
Athrú ar Bhonn Measúnachta agus Forálacha Iarmhartacha
Bonn measúnachta: Cásanna I agus II de Sceideal D.
14.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) trí “measúnachta” a chur in ionad “roimh an bhliain mheasúnachta” i bhfo-alt (1), agus
(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):
“(3) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan bliana amháin ó am an bhunaithe agus an tosaithe sin.
(4) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceán a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988, don bhliain mheasúnachta, go laghdófar an mheasúnacht den mhéid (más ann) a bheidh ag méid na measúnachta don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta de bhreis ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin roimhe sin:
Ar choinníoll, i gcás inar mó an bhreis sin a dúradh ná méid na measúnachta, go ndéileálfar, chun críocha alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis an difríocht idir an bhreis agus méid na measúnachta ionann is dá mba chailltenanas é a bhain dó i dtrádáil sa bhliain mheasúnachta sin.”,
agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus ailt 59 agus 60, muirearófar cáin faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan na bliana measúnachta. |
(2) I ndáil le trádáil nó gairm a mbuanscoirfear de ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, scoirfidh alt 3 den Acht Airgeadais, 1971, d'éifeacht a bheith leis.
Tréimhse ríomha brabús.
15.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60:
“60.—(1) Más rud é, i gcás aon trádála nó gairme, gur ghnách cuntais a dhéanamh suas—
(a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta, agus gur chuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, measfar gurb iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta;
(b) má rinneadh cuntas, seachas cuntas lena mbaineann mír (a), suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta, nó má rinneadh níos mó ná cuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain mheasúnachta, measfar gurb iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin, nó cibé dáta acu sin is déanaí, de réir mar a bheidh, brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta;
(c) in aon chás eile, déanfar brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta a chinneadh de réir fhorálacha fho-alt (1) d'alt 58.
(2) I gcás brabúis nó gnóchain bliana measúnachta a bheith ríofa ar bhonn tréimhse de réir fhorálacha mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) agus gur mó brabúis na tréimhse comhréire a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta díreach roimhe sin ná na brabúis nó na gnóchain ar a múirearaítear cáin ioncaim don bhliain sin, ansin measfar gurb iad brabúis na tréimhse comhréire sin brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta sin roimhe sin agus leasófar an mheasúnacht dá réir sin.
(3) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoi fhorálacha an ailt seo, murach go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí agus is fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát a bheidh inti.”.
Bonn measúnachta: forálacha eatramhacha.
16.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “bonntréimhse don bhliain 1990-91” an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain uaithi a bheidh cáin ioncaim don bhliain 199091 le ríomh go críochnaitheach chun críocha Chás I agus Chás II de Sceideal D;
ciallaíonn “tréimhse chomhréire” an tréimhse 12 mhí díreach roimh an mbonntréimhse don bhliain 1990-91.
(2) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) nuair a bheifear ag cinneadh, don bhliain 1990-91, méid iomlán bhrabúis nó ghnóchain trádála nó gairme i gcás inar bunaíodh agus inar tosaíodh an trádáil nó an ghairm roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989.
(3) I gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, déanfar an mheasúnacht a bheidh, de bhua alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna leasú le halt 14), le déanamh don bhliain 1990-91, a laghdú den mhéid a bheidh ag méid bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse don bhliain 1990-91 de bhreis ar a leath de chomhiomlán bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse sin agus bhrabúis nó ghnóchain, más ann, na tréimhse comhréire:
Ar choinníoll nach ndéanfar an mheasúnacht don bhliain 1990-91 a laghdú, faoi fhorálacha an ailt seo, go dtí méid is lú ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—
A × | 125 |
___ | |
100 |
i gcás gurb é A méid bhrabúis nó ghnóchain na tréimhse comhréire.
(4) I gcás ina muirearaítear pearsa aonair i leith cánach ioncaim don bhliain 1990-91 ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna chinneadh de réir fhorálacha fho-alt (2) d'alt 20B den Acht Airgeadais, 1974 (arna leasú le halt 20), beidh éifeacht le forálacha fho-alt (3)—
(a) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt do mhéid bhrabúis nó ghnóchain na bonntréimhse don bhliain 1990-91 tagairt do mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht, arna chinneadh gan féachaint d'fhorálacha eile an ailt seo ach de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin 20B (arna leasú amhlaidh) don bhliain 1990-91,
(b) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt do mhéid bhrabúis nó ghnóchain na tréimhse comhréire tagairt do mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan arna chinneadh ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach bliain de na 3 bliana dar críoch 12 mhí díreach roimh dheireadh na bonntréimhse don bhliain 1990-91, agus
(c) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i bhfo-alt (3) do alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tagairt d'fho-alt (2) den alt sin 20B (arna leasú amhlaidh).
(5) Más rud é, faoi fhorálacha 58 (5) (a) (ii) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna leasú le halt 14), go mbeidh brabúis nó gnóchain na bliana dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1991, le ríomh, nó go mbeidh an mheasúnacht don bhliain 1990-91 le leasú, ansin déanfar na brabúis nó na gnóchain sin a ríomh gan féachaint d'fhorálacha an ailt seo agus leasófar an mheasúnacht sin dá réir sin.
Bonn measúnachta: Cás III de Sceideal D.
17.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis—
(a) leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(i) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 75:
“75.—Measfar, chun na gcríoch uile a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a fhionnadh, gur ó bhunadh amháin a eascraíonn ioncam nó brabúis is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha alt 77 dá réir sin.”,
(ii) in alt 76, trí “roimh an mbliain” a scriosadh i bhfo-ailt (1) agus (3), agus
(iii) in alt 77, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Déanfar cáin faoi Chás III de Sceideal D a ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.”,
agus
(b) leasaítear leis seo Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “roimh an mbliain” a scriosadh i bhfomhír (2) de mhír 1,
agus tá na fo-ailt sin (1) agus (3) den alt sin 76 agus an fhomhír sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 77, déanfar cáin is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncaim ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a ríomh ar an méid iomlán den chéanna a éireoidh sa bhliain mheasúnachta cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-ioncam faighte nó le fáil sa Stát, ach sin, i gcás ioncam nach sa Stát a fuarthas é— |
(a) faoi réir na n-asbhaintí agus na liúntas céanna agus bheadh dá mba rud é gur mar sin a fuarthas é; agus |
(b) faoi réir aon suim a asbhaint, i gcás nach féidir an asbhaint sin a dhéanamh faoi aon fhoráil eile agus nach bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil eile den Acht seo, ar suim í a íocadh i leith cánach ioncaim san áit ar éirigh an t-ioncam; agus |
(c) faoi réir asbhaint mar gheall ar aon ús bliantúil nó aon bhlianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha as an ioncam le duine nach sa Stát a chónaíonn sé, |
agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le ráitis a sheachadadh). |
(3) Sna cásanna a luaitear i bhfo-alt (2), déanfar an cháin, faoi réir forálacha alt 77, a ríomh ar mhéid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin airgid is iníoctha sa Stát, nó ó mhaoin a allmhairíodh nó ó airgead nó luach as maoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas i leith na seoltán airgid, na maoine, an airgid nó an luacha a tugadh isteach sa Stát sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta gan aon asbhaint ná cealú. |
(2) Beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas chun críocha Chás III de Sceideal D, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 76 nó 77: |
An cháin i leith ioncaim ó shealbhaíochtaí sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann, seachas stoic, scaireanna, nó cíosanna nó áitiú talún, déanfar iad a ríomh ar mhéid iomlán an chéanna a d'éirigh sa bhliain mheasúnachta nó ar mhéid iomlán an chéanna ar mheán na tréimhse sin de réir mar is gá sa chás agus mar a ordóidh na Coimisinéirí Achomhairc, ionas go bhféadfar an cháin a ríomh de réir chineál an ioncaim ar an bhforas céanna ar a ríofaí é dá mba sa Stát a d'éirigh an t-ioncam, agus i gceachtar cás faoi réir asbhaint ar chuntas aon úis bhliantúil nó aon bhlianachta nó aon íocaíochta bliantúla eile is iníoctha as an ioncam le duine nach gcónaíonn sa Stát agus beidh éifeacht dá réir sin ag forálacha an Achta seo (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le ráitis a sheachadadh); agus beidh an duine is inmhuirir agus is inmheasúnaithe i dteideal na liúntas, na n-asbhaintí, agus na bhfaoiseamh céanna agus bheadh dá mba sa Stát a d'éirigh an t-ioncam: |
Sa mhír seo folaíonn “cíosanna” aon íocaíocht ar mhodh ríchíosa agus aon íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil ar mhodh cíosa a fhaightear ó aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin, lena n-áirítear tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a mbeadh feidhm ag alt 56 ina leith dá mba sa Stát a bhí na tailte, na tionóntáin agus na hoidhreachtáin sin. |
(2) Maidir le duine a scoirfidh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá eis, d'iomlán bunaidh amháin ioncaim nó brabúis dá dtagraítear in alt 75 (arna leasú leis an alt seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a shealbhú, ní bheidh feidhm ná éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
Bonn measúnachta: Cás V de Sceideal D.
18.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) i bhfo-alt (3) d'alt 81 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) Déanfar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.”,
(b) i bhfo-alt (1) d'alt 89 (mar a cuireadh isteach amhlaidh)—
(i) trí “déanfar an bhreis” a chur in ionad “féadfar an bhreis, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain sin, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith”, agus
(ii) trí “a measúnófar an duine inmhuirir” a chur in ionad “a measúnófar é”,
agus
(c) i bhfo-alt (2) d'alt 89 (mar a cuireadh isteach amhlaidh), trí “trí aon chuid de bhreis den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aghaidh” a scriosadh,
agus tá an t-alt sin 89, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
89.—(1) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur mó méid comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir é, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, agus, má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar an méid a ró-íocadh. |
(2) Aon fhaoiseamh faoin alt seo tabharfar é, a mhéid is féidir, as an gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh as an gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de. |
(2) Maidir le duine a scoirfidh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, d'iomlán bunaidh amháin brabús nó gnóchan dá dtagraítear in alt 81 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a shealbhú, ní bheidh feidhm ná éifeacht le míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt sin 81.
Bonn measúnachta: Sceideal E.
19.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil I de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 110:
“110.—Déanfar cáin faoi Sceideal E a mhuirearú go bliantúil ar gach duine a mbeidh aige, nó a mbeidh á feidhmiú aige, oifig nó fostaíocht bhrabúis a luaitear sa Sceideal sin, nó arb iníoctha leis aon bhlianacht, pinsean nó stipinn, is inmhuirir faoin Sceideal sin, i leith na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeorcaisí nó na mbrabús uile de shórt ar bith uaithi agus a ríomh ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeorcaisi nó na mbrabús uile sin de shórt ar bith uaithi don bhliain mheasúnachta.”,
agus
(b) trí alt 111 a scriosadh:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh scriosadh an ailt sin 111 difear d'aon achtachán ina bhfuil tagairt don alt sin nó d'aon chuid de.
Bonn measúnachta: forálacha iarmhartacha.
20.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír II, agus trí “sa bhliain mheasúnachta” a chur in ionad “an bhliain roimhe sin” gach áit a bhfuil sé i míreanna III agus IV, agus
(b) trí “nó na bliana roimhe sin, de réir mar is gá sa chás” i mír VI a scriosadh,
agus tá na míreanna sin II, III, IV agus VI, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
II.—Ag Gach Duine, nó thar ceann Gach Duine, a Sheolann aon Trádáil, nó a Fheidhmíonn aon Ghairm atá le Muirearú faoi Sceideal D. |
Méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan uathu a d'éirigh sa bhliain mheasúnachta. |
III.—Ag Gach Duine atá i dTeideal Brabús ar Neamhchinnte a Luach agus Nár Luadh Cheana, nó aon Úis, Blianachta, Íocaíochta Bliantúla, Lascaine nó Díbhinne, atá le Muirearú faoi Sceideal D. |
Méid iomlán na mbrabús a d'éirigh ón gcéanna sa bhliain mheasúnachta.. |
IV.—Ag Gach Duine atá i dTeideal nó ag Fáil Ioncaim ó Urrúis n ó Sealúchais Lasmuigh den Stát atá le Muirearú faoi Sceideal D. |
(1) An méid iomlán a d'éirigh sa bhliain mheasúnachta agus méid gach asbhainte nó liúntais a éilítear ina leith, mar aon le sonraí ar an asbhaint sin agus na forais ar a n-éilítear an liúntas sin; nó |
(2) I gcás aon duine den sórt sin a chruthóidh, do na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil sainchónaí air sa Stát, nó gur saoránach Éireannach é ach nach sa Stát atá gnáthchónaí air, nó i gcás ioncam ó urrúis agus sealúchais den sórt a dúradh ar cuid iad d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche méid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin is iníoctha sa Stát nó ó mhaoin a allmhairíodh, nó ó airgead nó luach ó mhaoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas i leith na seoltán, na maoine, an airgid nó an luacha a tugadh isteach sa Stát sa bhliain mheasúnachta gan aon asbhaint nó laghdú. |
VI.—Ráiteas ar Bhrabúis Aon Oifige Poiblí, nó Fostaíochta Brab búis Poiblí, atá le Muirearú faoi Sceideal E. |
Méid tuarastail, táillí, pá, peircuisí, agus brabús na bliana measúnachta. |
(2) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 20B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1974—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2):
“(a) Déanfar pearsa aonair atá le muireárú i leith cánach do bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha an fho-ailt seo a mhuirearú amhlaidh faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a chinnfear ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach ceann de na trí bliana dar chríoch an dáta sin sa bhliain mheasúnachta ar anuas go dtí é a dhéantar amach cuntais de ghnáth, nó i gcás nár ghnách cuntais a dhéanamh amach, an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Más amhlaidh, do bhliain mheasúnachta, go bhfuil pearsa aonair, de bhua fho-alt (3), inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha fho-alt (2) agus go raibh sé inmhuirearaithe amhlaidh do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988, don bhliain mheasúnachta sin, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:
Ar choinníoll mura mbeidh feidhm, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, ag fo-alt (3) de bhíthin mhír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (3), go measfar teideal a bheith aige roghnú a dhéanamh agus an roghnú sin a bheith déanta aige go cuí, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, de réir an fho-ailt seo.”.
(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis na forálacha a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo maidir leis an mbliain 1990-91 nó le haon bhliain mheasúnachta dá éis.
AN TÁBLA |
(a) Míreanna (a) agus (c) i gCuid I den Tábla a ghabhann le halt 17 den Acht Airgeadais, 1980. (b) Míreanna (a) agus (b) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1981. (4) (a) San fho-alt seo— ciallaíonn “easnamh” easnamh arna ríomh de réir fho-alt (4) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967; ciallaíonn “áitreabh eiscthe” áitreabh seachas áitreabh cáilitheach; ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas a bheadh, murach forálacha na Caibidle seo, cáilithe le haghaidh faoisimh faoi aon cheann de na hailt shonraithe; ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” áitreabh nó foirgneamh a bhfuil feidhm ag aon cheann de na hailt shonraithe ina leith; ciallaíonn “ailt shonraithe”— (i) ailt 23 agus 24 den Acht Airgeadais, 1981, (ii) ailt 21 agus 22 den Acht Airgeadais, 1985, agus (iii) ailt 43 agus 44 den Acht Airgeadais, 1986; ciallaíonn “barrachas” barrachas arna ríomh de réir fho-alt (4) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967. (b) I gcás go ndearna duine, atá faoi réim mhuirear cánach ioncaim, caiteachas cáilitheach a thabhú sa bhliain 1989-90, beidh éifeacht le forálacha alt 89 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar atá feidhm acu don bhliain 1989-90, i ndáil le heasnamh i leith cíosa ó áitreabh cáilitheach ionann is dá mba nár achtaíodh forálacha eile na Caibidle seo agus ionann is dá mba nach raibh aon bharrachas ó áitribh eiscthe sa bhliain 1989-90: Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ná éifeacht le forálacha na míre seo i gcás an duine a bheith inmhuirearaithe faoi Chás V don bhliain 1989-90 ar bhonn na mbrabús nó na ngnóchan a eascraíonn an bhliain sin. |
Liúntais chaipitiúla: forálacha eatramhacha.
21.—(1) San alt seo—
tá le “bonntréimhse don bhliain 1990-91” an bhrí a shanntar dó le halt 16;
ciallaíonn “bonntréimhse don bhliain 1989-90” an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain uaithi a bheidh cáin ioncaim don bhliain 198990 le ríomh go críochnaitheach chun críocha Chás I nó II de Sceideal D de réir na bhforálacha (amhail is dá mba nár achtaíodh an tAcht seo) de Chaibidil II de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tosach díreach tar éis dheireadh na bonntréimhse don bhliain 1989-90 agus dar críoch díreach roimh thosach na bonntréimhse don bhliain 1990-91;
ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú ag duine—
(a) ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha trádála nó gairme,
(b) chun críocha tradála arb éard í feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta, ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún nó oibreacha eile, nó
(c) ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais is foirgneamh nó déanmhas tionscail chun críocha Chaibidil II de Chuid XV (arna leasú le halt 34 den Acht Airgeadais, 1975) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó ar foirgneamh nó déanmhas den sórt sin a bheidh ann.
(2) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, i gcás caiteachas iomchuí lena mbaineann an fo-alt seo a bheith tabhaithe ag duine, ansin, maidir leis an gcaiteachas sin—
(a) ní thabharfar liúntais faoi ailt 251 (arna leasú leis an Acht seo) agus 254 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(b) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhéadú faoi alt 11 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1967, ná faoi alt 26 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1971,
(c) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 22 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1974, a mhéadú faoin gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt sin, agus
(d) ní dhéanfar liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 264 (arna leasú le halt 50 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhéadú faoi alt 25 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1978.
(3) Tá feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas iomchuí arna thabhú ag duine san idirthréimhse.
(4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le duine i gcás ina roghnóidh sé amhlaidh, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire i dteannta an tuairisceáin don bhliain 1990-91 a cheanglaítear faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988.
(5) I gcás ina ndéanfaidh duine roghnú faoi fho-alt (4), beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) maidir le caiteachas iomchuí arna thabhú ag an duine sa bhonntréimhse don bhliain 1990-91.
Liúntais chaipitiúla: forálacha iarmhartacha.
22.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) in alt 262—
(i) trí “nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor” a scriosadh, i mír (b) d'fho-alt (2), agus
(ii) trí “nó an aon-bhunadh sin scor” agus “nó an scoir” a scriosadh, i mír (c) d'fho-alt (2),
agus
(b) in alt 297—
(i) trí “nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor” a scriosadh, i mír (b) d'fho-alt (2), agus
(ii) trí “nó an aon-bhunadh sin scor” agus “nó an scoir” a scriosadh, i mír (c) d'fho-alt (2),
agus tá na míreanna sin (b) agus (c) den fho-alt sin (2) den alt sin 262 agus na míreanna sin (b) agus (c) den fho-alt sin (2) den alt sin 297, arna leasú amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor, go measfar gur chuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus |
(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain an buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh. |
(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus |
(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor agus an bhonntréimhse do bhliain an bhuan-scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh. |
(2) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974, trí “Chun críocha an ailt seo” a chur in ionad “Chun críocha an fho-ailt seo” i bhfo-alt (2A) (c), agus tá an fo-alt sin (2A) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA (c) Chun críocha an ailt seo tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó le halt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967. |
Tuairisceáin chánach.
23.—(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “(dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta” a scriosadh i mír (a),
(ii) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír (b), agus
(iii) trí “don bhliain roimhe sin nó” a scriosadh i mír (c),
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir fhorálacha an Achta seo:
Ar choinníoll más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh faoi threoir na tréimhse nó na dtréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 172 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “(dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta” a scriosadh i mír (a),
(ii) trí “mheasúnachta” a chur in ionad “roimhe sin” i mír (b), agus
(iii) trí “don bhliain roimhe sin nó” a scriosadh i mír (c),
agus
(b) i bhfo-alt (2)—
(i) trí “ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin” a scriosadh, agus
(ii) tríd an gcóinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann leis:
“Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh sé le meas, faoi alt 60 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990), gurb iad brabúis nó gnóchain bliana dar críoch dáta sa bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta sin, go ndéanfar an ríomh faoi threoir na bliana sin dar críoch dáta sa bhliain mheasúnachta sin.”,
agus tá an fo-alt sin (1) den alt sin 70 agus na fo-ailt sin (1) agus (2) (ar leith ón gcoinníoll) d'alt 172, arna leasú amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfidh cigire, trí fhógra a thabharfar dó maidir le haon mheasúnachta, de cheangal air sin a dhéanamh, déanfaidh sé, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire ina dtuairisceoidh sé— |
(a) bunaidh uile ioncaim na comhpháirtíochta don bhliain mheasúnachta ar maidir léi a thabharfar an fógra; |
(b) an méid ioncaim ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo; |
(c) cibé sonraí breise chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta mar a cheanglóidh an fógra nó mar a iarrfaidh an fhoirm fhorordaithe. |
(1) Déanfaidh gach pearsa aonair, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta ag cigire, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra, ina luafar— |
(a) bunaidh uile a chuid ioncaim don bhliain mheasúnachta ar ina leith a tugadh an fógra; |
(b) méid an ioncaim ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta arna ríomh de réir fho-alt (2); |
(c) cibé sonraí eile chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta a cheanglóidh an fógra nó a luafar san fhoirm fhorordaithe. |
(2) Déanfar méid an ioncaim ó aon bhunadh a bheidh le háireamh i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha an Achta seo: |
(3) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1988—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) sa mhíniú ar “dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 9:
“(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana sin, agus”,
agus
(b) trí “arb í an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí í” a chur in ionad “díreach roimh an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí” i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 10,
agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(a) i gcás duine inmhuirearaithe, arb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe ar bliain mheasúnachta í, maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir a cheanglófaí a bheith san áireamh i ráiteas arna sheachadadh de bhun fógra a bheadh tugtha don duine inmhuirearaithe ag an gcigire cuí faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mba é a bhí sa tréimhse a bheadh sonraithe san fhógra sin an bhliain mheasúnachta arb í an tréimhse inmhuirearaithe iomchuí í, agus i gcás gur pearsa aonair é an duine inmhuirearaithe agus gurb inmhuirearaithe cáin ioncaim air do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, na nithe agus na sonraí sin go léir, i dteannta na nithe agus na sonraí sin a dúradh, a cheanglófaí a bheith san áireamh i dtuairisceán don tréimhse arna sheachadadh ar an gcigire cuí de bhun fógra a bheadh tugtha ag an gcigire cuí don duine inmhuirearaithe faoi alt 172 den Acht sin, nó |
(4) (a) Déanfaidh gach duine inmhuirearaithe (mar a mhínítear sin in alt 9 den Acht Airgeadais, 1988), atá faoi réim mhuirear cánach ioncaim, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí (mar a mhínítear sin san alt sin 9) maidir leis na nithe agus na sonraí sin go léir a bheadh san áireamh i dtuairisceán don bhliain mheasúnachta 1990-91 dá mba nár achtaíodh forálacha na Caibidle seo, seachas an fo-alt seo.
(b) Gairfear “Tuairisceán Cánach Ioncaim 1990” den tuairisceán lena mbaineann an fo-alt seo agus is mar sin a shainaithneofar é.
(c) Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le mainneachtain tuairisceán de réir an fho-ailt seo a sheachadadh mar atá feidhm acu maidir le tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh, agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1990, alt 23 (4)” a chur isteach i gcolún 1.
(d) Beidh éifeacht lé halt 48 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1986, ionann is dá bhfolódh an míniú ar “tuairisceán ar ioncam” i bhfo-alt (1) (a) den alt sin an tuairisceán lena mbaineann an fo-alt seo agus ionann is dá bhforálfadh an t-alt sin gurbh é an 31 Eanáir, 1991, an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin.
(5) Beidh feidhm agus éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (3) maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis.
Cáin a íoc.
24.—Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis agus maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) leasaítear leis seo alt 477 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i bhfo-alt (1)—
(i) trí “1ú lá de Shamhain” a chur in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair” sa dá áit a bhfuil sé, agus
(ii) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar” a chur in ionad “an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar”,
(b) scoirfidh alt 550 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus alt 27 (4) den Acht Airgeadais, 1982, d'éifeacht a bheith leo,
(c) leasaítear leis seo alt 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1985) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “de sheacht mí” a chur in ionad “de shé mhí” agus trí “de mhí amháin” a chur in ionad “de dhá mhí” i bhfo-alt (4), agus
(d) leasaítear leis seo alt 18 den Acht Airgeadais, 1988—
(i) trí “1ú lá de Shamhain” a chur in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair” sa dá áit a bhfuil sé, agus trí “7 mí” a chur in ionad “6 mhí” sa dá áit a bhfuil sé, i bhfo-alt (1),
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):
“(b) i gcás go ndéanfar an mheasúnacht ar an dáta sin nó dá éis—
(i) más bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó, más déanaí é, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar an mheasúnacht, agus
(ii) más tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar an mheasúnacht.”,
(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Más rud é go mbeadh cáin a bheidh sonraithe i measúnacht, arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí dlite agus iníochta, murach an fo-alt seo, de réir fho-alt (2) (b) agus—
(a) gur mhainnigh an duine inmhuirearaithe réamhcháin a íoc don tréimhse inmhuirearaithe sin,
(b) gur lú an réamhcháin a d'íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná na méideanna seo a leanas, nó gur lú í ná méid is lú acu, de réir mar a bheidh, eadhon—
(i) 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó
(ii) i gcás duine inmhuirearaithe ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don tréimhse inmhuirearaithe sin ar bliain mheasúnachta í, an cháin ab iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin:
Ar choinníoll, chun críocha na fomhíre seo—
(I) i gcás nár dhuine inmhuirearaithe an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, go measfar gur nialas an cháin ab iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, agus
(II) más rud é, tar éis an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc do thréimhse inmhuirearaithe ar bliain mheasúnachta í, go dtiocfaidh méid cánach breise chun bheith iníoctha don tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, nach gcuirfear an cháin bhreise sin i gcuntas más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur tháinig sé chun bheith dlite agus iníoctha mí amháin tar éis an mheasúnacht a leasú nó an t-achomharc a chinneadh, de réir mar a bheidh, de bhua na gcoinníollacha (arna leasú le halt 24 den Acht Airgeadais, 1990) a ghabhann le fo-alt (4) nó (5),
nó
(c) nach ndearnadh an réamhcháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe a íoc faoin dáta ar a raibh sí dlite agus iníoctha,
measfar go raibh an cháin a bheidh sonraithe sa mheasúnacht dlite agus iníoctha ar an dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc don tréimhse inmhuirearaithe.”,
(iv) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta an leasaithe” a chur in ionad “ar an lá díreach i ndiaidh dháta an leasaithe” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4), agus
(v) trí “tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta cinnte an achomhairc” a chur in ionad “ar dháta cinnte an achomhairc” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (5),
agus tá an fo-alt sin (1) den alt sin 477, an fo-alt sin (4) den alt sin 6, an fo-alt sin (1) agus na coinníollacha a ghabhann le fo-ailt (4) agus (5) den alt sin 18, arna leású amhlaidh, leagtha amach, faoi seach, sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an lú lá de Shamhain an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cáin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta a dhéanfar an lú lá nó tar éis an lú lá de Shamhain an bhliain sin, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéanfar an mheasúnacht. |
(4) Déanfar cáin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a íoc laistigh de sheacht mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de mhí amháin ó thráth na measúnachta a dhéanamh. |
(1) Beidh réamhcháin is cuí do thréimhse inmhuirearaithe iomchuí, dlite agus iníoctha— |
(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, ar an lú lá de Shamhain nó roimhe sa bhliain mheasúnachta sin, nó |
(b) i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe, laistigh den tréimhse 7 mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, |
agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo don dáta dlite maidir le méid réamhchánach a íoc, a fhorléiriú mar thagairtí don lú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta iomchuí nó don lá deiridh den tréimhse 7 mí sin, de réir mar a bheidh. |
Ar choinníoll— |
(a) más rud é go ndearnadh an mheasúnacht tar éis don duine inmhuirearaithe tuairisceán a sheachadadh ina raibh nochtadh iomlán cruinn ar na fíorais ábhartha go léir ba ghá chun an mheasúnacht a dhéanamh, nó |
(b) más rud é gur leasaíodh an mheasúnacht roimhe sin tar éis an tuairisceán ina raibh an nochtadh sin a bheith seachadta, |
go measfar go raibh an cháin bhreise a bheidh dlite amhlaidh dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta an leasaithe. |
Ar choinníoll— |
(a) i gcás nach lú an cháin a bhí íoctha amhlaidh ag an duine inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin a fhionnfar a bheith iníoctha an tráth a chinnfear an t-achomharc, agus |
(b) i gcás go raibh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht dlite agus iníoctha de réir fhorálacha fho-alt (2), |
go measfar an bhreis sin a bheith dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta cinnte an achomhairc. |
Formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach.
25.—(1) Leasaítear leis seo alt 48 den Acht Airgeadais, 1986—
(a) i mír (a) d'fho-alt (1)—
(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:
“ciallaíonn ‘duine inmhuirearaithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta nó le tréimhse chuntasaíochta—
(i) duine is duine inmhuirearaithe chun críocha Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1988, nó
(ii) duine ar arb inmhuirearaithe cáin ghnóchan caipitiúil;”,
agus
(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II) de mhír (i) sa mhíniú ar “dáta sonraithe”:
“(II) maidir le haon bhliain de na blianta 1987-88, 1988-89 nó 1989-90, an 31ú lá de Nollaig sa bhliain mheasúnachta sin,
(IIa) maidir leis an mbliain 1990-91 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana measúnachta,”,
agus
(b) i mír (b) d'fho-alt (1), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iii), (iv) agus (v):
“(iii) i gcás ina seachadfaidh duine tuairisceán ar ioncam, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, ach go ndéanfaidh an cigire, mar gheall ar é bheith mí-shásta le haon ráiteas ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig an duine ó aon trádáil nó gairm agus atá sa tuairisceán ar ioncam, a cheangal ar an duine, le fógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine sin faoi alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, aon rud a dhéanamh, measfar nár sheachaid an duine an tuairisceán ar ioncam ar an dáta sonraithe nó roimhe mura ndéanfaidh sé an rud sin laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, agus
(iv) déanfar tagairtí do cibé cinn de na hailt shonraithe a chuirtear chun feidhme, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil le mír 3 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do na hailt sin arna gcur chun feidhme amhlaidh.”
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (seachas an coinníoll a ghabhann leis):
“(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta nó le tréimhse chuntasaíochta, go mainneoidh duine inmhuirearaithe tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, déanfar aon mhéid cánach don bhliain mheasúnachta sin nó tréimhse chuntasaíochta sin a bheidh nó a bheadh, ar leith ón alt seo, ar áireamh i measúnacht i leith cánach a bheidh déanta nó le déanamh ar an duine inmhuirearaithe a mhéadú méid (dá ngairtear an ‘formhuirear’ feasta san fho-alt seo) is ionann agus 10 faoin gcéad den mhéid sin cánach agus, murab é atá sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh, ansin beidh feidhm ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach agus de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (ar leith ón alt seo) lena n-áirítear, go háirithe, iad siúd a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha ionann is dá mba é a bhí sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh:”.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain 1991-92 agus le haon bhliain mheasúnachta dá éis agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.
(3) I ndáil leis an mbliain 1990-91 agus leis an mbliain sin amháin, beidh éifeacht le fo-alt (2) (arna leasú leis an alt seo) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1986, ionann is dá mba é a bhí sa tagairt don duine inmhuirearaithe a mhainneoidh tuairisceán ar ioncam a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, tagairt do dhuine inmhuirearaithe a mhainneoidh—
(a) Tuairisceán Cánach Ioncaim 1990 dá dtagraítear i bhfo-alt (4) d'alt 23 a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin, nó
(b) an tuairisceán ar ioncam don bhliain 1990-91 a sheachadadh roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin.
Íocaíochtaí i leith seirbhísí gairmiúla.
26.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis agus maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987—
(a) in alt 13, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2)—
“(b) i ndáil le duine sonraithe, ciallaíonn cáin chuí is inchurtha i leith—
(i) tréimhse cuntasaíochta,
(ii) bonntréimhse do bhliain mheasúnachta, nó
(iii) tréimhse creidmheasa de réir bhrí alt 18 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) do bhliain mheasúnachta,
an cháin chuí arna hasbhaint ó íocaíocht iomchuí a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh don tréimhse sin agus, i gcás níos mó ná íocaíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann sa tréimhse sin, ciallaíonn sé méid comhiomlán na cánach cuí a asbhaintear ó na híocaíochtaí sin.”,
agus
(b) in alt 18—
(i) trí “na tréimhse creidmheasa” a chur in ionad “na bonntréimhse” mar a bhfuil sé i bhfo-ailt (2) agus (4), agus
(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—
“(5) San alt seo—
ciallaíonn ‘tréimhse chreidmheasa do bhliain mheasúnachta’, i ndáil le duine sonraithe—
(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta 199091, an bhonntréimhse arb é a bheadh inti thairis sin, mura mbeadh forálacha ailt 14 agus 15 den Acht Airgeadais, 1990, an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta sin,
(b) maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin, an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, nó
(c) d'ainneoin mhír (a) nó (b), maidir le bliain mheasúnachta ar tréimhse scoir í, an bhliain mheasúnachta:
Ar choinníoll, i gcás go mbeidh eatramh idir deireadh na tréimhse creidmheasa don bhliain mheasúnachta amháin agus an tréimhse chreidmheasa don chéad bhliain mheasúnachta eile, go measfar gur cuid den dara tréimhse chreidmheasa an t-eatramh;
ciallaíonn ‘tréimhse scoir’ an bhliain mheasúnachta ina mbuanscoirfidh foinse ioncaim, brabús nó gnóchan (nó ina measfar í a bheith buanscortha de bhua alt 59 nó 71 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) agus a mbeidh, i ndáil léi, íocaíocht iomchuí le cur i gcuntas le linn ioncam, brabúis nó gnóchain na foinse sin a bheith á ríomh don bhliain mheasúnachta sin.”,
agus tá na fo-ailt sin (2) agus (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta, go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach ioncaim agus gur iompair sé cáin chuí is inchurtha i leith na tréimhse creidmheasa don bhliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha alt 21, a éileamh go ndéanfaí méid na cánach cuí a shonraítear i bhfo-alt (4) a fhritháireamh in aghaidh na cánach ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin agus, i gcás ar mó an cháin chuí sin ná an cháin ioncaim sin, go ndéanfaí an bhreis a aisíoc leis. |
(4) Is é méid na cánach cuí a bheidh le fritháireamh in aghaidh cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta nó in aghaidh cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta de réir fho-alt (1) nó (2) méid iomlán na cánach cuí is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta nó na tréimhse creidmheasa don bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh, agus atá ar áireamh sna foirmeacha a chuirtear ar fáil de réir fho-alt (3), agus nach mbeidh aisíoctha faoi aon fhoráil de chuid na Caibidle seo. |
(2) I gcás go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta 1990-91, beidh feidhm ag alt 19 den Acht Airgeadais, 1987, maidir leis an tréimhse chéadluaite (arb í an tréimhse chéadluaite í de réir na brí a shanntar di le fo-alt (1) den alt sin) arb í an bhonntréimhse í don bhliain mheasúnachta 1990-91 ionann is dá mba é a bhí sa tagairt, i bhfo-alt (2) den alt sin 19, don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta díreach roimh an tréimhse chéadluaite tagairt don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta 1989-90.
(3) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le duine sonraithe i gcás gur tréimhse scoir (de réir na brí a shanntar di le halt 18 (5), arna chur isteach leis an Acht seo, den Acht Airgeadais, 1987) i ndáil leis an duine sin an bhliain 199091.
(b) Forléireofar an fo-alt seo i dteannta Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987 (arna leasú leis an Acht seo).
Ilghnéitheach (Caibidil II).
27.—(1) Maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974) seachas an coinníoll a ghabhann leis:
“(11) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta, go n-íocfar préimh cháilitheach tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin ach sin ar nó roimh an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana measúnachta, féadfar, má roghnaíonn an phearsa aonair amhlaidh ar nó roimh an 31ú lá sin d'Eanáir, an phréimh a áireamh chun críocha an ailt seo mar phréimh a íocadh sa bhliain is luaithe (agus ní sa bhliain ina n-íocfar í):”
(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis na forálacha seo a leanas maidir leis an mbliain 1990-91 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis, is é sin le rá—
(a) fo-alt (1AA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) d'alt 307, agus alt 546, den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
Caibidil III
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Leasú ar alt 421 (nós imeachta ar achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
28.—Leasaítear leis seo alt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Ar aon achomharc ceadóidh na Coimisinéirí Achomhairc d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an achomharcóra nó na n-oifigeach, viva voce nó i scríbhinn, agus tabharfaidh siad éisteacht d'aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí, nó aon duine lenar glacadh mar chomhalta den chomhlacht a corpraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, ar an 31ú lá de Nollaig, 1975, mar ‘An Insititiúid Cánachais in Éirinn’:
Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléadáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”.
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le brabúis, caillteanais agus gnóchain chaipitiúla a eascraíonn as gníomhaíochtaí grúpála (GELE).
29.—(1) San alt seo ciallaíonn “grúpáil” Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch arna foirmiú ar na téarmaí, ar an modh agus leis na héifeachtaí atá leagtha síos—
(a) i Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 ón gComhairle dar dáta 25 Iúil 1985* maidir leis an nGrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE), agus
(b) i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Grúpálacha Eorpacha um Leas Eacnamaíoch), 1989 (I.R. Uimh. 191 de 1989),
agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do bhaill ghrúpála.
(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach nó sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil—
(a) ní mhuirearófar cáin ioncaim, cáin chorparáide ná cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar a bheidh, ar ghrúpáil maidir le brabúis nó gnóchain nó gnóchain inmhuirearaithe a eascróidh chuici, ná
(b) ní bheidh grúpáil i dteideal faoisimh i leith caillteanais a fhulaingeoidh sí,
agus aon mheasúnacht a cheanglaítear a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain nó gnóchain inmhuirearaithe den sórt sin, agus aon fhaoiseamh i leith caillteanais, déanfar ar bhaill ghrúpála í agus, de réir mar is cuí, lamhálfar dóibh é, de réir fhorálacha an ailt seo.
(3) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta”—
“ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe ach ní fholaíonn sé grúpáil de réir bhrí alt 29 den Acht Airgeadais, 1990;”.
(4) Leasaítear leis seo alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (i) den mhíniú ar “cuideachta”—
“(iA) grúpáil de réir bhrí alt 29 den Acht Airgeadais, 1990,”.
(5) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá—
(a) ag forálacha Chaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, seachas alt 72 (8) den Acht sin, agus
(b) ag forálacha alt 4 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus ag forálacha mhír 3 (5) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht sin,
maidir le gníomhaíochtaí grúpála ar an modh céanna a bhfuil feidhm acu maidir le trádáil nó gairm arna seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht.
(6) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (5), beidh éifeacht leis na forálacha a luaitear san alt sin, ina bhfeidhmiú chun críocha an ailt seo—
(a) ionann is dá mba thagairtí don chonradh ag foirmiú grúpála, nó ag foráil dá foirmiú, tagairtí do chomhaontú comhpháirtíochta,
(b) ionann is dá mba thagairtí do bhall de chuid grúpála tagairtí do chomhpháirtí, agus
(c) ionann is dá ndéanfadh an ghrúpáil aon ní, nó ionann is dá gceanglófaí uirthi aon ní a dhéanamh, a dhéanfaidh an comhpháirtí gníomhach tosaíochta nó a cheanglófar air a dhéanamh.
(7) Measfar gur tháinig an t-alt seo in éifeacht an 1ú lá d'Iúil, 1989.
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach: teorainneacha ama áirithe a fhadú.
30.—(1) Chun críocha an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i ngach foráil de chuid an Achta Airgeadais, 1986, a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, beidh éifeacht leis an tagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991 (dá bhforáiltear le halt 26 den Acht Airgeadais, 1988) ionann is dá mba thagairt í don 31ú lá de Bhealtaine, 1993.
AN TÁBLA |
Fo-alt (1) d'alt 42 (liúntas i ndáil le háitribh thráchtála áirithe a fhoirgniú). Fo-alt (1) (a) d'alt 44 (liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe). Fo-alt (1) (a) d'alt 45 (liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh). |
(2) Chun críocha an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” in alt 4 den Acht Airgeadais, 1989, beidh éifeacht leis an tagairt don 31ú lá de Bhealtaine, 1991, ionann is dá mba thagairt í don 31ú lá de Bhealtaine, 1993.
Leasú ar alt 27 (limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach) den Acht Airgeadais, 1987.
31.—Leasaítear leis seo alt 27 den Acht Airgeadais, 1987, trí “31ú lá de Bhealtaine, 1993,” a chur in ionad “31ú lá de Bhealtaine, 1991,” i bhfo-alt (1) (a) (ii).
Leasú ar alt 45 (liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh) den Acht Airgeadais, 1986.
32.—Leasaítear leis seo alt 45 (arna leasú le halt 30) den Acht Airgeadais, 1986, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2):
“Ar choinníoll—
(a) nach mó ná méid an chíosa comhiomlán an mhéid a laghdófar dliteanas cánach pearsan aonair de bharr liúntais faoin alt seo agus an mhéid a laghdófar a dhliteanas cánach de bharr na hasbhainte cíosa ba bhun leis an liúntas agus déanfar na coigeartuithe sin go léir ar mhéid an fhaoisimh is gá chun éifeacht a thabhairt don choinníoll seo, agus
(b) más rud é, maidir le duine ag a bhfuil leas in áitreabh cáilitheach ar leas é as a mbunaítear (go díreach nó go neamhdhíreach) léas cáilitheach i leith an áitribh cháilithigh sin agus go ndéanfar éileamh le haghaidh asbhainte eile faoin alt seo maidir leis an léas cáilitheach—
(i) go dtógfaidh sé, faoi léas cáilitheach, áitreabh cáilitheach (dá ngairtear ‘an dara háitreabh a luaitear’ feasta sa choinníoll seo) atá ar áitiú aige chun críocha a thrádála nó a ghairme, agus
(ii) go mbeidh sé, ar leith ón alt seo, i dteideal, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh, asbhaint a fháil ar cuntas cíosa maidir leis an dara háitreabh a luaitear,
ansin, mura suífidh an duine nach chun asbhaint eile ar cuntas cíosa a fháil dó féin faoi fhorálacha an ailt seo agus chuige sin amháin nó nach chuige sin go príomha, a thóg sé an dara háitreabh a luaitear ar léas, ní bheidh sé, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan óna thrádáil nó óna ghairm a bheith á ríomh, i dteideal aon asbhaint eile ar cuntas cíosa a fháil maidir leis an dara háitreabh a luaitear.”
Léasanna airgeadais.
33.—(1) Ní léas cáilitheach chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1986, léas airgeadais, is é sin le rá—
(a) léas i leith áitribh cháilithigh i gcás gurb ionann, tráth tionscanta an léasa, comhiomlán luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, is iníoctha ag an léasaí i ndáil leis an léas, agus méid ar comhionann le 90 faoin gcéad nó níos mó de luach cóir an áitribh cháilithigh, nó
(b) léas a meastar faoi, sna himthosca go léir, go dtugann sé go substaintiúil don léasaí na fiontair agus na tairbhí a bhaineann le húinéireacht an áitribh cháilithigh seachas teideal dlí chuig an áitreabh sin.
(2) (a) San alt seo—
ciallaíonn “luach reatha”, i ndáil le híocaíochtaí léasa íosta, luach na n-íocaíochtaí sin arna lascainiú go dtí a luach láithreach de réir ráta a thabharfaidh, nuair a chuirtear i bhfeidhm é tráth tionscanta an léasa—
(i) ar na híocaíochtaí sin, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, agus
(ii) ar aon iarmharluach neamhráthaithe den áitreabh cáilitheach, gan aon chuid den luach sin a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti,
luachanna láithreacha lascainithe arb ionann a méid comhiomlán agus méid luach cóir an áitribh cháilithigh;
ciallaíonn “luach cóir”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, méid is ionann agus cibé comaoin a bhféadfaí bheith ag súil go n-íocfaí i leith an áitribh í ar dhíol a bheadh caibidlithe ar bhonn neamhthuilleamaíoch lúide aon deontais is infhaighte faoi chomhair an t-áitreabh cáilitheach a cheannach;
ciallaíonn “tráth tionscanta an léasa” an tráth a thosófar ag baint úsáide as an áitreabh cáilitheach nó an dáta a fhabhróidh cíosanna faoin léas den chéad uair, cibé tráth acu is luaithe;
ciallaíonn “íocaíochtaí léasa íosta” na híocaíochtaí íosta thar a mbeidh fágtha de théarma an léasa a bheidh le híoc leis an léasóir agus folaíonn sé aon iarmharmhéid a bheidh le híoc leis an léasóir ag deireadh théarma an léasa agus a bheidh ráthaithe ag an léasaí nó ag duine a bhfuil baint aige leis an léasaí;
tá le “áitreabh cáilitheach” an bhrí a shanntar dó le halt 45 den Acht Airgeadais, 1986;
ciallaíonn “iarmharluach neamhráthaithe”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an chuid sin d'iarmharluach an áitribh sin ag deireadh téarma léasa, arna mheas tráth tionscanta an léasa, nach mbeidh a réadú ag an léasóir forcinntithe, nó nach mbeidh an réadú sin ráthaithe ach amháin ag duine a bhfuil baint aige leis an léasóir.
(b) Chun críocha an ailt seo measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí amhlaidh faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.
Srian le faoisimh áirithe.
34.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Cánach Corparáide, 1976;
tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha Acht 1976.
(b) Chun críocha an ailt seo—
(i) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157 d'Acht 1976, agus
(ii) folóidh méid a bheidh sonraithe nó intuigthe méid a bheidh sonraithe nó intuigthe in airgead reatha coigríche.
(2) (a) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le scaireanna i gcuideachta i gcás aon chomhaontú, comhshocraíocht nó comhthuiscint a bheith ann a bhféadfaí a mheas le réasún go gcuireann sé deireadh leis an bpriacal go dtarlódh, maidir leis an duine arb é úinéir tairbhiúil na scaireanna sin é—
(i) nach mbeadh sé in ann, tráth éigin a bheidh sonraithe sa chomhaontú, sa chomhshocraíocht nó sa chomhthuiscint sin, nó is intuigthe ón gcéanna, nó tráth dá éis sin, réadú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, in airgead nó i luach airgid, ar mhéid a bheidh sonraithe nó intuigthe amhlaidh, seachas dáileadh, i leith na scaireanna sin, nó
(ii) nach bhfaigheadh sé méid a bheidh sonraithe nó intuigthe amhlaidh de dháiltí i leith na scaireanna sin.
(b) An tagairt san fho-alt seo don duine arb é úinéir tairbhiúil scaireanna é measfar gur tagairt í don duine sin agus d'aon duine a bhfuil baint aige leis an duine sin.
(3) I gcás ina bhfaighidh aon duine dáileadh an 21ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, i leith scaireanna lena mbaineann an t-alt seo agus go mbeadh, ar leith ó fheidhmiú fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis an dáileadh, feidhm ag alt 64, 76 (2) (a), 93 (3) (a) nó 170 (3) (a) d'Acht 1976 maidir leis an dáileadh, ansin, d'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach, ar leith ó fho-alt (5), agus chun críocha uile na nAchtanna sin—
(a) ní bheidh feidhm ag aon cheann de na hailt sin de chuid Acht 1976 maidir leis an dáileadh,
(b) ní bheidh an duine sin i dteideal creidmheas cánach a fháil i ndáil leis an dáileadh, agus
(c) déileálfar leis an dáileadh mar ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chás IV de Sceideal D.
(4) D'ainneoin aon fhorála de chuid Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984, ní lamhálfar faoiseamh ó cháin ioncaim faoin gCaibidil sin i leith an méid a shuibscríobhfar le haghaidh aon scaireanna lena mbaineann an t-alt seo a eiseofar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.
(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) maidir le dáileadh arna fáil—
(a) ag cuideachta—
(i) nach mbeidh aon scaireanna dá cuid ar úinéireacht thairbhiúil ag duine a chónaíonn sa Stát, agus
(ii) nach mbeadh, dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, cáin chorparáide inmhuirearaithe uirthi i leith aon bhrabús, seachas dáiltí, ab inmhuirearaithe amhlaidh de bhua an ailt seo, nó
(b) ag duine nach gcónaíonn sa Stát.
(6) D'ainneoin fho-alt (5), déanfar dliteanas aon duine a chónaíonn sa Stát, seachas cuideachta lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin, i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, a chinneadh ionann is dá mba nár achtaíodh an fo-alt sin.
Ní gnóthais chomhinfheistíochta iontaobhais aonad áirithe.
35.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon scéim iontaobhais aonad, de réir na brí a shanntar dó le halt 1 (1) den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, i gcás go bhfuil, nó go raibh tráth ar bith, maidir le haonad ar bith nó leis na haonaid go léir a eisíodh tar éis an 14ú lá de Mheitheamh, 1973, ceanglas ann nach foláir, le bheith páirteach sa scéim iontaobhais aonad sin, polasaí árachais ar shaol duine a bhaint amach (ach gan na haonaid sin do theacht chun bheith ina maoin de chuid úinéir an pholasaí cibé mar shochair nó ar shlí eile).
(2) D'ainneoin alt 18 den Acht Airgeadais, 1989, measfar nach gnóthas comhinfheistíochta, chun críocha an ailt sin agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht sin, scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an t-alt seo.
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990.
Creidmheasanna cánach i leith dáiltí.
36.—(1) Beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976, a shonraítear i mír 1 den Chéad Sceideal i ndáil le dáiltí a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1991-92 agus do bhlianta measúnachta dá éis.
(2) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Caibidil IV
Cáin Chorparáide
Ráta cánach corparáide.
37.—(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 1 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis, muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta—
(a) 43 faoin gcéad—
(i) do gach bliain airgeadais go dtí an bhliain 1990, agus an bhliain sin san áireamh, agus
(ii) don chuid sin den bhliain airgeadais 1991 dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991,
agus
(b) 40 faoin gcéad—
(i) don chuid sin den bhliain airgeadais 1991 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1991, agus
(ii) do gach bliain airgeadais dá éis sin.”.
(2) Beidh éifeacht leis an Dara Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
Leasú ar alt 25 (dáiltí a chur síos do thréimhsí cuntasaíochta) den Acht Airgeadais, 1989.
38.—Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1989, trí “an 6ú lá d'Aibreán, 1991,” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1990,” i bhfo-alt (3) (a).
Caiteachas taiscéalaíochta.
39.—Maidir le caiteachas a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974—
(a) tríd an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 2 a scriosadh,
(b) trí “ach gur i dtréimhse deich mbliana roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a tabhaíodh é” a scriosadh i bhfo-alt (2) d'alt 3,
(c) trí “, nó de bhua alt 2 arna chur chun feidhme le halt 7A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 2 nó alt 3” i bhfo-alt (1) d'alt 4, agus
(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:
“7A.—(1) Chun críocha an ailt seo—
ciallaíonn ‘cuideachta thaiscéalaíochta’ cuideachta arb é atá go príomha ina gnó, de thuras na huaire, taiscéaladh mianraí sceidealta;
ciallaíonn ‘taiscéaladh mianraí sceidealta’ cuardach a dhéanamh sa Stát ar lorg foslach mianraí sceidealta nó tástáil a dhéanamh ar na foslaigh sin nó bealach a dhéanamh chucu, agus folaíonn sé cuardach córasach ar lorg limistéir ina bhfuil mianraí sceidealta agus cuardach trí tholladh nó ar shlí eile ar lorg mianraí sceidealta sna limistéir sin, ach ní fholaíonn sé oibríochtaí ar oibríochtaí iad a dhéantar le linn mianach cáilitheach a bheith á fhorbairt nó á oibriú.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) go (5), fad is—
(a) gur cuideachta thaiscéalaíochta cuideachta,
(b) nach seolann sí trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh, agus
(c) go dtabhóidh sí caiteachas caipitiúil (lena n-áirítear caiteachas den sórt sin a thabhófar ag soláthar gléasra agus innealra) chun críocha taiscéaladh mianraí sceidealta,
measfar, chun críocha ailt 2, 3 (4), 6 agus 7 agus na bhforálacha eile de na hAchtanna Cánach, seachas forálacha eile an Achta seo—
(i) go bhfuil sí ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh,
(ii) go dtagann sí laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin nuair a thabhaíonn sí an caiteachas caipitiúil sin den chéad uair, agus
(iii) gur chun críocha na trádála sin a thabhaíonn sí an caiteachas sin a thabhaítear ag soláthar gléasra agus innealra,
ionas go dtabharfar éifeacht do na liúntais nó na muirir go léir a bheidh le tabhairt nó le gearradh do thréimhse chuntasaíochta de bhua an fho-ailt seo agus alt 2, 6 nó 7 trí mhéid aon liúntais a áireamh mar chaiteachas trádála de chuid na trádála sin sa tréimhse agus tríd an méid ar a ngearrfar aon mhuirear den sórt sin a áireamh mar fháltas trádála de chuid na trádála sin sa tréimhse.
(3) Más rud é, de bhua fho-alt (2), go mbeidh cuideachta le háireamh mar chuideachta dár bhain caillteanas i dtrádáil i dtréimhse chuntasaíochta—
(a) beidh an chuideachta i dteideal faoiseamh a fháil i leith an chaillteanais faoi fho-ailt (1) go (3) d'alt 16, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 agus alt 25 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá gcuirfí ‘brabúis (cibé cineál iad)’ in ionad ‘ioncam trádála ón trádáil’ nó ‘ioncam trádála’, cibé áit a bhfuil sé in ailt 16 agus 18, agus
(b) faoi réir fho-alt (4) (b) (ii), ní bheidh an chuideachta, thairis sin, i dteideal faoiseamh a fháil i leith an chaillteanais ná i dteideal faoiseamh a ghéilleadh faoi fho-alt (1) d'alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith an chaillteanais.
(4) (a) Aon sócmhainn in ionannas do chaiteachas taiscéalaíochta a mbeidh liúntas nó asbhaint tugtha do chuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) agus alt 2, áireofar í, chun críocha alt 245 (11) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar shócmhainn in ionannas do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil leis an mianach a mheastar a bheith á oibriú ag an gcuideachta de bhua fho-alt (2) agus ní scoirfear den chuideachta a mheas mar chuideachta atá ag seoladh trádála ag oibriú an mhianaigh sin, sa chaoi go mbeidh sí laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin, sula ndíolfar an tsócmhainn sin, i gcás go ndíolfar í.
(b) I gcás go dtosóidh cuideachta tráth ar bith (dá ngairtear an tráth iomchuí sa mhír seo) de bheith ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh agus go scoirfear dá réir sin den chuideachta a mheas mar chuideachta atá ag seoladh trádála den sórt sin, áireofar í mar chuideachta a bhfuil an trádáil chéanna á seoladh aici roimh an tráth sin agus dá éis—
(i) chun críocha aon liúntais, muirir nó fáltais trádála a mheastar a eascraíonn faoi threoir aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh roimh an tráth iomchuí, agus
(ii) chun críocha faoisimh, seachas de bhua fho-alt (3), faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith aon chaillteanas a d'eascair roimh an tráth iomchuí, sa mhéid nár tugadh faoiseamh cheana féin i leith na gcaillteanas sin de bhua an ailt seo:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás go raibh nó go mbeidh athrú ar úinéireacht na cuideachta laistigh de thréimhse—
(I) dhá mhí dhéag dar críoch an tráth iomchuí, nó
(II) ceithre mhí is fiche dar tosach an tráth iomchuí.
(c) Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, seachas míreanna 8 agus 10 de Chuid I den Sceideal sin, chun an fo-alt seo a fhorlíonadh ionann is dá mba thagairtí don fho-alt seo na tagairtí ann d'alt 39 den Acht sin.
(5) (a) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, má tugadh liúntas nó asbhaint de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais, ansin ní thabharfar aon liúntas ná asbhaint eile de bhua aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear an t-alt seo, i leith an chaiteachais sin.
(b) Beidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1986, maidir le cuideachta fad a mheastar, de bhua fho-alt (2), í a bheith ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, ionann is dá scriosfaí as an mír sin na focail ‘ar duine é nach cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an íocaíocht’.”,
agus tá an fo-alt sin (2) d'alt 3 agus fo-alt (1) d'alt 4 (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(2) I gcás duine a thosaigh ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do thabhú caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin, ansin, le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin, tabharfar liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin. |
(1) I gcás comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chuideachta thaiscealaíochta anseo feasta san alt seo) do thabhú caiteachais taiscealaíochta ar féidir liúntas a éileamh ina leith de bhua alt 2 nó alt 3, nó de bhua alt 2 arna chur chun feidhme le halt 7A, agus— |
(a) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta comhlacht corpraithe eile, nó |
(b) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile an chuideachta thaiscealaíochta, |
ansin, an caiteachas nó an oiread sin de a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta— |
(i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gur cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin, comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é, |
(ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gurb é an comhlacht corpraithe (dá ngairtear an máthairchomhlacht anseo feasta) a raibh an chuideachta thaiscealaíochta, tráth an chaiteachais a thabhú, ina fochomhlacht ar lánúinéireacht dó nó cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht don mháthairchomhlacht) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é, |
agus i gcás ar ar dháta roimh dháta an chomhlachta chorpraithe a bheidh sonraithe amhlaidh a chorprú a tabhaíodh an caiteachas sin, beidh feidhm, i ndáil le haon liúntas a thabhairt i leith an chaiteachais sin, ag forálacha an Achta seo ionann is dá mbeadh an comhlacht corpraithe sin ann tráth an chaiteachais a thabhú agus gur thabhaigh sé an caiteachas an tráth sin: |
Leasú ar alt 38 (mínithe) den Acht Airgeadais, 1980.
40.—Leasaítear leis seo alt 38 (arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989) den Acht Airgeadais, 1980, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí”:
“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse seo a leanas di—
(a) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984, ón 13ú lá d'Aibreán, 1984,
(b) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 41 den Acht Airgeadais, 1990, ón 1ú lá d'Eanáir, 1988,
(c) i gcás feidhm a bheith ag alt 39 (1CC) mar a cuireadh isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989, ón 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó
(d) in aon chás eile, ón 1ú lá d'Eanáir, 1981,
go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;”.
Leasú ar alt 39 (an bhrí atá le “earraí”) den Acht Airgeadais, 1980.
41.—(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3), (4) agus (5), leasaítear leis seo alt 39 den Acht Airgeadais, 1980—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1CC) d'alt 39:
“(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘serbhísí ríomhaire’ aon seirbhís amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(i) seirbhísí sonra-phróiseála,
(ii) seirbhísí forbartha bog-earraí, agus
(iii) seirbhísí teicniúla nó sainchomhairle a bhaineann le fomhír (i) nó (ii), nó leo araon,
ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse—
(I) ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986, nó
(II) ar chuir Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta deontas faoi alt 3, nó cúnamh airgid faoi alt 4, den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1970, ar fáil ina leith, nó
(III) ar chuir Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid ar fáil ina leith faoi alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.”,
(b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1CC3):
“(1CC4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil nach oibríocht thrádála iomchuí, de réir bhrí fho-alt (5) (a) d'alt 39A (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980, arb éard í nó ar a n-áirítear aerárthaí, innill aerárthaí nó comhpháirteanna aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil:
(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát deisiú nó cothabháil den sórt sin a dhéantar laistigh den Stát,
(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as deisiú nó as cothabháil den sórt sin a dhéanamh amhlaidh, agus
(c) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).
(1CC5) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘scannán’ scannán a tháirgtear—
(i) ar bhonn tráchtála le hionchas brabús a réadú,
(ii) go hiomlán nó go príomha lena thaispeáint don phobal i bpictiúrlanna nó trí chraoladh teilifíse nó mar scannán oiliúna nó faisnéise,
agus ar sa Stát a dhéantar 75 faoin gcéad ar a laghad den obair á tháirgeadh.
(b) Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear scannán a tháirgeadh:
(i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát táirgeadh an scannáin ag an gcuideachta a bheidh ag éileamh an fhaoisimh sin,
(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte i ndáil leis an táirgeadh sin, agus
(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).
(1CC6) Folóidh an míniú ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1)—
(a) feoil arna próiseáil sa Stát i mbunaíocht a bheidh ceadaithe agus iniúchta de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr), 1987 (I.R. Uimh. 284 de 1987), agus
(b) faoi réir fho-ailt (4) agus (5) (a) (iii), éisc a bheidh curtha faoi phróiseas monarúcháin sa Stát,
i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta í a bheidh ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí sa Chaibidil seo do ‘monaraithe’ agus d'fhocail ghaolmhara.
(1CC7) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear trealamh ríomhaireachta nó fo-dhíolamaí a athmhonarú agus a dheisiú i gcás go mba í an chuideachta sin nó cuideachta bhainteach (de réir bhrí alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976) a mhonaraigh an trealamh nó na fo-dhíolamaí sin i dtosach:
(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát athmhonarú nó deisiú den sórt sin a dhéantar laistigh den Stát,
(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as athmhonarú nó deisiú den sórt sin a dhéantar amhlaidh, agus
(c) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”,
agus
(c) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (1A), (1B), (1C), (1CC), (1CC1), (1CC2), (1CC3), (1CC4), (1CC5), (1CC6) agus (1CC7), ní mheasfar, chun críocha an mhínithe ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1), gur earraí monaraithe earraí más earraí iad a thig ó phróiseas—
(a) arb é atá ann go príomha aon cheann díobh seo a leanas:
(i) táirge, toradh nó ábhar a fhaightear ar an mórchóir a roinnt (lena n-áirítear a ghearradh), a íonú, a thriomú, a mheascadh, a shórtáil, a phacáistiú, a bhrandáil nó a thástáil, nó aon phróiseas eile dá samhail a fheidhmiú orthu, chun an táirge, an toradh nó an t-ábhar sin a ullmhú lena dhíol nó lena dháileadh, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó
(ii) modhanna caomhnaithe, paistéaraithe nó aibithe nó aon chóiriú eile dá samhail a fheidhmiú ar aon earraí bia, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó
(iii) cócaireacht, bácáil nó ullmhú eile thairis sin a dhéanamh ar bhia nó ar dheoch le caitheamh ag an duine a bhfuil sé ceaptha dó go gcaithfí é, an tráth nó thart faoin tráth a ullmhaítear é, cibé acu san fhoirgneamh nó sa déanmhas ina n-ullmhaítear é, nó nach ea, nó san fhoirgneamh ar a seachadtar é tar éis a ullmhaithe, nó nach ea, nó
(iv) aon airteagail nó ábhair a fheabhsú nó a athrú gan aon athrú a dhéanamh ar a sainghné, nó
(v) aon airteagail nó ábhair a dheisiú, a athfheistiú, a athchóiriú, a aisiriú nó a phróiseáil ar shlí eile dá samhail, nó aon phróisis díobh sin i dteannta a chéile, nó
(b) nach í an chuideachta a bheidh ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo a sheolann é, ach sin faoi réir an choinníll a ghabhann le fo-alt (1).”.
(2) Más rud é, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, go ndéantar scaireanna cáilithe (is scaireanna cáilithe de réir bhrí alt 12 den Acht Airgeadais, 1984) i gcuideachta (is cuideachta a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina cuideachta cháilitheach de réir bhrí alt 15 den Acht sin 1984) a eisiúint chuig pearsa aonair a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht sin 1984 maidir lena shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin amhail mar a bheadh feidhm acu dá mba chuideachta cháilitheach den sórt sin an chuideachta.
(3) Más rud é, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, go ndéantar scaireanna cáilithe (is scaireanna cáilithe de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1986) i gcuideachta (is cuideachta a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha de réir bhrí alt 21 den Acht sin 1986) a eisiúint chuig pearsa aonair a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht sin 1986 maidir lena shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin amhail mar a bheadh feidhm acu dá mba chuideachta cháilitheach den sórt sin an chuideachta.
(4) (a) Beidh éifeacht le halt 84A (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon ús a íocfar le cuideachta i leith príomhshuime iomchuí a thug an chuideachta sin ar airleacan, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, do chuideachta a sheolann trádáil sa Stát a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina trádáil shonraithe, ionann is dá mba thrádáil shonraithe an trádáil sin.
(b) San alt seo tá le “príomhshuim iomchuí” agus “trádáil shonraithe” na bríonna céanna atá leo faoi seach in alt 84A (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(5) (a) Beidh éifeacht le halt 40 (arna leasú le halt 53 den Acht Airgeadais, 1986) den Acht Airgeadais, 1984, maidir le duine a sheolann trádáil léasúcháin agus a thabhaigh caiteachas, ag soláthar, roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, innealra nó gléasra lena léasú, faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus léasaí roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, i gcás gur léasaí é a sheolann trádáil a bheadh, murach forálacha an ailt seo, ina trádáil shonraithe, ionann is dá mba thrádáil shonraithe an trádáil atá á seoladh ag an léasaí.
(b) San fho-alt seo tá le “trádáil shonraithe” agus “trádáil léasúcháin” na bríonna atá leo faoi seach in alt 40 (arna leasú le halt 53 den Acht Airgeadais, 1986) den Acht Airgeadais, 1984.
(c) San fho-alt seo áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 20ú lá d'Aibreán, 1990, más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin.
(6) I gcás go ndéanfaí an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú faoi fhorálacha alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, dá gcuirfí “an 31ú lá de Nollaig, 2010” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 2000” sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38 den Acht Airgeadais, 1980, ansin déanfar an cháin chorparáide sin a laghdú amhlaidh ionann is dá gcuirfí “an 31ú lá de Nollaig, 2010” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 2000” sa mhíniú sin:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú de bhua an ailt seo mura laghdófaí an cháin chorparáide sin amhlaidh dá mba rud é nár achtaíodh forálacha fho-ailt (1A), (1B) agus (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981), fho-alt (1CC) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) agus fho-ailt (1CC1), (1CC2) agus (1CC3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980, agus alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) agus alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980.
Leasú ar alt 28 (faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach) den Acht Airgeadais, 1987.
42.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1987—
(a) trí mhír (iv) a scriosadh as an míniú ar “long cháilitheach”, agus
(b) sa mhíniú ar “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha”—
(i) trí “agus” a scriosadh as mír (d),
(ii) trí “na cuideachta, nó” a chur in ionad “na cuideachta;” i mír (e), agus
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):
“(f) úsáid loinge cáilithí chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna;”,
agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Chun críocha Chaibidil III den Acht Airgeadais, 1984, déanfar aon tagairt inti d'alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987, a fhorléiriú ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).
AN TÁBLA ciallaíonn “long cháilitheach” soitheach farraige— (a) atá faoi úinéireacht 51 faoin gcéad ar a laghad ag duine nó daoine a bhfuil gnáthchónaí air nó orthu sa Stát, (b) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955, (c) nach lú ná 100 tonna a olltonnáiste, agus (d) atá uathghluaisteach, ach d'ainneoin aon ní i míreanna (a), (b), (c) nó (d) den mhíniú seo, ní fholaíonn sé— (i) soitheach iascaireachta seachas soitheach a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta a luaitear i mír (d) den mhíniú ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha san fho-alt seo, (ii) tuga, (iii) soitheach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre nó mar ardán tumadóireachta, (v) aon soitheach eile de chineál nach n-úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha; ciallaíonn “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha” gníomhaíochtaí arna seoladh ag cuideachta i gcúrsa trádála arb éard iad— (a) úsáid loinge cáilithí chun paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht, (b) seirbhísí a ghabhann le húsáid sin na loinge cáilithí, a chur ar fáil ar bord na loinge cáilithí, (c) cearta a thabhairt a gcuireann, nó a gcuirfidh, duine eile dá mbua na seirbhísí sin ar fáil ar bord na loinge cáilithí sin, (d) éisc a chur faoi phróiseas monarúcháin ar bord loinge cáilithí, (e) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta, nó (f) úsáid loinge cáilithí chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna; |
Leasú ar alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
43.—Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le híocaíochtaí a dhéanfar in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Ní dhéanfar aon íocaíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (a) arna tabhairt ag cuideachta do dhuine nach gcónaíonn sa Stát a áireamh mar mhuirear ar ioncam murab íocaíocht í—
(a) as a ndéanann an chuideachta—
(i) de réir fhorálacha alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a bhaineann le hús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe), nó
(ii) de réir na bhforálacha sin arna gcur chun feidhme le halt 31 den Acht Airgeadais, 1974,
cáin ioncaim a asbhaint a dtugann sí cuntas ann faoin alt sin 434 agus alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó faoin alt sin 434 agus alt 51 den Acht Airgeadais, 1990, de réir mar a bheidh, ach amháin i gcás inar údaraigh na Coimisinéirí Ioncaim don chuideachta a mhalairt a dhéanamh, nó
(b) is iníoctha as ioncam a thugtar faoi réim cánach faoi Chás III de Sceideal D agus a eascraíonn as urrúis agus sealúchais lasmuigh den Stát.”.
Leasú ar alt 116 (na cineálacha grúpfhaoisimh) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
44.—(1) Leasaítear leis seo alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) (a) Ní fholaíonn tagairtí sna fo-ailt roimhe seo do chuideachta ghéillte tagairtí do chuideachta a sheolann gnó saoil.
(b) Chun críocha an ailt seo déanfar ‘gnó saoil’ a fhorléiriú de réir alt 50 (1).”.
(2) (a) Chun críocha fho-alt (1) agus fheidhm alt 116 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le géilleadh faoisimh ag cuideachta a sheolann gnó saoil i gcás tréimhse chuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, agus dar críoch an lá sin nó dá éis, déanfar an tréimhse sin a roinnt i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1990, agus i gcuid eile dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1990, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
(b) San fho-alt seo déanfar “gnó saoil” a fhorléiriú de réir alt 50 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
Iontaobhas do Thionscnaimh Chomhphobail.
45.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tIontaobhas” “An tIontaobhas do Thionscnaimh Chomhphobail” a bunaíodh le gníomhas iontaobhais dar dháta an 18ú lá d'Aibreán, 1990, ar ceann dá iontaobhaithe cuideachta a corpraíodh ar an 18ú lá d'Aibreán, 1990, mar an tIontaobhaí do Thionscnaimh Chomhphobail agus a mbaineann ceadúnas faoi alt 24 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, leis.
(2) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid—
(a) a thugtar, ar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus roimh an 31ú lá de Mhárta, 1991, d'iontaobhaithe an Iontaobhais agus a nglacann siad leis,
(b) atá le caitheamh ag na hiontaobhaithe sin faoi chomhair cuspóirí an Iontaobhais agus chuige sin amháin,
(c) nach mbeadh, ar leith ó fho-alt (3), inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, agus
(d) nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(3) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo agus go n-éileoidh sí faoiseamh ó cháin faoi threoir an bhronntanais sin, déileálfar, chun críocha cánach corparáide, le glanmhéid an bhronntanais sin—
(a) mar chaiteachas trádála inasbhainte de chuid trádála a sheolann an chuideachta, nó
(b) mar chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána na cuideachta a bheith á ríomh,
is caiteachas a thabhaigh sí sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas:
Ar choinníoll go ndéanfar, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh, méid nó luach aon chomaoine a fuair an chuideachta sin mar thoradh ar an mbronntanas a thabhairt, cibé acu a fuarthas í go díreach nó go neamhdhíreach ó iontaobhaithe an Iontaobhais nó ó aon duine eile, a asbhaint ó mhéid an bhronntanais.
(4) Déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1988, don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar an íocaíocht.
Leasú ar alt 84A (teorainn leis an mbrí atá le“dáileadh”) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
46.—Leasaítear leis seo alt 84A (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) (a) D'ainneoin fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, gur mó iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí (dá ngairtear ‘méideanna reatha príomhshuime iomchuí’ anseo feasta san fho-alt seo) a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an tráth sin ná teorainn, ar teorainn í is ionann agus 75 faoin gcéad d'iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta ar an 12ú lá d'Aibreán, 1989, ansin ní dhéanfar aon ús a bheidh íoctha leis an gcuideachta i leith príomhshuime iomchuí arna hairleacan ag an gcuideachta an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, ar príomhshuim iomchuí í atá curtha san áireamh sna méideanna reatha príomhshuime iomchuí, a áireamh mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta:
Ar choinníoll, i gcás gur lú ná an teorainn sin iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an 1ú lá d'Aibreán, 1990, go mbeidh éifeacht leis an mír seo i ndáil le hús arna íoc leis an gcuideachta sa tréimhse ón 1ú lá d'Aibreán, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1991 (is ús arna íoc i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta sa tréimhse sin), ionann is dá mba é a bhí sa teorainn sin iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha amhlaidh amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcruthóidh an chuideachta go ndearna sí, a mhéid ab fhéidir é, gach uile thráth ar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, príomhshuim iomchuí a airleacan d'iasachtaithe ar príomhshuim iomchuí í nach bhfuil, nó nach mbeadh, de bhua fhorálacha mhír (b), feidhm ag forálacha mhír (a) maidir leis an ús uirthi.
(b) Más rud é, ar leith ón mír seo, nach ndéanfaí aon chuid d'aon ús arna íoc le cuideachta i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta sa tréimhse ón 31ú lá d'Eanáir, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1991, a áireamh mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta de bhua fhorálacha mhír (a) agus dá mbua sin amháin, ansin ní bheidh feidhm ag forálacha na míre sin i ndáil leis an oiread sin den ús sin a íoctar sa tréimhse sin más rud é—
(i) go dtugann an chuideachta an phríomhshuim iomchuí ar airleacan d'iasachtaí a bhí, roimh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, i gcaibidlí le haon chuideachta le haghaidh méid príomhshuime iomchuí,
(ii) go bhfuair an t-iasachtaí, roimh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, tairiscint scríofa de chúnamh deontais ón Údarás Forbartha Tionscail, ó Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ó Údarás na Gaeltachta i leith trádála sonraithe nó trádála sonraithe beartaithe ar chun a críocha atá an phríomhshuim iomchuí á fáil ar iasacht,
(iii) gurb é atá sa trádáil shonraithe trádáil a thosaigh an t-iasachtaí ar í a sheoladh tar éis an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó trádáil shonraithe de chuid an iasachtaí a bhfuil sé faoi cheangal, faoi phlean gnó a bheidh ceadaithe ag an Údarás Forbartha Tionscail, ag Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ag Údarás na Gaeltachta, fostaíocht bhreise a chruthú ina leith,
(iv) go ndéanfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail trádáil shonraithe an iasachtaí a roghnú le bheith san áireamh i liosta, arna cheadú ag an Aire Tionscail agus Tráchtála agus ag an Aire Airgeadais, ina sonraítear méid áirithe príomhshuime iomchuí maidir le gach trádáil arb é an méid é a mheastar a bheith riachtanach le go mbeidh rath ar an trádáil sin, agus
(v) nach cuideachta a thosaigh ar oibríochtaí trádála iomchuí (de réir bhrí alt 39B den Acht Airgeadais, 1980) a sheoladh tar éis an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó cuideachta a bheartaíonn tosú ar oibríochtaí trádála den sórt sin a sheoladh, an t-iasachtaí nó cuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 157 (5)) leis an iasachtaí:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le haon ús i leith aon phríomhshuime iomchuí a airleacfar tar éis an tráth ar mó ná £170,000,000 iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí, lena mbaineann an mhír seo, a bheidh airleactha ag na hiasachtóirí go léir a thug airleacain den sórt sin.
(c) D'ainneoin alt 21 (2) (b) den Acht Airgeadais, 1989, chun críocha an fho-ailt seo, folaíonn príomhshuim iomchuí arna hairleacan ag cuideachta tráth ar bith ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, aon phríomhshuim iomchuí arna hairleacan d'iasachtaí ar an lá sin nó dá éis faoi chomhaontú a rinneadh roimh an lá sin.
(d) Chun críocha an fho-ailt seo, i gcás go mbeidh príomhshuim iomchuí airleactha ag cuideachta d'iasachtaí, ar an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, faoi théarmaí comhaontaithe agus go ndéanfaidh an chuideachta, faoi théarmaí an chomhaontaithe sin nó aon chomhaontaithe eile, cuid dá cearta agus dá hoibleagáidí faoin gcomhaontú céadluaite i ndáil leis an bpríomhshuim iomchuí, nó na cearta agus na hoibleagáidí sin go léir, a shannadh do chuideachta eile, measfar nár tharla an sannadh sin.”,
(b) trí “I bhfo-ailt (2), (3), (3A) agus (4),” a chur in ionad “I bhfo-ailt (2), (3) agus (4),” i bhfo-alt (5), agus
(c) trí “i bhfo-ailt (2) agus (3A)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)” i bhfo-alt (6).
Leasú ar alt 101 (formhuirear ar ioncam infheistíochta agus ioncam eastáit neamhdháilte de chuid dlúthchuideachta) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
47.—Leasaítear leis seo alt 101 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) trí “muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise” a chur in ionad “muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise” i bhfo-alt (1),
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
“(5) Maidir le formhuirear a chuirfear faoin alt seo ar chuideachta i leith tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite san fho-alt seo)—
(a) muirearófar ar an gcuideachta é don tréimhse chuntasaíochta is luaithe dar críoch lá, nó i ndiaidh lae, atá dhá mhí dhéag tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta céadluaite, agus
(b) déileálfar leis mar cháin chorparáide is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta sin:
Ar choinníoll, i gcás nach bhfuil aon tréimhse chuntasaíochta ann a chríochnaíonn amhlaidh, go muirear ófar an formhuirear don tréimhse chuntasaíochta ar ina leith a chuirfear é agus go ndéileálfar leis mar cháin chorparáide de chuid na tréimhse sin.”,
agus tá an fo-alt sin (1) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta dlúthchuideachta, comhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáit indáilte ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear anseo feasta san alt seo) ar cóimhéid le 20 faoin gcéad den bhreis: |
Leasú ar alt 162 (formhuirear ar ioncam neamhdháilte de chuid cuideachtaí seirbhíse) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
48.—Leasaítear leis seo alt 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) trí “muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise” a chur in ionad “muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise” i bhfo-alt (4), agus
(b) trí “fho-ailt (2), (3) agus (4), fho-alt (5) (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1990) agus fho-alt (6) d'alt 101” a chur in ionad “alt 101 (2) (3) (4) (5) (6)” i bhfo-alt (5),
agus tá na fo-ailt sin (4) (ar leith ón gcoinníoll) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(4) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta cuideachta seirbhíse, comhiomlán— |
(a) ceithre chúigiú den ioncam indáilte, agus |
(b) an cúigiú cuid de chomhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáilt indáilte |
ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear san alt seo) is ionann agus 20 faoin gcéad den bhreis: |
(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 101 (1) i ndáil le cuideachta sheirbhíse ach beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (2), (3) agus (4), fho-alt (5) (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1990) agus fho-alt (6) d'alt 101 i ndáil le formhuirear faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le formhuirear faoin alt sin 101 ach tagairt d'fho-alt (4) den alt seo a chur in alt 101 (2) in ionad na tagartha d'fho-alt (1) den alt sin. |
Leasú ar alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
49.—Leasaítear leis seo alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) trí “chigire” a chur in ionad “Ard-Bhailitheoir” i bhfo-alt (3),
(b) trí “de naoi mí” a chur in ionad “de shé mhí” i bhfo-alt (4),
(c) i bhfo-alt (5)—
(i) trí “faoina mbeidh réamhcháin (dá mb'ann di) dlite agus iníoctha don tréimhse chuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3)” a chur in ionad “a bheidh an tuairisceán le tabhairt”, agus
(ii) trí “má bhíonn an cháin sin, nó aon chuid di, gan íoc ar an dáta dlite nó roimhe” a scriosadh,
(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (10), (11) agus (12):
“(10) (a) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta íocaíocht iomchuí ar dháta nach dáta i dtréimhse chuntasaíochta, tabharfaidh an chuideachta tuairisceán ar an íocaíocht sin laistigh de shé mhí ón dáta sin, agus beidh an cháin ioncaim a mbeidh an chuideachta cuntasach inti i leith na híocaíochta sin dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt.
(b) Déileálfar le haon mheasúnacht i leith cánach is iníoctha faoin bhfo-alt seo mar mheasúnacht a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht.
(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (11) maidir le measúnacht faoin bhfo-alt seo.
(11) (a) Faoi réir fho-alt (10) (b), aon cháin ioncaim is iníoctha (tar éis cáin ioncaim a d'iompair an chuideachta trí asbhaint a bheith fritháirithe, de bhua aon éilimh faoi fho-alt (7), in aghaidh cáin ioncaim a dhlífidh sí a íoc faoi fho-alt (5)) i leith íocaíochtaí iomchuí i dtréimhse chuntasaíochta déileálfar léi, agus tuairisceofar í, chun críocha an cháin sin agus aon ús nó pionóis uirthi a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú ón gcuideachta a rinne na híocaíochtaí, mar cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse chuntasaíochta sin, d'ainneoin gur cáin ioncaim í chun gach críche eile de chuid na nAchttanna Cánach:
Ar choinníoll go ndéanfar an cháin a d'íoc cuideachta agus a ndéileáiltear léi mar cháin chorparáide de bhua an fho-ailt seo a aisíoc leis an gcuideachta dá n-aisíocfaí amhlaidh í faoi fho-alt (7) dá mba rud é gur déileáladh léi mar cháin ioncaim a d'íoc an chuideachta.
(b) Féadfar aon cháin is inmheasúnaithe faoi aon fhoráil nó forálacha den alt seo a áireamh in aon mheasúnacht amháin má bhíonn an cháin go léir atá ar áireamh amhlaidh dlite ar an dáta céanna.
(12) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo dochar d'aon chumhachtaí a thugtar leis na hAchtanna Cánach chun cáin a ghnóthú trí mheasúnacht nó ar shlí eile.”,
agus
(e) trí “i ndáil le cáin arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú” a chur in ionad “i ndáil le cáin ioncaim arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú” i mír (a) d'fho-alt (13),
agus tá na fo-ailt sin (3), (4) agus (5) agus an mhír sin (a) d'fho-alt (13), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (3) Tabharfaidh cuideachta, de réir an ailt seo, in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dá cuid, tuairisceán don chigire ar na híocaíochtaí iomchuí a d'íoc sí sa tréimhse sin agus ar an gcáin ioncaim a bhfuil an chuideachta cuntasach inti i leith na n-íocaíochtaí sin. (4) Ní foláir tuairisceán d'aon tréimhse a gceanglaítear tuairisceán a thabhairt ina leith faoin alt seo a thabhairt laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse sin. (5) Beidh cáin ioncaim i leith aon íocaíocht nach foláir a áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite an tráth faoina mbeidh réamhcháin (dá mb'ann di) dlite agus iníoctha don tréimhse chuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3), agus beidh cáin ioncaim a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an gcuideachta gan aon mheasúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin ioncaim a bheidh dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an gcuideachta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh). (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (2), aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a mhodhnú, a fhorlíonadh nó forálacha a chur ina n-ionad: agus déanfar tagairtí san Acht seo agus in aon achtachán eile don alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon rialacháin den sórt sin: agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na rialacháin, i ndáil le cáin arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú nó féadfaidh siad aon fhoráil den sórt sin a fheidhmiú, modhnaithe nó gan mhodhnú. |
Leasú ar alt 152 (forálacha maidir le cáin faoi alt 151) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
50.—Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981):
“(5) Ní bheidh éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (3) ach amháin i leith cuideachta lena mbaineann forálacha fho-alt (10) d'alt 151.”.
Cáin ioncaim ar íocaíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí neamhchónaitheacha.
51.—(1) Faoi réir fho-alt (4), beidh éifeacht le forálacha fho-alt (2) maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nach gcónaíonn sa Stát más rud é—
(a) go gceanglaítear ar an gcuideachta, de bhua fhorálacha alt 434 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuntas a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim, agus
(b) go bhfuil an chuideachta laistigh de réim mhuirear cánach corparáide i leith na tréimhse cuntasaíochta.
(2) I gcás éifeacht a bheith leis an bhfo-alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, ansin—
(a) tabharfaidh an chuideachta tuairisceán don chigire—
(i) ar na híocaíochtaí a rinne an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a gceanglaítear cáin ioncaim a asbhaint ina leith de bhua fhorálacha alt 434 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus
(ii) ar an gcáin a asbhaineadh as na híocaíochtaí sin de bhua an ailt sin 434 (1),
agus
(b) maidir le cáin ioncaim a mbeidh tuairisceán le tabhairt ina leith faoi mhír (a), déileálfar léi, chun críocha an cháin sin agus aon ús nó pionóis uirthi a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú ón gcuideachta a rinne na híocaíochtaí, ionann is dá mba cháin chorparáide í is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi mhír (a).
(3) Leasaítear leis seo alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A) (a cuireadh isteach le halt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976):
“(5A) Beidh éifeacht le fo-ailt (2), (3) agus (5) faoi réir fhorálacha alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus alt 51 den Acht Airgeadais, 1990, maidir leis an tráth agus an modh a mbeidh ar chuideachtaí áirithe cuntas a thabhairt i gcáin ioncaim agus cáin ioncaim a íoc—
(a) i leith íocaíochtaí as ar inasbhainte cáin, agus
(b) i leith aon mhéid a meastar gur íocaíocht bhliantúil í.”.
(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.
Leasú ar alt 41 (bonn faoisimh ó cháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1980.
52.—Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “ciallaíonn `cáin chorparáide iomchuí an cháin chorparáide”, eadhon, “(seachas méid a bheidh, de bhua ailt 101, 151 agus 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976, arna leasú, faoi seach, le hailt 47, 49 agus 48 den Acht Airgeadais, 1990, agus de bhua alt 51 den Acht Airgeadais, 1990, le háireamh mar cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta)”.
Leasú ar alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
53.—Leasaítear leis seo alt 58 (arna leasú le halt 42 den Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (10) i ndiaidh “ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’ an cháin chorparáide”, eadhon, “(seachas méid a bheidh, de bhua ailt 101, 151 agus 162, arna leasú, faoi seach, le hailt 47, 49 agus 48 den Acht Airgeadais, 1990, agus de bhua alt 51 den Acht Airgeadais, 1990, le háireamh mar cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta)”.
Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
54.—Leasaítear leis seo alt 143 (arna leasú le halt 16 den Acht Airgeadais, 1981) den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh luaite san fhógra—
(a) ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo—
(i) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh,
(ii) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus
(iii) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú, seachas iad sin a áirítear i mír (c),
(b) ar na dáiltí a fuair an chuideachta ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar na creidmheasanna cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin,
(c) ar íocaíochtaí a rinneadh as ar inasbhainte cáin ioncaim agus lena mbaineann forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus
(d) ar na méideanna go léir a meastar, faoi alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe etc.) den Acht Cánach Corparáide, 1976, gur íocaíochtaí bliantúla iad.”.
Leasú ar alt 50 (tuairisceáin agus bailiú luathchánach corparáide) den Acht Airgeadais, 1983.
55.—Leasaítear leis seo alt 50 den Acht Airgeadais, 1983, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) trí “chigire” a chur in ionad “Ard-Bhailitheoir” i bhfo-alt (2),
(b) trí “de naoi mí” a chur in ionad “de shé mhí” i bhfo-alt (3), agus
(c) i bhfo-alt (6)—
(i) trí “laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3)” a chur in ionad “an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt”, agus
(ii) trí “mura n-íocfar an cháin sin, nó aon chuid di, ar an dáta dlite nó dáta roimhe” a scriosadh,
agus tá na fo-ailt sin (2), (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) Tabharfaidh cuideachta, de réir an ailt seo, in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dá cuid, tuairisceán don chigire ar na dáiltí a rinne sí agus na dáiltí a fuair sí sa tréimhse sin agus ar an luathcháin chorparáide (más ann) is iníoctha aici i leith na ndáiltí a rinne sí. (3) Ní foláir tuairisceán d'aon tréimhse a gceanglaítear tuairisceán a thabhairt ina leith faoin alt seo a thabhairt laistigh den naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse sin. (6) Beidh luathcháin chorparáide i leith aon dáileadh a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dá gceanglaítear an tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (3) agus ní mór í a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, agus beidh luathcháin chorparáide a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an gcuideachta gan aon mheasúnacht a bheith déanta; ach féadfar luathcháin chorparáide atá tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an gcuideachta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha an tráth a dhéanfar an mheasúnacht). |
Ioncam áirithe de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe c.p.t. a bheith díolmhaithe.
56.—Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1985, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24:
“24.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon ioncam a eascraíonn chuig an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t.—
(a) in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 8ú lá d'Fheabhra, 1982, ó ghnó arb éard é iasachtaí agus airleacain a thabhairt faoi alt 5 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981, is ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás I de Sceideal D, agus
(b) in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1990, is ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás III de Sceideal D,
beidh sí díolmhaithe ó cháin chorparáide.”.
Caibidil V
Cánachas ar Chumainn Fhoirgníochta
Cumainn fhoirgníochta: athrú stádais.
57.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht le forálacha an Tríú Sceideal i gcás ina ndéanfaidh cumann é féin a chomhshó, de réir fhorálacha Chuid XI den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, ina chuideachta chomharbais de réir bhrí na Coda sin.
(2) San alt seo agus sa Tríú Sceideal—
ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar le halt 124 (2) den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, a bheith corpraithe, faoin Acht sin, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “cumann”;
tá le “cuideachta chomharbais” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 129 (grúpaí cuideachtaí: mínithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
58.—Leasaítear leis seo alt 129 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (2):
“(c) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir bhrí alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus
(d) le cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar de bhua alt 124 (2) den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, a bheith corpraithe, faoin Acht sin.”,
agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní bhainfidh tagairtí do chuideachtaí ach— (a) le cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus (b) le cuideachta arna comhdhéanamh faoi aon Acht eile nó faoi chairt nó faoi litreacha paitinne nó (cé gur sa Stát a chónaíonn sí) arna foirmiú faoi dhlí tíre nó críche lasmuigh den Stát, agus (c) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir bhrí alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus (d) le cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar de bhua alt 124 (2) den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, a bheith corpraithe, faoin Acht sin. |
Caibidil VI
Cánachas ar Bhainc Thaisce Iontaobhais
Cónascadh banc taisce iontaobhais.
59.—(1) I gcás ina ndéanfar aon sócmhainní nó dliteanais de chuid bainc taisce iontaobhais a aistriú, nó ina meastar iad a bheith aistrithe, chuig banc taisce iontaobhais eile de réir fhorálacha Chuid VI (a bhaineann le cónascadh banc taisce iontaobhais) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, déileálfar leis na bainc sin, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ionann is dá mba iad an duine céanna iad.
(2) San alt seo, in alt 60 agus sa Cheathrú Sceideal tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989.
Bainc thaisce iontaobhais a atheagrú ina gcuideachtaí.
60.—Beidh feidhm ag forálacha an Cheathrú Sceideal—
(a) maidir le banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta, nó
(b) maidir le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) d'alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin,
de réir fhorálacha an ailt sin 57.
Leasú ar alt 337 (bainc thaisce) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
61.—Leasaítear leis seo alt 337 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Beidh aon bhanc taisce atá ceadúnaithe faoi alt 10 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, agus aon chuideachta lena mbaineann alt 57 (3) (c) (i) den Acht sin, i dteideal díolúine ó cháin—
(a) i leith a chuid úis agus díbhinní a eascraíonn—
(i) ó infheistíochtaí airgid chun creidmheasa an chuntais speisialta a osclaíodh de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940, agus
(ii) ó infheistíochtaí airgid in urrúis de chuid an Rialtais arna gcinneadh ag Banc Ceannais na hÉireann de réir fhorálacha alt 32 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,
agus
(b) i leith brabús nó gnóchan a eascraíonn ó na hurrúis sin de chuid an Rialtais a dhiúscairt.”,
(b) i bhfo-alt (2)—
(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin (ar leith ón gcoinníoll):
“(2) Beidh banc taisce ar bith, bíodh nó ná bíodh sé ceadúnaithe faoin Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceidil C, D agus F i leith ioncam a chuid cistí, a mhéid a úsáidtear an t-ioncam sin chun ús a íoc le haon taisceoir nó a chreidiúnú dó:”,
agus
(ii) trí “Chásanna III nó IV” a chur in ionad “Chás III” i mír (a) den choinníoll,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) San alt seo ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.”.
Caibidil VII
Cistí Eischósta
Léiriú (Caibidil VII, etc.).
62.—Sa Chaibidil seo agus sa Chúigiú agus sa Séú Sceideal—
forléireofar “tréimhse chuntais” de réir fho-ailt (8), (9) agus (10) d'alt 66;
forléireofar “diúscairt” de réir alt 63 (2);
forléireofar “ciste dáileach” de réir fho-alt (2) agus (3) d'alt 66;
tá le “cuntas comhionannaithe” an bhrí a shanntar dó in alt 64 (1);
tá le “brabúis choibhéiseacha Éireannacha” an bhrí atá leis i mír 5 den Chúigiú Sceideal;
forléireofar “leas ábhartha” de réir alt 65 (2);
tá le “ciste neamhcháilitheach” an bhrí a shanntar dó le halt 66 (1);
tá le “cistí eischósta” an bhrí a shanntar dó in alt 65 (1);
forléireofar “gnóchan ioncaim eischósta” de réir mhíreanna 5 agus 6 (1) den Séú Sceideal;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
Leasanna ábhartha i gcistí eischósta neamhcháilitheacha a dhiúscairt.
63.—(1) Baineann an Chaibidil seo le diúscairt sócmhainne ag aon duine más rud é—
(a) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas ábhartha i gciste eischósta ar ciste eischósta neamhcháilitheach é nó ar chiste den sórt sin a bhí ann aon tráth ábhartha, nó
(b) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas i gcuideachta a chónaíonn sa Stát nó i scéim iontaobhais aonad a gcónaíonn na hiontaobhaithe uirthi sa Stát an tráth sin agus, tráth ábhartha arb é atá ann an lú lá d'Eanáir, 1991, nó dáta dá éis, go mba chiste eischósta neamhcháilitheach an chuideachta nó an scéim iontaobhais aonad agus gurbh éard í an tsócmhainn leas ábhartha sa chiste sin,
agus d'fhonn a chinneadh cé acu a thagann an tsócmhainn atá á diúscairt faoi réim mhír (b) thuas, beidh éifeacht le mír 2 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail mar atá éifeacht léi chun críocha an Achta sin.
(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo agus alt 64 bíonn diúscairt sócmhainne ann chun críocha na Caibidle seo dá mbeadh diúscairt den sórt sin ann chun críocha an Phríomh-Achta.
(3) D'ainneoin aon ní i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 14 (arna leasú le halt 6 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978) den Phríomh-Acht, i gcás go bhfaighidh duine bás agus go bhfuil ar áireamh na sócmhainní a raibh sé inniúil ar iad a dhiúscairt sócmhainn arb é atá inti, nó arb é a bhí inti tráth ar bith, leas ábhartha i gciste eischósta neamhcháilitheach, ansin, chun críocha na Caibidle seo (ar leith ó alt 64) measfar an leas sin a bheith diúscartha ag an éagach, díreach roimh an bhfáil dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt sin 14, ar chomaoin den sórt a luaitear san fho-alt sin:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear do chinneadh a dhéanamh, de réir fho-alt (1), i dtaobh an diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo an diúscairt mheasta sin.
(4) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag alt 14 den Phríomh-Acht chun críocha na Caibidle seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an Achta sin, agus déanfar an tagairt san fho-alt sin do na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt a fhorléiriú de réir fho-alt (5) den alt sin.
(5) D'ainneoin aon ní i mír 4 nó 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, in aon chás—
(a) ina n-eiseoidh cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta fála” anseo feasta san fho-alt seo) scaireanna nó bintiúir mar mhalairt ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta faighte” feasta san fho-alt seo) agus gurb é atá sa chuideachta faighte, nó gurb é a bhí inti aon tráth ábhartha, ciste eischósta neamhcháilitheach agus nach ciste den sórt sin an chuideachta fála, nó
(b) ina mbeidh sé le háireamh, de dhroim comhshocraíochta, gur mhalartaigh daoine scaireanna, bintiúir nó leasanna eile in eintiteas, nó de chuid eintitis, arb é atá ann nó arb é a bhí ann aon tráth ábhartha ciste eischósta neamhcháilitheach, ar shócmhainní nach leasanna i gciste den sórt sin iad,
ansin, ní bheidh feidhm chun críocha na Caibidle seo ag fomhír (1) de mhír 4 den Sceideal sin.
(6) In aon chás ina mbeadh feidhm, ar leith ó fho-alt (5), ag mír 4 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is éard a bheidh, chun críocha na Caibidle seo, sa mhalartú áirithe sin ar scaireanna, bintiúir nó leasanna eile i gciste eischósta neamhcháilitheach, nó de chuid ciste den sórt sin, diúscairt leasanna sa chiste eischósta ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach ar dháta an mhalartaithe.
(7) (a) Chun críocha an ailt seo is tráth ábhartha i ndáil le diúscairt sócmhainne aon tráth arb é an dáta seo a leanas nó aon dáta dá éis é, eadhon—
(i) an 6ú lá d'Aibreán, 1990, i gcás go bhfuarthas an tsócmhainnn ar nó roimh an dáta sin, nó
(ii) i gcás nach bhfuarthas an tsócmhainn amhlaidh, an dáta is luaithe ar ar tugadh aon chomaoin iomchuí as an tsócmhainn a fháil.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “comaoin iomchuí” aon chomaoin a bheadh, á ghlacadh leis go bhfuil feidhm ag Cuid II den Phríomh-Acht maidir leis an diúscairt, le cur i gcuntas le linn méid an ghnóchain nó an chaillteanais a fhabhraíonn ar an diúscairt a bheith á ríomh, cibé acu a bheidh an chomaoin sin tugtha ag an duine, nó thar ceann an duine, a rinne an diúscairt nó ag réamhtheachtaí i dteideal dá chuid, nó thar ceann réamhtheachtaí den sórt sin, arb ionann a chostas fála, go díreach nó go neamhdhíreach, agus costas fála iomlán, nó aon chuid de chostas fála, an duine a dhéanann an diúscairt.
Cistí eischósta a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe.
64.—(1) Chun críocha na Caibidle seo, oibríonn ciste eischósta comhshocraíochtaí comhionannaithe más rud é go bhfuil, agus aon tráth a bhfuil, comhshocraíochtaí ar marthain arb é an toradh a bhíonn orthu—
(a) má fhaigheann duine, trí cheannach tosaigh, leas ábhartha sa chiste aon tráth áirithe le linn tréimhse is iomchuí do na comhshocraíochtaí, agus
(b) má dhéanann an ciste dáileadh in aghaidh tréimhse dar tosach dáta roimh an dáta a bhfaigheann sé an leas sin,
go mbeidh ar áireamh i méid an dáilte sin a íoctar leis (á ghlacadh leis go bhfuil an leas sin fós aige) íocaíocht chaipitil a chuirfear chun dochair do chuntas (dá ngairtear ina dhiaidh seo “an cuntas comhionannaithe” sa Chaibidil seo agus sa Chúigiú agus sa Séú Sceideal) a chothabhálfar faoi na comhshocraíochtaí agus a chinnfear faoi threoir an ioncaim a bhí fabhraithe chuig an gciste ar dháta a fhála.
(2) Chun críocha an ailt seo, faigheann duine leas i gciste eischósta trí cheannach tosaigh más rud é—
(a) go ndéanann sé an fháil sin trí shuibscríobh le haghaidh scaireanna nua, aonad nua nó leasanna nua eile arna n-eisiúint nó arna gcruthú ag an gciste, nó tríd an gcéanna a leithroinnt, nó
(b) go ndéanann sé an fháil sin trí cheannach díreach ó na daoine a bhfuil baint acu le bainisteoireacht an chiste agus gur ina gcáil mar bhainisteoirí an chiste a dhéanann siad an díol leis.
(3) Gan dochar d'alt 63 (1), tá feidhm ag an gCaibidil seo, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, maidir le diúscairt sócmhainne ag aon duine más rud é—
(a) tráth na diúscartha, gurb éard í an tsócmhainn leas ábhartha i gciste eischósta atá, an tráth sin, ag oibriú comhshocraíochtaí comhionnaithe,
(b) nach ciste eischósta neamhcháilitheach an ciste agus nár chiste den sórt sin é aon tráth ábhartha (de réir bhrí alt 63 (7)), agus
(c) nach mbeidh fáltais na diúscartha le cur i gcuntas mar fháltas trádála.
(4) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo, de bhua fho-alt (3), maidir le diúscairt más rud é—
(a) gur le linn tréimhse den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a dhéantar í, agus
(b) i gcaitheamh cibé cuid den tréimhse sin a thagann roimh an diúscairt, gur ioncam den chineál dá dtagraítear i mír 3 (1) den Chúigiú Sceideal an t-ioncam ón gciste eischósta lena mbaineann.
(5) Aon teagmhas ar diúscairt sócmhainne a bheadh ann ar leith ó mhír 2(2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is diúscairt den sórt sin í d'fhonn a chinneadh an bhfuil diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo ann de bhua fho-alt (3).
(6) Measfar go bhfolaíonn an tagairt i bhfo-alt (5) do mhír 2 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tagairt don mhír sin arna cur chun feidhme le míreanna 2A nó 4 den Sceideal sin ach ní arna cur chun feidhme le mír 3 den Sceideal sin.
Leasanna ábhartha i gcistí eischósta.
65.—(1) Sa Chaibidil seo aon tagairtí do leas ábhartha i gciste eischósta is tagairtí iad do leas den sórt sin in aon cheann acu seo a leanas, eadhon—
(a) cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát,
(b) scéim iontaobhais aonad nach sa Stát a chónaíonn na hiontaobhaithe uirthi, agus
(c) aon chomhshocraíochtaí nach dtagann faoi réim mhír (a) nó (b), a bhfuil éifeacht leo de bhua dlí críche lasmuigh den Stát agus a chruthaíonn, faoin dlí sin, cearta de chineál comhúinéireachta (gan brí na habairte sin faoi dhlí an Stáit a bheith mar theorainn léi),
agus aon tagairt sa Chaibidil seo do chiste eischósta is tagairt í d'aon chuideachta, scéim iontaobhais aonad nó comhshocraíochtaí den sórt sin ina bhfuil leas, ar leas ábhartha é, ag aon duine.
(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is leas ábhartha leas duine i gcuideachta, i scéim iontaobhais aonad nó i gcomhshocraíochtaí más rud é, an tráth a bhfuair sé an leas, go raibh ionchas réasúnach ann go mbeadh sé in ann, tráth éigin le linn na tréimhse 7 mbliana dar tosach dáta na fála sin aige, luach an leasa a réadú (cibé acu trí aistriú, trí ghéilleadh nó ar aon mhodh eile).
(3) Chun críocha fho-alt (2), measfar duine a bheith in ann luach leasa a réadú más féidir leis méid a réadú atá réasúnta gar don chion sin de mhargadhluach shócmhainní na cuideachta nó, de réir mar a bheidh, de mhargadhluach na sócmhainní faoi réir na scéime nó na gcomhshocraíochtaí, a bhfuil an leas in ionannas (go díreach nó go neamhdhíreach) dó.
(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3)—
(a) measfar duine a bheith in ann méid áirithe a réadú má tá sé in ann an méid sin a fháil in airgead nó i bhfoirm sócmhainní ab fhiú an méid sin, agus
(b) más rud é tráth ar bith gur mó go mór margadhluach leasa i gciste eischósta ná an cion, arb ionannas dó an leas mar a luaitear i bhfo-alt (3), de mhargadhluach na sócmhainní lena mbaineann an tráth sin, ní mheasfar duine a bheith in ann méid den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin a réadú toisc é a bheith in ann margadhluach den sórt sin don leas a réadú.
(5) Measfar nach leas ábhartha leas i gcuideachta, i scéim nó i gcomhshocraíochtaí más é atá sa leas sin—
(a) leas i ndáil le haon chaipiteal iasachta nó fiach a eisítear nó a thabhaítear i leith airgid arna tabhairt ar iasacht, i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta, ag duine a sheolann an gnó sin, nó
(b) ceart a eascraíonn faoi pholasaí árachais.
(6) Ní leas ábhartha iad scaireanna i gcuideachta a thagann faoi réim fho-alt (1) (a) (dá ngairtear “an chuideachta thar lear” san alt seo) más rud é—
(a) gur cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna agus gur gá nó gurb inmhianaithe iad a shealbhú chun trádáil a sheolann an chuideachta, nó cuideachta atá i gcomhlachas léi, a chothabháil agus a fhorbairt,
(b) go dtugann na scaireanna 10 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála go léir sa chuideachta thar lear mar aon le ceart, i gcás foirceannadh, chun 10 faoin gcéad ar a laghad de shócmhainní na cuideachta sin a bheidh fágtha, tar éis na dliteanais go léir, a bhfuil tosaíocht acu ar na scaireanna, a bheith urscaoilte,
(c) nach bhfuil scaireanna sa chuideachta thar lear á sealbhú ag breis agus deichniúr agus go dtugann na scaireanna uile sa chuideachta sin cearta vótála mar aon le ceart chun bheith rannpháirteach sna sócmhainní i gcás foirceannadh, agus
(d) an tráth a bhfuair sí na scaireanna, go raibh ionchas réasúnach den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ag an gcuideachta de bhíthin amháin go raibh ar marthain ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon—
(i) comhshocraíocht faoina bhféadfaidh an chuideachta sin, tráth éigin laistigh den tréimhse 7 mbliana dar tosach tráth na fála, a cheangal ar na rannpháirtithe eile a cuid scaireanna a cheannach, agus
(ii) forálacha de chuid comhaontú idir na rannpháirtithe, nó de chuid bhunreacht na cuideachta thar lear, faoina ndéanfar an chuideachta a fhoirceannadh laistigh de thréimhse is giorra, nó a bhfuil ionchas réasúnach ann go mbeidh sí níos giorra, ná an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2),
agus sa mhír seo ciallaíonn “rannpháirtithe” na daoine a shealbhaíonn scaireanna a thagann faoi réim mhír (c).
(7) Chun críocha fho-alt (6) (a), tá cuideachta i gcomhlachas le cuideachta eile má bhíonn rialú ag cuideachta amháin acu ar an gcuideachta eile de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó má bhíonn an bheirt acu faoi rialú, de réir bhrí an ailt sin, an duine chéanna nó na ndaoine céanna.
(8) Maidir le leas i gcuideachta a thagann faoi réim fho-alt (1) (a), measfar nach leas ábhartha é tráth ar bith a mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, eadhon—
(a) go bhfuil sé de cheart ag sealbhóir an leasa an chuideachta a chur á foirceannadh, agus
(b) i gcás foirceannadh, go mbeidh teideal ag an sealbhóir, de bhua an leasa agus aon leasa eile a bheidh aige sa cháil chéanna an tráth sin, chun breis agus 50 faoin gcéad de na sócmhainní a bheidh fágtha tar éis na dliteanais go léir, a bhfuil tosaíocht acu ar an leas nó na leasanna lena mbaineann, a bheith urscaoilte.
(9) Déanfar margadhluach aon sócmhainne chun críocha na Caibidle seo a chinneadh ar an gcaoi chéanna a gcinnfí é chun críocha an Phríomh-Achta ach amháin, i gcás leas i gciste eischósta a bhfuil praghsanna ceannaigh agus díola ar leithligh foilsithe dó, go mbeidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 49 (5) den Acht sin chun margadhluach an leasa a chinneadh chun críocha na Caibidle seo.
Cistí eischósta neamhcháilitheacha.
66.—(1) Chun críocha na Caibidile seo, is ciste neamhcháilitheach ciste eischósta ach amháin le linn tréimhse chuntais de chuid an chiste a ndeimhníonn na Coimisinéirí Ioncaim gur ciste dáileach an ciste i leith na tréimhse sin.
(2) Ní dheimhneofar ciste eischósta mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais mura rud é, maidir leis an tréimhse sin, go saothraíonn an ciste beartas dáilte iomlán, de réir bhrí Chuid I den Chúigiú Sceideal.
(3) Faoi réir Chuid II den Chúigiú Sceideal, ní dheimhneofar ciste eischósta mar chiste dáileach i leith aon tréimhse cuntais más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse sin—
(a) gur leasanna i gcistí eischósta eile breis agus 5 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní an chiste, nó
(b) faoi réir fho-ailt (4) agus (5), gur leasanna i gcuideachta aonair iad breis agus 10 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní an chiste, nó
(c) go bhfuil ar áireamh i sócmhainní an chiste breis agus 10 faoin gcéad de scairchaipiteal eisithe aon chuideachta nó d'aicme ar bith den scairchaipiteal sin, nó
(d) faoi réir fho-alt (6), go mbeidh leasanna ábhartha de bhreis agus aicme amháin sa chiste eischósta agus nach bhfaigheann siad go léir sochair dháilte chuí, de réir bhrí fho-alt (7).
(4) Chun críocha fho-alt (3) (b), déanfar, in aon tréimhse chuntais, an luach, arna shainiú mar chéatadán de luach shócmhainní uile ciste eischósta, den chion sin de shócmhainní an chiste arb é atá ann leas i gcuideachta aonair, a chinneadh amhail ar an ócáid is déanaí (cibé acu sa tréimhse chuntais sin nó i gceann is luaithe) a bhfuair an ciste leas sa chuideachta sin ar chomaoin in airgead nó i luach airgid; ach déanfar neamhshuim chun na críche sin d'aon ócáid—
(a) arbh é a bhí sa leas a fuarthas an sealbhán nua chun críocha mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, lena n-áirítear an mhír sin arna cur chun feidhme le mír 3 nó 4 den Sceideal sin, agus
(b) nach raibh aon chomaoin le tabhairt ar an leas a fuarthas, seachas an leas arbh é a bhí ann na scaireanna bunaidh chun críocha na míre sin 2, lena n-áirítear an mhír sin arna cur chun feidhme amhlaidh.
(5) Ach amháin chun críche luach iomlán shócmhainní ciste eischósta a chinneadh, déanfar neamhsuim, chun críocha fho-alt (3) (b), de leas i gcuideachta más rud é—
(a) go seolann an chuideachta gnó baincéireachta sa Stát nó in áit eile, ar gnó é a chuireann saoráidí cuntais reatha nó taisce ar fáil in airgead reatha ar bith do dhaoine den phobal agus do chomhlachtaí corpraithe, agus
(b) gurb éard é an leas cuntas reatha nó taisce a chuirtear ar fáil i ngnáthchúrsa ghnó baincéireachta na cuideachta.
(6) Déanfar neamhshuim, chun críocha fho-alt (3) (d), d'aon leasanna i gciste eischósta ar leasanna iad—
(a) atá á sealbhú go heisiach ag daoine atá fostaithe chun bainisteoireacht a dhéanamh, nó a bhíonn ag gabháil do bhainisteoireacht a dhéanamh, ar shócmhainní an chiste nó i ndáil leis an mbainisteoireacht sin,
(b) nach bhfuil aon cheart nó ionchas chun bheith rannpháirteach, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon bhrabúis de chuid an chiste ag gabháil leo, agus
(c) nach bhfuil aon cheart ag gabháil leo chun aon ní seachas an praghas a íocadh ar na leasanna a fháil ar ais tráth foirceanta nó fuascailte.
(7) Más rud é, in aon tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, go mbeidh leasanna ábhartha de bhreis agus aicme amháin sa chiste, ansin ní bhfaighidh na haicmí leasanna go léir sochair dháilte chuí (chun críocha fho-alt (3) (d)) mura rud é, dá mba leasanna i gciste eischósta ar leithligh agus dá mba shócmhainní de chuid ciste den sórt sin gach aicme leasanna agus na sócmhainní atá in ionannas don aicme sin, go ndéanfadh gach ceann de na cistí sin ar leithligh (maidir leis an tréimhse sin) beartas dáilte iomlán a shaothrú, de réir bhrí Chuid I den Chúigiú Sceideal.
(8) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal, tosóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta—
(a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó, más déanaí é, cibé tráth a dtosóidh an ciste ar a ghníomhaíochtaí a sheoladh, agus
(b) cibé tráth a gcríochnaíonn tréimhse chuntais an chiste gan an ciste do scor de bheith ag seoladh a chuid gníomhaíochtaí an tráth sin.
(9) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal, críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta an chéad uair a dtarlóidh aon cheann acu seo a leanas—
(a) deireadh tréimhse 12 mhí ó thosach na tréimhse cuntais;
(b) dáta cuntasaíochta de chuid an chiste nó, má tá tréimhse ann nach ndéanann an ciste cuntais amach ina haghaidh, deireadh na tréimhse sin;
(c) an ciste do scor de bheith ag seoladh a chuid gníomhaíochtaí.
(10) Chun críocha na Caibidle seo agus an Chúigiú Sceideal—
(a) críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta ar cuideachta é a thagann faoi réim alt 65 (1) (a) má scoireann an chuideachta, agus an tráth a scoirfidh sí, de bheith ina cónaí lasmuigh den Stát, agus
(b) críochnóidh tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta ar scéim iontaobhais aonad é a thagann faoi réim alt 65 (1) (b) má thagann iontaobhaithe na scéime, agus an tráth a dtiocfaidh siad, chun bheith ina gcónaí sa Stát.
(11) Beidh éifeacht le forálacha Chuid III den Chúigiú Sceideal, agus leis na forálacha forlíontacha atá i gCuid IV den Sceideal sin, maidir leis an nós imeachta chun ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach agus i ndáil leis an deimhniúchán sin.
Cáin ioncaim nó cáin chorparáide a mhuirearú ar ghnóchan ioncaim eischósta.
67.—(1) Má bhíonn diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de réir an Séú Sceideal, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, déileálfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, le méid an ghnóchain sin—
(a) mar ioncam a eascraíonn, tráth na diúscartha, chuig an duine a dhéanann an diúscairt, agus
(b) mar mhéid arb é atá ann brabúis nó gnóchain ar arb inmhuirearaithe cáin faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí mhír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) ina ndéantar an diúscairt.
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht le halt 4 den Phríomh-Acht agus le halt 8 (2) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil le cáin ioncaim nó cáin chorparáide i leith gnóchan ioncaim eischósta amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin chorparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe.
(3) I bhfeidhmiú alt 4 den Phríomh-Acht de réir fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht le mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin 4 ach na focail “sa Stát” a fhágáil ar lár.
(4) I gcás pearsana aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu, ach nach bhfuil sainchónaí orthu, sa Stát, beidh éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 4 den Phríomh-Acht i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe de bhua fho-alt (1) ar ghnóchan ioncaim eischósta amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil i leith gnóchan a d'fhabhraigh chuig na pearsana aonair sin as sócmhainní lasmuigh den Stát a dhiúscairt.
(5) (a) Beidh carthanas díolmhaithe ó cháin i leith gnóchain ioncaim eischósta más chun críocha carthanúla is inchaite agus a chaitear é; ach má scoireann maoin a theachtar ar iontaobhais charthanúla de bheith faoi réir iontaobhas carthanúil agus má tá an mhaoin sin in ionannas, go díreach nó go neamhdhíreach, do ghnóchan ioncaim eischósta, déileálfar leis na hiontaobhaithe ionann is dá mba gur dhiúscair siad an mhaoin sin agus go bhfuair siad ar ais láithreach í ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach, agus déileálfar le haon ghnóchan (arna ríomh de réir an Séú Sceideal) a d'fhabhraigh mar ghnóchan ioncaim eischósta nár fhabhraigh chuig carthanas.
(b) I mír (a) tá le “carthanas” an bhrí chéanna atá leis in alt 334 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus tá le “margadhluach” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht.
(6) In aon chás—
(a) inar diúscairt maoine socraithe, de réir bhrí an Phríomh-Achta, diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo, agus
(b) chun críocha an Phríomh-Achta, gur lasmuigh den Stát de ghnáth a sheoltar riarachán ginearálta na n-iontaobhas agus nach bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát de thuras na huaire ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach díobh,
ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le haon ghnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt is bun leis.
Gnóchain ioncaim eischósta a fhabhraíonn chuig daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu thar lear.
68.—(1) Beidh éifeacht le halt 36 den Phríomh-Acht, i ndáil lena fheidhm maidir le gnóchain ioncaim eischósta, ionann is dá ndéanfaí—
(a) tagairt do ghnóchan ioncaim eischósta a chur in ionad tagairt ar bith do ghnóchan inmhuirearaithe,
(b) tagairt do cháin ioncaim nó cáin chorparáide a chur in ionad na tagartha i bhfo-alt (6) do cháin ghnóchan caipitiúil, agus
(c) míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (4) agus fo-ált (7) a fhágáil ar lár.
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht le halt 37 den Phríomh-Acht, i ndáil lena fheidhm maidir le gnóchain ioncaim eischósta, ionann is dá ndéanfaí—
(a) tagairt do ghnóchan ioncaim eischósta a chur in ionad tagairt ar bith do ghnóchan inmhuirearaithe,
(b) i bhfo-alt (2)—
(i) “na nAchtanna Cánach” a chur in ionad “an Achta seo”, agus
(ii) “cáin ioncaim inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith de bhua alt 67 den Acht Airgeadais, 1990” a chur in ionad “cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith faoi alt 5 (1)”,
agus
(c) i bhfo-alt (5)—
(i) “aon chánach ioncaim nó cánach corparáide is iníoctha” a chur in ionad “aon chánach gnóchan caipitiúil is iníoctha”, agus
(ii) “chun críocha cánach ioncaim, cánach corparáide” a chur in ionad “chun críocha cánach ioncaim”.
(3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta—
(a) go mbeidh gnóchan inmhuirearaithe le cur i leith tairbhí, faoi fho-alt (3) d'alt 37 den Phríomh-Acht, mar atá feidhm aige ar leith ó fho-alt (2) den alt seo, agus
(b) faoin bhfo-alt sin (3), arna chur chun feidhme le fo-alt (2) den alt seo, go mbeidh gnóchan ioncaim eischósta le cur ina leith chomh maith,
beidh éifeacht le halt 37 ionann is dá gceanglódh sé gnóchain ioncaim eischósta a chur i leith duine roimh ghnóchain inmhuirearaithe.
(4) Beidh éifeacht, i ndáil le gnóchain ioncaim eischósta, le mír 7 de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ionann is dá ndéanfaí—
(i) “aon ghnóchain ioncaim eischósta”, a chur in ionad “aon ghnóchain inmhuirearaithe”, agus
(ii) “cánach ioncaim nó cánach corparáide ina leith faoin alt sin 36 nó 37, arna chur chun feidhme le halt 68 den Acht Airgeadais, 1990” a chur in ionad “cánach gnóchan caipitiúil ina leith faoin alt sin 36 nó 37”.
(5) Faoi réir fho-alt (6), d'fhonn a chinneadh an bhfuil pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát faoi dhliteanas cánach ioncaim i leith gnóchain ioncaim eischósta ar diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo is bun leis, i gcás inar duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát a dhéanann an diúscairt—
(a) beidh feidhm ag ailt 57 agus 58 den Acht Airgeadais, 1974, ionann is dá mba ioncam a thagann chun bheith iníoctha leis an duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát an gnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn chuig an duine, agus
(b) aon tagairt sna hailt sin 57 agus 58 d'ioncam de chuid duine den sórt sin, nó d'ioncam is iníoctha leis nó a eascraíonn chuige, dá réir sin folaíonn sí tagairt don ghnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn chuige de thoradh na diúscartha lena mbaineann an Chaibidil seo.
(6) Sa mhéid go ndéileálfar le gnóchan ioncaim eischósta, de bhua fho-alt (1) nó (2), mar ghnóchan a d'fhabhraigh chuig aon duine a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát, ní mheasfar gur ioncam de chuid aon phearsan aonair an gnóchan sin chun críocha alt 57 nó 58 den Acht Airgeadais, 1974, nó Chaibidil I agus II de Chuid XXVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
Gnóchan ioncaim eischósta a asbhaint le linn gnóchan caipitiúil a bheith á chinneadh.
69.—(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás diúscairt (is diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo) a bheith ina bun le gnóchan ioncaim eischósta agus, más diúscairt ar an leas lena mbaineann, chun críocha an Phríomh-Achta, an diúscairt sin freisin, ansin gairfear “an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta” den diúscairt sin san alt seo.
(2) A mhéid a bhaineann siad le gnóchan ioncaim eischósta a eascraíonn ar dhiúscairt ábhartha (de réir bhrí Chuid I den Séú Sceideal), beidh éifeacht le fo-ailt (3) agus (4) i ndáil leis an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta in ionad mhír 2 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin.
(3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, le linn aon ghnóchan a fhabhraíonn as an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta a bheith á ríomh de réir Chuid I de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (faoi réir na bhforálacha breise i Sceidil 2 agus 3 a ghabhann leis an Acht sin), déanfar suim ar cóimhéid leis an ngnóchan ioncaim eischósta a asbhaint ón tsuim arb é a bheadh inti thairis sin méid nó luach na comaoine i leith na diúscartha.
(4) Más é atá diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta diúscairt de chineál a fhágann, de bhua mhír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin, go mbeidh cionroinnt le déanamh ar chaiteachas áirithe, ansin ní dhéanfar aon asbhaint de bhua fho-alt (3) le linn méid nó luach na comaoine i leith na diúscartha a bheith á chinneadh chun críocha na cionroinnte i bhfomhír (2) den mhír sin 6.
(5) Más cuid í an diúscairt chun críocha an Phríomh-Achta d'aistriú lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, ansin, chun críocha fhomhír (4) den mhír sin, measfar gurb é luach na comaoine iomláine a fuair an t-aistreoir mar mhalairt ar an ngnó an luach a bheadh léi dá ndéanfaí luach na comaoine (seachas scaireanna a fuair an t-aistreoir amhlaidh) a laghdú de shuim ar cóimhéid leis an ngnóchan ioncaim eischósta.
(6) I gcás an diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo a bheith ina diúscairt den sórt sin de bhua alt 63 (6) nó 64 (5), ansin beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht ionann is dá mbeadh méid ar comhionann leis an ngnóchan ioncaim eischósta, arb í an diúscairt is bun leis, tugtha (ag an duine a dhéanann an malartú lena mbaineann) mar chomaoin i leith an tsealbháin nua, de réir bhrí mhír 2 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin.
(7) In aon chás—
(a) ina ndéanfar diúscairt lena mbaineann an Chaibidil seo de bhua fho-alt (3) d'alt 64 ar shlí seachas leis an gciste eischósta lena mbaineann nó leis na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt sin, agus
(b) go ndéanfar, dá éis sin, dáileadh is inchurtha i leith na sócmhainne a diúscraíodh a íoc leis an duine a rinne an diúscairt nó le duine a bhfuil baint aige leis, agus
(c) go mbeidh an diúscairt ina bun (de réir Chuid II den Séú Sceideal) le gnóchan ioncaim eischósta,
ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach, measfar méid an chéad dáilte a thagann faoi réim mhír (b) a bheith laghdaithe nó, de réir mar a bheidh, múchta trí mhéid ar comhionann leis an ngnóchan ioncaim eischósta dá dtragraítear i mír (c) a asbhaint uaidh agus, más mó an méid sin ná méid an chéad dáilte, déanfar an t-iarmhéid a fhritháireamh in aghaidh an dara dáileadh agus, más gá, in aghaidh aon dáileadh dá éis sin a thagann faoi réim mhír (b), go dtí go mbeidh an t-iarmhéid ídithe.
(8) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha fho-alt (7) (b).
Caibidil VIII
Liúntais Chaipitiúla
Leasú ar alt 241 (caitheamh agus cuimilt innealra, ghléasra, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
70.—Leasaítear leis seo alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le hinnealra nó gléasra a sholáthrófar le húsáid chun críocha trádála an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí “, agus atá, fad a úsáidfear chun críocha na trádála é, in úsáid go hiomlán agus go heisiach amhlaidh” a chur insteach i ndiaidh “na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonnthréimhse” i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 11 (liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe i limistéir neamhfhorbartha) den Acht Airgeadais, 1967.
71.—Leasaítear leis seo alt 11 (arna leasú le halt 46 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1967—
(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):
“(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, ná 50 faoin gcéad, nó
(iii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ná 25 faoin gcéad,”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh a sholáthrófar lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.
Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971.
72.—Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1971—
(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):
“(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, ná 50 faoin gcéad, nó
(iii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ná 25 faoin gcéad,”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh a sholáthrófar lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.
Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
73.—Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí, “agus go mbeidh an t-innealra nó an gléasra sin, fad a úsáidfear chun críocha na trádála sin é, in úsáid go hiomlán agus go heisiach amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar,” i bhfo-alt (1),
(b) trí “nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis” a chur isteach i ndiaidh “1956” i bhfo-alt (3), agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4), i ndiaidh mhír (bb) (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1988):
“(bbb) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ionann is dá gcuirfí ‘leis an gceathrú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1),”.
Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
74.—Leasaítear leis seo alt 254 (arna leasú le halt 21 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2A), i ndiaidh mhír (a):
“(aa) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘leis an gceathrú’ in ionad ‘leis an deichiú’,”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):
“(2B) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith caiteachais chaipitiúil a thabhófar, an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais tionscail.”,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) Más rud é, i gcás foirgneamh nó déanmhas, ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann, gur cuid d'fhoirgneamh é nó go bhfuil sé ar líon foirgneamh i bhforbairt amháin, nó gur cuid é d'fhoirgneamh atá, é féin, ar líon foirgneamh i bhforbairt amháin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh ar fad nó an lín foirgneamh, de réir mar a bheidh, d'fhonn an caiteachas a chinneadh a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí san alt seo (lena n-áirítear fo-alt (3)) d'fhoirgneamh nó déanmhas.”.
Leasú ar alt 19 (liúntas foirgníochta tionscail maidir le foirgnimh agus déanmhais a cheannófar gan bheith úsáidte) den Acht Airgeadais, 1970.
75.—Leasaítear leis seo alt 19 (arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais, 1974) den Acht Airgeadais, 1970, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2)—
ní fholaíonn ‘caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais’ aon chaiteachas de réir bhrí alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
ciallaíonn ‘an praghas glan a d'íoc’ duine an méid dá bhfreagraíonn A sa chothromóid—
A = B × | C |
____ | |
C + D |
i gcás
gurb é B an méid a d'íoc an duine chun an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas a cheannach;
gurb é C méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais;
gurb é D méid aon chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar caiteachas é chun críocha mhír (a), (b) nó (c) d'alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.”.
Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978.
76.—Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú la halt 48 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1978—
(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):
“(ii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 50 faoin gcéad, nó
(iii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 25 faoin gcéad,”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caiteachas cáilitheach a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.
Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeadais, 1974.
77.—Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974—
(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):
“(ii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin, agus
(iii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná an ceathrú cuid den chaiteachas caipitiúil sin.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):
“(2C) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní dhéanfar aon liúntas foirgneamh feirme arna thabhairt i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.
Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
78.—Leasaítear leis seo alt 265 (arna leasú le halt 45 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “ar tugadh liúntas ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoin gCaibidil seo, agus go dtarlóidh teaghmas ar bith acu seo a leanas” a chur in ionad “agus teagmhas ar bith acu seo a leanas tarlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail” i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 276 (innealra nó gléasra a úsáideadh go páirteach chun críocha nach críocha trádála) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
79.—Leasaítear leis seo alt 276 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le hinnealra nó gléasra a soláthraíodh lena úsáid chun críocha trádála an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí “a bhí, fad a bhí se inúsáid amhlaidh, á úsáid go hiomlán agus go heisiach chun na críche sin agus thairis sin” a chur isteach i ndiaidh “a d'úsáid an duine sin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige agus”.
Leasú ar alt 51 (feidhm liúntas áirithe i ndáil le limistéir áirithe agus caiteachas áirithe) den Acht Airgeadais, 1988.
80.—Leasaítear leis seo alt 51 den Acht Airgeadais, 1988, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2), (3) agus (4):
“(2) Beidh éifeacht le halt 251 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—
(a) ‘nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis’ i bhfo-alt (3) a scriosadh,
(b) míreanna (bb) agus (bbb) d'fho-alt (4) a scriosadh,
(c) an fhoráil seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (4):
‘(d) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “le cúig chúigiú” in ionad “leis an gcúigiú cuid” i bhfo-alt (1).’,
agus
(d) fo-alt (7) a scriosadh.
(3) Beidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967, agus le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—
(a) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990) den alt sin 11, agus
(b) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990) den alt sin 26,
a scriosadh.
(4) Beidh éifeacht le halt 254 den Acht Cánach Ionc aim, 1967, agus le halt 25 den Acht Airgeadais, 1978, i ndáil le caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh tionscail nó áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—
(a) mír (aa) (arna cur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990) d'fho-alt (2A) agus fo-ailt (2B) (arna chur isteach amhlaidh) agus (7) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) den alt sin 254, agus
(b) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990) den alt sin 25,
a scriosadh.”.
Feidhm liúntas áirithe i ndáil le caiteachas áirithe.
81.—(1) Tá feidhm ag an alt seo—
(a) maidir le hinnealra nó gléasra nó le foirgneamh nó déanmhas tionscail a sholáthraítear chun críocha tionscadail a bheidh ceadaithe le haghaidh cúnamh deontais ag an Údarás Forbartha Tionscail, ag Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ag Údarás na Gaeltachta ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig, 1990, agus
(b) (i) maidir le foirgneamh nó déanmhas atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 255 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus atá le bheith cláraithe i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, agus
(ii) maidir le hinnealra nó gléasra a sholáthraítear chun críocha trádála nó cuid de thrádáil arb éard í trádáil óstóireachta a sheoltar san fhoirgneamh nó sa déanmhas sin,
i gcás conradh ceangailteach chun an foirgneamh nó an déanmhas a sholáthar a bheith déanta roimh an 31ú lá de Nollaig, 1990:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo mura gclárófar an foirgneamh nó an déanmhas sin, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a gcríochnófar an foirgneamh nó an déanmhas sin, i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, agus más rud é, de bhua an ailt seo, go mbeidh aon liúntas nó liúntas méadaithe deonaithe, go bhféadfar aon mheasúnachtaí breise is gá a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don choinníoll seo.
(2) Beidh éifeacht le halt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—
(a) “nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis” (arna chur isteach leis an Acht seo) a scriosadh i bhfo-alt (3),
(b) “agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991,” a scriosadh i bhfomhír (ii) de mhír (bb) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) d'fho-alt (4), agus
(c) mír (bbb) (arna cur isteach leis an Acht seo) d'fho-alt (4) a scriosadh.
(3) Beidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967, agus le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá mba rud é—
(a) i ndáil leis an alt sin 11, nár achtaíodh forálacha alt 71, agus
(b) i ndáil leis an alt sin 26, nár achtaíodh forálacha alt 72.
(4) Beidh éifeacht le halt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí —
(a) an fhoráil seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2A):
“(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus”,
(b) mír (aa) (arna cur isteach leis an Acht seo) d'fho-alt (2A) a scriosadh, agus
(c) fo-alt (2B) (arna cur isteach leis an Acht seo) a scriosadh.
(5) Beidh éifeacht le halt 25 den Acht Airgeadais, 1978, i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá mba nár achtaíodh forálacha alt 76.
Caibidil IX
Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
82.—Déantar leis seo fo-alt (3) (arna leasú le halt 60 den Acht Airgeadais, 1986) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a leasú, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhabhróidh as aon diúscairt a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—
(a) trí mhír (a) a scriosadh, agus
(b) trí “ar mó ná bliain ach” a scriosadh i mír (b),
agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt— |
(b) 50 faoin gcéad i gcás nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, |
(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó |
(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad, |
agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin. |
Leasú ar alt 36 (gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairtí talún forbraíochta) den Acht Airgeadais, 1982.
83.—Leasaítear leis seo alt 36 den Acht Airgeadais, 1982—
(a) trí “agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990,” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis,”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhabhróidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt sin:
(i) 50 faoin gcéad, nó
(ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad.”,
agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin: |
(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain tréimhse úinéireachta na sócmhainne ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha, |
(b) (i) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó |
(ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad. |
Leasú ar alt 26 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar scor) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
84.—Leasaítear leis seo alt 26 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975—
(a) trí “seachas i gcuideachta shealbhaíochta,” a chur isteach i ndiaidh “i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair” i bhfo-alt (3),
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) I gcás diúscairt scaireanna nó urrús i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair, ar cuideachta shealbhaíochta í, a bheith ar áireamh i ndiúscairt sócmhainní cáilitheacha, is é an méid den chomaoin a chuirfear i gcuntas chun críocha fho-alt (1) i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin an chionúireacht den chomaoin i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin is comhionann leis an gcoibhneas idir an chuid de luach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid an ghrúpa trádála (gan scaireanna nó urrúis de chuid comhalta amháin den ghrúpa sin atá á sealbhú ag comhalta eile den ghrúpa a áireamh) tráth na diúscartha is inchurtha i leith luach sócmhainní inmhuirearaithe gnó an ghrúpa trádála agus luach sócmhainní iomlána an ghrúpa trádála.”,
agus
(c) i bhfo-alt (6) (a)—
(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”:
“measfar gur ‘fochuideachta 100 faoin gcéad’ cuideachta do chuideachta eile má bhíonn, agus fad a bheidh, 100 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta eile sin;”,
(ii) trí “nó cuideachta is comhalta de ghrúpa trádála arb í cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair sin a chuideachta shealbhaíochta” a chur isteach i ndiaidh “cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair” sa mhíniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”,
(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir oibre lánaimsire”:
“ciallaíonn ‘cuideachta shealbhaíochta’ cuideachta arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó (gan aird a thabhairt ar aon trádáil a sheolann sí) sealbhú scaireanna nó urrús de chuid cuideachta amháin nó níos mó ar fochuideachtaí 100 faoin gcéad di iad;”,
(iv) trí “nó ar chomhalta í de ghrúpa trádála arb í cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair sin a chuideachta shealbhaíochta” a chur isteach i ndiaidh “arbh í a chuideachta theaghlaigh í” sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha”, agus
(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta thrádála”:
“ciallaíonn ‘grúpa trádála’ grúpa cuideachtaí arb éard é an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí 100 faoin gcéad, arb é atá go hiomlán nó go formhór i ngnó a chomhaltaí, á nglacadh le chéile, trádáil nó trádálacha a sheoladh.”.
Leasú ar alt 27 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
85.—Déantar leis seo alt 27 (arna leasú le halt 8 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a leasú, trí “fo-alt (3) nó (3A), de réir mar a bheidh, d'alt 26” a chur in ionad “alt 26 (3)” i bhfo-alt (3).
Leasú ar Sceideal 1 (rialacha ríomha) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
86.—Maidir le leithreasú a dhéanfar isteach i stoc trádála ar dháta rite an Achta seo nó ar dháta dá éis, leasaítear leis seo mír 15 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an choinníll a ghabhann le fomhír (3):
“Ar choinníoll freisin nach ndéanfar roghnú faoin bhfomhír seo in aon chás ina mbeadh feidhmiú fhorálacha fhomhír (1) ina bhun le caillteanas inlamhála.”.
Feidhm mhír 2 (scairchaipiteal a atheagrú nó a laghdú) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, maidir le hiontaobhais aonad.
87.—Leasaítear leis seo Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):
“2A.—(1) Sa mhír seo, folaíonn tagairtí d'atheagrú aonad i scéim iontaobhais—
(a) aon chás ina ndéantar, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, aonaid sa scéim a leithroinnt ar dhaoine i leith agus de réir (nó, chomh gar agus is féidir, de réir) a sealbhán d'aonaid sa scéim nó d'aon aicme aonad sa scéim, agus
(b) aon chás ina bhfuil breis agus aicme amháin aonad ann agus ina n-athraítear na cearta a ghabhann le haonaid d'aicme ar bith.
(2) Beidh feidhm ag mír 2, fara aon choigeartú is gá, i ndáil le hatheagrú nó laghdú a dhéanfar ar aonaid in aon scéim iontaobhais aonad atá cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, nó atá údaraithe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989), ionann is (ach amháin maidir le fomhír (6) den mhír sin)—
(a) dá mba chuideachta an scéim sin, agus
(b) dá mba scaireanna sa chuideachta na haonaid sa scéim sin:
Ar choinníoll, dá mba rud é, murach an coinníoll seo, go mbeadh feidhm ag an mír seo maidir le haon atheagrú nó laghdú a dhéanfaí, i mbliain mheasúnachta, ar aonaid i scéim iontaobhais aonad sa chaoi is go ndéileálfaí le haonaid, a meastar nach sócmhainní inmhuirearaithe iad don bhliain sin chun críocha an Achta seo, mar ‘scaireanna bunaidh’ nó mar ‘sealbhán nua’ de réir bhrí mhír 2 (1), nach mbeidh feidhm ansin ag mír 2 maidir leis an atheagrú nó leis an laghdú sin ar aonaid sa scéim iontaobhais aonad.
(3) Na tagairtí i bhfomhír (2) (lena n-áirítear an coinníoll a ghahann léi) do mhír 2, ní fholaíonn siad tagairtí don mhír sin arna cur chun feidhme le mír 3 nó 4.”.
CUID II
Custaim agus Mál
Léiriú (Cuid II).
88.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975);
ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú dFhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979).
Hidreacarbóin.
89.—(1) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear in alt 56 (3) den Acht Airgeadais, 1988, a ríomh de réir £2.56 an heictilítear maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi, an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó dá éis, de réir an ráta a shonraítear in alt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1989.
(2) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £0.393 an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (9) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987 (I.R. Uimh. 19 de 1987).
Uiscí boird.
90.—Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1981) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £0.29 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (3) den Acht Airgeadais, 1986.
Teilifíseáin.
91.—Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) d'Ordú 1979 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de reír an Seachtú Sceideal in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 274) (Teilifíseáin), 1985 (I.R. Uimh. 41 de 1985).
Fís-seinnteoirí.
92.—Déanfar an dleacht máil ar fhís-seinnteoirí a fhorchuirtear le mír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 260) (Dleacht Máil ar Fhís-Seinnteoirí), 1982 (I.R. Uimh. 49 de 1982) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, de réir £20 in aghaidh gach fís-seinnteora in ionad an ráta a shonraítear in alt 59 den Acht Airgeadais, 1983.
Ceirníní gramafóin.
93.—Ní dhéanfar an dleacht máil ar cheirníní gramafóin, a fhorchuirtear le mír 5 (1) d'Ordú 1979, a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis.
Lasáin.
94.—Ní dhéanfar an dleacht máil ar lasáin, a fhorchuirtear le mír 13 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis.
Lastóirí meicniúla.
95.—Ní dhéanfar an dleacht máil ar lastóirí meicniúla, a fhorchuirtear le halt 75 (2) den Acht Airgeadais, 1980, a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Fheabhra, 1990, nó aon lá dá éis.
Táirgí tobac.
96.—(1) San alt seo agus san Ochtú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac píopa milsithe”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a-choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an Acht Airgeadais, 1988.
(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1990, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1989.
CUID III
Cáin Bhreisluacha
Léiriú (Cuid III).
97.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972;
ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978;
ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985;
ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Airgeadais, 1986;
ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht Airgeadais, 1989.
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.
98.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht trí “capaill,” a chur isteach i ndiaidh “bólacht,” sa mhíniú ar “beostoc” i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.
99.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht trí “, capaill bheo” a scriosadh as míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982).
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.
100.—Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (6)—
(a) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “dá phríomhfhoras,” i gclásal (II) d'fhomhír (ii) de mhír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus
(b) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (II) d'fhomhír (ii) de mhír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):
“(III) gur duine é a bhfuil foras aige sa Stát agus gur sa tír ina measfaí, murach an fhomhír seo, na seirbhísí a bheith á soláthar, dá phríomhfhoras,”.
Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.
101.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht trí “capaill bheo agus” a scriosadh as an míniú ar “toradh talmhaíochta” i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.
102.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985)—
(a) i mír (a)—
(i) trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus
(ii) trí “, (bb)” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) a scriosadh,
(b) trí mhír (bb) (a cuireadh isteach le hAcht 1989) a scriosadh, agus
(c) i mír (d)—
(i) trí “2.3 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1989), agus
(ii) trí “agus cúnna beo, agus le fruiliú capall” a chur isteach i ndiaidh “beostoic”.
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.
103.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.3 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1989) i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.
104.—Leasaítear leis seo alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—
(a) trí “agus ar chúnna beo” a chur isteach i ndiaidh “ar bheostoc” i mír (b) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985), agus
(b) trí “i mír (xviii)” a chur in ionad “i míreanna (xviii), (xx) agus (xxi)” i bhfo-alt (2).
Ní bheidh feidhm, go ceann tréimhse teoranta, ag alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht maidir le seirbhísí áirithe.
105.—Maidir leis an tréimhse ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1990, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1990, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 17 den Phríomh-Acht i gcás soláthar seirbhísí a shonraítear i mír (va) (arna cur isteach leis an Acht seo) den Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
106.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí “, gan teagasc i dtiomáint feithiclí bóthair inneallghluaiste, seachas feithiclí atá deartha nó déanta chun earraí a iompar agus a bhfuil cumas iompair 1.5 tona nó níos mó acu, a áireamh,” a chur isteach i ndiaidh “den chineál céanna” i mír (ii),
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (viii) (a cuireadh isteach le hAcht 1985):
“(viiia) soláthar seirbhísí cultúrtha, agus earraí a bhfuil dlúthcheangal acu leis na seirbhísí sin, ag aon chomhlacht cultúrtha, cibé acu bunaithe le reacht nó faoi reacht nó ar shlí eile, atá aitheanta mar chomhlacht den sórt sin ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na míre seo, nach seirbhísí lena mbaineann mír (viii);”,
(c) trí mhíreanna (xx) agus (xxi) a scriosadh, agus
(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xxii):
“(xxiia) soláthar seirbhísí ag grúpa neamhspleách daoine (is grúpa ar eintiteas neamhspleách é, arna bhunú chun riarachán a éascú, ag daoine a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí díolmhaithe ó cháin nó nach bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir cánach) chun na seirbhísí a dhéanamh dá chomhaltaí is gá go díreach chun a gcuid gníomhaíochtaí a fheidhmiú agus i gcás nach ngnóthaíonn an grúpa óna comhaltaí ach aisíocaíocht chruinn i leith sciar gach comhalta de na comhchaiteachais;”.
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
107.—Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (i), i ndiaidh fhomhír (a):
“(aa) leictreachas:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le himdháileadh aon leictreachais i gcás gur imdháileadh é a dhéantar go hiomlán nó go formhór i dtaca le himdháileadh comharthaí cumarsáide,”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (v):
“(va) seirbhísí teileachumarsáide (lena n-áirítear soláthar earraí agus seirbhísí a chomhghabhann leis an gcéanna) arna soláthar ag Bord Telecom Éireann nó ag aon duine a bheidh ceadúnaithe de réir fho-alt (1) d'alt 111 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983, seachas seirbhísí den chineál a shonraítear i mír (d), (e) nó (f) d'fho-alt (3) d'alt 87 den Acht sin;”,
(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):
“(x) nuachtáin agus tréimhseacháin, a fhoilsítear de ghnáth uair sa choicís ar a laghad, arb é atá go hiomlán nó go formhór in ábhair gách eagráin, ó thaobh méid an ábhair chlóite iontu, faisnéis faoi na príomhchúrsaí reatha agus nithe is díol spéise don phobal i gcoitinne;”,
agus
(d) trí “, nach seirbhísí den chineál a shonraítear i mír (viiia) den Chéad Sceideal” a chur isteach i ndiaidh “eolaíochta” i mír (xiiih) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987).
CUID IV
Dleachtanna Stampa
Tobhach ar bhainc.
108.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £15,000,000 a bhaint as an gcomhrann;
ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1989, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;
ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin (ar tuairisceáin iad a bhaineann le brainsí cónaitheacha) a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 18ú lá d'Eanáir, 1989, an 15ú lá d'Fheabhra, 1989, an 31ú lá de Mhárta, 1989, an 28ú lá d'Aibreán, 1989, an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, an 30ú lá de Mheitheamh, 1989, an 31ú lá d'Iúil, 1989, an 31ú lá de Lúnasa, 1989, an 29ú lá de Mheán Fómhair, 1989, an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989, an 30ú lá de Shamhain, 1989, agus an 29ú lá de Nollaig, 1989:
ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí neamh-Rialtais, agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.
(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1990, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:
(a) 0.3 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £130,000,000 agus
(b) 0.4055 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £130,000,000:
Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £130,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.3 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.
(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 13ú lá de Mheán Fómhair, 1990, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.
(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.
Tobhach ar infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta.
109.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “duine cuntasach”, i ndáil le gnóthas, duine a mbeidh úinéireacht dhlíthiúil shócmhainní an ghnóthais dílsithe dó agus folaíonn sé freisin aon sealbhóir aonad agus aon chuideachta bhainisteoireachta, gníomhaire, idirghabhálaí, bróicéir, nó aon duine eile a bhíonn ag gabháil d'aonaid a mhargú le cónaitheoirí sa Stát nó ar páirtí é in idirbheart lena ngabhann ceannach aonad i ngnóthas ag sealbhóir aonad;
tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947;
tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980;
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe”, i ndáil le gnóthas agus i ndáil leis an tréimhse ón lú lá d'Fheabhra, 1990, go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1990, agus gach ráithe dá éis sin, méid nó luach an chaipitil a bheidh infheistithe i ngnóthas sa tréimhse nó sa ráithe sin ag sealbhóirí aonad, nó thar a gceann, gan asbhaint a dhéanamh maidir le haon choimisiúin a íocadh nó le haon chaiteachais eile a tabhaíodh i ndáil leis an infheistíocht sin, i gcomaoin ceannach aonad sa ghnóthas sin ag na sealbhóirí aonad sin nó thar a gceann ach gan féachaint don chaipiteal a bheidh infheistithe i gcomaoin ceannach aonad eisiata ag sealbhóirí aonad nó thar a gceann;
ciallaíonn “Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;
ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht atá corpraithe sa Stát agus a bhfuil dliteanas teoranta aige nó, más faoi dhlí aon dlínse eile a corpraíodh nó a foirmíodh thairis sin é, a fhreagraíonn, faoin dlí sin, do chomhlacht atá corpraithe amhlaidh sa Stát;
ciallaíonn “dearbhú”, i ndáil le ceannach aonad ag daoine nach gcónaíonn sa Stát, dearbhú i scríbhinn—
(a) atá déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí,
(b) a dhearbhaíonn nach sa Stát atá cónaí, tráth déanta an dearbhaithe, ar an duine nó, de réir mar a bheidh, ar na daoine go léir ag a bhfuil teideal tairbhiúil chuig an leas i ndáil leis na haonaid sin,
(c) ina bhfuil, maidir leis an duine, nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine, a luaitear i mír (b)—
(i) ainm an duine,
(ii) seoladh a phríomháite cónaithe, agus
(iii) ainm na tíre ina bhfuil cónaí air tráth déanta an dearbhaithe,
agus
(d) ina bhfuil cibé faisnéis eile a iarrfaidh na Coimisinéirí le réasún chun críocha an ailt seo;
tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;
ciallaíonn “aonaid eisiata”—
(a) aonaid nach bhfuil cónaí, mar a fhoráiltear sna hAchtanna Cánach Ioncaim, sa Stát ar na daoine ag a bhfuil an leas tairbhiúil iontu agus a ndearna na daoine sin, an tráth ar cheannaigh siad na haonaid, dearbhú ina leith leis an duine ónar ceannaíodh na haonaid sin;
(b) aonaid de chuid gnóthais a bheidh athcheannaithe nó fuascailte ó shealbhóir aonad ag cuideachta bhainisteoireachta ar iarratas ón sealbhóir aonad sin;
(c) aonaid i ngnóthas a bheidh ceannaithe ag sealbhóir aonad, nó thar a cheann, as brabúis nó ioncam neamhdháilte ó aonaid a bhí á sealbhú cheana féin ag an sealbhóir aonad sin sa ghnóthas sin;
(d) aonaid a bheidh ceannaithe ag comhlacht daoine, nó thar ceann comhlachta daoine, a bunaíodh chun críocha carthanúla agus chuige sin amháin nó ag na hiontaobhaithe ar iontaobhas a bunaíodh amhlaidh ag gníomhú dóibh thar ceann an iontaobhais sin agus i gcás gur carthanas chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim an comhlacht nó an t-iontaobhas sin;
(e) aonaid a bheidh ceannaithe ag árachóir nó thar ceann árachóra ag gníomhú dó i gcúrsa a ghnó mar árachóir;
(f) aonaid i ngnóthas a bheidh ceannaithe ag sealbhóir aonad, nó thar a cheann, mar mhalairt ar aonaid a shealbhaigh sé i ngnóthas eile ar choinníoll gur fochistí de chuid bratchiste na gnóthais sin araon;
(g) aonaid a bheidh ceannaithe ag scéim pinsean gairme, nó thar a ceann;
(h) aonaid a bheidh ceannaithe ag duine, nó thar ceann duine, ag gníomhú dó i gcúrsa a ghnó san aerfort nó sa Limistéar;
(i) aonaid a bheidh ceannaithe ag gnóthas, nó thar ceann gnóthais, is gnóthas lena mbaineann an t-alt seo;
ciallaíonn “árachóir” sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);
ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a sholáthraíonn saoráidí iomchuí i ndáil le gnóthas;
ciallaíonn “cuideachta bhainisteoireachta”, i ndáil le gnóthas, cuideachta a dhéanann bainisteoireacht, i gcúrsa oibríochtaí trádála a sheolann an chuideachta, ar na hinfheistíochtaí go léir agus ar na gníomhaíochtaí eile go léir de chuid ghnó an ghnóthais, nó ar aon chuid den chéanna;
ciallaíonn “scéim pinsean gairme” aon scéim nó comhshocraíocht—
(a) atá i gceist in ionstraim nó comhaontú amháin nó níos mó, agus
(b) a sholáthraíonn sochair, nó ar féidir sochair a sholáthar fúithi, i ndáil le daoine atá fostaithe i bhfostaíocht de thuairisc ar bith agus a chónaíonn sa Stát, agus
(c) (i) a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críche Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1972, nó
(ii) a bhfuil breithniú á dhéanamh ar an iarratas chun í a cheadú faoi Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1972, nó
(iii) is scéim reachtúil lena mbaineann alt 17 den Acht Airgeadais, 1972;
ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí tar éis dháta rite an Achta seo ar críoch di an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh (seachas an 30ú lá de Mheitheamh, 1990), an 30ú lá de Mheán Fómhair agus an 31ú lá de Nollaig;
ciallaíonn “saoráidí iomchuí”, i ndáil le gnóthas—
(a) aonaid an ghnóthais a mhargú sa Stát,
(b) gníomhú sa Stát mar idirghabhálaí i gceannach aonaid an ghnóthais ag daoine, nó thar ceann daoine, a chónaíonn sa Stát nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin, agus
(c) saoráidí a sholáthar sa Stát, thar ceann an ghnóthais, ar saoráidí iad chun íocaíochtaí a dhéanamh le sealbhóirí a chuid aonad, nó chun a chuid aonad a athcheannach nó a fhuascailt;
ciallaíonn “gnóchain iomchuí”, i ndáil le gnóthas, gnóchain a fhabhraíonn don ghnóthas ar gnóchain iad a bheadh ina ngnóchain inmhuirearaithe dá mbeidís i lámha duine a chónaíonn sa Stát;
ciallaíonn “ioncam iomchuí”, i ndáil le gnóthas, aon mhéideanna ioncaim, brabús nó gnóchan a eascraíonn chuig an ngnóthas, nó is infhaighte aige, ar méideanna ioncaim, brabús nó gnóchan iad—
(a) a íoctar nó a íocfar le sealbhóirí aonad mar íocaíochtaí iomchuí, nó
(b) as a ndéantar nó as a ndéanfar íocaíochtaí iomchuí le sealbhóirí aonad, nó
(c) a ndéantar nó a ndéanfar iad a charnadh, nó a infheistiú in aon mhaoin, chun sochair do shealbhóirí aonad,
agus ar méideanna iad a bheadh, dá n-eascróidís chuig pearsa aonair a chónaíonn sa Stát, ina n-ioncam, i lámha na pearsan aonair, chun críocha cánach ioncaim;
ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht a dhéanfaidh gnóthas le sealbhóir aonad de bhíthin cearta a tugadh don sealbhóir aonad de thoradh aonad nó aonaid sa ghnóthas a shealbhú, seachas íocaíocht a dhéanfar i ndáil le haonad a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach;
ciallaíonn “brabúis iomchuí”, i ndáil le gnóthas, ioncam iomchuí agus gnóchain iomchuí an ghnóthais;
ciallaíonn “bratchiste” gnóthas atá roinnte ina fhochistí éagsúla agus a bhfuil teideal ag na sealbhóirí aonad ann cearta i bhfochiste amháin a mhalartú ar chearta i bhfochiste eile;
ciallaíonn “gnóthas” gnóthas ar ceann dá phríomhchuspóirí caipiteal a cruinníodh ón bpobal a chomhinfheistiú i maoin ar bith agus a bhféadfar, ar iarratas ó na sealbhóirí aonad, na haonaid dá chuid a athcheannach nó a fhuascailt, go díreach nó go neamhdhíreach, as sócmhainní an ghnóthais, agus folaíonn sé iontaobhas aonad, UCITS, nó gnóthas infheistíochta eile dá samhail agus, i gcás gnóthais infheistíochta dá samhail, ar gnóthas é, i dtuairim na gCoimisinéirí, lena mbaineann an t-alt seo d'ainneoin gur cuideachta é an gnóthas sin a eisíonn scaireanna chuig an bpobal cibé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar na scaireanna sin a athcheannach nó a fhuascailt go díreach nó go neamhdhíreach as sócmhainní an ghnóthais;
folaíonn “aonaid” scaireanna agus aon ionstraimí eile a thugann teideal chun sciar d'infheistíochtaí nó d'ioncam gnóthais a fháil nó chun dáileadh a fháil ó ghnóthas;
tá le “UCITS” an bhrí a shanntar dó le halt 19 den Acht Airgeadais, 1989;
ciallaíonn “sealbhóir aonad”, i ndáil le gnóthas, aon duine atá, de thoradh aonad a shealbhú, nó faoi théarmaí aonaid, sa ghnóthas, i dteideal sciar d'aon infheistíochtaí nó d'aon bhrabúis iomchuí de chuid an gnóthais a fháil, nó i dteideal dáileadh a fháil ón ngnóthas;
ciallaíonn “iontaobhas aonad” scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972.
(2) Seachadfaidh duine cuntasach ráiteas i scríbhinn ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an méid inmheasúnaithe maidir leis an duine cuntasach sin—
(a) i leith na tréimhse ón 1ú lá d'Fheabhra, 1990, go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1990, laistigh de 30 lá ón 30ú lá de Mheitheamh, 1990, agus
(b) i leith gach ráithe, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe den sórt sin:
Ar choinníoll, más fóirsteanach déanamh amhlaidh agus má chomhaontaigh na Coimisinéirí leis, go bhféadfaidh duine, ar duine cuntasach é i ndáil le gnóthas, ráiteas a sheachadadh mar a cheanglaítear faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo agus íocaíocht a dhéanamh mar a cheanglaítear faoi fho-alt (4) thar ceann duine amháin nó níos mó ar daoine cuntasacha freisin iad maidir leis an ngnóthas sin, agus, i gcás aon seachadadh nó íocaíocht a dhéanfar thar ceann duine cuntasaigh amháin nó níos mó, measfar gur seachadadh é agus gur íocaíocht í ag gach duine acu chun críocha an ailt seo.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le trí faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an duine cuntasach an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh duine cuntasach de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) I gcás go mainneoidh an duine cuntasach aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó go mainneoidh an duine cuntasach aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth seachadta an ráitis sin, dlífidh an duine sin, i dteannta na dleachta a íoc, ús a íoc uirthi de réir 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá a n-íocfar an dleacht agus beidh an t-ús sin inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid é den dleacht is iníoctha.
(6) Tabharfaidh duine cuntasach do na Coimisinéirí cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar dhuine cuntasach a sheachadadh.
(7) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (6), déanfaidh duine cuntasach, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh le fógra ó na Coimisinéirí, tuairisceán ar na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—
(a) ainm agus seoladh gach duine a chónaíonn sa Stát agus a ndearna an duine cuntasach aon ní acu seo a leanas ina leith i gcúrsa saoráidí iomchuí a sholáthar i ndáil le gnóthas le linn cibé tréimhsí a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—
(i) gníomhú mar dhuine cuntasach i gceannach aonad sa ghnóthas ag, nó thar ceann, aon duine acu sin nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin,
(ii) saoráidí a sholáthar i ndáil leis an ngnóthas do dhéanamh íocaíochtaí le haon duine acu sin a bhfuil aonaid de chuid an ghnóthais á sealbhú aige, agus
(iii) saoráidí a sholáthar le haghaidh athcheannach nó fuascailt aonad de chuid an ghnóthais a bhí á sealbhú ag aon duine acu sin,
agus
(b) más iomchuí, maidir le gach duine den sórt sin—
(i) ainm agus seoladh gach gnóthais—
(I) ar cheannaigh an duine sin aonaid dá chuid, nó ar ceannaíodh thar a cheann iad, nó ar díoladh leis iad, ar an tslí sin sa tréimhse sin,
(II) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann i ndáil leis an ngnóthas do dhéanamh íocaíochtaí leis an duine sin sa tréimhse sin, agus
(III) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann le haghaidh an gnóthas do dhéanamh athcheannach nó fuascailt sa tréimhse ar aonaid sa ghnóthas a bhí á sealbhú ag an duine sin,
agus
(ii) (I) luach nó luach iomlán na n-aonad a cheannaigh an duine sin, nó a ceannaíodh thar a cheann, nó a díoladh leis, sa tslí sin,
(II) méid na n-íocaíochtaí a rinne an gnóthas amhlaidh leis an duine sin, agus
(III) luach nó luach iomlán na n-aonad a bhí á sealbhú ag an duine sin agus a d'athcheannaigh nó a d'fhuascail an gnóthas amhlaidh,
agus, maidir leis an tuairisceán sin, beidh na Coimisinéirí i dteideal a cheangal go dtabharfaí ar aird aon leabhair nó taifid de chuid an duine chuntasaigh a bhaineann leis an gceannach aonad sin nó leis an soláthar saoráidí sin, agus beidh siad i dteideal iniúchadh a dhéanamh orthu.
(8) Ní mór do dhuine, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh trí fhógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, sonraí i ndáil le díol nó ceannach aonad i ngnóthas ag an duine sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é, ráiteas ag fíorú na sonraí sin a sheachadadh orthu, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an díol nó leis an gceannach sin.
(9) I gcás go mainneoidh duine cuntasach aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear le fo-alt (2), nó aon dleacht a íoc de bhun fho-alt (4), agus go mbeidh an mhainneachtain sin ina bun le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon, eadhon—
(a) ráiteas neamhiomlán nó neamhchruinn, agus
(b) íocaíocht dleachta neamh-leordhóthanach,
dlífear pionós £2,000, nó 25 faoin gcéad den dleacht iomlán ab iníochta murach go ndearna sé mainneachtain, cibé acu is mó, a chur air.
(10) Beidh an dleacht a mhuirearófar faoi fho-alt (3) agus aon ús a mhuirearófar faoi fho-alt (5) inghnóthaithe ó aon duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas—
(a) na daoine cuntasacha lena mbaineann,
(b) i gcás aon duine cuntasach lena mbaineann a bheith marbh, a ionadaithe pearsanta, agus
(c) aon ghlacadóir, leachtaitheoir nó riarthóir a bheidh ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthaí an duine chuntasaigh lena mbaineann.
(11) Aon duine cuntasach a mbeidh fógra i scríbhinn seirbheáilte ag na Coimisinéirí air á cheangal air ráiteas a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó i dtaobh na dleachta is iníoctha faoi fho-alt (3) mar aon le haon ús is iníoctha faoi fho-alt (5), dlífear, ar é do mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh, nó an dleacht sin más ann, agus ús mar a bheidh leagtha amach san fhógra sin a íoc, laistigh de 30 lá ón dáta ar eisíodh an fógra sin, na pionóis seo a leanas a chur air—
(a) i gcás an fógra sin a bheith seirbheáilte ar dhuine cuntasach maidir le haonaid atá á sealbhú aige mar shealbhóir aonad, £2,000 nó 25 faoin gcéad den dleacht mar aon le haon ús is iníoctha, cibé acu is mó, agus £100 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain,
(b) i gcás an fógra sin a bheith seirbheáilte ar aon duine cuntasach eile, £20,000 nó 25 faoin gcéad den dleacht mar aon le haon ús is iníoctha, cibé acu is mó, agus £500 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain,
agus féadfaidh na Coimisinéirí, chun críocha an fho-ailt seo, méid na dleachta is iníoctha a mheas ó aon fhaisnéis a bheidh ar fáil dóibh.
(12) Bunóidh agus cothóidh na Coimisinéirí clár de dhaoine, seachas sealbhóirí aonad, atá, nó a d'fhéadfadh teacht chun bheith, ina ndaoine cuntasacha agus soláthróidh siad saoráidí d'iniúchadh an chláir sin ag an bpobal cibé tráthanna agus ar cibé coinníollacha a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith réasúnach.
(13) Gach duine ar duine cuntasach é ar dháta rite an Achta seo, seachas duine ar duine cuntasach é de bhíthin amháin gur sealbhóir aonad é, déanfaidh sé (d'fhonn clárú mar dhuine den sórt sin), laistigh den tréimhse 60 lá tar éis dháta rite an Achta seo, ráiteas a thabhairt do na Coimisinéirí ina leagfar amach cibé sonraí a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil le bunú agus cothabháil an chláir dá bhforáiltear i bhfo-alt (12).
(14) Tar éis dháta rite an Achta seo gach duine a thiocfaidh chun bheith ina dhuine cuntasach nó a bheartóidh teacht chun bheith ina dhuine cuntasach, seachas duine a thiocfaidh chun bheith nó a bheartóidh teacht chun bheith ina dhuine cuntasach de bhíthin amháin gur sealbhóir aonad é nó gur sealbhóir aonad a bheidh ann, déanfaidh sé (d'fhonn clárú mar dhuine den sórt sin), tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag sula mbeidh an duine sin páirteach i soláthar saoráidí iomchuí, an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (13) a thabhairt do na Coimisinéirí.
(15) Aon duine cuntasach a mhainneoidh déanamh de réir fhorálacha fho-alt (13) nó fho-alt (14) dlífear pionós £20,000 a chur air mar aon le pionós breise £100 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain.
(16) Aon sealbhóir aonad a cheannóidh aonaid i ngnóthas, lena n-áirítear aonaid i bhfoirm stocdheimhniú chuig iompróir, ó dhaoine nó trí dhaoine nach bhfuil cláraithe faoi fhorálacha fho-alt (12), dlífear pionós £2,000, nó suim ar cóimhéid le 25 faoin gcéad den chaipiteal a bheidh infheistithe ag an sealbhóir aonad ag ceannach na n-aonad sin, cibé acu is mó, a chur air, agus beidh aon phionós den sórt sin inghnóthaithe ar an tslí chéanna amhail is dá mba chuid é den dleacht ab iníochta:
Ar choinníoll go bhféadfaidh aon sealbhóir aonad lena mbaineann an fo-alt seo, laistigh de 30 lá tar éis na haonaid sin a fháil, an ráiteas sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sheachadadh agus an dleacht sin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a íoc.
(17) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin a mheasfaidh siad is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo nó chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh.
(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act,1891.
110.—(1) San alt seo ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.
(2) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “BOND, COVENANT, or INSTRUMENT of any kind whatsoever” sa Chéad Sceideal.
(3) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid II den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal.
(4) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid III den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal.
(5) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid IV den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty” sa Chéad Sceideal.
(6) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid V den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “LEASE” sa Chéad Sceideal.
(7) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VI den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “MORTGAGE, BOND, DEBENTURE, COVEN-ANT (except a marketable security) and WARRANT OF ATTOR-NEY to confess and enter up judgement” sa Chéad Sceideal.
(8) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VII den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “RELEASE or RENUNCIATION of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal.
(9) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid VIII den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “SURRENDER of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal.
(10) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid IX den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “SHARE WARRANT issued under the provisions of the Companies Acts, and STOCK CERTIFICATE to bearer” sa Chéad Sceideal.
(11) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal trí na Ceannteidil “REC-ONVEYANCE, RELEASE or RENUNCIATION of any security” agus “RENUNCIATION. See RECONVEYANCE and RELEASE” a scriosadh.
(12) Beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (6) maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an lú lá de Mheán Fómhair, 1990, nó dá éis.
Leasú ar alt 58 (directions as to duty in certain cases) den Stamp Act, 1891.
111.—Leasaítear leis seo alt 58 (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1981) den Stamp Act, 1891, trí “paragraph 8” a chur in ionad “paragraph 4” i bhfo-alt (8).
Dleacht stampa ar aistrithe talún foirgníochta.
112.—(1) D'ainneoin fhorálacha alt 77 (2) den Stamp Act, 1891, agus alt 10 den Finance Act, 1900, más rud é, i ndáil le díol nó leasú aon talún nó mar chuid d'aon chomhshocraíocht a ghabhann leis an gcéanna, go mbeidh teach cónaithe nó árasán foirgnithe, á fhoirgniú nó le foirgniú ar an talamh sin, beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim trína gcuirtear an díol nó an léasú sin i gcrích—
(a) i gcás an díola sin, faoin gCeannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—
(i) aon chomaoin a íocadh i leith an talamh sin a dhíol, agus
(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin;
(b) i gcás an léasaithe sin, faoin gCeannteidéal “LEASE” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—
(i) aon chomaoin (seachas cíos) a íocadh i leith an talamh sin a léasú, agus
(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar teach cónaithe nó árasán a bheith foirgnithe, á fhoirgniú nó le foirgniú i ndáil le díol nó léasú aon talún, nó mar chuid d'aon chomhshocraíocht a ghabhann leis an gcéanna, má bhí tús curtha leis an bhfoirgniú sular forghníomhaíodh aon ionstraim trínar cuireadh an díol nó an léasú i gcrích.
(3) (a) Más rud é, i gcás ionstraim díola nó léasaithe ar bith lena mbaineann an t-alt seo, nach féidir, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, an chomaoin chomhiomlán lena mbaineann mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) a fhionnadh ar an dáta a dtíolacfar an ionstraim lena stampáil, ansin beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim amhail is dá mba ionann méid na comaoine comhiomláine is inmhuirearaithe faoi fho-alt (1) agus 10 oiread mhargadhluach oscailte neamhualaithe na talún ar dháta na hionstraime díola nó léasaithe nó cibé iolrú is lú ná sin, ach nach lú ná 5, ar mhargadhluach oscailte na talún is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim ag féachaint don fhaisnéis iomchuí a bheidh ar fáil dóibh.
(b) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mba mhó méid na dleachta stampa a íocadh faoi fhorálacha an fho-ailt seo ná an dleacht stampa a bheadh muirearaithe ar an ionstraim faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) dá bhféadfaí an chomaoin chomhiomlán a íocadh nó a bhí le híoc i leith an tí chónaithe nó an árasáin a fhionnadh ar dháta stampála na hionstraime, ansin déanfar méid na dleachta stampa breise sin a aisíoc, ar iarratas a bheith déanta chuig na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 3 bliana tar éis dháta stampála na hionstraime, leis an duine nó leis na daoine a d'íoc an dleacht stampa agus íocfar ús simplí ar an aisíocaíocht sin de réir ráta aon faoin gcéad, nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta ar íocadh an dleacht bhreise go dtí dáta na haisíocaíochta sin agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte as íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.
(4) D'fhonn a chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ionstraim, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfaí orthu, i cibé foirm a shonróidh siad, ráiteas nó dearbhú reachtúil—
(a) ó dhuine ar bith a raibh baint dhíreach nó neamhdhíreach aige le díol nó léasú na talún nó le foirgniú tí chónaithe nó árasáin ar an talamh, agus
(b) ó dhlíodóir ar bith atá ag gníomhú thar ceann aon duine lena mbaineann mír (a),
maidir le fíorais ar bith is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is iomchuí chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh.
(5) In aon ionstraim lena mbaineann an ceannteideal “CONVEY-ANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities”, nó an ceannteideal “LEASE” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, beidh ráiteas, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú cibé acu atá nó nach bhfuil forálacha an ailt seo infheidhme maidir leis an ionstraim sin, agus measfar gurb ionann deimhniú mícheart a sheachadadh agus ráiteas mícheart a sheachadadh chun críocha alt 94 den Acht Airgeadais, 1983.
(6) I gcás dleacht stampa a bheith muirearaithe ar aon ionstraim faoi threoir an ailt seo agus nach mbeidh tús curtha leis an bhfoirgniú laistigh de dhá bhliain tar éis dháta stampála na hionstraime, ansin measfar nach raibh feidhm ag an alt seo maidir leis an ionstraim agus dá réir sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a bheith déanta chucu, laistigh de 3 bliana tar éis dháta stampála na hionstraime, ag an duine nó na daoine a d'íoc an dleacht stampa, méid na dleachta stampa a d'íoc an duine nó na daoine sin, agus nárbh inmhuirearaithe murach na forálacha eile den alt seo, a aisíoc leis an duine nó leis na daoine sin agus íocfar ús simplí ar an aisíocaíocht sin de réir ráta aon faoin gcéad nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta ar íocadh an dleacht bhreise go dtí dáta na haisíocaíochta sin agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte as íocaíocht úis faoin bhfo-alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.
(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(8) (a) San alt seo—
folaíonn “foirgniú” aon fheabhsú a dhéanamh ar aon talamh, agus aon athrú a dhéanamh ar ghné aon talún, sula dtógfar teach cónaithe nó árasán ar an talamh sin;
folaíonn “talamh” aon leas in aon talamh ach ní fholaíonn sé an toradh a bheidh ar aon ghníomh foirgníochta.
(b) Chun críocha an ailt seo, aon tagairt d'aisíoc dleachta stampa le duine a d'íoc í folaíonn sí tagairt d'aon duine eile a dheimhníonn do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil sé i dteideal airgead atá dlite don duine a ghnóthú.
(9) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar an lú lá de Mheán Fómhair, 1990, nó dá éis.
Comhaontuithe maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí.
113.—(1) Más rud é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, nach bhfuil sé fóirsteanach ná praiticiúil d'aon duine atá ag seoladh gnó agus—
(a) atá, i gcúrsa an ghnó sin, ina pháirtí in ionstraimí ar a ndlitear dleacht stampa a íoc faoin gCéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, nó
(b) a ghníomhaíonn mar ghníomhaire d'aon pháirtí den sórt sin,
dleacht stampa a íoc maidir le gach ionstraim ar leith den sórt sin, ansin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh leis an duine sin go seachadfar cuntais orthu, in aghaidh tréimhsí sonraithe, ina dtabharfar cibé sonraí a bheidh ag teastáil i dtaobh na n-ionstraimí sin.
(2) Beidh an comhaontú i cibé foirm, agus beidh cibé téarmaí agus coinníollacha ann, a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cuí.
(3) I gcás comhaontú a bheith déanta faoin alt seo idir na Coimisinéirí Ioncaim agus aon duine, agus—
(a) go ndéanfar aon ionstraim lena mbaineann an comhaontú a eisiúint i rith na tréimhse a mbeidh an comhaontú i bhfeidhm, agus
(b) go mbeidh ráiteas san ionstraim sin á rá gur íocadh nó go n-íocfar an dleacht stampa iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhorálacha an ailt seo,
ansin ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim sin ach ina ionad sin, agus mar imshocraíocht air, muirearófar, maidir leis na hionstraimí lena mbaineann an comhaontú agus a eisíodh i rith gach tréimhse cuntais faoin gcomhaontú sin, dleacht stampa ar cóimhéid le comhiomlán na méideanna dleachta stampa a bheadh. murach forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe ar gach ionstraim ar leith lena mbaineann, agus déanfaidh an duine an dleacht stampa is inmhuirearaithe faoin bhfo-alt seo (mar imshocraíocht den chineál a dúradh) a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nuair a bheidh an cuntas á sheachadadh aige.
(4) I gcás go mainneoidh duine aon chuntas a cheanglaítear le haon chomhaontú faoin alt seo a sheachadadh nó an dleacht is iníoctha tráth seachadta aon chuntais den sórt sin a íoc, dlífear pionós nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain a chur ar an duine agus dlífidh sé freisin, i dteannta na dleachta, ús a íoc uirthi (ar ús é is inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht é) de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a dtosaíonn an mhainneachtain.
(5) (a) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas, eadhon—
(b) Tiocfaidh mír (a) i ngníomh 12 mhí tar éis dháta rite an Achta seo.
Aistrithe ag céilí a bheith díolmhaitheó dhleacht stampa.
114.—I dteannta fhorálacha alt 14 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 (a bhaineann le díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí áirithe i gcás nascthionóntacht in áras an teaghlaigh a chruthú), ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim trína ndéanann céile nó céilí i bpósadh aon mhaoin a aistriú chuig ceachtar céile nó chuig an mbeirt chéile sa phósadh sin.
UCITS a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa ar chuideachtaí caipitiúla.
115.—Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid IV den Acht Airgeadais, 1973, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 67:
Leasú ar alt 19 (tíolacadh nó aistriú ar dhíol —teorainn le dleacht stampa i gcás idirbhearta áirithe idir chomhlachtaí corpraithe) den Acht Airgeadais. 1952.
116.—Leasaítear leis seo alt 19 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Airgeadais, 1952—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) D'ainneoin go raibh na comhlachtaí corpraithe, ar tíolacadh nó ar aistríodh an leas tairbhiúil sa mhaoin eatarthu, i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo an tráth a forghníomhaíodh aon ionstraim, ní dhéileálfar leo mar chomhlachtaí a bhí i gcomhlachas amhlaidh mura rud é an tráth sin, de bhreis air sin—
(a) go raibh teideal tairbhiúil ag comhlacht amháin acu chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon bhrabúis a bhí ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí an chomhlachta eile sin nó go raibh teideal tairbhiúil ag tríú comhlacht den sórt sin chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon bhrabúis a bhí ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí gach comhlachta acu, agus
(b) go mbeadh teideal tairbhiúil ag comhlacht amháin acu chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon sócmhainní de chuid an chomhlachta eile sin a bheadh ar fáil lena ndáileadh ar a scairshealbhóirí tráth foirceanta nó go mbeadh teideal tairbhiúil ag tríú comhlacht den sórt sin chuig 90 faoin gcéad ar a laghad d'aon sócmhainní a bheadh ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí gach comhlachta acu tráth foirceanta,
agus chun críocha an ailt seo, ciallaíonn—
(i) an céatadán, a bhfuil teideal tairbhiúil ag comhlacht corpraithe amháin chuige d'aon bhrabúis atá ar fáil lena ndáileadh ar scairshealbhóirí comhlachta corpraithe eile, agus
(ii) an céatadán, a mbeadh teideal tairbhiúil ag comhlacht corpraithe amháin chuige, d'aon sócmhainní de chuid comhlachta corpraithe eile tráth foirceanta,
an céatadán a bhfuil, nó a mbeadh, teideal tairbhiúil ag an gcéad chomhlacht corpraithe chuige amhlaidh cibé acu go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile.”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (3):
“(c) faoina raibh an t-aistreoir agus an t-aistrí le scor de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-ailt (2) agus (2A) den alt seo,”.
Faoiseamh o dhleacht stampa aistrithe i gcás cuideachtaí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.
117.—(1) Más rud é, i gcúrsa athchóiriú nó cónascadh bona fide ar chuideachtaí, is athchóiriú nó cónascadh atá de réir alt 31 den Acht Airgeadais, 1965 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1989), ach amháin nach bhfuil an chuideachta láithreach áirithe cláraithe sa Stát ach go bhfuil sí cláraithe go cuí i mBallstát eile de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, go bhfaighidh cuideachta is aistrí an gnóthas, nó cuid den ghnóthas, atá suite sa Stát de chuid na cuideachta láithrí áirithe, ansin ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” ná faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANS-FER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun an gnóthas sin nó an chuid sin den ghnóthas a aistriú nó i ndáil leis an aistriú sin.
(2) Measfar éifeacht a bheith leis an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 20ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis.
Deireadh a chur le díolúine ó dhleacht stampa.
118.—Scoirfidh alt 5 (a bhaineann le Corparáid an Chairde Talmhaíochta c.p.t. a bheith díolmhaithe ó dhleachtanna stampa áirithe) den Acht Airgid (Diúitéthe Custam agus Stampa), 1929, agus ailt 12 (4) agus 53 (1) den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, d'éifeacht a bheith leo ar dháta rite an Achta seo.
Leasú ar alt 64 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.
119.—Leasaítear leis seo alt 64 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir ó “, agus dá réir sin” go dtí deireadh an fho-ailt sin:
“agus, dá réir sin, chun críocha alt 68 den Acht Airgeadais, 1973, is idirbheart inmhuirearaithe scaireanna a eiseoidh cuideachta in ionad scaireanna a fuasclaíodh faoin alt seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur mó luach iarbhír na scaireanna a eiseofar amhlaidh ná luach iarbhír na scaireanna tosaíochta a fuasclaíodh ar dháta a bhfuascailte agus, i gcás nach idirbheart inmhuirearaithe chun na gcríoch sin eisiúint na scaireanna, is é méid ar a mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe, faoi alt 69 den Acht Airgeadais, 1973, ar an ráiteas iomchuí i ndáil leis an idirbheart sin an difríocht idir—
(a) an méid ar arbh inmhuirearaithe an dleacht amhlaidh mura mbeadh na scaireanna eisithe in ionad scaireanna a fuasclaíodh faoin alt seo, agus
(b) luach na scaireanna a fuasclaíodh ar dháta a bhfuascailte.”.
Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (coillearnacha tráchtála).
120.—(1) San alt seo ciallaíonn “crainn” coillearnacha a bhainistítear ar bhonn tráchtála agus le hionchas brabúis a réadú.
(2) Baineann an t-alt seo le hionstraim, is tíolacas nó aistriú ar dhíol talún, nó léasú talún, i gcás deimhniú a bheith san ionstraim á rá go bhfuil crainn (de réir bhrí an ailt seo) ag fás ar chuid shubstaintiúil den talamh sin.
(3) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, maidir le cibé cuid den chomaoin i leith an díola nó an léasaithe arb ionannas di luach na gcrann atá ag fás ar an talamh.
CUID V
Cáin Mhaoine Cónaithe
Feidhm (Cuid V).
121.—Beidh feidhm agus éifeacht leis an gCuid seo i gcás ina mbeidh cáin inmhuirearaithe ar dháta luachála (mar a mhínítear le halt 95 (1) den Acht Airgeadais, 1983) i ndáil le haon bhliain dar tosach an bhliain 1990.
Leasú ar alt 95 (léiriú (Cuid VI)) den Acht Airgeadais, 1983.
122.—Leasaítear leis seo alt 95 den Acht Airgeadais, 1983, tríd an míniú ar “leanbh” a scriosadh as fo-alt (1).
Leasú ar alt 100 (teorainn díolúine mhargadhluacha) den Acht Airgeadais, 1983.
123.—Leasaítear leis seo alt 100 den Acht Airgeadais, 1983, i bhfo-alt (1)—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teorainn díolúine ghinearálta”:
“ciallaíonn ‘teorainn díolúine ghinearálta’ an teorainn díolúine mhargadhluacha ghinearálta a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála, is é sin le rá, an méid a gheofar trí £65,000 a iolrú ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983, é:
Ar choinníoll go ndéanfar an méid a gheofar amhlaidh a shlánú suas go dtí an chéad £1,000 eile;”,
agus
(b) trí “an 31ú lá de Nollaig díreach roimh” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta díreach roimh” sa mhíniú ar “an treoiruimhir praghsanna do thithe nua”,
agus tá an míniú sin ar “an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua”, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua” an Treoir-Uimhir do Threoghluaiseachtaí i bPraghsanna Tithe Nua Príobháideacha a thiomsaíonn an Roinn Comhshaoil agus ciallaíonn an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann le haon dáta luachála an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Nollaig díreach roimh an dáta luachála sin á lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973. |
Leasú ar alt 101 (teorainn díolúine ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983.
124.—Leasaítear leis seo alt 101 den Acht Airgeadais, 1983, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Is é a bheidh sa teorainn díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála an méid a gheofar trí £20,000 a iolrú ar an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983, é:
Ar choinníoll go ndéanfar an méid a gheofar amhlaidh a shlánú suas go dtí an chéad £100 eile.”.
Leasú ar alt 102 (faoisimh imeallacha) den Acht Airgeadais. 1983.
125.—Leasaítear leis seo alt 102 den Acht Airgeadais, 1983—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Más rud é, don bhliain mheasúnachta dar críoch dáta luachála, go bhfuil leanbh cáilitheach amháin nó níos mó ag duine inmheasúnaithe agus go gcónaíonn an leanbh nó na leanaí sin leis de ghnáth in aon mhaoin chónaithe iomchuí dá chuid, beidh sé i dteideal an cháin is iníoctha aige i leith ghlanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta sin a laghdú de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—
T × | C |
__ | |
10 |
i gcás—
gurb é C líon na leanaí cáilitheacha sin, suas go dtí 10 ar a mhéid, agus
gurb é T an cháin a bheadh iníoctha, ar leith ón bhfo-alt seo:
Ar choinníoll nach lamhálfar aon laghdú faoin bhfo-alt seo, don dáta luachála lena mbaineann, i leith linbh cháilithigh—
(a) ar leanbh é lena mbaineann alt 138A (1) (b) (i) (III) (B) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus a bhfuil teideal aige ina cheart féin chun ioncaim is mó ná £1,320, nó
(b) in aon chás eile, a bhfuil teideal aige ina cheart féin chun ioncaim is mó ná £720,
sa bhliain mheasúnachta dar críoch an dáta luachála sin.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) San alt seo—
folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le duine inmheasúnaithe—
(a) leasleanbh,
(b) leanbh—
(i) a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, nó
(ii) a uchtaíodh go cuí lasmuigh den Stát i ndlínse eile agus go bhfuil an uchtáil i gcomhréir le huchtáil faoi na hAchtanna sin,
agus
(c) duine atá, don bhliain mheasúnachta dar críoch an dáta luachála, faoi choimeád ag an duine inmheasúnaithe nó ag céile an duine inmheasúnaithe sin, nó acu araon, agus é á chothabháil ar chostas cheachtar de na daoine sin nó iad araon;
ciallaíonn ‘leanbh cáilitheach’, i ndáil le duine inmheasúnaithe, leanbh dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) (b) (i) nó (4) (a) d'alt 138A den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá mba thagairtí do leanbh de réir bhrí an fho-ailt seo na tagairtí sna fo-ailt sin do leanbh;
tá le ‘bliain mheasúnachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.”.
CUID VI
Cáin Fháltas Caipitiúil
Léiriú (Cuid VI).
126.—Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.
Díolúine do chéilí (bronntanais).
127.—(1) D'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, aon bhronntanas a ghlacfadh deontaí, arb é céile an diúscróra é ar dháta an bhronntanais, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanas arna ghlacadh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
128.—(1) Le linn bheith ag ríomh, de réir fhorálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cén cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a ghlacann deontaí nó comharba an lú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, déanfar an méid tairsí i ndáil le cáin a ríomh ar aon chomhiomlán iomchuí de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3 de Chuid I den Sceideal sin (a cuireadh isteach le halt 111 den Acht Airgeadais, 1984) a choigeartú trí gach méid tairsí ar leith den sórt sin a iolrú ar an bhfigiúr, arna shlánú go dtí an tríú hionad deachúil is gaire, a chinnfear tríd an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí don bhliain díreach roimh an mbliain ina nglactar an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach sin a roinnt ar 133.5:
Ar choinníoll gur nialas an cháin sin i gcás gur méid diúltach an cháin a ríomhfar amhlaidh ar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach sin.
(2) San alt seo ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí” an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí— Gach Ítim maidir le bliain, arna thiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus arna lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí na Samhna, 1982.
Feidhm alt 108 (díolúintí) den Acht Airgeadais, 1984.
129.—(1) Chun críocha alt 108 (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1984, aon scéim aoisliúntais faoi choimirce de réir bhrí fho-alt (9) d'alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ní fholóidh sí scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le nithe seachas seirbhís in oifigí nó i bhfostaíochtaí áirithe.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le muirear cánach a eascróidh, ar leith ó alt 108 (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1984, ar an 5ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, faoi fhorálacha alt 106 den Acht sin 1984 nó alt 103 den Acht Airgeadais, 1986.
Feidhm alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985.
130.—Chun críocha alt 60 den Acht Airgeadais, 1985, measfar go bhfolaíonn “cáin iomchuí” cáin oidhreachta is iníoctha maidir le hoidhreacht arna glacadh faoi dhiúscairt arna déanamh ag céile an árachaí—
(a) i gcás go nglactar an oidhreacht ar dháta báis an árachaí, nó
(b) i gcás go nglactar an oidhreacht sa chás amháin nach maireann an t-árachaí ar feadh tréimhse 31 lá ar a mhéid tar éis bhás an chéile,
agus gurb é atá sa pholasaí árachais cáilitheach iomchuí—
(i) polasaí árachais de réir bhrí mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1A) den alt sin (a cuireadh isteach le halt 84 den Acht Airgeadais, 1989), nó
(ii) polasaí árachais i gcás gur pearsa aonair an t-árachaí agus nach iníoctha fáltais an pholasaí ach amháin sa chás go maireann an t-árachaí i ndiaidh bhás an chéile sin.
CUID VII
Ilghnéitheach
Leasú ar alt 17 (cáin a bhaint as íocaíochtaí le fochonraitheoirí sa tionscal foirgníochta) den Acht Airgeadais, 1970.
131.—Leasaítear leis seo alt 17 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1970, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13):
“(14) Aon duine arb éagóir leis diúltú ag na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú údarúcháin a eisiúint faoin alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn á rá sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an diúltaithe sin, iarratas a dhéanamh go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc a iarratas a éisteacht agus a chinneadh.
(15) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc iarratas a bheidh déanta chucu faoi fho-alt (14) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é in aghaidh cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (16), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).
(16) Ar achomharc a rinneadh faoi fho-alt (14) a éisteacht beidh aird ag na Coimisinéirí Achomhairc ar na nithe go léir a bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó a gceanglaítear orthu, aird a thabhairt orthu faoi fhorálacha an ailt seo.
(17) Chun críocha achomharc a éisteacht nó a athéisteacht faoi fho-alt (14), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun gníomhú thar a gceann.”.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
132.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1989” alt 91 den Acht Airgeadais, 1989;
ciallaíonn “an daicheadú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1989 ach “£48,061,329” a chur in ionad “£48,206,431”.
(3) Beidh éifeacht le, fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1989 ach “£36,385,006” a chur in ionad “£37,052,550”.
(4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £44,965,113 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990.
(5) Déanfar an daicheadú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den daicheadú blianacht bhreise, nach mó ná £34,561,200 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an daicheadú blianacht bhreise a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Leasú ar alt 51 (conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta i ndáil le cúnamh do thíortha forásacha) den Acht Airgeadais, 1978.
133.—Leasaítear leis seo alt 51 den Acht Airgeadais, 1978, trí “£20,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(2) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo sa dóigh gur mó ná £20,000,000 méid nó méid comhiomlán an airgid a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta, mar aon leis na méideanna (más ann) a d'íoc an tAire sin roimhe sin faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta agus nár aisíocadh leis. |
Iasachtaí Rialtais a chomhshó, etc.
134.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis—
(a) tairiscint a dhéanamh, ar cibé modh agus i leith cibé cásanna is dóigh leis is iomchuí, nó
(b) fógra a thabhairt, ar cibé modh agus i leith cibé cásanna is dóigh leis is iomchuí, go bhfuil ar intinn aige tairiscint a dhéanamh ar lá sonraithe nó ag am sonraithe de lá áirithe,
chun aon sealbhán láithreach stoic d'iasachtaí Rialtais, nó chun aon chuid den chéanna (dá ngairtear an “stoc láithreach” san alt seo) a chomhshó ina shealbhán stoic (dá ngairtear an “stoc tairgthe” san alt seo)—
(i) d'iasacht láithreach nó d'iasachtaí láithreacha eile Rialtais a bheidh sonraithe, nó
(ii) d'iasacht nó d'iasachtaí nua Rialtais, nó
(iii) d'iasacht láithreach nó d'iasachtaí láithreacha eile Rialtais a bheidh sonraithe, i bpáirt, agus d'iasacht nó d'iasachtaí nua Rialtais, i bpáirt,
faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis.
(2) (a) I gcás tairiscint chomhshó a bheith déanta faoin alt seo maidir le stoc láithreach, ansin, maidir le gach stocshealbhóir lena ndearnadh an tairiscint agus a ghlacfaidh go cuí le comhshó de réir na tairisceana, déanfar a shealbhán den stoc nó, má fhoráiltear amhlaidh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na tairisceana, déanfar cuid dá shealbhán den stoc (de réir mar a bheidh), a chomhshó ina stoc tairgthe ina mbeidh cibé méid, agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha, is infheidhme de réir na tairisceana.
(b) Faoi réir fho-alt (3), is ar cibé modh a bheidh sonraithe i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na tairisceana comhshó a dhéanfar glacadh faoin bhfo-alt seo.
(3) (a) I gcás stoc a bheidh i leabhair an Bhainc in ainmneacha dhá dhuine nó níos mó, is iad seo a leanas na daoine a fhéadfaidh glacadh a dhéanamh ina leith faoi fho-alt (1)—
(i) má bhíonn na daoine sin go léir beo, tromlach díobh,
(ii) má bhíonn duine amháin nó níos mó de na daoine sin, ach nach mbeidh siad go léir, marbh, an t-aon duine amháin, nó tromlach de na daoine, a mhaireann, nó
(iii) má bhíonn na daoine sin go léir marbh, ionadaí pearsanta, nó tromlach d'ionadaithe pearsanta, an duine deiridh acu a fuair bás.
(b) I gcás stoc a bheidh i leabhair an Bhainc in ainm duine aonair amháin, agus go mbeidh an duine sin marbh, féadfaidh ionadaí pearsanta nó tromlach d'ionadaithe pearsanta an duine sin glacadh a dhéanamh i leith an stoic faoi fho-alt (1).
(4) I gcás duine, a bhfuil aon stoc d'iasacht Rialtais ina ainm féin amháin nó ina ainm féin i gcomhpháirt, a bheith faoi mhíchumas a shonraítear sa chéad cholún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus go ndéanfar tairiscint chomhshó faoin alt seo maidir leis an stoc sin go léir nó le haon chuid de, ansin féadfaidh an duine iomchuí a shonraítear sa dara colún den Tábla sin glacadh leis an tairiscint thar a cheann, agus féadfar an glacadh sin a dhéanamh go haonarach nó i gcomhpháirt (lena n-áirítear i gcomhpháirt sa chaoi is gur tromlach é), de réir mar a bheidh.
AN TÁBLA | |
Míchumas dlí | An duine ar féidir leis glacadh le tairiscint chomhshó |
Duine mionaoiseach. | Tuismitheoir nó caomhnóir de chuid an duine mhionaoisigh. |
Duine mímheabhrach. | Cúramaí an duine mhímheabhraigh. |
Aon mhíchumas dlí eile. | An duine a bhfuil teideal aige, faoin dlí, riar a dhéanamh ar mhaoin an duine atá faoin míchumas dlí. |
(5) I gcás ina ndéanfar tairiscint chomhshó faoi fho-alt (1)—
(a) féadfaidh iontaobhaithe agus daoine eile a mbeidh aon stoc láithreach á sealbhú acu i gcáil mhuiníneach agus daoine ag a bhfuil rialú nó bainistí aon stoic den sórt sin, dá rogha féin, glacadh le comhshó de réir théarmaí agus coinníollacha na tairisceana nó féadfaidh siad gan glacadh léi, agus ní bheidh aon duine den sórt sin faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thig as glacadh léi nó gan glacadh léi amhlaidh (de réir mar a bheidh), agus
(b) cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar le tairiscint de bhua an fho-ailt seo, ní athrú é ar infheistiú na gcistí iontaobhais de réir bhrí aon fhorála san ionstraim a chruthaigh nó a rialaíonn an t-iontaobhas trínar gá toiliú aon duine le haon athrú den sórt sin nó trína sriantar nó trína rialaítear an t-athrú sin ar shlí eile.
(6) (a) Aon chumhacht nó treoir (cibé acu an roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a cruthaíodh nó a tugadh í) chun airgead a infheistiú i stoc de chuid iasachta Rialtais a mbeidh tairiscint chomhshó déanta ina leith faoin alt seo, forléireofar í agus beidh éifeacht léi ionann is dá bhfolódh sí cumhacht nó treoir (de réir mar a bheidh) chun infheistiú a dhéanamh sa stoc tairgthe agus ní dhéanfar aon chumhacht nó treoir den sórt sin a fhoirceannadh de bhíthin an chomhshó sin agus dá bhíthin sin amháin.
(b) Aon chumhacht aturnae a údaraíonn don aturnae stoc sonraithe de chuid iasachta Rialtais a aistriú, forléireofar í agus beidh éifeacht léi, i ndáil le tairiscint chomhshó—
(i) a bheidh déanta faoin alt seo i leith an stoic, agus
(ii) a dhéanann socrú le haghaidh an stoc sin go léir, nó cuid de, a chomhshó,
mar chumhacht a údaraíonn don aturnae glacadh, dá rogha féin, le tairiscint chomhshó faoin alt seo agus, má dhéantar an comhshó sin go stoc tairgthe, an stoc sin a aistriú de réir na cumhachta sin tráth comhshó.
(c) I gcás ina ndéanfar stoc láithreach a chomhshó faoin alt seo ina stoc eile de chuid iasachta Rialtais, beidh an stoc eile sin, mar aon leis na díbhinní air, faoi réir na n-iontaobhas, na muirear, na gceart, na distringas agus na srianta céanna a ghabh leis an stoc céadluaite agus leis na díbhinní air, agus aon chumhachtaí, treoracha, iarrataí maidir le díbhinní agus doiciméid eile a bhain leis an stoc céadluaite nó leis na díbhinní air, beidh feidhm acu maidir leis an stoc eile sin agus leis na díbhinní air.
(7) Más rud é, maidir le haon iarmhéid i gciste fiachmhúchta iasachta Rialtais a mbeidh tairiscint chomhshó déanta ina leith faoin alt seo, nach mbeidh sé ag teastáil faoi chomhair fuascailtí ar an iasacht, íocfar an t-iarmhéid isteach sa Státchiste agus cuirfear i gcuntas é mar airgead a cruinníodh trí fhiach a chruthú.
(8) Déanfar an caiteachas go léir a thabhóidh an tAire ag cur an méid seo in éifeacht a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.
(9) Aisghairtear leis seo an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951.
(10) San alt seo—
ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;
ciallaíonn “iasacht Rialtais” aon urrús arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste agus arna chruthú agus arna eisiúint, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.
Athrú ar ainmníocht airgeadra na scaire caipitiúla a íoctar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.
135.—Aon íocaíochtaí a dhéanfar chun ainmníocht airgeadra aon choda den scair chaipitiúil a íocann an Stát leis an mBanc Eorpach Infheistíochta a athrú, féadfar iad a dhéanamh as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982.
136.—Leasaítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982, maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:
“4A. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh.”.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986.
137.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986, maidir leis an mbliain 1990-91 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an mír seo leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 14:
“15. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh.”.
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le hurrúis arna n-eisiúint ar lascaine.
138.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “úinéir”, tráth ar bith, i ndáil le hurrúis, an duine a mbeadh teideal aige chun fáltais na fuascailte dá ndéanfadh an duine a d'eisigh na hurrúis iad a fhuascailt an tráth sin;
ciallaíonn “urrúis”—
(a) urrúis neamhúsmhara arna n-eisiúint ar lascaine ag an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Billí Státchiste agus Nótaí Státchiste, agus
(b) Billí Idirghabhála um Earraí Talmhaíochta arna n-eisiúint ag an Aire Talmhaíochta;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is cuí.
(2) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgeadais, 1984, maidir le heisiúintí urrús a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—
“(2) Baineann an t-alt seo le hurrúis de réir bhrí alt 138 den Acht Airgeadais, 1990.
(3) Más rud é, maidir le húinéir urrúis (arb é an t-úinéir é de réir bhrí alt 138 den Acht Airgeadais, 1990)—
(a) go ndíolfaidh sé an t-urrús nó go ndiúscróidh sé i slí eile é, nó
(b) go bhfaighidh sé, tráth fuascailte an urrúis, méid is mó ná an méid a d'íoc sé as an urrús sin tráth a eisiúna nó i slí éigin eile,
beidh aon bhrabús, gnóchan nó barrachas a eascróidh chuig an úinéir as an díol, as an diúscairt nó as an bhfáil sin díolmhaithe ó cháin (dé réir bhrí an ailt sin 138) i gcás nach bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an úinéir sin:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cáin chorparáide is inmhuirearaithe ar ioncam brainse Éireannaigh nó gníomhaireachta Éireannaí de chuid cuideachta nach gcónaíonn sa Stát.”.
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna.
139.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
140.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1990, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I agus VII (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1990, a ghairm díobh le chéile.
(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983.
(7) Déanfar Cuid VI a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(8) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990.
(9) Measfar gur tháinig Cuid III (seachas ailt 98 go 101, mír (c) (ii) d'alt 102, ailt 104 go 106 agus míreanna (b) go (d) d'alt 107) i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1990, glacfaidh mír (c) d'alt 107 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1990, glacfaidh mír (b) d'alt 107 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1990, agus glacfaidh ailt 98, 99 agus 101, mír (c), (ii) d'alt 102, alt 104 agus mír (c) d'alt 106 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Eanáir, 1991.
(10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Creidmheasanna Cánach
Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí
1. Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear in alt 36 (1):
(a) ailt 45 (5), 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2) agus 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976,
(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977) d'alt 66 (3) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976, an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”,
(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “ráta caighdeánach faoin gcéad”, gach áit a bhfuil sé, agus
(d) in alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976, an míniú ar “A” i mír (b).
2. Chun críocha alt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i gcás gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá ar thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1991, agus i gcuid eile dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
3. (1) Baineann an mhír seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta sa bhliain 1991-92 nó i mbliain mheasúnachta dá éis ar dáileadh é lena mbaineann alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(2) Ní bheidh feidhm, maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo, ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978, ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983, ná ag mír 4 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1988.
(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo—
(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .619 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988,
(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7778 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983,
(c) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7083 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1988, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus
(d) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8572 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1989, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1991.
AN DARA SCEIDEAL
Athrú ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha
CUID I
Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976
1. Beidh éifeacht le halt 6 (3) agus leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 13 (1B) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba bhliain airgeadais gach ceann ar leith acu seo a leanas—
(a) an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus
(b) an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992.
2. (1) Chun críocha fhomhír (3) agus ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i gcás gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá ar thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.
(2) I gcás go ndéileálfar, faoi fhomhír (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, measfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith an chuid lena ndéileálfar amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.
(3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, ionann is dá mba 25 faoin gceád an ráta caighdeánach don bhliain 1991-92 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.
CUID II
Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Airithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980
1. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, agus a chríochnaíonn ar an lá sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1980, dá ngairtear “alt 41 (2)” feasta sa Chuid seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú tríocha a trí de dhaichead tríthe” go dtí deireadh an fho-ailt:
“a laghdú—
(a) tríocha a trí de dhaichead tríthe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, agus
(b) trí cheathrú, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992,
agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—
(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a) an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1990, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1991, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus
(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 41 (2), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, trí “trí cheathrú” a chur in ionad “tríocha a trí de dhaichead tríthe”.
2. (1) Leasaítear leis seo ailt 47 (2) agus 48 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1980, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis—
(a) i mír (i) d'alt 47 (2), trí “4/3” a chur in ionad “43/33”,
(b) i mír (ii) den alt sin 47 (2), trí “1/3” a chur in ionad “10/33”, agus
(c) i mír (ii) den alt sin 48 (2), trí “1/3” a chur in ionad “10/33”.
(2) Más rud é, de bhua mhír 2 (1) de Chuid I, go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, déileálfar freisin leis an gcuid sin mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha na míre seo agus chun críocha ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980, agus measfar, chun críocha na n-alt sin 47 (2) agus 48 (2), gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar do chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Cumainn Fhoirgníochta: Athrú Stádais
Liúntais chaipitiúla
1. (1) Chun críocha na liúntas agus na muirear dá bhforáiltear le halt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní mheasfar go mbeidh buanscortha de thrádáil an chumainn lena mbaineann ná ní dhéileáfar le trádáil na cuideachta comharbais mar thrádáil nua arna bunú agus arna tosú ag an gcuideachta chomharbais.
(2) Tabharfar don chuideachta chomharbais, nó muirearófar uirthi, de réir an ailt sin 14, na liúntais agus na muirir sin go léir a bheadh, dá leanfadh an cumann de bheith ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le muirearú air, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an trádáil á seoladh ag an gcuideachta chomharbais ón uair a thosaigh an cumann á seoladh agus ionann is dá mbeadh gach ní a rinne an cumann, nó a rinneadh uirthi, déanta ag an gcuideachta chomharbais nó déanta uirthi.
(3) Ní dhéileálfar le comhshó an chumainn ina chuideachta chomharbais mar ní is bun le haon liúntas nó muirear den sórt sin.
Sócmhainní airgeadais
2. (1) Chun críocha alt 62 (a bhaineann le stoc trádála de chuid trádála scortha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is é luach a chuirfear ar stoc trádála airgeadais an chumainn lena mbaineann, cóimhéid an chostais a bhain don chumann as é a fháil.
(2) I gcás go ndéanfaidh cumann é féin a chomhshó ina chuideachta chomharbais, agus go ndéanfar aon sócmhainní airgeadais a dhílsiú sa chomharba, is sócmhainní airgeadais a mbeadh cáin inmhuirearaithe faoi Chás I de Sceideal D ar na brabúis nó na gnóchain as iad a dhiúscairt, measfar, chun críocha cánach corparáide, nach ionann an dílsiú sin agus diúscairt na sócmhainní sin ag an gcumann; ach an tráth a ndéanfaidh an comharba aon sócmhainní acu sin a dhiúscairt, déanfar na brabúis nó na gnóchain a fhabhraíonn chuig an gcomharba a ríomh (chun críocha cánach corparáide) ionann is dá mbeadh na sócmhainní sin faighte ag an gcomharba ar an gcostas a bhain don chumann as iad a fháil.
(3) Sa mhír seo—
ciallaíonn “sócmhainní airgeadais” na sócmhainní sin atá á sealbhú ag an gcumann de réir fhorálacha fho-ailt (1) agus (3) d'alt 39 den Acht Cumann Foirgníochta, 1989;
ciallaíonn “stoc trádála airgeadais” cibé sócmhainní airgeadais de chuid an chumainn ar stoc trádála a bheadh iontu chun críocha alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
Gnóchain chaipitiúla: sócmhainní arna ndílsiú sa chuideachta chomharbais, etc.
3. (1) Chun críocha cánach gnóchan caipitiúil agus cánach corparáide ar ghnóchain chaipitiúla, ní hionann comhshó cumainn ina chuideachta chomharbais agus ceachtar de na nithe seo a leanas, eadhon—
(a) diúscairt arna déanamh ag an gcumann ar shócmhainní a bhí ar úinéireacht aige díreach roimh an gcomhshó, nó
(b) an chuideachta chomharbais d'fháil, an tráth sin, sócmhainní a bhí, díreach roimh an gcomhshó, ar úinéireacht ag an gcumann.
(2) Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta Cánach Corparáide, 1976, sa mhéid go mbaineann sé le gnóchain chaipitiúla, i gcás cumann a bheith tar éis é féin a chomhshó ina chuideachta chomharbais, ionann is dá mba—
(a) go raibh na sócmhainní a bhí dílsithe sa chuideachta chomharbais, tráth comhshó, faighte ag an gcuideachta chomharbais an tráth céanna agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an cumann iad,
(b) go raibh an chuideachta chomharbais ar marthain mar chuideachta gach uile thráth ó corpraíodh an cumann,
(c) gurbh í an chuideachta chomharbais a rinne na nithe go léir a rinne an cumann i ndáil le fáil agus diúscairt na sócmhainní a bhí dílsithe sa chuideachta chomharbais tráth comhshó, agus
(d) gurbh í an chuideachta chomharbais a rinne na nithe eile go léir a rinne an cumann roimh an gcomhshó.
Gnóchain chaipitiúla: scaireanna, agus cearta chun scaireanna, sa chuideachta chomharbais
4. (1) Más rud é, i ndáil leis an gcomhshó, go dtabharfar aon chearta do chomhaltaí den chumann—
(a) chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a fháil i dtosaíocht ar dhaoine eile, nó
(b) chun scaireanna sa chuideachta sin a fháil ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na scaireanna, nó
(c) chuig scaireanna in aisce sa chuideachta sin,
measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, gurb é atá in aon chearta den sórt sin arna dtabhairt amhlaidh do chomhalta, rogha (de réir bhrí alt 47 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975) arna dheonú dó agus arna fháil aige gan chomaoin ar bith agus gan aon luach acu an tráth a deonaíodh agus a fuarthas iad.
(2) Más rud é, i ndáil leis an gcomhshó, go ndéanfaidh an chuideachta chomharbais scaireanna sa chuideachta sin a eisiúint chuig comhalta den chumann lena mbaineann, measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil,—
(a) go bhfuair an comhalta na scaireanna sin ar chomaoin arbh ionann a méid nó a luach agus méid nó luach aon chomaoine nua a thugann sé i leith na scaireanna nó, mura dtugtar comaoin nua ar bith, go bhfuair sé iad gan chomaoin ar bith, agus
(b) gurbh é luach na scaireanna sin, an tráth a bhfuair an comhalta iad, luach ab ionann agus méid nó luach na comaoine nua a thugtar amhlaidh nó, mura dtugtar comaoin nua ar bith nach raibh luach ar bith acu:
Ar choinníoll nach ndéanann an fhomhír seo dochar d'oibriú fhomhír (1), i gcás inarb infheidhme an fhomhír sin.
(3) Beidh feidhm ag fomhír (4) in aon chás—
(a) ina ndéanann an chuideachta chomharbais, i ndáil leis an gcomhshó, scaireanna sa chuideachta sin a eisiúint chuig iontaobhaithe ar théarmaí a dhéanann foráil le haghaidh aistriú na scaireanna sin chuig comhaltaí den chumann gan comaoin nua ar bith a bheith iníoctha, agus
(b) inarb amhlaidh do na himthosca gur maoin shocraithe, de réir bhrí na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, i lámha na n-iontaobhaithe na scaireanna.
(4) I gcás feidhm a bheith ag an bhfomhír seo, ansin, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil—
(a) measfar go bhfuair na hiontaobhaithe ná scaireanna gan chomaoin ar bith a íoc;
(b) measfar, maidir le leas aon chomhalta sa mhaoin shocraithe arb í na scaireanna í, go bhfuair sé an leas sin gan chomaoin ar bith a íoc agus nach raibh luach ar bith aige an tráth a fuarthas é; agus
(c) ar ócáid comhalta a theacht chun teideal iomlán a bheith aige, amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, chun aon chuid den mhaoin shocraithe, déileálfar leis na hiontaobhaithe agus leis an gcomhalta araon ionann is dá mba rud é, ar é a theacht chun an teideal sin a bheith aige, go ndearna na hiontaobhaithe, ina gcáil mar iontaobhaithe de réir alt 8 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, na scaireanna atá i gceist a dhiúscairt agus a fháil ar ais láithreach, ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas chuig na hiontaobhaithe ar an diúscairt agus, dá réir sin, ní bheidh feidhm ag alt 15 (3) den Acht sin i ndáil leis an ócáid sin.
(5) Sa mhír seo—
ciallaíonn “scaireanna in aisce”, i ndáil le comhalta den chumann, aon scaireanna arna n-eisiúint ag an gcuideachta chomharbais chuig an gcomhalta sin i ndáil leis an gcomhshó, ach sin gan aon chomaoin nua a bheith i gceist;
ciallaíonn “comhalta”, i ndáil leis an gcumann, duine atá nó a bhí ina chomhalta de, sa cháil sin, agus folaíonn aon tagairt do chomhalta tagairt do chomhalta d'aon aicme nó tuairisc áirithe;
ciallaíonn “comaoin nua” comaoin seachas—
(a) comaoin arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach as sócmhainní an chumainn nó na cuideachta comharbais, nó
(b) comaoin a dhíorthaíonn as scaireanna nó cearta eile comhalta sa chumann nó sa chuideachta chomharbais.
(6) An tagairt sa mhír seo don chás ina dtagann comhalta chun teideal iomlán a bheith aige chun maoine socraithe amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, folaíonn sí tagairtí don chás ina dtiocfadh sé chun an teideal sin a bheith aige murach é a bheith ina mhionaoiseach nó faoi mhíchumas dlí thairis sin.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Bainc Thaisce Iontaobhais a Atheagrú ina gCuideachtaí
Léiriú
1. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “banc” banc taisce iontaobhais, nó banc de réir bhrí alt 57 (3) (c) (i) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;
ciallaíonn “comharba” an chuideachta a ndéantar aon mhaoin, cearta, dliteanais agus oibleagáidí a aistriú chuici i gcúrsa aistrithe;
ciallaíonn “aistriú” aistriú ag banc taisce iontaobhais ar a mhaoin agus a chearta go léir, nó ar chuid acu, agus ar a chuid dliteanas nó oibleagáidí go léir, faoi ordú arna dhéanamh ag an Aire Airgeadais de réir fhorálacha alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, á údarú banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta nó cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) den alt sin a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin.
Liúntais Chaipitiúla
2. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo—
(a) chun críocha liúntas agus muirear dá bhforáiltear i gCodanna XIII, XIV, XV, XVI, XVII agus XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó chun críocha aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi na Codanna sin nó dá réir, agus
(b) chun críocha liúntas nó muirear dá bhforáiltear le halt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(2) Ní dhéileálfar leis an aistriú mar ní is bun le haon liúntas nó muirear den chineál dá bhforáiltear faoi fhomhír (1).
(3) Tabharfar don chomharba nó muirearófar air, de réir an ailt sin 14, na liúntais agus na muirir go léir a bheadh, dá leanfadh an banc de bheith ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le muirearú air, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an trádáil á seoladh ag an gcomharba ón uair a thosaigh an banc taisce iontaobhais á seoladh agus ionann is dá mbeadh gach ní a rinne an banc, nó a rinneadh air, déanta ag an gcomharba nó déanta air:
Ar choinníoll nach mbeidh teideal ag an gcomharba chuig aon mhéid a bheadh le tabhairt don bhanc taisce iontaobhais de bhua fho-alt (3) d'alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus dá bhua sin amháin.
Caillteanais Trádála
3 D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach—
(a) ní bheidh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) d'alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989, a thagann chun bheith ina cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin, i dteideal faoisimh faoi fho-alt (1) d'alt 16 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith aon chaillteanais a thabhaigh sí i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta inar chuideachta dá dtagraítear san fho-alt sin (3) (c) (i) í, agus
(b) ní bheidh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin 57 i dteideal faoisimh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith aon chaillteanais a thabhaigh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) den alt sin.
Sócmhainní Airgeadais
4. (1) Chun críocha alt 62 (a bhaineann le stoc trádála de chuid trádála scortha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is é luach a chuirfear ar stoc trádála airgeadais an bhainc lena mbaineann, méid is ionann agus an costas a bhain don bhanc sin ina leith nó méid a ndéileálfar leis amhlaidh chun críocha fhomhír (2).
(2) Más rud é, i gcúrsa aistrithe, go bhfaighidh an comharba aon sócmhainní a mbeadh na brabúis nó na gnóchain óna ndiúscairt ag an mbanc inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás i de Sceideal D, measfar, chun críocha cánach ioncaim agus cánach corparáide, nach ionann an fháil sin agus diúscairt na sócmhainní sin ag an mbanc sin; ach an tráth a ndéanfaidh an comharba aon sócmhainní acu sin a dhiúscairt, déanfar na brabúis nó na gnóchain a fhabhraíonn chuig an gcomharba a ríomh (chun críocha cánach corparáide) ionann is dá mbeadh na sócmhainní sin faighte ag an gcomharba ar an gcostas a bhain don bhanc ina leith.
(3) Sa mhír seo ciallaíonn “stoc trádála airgeadais” cibé sócmhainní de chuid an bhainc ar stoc trádála a bheadh iontu chun críocha alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
Gnóchain Chaipitiúla
5. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta Cánach Corparáide, 1976, sa mhéid go mbaineann sé le gnóchain inmhuirearaithe.
(2) Measfar, maidir le banc do dhiúscairt sócmhainne chuig cuideachta i gcúrsa aistrithe, gur diúscairt í ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig an mbanc ar an diúscairt.
(3) I gcás go raibh éifeacht le fomhír (2) i ndáil le diúscairt sócmhainne ag an mbanc, ansin, i ndáil le diúscairt dá éis sin ar an tsócmhainn, déileálfar leis an gcomharba ionann is dá mba é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomharba fáil nó soláthar na sócmhainne—
(a) ag an mbanc taisce iontaobhais, nó
(b) murarbh é an banc taisce iontaobhais a fuair nó a sholáthair í, ag an mbanc de réir bhrí alt 57 (3) (c) (i) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989.
(4) Maidir le haon chaillteanais inlamhála a d'fhabhraigh tráth ar bith chuig banc, déileálfar leo, tráth aistrithe agus sa mhéid nach mbeidh siad lamháilte mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe, mar chaillteanais inlamhála a d'fhabhraigh an tráth sin chuig an gcomharba.
(5) Chun críocha alt 28 (arna leasú le halt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, déileálfar leis an mbanc agus leis an gcomharba ionann is dá mba iad an duine céanna iad.
(6) I gcás ina ndéantar an dliteanas i leith aon fhéich a bhí dlite do bhanc a aistriú, i gcúrsa aistrithe, chuig comharba, measfar gurb é an comharba an creidiúnaí bunaidh chun críocha alt 46 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Cistí Eischósta: Cistí Dáileacha
CUID I
An Tástáil Dáilte
Ceanglais maidir le dáiltí
1. (1) Chun críocha Chaibidil VII de Chuid I, saothraíonn ciste eischósta beartas dáilte iomlán i leith tréimhse cuntais más rud é—
(a) go ndéantar dáileadh in aghaidh na tréimhse cuntais nó in aghaidh tréimhse éigin eile atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh den tréimhse chuntais sin, agus
(b) faoi réir Chuid II den Sceideal seo, maidir le méid an dáilte a íoctar le sealbhóirí leasanna ábhartha agus leasanna eile sa chiste—
(i) gurb ionannas é do 85 faoin gcéad ar a laghad d'ioncam an chiste don tréimhse, agus
(ii) nach lú é ná 85 faoin gcéad de bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse,
agus
(c) gur i rith na tréimhse cuntais, nó tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin, a dhéantar an dáileadh, agus
(d) gur dáileadh é atá i bhfoirm a fhágann, dá mbeadh aon suim ba chuid de faighte sa Stát ag duine a chónaíonn sa Stát agus nár chuid í de na brabúis ó thrádáil, ó ghairm nó ó shlí bheatha, go mbeadh an tsuim sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D
agus aon tagairt san fhomhír seo do dháileadh a dhéantar in aghaidh tréimhse cuntais, folaíonn sí tagairt d'aon dá dháileadh nó níos mó a dhéantar amhlaidh nó, i gcás chlásal (b), dá gcomhiomlán.
(2) Faoi réir fhomhír (3), maidir le haon tréimhse chuntais—
(a) nach mbeidh aon ioncam de chuid an chisté ann, agus
(b) nach mbeidh aon bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha de chuid an chiste ann,
déileálfar leis an gciste mar chiste a shaothraíonn beartas dáilte iomlán d'ainneoin nach ndéantar aon dáileadh mar a luaitear i bhfomhír (1).
(3) Chun críocha Chaibidil VII de Chuid I, measfar nach saothraíonn ciste eischósta beartas dáilte iomlán i leith tréimhse cuntais nach ndéanann an ciste cuntais suas ina haghaidh.
(4) Chun críocha na míre seo—
(a) i gcás go mbeidh dhá thréimhse chuntais iomlána nó níos mó de chuid an chiste, nó cuid de dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin, ar áireamh i dtréimhse a ndéanann ciste eischósta cuntais suas ina haghaidh, ansin, faoi réir chlásal (c), déanfar ioncam a thaispeántar sna cuntais sin a chionroinnt idir na tréimhsí cuntais sin ar bhonn ama, de réir an méid laethanta i ngach tréimhse acu atá ar áireamh sa tréimhse a ndéantar na cuntais suas ina haghaidh,
(b) i gcás ina ndéantar dáileadh in aghaidh tréimhse ina n-áirítear dhá thréimhse chuntais iomlána nó níos mó de chuid an chiste, nó cuid de dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin, ansin, faoi réir fhomhír (5), déanfar an dáileadh a chionroinnt idir na tréimhsí cuntais sin ar bhonn ama, de réir an méid laethanta i ngach tréimhse acu atá ar áireamh sa tréimhse a ndéantar an dáileadh ina haghaidh,
(c) i gcás ina ndéantar dáileadh as ioncam sonraithe ach nach ndéantar é in aghaidh tréimhse sonraithe, cuirfear an t-ioncam sin i leith na tréimhse cuntais den chiste inar eascair sé iarbhír agus déileálfar leis an dáileadh mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntais sin, agus
(d) i gcás nach in aghaidh tréimhse sonraithe ná as ioncam sonraithe a dhéantar dáileadh, ansin, faoi réir fhomhír (5), déileálfar leis mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntais de chuid an chiste is déanaí a chríochnaigh sula ndearnadh an dáileadh.
(5) Más rud é, murach an fhomhír seo, gur mhó méid dáilte a rinneadh, nó a ndéileáiltear leis, de bhua fhomhír (4), mar dháileadh a rinneadh, in aghaidh tréimhse cuntais ná an t-ioncam ón tréimhse sin, ansin, chun críocha na míre seo—
(a) más trí chionroinnt a dhéanamh faoi fhomhír (4) (b) a cinneadh méid an dáilte, déanfar an bhreis a ath-chionroinnt, de réir mar is cóir agus mar is réasúnach, ar aon tréimhse chuntais eile atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh den tréimhse a ndearnadh an dáileadh ina haghaidh nó, má tá breis agus tréimhse amháin den sórt sin ann, idir na tréimhsí sin, agus
(b) faoi réir chlásal (a), déileálfar leis an mbreis mar dháileadh breise nó mar shraith de dháiltí breise a rinneadh in aghaidh tréimhsí cuntais roimhe sin a mbeadh an dáileadh nó na dáiltí comhiomlána (de réir mar a bheidh) ina leith níos lú, thairis sin, ná an t-ioncam ón tréimhse, agus an bhreis a chur i leith tréimhsí cuntais is déanaí roimh thréimhsí cuntais is luaithe, go dtí go mbeidh sí ídithe.
(6) In aon chás—
(a) ina mbeidh ciste eischósta, maidir le tréimhse ar tréimhse chuntais í nó a bhfuil tréimhse chuntais ar áireamh inti, faoi réir aon srian ó thaobh dáiltí a dhéanamh, ar srian é a fhorchuirtear le dlí aon chríche, agus
(b) ina mbeidh an ciste faoi réir an tsriain sin toisc breis a bheith ag caillteanais ar bhrabúis (agus na coincheapanna “brabúis” agus “caillteanais” á gcur i bhfeidhm sa chiall agus sa mhéid go mbaineann siad le hábhar chun críocha an dlí atá i gceist),
ansin, le linn méid ioncam an chiste don tréimhse chuntais sin a bheith á chinneadh chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, lamhálfar mar asbhaint aon mhéid a bheadh, ar leith ón bhfomhír seo, ina chuid d'ioncam an chiste don tréimhse chuntais sin agus nach féidir a dháileadh de bhua an tsriain.
Cistí a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe
2. (1) I gcás ciste eischósta a oibríonn comhshocraíochtaí comhionannaithe i gcaitheamh aon tréimhse cuntais, ansin ar ócáid ar bith sa tréimhse sin a mbeidh diúscairt ann lena mbaineann an fhomhír seo, déileálfar leis an gciste chun críocha na Coda seo den Sceideal seo mar chiste a dhéanann dáileadh ar cóimhéid leis an oiread sin de chomaoin na diúscartha arb ionannas dó, de réir na míre seo, ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha.
(2) Baineann fomhír (1) le diúscairt—
(a) is diúscairt ar leas ábhartha sa chiste eischósta lena mbaineann, agus
(b) is diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I (cibé acu de bhua fho-alt (3) d'alt 64 nó ar shlí eile) nó is diúscairt lena mbainfeadh an Chaibidil sin dá mbeadh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) den alt sin go ginearálta agus ní amháin chun a chinneadh an bhfuil, de bhua an fho-ailt sin (3), diúscairt ann lena mbaineann an Chaibidil sin, agus
(c) nach diúscairt a bhfuil na coinníollacha i bhfo-alt (4) d'alt 64 comhlíonta maidir léi, agus
(d) is diúscairt chuig an gciste féin nó chuig na daoine a bhíonn ag plé le bainisteoireacht an chiste (dá ngairtear “bainisteoirí an chiste” feasta sa mhír seo) ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin.
(3) Tráth diúscartha lena mbaineann fomhír (1), is í an chuid den chomaoin arb ionannas di ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha, faoi réir fhomhír (4) agus mhír 4 (4), an méid a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta áirithe i leith ioncaim fhabhraithe dá ndéanfadh duine eile, ar dháta na diúscartha, an leas ábhartha atá á dhiúscairt a fháil trí cheannach tosaigh.
(4) Más rud é, tar éis thosach na tréimhse ar faoina treoir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (3), go bhfuarthas an leas ábhartha a diúscraíodh le diúscairt lena mbaineann fomhír (1) trí cheannach tosaigh (cibé acu ag an duine a rinne an diúscairt nó nach ea), ansin—
(a) déanfar an méid a cuireadh chun sochair don chuntas comhionannaithe i leith ioncaim fhabhraithe tráth na fála sin a asbhaint ón méid arbh ionannas di, de réir fhomhír (3), ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha, agus
(b) más rud é, sa tréimhse sin, gur trí cheannach tosaigh a bhí breis agus fáil amháin den sórt sin ar an leas ábhartha sin, is é méid a asbhainfear faoin bhfomhír seo an méid a cuireadh chun sochair amhlaidh don chuntas comhionannaithe tráth na fála ba dhéanaí den sórt sin roimh an diúscairt atá i gceist.
(5) Más rud é, de bhua na míre seo, go ndéileáiltear le ciste eischósta chun críocha na Coda seo den Sceideal seo mar chiste a dhéanann dáileadh ar ócáid diúscartha, déileálfar leis an dáileadh chun na gcríoch sin—
(a) mar dháileadh a chomhlíonann mír 1 (1) (d),
(b) mar dháileadh arna dhéanamh as ioncam an chiste don tréimhse chuntais ina dtarlaíonn an dáileadh, agus
(c) mar dháileadh a íocadh, díreach roimh an diúscairt, leis an duine a bhí, an tráth sin, ina shealbhóir ar an leas a diúscraíodh.
(6) In aon chás—
(a) ina ndéantar dáileadh, i leith leas i gciste eischósta, le bainisteoirí an chiste,
(b) gur ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin a shealbhaíonn siad an leas sin, agus
(c) go n-oibríonn an ciste comhshocraíochtaí comhionannaithe tráth an dáilte.
ansin, ní chuirfear an dáileadh i gcuntas chun críocha mhír 1 (1) ach amháin sa mhéid gurb inchurtha an dáileadh go cuí i leith an chuid sin den tréimhse a ndéantar an dáileadh ina haghaidh a raibh an leas sin á shealbhú lena linn ag bainisteoirí an chiste ina gcáil mar bhainisteoirí den sórt sin.
(7) Tá feidhm ag fo-alt (2) d'alt 64 chun críocha na míre seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.
Ioncam is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D
3. (1) Tá feidhm ag fomhír (2) más rud é, maidir le haon suimeanna ar cuid iad d'ioncam ciste eischósta a thagann faoi réim mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 65, gur suimeanna iad de chineál a fhágann—
(a) maidir le sealbhóirí leasanna sa chiste, ar cuideachtaí iad a bhfuil cónaí orthu sa Stát nó ar pearsana aonair iad a bhfuil sainchónaí agus cónaí orthu ansin—
(i) go mbeidh siad inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D maidir le cibé ceann nó cinn de na suimeanna sin is inchurtha i leith a leasanna, nó
(ii) más ó shócmhainní laistigh den Stát a dhíorthaigh aon chuid den ioncam sin, go mbeidís inmhuirearaithe amhlaidh dá mba gur shócmhainní lasmuigh den Stát na sócmhainní sin,
agus
(b) go mbeadh na sealbhóirí leasanna, nach cuideachtaí nó pearsana aonaír den sórt sin, inmhuirearaithe mar a luaitear i bhfochlásal (i) nó (ii) de chlásal (a) dá mbeadh cónaí orthu sa Stát nó, i gcás pearsana aonair, dá mbeadh sainchónaí orthu sa Stát agus dá mbeadh idir chónaí agus ghnáthchónaí orthu ansin.
(2) Sa mhéid nach cuid iarbhír de dháileadh a chomhlíonann clásail (c) agus (d) d'fhomhír (1) de mhír 1 suimeanna a thagann faoi réim fhomhír (1), déileálfar leo, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo—
(a) mar dháileadh a chomhlíonann na clásail sin agus a dhéantar as an ioncam ar cuid de iad, agus
(b) mar shuimeanna a íocadh le sealbhóirí na leasanna arb inchurtha ina leith iad.
Ioncam ó thráchtearraí
4. (1) Sa mhéid go mbeidh brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí san áireamh in ioncam ciste eischósta d'aon tréimhse chuntais, fágfar leath na mbrabús sin as cuntas nuair a bheidh na nithe seo a leanas á gcinneadh chun críocha mhíreanna 1 (1) (b) agus 5, eadhon—
(a) ioncam an chiste don tréimhse sin, agus
(b) brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse sin:
Ar choinníoll nach ndéanfar, in aon tréimhse chuntais ina dtabhóidh ciste eischósta caillteanas ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, méid an chaillteanais sin a athrú de bhua na míre seo.
(2) Sa mhír seo—
ciallaíonn “tráchtearraí” sócmhainní inláimhsithe a ndéileáiltear iontu ar mhalartán tráchtearraí áit ar bith ar domhan, seachas airgead reatha, urrúis, fiacha nó sócmhainní eile de chineál airgeadais;
folaíonn “déileáil”, i ndáil le déileáil i dtráchtearraí, déileáil trí chonarthaí todhchaíochtaí agus trí roghanna intrádála.
(3) I gcás gurb é a bheidh in ioncam ciste eischósta d'aon tréimhse chuntais brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí mar aon le hioncam eile ansin—
(a) le linn bheith ag cinneadh an bhfuil an coinníoll i mír 1 (1) (b) comhlíonta i ndáil leis an tréimhse chuntais sin, déanfar caiteachas an chiste a chionroinnt, ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, idir na brabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí agus an t-ioncam eile, agus
(b) le linn bheith ag cinneadh an bhfuil, agus cá mhéid atá, aon chaiteachas inasbhainte faoi alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tráth a mbeidh brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste don tréimhse sin á ríomh, déanfar an oiread sin de ghnó an chiste nach déileáil i dtráchtearraí é a áireamh mar ghnó atá á sheoladh ag cuideachta ar leithligh.
(4) I gcás go mbeidh diúscairt ann lena mbaineann mír 2 (1), ansin, sa mhéid go mbeidh aon mhéid a cuireadh nó a chuirfí chun sochair don chuntas comhionannaithe i leith ioncaim fhabhraithe, amhail mar a luaitear i bhfomhír (3) nó (4) den mhír sin, in ionannas do bhrabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, fágfar leath an ioncaim fhabhraithe sin as cuntas le linn bheith ag cinneadh, faoi na fomhíreanna sin, cén chuid de chomaoin na diúscartha arb ionannas di ioncam a bhí fabhraithe go dtí dáta na diúscartha.
Brabúis choibhéiseacha Éireannacha
5. (1) Aon tagairt sa Sceideal seo do bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha ciste eischósta do thréimhse chuntais, forléireofar í mar thagairt don mhéid arb é a bheadh ann, de réir na mbonn toimhdean atá i bhfomhír (3), brabúis iomlána an chiste don tréimhse sin ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, tar éis aon asbhaintí a bheidh ar fáil in aghaidh na mbrabús sin a bheith lamháilte.
(2) Sa mhír seo ní fholaíonn “brabúis” gnóchain inmhuirearaithe.
(3) Is iad na boinn toimhdean dá dtagraítear i bhfomhír (1)—
(a) gur cuideachta é an ciste eischósta a bhfuil cónaí uirthi sa Stát sa tréimhse chuntais,
(b) gur tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuídeachta sin an tréimhse chuntais, agus
(c) go bhfuil aon díbhinní nó dáiltí ar chóir, de bhua alt 2 den Acht Cánach Corparáide, 1976, iad a fhágáil as cuntas le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, le cur i gcuntas dá ainneoin sin le linn an ríomha sin ar an tslí chéanna ionann is dá mba dhíbhinní nó dáiltí iad de chuid cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát.
(4) Gan dochar d'aon asbhaintí a bheadh ar fáil ar leith ón bhfomhír seo, tá na hasbhaintí seo a leanas ar áireamh sna hasbhaintí dá dtagraítear i bhfomhír (1)—
(a) asbhaint ar comhionann le haon mhéid a lamháiltear mar asbhaint, de bhua mhír 1 (6), le linn ioncam an chiste don tréimhse chuntais lena mbaineann a bheith á chinneadh,
(b) asbhaint ar comhionann le haon mhéid cánach ioncaim de chuid na hÉireann a d'íoc an ciste eischósta, trí asbhaint nó ar shlí eile, agus nach mbeidh aisíoctha leis, i leith ioncaim ón tréimhse chuntais, agus
(c) asbhaint ar comhionann le haon mhéid cánach (a íocadh faoi dhlí críche lasmuigh den Stát) a cuireadh i gcuntas mar asbhaint le linn ioncam an chiste don tréimhse chuntais lena mbaineann a bheith á chinneadh ach nach bhfuil, toisc é a bheith inchurtha i leith caipitil seachas i leith ioncaim, le cur i gcuntas de bhua alt 76 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 12 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976:
Ar choinníoll go ndéanfar neamhshuim, chun críocha chlásal (b), d'fhorálacha alt 171 den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(5) D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo, má bhíonn aon suimeanna, ar cuid iad d'ioncam an chiste eischósta d'aon tréimhse, faighte ag an gciste gan aon asbhaint chánach nó muirear cánach a bheith déanta de bhua alt 462, 464, 470 nó 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gurb é is éifeacht don toimhde i bhfomhír (3) (a) go mbeidh na suimeanna sin le cur i gcuntas le linn na brabúis iomlána dá dtagraítear i bhfomhír (1) a bheith á gcinneadh.
CUID II
Modhnuithe ar na Coinníollacha Deimhniúcháin i gCásanna Áirithe
Infheistíochtaí i gcistí eischósta dáileacha a eisiamh
6. (1) In aon chás—
(a) i dtréimhse chuntais de chuid ciste eischósta (dá ngairtear an “ciste príomha” anseo feasta sa Chuid seo den Sceideal seo), gurb é atá i sócmhainní an chiste, nó go bhfuil ar áireamh iontu, leasanna i gciste eischósta eile, agus
(b) gur leasanna iad na leasanna sin (mar aon le leasanna eile atá ag an gciste príomha) de chineál a fhágann, de bhua mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 66 nó, más cuideachta an ciste eile atá i gceist, de bhua mhír (b) nó (c) den fho-alt sin, nach bhféadfaí, ar leith ón mír seo, an ciste príomha a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais, agus
(c) gan féachaint d'fhorálacha na míre seo, go bhféadfaí an ciste eile sin a dheimhniú mar chiste dáileach i leith a thréimhse cuntais nó, de réir mar a bheidh, gach ceann dá thréimhsí cuntais arb iad tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha iad,
ansin, le linn bheith ag cinneadh an bhfuil ní ar bith in alt 66 (3) (seachas mír (d) a choisceann deimhniú an chiste phríomha mar chiste den chineál a luaitear i gclásal (b), déanfar leasanna an chiste phríomha sa chiste eile sin a fhágáil as cuntas ach amháin d'fhonn luach iomlán shócmhainní an chiste phríomha a chinneadh.
(2) Sa Chuid seo den Sceideal seo gairtear “ciste cáilitheach” de chiste eischósta a thagann faoi réim fhomhír (1) (c).
(3) In aon chás a thagann faoi réim fhomhír (1)—
(a) beidh éifeacht le halt 66 (3) (seachas mír (d) i ndáil leis an gciste príomha fara an modhnú atá i mír 7 (i dteannta an mhodhnuithe dá bhforáiltear le fomhír (1) thuas), agus
(b) beidh éifeacht le Cuid I den Sceideal seo i ndáil leis an gciste príomha fara an modhnú atá i mír 8.
7. Is é an modhnú dá dtagraítear i mír 6 (3) (a) ná in aon chás—
(a) ina mbeidh, tráth ar bith sa tréimhse chuntais dá dtagraítear i mír 6 (1), leas i gciste eischósta nó in aon chuideachta (bíodh nó ná bíodh sí ina ciste eischósta) ar áireamh i sócmhainní an chiste phríomha, agus
(b) go mbeidh an leas sin le cur i gcuntas le linn bheith ag cinneadh an bhfuil aon ní in alt 66 (3) (seachas mír (d)) a choisceann deimhniú an chiste phríomha mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin, agus
(c) go mbeidh, tráth ar bith sa tréimhse chuntais sin, leas sa chiste eischósta nó sa chuideachta dá dtagraítear i gclásal (a) ar áireamh i sócmhainní an chiste cháilithigh,
ansin, chun críocha fheidhm alt 66 (3) (seachas mír (d)), i ndáil leis an gciste príomha, tráth ar bith a mbeidh an leas dá dtagraítear i gclásal (c) ar áireamh i sócmhainní an chiste cháilithigh, déanfar sciar an chiste phríomha den leas sin a áireamh mar shócmhainn bhreise de chuid an chiste phríomha.
8. (1) Is é an modhnú dá dtagraítear i mír 6 (3) (b) ná, le linn bheith ag cinneadh an bhfuil an coinníoll i mír 1 (1) (b) (ii) comhlíonta i ndáil leis an tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha dá dtagraítear i mír 6 (1), go measfar brabúis choibhéiseacha Éireannacha an chiste phríomha don tréimhse sin a bheith méadaithe de sciar an chiste phríomha d'fharasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh is inchurtha i leith na tréimhse sin.
(2) Chun críocha na míre seo, is é farasbarr ioncaim an chiste cháilithigh d'aon tréimhse chuntais de chuid an chiste sin an méid (más ann) ar mó a bhrabúis choibhéiseacha Éireannacha don tréimhse chuntais sin ná méid na ndáiltí a rinneadh don tréimhse sin, arna chinneadh chun críocha mír 1 (1) a chur i bhfeidhm maidir leis an gciste cáilitheach.
(3) Má bhíonn tréimhse chuntais de chuid an chiste cháilithigh agus tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha comhthráthmhar lena chéile, ansin is é farasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh don tréimhse sin an farasbarr ioncaim is inchurtha i leith na tréimhse sin de chuid an chiste phríomha.
(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag fomhír (3), is é farasbarr ioncaim an chiste cháilithigh is inchurtha i leith tréimhse cuntais de chuid an chiste phríomha an codán iomchuí d'fharasbarr ioncaim (más ann) an chiste cháilithigh d'aon tréimhse chuntais dá chuid arb é atá inti tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha agus, má bhíonn breis agus tréimhse chuntais amháin den sórt sin de chuid an chiste cháilithigh ann, comhiomlán an fharasbairr ioncaim (más ann) de chuid gach tréimhse acu.
(5) Chun críocha fhomhír (4), déanfar an codán iomchuí a ríomh faoi threoir na foirmle—
A |
— |
B |
i gcás—
gurb é A an méid laethanta sa tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha ar laethanta iad freisin atá i dtréimhse chuntais de chuid an chiste cháilithigh, agus
gurb é B an méid laethanta atá sa tréimhse chuntais sin de chuid an chiste cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, atá i ngach tréimhse chuntais ar leith de chuid an chiste sin arb é atá inti tréimhse chuntais uile, nó aon chuid de thréimhse chuntais, an chiste phríomha.
9. (1) Déanfar na tagairtí i míreanna 7 agus 8 (1) do sciar an chiste phríomha—
(a) de leas is cuid de shócmhainní an chiste cháilithigh, nó
(b) d'fharasbarr ioncaim (dé réir na brí atá leis i mír 8) an chiste cháilithigh,
a fhorléiriú mar thagairtí don chodán a shonraítear i bhfomhír (2) den leas sin nó den fharasbarr ioncaim sin.
(2) I ndáil le haon tréimhse chuntais de chuid an chiste phríomha, déanfar an codán dá dtagraítear i bhfomhír (1) a ríomh faoi threoir na foirmle—
C |
— |
D |
i gcás—
gurb é C meánluach na leasanna sa chiste cáilitheach a shealbhaíonn an ciste príomha le linn na tréimhse sin, agus
gurb é D meánluach na leasanna go léir sa chiste cáilitheach a shealbhaíonn daoine ar bith le linn na tréimhse sin.
Cistí eischósta a infheistíonn i gcuideachtaí trádála
10. (1) In aon chás ina mbeidh leas i gcuideachta thrádála, mar a mhínítear sin i bhfomhír (4), ar áireamh de thuras na huaire i sócmhainní ciste eischósta, beidh éifeacht le forálacha alt 66 (3) faoi réir na modhnuithe atá i bhfomhíreanna (2) agus (3).
(2) I bhfeidhmiú alt 66 (3) (b) maidir leis an oiread sin de shócmhainní ciste eischósta arb é atá ann, de thuras na huaire, leasanna i gcuideachta thrádála aonair, forléireofar na focail “20 faoin gcéad” in ionad na bhfocal “10 faoin gcéad”.
(3) I bhfeidhmiú alt 66 (3) (c) maidir le ciste eischósta, forléireofar na focail “50 faoin gcéad nó níos mó” in ionad na bhfocal “breis agus 10 faoin gcéad”, sa mhéid go mba thagairt iad thairis sin do scairchaipiteal cuideachta trádála nó d'aicme ar bith den scairchaipiteal sin.
(4) Sa mhír seo—
tá le “tráchtearraí” an bhrí chéanna atá leis i mír 4 (2);
folaíonn “déileáil”, i ndáil le tráchtearraí, le hairgead reatha, le hurrúis, le fiacha nó le sócmhainní eile de chineál airgeadais, déileáil trí chonarthaí todhchaíochtaí agus trí roghanna intrádála;
ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é atá go hiomlán ina gnó trádáil nó trádálacha a sheoladh agus nach é atá sa ghnó sin ar chor ar bith—
(a) déileáil i dtráchtearraí, in airgead reatha, in urrúis, i bhfiacha nó i sócmhainní eile de chineál airgeadais, nó
(b) baincéireacht nó iasachtóireacht airgid.
Cistí eischósta ag a bhfuil fochuideachtaí ar lánúinéireacht
11. (1) I ndáil le ciste eischósta ag a bhfuil fochuideachta ar lánúinéireacht ar cuideachta í, beidh éifeacht le forálacha alt 66 (3) nó Chuid I den Sceideal seo faoi réir na modhnuithe atá i bhfomhír (4).
(2) Faoi réir fhomhír (3), chun críocha na míre seo, is fochuideachta ar lánúireacht ag ciste eischósta cuideachta más rud é go mbeidh, agus fad a bheidh, scairchaipiteal eisithe uile na cuideachta—
(a) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (a), ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil ag an gciste, agus
(b) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (b), ar úinéireacht go díreach ag iontaobhaithe an chiste chun sochair an chiste, agus
(c) i gcás ciste eischósta a thagann faoi réim alt 65 (1) (c), ar úinéireacht ar shlí atá, chomh gar agus is féidir é, ar aon dul le clásal (a) nó (b).
(3) I gcás cuideachta nach bhfuil ach scairchaipiteal eisithe d'aicme amháin aici, déanfar an tagairt i bhfomhír (2) don scairchaipiteal eisithe uile a fhorléiriú mar thagairt do 95 faoin gcéad ar a laghad den scairchaipiteal sin.
(4) Is iad na modhnuithe dá dtagraítear i bhfomhír (1) ná, chun críocha alt 66 (3) agus Chuid I den Sceideal seo—
(a) go measfar gur fáltais, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais de chuid an chiste an céatadán sin d'fháltais, de chaiteachas, de shócmhainní agus de dhliteanais na fochuideachta atá comhionann leis an gcéatadán de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann atá ar úinéireacht amhail mar a luaitear i bhfomhír (2), agus
(b) go bhfágfar as cuntas leas an chiste san fhochuideachta agus aon dáiltí nó íocaíochtaí eile a rinne an fhochuideachta leis an gciste nó a rinne an ciste leis an bhfochuideachta.
Cistí eischósta a bhfuil leasanna acu i gcuideachtaí déileála agus bainisteoireachta
12. (1) Ní bheidh feidhm ag alt 66 (3) (c) maidir leis an oiread sin de shócmhainní ciste eischósta arb é atá ann scairchaipiteal eisithe cuideachta—
(a) ar fochuideachta í atá ar lánúinéireacht ag an gciste agus a thagann faoi réim fhomhír (2), nó
(b) ar fochuideachta bhainisteoireachta de chuid an chiste í, mar a mhínítear sin i bhfomhír (3).
(2) Maidir le cuideachta ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag ciste eischósta í, is cuideachta í lena mbaineann fomhír (1) (a) thuas más rud é—
(a) gurb é atá go hiomlán i ngnó na cuideachta déileáil i leasanna ábhartha sa chiste eischósta d'fhonn bainisteoireacht agus riarachán a dhéanamh ar ghnó an chiste agus i ndáil leis an gcéanna, agus
(b) nach bhfuil an chuideachta i dteideal aon dáileadh a fháil i leith aon leasa ábhartha atá á shealbhú aici de thuras na huaire,
agus beidh feidhm ag mír 11 (2) d'fhonn a chinneadh an fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag ciste eischósta í cuideachta chun críocha na míre seo.
(3) Chun críocha fhomhír (1) (b), is fochuideachta bhainisteoireachta de chuid ciste eischósta í cuideachta (is cuideachta a bhfuil leas ag an gciste inti) más rud é—
(a) nach seolann an chuideachta gnó ar bith seachas seirbhísí a thagann faoi réim fhomhír (4) a sholáthar, cibé acu don chiste amháin go heisiach nó don chiste agus d'aon chiste eischósta eile a bhfuil leas aige sa chuideachta, agus
(b) nach mó an luach saothair a fhaigheann an chuideachta as na seirbhísí a sholáthraíonn sí don chiste ná an luach saothair a gheobhadh sí dá ndéanfaí é a chinneadh ar neamhthuilleamaí idir an ciste agus cuideachta nach mbeadh leas ar bith ag an gciste inti.
(4) Is iad seo a leanas na seirbhísí dá dtagraítear i bhfomhír (3)—
(a) sealbhú maoine (is maoin de thuairisc ar bith) atá á háitiú nó á húsáid i ndáil le bainisteoireacht nó riarachán an chiste, agus
(b) seirbhísí riaracháin, bainisteoireachta agus comhairliúcháin a sholáthar don chiste.
(5) Le linn bheith ag cinneadh, de réir fhomhír (3), an fochuideachta bhainisteoireachta de chuid ciste eischósta í cuideachta a bhfuil leas ag an gciste sin inti—
(a) déileálfar le gach gnó atá á sheoladh ag fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta mar ghnó a sheolann an chuideachta,
(b) ní chuirfear i gcuntas an oiread sin de ghnó na cuideachta arb é atá ann sealbhú leasanna na cuideachta i bhfochuideachta atá ar lánúinéireacht aici, agus
(c) glacfar le haon tagairt don chuideachta i bhfomhír (3) (b) mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta.
(6) Aon tagairt i bhfomhír (5) d'fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag cuideachta, forléireofar í mar thagairt do chuideachta eile a bhfuil a scairchaipiteal eisithe uile ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil de thuras na huaire ag an gcuideachta chéadluaite.
Neamhshuim a dhéanamh d'infheistíochtaí áirithe ar lú ná 5 faoin gcéad de chiste iad
13. (1) In aon chás—
(a) in aon tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, go mbeidh sealbhán de scairchaipiteal eisithe (nó de scairchaipiteal eisithe d'aicme ar bith) cuideachta ar áireamh i sócmhainní an chiste, agus
(b) gur sealbhán é de chineál a fhágann, de bhua alt 66 (3) (c), nach bhféadfaí (ar leith ón mír seo) an ciste a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin,
ansin, má bhíonn an coinníoll atá i bhfomhír (3) comhlíonta, déanfar neamhshuim den sealbhán sin chun críocha alt 66 (3) (c).
(2) Sa mhír seo ciallaíonn “farasbarr sealbháin” aon sealbhán a thagann faoi réim fhomhír (1).
(3) Is é an coinníoll dá dtagraítear i bhfomhír (1) nach mó, tráth ar bith sa tréimhse chuntais atá i gceist, an chuid sin den chiste arb éard í—
(a) farasbarr sealbhán, agus
(b) leasanna i gcistí eischósta eile nach cistí cáilitheacha iad,
ná 5 faoin gcéad, de réir luacha, de shócmhainní uile an chiste.
Cumhacht na gCoimisinéirí Ioncaim neamhshuim a dhéanamh de sháruithe áirithe ar choinníollacha
14. Más rud é, i gcás aon tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta, gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur mainníodh déanamh de réir aon cheann de na coinníollacha atá i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (3) d'alt 66 (arna modhnú, más cuí, leis na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo) ach gur deimhin leo—
(a) gur de thaisme a tharla an mhainneachtain, agus
(b) gur cuireadh ina ceart í gan mhoill mhíréasúnach,
ansin féadfaidh siad neamhshuim a dhéanamh den mhainneachtain d'fhonn a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais sin.
CUID III
Nós Imeachta Deimhniúcháin
Iarratas ar Dheimhniúchán
15. (1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar cibé caoi is cuí leo, ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais más rud é—
(a) go mbeidh iarratas i leith na tréimhse sin déanta faoin mir seo,
(b) go mbeidh ag gabháil leis an iarratas cuntais an chiste in aghaidh na tréimhse cuntais, nó in aghaidh tréimhse ar cuid di an tréimhse chuntais, lena mbaineann an t-iarratas,
(c) go dtabharfar cibé faisnéis do na Coimisinéirí Ioncaim a éileoidh siad le réasún d'fhonn a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú amhlaidh, agus
(d) gur deimhin leo nach bhfuil aon ní i bhfo-alt (2) nó (3) d'alt 66 a choisceann deimhniú a dhéanamh amhlaidh ar an gciste.
(2) Is chuig na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfar iarratas faoin mír seo agus is é an ciste, nó iontaobhaí nó oifigeach de chuid an chiste thar ceann an chiste, a dhéanfaidh amhlaidh é agus féadfar é a dhéanamh amhlaidh roimh—
(a) an 1ú lá d'Eanáir, 1991, nó
(b) deireadh na tréimhse 6 mhí dar tosach deireadh na tréimhse cuntais lena mbaineann an t-iarratas,
cibé acu is déanaí.
(3) In aon chás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a bheith déanta faoin mír seo, nár chóir an ciste eischósta lena mbaineann a dheimhniú mar chiste dáileach i leith na tréimhse cuntais lena mbaineann an t-iarratas, tabharfaidh siad fógra i dtaobh an chinnidh sin don chiste.
(4) Más rud é, tráth ar bith, gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim—
(a) maidir leis na cuntais a bheidh ag gabháil le hiarratas faoin mír seo i leith tréimhse chuntais ar bith de chuid ciste eischósta, nach cuntais iad de chineál a fhágann, nó
(b) maidir le haon fhaisnéis a bheidh tugtha dóibh i ndáil le hiarratas den sórt sin, nach faisnéis í den chineál a fhágann,
go bhfuil nochtadh iomlán cruinn á dhéanamh ar na fíorais agus na cúinsí go léir a bhaineann leis an iarratas, tabharfaidh siad fógra dá réir sin don chiste, ar fógra é ina sonrófar an tréimhse lena mbaineann.
(5) I gcás ina dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra faoi fhomhír (4), measfar nár dheimhnigh siad an ciste eischósta riamh i leith na tréimhse cuntais atá i gceist.
Achomhairc
16. (1) Maidir le hachomharc chuig na Coimisinéirí Achomhairc—
(a) in aghaidh cinneadh den chineál dá dtagraítear i mír 15 (3), nó
(b) in aghaidh fógra faoi mhír 15 (4),
is é an ciste eischósta, nó oifigeach dá chuid thar ceann an chiste, a dhéanfaidh é agus déanfar amhlaidh é trí fhógra ina sonrófar forais an achomhairc agus a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra faoi fhomhír (3) nó (4) de mhír 15, de réir mar a bheidh.
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc faoi fho mhír (1) a éisteacht agus a chinneadh de réir na bprionsabal atá le leanúint ag na Coimisinéirí Ioncaim tráth a mbíonn iarratais faoi alt 15 á gcinneadh acu agus, faoina réir sin, ar an gcaoi chéanna le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí).
(3) Áireofar ar dhlínse na gCoimisinéirí Achomhairc i leith achomhairc faoin mír seo an dlínse chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim ar cinneadh ábhartha é ó thaobh foras éigin atá leis an achomharc.
CUID IV
Forlíontach
Measúnacht: an éifeacht atá le neamhdheimhniúchán
17. Ní cead aon achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach ar an bhforas go mba chóir ciste eischósta a bheith deimhnithe mar chiste dáileach i leith tréimhse chuntais de chuid an chiste.
18. (1) Gan dochar do mhír 17, in aon chás nach ndearnadh aon iarratas faoi mhír 15 i leith tréimhse chuntais de chuid ciste eischósta, féadfaidh aon duine, a dhlíonn cáin a íoc nach mbeadh sé faoi dhliteanas a íoc dá mbeadh an ciste eischósta deimhnithe mar chiste dáileach i leith na tréimhse sin, a cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, gníomh a dhéanamh faoin mír seo chun a chinneadh ar chóir an ciste a dheimhniú amhlaidh.
(2) Faoi réir fhomhíreanna (3) agus (5), má fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim fógra faoi fhomhír (1), déanfaidh siad, trí fhógra a thabhairt ar cibé caoi is dóigh leo is iomchuí sna himthosca, cuireadh a thabhairt don chiste eischósta áirithe iarratas a dhéanamh faoi mhír 15 i leith na tréimhse atá i gceist.
(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fomhír (2), ní bheidh de cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt faoin bhfomhír sin sula mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntais lena mbainfidh an fógra ná i gcás iarratas faoi mhír 15 a bheith déanta cheana féin:
Ar choinníoll, i gcás fógra a thabhairt faoi fhomhír (2), nach mbeidh iarratas faoi mhír 15 lasmuigh den tréimhse ama atá ceadaithe faoi mhír 15 (2) más laistigh de 90 lá ó dháta an fhógra sin a dhéanfar é.
(4) Mura ndéanfaidh ciste, dá dtugtar fógra faoi fhomhír (2), iarratas faoi fhomhír 15 i leith na tréimhse cuntais atá i gceist laistigh den am atá ceadaithe faoi fhomhír (3) nó faoi mhír 15 (2) (de réir mar a bheidh), rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh chun ceist an deimhniúcháin i leith na tréimhse sin a chinneadh ionann is dá mbeadh an t-iarratas sin déanta.
(5) I gcás ina bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus fógra amháin faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse cuntais céanna de chuid an chiste eischósta chéanna, measfar a gcuid oibleagáidí faoi fhomhíreanna (2) agus (4) a bheith comhlíonta i ndáil le gach fógra acu sin má chomhlíontar iad i ndáil le haon fhógra amháin acu.
(6) D'ainneoin aon ní atá i bhfomhír (5), beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim, chun críche cinneadh faoi fhomhír (4) i leith tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta, ar chuntais agus ar fhaisnéis eile a bheidh tugtha ag na daoine go léir a thug fógra faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse cuntais sin; agus beidh feidhm ag mír 15 ionann is dá mbeadh na cuntais agus an fhaisnéis a tugadh amhlaidh tugtha i gcomhlíonadh fhomhír (1) den mhír sin.
(7) Gan dochar d'fhomhír (5), in aon chás—
(a) ina ndéanfar, tráth éigin tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a chinneadh faoi fhomhír (4) nár chóir ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith tréimhse cuntais, fógra a thabhairt faoi fhomhír (1) i leith na tréimhse sin, agus
(b) go ndéanfaidh an duine a bheidh ag tabhairt an fhógra sin cuntais nó faisnéis a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh tugtha dóibh an tráth a ndearna siad an cinneadh is luaithe,
ansin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim breithniú athuair ar an gcinneadh a rinne siad roimhe sin ag féachaint do na cuntais nua nó don fhaisnéis nua agus, más cuí leo, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh an ciste a dheimhniú dá réir sin.
(8) I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag aon duine do na Coimisinéirí Ioncaim faoi fhomhír (1) i leith tréimhse cuntais de chuid ciste eischósta agus nach mbeidh aon iarratas déanta faoi mhír 15 i leith na tréimhse sin, ansin—
(a) cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim a gcinneadh i dtaobh deimhniúcháin faoi fhomhír (4) in iúl don duine sin, agus
(b) ní bheidh feidhm ag mír 16 i ndáil leis an gcinneadh sin.
Faisnéis maidir le cinntí i dtaobh deimhniúcháin etc.
19. Aon oibleagáid atá ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a choimeád nó aon srian eile atá orthu ó thaobh eolas a nochtadh, ní choiscfidh sé orthu—
(a) aon chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó (ar achomharc) de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc i dtaobh cé acu ar chóir nó nár chóir ciste eischósta a dheimhniú mar chiste dáileach i leith aon tréimhse cuntais,
(b) ábhar agus éifeacht aon fhógra a bheidh tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 15 (4),
a nochtadh d'aon duine ar dealraitheach dóibh leas a bheith aige sa scéal.
20. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a n-údaraíonn an Sceideal seo do na Coimisinéirí Ioncaim iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar aon tagairtí sa Sceideal seo do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'oifigeach a bheidh ainmnithe amhlaidh.
AN SÉÚ SCEIDEAL
Cistí Eischósta: Gnóchain Ioncaim Eischósta a Ríomh
CUID I
Diúscairtí Leasanna i gCistí Neamhcháilitheacha
Léiriú
1. Sa Chuid seo den Sceideal seo ciallaíonn “diúscairt ábhartha” diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I den Acht seo, ar shlí seachas de bhua alt 64.
Gnóchan neamhinnéacsaithe a ríomh
2. (1) I gcás diúscairt ábhartha a bheith ann, cinnfear i dtosach, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, an méid (más aon mhéid é) arb é, de réir fhorálacha na míre seo, an gnóchan neamhinnéacsaithe é a fhabhraíonn chuig an duine a dhéanann an diúscairt.
(2) Faoi réir fho-ailt (3), (4), (5) agus (6) d'alt 63 agus mhír 3, is é an gnóchan neamhinnéacsaithe a fhabhraíonn as diúscairt ábhartha an méid arb é an gnóchan as an diúscairt sin chun críocha an Phríomh-Achta a bheadh ann dá ríomhfaí é—
(a) gan féachaint d'aon mhuirear cánach ioncaim nó cánach corparáide de bhua alt 67, agus
(b) gan féachaint d'aon choigeartú (dá ngairtear “an liúntas innéacsúcháin” anseo feasta sa Chuid seo den Sceideal seo) arna dhéanamh faoi alt 3 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, ar shuimeanna is inlamhála mar asbhaintí le linn gnóchain inmhuirearaithe a bheith á ríomh.
3. (1) Más cuid é an diúscairt ábhartha d'aistriú lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ansin déanfar an gnóchan neamhinnéacsaithe a fhabhraíonn as an diúscairt a ríomh gan féachaint d'aon asbhaint a bheidh le déanamh faoin mír sin le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh.
(2) D'ainneoin alt 12 den Phríomh-Acht, más rud é, ar leith ón bhfomhír seo, go mbeadh d'éifeacht le haon ríomh faoi na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo go mbeadh caillteanas i gceist, measfar gur nialas an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt ábhartha agus, dá réir sin, chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, ní mheasfar aon chaillteanas a bheith fabhraithe as diúscairt ábhartha.
Gnóchain ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith
4. (1) Beidh feidhm ag an mír seo más rud é—
(a) maidir leis an leas sa chiste eischósta a dhiúscraíonn an duine a mbeidh diúscairt ábhartha á déanamh aige, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, a fuair sé é, nó
(b) go measfar, de bhua aon fhorála i bhfomhír (3) agus (4), gur roimh an dáta sin a fuair sé an leas.
(2) I gcás feidhm a bheith ag an mír seo, déanfar an méid arb é an gnóchan as an diúscairt ábhartha a bheadh ann a chinneadh chun críocha na Coda seo den Sceideal seo—
(a) ar an toimhde go ndearnadh, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an leas a dhiúscairt agus a fháil ar ais láithreach ar chomaoin ab ionann agus a mhargadhluach an tráth sin, agus
(b) faoi réir na toimhdean sin, ar an mbonn go ríomhtar an gnóchan ar an gcaoi chéanna ar a ndéantar, faoi mhíreanna 2 agus 3, an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt ábhartha a chinneadh,
agus “an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith” a ghairtear den mhéid sin i mír 5 (2).
(3) Más rud é, maidir leis an duine a dhéanann an diúscairt ábhartha go bhfuair sé an leas atá á dhiúscairt—
(a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus
(b) in imthosca a d'fhág, de bhua aon achtacháin seachas alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, go raibh sé féin agus an duine óna bhfuair sé é (dá ngairtear “an t-úinéir roimhe sin” feasta san fhomhír seo agus i bhfomhír (4)) le háireamh chun críocha an Phríomh-Achta ionann is dá mbeadh an leas faighte aige ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas don úinéir roimhe sin as an diúscairt faoina bhfuair sé é,
ansin measfar, maidir le fáil an leasa ag an úinéir roimhe sin, gurbh é fáil an leasa ag an duine sin é
(4) Más rud é gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, a fuair an t-úinéir roimhe sin an leas atá á dhiúscairt agus go bhfuair sé amhlaidh é in imthosca ar aon dul leis na himthosca dá dtagraítear i bhfomhír (3), ansin measfar, chun críocha na míre seo, gurbh é fáil an leasa ag a réamhtheachtaí fáil an úinéara roimhe sin, agus mar sin siar trí fháileanna roimhe sin in imthosca dá samhail go dtí an chéad fháil den sórt sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó, de réir mar a bheidh, go dtí fáil ar dhiúscairt ábhartha ar an dáta sin nó dá éis.
An gnóchan ioncaim eischósta
5. (1) Faoi réir fhomhír (2), beidh diúscairt ábhartha ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de mhéid is ionann agus an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt sin.
(2) In aon chás—
(a) ina mbeidh feidhm ag mír 4, agus
(b) inar lú an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith (mar a mhínítear sin i mír 4 (2)) ná an gnóchan neamhinnéacsaithe as an diúscairt,
is é a bheidh sa ghnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt is bun leis, méid is ionann agus an gnóchan ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, i leith (mar a mhínítear amhlaidh).
CUID II
Diúscairtí a nGabhann Gné Chomhionannaithe Leo
6. (1) Faoi réir mhír 7, beidh diúscairt lena mbaineann Caibidil VII de Chuid I, de bhua alt 64 (3), ina bun le gnóchan ioncaim eischósta de mhéid is ionann agus an ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear.
(2) Faoi réir fhomhíreanna (4), (5) agus (6), is é a bheidh sa ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a thagann faoi réim fhomhír (1) an méid a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann i leith ioncaim fhabhraithe dá mbeadh an tsócmhainn a dhiúscraítear faighte, ar dháta na diúscartha, ag duine eile trí cheannach tosaigh.
(3) Sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Sceideal seo, gairtear “diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi” de dhiúscairt a thagann faoi réim fhomhír (1).
(4) I gcás an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith faighte ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha tar éis thosach na tréimhse ar faoina réir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (2), déanfar an méid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfomhír seo, an ghné chomhionannaithe a ghabhann leis an tsócmhainn sin a laghdú den mhéid seo a leanas, is é sin le rá—
(a) más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, a fuair sé í, an méid a cuireadh chun sochair, ar an bhfáil sin, do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann maidir le hioncam fabhraithe nó, de réir mar a bheidh, a bheadh curtha chun sochair amhlaidh dá mba fháil trí cheannach tosaigh an fháil sin, agus
(b) in aon chás eile, an méid a bheadh curtha chun sochair don chuntas sin maidir le hioncam fabhraithe dá mba fháil trí cheannach tosaigh a tharla ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an fháil sin.
(5) I gcás—
(a) an tsócmhainn a dhiúscraítear le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith faighte ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha i dtosach nó roimh thosach na tréimhse ar faoina réir a ríomhtar an t-ioncam fabhraithe dá dtagraítear i bhfomhír (2), agus
(b) gur thosaigh an tréimhse sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an dáta sin,
déanfar an méid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfomhír seo, an ghné chomhionannaithe a ghabhann leis an tsócmhainn sin a laghdú den mhéid a bheadh curtha chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta lena mbaineann maidir le hioncam fabhraithe dá mba fháil trí cheannach tosaigh a tharla ar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, an fháil dá dtagraítear i gclásal (a).
(6) I gcás diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a bheith ann, ansin, sa mhéid go mbeidh aon mhéid a cuireadh nó a chuirfí chun sochair do chuntas comhionannaithe an chiste eischósta maidir le hioncam fabhraithe (amhail mar a luaitear i bhfomhír (2), (3), (4) nó (5)) in ionannas do bhrabúis ó bheith ag déileáil i dtráchtearraí, de réir bhrí mhír 4 den Chúigiú Sceideal, déanfar leath an ioncaim fhabhraithe sin a fhágáil as cuntas le linn an ghné chomhionannaithe a bhaineann leis an tsócmhainn a dhiúscraítear leis an diúscairt sin a bheith á cinneadh faoi na fomhíreanna sin.
7. (1) Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, déanfar an gnóchan Chuid I (más aon ghnóchan é) as aon diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a chinneadh de réir mhír 8.
(2) D'ainneoin aon ní i mír 6 thuas—
(a) mura mbeidh aon ghnóchan Chuid I as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, ní bheidh an diúscairt sin ina bun le gnóchan ioncaim eischósta, agus
(b) más rud é, ar leith ón mír seo, gur mhó an gnóchan ioncaim eischósta as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi ná an gnóchan Chuid I as an diúscairt sin, déanfar an gnóchan ioncaim eischósta arb í an diúscairt sin is bun leis a laghdú go dtí méid ar comhionann leis an ngnóchan Chuid I sin.
8. (1) I gcás diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, is é an gnóchan Chuid I an méid (más ann) arb é an gnóchan ioncaim eischósta as an diúscairt sin a bheadh ann, de bhua Chuid I den Sceideal seo (arna modhnú le fomhíreanna (2) agus (3)), dá mba dhiúscairt ábhartha í de réir bhrí na Coda sin.
(2) Chun críocha fheidhm Chuid I den Sceideal seo ó thaobh an gnóchan Chuid I (más ann) as diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi a chinneadh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh éifeacht le fo-ailt (5) agus (6) d'alt 64 ionann is dá ndéanfaí, san fho-alt sin (5), na focail “de bhua fho-alt (3) thuas” a fhágáil ar lár.
(3) Más rud é, maidir le diúscairt a ngabhann gné chomhionannaithe léi, gur diúscairt í, de bhua aon achtacháin seachas alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978, a ndéileáiltear léi chun críocha an Phríomh-Achta mar dhiúscairt nach bhfabhraíonn gnóchan ná caillteanas aisti chuig an duine a dhéanann an diúscairt, ansin, chun críche an gnóchan Chuid I (más ann) as an diúscairt sin a chinneadh, agus chun na críche sin amháin, measfar nach bhfuil feidhm ag an achtachán sin maidir léi (ach sin gan dochar d'fheidhm an achtacháin sin maidir le haon diúscairt is luaithe ná sin).
AN SEACHTÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíseáin
An Cineál Teilifíseáin | An Ráta Dleachta | |||||
Teilifíseáin daite: | ||||||
le scáileán ar mó ná seacht n-orlach déag ach nach mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta | £30 an teilifíseán | |||||
le scáileán ar mó ná ceithre orlach is fiche a | ||||||
thoise uasta | ... | ... | ... | ... | ... | £45 an teilifíseán |
AN tOCHTÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
An Cineál Táirge | An Ráta Dleachta | ||||||
Toitíní | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £39.59 an míle mar aon le méid is ionann agus 14.7 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní |
Todóga | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £60.217 an cileagram |
Tobac píopa milsithe | ... | ... | ... | ... | £60.851 an cileagram | ||
Tobac cruafháiscthe | ... | ... | ... | ... | £38.914 an cileagram | ||
Tobac píopa eile | ... | ... | ... | ... | ... | £48.916 an cileagram | |
Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun a | |||||||
choganta | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £50.814 an cileagram |
AN NAOÚ SCEIDEAL
Dleacht Stampa ar Ionstraimí
CUID I
Bannaí, Cúnaint, etc.
“BOND, COVENANT, or INSTRUMENT of any kind whatsoever. (1) Being the only or principal or primary security for any annuity (except upon the original creation thereof by way of sale or security, and except a superannuation annuity), or for any sum or sums of money at stated periods, not being interest for any principal sum secured by a duly stamped instrument, nor rent reserved by a lease. For a definite and certain period, so that the total amount to be ultimately payable can be ascertained— | ||||
where the total amount does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
where the total amount exceeds £20,000: | ||||
for every £1,000, or any fractional part of £1,000, of the amount secured ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. | ||||
For the term of life or any other indefinite period: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the annuity or sum periodically payable | ... | ... | ... | £2.50 |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. (2) Being a collateral or auxiliary or additional or substituted security for any of the above-mentioned purposes where the principal or primary instrument is duly stamped. | ||||
Where the amount secured does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
Where the total amount to be ultimately payable can be ascertained and exceeds £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | £10.00 |
(3) In any other case: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the annuity or sum periodically payable ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | 50p |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. | ||||
(4) Being a grant or contract for payment of a superannuation annuity, that is to say, a deferred life annuity granted or secured to any person in consideration of annual premiums payable until he attains a specified age and so as to commence on his attaining that age. | ||||
For every £100 or any fractional part of £100 of the annuity ... ... ... ... | ... | ... | ... | 50p |
”.
CUID II
Tíolacadh nó Aistriú ar Dhíol aon Stoc nó Urrús Inmhargaidh
“CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities. | ||||
(1) Where a conveyance or transfer is on a sale of units in a collective investment undertaking within the meaning of section 18 of the Finance Act, 1989 | ... | ... | ... | Exempt |
(2) Of any other kind whatsoever not hereinbefore described: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
”.
CUID III
Tíolacadh nó Aistriú ar Dhíol Maoine eile
“CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities. | ||||
(1) Where the amount or value of the consideration for the sale does not exceed £5,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions, in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £5,000 ... ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
(2) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds £5,000 but does not exceed £10,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £10,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
(3) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds £10,000 but does not exceed £15,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £15,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £2.00 |
(4) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds £15,000 but does not exceed £25,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £25,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £3.00 |
(5) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds £25,000 but does not exceed £50,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £50,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £4.00 |
(6) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds £50,000 but does not exceed £60,000 and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds £60,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £5.00 |
(7) Of any other kind whatsoever not hereinbefore described: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100 of the consideration ... ... ... ... | ... | ... | ... | £6.00 |
(8) Where in the case of a conveyance or transfer on sale or in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos the consideration for the sale or the value of the property exceeds £5,000 and the instrument contains a certificate by the party to whom the property is being conveyed or transferred to the effect that the person becoming entitled to the entire beneficial interest in the property (or, where more than one person becomes entitled to a beneficial interest therein, each of them) is related to the person or each of the persons immediately theretofore entitled to the entire beneficial interest in the property in one or other of the following ways, that is to say, as a lineal descendant, parent, grandparent, step-parent, husband or wife, brother or sister of a parent or brother or sister, or lineal descendant of a parent, husband or wife or brother or sister: | ||||
a duty of an amount equal to one-half of the ad valorem stamp duty which, but for the provisions of this paragraph, would be chargeable under this Heading. |
”.
CUID IV
Dúblach nó Contrapháirt
“DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty. | ||||
(1) Where such duty does not amount to £10 | The same duty as the original instrument | |||
(2) In any other case ... ... ... ... | ... | ... | ... | £10.00 |
”.
CUID V
Léasanna
“LEASE | ||||
(1) For any indefinite term or any term not exceeding 35 years: | ||||
of any dwelling house, part of a dwelling house, or apartment at a rent not exceeding £6,000 per annum ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
(2) For any definite term or for any indefinite term of any lands, tenements, or heritable subjects— | ||||
(a) Where the consideration, or any part of the consideration (other than rent), moving either to the lessor or to any other person, consists of any money, stock or security, and— | ||||
(i) the amount or value of such consideration does not exceed £5,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions, in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £5,000 ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
(ii) the amount or value of such consideration exceeds £5,000 but does not exceed £10,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £10,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... | ... | ... | ... | £1.00 |
(iii) the amount or value of such consideration exceeds £10,000 but does not exceed £15,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £15,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... | ... | ... | ... | £2.00 |
(iv) the amount or value of such consideration exceeds £15,000 but does not exceed £25,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £25,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration ... | ... | ... | ... | £3.00 |
(v) the amount or value of such consideration exceeds £25,000 but does not exceed £50,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £50,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration | ... | ... | ... | £4.00 |
(vi) the amount or value of such consideration exceeds £50,000 but does not exceed £60,000 and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds £60,000: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration | ... | ... | ... | £5.00 |
(vii) the case is of any other kind whatsoever not hereinbefore described: | ||||
for every £100, or any fractional part of £100, of the consideration | ... | ... | ... | £6.00 |
(b) where the consideration or any part of the consideration is any rent, and in respect of such consideration where the rent, whether reserved as a yearly rent or otherwise, is at a rate or average rate: | ||||
(i) if the term does not exceed 35 years or is indefinite: | ||||
for every £100 or any fractional part of £100 of the rent ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
(ii) if the term exceeds 35 years but does not exceed 100 years: | ||||
for every £100 or any fractional part of £100 of the rent ... ... | ... | ... | ... | £6.00 |
(iii) if the term exceeds 100 years: | ||||
for every £100 or any fractional part of £100 of the rent ... ... | ... | ... | ... | £12.00 |
(3) Lease made subsequent to, and in conformity with, an agreement duly stamped under the provisions of section 75 of the Stamp Act, 1891 | ... | ... | ... | £1.00 |
(4) Of any other kind whatsoever not hereinbefore described ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
”.
CUID VI
Morgáistí, Bannaí, Bintiúir agus Cúnaint agus Barántais Aturnae áirithe
“MORTGAGE, BOND, DEBENTURE, COV-ENANT (except a marketable security) and WAR-RANT OF ATTORNEY to confess and enter up judgment. | ||||
(1) Being the only or principal or primary security (other than an equitable mortgage) for the payment or repayment of money: | ||||
where the amount secured does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
where the amount secured exceeds £20,000: | ||||
for every £1,000, or any fractional part of £1,000, of the amount secured ... ... | ... | ... | ... | £1.00 |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. | ||||
(2) Being a collateral, or auxiliary, or additional, or substituted security (other than an equitable mortgage), or by way of further assurance for the abovementioned purpose where the principal or primary security is duly stamped: | ||||
where the amount secured does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
where the amount secured exceeds £20,000 | ... | ... | ... | £10.00 |
(3) Being an equitable mortgage: | ||||
where the amount secured does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
where the amount secured exceeds £20,000 | ||||
for every £1,000 or any fractional part of £1,000, of the amount secured ... ... | ... | ... | ... | 50p |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. | ||||
(4) TRANSFER, ASSIGNMENT or DIS-POSITION of any mortgage, bond, debenture, or covenant (except a marketable security) or of any money or stock secured by any such instrument, or by any warrant of attorney to enter up judgment, or by any judgment: | ||||
where the amount secured does not exceed £20,000 ... ... ... ... ... | ... | ... | ... | Exempt |
where the amount secured exceeds £20,000: | ||||
for every £1,000, or any fractional part of £1,000, of the amount transferred, assigned, or disposed, exclusive of interest which is not in arrear ... ... ... | ... | ... | ... | 50p |
Provided that the duty so charged shall not exceed £3,000. | ||||
(5) Where any further money is added to the money already secured ... ... ... ... | The same duty as a principal security | |||
for such further money. |
”.
CUID VII
Aon Mhaoin, etc. a Scaoileadh nó a Thréigean
“RELEASE or RENUNCIATION of any property, or of any right or interest in any property— | ||||
upon a sale ....... See CONVEYANCE ON SALE in any other case ... ... ... ... | ... | ... | ... | £5.00 |
”.
CUID VIII
Aon Mhaoin, nó aon Cheart nó Leas in aon Mhaoin, a Ghéilleadh
“SURRENDER of any property, or of any right or interest in any property— | ||||
upon a sale ....... See CONVEYANCE ON SALE in any other case ... ... ... ... | ... | ... | ... | £5.00 |
”.
CUID IX
Scairbharántas agus Stocdheimhniú chuig Iompróir
“SHARE WARRANT issued under the provisions of the Companies Acts, and STOCK CERTIFICATE to bearer, expressed in the currency of |
|
|
|
|
the State... ... ... ... ... ... | A duty of an amount equal to 3 times the amount of the ad valorem stamp duty which would be chargeable on a deed transferring the share or shares or stock specified in the warrant or certificate if the consideration for the transfer were the nominal value of such share or shares or stock. |
”.