Uimhir 10 de 1989
AN tACHT AIRGEADAIS, 1989
RIAR NA nALT
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Cáin Ioncaim
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Cáin Chorparáide
Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Custaim agus Mál
34. | |
35. | |
36. | |
37. | |
38. | |
39. | |
40. | |
41. | |
42. | |
43. | Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnais deochanna meisciúla áirithe. |
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | Dleacht a fhorchur ar chlárú clubanna agus dleacht club do scor. |
49. | |
50. | Aisghairm agus leasú forálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin. |
51. | |
52. |
Cáin Bhreisluacha
53. | |
54. | |
55. | |
56. | |
57. | |
58. | Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht. |
59. | |
60. | |
61. | |
62. | |
63. |
Dleachtanna Stampa
Cáin Fháltas Caipitiúil
Ginearálta
73. |
Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin agus Measúnachtaí
74. | |
75. | |
76. | Leasú ar alt 41 (cáin agus ús ar cháin a íoc) den Phríomh-Acht. |
77. | |
78. | Leasú ar alt 107 (feidhm an Phríomh-Achta) den Acht Airgeadais, 1984. |
79. |
Ilghnéitheach
80. | |
81. | |
82. | |
83. | |
84. | Leasú ar alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985. |
85. | Gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe a bheith díolmhaithe. |
Frithsheachaint
86. | |
87. | Leasú ar alt 33 (daoine bainteacha) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975. |
88. | Scéimeanna chun dliteanas cánach faoi Sceideal F a sheachaint. |
89. | |
90. |
Ilghnéitheach
Cuntas a Thabhairt ar Cháin, agus Íoc Cánach, a Asbhaintear ó Íocaíochtaí Iomchuí agus ó Ioncam Iomchuí Neamhdháil te
Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta
Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
Na Rátaí Dleachta Máil ar Cheadúnais Áirithe
Ceadúnais Deochanna Meisciúla
Deimhnithe Airm Tine
Ceadúnais Chearrbhachais
Ceadúnais Eile
Aisghairm Forálacha a bhaineann le Ceadúnais Mhangairí
Aisghairm Forálacha a bhaineann le Ceadúnais Tithe Úrúcháin
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974 | |
Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988 | |
Customs and Inland Revenue Act, 1881 | 44 & 45 Vict., c. 12 |
Customs, Inland Revenue, and Savings Banks Act, 1877 | 40 & 41 Vict., c. 13 |
Finance (1909-10) Act, 1910 | 10 Edw. 7 & 1 Geo. 5, c. 8 |
Finance Act, 1919 | 9 & 10 Geo. 5, c. 32 |
Forgery Act, 1913 | 3 & 4 Geo. 5, c.27 |
Inland Revenue Act, 1880 | 43 & 44 Vict., c. 20 |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 | |
An tAcht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935 | |
Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860 | 23 & 24 Vict., c. 107 |
Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904 | 4 Edw. 7, c. 9 |
Stamp Act, 1891 | 54 & 55 Vict., c. 39 |
Stamp Duties Management Act, 1891 | 54 & 55 Vict., c. 38 |
Succession Duty Act, 1853 | 16 & 17 Vict., c. 51 |
Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987 | |
Uimhir 10 de 1989
AN tACHT AIRGEADAIS, 1989
[An tiontú oifigiúil]
[24 Bealtaine, 1989]
CUID I
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.
1.—Maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980—
(a) in alt 1, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) San alt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe', faoi réir fho-alt (3)—
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £6,000, agus
(b) in aon chás eile, £3,000.
(3) (a) Chun críocha an ailt seo agus alt 2, i gcás ina gcruthóidh éilitheoir go bhfuil aon leanbh cáilitheach dá chuid beo tráth ar bith le linn bliana measúnachta, ansin, faoi réir fho-alt (4), déanfar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo nó alt 2, de réir mar a bheidh) a mhéadú £200 in aghaidh gach linbh den sórt sin don bhliain mheasúnachta sin.
(b) Déanfar aon cheist i dtaobh leanbh a bheith ina leanbh cáilitheach chun críocha an ailt seo nó alt 2 a chinneadh ar an mbonn céanna ar a gcinnfí í chun críocha alt 138A den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ach sin gan féachaint d'fho-ailt(1) (a), (2), (3) agus (5) den alt sin.
(4) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil, nó go mbeadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, teideal ag dhá phearsa aonair nó níos mó, faoi fho-alt (3), chuig méadú ar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo nó alt 2, de réir mar a bheidh) i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:
(a) ní lamhálfar ach aon mhéadú amháin den sórt sin faoi fho-alt (3) i leith an linbh sin;
(b) i gcás nach mbeidh an leanbh sin á chothabháil ach ag aon phearsa aonair amháin, is í an phearsa aonair sin amháin a bheidh i dteideal an méadú a éileamh;
(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag níos mó ná pearsa aonair amháin, beidh gach pearsa aonair acu i dteideal cibé cuid den mhéadú a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith an phearsa aonair sin ar an leanbh sin i gcoibhneas leis an méid iomlán a d'íoc na pearsana aonair go léir i leith chothabháil an linbh;
(d) nuair a bheifear á fhionnadh chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag pearsa aonair agus, má tá, cá mhéad atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh aon íocaíocht a rinne an phearsa aonair faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh ar íocaíocht í a mbeidh an phearsa aonair sin i dteideal í a asbhaint le linn dá hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”,
agus
(b) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):
“(6) San alt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe', faoi réir fho-alt (3) d'alt 1—
(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £6,800:
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £8,000, agus
(b) in aon chás eile, £3,400:
Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £4,000.”.
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984, maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:
“AN TÁBLA | ||||
CUID I | ||||
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | ||
(1) | (2) | (3) | ||
An chéad £6,100 | ... | ... | 32 faoin gcéad | An ráta caighdeánach |
An chéad £3,100 eile | ... | 48 faoin gcéad | Na hard-rátaí | |
An fuílleach... | ... | ... | 56 faoin gcéad | |
CUID II | ||||
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | ||
(1) | (2) | (3) | ||
An chéad £12,200 | ... | ... | 32 faoin gcéad | An ráta caighdeánach |
An chéad £6,200 eile | ... | 48 faoin gcéad | Na hard-rátaí | |
An fuílleach... | ... | ... | 56 faoin gcéad | |
”. |
Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.
3.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1989-90 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt(2)—
(a) “1989-90” a chur in ionad “1982-83”, agus
(b) “£286” a chur in ionad “£312” gach áit a bhfuil sé.
Faoiseamh maidir le caiteachas ar fhoirgnimh áirithe i limistéir ainmnithe.
4.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “duine údaraithe”—
(i) cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo, nó
(ii) duine a bheidh ainmnithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo;
tá le “limistéar ainmnithe”, faoi réir alt 27 den Acht Airgeadais, 1987, an bhrí a shanntar le halt 41 den Acht Airgeadais, 1986;
folaíonn “úinéir”, i ndáil le foirgneamh, pearsa aonair atá i dteideal an feo simplí i dteach cónaithe a fháil faoi Chuid II den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “úinéireacht” agus “úinéir-áitithe” i ndáil le foirgneamh;
ciallaíonn “foirgneamh cáilitheach” foirgneamh a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus a gcinnfidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir leis, ar iarratas chuige sin chun na gCoimisinéirí sin ón bpearsa aonair arb é úinéir an fhoirgnimh é, gur foirgneamh é is díol spéise suntasach ó thaobh na heolaíochta, na staire, na hailtireachta nó na haeistéitice de;
ciallaíonn “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, foirgneamh cáilitheach—
(i) atá á úsáid aige, an tráth a dtabhaítear an caiteachas iomchuí, nó
(ii) a úsáideann sé i gcéaduair, tar éis an caiteachas iomchuí a bheith tabhaithe,
mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaithe;
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach dáta rite an Achta seo agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1991;
ciallaíonn “caiteachas iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair, le linn na tréimhse cáilithí, ar aon obair dheisiúcháin nó athchóiriúcháin, nó obair chothabhála de chineál deisiúcháin nó athchóiriúcháin, atá ag teacht le buncharachtar nó bundéanamh an fhoirgnimh agus a dhéantar ar theaghais úinéir-áitithe cháilitheach de chuid na pearsan aonair.
(b) Chun críocha an ailt seo, ní áireofar mar chaiteachas a tabhaíodh an oiread sin d'aon chaiteachas is ionann agus aon suim a fuair an phearsa aonair a bheidh ag déanamh éilimh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (2), nó aon suim a bheidh le fáil aige, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin, nó i leith nó faoi threoir an fhoirgnimh cháilithigh nó na hoibre lena mbaineann sé, ón Stát, ó údarás poiblí nó áitiúil nó ó aon duine eile nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó ar shlí eile.
(c) (i) I gcás ina dtabhóidh dhá phearsa aonair nó níos mó caiteachas iomchuí i ndáil le foirgneamh cáilitheach, measfar nár thabhaigh gach pearsa aonair acu sin ach cibé méid den chaiteachas is dóigh leis an gcigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, a bheith cóir agus réasúnach agus déanfar an caiteachas a chionroinnt dá réir sin.
(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fhomhír (i) a leasú ar achomharc i gcoinne aon fhaoisimh a deonaíodh ar bhonn na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht.
(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí i mbliain mheasúnachta, beidh sé i dteideal go n-asbhainfí as a ioncam iomlán, don bhliain mheasúnachta sin, méid is ionann agus 25 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais iomchuí agus go n-asbhainfí amhlaidh, i ngach bliain de na cúig bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin, méid is ionann agus 5 faoin gcéad den chaiteachas iomchuí sin.
(3) Ní lamhálfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le caiteachas a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(4) (a) I gcás ina mbeidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn tar éis cinneadh a dhéanamh gur foirgneamh cáilitheach foirgneamh agus ina dhiaidh sin, mar gheall ar aon athrú a bheidh déanta nó le déanamh ar an bhfoirgneamh, gur dóigh leo nach foirgneamh é a thuilleadh is díol spéise suntasach ó thaobh na heolaíochta, na staire, na hailtireachta nó na haeistéitice de, nó nach foirgneamh den sórt sin a bheidh ann a thuilleadh, déanfaidh siad—
(i) an cinneadh a chúlghairm trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir an fhoirgnimh, agus
(ii) an chúlghairm, agus dáta na cúlghairme, a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.
(b) Más rud é go mbeidh faoiseamh tugtha faoin alt seo do phearsa aonair i leith caiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil le foirgneamh a mbeidh cinneadh cúlghairthe maidir leis de réir mhír (a), déanfar, más é an phearsa aonair sin a chuir faoi deara an t-athrú a dhéanamh, an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar, maidir leis an bpearsa aonair, na measúnachtaí nó na measúnachtaí breise sin go léir is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.
(5) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair éileamh faoi fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe, aon tráth réasúnach, dul isteach san fhoirgneamh cáilitheach, ar tabhaíodh an caiteachas iomchuí ina leith, chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó ar an obair ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas lena mbaineann an t-éileamh.
(b) Aon uair a fheidhmeoidh duine údaraithe aon chumhacht a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, tabharfaidh sé a údarú chun críocha an ailt seo ar aird d'aon duine lena mbaineann, ar an duine sin dá iarraidh sin.
(c) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(6) Maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo—
(a) beidh sé i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham, agus
(b) beidh ag gabháil leis cibé ráitis i scríbhinn i dtaobh an chaiteachais a mbeidh an faoiseamh á éileamh ina leith, lena n-áirítear ráitis ó dhaoine lena ndearnadh íocaíochtaí, a bheidh sonraithe san fhoirm fhorordaithe.
(7) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaintí faoin alt seo.
(8) Déantar leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur le mír (a) i ndiaidh fhomhír (xi) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986):
“(xii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1989, sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,”.
Leasú ar alt 2 (díolúine do thuilleamh áirithe de chuid scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí) den Acht Airgeadais, 1969.
5.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1969, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(5A) (a) Más rud é—
(i) go mbeidh pearsa aonair—
(I) tar éis éileamh cuí (dá ngairtear ‘éileamh' anseo feasta san fho-alt seo) a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar chinneadh faoi chlásal (I) nó (II) d'fho-alt (2) (a) (ii) i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, de réir mar a bheidh, a bheidh scríofa, cumtha nó déanta aige, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile, agus
(II) tar éis déanamh de réir aon iarrata a bheidh déanta air, maidir leis an éileamh, faoi fho-alt (4) nó (5) sa tréimhse iomchuí,
agus
(ii) go mainneoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh faoi na forálacha sin i ndáil leis an éileamh sa tréimhse iomchuí,
féadfaidh an phearsa aonair, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar na forais seo a leanas—
(A) gur saothar é nó gur saothair iad dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó
(B) go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona sa saothar áirithe,
de réir mar a bheidh.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí', maidir le héileamh i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, an tréimhse 6 mhí dar tosach—
(i) an dáta atá 6 mhí roimh dháta rite an Achta Airgeadais, 1989, nó
(ii) más déanaí é, an dáta ar a ndéantar éileamh i gcéaduair maidir leis an saothar sin nó na saothair sin nó leis an saothar áirithe, de réir mar a bheidh.
(5B) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc éileamh a dhéanfar chucu faoi fho-alt (5A) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (5C), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phone dlí.
(5C)(a) Ar achomharc a dhéanfar faoi fho-alt (5A) a éisteacht, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc—
(i) tar éis dóibh breithniú a dhéanamh—
(I) ar aon fhianaise i ndáil leis an ábhar a bheidh curtha faoina mbráid ag an bpearsa aonair lena mbaineann nó thar a cheann, agus ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann, agus
(II) i ndáil le saothar nó saothair nó le saothar áirithe, ar an saothar nó na saothair nó ar an saothar áirithe,
agus
(ii) tar éis dóibh cibé comhairle (más ann) is dóigh leo is gá a fháil ó cibé duine nó comhlacht daoine is dóigh leo a d'fhéadfadh cabhrú leo,
a chinneadh go bhfuil scríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ag an bpearsa aonair lena mbaineann, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile—
(A) saothar nó saothair dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó
(B) saothar áirithe a bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann,
agus, i gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc amhlaidh, beidh an phearsa aonair i dteideal faoiseamh a fháil faoi fho-alt (3) (a) ionann is dá mbeadh an cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi chlásal (I) nó (II) d'fho-alt (2) (a) (ii), de réir mar a bheidh.
(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus, a mhéid is gá sin, maidir le cinneadh na hArd-Chúirte ar aon cheist nó ceisteanna dlí a ardófar nuair a shonrófar cás chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil.
(5D) Chun críocha achomharc faoi fho-alt (5A) a éisteacht nó a athéisteacht, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun gníomhú thar a gceann.”.
Leasú ar alt 8 (srian le faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí áirithe de réir ráta laghdaithe) den Acht Airgeadais, 1982.
6.—Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1982, maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, trí na mínithe seo a leanas, faoi seach, a chur in ionad na mínithe ar “iasacht tosaíochta” agus “an ráta sonraithe” i bhfo-alt (1) (a):
“ciallaíonn ‘iasacht tosaíochta’ iasacht, nach iníoctha aon ús ina leith nó ar iníoctha ús ina leith de réir ráta tosaíochta, a thugann duine go díreach nó go neamhdhíreach do phearsa aonair nó do chéile na pearsan aonair, ar duine é is fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair nó le céile na pearsan aonair, ach ní fholaíonn sé aon iasacht den sórt sin ar iníoctha ús ina leith de réir ráta nach lú ná an ráta úis ar dá réir a thugann an fostóir, i gcúrsa a chuid trádála, iasachtaí coibhéiseacha chun críocha dá samhail ar neamhthuilleamaí do dhaoine seachas fostaithe nó a gcéilí;
ciallaíonn ‘an ráta sonraithe', i ndáil le hiasacht tosaíochta—
(i) i gcás—
(I) ina mbeidh an t-ús a íoctar ar an iasacht tosaíochta, cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 76 (1) (c) nó 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, nó
(II) mura n-íoctar ús ar bith ar an iasacht tosaíochta, go mbeadh an t-ús a d'íocfaí ar an iasacht sin (dá mba iníoctha ús) cáilithe amhlaidh,
an ráta 10 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, nó
(ii) i gcás—
(I) ina dtugann fostóir an iasacht tosaíochta d'fhostaí,
(II) inar cuid de thrádáil an fhostóra iasachtaí a thabhairt, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe, ar feadh téarma ainmnithe blianta de réir ráta úis nach n-athraíonn feadh ré na hiasachta, agus
(III) inar ráta is lú ná 10 faoin gcéad sa bhliain, nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, an ráta úis ar a dtugann nó ar ar thug an fostóir, i gcúrsa a chuid trádála an tráth a dtugtar nó ar tugadh an iasacht tosaíochta, iasachtaí ar neamhthuilleamaí do dhaoine, seachas fostaithe, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe,
an chéad ráta a luaitear i bhfomhír (III), nó
(iii) in aon chás eile, an ráta 12 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin.”.
Leasú ar alt 6 (faoiseamh i leith úis) den Acht Airgeadais, 1987.
7.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1987, maidir le haon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “80 faoin gcéad” in ionad “90 faoin gcéad” i bhfo-alt (1).
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith préimheanna arárachais áirithe, etc.
8.—Maidir leis an mbliain 1989-90 agus blianta measúnachta dá éis, i gcás ina mbeidh pearsa aonair i dteideal faoiseamh a fháil faoi alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is é a bheidh i méid an fhaoisimh sin méid is ionann agus 80 faoin gcéad de mhéid an fhaoisimh a thabharfaí thairis sin faoin alt sin mura mbeadh an t-alt seo.
Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984.
9.—Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984, maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—
(a) in alt 12, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) a ghabhann le mír (c) i bhfo-alt (1):
“Ar choinníoll, i gcás inar úsáid an chuideachta an t-airgead a cruinníodh, nó go bhfuil sí á úsáid nó go mbeartaíonn sí é a úsáid, chun long a cheannach lena húsáid aici i gcúrsa trádála loingseoireachta cáilithí atá á seoladh aici, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó Aire na Mara á dheimhniú—
(i) go rabhthas, go bhfuiltear nó go mbeifí i dteideal deontas-i-gcabhair a fháil, chun an long a cheannach, faoi scéim chúnaimh reachtúil chun longa a cheannach atá á riar ag Roinn na Mara, agus
(ii) maidir le fáil na loinge ag an gcuideachta, gur chuir, go gcuireann nó go gcuirfeadh an fháil sin go tairbhiúil leis an gcabhlach loingseoireachta atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955, agus
(iii) gur comhlíonadh cibé coinníollacha eile a bheidh leagtha síos ag an Aire Airgeadais, i gcomhairle le hAire na Mara, i ndáil leis na himthosca ina bhféadfar a mheas go gcabhraíonn ceannach na loinge leis an gcuspóir a luaitear i mír (ii).”,
(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:
“Srian le faoiseamh i gcás gur mó na méideanna a chruinneofar ná uasmhéid ceadaithe. | 13A.—(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí scaireanna cáilithe a eisiúint (dá ngairtear an ‘eisiúint iomchuí’ anseo feasta san alt seo) aon lá arb é an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó aon lá dá éis, é, ní thabharfar faoiseamh maidir leis an mbreis a bheidh ag an méid sin ar an méid a chinnfear de réir na foirmle— |
£2,500,000 - A | |
i gcás gurb é A— | |
(a) £2,500,000, nó | |
(b) méid is ionann agus comhiomlán na méideanna go léir a chruinnigh an chuideachta trí scaireanna cáilithe a eisiúint tráth ar bith roimh an eisiúint iomchuí, | |
cibé méid acu is lú. | |
(2) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1), cad é | |
an méid lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin, ní chuirfear i gcuntas aon mhéid— | |
(a) a bheidh suibscríofa ag duine seachas pearsa aonair a cháilíonn le haghaidh faoisimh, nó | |
(b) a mbeidh sé toirmiscthe de bhua alt 13 faoiseamh a thabhairt ina leith. | |
(3) Más rud é, mar gheall ar fho-alt (1), go dtoirmiscfí faoiseamh a thabhairt ar éilimh i leith scaireanna a bheidh eisithe chuig dhá phearsa aonair nó níos mó, déanfar an faoiseamh a bheidh ar fáil a roinnt eatarthu faoi seach i gcomhréir leis na méideanna a bheidh suibscríofa acu le haghaidh na scaireanna lena mbaineann na héilimh uathu, ar méideanna iad a bheadh, ar leith ón alt seo, cáilithe le haghaidh faoisimh.”, |
(c) in alt 16—
(i) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas le fo-alt (2) a chur isteach i ndiaidh an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt sin:
“Ar choinníoll freisin nach ndéanfar—
(I) ach amháin i gcás inar cuid é de sheoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 den Acht Airgeadais, 1987, léasú innealra nó gléasra,
(II) léasú talún nó foirgneamh, nó
(III) seoladh gníomhaíochtaí airgeadais,
a áireamh mar oibríochtaí trádála cáilitheacha chun críocha an ailt seo agus, chun críocha an choinníll seo—
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí airgeadais’ saoráidí maoinithe nó athmhaoinithe a sholáthar, agus na nithe go léir a bhaineann lena soláthar, ar mhodh ar bith lena ngabhann síneadh creidmheasa, nó a bhfuil an éifeacht chéanna leis;
folaíonn ‘saoráidí maoinithe nó athmhaoinithe'—
(A) iasachtaí, morgáistí, léasú, cíosléasú agus fruilcheannach agus gach comhshocraíocht dá samhail,
(B) infheistíocht chothromais,
(C) fachtóireacht fiach agus lascainiú billí, sonrasc agus nótaí gealltanais, agus gach ionstraim dá samhail,
(D) frithghealladh ionstraimí fiachais agus gach cineál eile urrús airgeadais, agus
(E) ceannach nó díol sócmhainní airgeadais;
folaíonn ‘sócmhainní airgeadais’ scaireanna, órchiumhaiseanna, bannaí, airgeadraí coigríche agus gach cineál todhchaíochtaí, roghanna agus babhtálacha airgeadraí agus rátaí úis, agus ionstraimí dá samhail, lena n-áirítear todhchaíochtaí tráchtearraí agus roghanna tráchtearraí, sonraisc agus gach cineál infhaighteachtaí, oibleagáidí a fhianaíonn fiachas (lena n-áirítear iasachtaí agus taiscí), léasanna agus punanna iasachta agus léasaithe, billí malairte, creidmheasanna glacachta agus gach doiciméad teidil eile a bhaineann le gluaiseacht earraí, páipéar tráchtála, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta nó inaistrithe de gach cineál eile.”,
agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987):
“(a) oibriú saoráidí cóiríochta do thurasóirí, fearacht óstáin, tithe aíochta, láithreáin charbhán agus champála agus cóiríocht fhéinfhreastail dá gcoimeádann an Bord clár de réir na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, seachas cóiríocht fhéinfhreastail den sórt sin sna háiteanna seo a leanas—
(i) contaebhuirg Bhaile Átha Cliath,
(ii) contaebhuirg Chorcaí,
(iii) contaebhuirg Luimnigh,
(iv) contaebhuirg na Gaillimhe,
(v) contaebhuirg Phort Láirge, agus
(vi) contae riaracháin Bhaile Átha Cliath,”,
agus
(d) in alt 17, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair, go díreach nó go neamhdhíreach, sa tréimhse iomchuí—
(i) (I) rogha a fháil a d'fhágfadh, dá bhfeidhmeofaí í, faoi théarmaí na rogha nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a fhaightear an rogha—
(A) go mbeadh de cheangal ar an duine óna bhfuarthas an rogha, nó ar aon duine eile, nó
(B) go gcuirfí faoi deara don duine sin nó don duine eile sin,
aon scaireanna cáilithe a cheannach, nó a fháil ar shlí eile, ar phraghas a bheadh, ag féachaint do théarmaí na rogha nó do théarmaí na comhshocraíochta nó na comhthuisceana sin agus do ghlanéifeacht na dtéarmaí sin á dtógáil mar aonad, éagsúil le margadhluach na scaireanna cáilithe an tráth a dhéantar an ceannach nó an fháil, nó
(II) comhaontú a dhéanamh a d'fhágfadh, faoi théarmaí an chomhaon taithe nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dhéantar an comhaontú—
(A) go mbeadh de cheangal ar an duine lena ndéantar an comhaontú nó ar aon duine eile, nó
(B) go gcuirfí faoi deara don duine sin nó don duine eile sin,
aon scaireanna cáilithe a cheannach, nó a fháil ar shlí eile, ar an modh a thuairiscítear i gclásal (I),
nó
(ii) (I) rogha a dheonú d'aon duine a d'fhágfadh, dá bhfeidhmeofaí í, faoi théarmaí na rogha nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar dá réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dheonaítear an rogha, go mbeadh de cheangal ar an bpearsa aonair, nó go gcuirfí faoi deara dó, aon scaireanna cáilithe a dhiúscairt chuig an duine dár dheonaigh sé an rogha, nó chuig aon duine eile, ar phraghas a bheadh, ag féachaint do théarmaí na rogha nó do théarmaí na comhshocraíochta nó na comhthuisceana sin agus do ghlanéifeacht na dtéarmaí sin á dtógáil mar aonad, éagsúil le margadhluach na scaireanna cáilithe tráth déanta na diúscartha, nó
(II) comhaontú a dhéanamh a d'fhágfadh, faoi théarmaí an chomhaontaithe nó faoi théarmaí aon chomhshocraíochta nó comhthuisceana ar faoina réir, nó ar i ndáil léi thairis sin, a dhéantar an comhaontú, go mbeadh de cheangal ar an bpearsa aonair, nó go gcuirfí faoi deara dó, aon scaireanna cáilithe a dhiúscairt chuig an duine lena ndéantar an comhaontú, nó chuig aon duine eile, ar an modh a thuairiscítear i gclásal (I),
ní bheidh sé i dteideal aon fhaoiseamh a fháil i leith na scaireanna lena mbaineann an rogha nó an comhaontú.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon tagairtí do rogha nó do chomhaontú folaíonn siad tagairtí do cheart nó oibleagáid rogha a fháil nó a dheonú nó comhaontú a dhéanamh, agus aon tagairtí d'fheidhmiú rogha folaíonn siad tagairtí d'fheidhmiú rogha a fhéadfar a fháil nó a dheonú trí cheart den sórt sin a fheidhmiú, nó faoi oibleagáid den sórt sin.”.
Tosaíocht ag méideanna áirithe i bhfoirceannadh.
10.—Chun críocha fho-alt (2) (a) (iii) d'alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963—
(a) measfar go bhfolaíonn an méid dá dtagraítear san fho-alt sin aon mhéid—
(i) a bheadh, ar leith ó fhorálacha Rialachán 31A (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1989 (I.R. Uimh. 58 de 1989)) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960), ina mhéid, thairis sin, a bheadh dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn fostóir, faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus aon rialachán faoin Acht sin (seachas an Rialachán sin 31A), a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil sin IV agus a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí,
(ii) arna laghdú d'aon mhéid a dhligh sé, faoin gCaibidil sin IV agus aon rialachán faoi, a aisíoc i gcaitheamh na tréimhse sin, agus
(iii) móide aon ús is iníoctha faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
agus
(b) measfar, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt sin 285, gurb é an dáta iomchuí an dáta arb é an naoú lá é tar éis dheireadh na míosa cánach ioncaim ina raibh an dáta iomchuí (de réir bhrí an fho-ailt sin (1)).
Caibidil II
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1990” a chur in ionad “1988” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988)—
(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus
(b) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó aon lá dá éis. (7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin: (9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin: |
(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976—
(a) trí “1990-91” a chur in ionad “1988-89” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) i bhfo-alt (3), agus
(b) trí “1990” a chur in ionad “1988” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll), agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1990-91. (5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin: (6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis: |
(3) Más rud é, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, go mbeidh duine i dteideal asbhainte faoi fho-alt (2) d'alt 31A den Acht Airgeadais, 1975, nó faoi fho-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, i leith méadú ar stocluach agus go mbeidh laghdú ar stocluach le háireamh, de réir fho-alt (7) nó (9) den alt sin 31A nó fho-alt (5) nó (6) den alt sin 12, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ansin beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas ionann is dá mba thagairtí do “7 mbliana” na tagairtí iontu do “10 mbliana”, is é sin le rá—
(a) san alt sin 31A, sa mhíniú ar A sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (7) agus sa mhíniú ar D sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (9),
(b) san alt sin 12, sa mhíniú ar A sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (5) agus sa mhíniú ar D sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (6), agus
(c) san Acht Airgeadais, 1982, sa mhíniú ar A sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 13.
(4) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.
Liúntais chaipitiúla maidir le feithiclí agus asbhaint i leith feithiclí.
12.—(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973, i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá ndéanfaí “£7,000” a chur in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.
(b) An tagairt i mír (a) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, ní fholaíonn sí—
(i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1989, nó a tabhaíodh laistigh de 12 mhí tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus
(ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 26ú lá sin d'Eanáir, 1989.
(2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) arna thabhú tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1989, ionann is dá ndéanfaí “£7,000” a chur in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé.
Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
13.—Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1988)—
“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra nua—
(a) ní thabharfar aon liúntas faoi alt 241 don tréimhse inmhuirearaithe sin i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin, agus
(b) aon liúntas i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin a bheidh le tabhairt faoin alt sin 241 d'aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, ní mhéadófar é faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, ná faoi alt 26 den Acht Airgeadais, 1971.”.
Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
14.—Leasaítear leis seo alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach le halt 44 den Acht Airgeadais, 1988):
“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais—
(a) ní thabharfar aon liúntas faoi alt 264 don tréimhse inmhuirearaithe sin i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin, agus
(b) aon liúntas i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin a bheidh le tabhairt faoin alt sin 264 d'aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, ní mhéadófar é faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1978.”.
Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeádais, 1974.
15.—Leasaítear leis seo alt 22 (arna leasú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1974, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):
“(b) maidir leis an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo trí liúntas arna mhéadú faoi mhír (a)—
(i) nach mó é d'aon tréimhse inmhuirearaithe, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil sin, agus
(ii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989 nó dá éis, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin.”.
Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978.
16.—Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1978, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) I gcás ina ndéanfar, d'aon tréimhse inmhuirearaithe, liúntas faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caiteachais cháilithigh, a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil II de Chuid XV den Acht sin i leith an chaiteachais cháilithigh sin don tréimhse inmhuirearaithe sin nó d'aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis.”.
Leasú ar alt 26 (liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.) den Acht Airgeadais, 1981.
17.—Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le halt 39 den Acht Airgeadais, 1984) den Acht Airgeadais, 1981, maidir le haon chomhaontú iomchuí (de réir bhrí an ailt sin) arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “1992” a chur in ionad “1989” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”, agus
(ii) trí “, lena n-áirítear ús ar airgead a gheofar ar iasacht faoi chomhair an chaiteachais chaipitiúil sin” a chur isteach i ndiaidh “comhaontú iomchuí” sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí”,
agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, go raibh ioncam iomchuí infhaighte aige, agus gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí, sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonn-tréimhse de bhua an chomhaontaithe iomchuí ba bhun leis an ioncam iomchuí, beidh sé, faoi réir fho-alt (3), i dteideal, d'fhonn an méid (más ann) den ioncam iomchuí sin a mbeidh cáin le muirearú air ina leith a chinneadh agus chuige sin amháin—
(a) liúntas is ionann agus leath an chaiteachais iomchuí a fháil don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus
(b) liúntas is ionann agus an deichiú cuid den chaiteachas iomchuí a fháil do gach tréimhse de na chéad chúig thréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin ina mbeidh an t-ioncam iomchuí sin infhaighte aige:
Ar choinníoll go measfar, maidir leis an gcaiteachas iomchuí go léir a tabhaíodh roimh an tréimhse inmhuirearaithe inarb infhaighte ioncam iomchuí i gcéaduair, gur ar an gcéad lá den tréimhse inmhuirearaithe sin a tabhaíodh é.”.
AN TÁBLA |
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1992; ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil a thabhóidh duine sa tréimhse cháilitheach de bhua comhaontú iomchuí, lena n-áirítear ús ar airgead a gheofar ar iasacht faoi chomhair an chaiteachais chaipitiúil sin, ach ní fholaíonn sé aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine ina leith chun asbhainte, faoisimh nó liúntais faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach seachas an t-alt seo; |
Cánachas ar ghnóthais chomhinfheistíochta.
18.—(1) San alt seo agus sa Chéad Sceideal—
ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, an tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse (de réir bhrí mhír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) ar ar an ioncam nó ar na brabúis uaithi a bheidh an gnóthas inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, d'aon tréimhse inmhuirearaithe (de réir na brí céanna), nó a mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh murach neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús:
Ar choinníoll—
(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar gur sa chéad bhonn-tréimhse amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,
(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do thréimhse inmhuirearaithe amháin agus an bhonn-tréimhse don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile, ansin, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus
(c) go ndéanfar an tagairt i mír (a) do dhá thréimhse ag dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus go ndéanfar an tagairt don tréimhse a bhaineann leo araon a fhorléiriú dá réir sin;
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cánach agus na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil;
tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947;
ciallaíonn “cáin chuí” i ndáil le méid aon íocaíochta iomchuí a dhéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta nó i ndáil le haon mhéid ioncaim iomchuí neamhdháilte de chuid gnóthais den sórt sin, de réir mar a bheidh, suim in ionannas cánach ar mhéid na híocaíochta nó ar mhéid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, de réir mar is cuí, de réir ráta is ionann agus an ráta caighdeánach cánach ioncaim a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta nó ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann an t-ioncam iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh, tar éis asbhaint a dhéanamh ón tsuim sin de mhéid is ionann agus na méideanna seo a leanas nó de mhéid is ionann agus a gcomhiomlán, eadhon—
(a) i gcás íocaíochta iomchuí—
(i) sa mhéid go ndéanfar í go hiomlán nó go páirteach as ioncam iomchuí a bhí, ar dháta roimhe sin, ina ioncam iomchuí neamhdháilte de chuid an ghnóthais nó ina chuid d'ioncam den sórt sin, méid aon chánach cuí a asbhaineadh ón ioncam iomchuí, nó, más lú an íocaíocht, nó más lú an chuid sin de a dhéanfar as ioncam iomchuí, ná an t-ioncam iomchuí, ón gcuid sin den ioncam iomchuí arb ionannas di an íocaíocht nó an chuid sin den íocaíocht, de réir mar a bheidh, agus
(ii) aon mhéid eile nó méideanna eile cánach a asbhaineadh ó na brabúis iomchuí as a ndéanfar an íocaíocht iomchuí nó, más lú an íocaíocht ná na brabúis, a asbhaineadh ó cibé cuid de na brabúis arb ionannas di an íocaíocht, faoi aon fhoráil de chuid na nAcht anna ar leith ón alt seo, ar méid é nó ar méideanna iad nach inaisíoctha leis an ngnóthas comhinfheistíochta,
nó
(b) i gcás méid ioncaim iomchuí neamhdháilte, aon mhéid nó méideanna cánach a asbhaineadh ón ioncam faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna ar leith ón alt seo, ar méid é nó ar méideanna iad nach inaisíoctha leis an ngnóthas comhinfheistíochta:
Ar choinníoll nach mó méid na hasbhainte ná méid na suime;
tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980;
tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975;
ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta”—
(a) scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972, agus
(b) aon ghnóthas eile is gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí na Rialachán iomchuí, ar gnóthas é a shealbhaíonn údarú a eisíodh de bhun na Rialachán iomchuí i gcás nár cúlghaireadh an t-údarú sin;
tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;
tá le “cuideachta cháilithe” i ndáil le haon ghnó de chuid gnóthais chomhinfheistíochta a sheoltar—
(a) san aerfort, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980, nó
(b) sa Limistéar, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980, sin;
ciallaíonn “cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, cuideachta cháilithe a dhéanann bainist eoireacht, i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheolann an chuideachta cháilithe, ar na hinfheistíochtaí go léir agus ar na gníomhaíochtaí eile go léir de chuid ghnó an ghnóthais, nó ar aon chuid den chéanna;
ciallaíonn “gnóchain iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, gnóchain a fhabhraíonn don ghnóthas ar gnóchain iad a bheadh ina ngnóchain inmhuirearaithe dá mbeidís i lámha duine a chónaíonn sa Stát;
ciallaíonn “ioncam iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, aon mhéideanna ioncaim, brabús nó gnóchan a eascraíonn chuig an ngnóthas comhinfheistíochta, nó is infhaighte aige, ar méideanna ioncaim, brabús nó gnóchan iad—
(a) a íoctar nó a íocfar le sealbhóirí aonad mar íocaíochtaí iomchuí, nó
(b) as a ndéantar nó as a ndéanfar íocaíochtaí iomchuí le sealbhóirí aonad, nó
(c) a ndéantar nó a ndéanfar iad a charnadh, nó a infheistiú in urrúis inaistrithe, chun sochair do shealbhóirí aonad,
agus ar méideanna iad a bheadh, dá n-eascróidís chuig pearsa aonair a chónaíonn sa Stát, ina n-ioncam, i lámha na pearsan aonair, chun críocha cánach ioncaim;
ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht a dhéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta le sealbhóir aonad de bhíthin cearta a tugadh don sealbhóir aonad de thoradh aonad nó aonaid a shealbhú sa ghnóthas comhinfheistíochta, seachas íocaíocht a dhéanfar i ndáil le haonad a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach;
ciallaíonn “brabúis iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, ioncam iomchuí agus gnóchain iomchuí an ghnóthais;
ciallaíonn “Rialacháin iomchuí” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989);
tá le “oibríochtaí trádála iomchuí”, i ndáil le haon ghnó de chuid gnóthais chomhinfheistíochta a sheolann cuideachta cháilithe—
(a) san aerfort, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980, nó
(b) sa Limistéar, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980, sin;
ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán faoi mhír 1 (2) den Chéad Sceideal;
ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta sonraithe” gnóthas comhinfheistíochta—
(a) arb amhlaidh don chuid is mó dá ghnó, sa mhéid gur sa Stát a sheoltar é—
(i) (I) go seoltar í sa Limistéar ag an ngnóthas nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach de chuid an ghnóthais, nó ag an ngnóthas agus ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais, nó
(II) nach seoltar amhlaidh sa Limistéar í ach—
(A) go seoltar amhlaidh sa Stát í,
(B) go seolfaí amhlaidh sa Limistéar í mura mbeadh imthosca nach bhfuil aon smacht ag an duine nó na daoine a sheolann an gnó orthu, agus
(C) go seoltar amhlaidh sa Limistéar í an tráth a thagann deireadh leis na himthosca sin a dúradh,
nó
(ii) go seoltar san aerfort í ag an ngnóthas nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach de chuid an ghnóthais, nó ag an ngnóthas agus ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais,
agus
(b) ach amháin a mhéid a bheidh na haonaid sin á sealbhú ag an ngnóthas é féin nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais, ar daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát sealbhóirí uile na n-aonad sa ghnóthas;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí;
tá le “urrúis inaistrithe” an bhrí chéanna atá leis sna Rialacháin iomchuí;
ciallaíonn “ioncam iomchuí neamhdháilte”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, aon ioncam iomchuí a eascraíonn chuig an ngnóthas, nó is infhaighte aige, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an ghnóthais ar ioncam é nach mbeidh, ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta, íoctha leis na sealbhóirí aonad agus nach mbeidh cáin chuí asbhainte uaidh roimhe sin;
folaíonn “aonad” scair agus aon ionstraim eile a thugann teideal—
(a) chun sciar d'infheistíochtaí nó de bhrabúis iomchuí gnóthais chomhinfheistíochta a fháil, nó
(b) chun dáileadh a fháil ó ghnóthas comhinfheistíochta;
ciallaíonn “sealbhóir aonad” i ndáil le gnóthas comhinfhestíochta, aon duine atá, de thoradh aonad a shealbhú, nó faoi théarmaí aonaid, sa ghnóthas, i dteideal sciar d'aon infheistíochtaí nó d'aon bhrabúis iomchuí de chuid an ghnóthais a fháil, nó i dteideal dáileadh a fháil ón ngnóthas.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) i gcás ina ndéanfar aon íocaíocht as brabúis iomchuí nó as aon chuid de bhrabúis iomchuí, ónar asbhaineadh aon cháin, lena n-áirítear cáin chuí, agus gur lú an íocaíocht ná na brabúis iomchuí nó an chuid sin de na brabúis iomchuí, is é a bheidh sa mhéid cánach a asbhaineadh amhlaidh is inchurtha i leith na coda de na brabúis arb ionannas di an íocaíocht, an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na cánach a asbhaineadh ó na brabúis iomchuí nó ón gcuid den chéanna, an chomhréir chéanna atá idir méid na híocaíochta agus méid na mbrabús iomchuí, nó na coda den chéanna, de réir mar a bheidh, agus
(b) aon tagairt san alt seo do mhéid íocaíochta iomchuí forléireofar í mar thagairt don mhéid ar mhéid na híocaíochta iomchuí a bheadh ann mura mbeadh an cháin chuí le hasbhaint ón íocaíocht iomchuí nó ó aon ioncam iomchuí neamhdháilte as a ndéantar an íocaíocht iomchuí nó aon chuid de.
(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, ach faoi réir fho-alt (5), ní bheidh gnóthas comhinfheistíochta inmhuirearaithe i leith cánach maidir le brabúis iomchuí ach beidh cáin inmhuirearaithe ar na brabúis iomchuí sin i lámha aon sealbhóra aonad, lena n-áirítear an gnóthas, lena ndéantar íocaíocht iomchuí arb í na brabúis iomchuí í, nó as na brabúis iomchuí, más rud é agus sa mhéid go mbeadh an sealbhóir aonad inmhuirearaithe i leith cánach sa Stát ar na brabúis iomchuí sin, nó ar cibé cuid de na brabúis iomchuí arb ionannas di an íocaíocht, ar an mbonn agus ar gach caoi ionann is gurbh amhlaidh, faoi réir fho-ailt (4) agus (6), gur eascair nó gur fhabhraigh na brabúis iomchuí, nó an chuid sin de na brabúis iomchuí, chuig an sealbhóir aonad gan gabháil trí lámha an ghnóthais.
(4) Más rud é, de bhun fho-alt (3), go mbeidh cáin le muirearú ar shealbhóir aonad i leith íocaíochta iomchuí—
(a) sa mhéid gur ioncam iomchuí aon mhéid den íocaíocht iomchuí a mbeidh sé le muirearú amhlaidh ina leith, nó sa mhéid gur as ioncam iomchuí a dhéantar é, muirearófar cáin air i leith an méid sin faoi Chás IV de Sceideal D ionann is dá mba mhéid ioncaim é a eascraíonn chuige tráth déanta na híocaíochta, agus
(b) sa mhéid gur gnóchain iomchuí aon mhéid den íocaíocht iomchuí a mbeidh sé le muirearú amhlaidh ina leith, nó sa mhéid gur as gnóchain iomchuí a dhéantar é, déileálfar leis mar dháileadh caipitil de réir bhrí alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus, mura mar sin atá cheana féin, beidh feidhm ag an Acht sin ar gach caoi ionann is dá mba dháileadh caipitil arna dhéanamh ag iontaobhas aonad an méid sin den íocaíocht iomchuí agus ionann is dá mba aonad nó aonaid in iontaobhas aonad an t-aonad nó na haonaid ar ina leith a íoctar í.
(5) (a) Más rud é, maidir le gnóthas comhinfheistíochta nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe—
(i) go ndéanfaidh sé íocaíocht iomchuí de bhrabúis iomchuí, nó as brabúis iomchuí, le sealbhóir aonad a chónaíonn sa Stát, nó
(ii) go mbeidh aon ioncam iomchuí neamhdháilte aige ag deireadh thréimhse chuntasaíochta de chuid an ghnóthais,
asbhainfidh sé an cháin chuí ó mhéid na híocaíochta iomchuí nó ó mhéid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh; agus déanfaidh an sealbhóir aonad lena ndéantar an íocaíocht iomchuí, nó an sealbhóir aonad nó na sealbhóirí aonad a mbeidh teideal aige nó acu chuig an ioncam iomchuí, de réir mar a bheidh, an asbhaint a lamháil agus beidh an gnóthas comhinfheistíochta, ar an íocaíocht iomchuí sin a dhéanamh leis an sealbhóir aonad nó ar aon íocaíocht iomchuí a dhéanamh le haon sealbhóir aonad as an ioncam iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh, saortha agus díscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, nó, i gcás inar lú an íocaíocht iomchuí ná méid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, arb ionannas dó an oiread sin den asbhaint is inchurtha i leith na híocaíochta iomchuí, amhail is dá mbeadh an méid airgid íoctha iarbhír leis an sealbhóir aonad.
(b) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun an fo-alt seo a fhorlíonadh.
(6) (a) I gcás ina bhfaighidh sealbhóir aonad íocaíocht iomchuí ó ghnóthas comhinfheistíochta nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, agus go mbeidh cáin chuí asbhainte ón íocaíocht, nó ó na brabúis iomchuí nó ón gcuid díobh as a ndéantar an íocaíocht, ansin—
(i) beidh an sealbhóir aonad, mura mbeidh cónaí air sa Stát chun críocha cánach tráth déanta na híocaíochta, i dteideal, ar éileamh cuí a dhéanamh agus ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfaí leis an cháin chuí nó an oiread sin de is inchurtha i leith na híocaíochta iomchuí, de réir mar a bheidh, nó
(ii) beidh an sealbhóir aonad i dteideal, in aon chás eile, go ndéanfaí a dhliteanas cánach faoi aon mheasúnacht a dhéanfar i leith na híocaíochta iomchuí, nó aon choda de, a laghdú de shuim is ionann agus an oiread sin, más ann, den cháin chuí is inchurtha i leith méid na híocaíochta iomchuí a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht agus, i gcás inar mó an cháin chuí is inchurtha ina leith sin ná a dhliteanas cánach i leith na híocaíochta iomchuí, nó i leith na coda sin den íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht, go n-aisíocfaí an bhreis leis.
(b) Chun críocha mhír (a) (ii), déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an gcáin chuí a asbhaintear ó íocaíocht iomchuí, nó ó na brabúis iomchuí as a ndéantar í nó aon chuid di, a bheidh cóir agus réasúnach d'fhonn méid na cánach cuí, más aon mhéid é, is inchurtha i leith aon choda den íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh i measúnacht a chinneadh.
(7) Ní bheidh feidhm ag alt 32 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975—
(a) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo—
(i) maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin 32), agus
(ii) maidir le diúscairt aonad cáilitheach (de réir na brí céanna) san iontaobhas aonad cáilitheach sin,
i gcás inar gnóthas comhinfheistíochta sonraithe an t-iontaobhas aonad cáilitheach freisin, agus
(b) (i) amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990,
nó
(ii) i gcás feidhm a bheith ag an alt seo, de bhua fho-alt (12) (b), ar lá is luaithe maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach is gnóthas comhinfheistíochta, amhail ar an agus ón lá is luaithe sin i dtaca leis an iontaobhas aonad cáilitheach,
maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach den sórt sin nó le diúscairt aonad cáilitheach den sórt sin san iontaobhas aonad cáilitheach, i gcás inar gnóthas comhinfheistíochta an t-iontaobhas aonad cáilitheach ach nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe é freisin.
(8) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1976, maidir le gnóthas comhinfheistíochta, dá mbeadh feidhm aige thairis sin, murach an fo-alt seo.
(9) Maidir le haon ghnóthas comhinfheistíochta is cuideachta (de réir bhrí na nAchtanna Cánach Corparáide)—
(a) aon íocaíocht iomchuí a dhéanfar as brabúis iomchuí an ghnóthais, nó aon íocaíocht a dhéanfar i leith aonad sa ghnóthas a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach, ní dhéileálfar léi mar dháileadh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, agus
(b) dá mba rud é go mbeadh, murach an fo-alt seo, feidhm aige thairis sin, ní bheidh feidhm ag alt 101 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an ngnóthas comhinfheistíochta.
(10) Chun críche aon chomhshocraíochta ag a bhfuil feidhm dlí de bharr alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, measfar nach bhfuil gnóthas comhinfheistíochta inchurtha faoi cháin sa Stát ná nach bhfuil cónaí air ansin.
(11) D'ainneoin fhorálacha alt 200 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, aon duine nach bhfuil cónaí air sa Stát ní bheidh sé, de bhua na bhforálacha sin, inmheasúnaithe ná inmhuirearaithe in ainm gníomhaire maidir le híocaíocht iomchuí a dhéanfar as brabúis iomchuí gnóthais chomhinfheistíochta.
(12) Beidh éifeacht leis an alt seo—
(a) i gcás gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe, amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, agus
(b) i gcás aon ghnóthais chomhinfheistíochta eile, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó cibé lá is luaithe ná sin, ach nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn le haon ghnóthas comhinfheistíochta eile den sórt sin maidir leis an ngnóthas sin.
Tuairisceáin ó idirghabhálaithe áirithe i ndáil le UCITS.
19.—(1) San alt seo—
tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;
ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a sholáthraíonn saoráidí iomchuí i ndáil le UCITS iomchuí;
ciallaíonn “Treoracha iomchuí” Treoir 85/611/CEE*ón gComhairle (is Treoir faoi chomhordú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS)) agus aon Treoir ag leasú na Treorach sin ón gComhairle;
ciallaíonn “saoráidí iomchuí”, i ndáil le UCITS iomchuí—
(a) aonaid an UCITS iomchuí a mhargú sa Stát,
(b) gníomhú sa Stát mar idirghabhálaí i gceannach aonad de chuid an UCITS iomchuí ag daoine, nó thar ceann daoine, a chónaíonn sa Stát nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin, agus
(c) saoráidí a sholáthar sa Stát, thar ceann an UCITS iomchuí, ar saoráidí iad chun íocaíochtaí a dhéanamh le sealbhóirí a chuid aonad, chun a chuid aonad a athcheannach nó a fhuascailt, nó chun an fhaisnéis a chur ar fáil a cheanglaítear go cuí ar an UCITS iomchuí a sholáthar chun críocha na dTreoracha iomchuí;
ciallaíonn “UCITS iomchuí” gnóthas—
(a) atá lonnaithe i mballstát de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, seachas sa Stát,
(b) is UCITS chun críocha na dTreoracha iomchuí, agus
(c) a mhargaíonn a chuid aonad sa Stát;
ciallaíonn “UCITS” gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe lena mbaineann na Treoracha iomchuí;
folaíonn “aonaid” scaireanna agus aon ionstraimí eile a thugann teideal—
(a) chun sciar d'infheistíochtaí nó d'ioncam UCITS iomchuí a fháil, nó
(b) chun dáileadh a fháil ó UCITS iomchuí.
(2) Déanfaidh idirghabhálaí, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh le fógra ó chigire, tuairisceán ar na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—
(a) ainm agus seoladh gach duine a chónaíonn sa Stát a ndearna an t-idirghabhálaí aon ní acu seo a leanas ina leith i gcúrsa saoráidí iomchuí a sholáthar i ndáil le UCITS iomchuí le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—
(i) gníomhú mar idirghabhálaí i gceannach aonad sa UCITS iomchuí ag, nó thar ceann, aon duine acu sin nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin,
(ii) saoráidí a sholáthar i ndáil leis an UCITS iomchuí do dhéanamh íocaíochtaí le haon duine acu sin a bhfuil aonaid de chuid an UCITS iomchuí á sealbhú acu, agus
(iii) saoráidí a sholáthar le haghaidh athcheannach nó fuascailt aonad de chuid an UCITS iomchuí a bhí á sealbhú ag aon duine acu sin,
agus
(b) más iomchuí, maidir le gach duine den sórt sin—
(i) ainm agus seoladh gach UCITS iomchuí—
(I) ar cheannaigh an duine sin aonaid dá chuid nó ar ceannaíodh thar a cheann iad, nó ar díoladh leis iad, ar an tslí sin sa tréimhse sin,
(II) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann i ndáil leis an UCITS iomchuí do dhéanamh íocaíochtaí leis an duine sin sa tréimhse sin, agus
(III) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann le haghaidh an UCITS iomchuí do dhéanamh athcheannach nó fuascailt sa tréimhse ar aonaid sa UCITS iomchuí a bhí á sealbhú ag an duine sin,
agus
(ii) (I) luach nó luach iomlán na n-aonad a cheannaigh an duine sin, nó a ceannaíodh thar a cheann, nó a díoladh leis, ar an tslí sin,
(II) méid na n-íocaíochtaí a rinne an UCITS iomchuí amhlaidh leis an duine sin, agus
(III) luach nó luach iomlán na n-aonad a bhí á sealbhú ag an duine sin agus a d'athcheannaigh nó a d'fhuascail an UCITS iomchuí amhlaidh.
(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “an tAcht Airgeadais, 1989, alt 19” a chur isteach i gcolún 2.
Caibidil III
Cáin Chorparáide
Leasú ar alt 36 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
20.—Leasaítear leis seo alt 36 den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Má chruthaíonn an chuideachta, ar an éileamh a dhéanamh, gur iompair sí, d'aon bhliain airgeadais ar mhó an ráta cánach corparáide ina leith ná 35 faoin gcéad, cáin chorparáide i leith aon chuid den ioncam neamhfhaoisimh sin, beidh an chuideachta i dteideal go n-aisíocfar léi an méid sin den cháin sin a d'iompair sí don bhliain sin ar cóimhéid é leis an méid ar mó—
(a) an cháin chorparáide a d'iompair an chuideachta don bhliain sin i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) den ioncam neamhfhaoisimh sin,
ná—
(b) an cháin chorparáide a d'iomprófaí amhlaidh i leith na coda sin den ioncam sin dá mba 35 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain sin.”
Leasú ar Chuid IX (Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
21.—(1) Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 84A (a cuireadh isteach le halt 41 den Acht Airgeadais, 1984):
“Teorainn leis an mbrí atá le ‘dáileadh'. | 84A.—(1) Aon ús nó dáileadh eile— |
(a) a íocfar, an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, as sócmhainní cuideachta (dá ngairtear ‘an t-iasachtaí’ anseo feasta san alt seo) le cuideachta eile atá laistigh de réim cánach corparáide, agus | |
(b) a íocfar amhlaidh i leith urrúis (dá ngairtear ‘urrús iomchuí’ anseo feasta san alt seo) atá faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d), | |
ní dáileadh é chun críocha an Achta seo mura mbeidh feidhm an fho-ailt seo eisiata le fo-alt (2) nó (10). | |
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ús a íocfaidh an t-iasachtaí, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an iasachtaí, le cuideachta eile i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta eile sin, i gcás— | |
(a) ina seolann an t-iasachtaí, sa tréimhse chuntasaíochta sin, trádáil shonraithe sa Stát, | |
(b) ina ndéantar an phríomhshuim iomchuí, ar ina leith a íoctar an t-ús, a úsáid i gcúrsa na trádála sonraithe sin— | |
(i) ar mhaithe le gníomhaíochtaí na trádála arb éard iad monarú earraí de réir bhrí fho-alt (6), nó | |
(ii) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (7), ar mhaithe le gníomhaíochtaí na trádála arb éard iad mórdhíol den chineál dá dtagraítear i mír (ii) den mhíniú ar ‘trádáil shonraithe’ san fho-alt sin (7), | |
agus | |
(c) ina n-áireofaí an t-ús, dá mba nár dháileadh é, mar chostas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta sin. | |
(3) D'ainneoin fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith tar éis an 12ú lá d'Aibreán, 1989, gur mó iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí (dá ngairtear ‘méideanna reatha príomhshuime iomchuí’ anseo feasta san fho-alt seo) a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an tráth sin ná teorainn, ar teorainn í is ionann agus 110 faoin gcéad d'iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta ar an 12ú lá d'Aibreán, 1989, sin, ansin ní áireofar mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta cibé cuid d'aon ús, arna íoc an tráth sin leis an gcuideachta i leith príomhshuime iomchuí, a mbeidh idir í agus méid iomlán an úis arna íoc amhlaidh leis an gcuideachta an chomhréir chéanna atá idir an bhreis sin agus na méideanna reatha príomhshuime iomchuí. | |
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hús arna íoc, i leith príomhshuime iomchuí, le cuideachta nach raibh, an 12ú lá d'Aibreán, 1989, aon mhéideanna príomhshuime iomchuí airleactha ach gan íoc aici. | |
(5) I bhfo-ailt (2), (3) agus (4), ciallaíonn ‘príomhshuim iomchuí’ méid airgid arna airleacan chuig iasachtaí ag cuideachta atá faoi réim mhuirear cánach corparáide agus ar cuid dá gnáthghníomhaíochtaí trádála airgead a thabhairt ar iasacht, i gcás— | |
(a) gur urrús iomchuí an chomaoin a thugann an t-iasachtaí i leith an méid sin, agus | |
(b) gur as sócmhainní an iasachtaí a íoctar ús nó aon dáileadh eile i leith an urrúis sin. | |
(6) Faoi réir fho-alt (7), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', i bhfo-alt (2), trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór monarú earraí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí, ach ní fholaíonn sé gníomhaíochtaí trádála a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire Airgeadais ina leith faoi alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980. | |
(7) I gcás inarb éard é an t-iasachtaí a luaitear i bhfo-alt (2) fochuideachta 75 faoin gcéad— | |
(a) de chumann talmhaíochta, nó | |
(b) de chumann iascaigh, | |
ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', san fho-alt sin, trádáil de chuid an iasachtaí arb éard í go hiomlán nó go formhór ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon— | |
(i) monarú earraí de réir bhrí fho-alt (6), agus | |
(ii) mórdhíol— | |
(I) earraí talmhaíochta, i gcás feidhm a bheith ag mír (a), nó | |
(II) éisc, i gcás feidhm a bheith ag mír (b). | |
(8) Chun críocha fho-ailt (6) agus (7), áireofar trádáil, maidir le tréimhse chuntasaíochta, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó dhíolacháin a rinneadh i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse chuntasaíochta, ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó na díolacháin go léir a rinneadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin. | |
(9) I bhfo-alt (7)— | |
tá le ‘cumann talmhaíochta’ agus ‘cumann iascaigh’ na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 18 den Acht Airgeadais, 1978; | |
ciallaíonn ‘mórdhíol’ earraí d'aicme ar bith a dhíol le haon duine a sheolann gnó ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais atá á sheoladh aige. | |
(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás inarb ionannas an chomaoin a thug an t-iasachtaí i leith úsáid na príomhshuime atá urraithe do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin: | |
Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, nach n-oibreoidh aon ní i bhfomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh chun críocha an Achta seo leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin.”. |
(2) Na forálacha d'alt 84A den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad, d'ainneoin fho-alt (1), d'éifeacht a bheith leo i leith aon úis nó dáileadh eile a íocfar i leith urrúis atá laistigh de réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i gcás—
(a) go mbeidh an phríomhshuim atá urraithe airleactha ag cuideachta as airgead a suibscríobhadh i leith scairchaipiteal na cuideachta agus go bhfuil an scairchaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát, nó
(b) go n-íocfar an t-ús nó an dáileadh eile ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig, 1991, i leith urrúis arna eisiúint roimh an 12ú lá d'Aibreán, 1989.
Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980.
22.—Leasaítear leis seo Caibidil VI (arna leasú le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38:
“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchui’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse seo a leanas di—
(a) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1CC) (a cuireadh isteach le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984) d'alt 39, ón 13ú lá d'Aibreán, 1984,
(b) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1CC) (arna chur isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989) d'alt 39, ón 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó
(c) in aon chás eile, ón lú d'Eanáir, 1981,
go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1CC) d'alt 39:
“(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí ríomhaire’ aon tseirbhís díobh seo a leanas nó iad go léir:
(i) seirbhísí sonra-phróiseála,
(ii) seirbhísí forbartha bog-earraí, agus
(iii) seirbhísí teicniúla nó sainchomhairle a bhaineann le fomhír (i) nó (ii), nó leo araon,
ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986.”
Leasú ar alt 39A (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna) den Acht Airgeadais, 1980.
23.—Leasaítear leis seo alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980, trí fho-ailt (8) agus (9) a scriosadh.
Leasú ar alt 45 (dáiltí) den Acht Airgeadais, 1980.
24.—Maidir le dáiltí arna ndéanamh ag cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 45 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988) den Acht Airgeadais, 1980:
(a) i mír (a) d'fho-alt (1)—
(i) trí “nó faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1989,” a chur isteach i ndiaidh “faoi fho-alt (1A)”,
(ii) trí “nach mó ná” a chur in ionad “is comhionann leis”,
(iii) tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur in ionad na foirmle atá inti:
“Y × | (A-B) + E-U | |
____________ (R-S) + T-W | ||
”, |
agus
(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “U”:
“arb é U méid na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—
(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó
(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, dá mba rud é—
(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus
(II) go gcuirfí ‘dáileadh iomchuí’ agus ‘ioncam monarúcháin indáilte’ in ionad ‘dáileadh’ agus ‘ioncam indáilte', faoi seach, gach áit a bhfuil na téarmaí sin sna fo-ailt sin (3) agus (6),
arb é W méid na ndáiltí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—
(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó
(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, dá mba rud é—
(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus
(II) gurbh é a bhí i ngach tagairt do ‘ioncam indáilte na cuideachta’ san fho-alt sin (3) tagairt don mhéid a chinnfear de réir na foirmle
(R - S) + T |
i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S agus T atá leo in áiteanna eile sa mhír seo,
agus”,
(b) i bhfo-alt (1A), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an chéad choinníll:
“Ar choinníoll, maidir le dáileadh arna dhéanamh ag cuideachta—
(a) ar díbhinn eatramhach é arna híoc, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, ag stiúrthóirí na cuideachta, de bhun cumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í, nó
(b) nach dáileadh é ach amháin de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Canach Corparáide, 1976, nó
(c) ar dáileadh é arna dhéanamh i leith scaireanna de chineál dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar ‘scaireanna tosaíochta’ i bhfo-alt (1) d'alt 42 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1984,
go ndéileálfar leis, faoi réir an choinníll ina dhiaidh seo, mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina dtiteann an chéad lá sin a luadh:”,
(c) i mír (a) d'fho-alt (1B), trí “W” a chur in ionad “U” gach áit a bhfuil sé, agus
(d) i bhfo-alt (2), trí “, de bhua fho-ailt (1) agus (1A),” a scriosadh agus trí“, chun críocha an fho-ailt seo,” a chur isteach i ndiaidh “go ndéileálfar”,
agus tá an mhír sin (a) d'fho-alt (1), fo-alt (1B) (cé is moite de mhír (b)) agus fo-alt (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA | |
(1) (a) Áireofar mar dháileadh sonraithe chun críocha fho-alt (2) cibé riar de dháileadh (dá ngairtear “an chéad dáileadh a luadh” ina dhiaidh seo sa mhír seo), a áirítear faoi fho-alt (1A) nó faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1989, mar dháileadh arna dhéanamh ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, nach mó ná an méid, agus féadfaidh gur nialas é, a chinnfear de réir na foirmle | |
Y × | (A-B) + E-U |
____________ (R-S) + T-W | |
i gcás, faoi réir ailt 46 go 49— arb é A méid ioncam na cuideachta, a ndéantar an cháin chorparáide is inchurtha ina leith a laghdú faoi alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta nó ar cuid den tréimhse sin í, arb é B méid na cánach corparáide, arna laghdú faoi alt 41, is inchurtha i leith an méid a luaitear sa mhíniú ar A, arb é E méid na ndáiltí iomchuí, cibé acu a dhéantar iad roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó ar an lá sin nó dá éis, a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, arb é R an méid d'ioncam na cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a mhínítear sin in alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar aon le haon mhéid d'ioncam na cuideachta ar a muirearófaí cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mura mbeadh forálacha alt 18 den Acht Airgeadais, 1969, alt 34 den Acht Airgeadais, 1973, nó alt 71 den Acht Cánach Corparáide, 1976, arb é S méid na cánach corparáide, roimh aon fhritháireamh cánach nó creidmheas i leith cánach, lena n-áirítear cáin choigríche, agus i ndiaidh aon fhaoisimh faoi alt 58, 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, cé is moite den cháin chorparáide, roimh aon chreidmheas i leith cánach coigríche, is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin: agus measfar gurb é atá sa chuid sin an méid a thugtar faoi réim bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe sula ndéantar aon asbhaint maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar mhéideanna a laghdaíonn na brabúis sin, arb é T méid na ndáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, mar aon le haon mhéid a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann forálacha alt 76 (2) (a) (ii), alt 81 (4), alt 93 (3) nó alt 170 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, arb é U méid na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad— (i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó (ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, dá mba rud é— (I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus (II) go gcuirfí “dáileadh iomchuí” agus “ioncam monarúcháin indáilte” in ionad “dáileadh” agus “ioncam indáilte”, faoi seach, gach áit a bhfuil na téarmaí sin sna fo-ailt sin (3) agus (6). arb é W méid na ndáiltí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad— (i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó (ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, dá mba rud é— (I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus (II) gurbh é a bhí i ngach tagairt do “ioncam indáilte na cuideachta” san fho-alt sin (3) tagairt don mhéid a chinnfear de réir na foirmle | |
(R - S) +T | |
i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S agus T atá leo in áiteanna eile sa mhír seo, agus arb é Y méid an chéad dáilte a luadh. (1B) Chun críocha an ailt seo— (a) is é méid ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle | |
(R-S) + T-W | |
i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S, T agus W atá leo i bhfo-alt (1), agus (2) Más rud é go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis (dá ngairtear an chéad dáileadh a luadh ina dhiaidh seo san fho-alt seo)— (i) mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, nó (ii) mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó níos mó, a ndéileáiltear le dáileadh amháin nó níos mó acu mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, de réir mar a bheidh, déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna sin, leis an gcéad dáileadh a luadh ionann is dá mba éard a bhíann dhá dháileadh, a bhféadfaidh nialas a bheith i gceann acu ach ní sa dá cheann, arb é atá iontu faoi seach— (a) dáileadh is dáileadh iomchuí chun críocha an ailt seo de mhéid is ionann agus méid an dáilte shonraithe a luaitear i mír (i) nó is ionann agus méid iomlán na ndáiltí sonraithe a luaitear i mír (ii), de réir mar a bheidh, agus (b) dáileadh nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an chéad dáilte a luadh. |
Dáiltí a chur síos do thréimhsí cuntasaíochta.
25.—(1) (a) D'ainneoin fho-alt (1A) d'alt 45 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1980, ach faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, aon chuideachta a dhéanfaidh dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, féadfaidh sí a shonrú, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndéantar an dáileadh, cá mhéad a dhéileálfar leis an dáileadh, chun críocha an ailt sin 45, mar dháileadh a rinneadh d'aon tréimhse chuntasaíochta nó tréimhsí cuntasaíochta.
(b) Aon chuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fhorálacha mhír (a) mar dháileadh a rinneadh do thréimhse chuntasaíochta déileálfar léi chun críocha fho-ailt (1), (1A) agus (2) den alt sin 45 mar dháileadh ar leith.
(2) Féadfaidh cuideachta a shonrú, de réir fho-alt (1), nach ndéanfar ach cibé riar de dháileadh, nó de bhreis agus dáileadh amháin, a dhéanfar aon lá—
(a) d'aon tréimhse chuntasaíochta, nach mbeidh níos mó ná ioncam neamhdháilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ar an lá sin, agus
(b) do thréimhse chuntasaíochta nó tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh breis agus 9 mbliana roimh an lá sin, nach mbeidh níos mó ná an méid ar mó méid an dáilte nó méid comhiomlán na ndáiltí, de réir mar a bheidh, ná comhiomlán ioncam neamhdháilte na cuideachta ar an lá sin do thréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh roimh an lá sin ach nár chríochnaigh breis agus 9 mbliana roimh an lá sin.
(3) Ach amháin i gcás inarb é atá i ndáileadh arna dhéanamh ag cuideachta—
(a) díbhinn eatramhach arna híoc, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, ag stiúrthóirí na cuideachta, de bhun cumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í, nó
(b) dáileadh de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus dá bhua sin amháin, nó
(c) dáileadh arna dhéanamh i leith scaireanna de chineál dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar “scaireanna tosaíochta” i bhfo-alt (1) d'alt 42 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1984, nó
(d) dáileadh arna dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta ina scoireann nó ina dtosaíonn an chuideachta de bheith faoi réim mhuirear cánach corparáide,
ní bheidh an chuideachta i dteideal a shonrú, de réir fho-alt (1), go ndéileálfaí leis an dáileadh mar dháileadh a rinnneadh don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar é.
(4) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh i méid ioncam neamhdháilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ar aon lá, méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, arna chinneadh de réir fho-alt (1B) d'alt 45 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1980, arna laghdú de mhéid gach dáilte, nó gach coda de dháileadh, arna dhéanamh roimh an lá sin agus ar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a ndéileálfar leis, cibé acu faoin alt sin 45 nó faoin alt seo, mar dháileadh arna dhéanamh don tréimhse chuntasaíochta sin.
Leasú ar alt 42 (mar a dhéileálfar le díbhinní ar scaireanna tosaíochta áirithe) den Acht Airgeadais, 1984.
26.—Leasaítear leis seo alt 42 den Acht Airgeadais, 1984, maidir le scaireanna tosaíochta arna n-eisiúint an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) San alt seo—
ní fholaíonn ‘scaireanna tosaíochta’ scaireanna tosaíochta—
(a) a luaitear ar stocmhargadh sa Stát,
(b) nach luaitear amhlaidh ach a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát, nó
(c) ar scaireanna neamhinaistrithe iad arna n-eisiúint ag cuideachta, i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheoladh de réir bhrí alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) den Acht Airgeadais, 1980, nó alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht sin, chuig cuideachta—
(i) nach bhfuil aon scair dá cuid ar úinéireacht thairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a chónaíonn sa Stát, agus
(ii) nach mbeadh, murach gur achtaíodh an mhír seo, cáin chorparáide inmhuirearaithe uirthi i leith aon bhrabús seachas díbhinní a mbeadh an cháin sin inmhuirearaithe orthu de bhua an ailt seo;
folaíonn ‘scaireanna’ stoc.”.
Formhuirir: leasú ar fhorálacha maidir leo.
27.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 100 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i mír (h), trí “, ar leith ó alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980,” a chur isteach i ndiaidh “iníoctha”, agus tá an mhír sin (h), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(h) méid na cánach corparáide ab iníoctha, ar leith ó alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980, ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ríomhfaí an cháin ar bhonn an ioncaim a dhéanfaí amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo. |
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, trí “, 101, 162” a chur isteach i ndiaidh “ailt 58”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 58, 101, 162, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, inmhuirearaithe maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a áireamh is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin. |
(3) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.
Leasú ar alt 35 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Acht Airgeadais, 1987.
28.—Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Airgeadais, 1987—
(a) i bhfo-alt (1), trí “cúig” a chur in ionad “trí” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”,
(b) maidir le hinfheistíochtaí iomchuí a dhéanfar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—
“(3) (a) Faoi réir mhír (b), más rud é, in aon tréimhse dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £200,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, nó a rinne cuideachta den sórt sin agus na cuideachtaí go léir (agus gairfear ‘cuideachtaí bainteacha’ de na cuideachtaí eile sin anseo feasta san alt seo) a n-áireofaí, tráth ar bith sa tréimhse sin, baint a bheith acu leis an gcuideachta sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith na breise agus, i gcás níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil is cóir agus is réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí ar leith agus, más gá, d'fhonn méid faoisimh i gcomhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí, nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí, a rinne sí sa tréimhse sin a dheonú do gach cuideachta infheistiúcháin incheadaithe ar leith lena mbaineann.
(b) Más rud é, i dtréimhse (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse' anseo feasta sa mhír seo) dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £200,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, agus na cuideachtaí bainteacha, i gcuideachta cháilitheach d'fhonn a chumasú don chuideachta cháilitheach scannán cáilitheach amháin, agus gan ach scannán cáilitheach amháin, a dhéanamh agus, le linn don chuideachta infheistiúcháin incheadaithe, agus do gach ceann de na cuideachtaí bainteacha, a rinne infheistíocht iomchuí mar a dúradh, a héileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh i leith na hinfheistíochta iomchuí, go roghnóidh sí go mbeidh feidhm ag forálacha na míre seo, ansin—
(i) beidh feidhm ag mír (a) don chéad tréimhse i ndáil leis an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe ionann is dá mba é a bhí sa tagairt inti do £200,000, tagairt—
(I) don mhéid arb ionann é agus £600,000, nó
(II) don mhéid ar mhéid comhiomlán £600,000 a bheadh ann dá gcuirfí é le méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí arna ndéanamh—
(A) ar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, agus
(B) sa tréimhse ceithre mhí is fiche dar críoch an lá díreach roimh thosach na chéad tréimhse,
ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe agus ag na cuideachtaí bainteacha,
cibé méid acu is lú, agus
(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le haon infheistíocht iomchuí eile nó infheistíocht iomchuí breise arna déanamh ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe sin, nó ag aon cheann de na cuideachtaí bainteacha—
(I) sa chéad tréimhse, agus
(II) sa tréimhse ceithre mhí is fiche dar tosach an lá díreach tar éis dheireadh na chéad tréimhse.”,
agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (7), i ndiaidh mhír (b):
“(bb) d'ainneoin mhír (b), más rud é, ar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, go mbeidh infheistíocht iomchuí (dá ngairtear ‘an chéad infheistíocht iomchuí’ anseo feasta sa mhír seo) déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus go ndiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe na scaireanna sin ar lá nach luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfuair an chuideachta sin iad, agus más rud é—
(i) go ndéanfaidh an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe, laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá sin, an chomaoin i leith na diúscartha sin a úsáid chun infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus gur chuige sin amháin a úsáidfaidh sí í, agus
(ii) go n-úsáidfidh an chuideachta sin an tsuim a infheisteofar chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, seachas scannán cáilitheach ar ar a tháirgeadh a caitheadh an chéad infheistíocht iomchuí,
ansin, na forálacha de mhír (b) a bhaineann le cinneadh a dhéanamh, i ndáil le gnóchan nó caillteanas a ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil, ar shuimeanna is inlamháilte mar asbhaintí ó chomaoin lena mbaineann mír (b), beidh feidhm acu maidir leis an gcomaoin a úsáidfear chun an infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh, de réir mar a thuairiscítear sa mhír seo, amhail mar atá feidhm acu maidir leis an gcomaoin lena mbaineann mír (b):
Ar choinníoll, i gcás go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus gur infheistíocht iomchuí dá dtagraíonn mír (b) d'fho-alt (3) an infheistíocht iomchuí sin, ansin, má dhiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe na scaireanna sin tráth nach luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfuair an chuideachta sin iad, go mbeidh feidhm ag an mír seo—
(a) mura lú ná £600,000 an infheistíocht iomchuí, maidir leis an gcomaoin i leith na diúscartha sin, nó
(b) más lú ná £600,000 an infheistíocht iomchuí, maidir le cibé cuid den chomaoin i leith na diúscartha sin a mbeidh idir í agus an chomaoin iomlán i leith na diúscartha an chomhréir chéanna atá idir an bhreis atá ag an infheistíocht ar £200,000 agus méid iomlán na hinfheistíochta,
gan an choinníoll go n-úsáidfí an chomaoin chun infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh.”,
agus tá an míniú sin san fho-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo agus a chríochnaíonn ar chothrom cúig bliana an dáta sin; |
Caibidil IV
Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
29.—Déantar leis seo mír 11 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982, agus a bhaineann le diúscairt sócmhainní áirithe) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a leasú, maidir le diúscairtí a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, trí “céad míle punt” a chur in ionad “caoga míle punt” i bhfomhír (8), agus tá an fhomhír sin (8) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(8) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná céad míle punt comaoin na diúscartha: |
Leasú ar alt 61 (scaireanna ar Mhargadh na Mionchuideachtaí agus scaireanna áirithe eile a dhiúscairt) den Acht Airgeadais, 1986.
30.—Leasaítear leis seo alt 61 den Acht Airgeadais, 1986, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1986, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1992;”.
Leasú ar alt 70 (urrúis de chuid Bhord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.) den Acht Airgeadais, 1988.
31.—(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Airgeadais, 1988, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):
“(b) Amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith, ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 54 den Acht Airgeadais, 1983, ná, sa mhéid go mbaineann sí le Bord Telecom Éireann, le mír (b) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984.”.
(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i bhfeidhm, agus glacfaidh sé éifeacht, amhail ar an agus ón 25ú lá de Bhealtaine, 1988.
Ní sócmhainní inmhuirearaithe conarthaí todhchaíochtaí áirithe.
32.—Leasaítear leis seo alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975—
(a) trí fo-alt (1) den alt sin a thabhairt ar an bhforáil atá ann faoi láthair, agus
(b) tríd an méid seo a leanas a chur leis:
“(2) I dteannta fhorálacha fho-alt (1), ní sócmhainní inmhuirearaithe na conarthaí todhchaíochtaí go léir—
(a) ar conarthaí neamhchoinníollacha iad chun fáil nó diúscairt a dhéanamh ar aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó aon ionstraimí eile lena mbaineann forálacha an ailt seo de bhua aon achtacháin eile (cibé uair a achtaíodh é), agus
(b) a cheanglaíonn go seachadfaí an ionstraim ar ina leith a dhéantar na conarthaí:
Ar choinníoll go measfar an ceanglas i dtaobh an ionstraim a sheachadadh a bheith comhlíonta i gcás ina ndéanfaidh duine a mbeidh conradh todhchaíochtaí déanta aige, ar conradh é a ndéileáiltear ann nó a luaitear ar mhalartán todhchaíochtaí nó ar stocmhalartán, an conradh todhchaíochtaí a fhoirceannadh trí chonradh todhchaíochtaí eile a dhéanamh, ar conradh é a ndéileáiltear ann nó a luaitear amhlaidh, a ngabhann oibleagáidí leis atá cómhalartach leis na hoibleagáidí a bhí sa chonradh a foirceannadh amhlaidh agus go ndéanfaidh sé dá éis sin socraíocht i leith an dá chonradh trí íocaíocht airgid nó admháil amháin (más ann).”.
Díolúine do Bhord Fáilte Éireann agus do chomhlachtaí áirithe eile.
33.—(1) I gcás diúscairtí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, beidh feidhm ag alt 23 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, maidir le gnóchan a fhabhraíonn chuig comhlacht lena mbaineann an t-alt seo mar atá feidhm aige maidir le gnóchan a fhabhraíonn chuig comhlacht a shonraítear san alt sin.
(2) Baineann an t-alt seo leis na comhlachtaí seo a leanas, is é sin le rá:
(a) Bord Fáilte Éireann,
(b) Fáilte Átha Cliath Teoranta,
(c) Fáilte Átha Cliath agus an Oirthir Teoranta,
(d) Fáilte an Oirdheiscirt Teoranta,
(e) Fáilte Chorcaí/Chiarraí Teoranta,
(f) Fáilte an Iarthair Teoranta,
(g) Fáilte Dhún na nGall, Liatroma, Shligigh,
(h) Fáilte Lár na hÉireann Teoranta, agus
(i) Fáilte Thrá Mhór Teoranta.
CUID II
Custaim agus Mál
Léiriú (Cuid II).
34.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).
Beoir.
35.—(1) Gan dochar don ráta dleachta ar bheoir allmhairithe a bhfuil cion nach mó ná 0.5 faoin gcéad d'alcól (is alcól eitileach íon) de réir toirte ann, déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir £152.595, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil in ionad an ráta a shonraítear in alt 67 (1) den Acht Airgeadais, 1986.
(2) Déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir ráta £152.595 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.
Biotáille.
36.—(1) Sa Dara Sceideal ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.
(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986.
Fíon agus fíon déanta.
37.—(1) Sa Tríú Sceideal—
ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;
ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.
(2) Déanfar na dleachtanna máil ar fhíon agus ar fhíon déanta a fhorchuirtear le míreanna 5 (2) agus 6 (2), faoi seach, d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986.
Leann úll agus leann piorraí.
38.—(1) Sa Cheathrú Sceideal—
ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;
ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.
(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus ar leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1986.
Táirgí tobac.
39.—(1) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac píopa milsithe”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an Acht Airgeadais, 1988.
(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1988.
Hidreacarbóin.
40.—(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1989, de réir £30.35 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 56 (2) den Acht Airgeadais, 1988.
(2) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear in alt 56 (3) den Acht Airgeadais, 1988, a ríomh, maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir £1.68 an heictilítear.
Aisíoc dleachta ar fhíon, ar fhíon déanta, ar leann úll nó ar leann piorraí a úsáidtear i dtáirgeadh nó monarú deochanna áirithe.
41.—I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—
(a) maidir le fíon, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 ina leith, nó
(b) maidir le fíon déanta, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 ina leith, nó
(c) maidir le leann úll nó leann piorraí, ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 ina leith,
gur úsáid aon duine é, an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, mar chomhábhar i dtáirgeadh nó monarú dí a bhfuil cion nach mó ná 1.2 faoin gcéad d'alcól de réir toirte inti, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht máil a íocadh ar an gcainníocht fíona, fíona dhéanta, leanna úll nó leanna piorraí, de réir mar a bheidh, a d'úsáid an duine sin amhlaidh, a aisíoc trína íoc leis an duine sin.
Íocaíochtaí i leith geallta.
42.—(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 24 den Acht Airgid, 1926, gach geallghlacadóir a chuirfidh nó a leagfaidh aon gheall, nó a dhéanfaidh thairis sin aon gheall, ar dháta an Achta seo a rith nó ar dháta dá éis, déanfaidh sé, an tráth a bhfaighidh sé íocaíocht de mhéid an ghill sin ó aon duine, a cheangal ar an duine sin íocaíocht bhreise a dhéanamh de mhéid is ionann agus méid na dleachta máil is iníoctha go cuí ar mhéid an ghill sin faoi fho-alt (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1985) den alt sin 24.
(2) Ní ghlacfaidh geallghlacadóir le híocaíocht de mhéid aon ghill mura bhfaighidh sé, i dteannta an méid sin, an íocaíocht bhreise dá dtagraítear i bhfo-alt (1).
(3) Aon gheallghlacadóir a bheidh ag cur nó ag leagan, nó ag déanamh thairis sin, aon ghill lena mbaineann fo-alt (1) agus—
(a) a mhainneoidh nó a fhailleoidh a cheangal, nó a airbheartóidh (go sainráite nó ar shlí eile) gan bheith ag ceangal, go n-íocfaí an íocaíocht bhreise lena mbaineann, nó
(b) a ghlacfaidh, nó a airbheartóidh (go sainráite nó ar shlí eile) a bheith ag glacadh, le híocaíocht de mhéid aon ghill de shárú ar an alt seo,
beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, pionós máil £1,000 a chur air.
Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnais deochanna meisciúla áirithe.
43.—Na dleachtanna máil a fhorchuirtear—
(a) le halt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910, ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a mhonarú nó a dhíol, seachas na ceadúnais atá le baint amach gach bliain ag driogaire biotáille nó ag grúdaire beorach lena ndíol, agus
(b) le halt 10 (3) den Acht Airgeadais, 1940, ar cheadúnas atá le baint amach gach bliain ag gach duine a dhéanann leann úll nó leann piorraí lena dhíol,
déanfar, maidir le haon cheadúnas den sórt sin a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, i leith tréimhsí ar críoch dóibh ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1989, iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le gach ceadúnas den sórt sin, de réir an ráta a shonraítear i gcolún (3) de Chuid I den Séú Sceideal ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an ceadúnas sin luaite i gcolún (2) den Sceideal sin, in ionad an ráta a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann le halt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960 (maidir le har-cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag miondíoltóir leanna úll), agus i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 (maidir le haon cheadúnas eile den sórt sin); agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, loghadh, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas den sórt sin ach aon dleacht a íocadh trí dhearmad ar aon cheadúnas den sórt sin féadfar í a aisíoc.
Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnas rince phoiblí, ar cheadúnas ócáideach, ar ordú díolúine speisialta agus ar údarú do chlub.
44.—(1) Leasaítear leis seo alt 78 (2) (arna leasú le halt 68 (1) den Acht Airgeadais, 1982) den Acht Airgeadais, 1980, trí “£15” agus “£100” a chur in ionad “£10” agus “£75”, faoi seach, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA | |
(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas rince phoiblí a dheonófar faoi alt 2 den Acht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935, dleacht máil— | |
i gcás gur do thréimhse shonraithe nach faide ná mí an ceadúnas | £15 |
in aon chás eile ... ... ... ... ... ... ... | £100 |
(2) Leasaítear leis seo alt 78 den Acht Airgeadais, 1980, trí “£70” a chur in ionad “£50” (a cuireadh isteach le mír 12 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982)) i bhfo-ailt (3), (4) agus (5), agus tá na fo-ailt sin (3), (4) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas ócáideach a dheonófar faoi alt 11 nó 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £70. (4) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ordú díolúine speisialta a dheonófar faoi alt 5 den Acht Deocha Meisciúla, 1927, nó faoi alt 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £70. (5) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach údarú a dheonófar do chlub faoi alt 21 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, nó faoi alt 14 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £70. |
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le gach ceadúnas, ordú agus údarú lena mbaineann an t-alt seo agus a dheonófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis i leith dátaí tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1989.
Dleachtanna máil ar cheadúnais díoltóirí hidreacarbóin agus leasú ar alt 73 (cumhacht áitreabh a chuardach i ndáil le hola hidreacarbóin) den Acht Airgeadais, 1986.
45.—(1) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 (12) d'Ordú 1975, ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag duine a dhíolann nó a sheachadann ola hidreacarbóin is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 12 (1) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, de réir ráta £20 in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 12 (12).
(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 42 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1976, ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag duine a dhíolann nó a sheachadann gás mótarfheithicle in aon áitreabh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, de réir ráta £20 in ionad an ráta a shonraítear san alt sin 42 (4) (a).
(3) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “ola éadrom hidreacarbóin” ola hidreacarbóin is inchurtha faoin dleacht máil a fhorchuirtear le mír 11 d'Ordú 1975.
(b) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil (dá ngairtear an dleacht ceadúnais san fho-alt seo) £20 ar cheadúnas arna dheonú ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh le baint amach gach bliain ag gach duine a dhíolann nó a sheachadann, in aon áitreabh, aon ola éadrom hidreacarbóin lena dó in inneall mótarfheithicle, agus i gcás ina ndéanann aon duine den sórt sin an ola sin a dhíol nó a sheachadadh i níos mó ná áitreabh amháin, beidh an dleacht ceadúnais iníoctha gach bliain ag an duine sin, agus bainfidh sé an ceadúnas sin amach gach bliain, i ndáil le gach áitreabh den sórt sin ar leithligh.
(c) Ní dhéanfaidh aon duine, ar an 1ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, aon ola éadrom hidreacarbóin lena dó in inneall mótarfheithicle a dhíol nó a sheachadadh in aon áitreabh mura mbeidh ceadúnas á shealbhú aige a deonaíodh faoi mhír (b) agus a bheidh i bhfeidhm i leith an áitribh sin.
(d) Ní dhéanfaidh aon duine a dhéileálann in ola éadrom hidreacarbóin aon ola den sórt sin lena dó in inneall mótarfheithicle a cheannach ó aon duine, ná ní ghlacfaidh sé le seachadadh ola den sórt sin ó aon duine, nach sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) agus a bheidh i bhfeidhm.
(e) Déanfaidh gach sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) an ceadúnas sin a chur ar taispeáint san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas sin.
(f) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo agus, go háirithe—
(i) chun rialáil a dhéanamh ar eisiúint, ré agus athnuachan ceadúnas ar arb iníochta an dleacht ceadúnais sin agus chun foirm na gceadúnas sin a fhorordú,
(ii) chun a cheangal ar dhuine is sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi mhír (b) cuntais agus taifid shonraithe a choimeád ar mhodh sonraithe i ndáil leis an ola éadrom hidreacarbóin go léir a cheannaigh sé, a fuair sé, a stóráil sé, a dhíol sé nó a dhiúscair sé, na leabhair agus na doiciméid go léir a bhaineann le ceannach, fáil, díol agus diúscairt na hola sin aige a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim na cuntais, na taifid, na leabhair agus na doiciméid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh, agus
(iii) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil le daoine a sheolann aon trádáil atá, de thuras na huaire, faoi réir an dlí a bhaineann le mál, a chur i bhfeidhm maidir leis an dleacht ceadúnais sin.
(g) Aon duine a sháróidh forálacha an fho-ailt seo, nó a sháróidh rialachán faoin bhfo-alt seo nó a mhainneoidh déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil máil £1,000 a chur air agus dlífear aon ola éadrom hidreacarbóin a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.
(4) Más rud é, maidir le haon áitreabh áirithe, go gceanglaítear ar dhuine ceadúnas faoi fho-alt (3), chomh maith le ceadúnas faoi mhír 12 (12) d'Ordú 1975, a bhaint amach in aghaidh tréimhse a mbeidh an dá cheadúnas le bheith i bhfeidhm, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fho-ailt (1) agus (3), ar iarratas chucu ón duine sin i cibé modh agus foirm a fhorordóidh siad ó am go ham chun na críche sin, ceadúnas a eisiúint chuig an duine sin i leith an áitribh sin ar dleacht máil £20 a bheith íoctha, agus measfar maidir leis an gceadúnas a eisíodh amhlaidh, gur ceadúnais é a deonaíodh, i leith na tréimhse sin—
(a) faoi fhorálacha fho-alt (3), agus
(b) faoin mír sin 12 (12),
agus measfar maidir leis an dleacht máil sin, gurb é an dleacht ceadúnais é is iníoctha faoi na forálacha sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha sin.
(5) Leasaítear leis seo alt 73 den Acht Airgeadais, 1986—
(a) trí “ceachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le mír 11 nó” a chur in ionad “an dleacht máil a fhorchuirtear le” i bhfo-alt (2)den alt sin, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) den alt sin:
“(2A) I gcás ina rachaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim isteach in aon áitreabh faoi fho-alt (2), féadfaidh sé iniúchadh a dhéanamh ar aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile, nó aon fheithicil a gheobhaidh an t-oifigeach sin ar an áitreabh, a mbeidh aon ola hidreacarbóin ann nó inti nó a gcreideann an t-oifigeach go bhfuil ola hidreacarbóin ann nó inti, agus féadfaidh sé aon ola hidreacarbóin a bheidh in aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile, nó in aon fheithicil, den sórt sin a scrúdú agus samplaí a thógáil den ola sin, agus aon duine a bheidh ag áitiú aon áitribh den sórt sin nó a bheidh ina fheighil de thuras na huaire déanfaidh sé, nuair a cheanglóidh an t-oifigeach sin air é, cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt a cheanglóidh an t-oifigeach sin le réasún chun iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar aon soitheach, caidéal seachadta nó coimeádán eile nó ar aon fheithicil, agus chun samplaí a thógáil d'aon ola hidreacarbóin a gheofar ar an áitreabh sin nó chun cainníocht aon ola den sórt sin a thomhas.”
AN TÁBLA |
(2) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, aon déileáil in ola hidreacarbóin, ar a ndlitear ceachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le mír 11 nó mír 12 d'Ordú 1975 a íoc, á déanamh ann nó ina gcoimeádtar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé ansin a cheangal ar aon duine na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile go léir a bhaineann le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus féadfaidh sé na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin a thógáil chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh. |
Méadú ar dhleachtanna ar chlárú déileálaithe arm tine.
46.—(1) Déanfar an dleacht máil ar dhuine a chlárú i gclár de dhéileálaithe arm tine, is dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) (arna leasú le halt 52 (a) den Acht Airgeadais, 1971) d'alt 41 den Acht Airgid, 1925, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £50 in ionad an ráta a shonraítear san fho-alt sin (1).
(2) Déanfar an dleacht máil ar dhuine a chlárú i gclár de dhéileálaithe arm tine, is dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 52 (c) den Acht Airgeadais, 1971) d'alt 41 den Acht Airgid, 1925, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £5 in ionad an ráta a shonraítear san fho-alt sin (3).
Méadú ar dhleachtanna ar cheadúnais áirithe eile, etc.
47.—(1) Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú airm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i gcás aon deimhniú den sórt sin a thiocfaidh i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan an 1ú lá de Lúnasa, 1989, nó dá éis, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Séú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1983.
(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956, ar cheadúnais chearrbhachais a eiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid III den Séú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1983.
(3) (a) Déanfar alt 74 (1) den Acht Airgeadais, 1980, a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, trí “£80”, “£160”, “£240” agus “£320” a chur in ionad “£62.50”, “£125”, “£187.50” agus “£250”, faoi seach (a cuireadh isteach le halt 63 (1) den Acht Airgeadais, 1983).
(b) Déanfar mír (aa) (a cuireadh isteach le halt 74 (2) den Acht Airgeadais, 1980) d'fho-alt (7) d'alt 43 den Acht Airgeadais, 1975, a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó dá éis, trí “£50”, “£100”, “£150” agus “£200” a chur in ionad “£40”, “£80”, “£120” and “£160”, faoi seach (a cuireadh isteach le halt 63 (2) den Acht Airgeadais, 1983).
(4) Déanfar an dleacht máil maidir le ceadúnas, cead nó deimhniú, de réir mar a bheidh, a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Séú Sceideal ag aon uimhir thagartha agus a fhorchuirtear leis an achtachán a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin, de réir an ráta a shonraítear i gcolún (5) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin in ionad an ráta a shonraítear—
(a) i bhfo-alt (2), (3) nó (5) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1983, maidir le ceadúnas ceantálaí, cead ceantála nó ceadúnas gníomhaire tithe, faoi seach,
(b) i bhfo-alt (1) nó (2) d'alt 67 den Acht Airgeadais, 1983, maidir le ceadúnas geallghlacadóra nó deimhniú cláraitheachta áitribh gheallghlacadóra, faoi seach, agus
(c) i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980, maidir le haon cheadúnas eile lena mbaineann.
Dleacht a fhorchur ar chlárú clubanna agus dleacht club do scor.
48.—(1) San alt seo tá le “múnlaithe” agus “stampaí” na bríonna céanna faoi seach atá le “impressed” agus “stamps” sa Stamp Duties Management Act, 1891, arna leasú leis an Acht seo.
(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil £100 ar gach deimhniú clárúcháin club arna dheonú faoin Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989, nó dá éis.
(3) Déanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar dheimhniú clárúcháin a íoc agus a bhailiú ar mhodh stampaí, arb ionann a luach agus méid na dleachta sin, a bheidh múnlaithe ar an iarratas i scríbhinn ar chlárú, nó ar athnuachan ar chlárú, faoi alt 2 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, nó a bheidh greamaithe den iarratas sin, agus beidh feidhm ag an Stamp Duties Management Act, 1891, maidir leis an dleacht sin agus leis na stampaí sin.
(4) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon Acht, ní dheonófar deimhniú clárúcháin club is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo mura mbeidh an t-iarratas i scríbhinn, dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ar dheimhniú den sórt sin, stampáilte go cuí de réir an fho-ailt sin.
(5) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar an dleacht máil ar ráitis faoi cheannacháin deochanna meisciúla le soláthar i gclub, is dleacht a fhorchuirtear le halt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus scoirfidh forálacha an ailt sin 48 d'éifeacht a bheith leo, maidir le ceannacháin den sórt sin le soláthar i gclub le linn na bliana féilire 1989 nó le linn aon bhliana dá éis sin.
(6) Aon mhéid arna íoc chun críocha an ailt seo i ndáil le deimhniú clárúcháin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a aisíoc más rud é—
(a) go ndéanfar an t-iarratas ar an deimhniú a tharraingt siar sula mbeidh cinneadh déanta sna himeachtaí cúirte i ndáil leis,
(b) nach ndeonófar an deimhniú, nó
(c) gur trí dhearmad a íoctar an méid.
(7) Scoirfidh forálacha fho-alt (6) d'alt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, d'éifeacht a bheith leo ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.
Aisghairm forálacha a bhaineann le ceadúnais mhangairí.
49.—(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1990.
Aisghairm agus leasú forálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin.
50.—(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
(2) Sa Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860—
(a) leasaítear leis seo alt 6 trí na focail go léir ó “; and the resident, owner, tenant, or occupier” síos go dtí “Parliamentary census”, agus na focail deiridh sin san áireamh, a scriosadh, agus tá an t-alt sin 6, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,
(b) beidh feidhm agus éifeacht le forálacha alt 13 ionann is dá mba thagairtí do dhuine a choinníonn teach úrúcháin na tagairtí ann do dhuine atá ceadúnaithe chun teach úrúcháin a choinneáil,
(c) na cumhachtaí chun dul isteach i dtithe úrúcháin agus in áitribh a ghabhann leo, is cumhachtaí a thugtar le halt 20, beidh feidhm agus éifeacht leo, d'ainneoin an ailt seo, i ndáil le tithe úrúcháin agus leis na háitribh sin ionann is dá mba thithe úrúcháin ceadúnaithe den chineál dá dtagraítear san alt sin 20 na tithe úrúcháin sin agus forléireofar an t-alt sin dá réir sin,
(d) beidh feidhm agus éifeacht le forálacha alt 42 ionann is dá mba thagairt d'aon siopa, teach, áitreabh nó áit a choinnítear le haghaidh úrúcháin, gnáthaimh agus siamsaíochta an tagairt ann d'aon siopa, teach, áitreabh nó áit atá ceadúnaithe le haghaidh úrúcháin, gnáthaimh agus siamsaíochta.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1990.
AN TÁBLA |
6. All houses, rooms, shops, or buildings kept open for public refreshment, resort, and entertainment at any time between the hours of ten of the clock at night and seven of the clock of the following morning, not being licensed for the sale of beer, cider, wine, or spirits respectively, shall be deemed refreshment houses within this Act. |
Forálacha a bhaineann le grúdairí príobháideacha.
51.—(1) San alt seo—
folaíonn “tairiscint chun díola” cuireadh deoch a sheasamh;
ciallaíonn “grúdaire príobháideach” grúdaire beorach, nach grúdaire chun díola de réir bhrí alt 19 den Inland Revenue Act, 1880.
(2) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 6 den Finance Act, 1919, ar cheadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag grúdaire príobháideach.
(3) Ní dhéanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú ná a thobhach ar bheoir arna grúdú ag grúdaire príobháideach, ar choinníoll gur dá úsáid féin sa bhaile amháin a ghrúdaíonn an grúdaire sin an bheoir sin.
(4) (a) Ní dhéanfaidh grúdaire príobháideach beoir a ghrúdú seachas dá úsáid féin sa bhaile agus ní dhéanfaidh aon duine beoir arna grúdú ag an ngrúdaire sin a dhíol ná a thairiscint chun díola.
(b) Aon duine a sháróidh forálacha mhír (a) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £1,000 a chur air agus dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar aon bheoir a ndearnadh an cion ina leith agus ar aon soithigh, uirlisí agus ábhair ghrúdaireachta a bheidh i seilbh grúdaire phríobháidigh beorach a ndearnadh an cion ina leith.
(5) Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:
(a) ailt 13 (2), 32, 33 agus 34 den Inland Revenue Act, 1880,
(b) alt 15 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, agus
(c) alt 6 (2) den Finance Act, 1919.
(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.
Dleacht máil ar cheadúnais tiomána.
52.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) d'alt 4 (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961):
“(a) £4 in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais, más 3 bliana nó níos lú an tréimhse sin, agus
(b) £20 más mó ná 3 bliana tréimhse an cheadúnais,”.
CUID III
Cáin Bhreisluacha
Léiriú (Cuid III).
53.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972;
ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978;
ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985;
ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Airgeadais, 1988.
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.
54.—Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982):
“(4B) I gcás ina mbeidh duine slánaithe, faoi pholasaí árachais, i leith aon mhéid is iníochta i leith seirbhísí abhcóide nó aturnae, measfar, chun críocha an Achta seo, gur seirbhísí iad arna soláthar don duine sin agus arna bhfáil aige.”.
Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.
55.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—
(a) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—
(i) i mír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983),
(ii) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981), trí “£32,000” a chur in ionad “£25,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), agus
(iii) i mír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000”,
(b) i bhfo-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), agus
(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), sa mhíniú ar “feirmeoir” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982), trí “£15,000” a chur in ionad “£12,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983) gach áit a bhfuil sé.
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.
56.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985)—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (bb) (a cuireadh isteach le hAcht 1988):
“(bb) 5 faoin gcéad den mhéid arb inmhuirearaithe cáin air i ndáil le soláthar leictreachais:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh aon leictreachais i gcás gur i ndáil le dáileadh comharthaí cumarsáide a dhéantar an dáileadh sin go hiomlán nó go príomha,”,
agus
(b) trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1988) i mír (d).
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.
57.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1988), i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.
58.—Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) (i) Sa mhír seo:
ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’ tréimhse, arna cinneadh ag an Ard-Bhailitheoir ó am go ham in aon chás áirithe, arb é atá inti líon nach mó ná sé cinn de thréimhsí inchánach as a chéile;
ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine inchánach a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Ard-Bhailitheoir chun críocha na míre seo agus forléireofar ‘údaraigh’ agus ‘údarú’ dá réir sin.
(ii) D'ainneoin fhorálacha mhír (a)—
(I) féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, ó am go ham, duine inchánach a údarú i scríbhinn chun críocha na míre seo, mura gcuirfidh an duine inchánach i gcoinne an údaraithe, i scríbhinn,
agus
(II) féadfaidh duine údaraithe, laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse cuntasaíochta, tuairisceán ceart cruinn, arna ullmhú de réir rialachán, a thabhairt don Ard-Bhailitheoir maidir leis an méid cánach a tháinig chun bheith dlite de i gcaitheamh na dtréimhsí inchánach arb iad an tréimhse chuntasaíochta iad, nach cáin a d'íoc sé cheana féin i ndáil le hearraí a d'allmhairigh sé, agus maidir leis an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na dtréimhsí inchánach sin agus maidir le cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacháin, agus féadfaidh sé, an tráth céanna, aon mhéid cánach is iníoctha aige i leith na dtréimhsí inchánach sin a chur chuig an Ard-Bhailitheoir agus i gcás ina ndéanfaidh an duine údaraithe sin an tuairisceán sin a thabhairt agus an méid sin a chur amhlaidh, measfar go mbeidh forálacha mhír (a) comhlíonta aige i ndáil leis na tréimhsí inchánach sin.
(iii) D'fhonn údarú a eisiúint do dhuine inchánach, beidh aird ag an Ard-Bhailitheoir, más cuí leis, ar na nithe seo a leanas—
(I) go bhfuil forais réasúnacha aige chun a chreidiúint—
(A) nach mbeidh caillteanas cánach i gceist de thoradh an údaraithe, agus
(B) go bhfreastalóidh an duine inchánach dá oibleagáidí uile faoin údarú,
agus
(II) maidir leis an duine inchánach—
(A) go mba dhuine cláraithe é i gcaitheamh na tréimhse go léir arb é atá inti na sé thréimhse inchánach díreach roimh an tréimhse ina mbeadh éifeacht leis an údarú, dá n-eiseofaí é, agus
(B) go bhfuil forálacha mhír (a) comhlíonta aige.
(iv) Maidir le húdarú—
(I) féadfar é a eisiúint d'éagmais coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, agus a shonróidh sé i scríbhinn don duine inchánach lena mbaineann tráth eisithe an údaraithe, tar éis dó aird ar leith a thabhairt ar na cúinsí a luaitear i bhfomhír (iii),
(II) gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar dhuine údaraithe cibé méid a bheidh sonraithe ag an Ard-Bhailitheoir a chur chuig an Ard-Bhailitheoir laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh gach tréimhse inchánach (seachas an tréimhse inchánach deiridh) ar cuid de thréimhse chuntasaíochta í.
(v) Féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, trí fhógra i scríbhinn, údarú a fhoirceannadh agus, i gcás ina n-iarrfaidh duine inchánach air déanamh amhlaidh, ní mór dó an t-údarú a fhoirceannadh.
(vi) D'fhonn údarú a fhoirceannadh beidh aird ag an Ard-Bhailitheoir, más cuí leis, ar na nithe seo a leanas:
(I) go bhfuil forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, caillteanas cánach i gceist de thoradh an údaraithe, nó
(II) maidir leis an duine inchánach—
(A) gur thug sé, nó gur tugadh thar a cheann, aon fhaisnéis mhícheart chun go n-eiseofaí údarú dó, nó
(B) nár chomhlíon sé forálacha mhír (a) nó forálacha na míre seo, lena n-áirítear na coinníollacha, más ann, a shonraigh an tArd-Bhailitheoir faoi fhomhír (iv) i ndáil le húdarú a eisiúint dó.
(vii) I ndáil le haon tréimhse inchánach nach mbeidh forálacha mhír (a) comhlíonta aige ina leith, measfar mír (a) a bheith comhlíonta ag duine a mbeidh a údarú foirceanta má dhéanann sé, laistigh de lá is fiche tar éis d'fhógra foirceanta a bheith eisithe dó, an tuairisceán a shonraítear i mír (a) a thabhairt don Ard-Bhailitheoir agus má chuireann sé chuig an Ard-Bhailitheoir, an tráth céanna, an méid cánach is iníoctha aige de réir na míre sin.
(viii) (I) Measfar údarú a bheith foirceanta ag an Ard-Bhailitheoir ar an dáta—
(A) ar a scoirfidh duine údaraithe de thrádáil a sheoladh (ach amháin chun críocha stoic agus sócmhainní a chuid gnó a dhiúscairt), cibé acu mar gheall ar neamh-dhócmhainneacht nó ar aon chúis eile,
(B) ar a rachaidh duine údaraithe, is comhlacht corpraithe, faoi leachtú, cibé acu go deonach nó ar shlí eile, nó
(C) ar a scoirfidh duine údaraithe de bheith ina dhuine inchánach nó ina dhuine cláraithe, ar a bhfaighidh sé bás nó ar a ndéanfar féimheach de.
(II) Maidir le duine inchánach lena mbaineann an fhomhír seo, measfar mír (a) a bheith comhlíonta aige i ndáil le haon tréimhse inchánach (nó cuid de thréimhse inchánach) is cuid den tréimhse chuntasaíochta a bhí i bhfeidhm maidir leis ar an dáta lena mbaineann clásal (I) den fhomhír seo, má thugann sé don Ard-Bhailitheoir an tuairisceán a shonraítear i bhfomhír (ii) (II) agus má chuireann sé chuig an Ard-Bhailitheoir sin, an tráth céanna, an méid cánach is iníoctha aige chun críocha na fomhíre sin ionann is dá mba dhuine údaraithe é ar chríochnaigh a thréimhse chuntasaíochta ar an lá deiridh den tréimhse inchánach ar tharla an foirceannadh lena linn:
Ar choinníoll go measfar, maidir le hionadaí pearsanta duine a bhí ina dhuine údaraithe, gurb é an duine inchánach lena mbaineann é.”.
Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.
59.—Leasaítear leis seo alt 20 (3) (arna leasú le hAcht 1978) den Phríomh-Acht, i mír (a), trí “go mbeidh duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú i dteideal, maidir le hearraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear amhlaidh a sholáthar don duine sin, go n-aisíocfar leis” a chur in ionad “go mbeidh teideal ag duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar don duine sin de chineál a shonraítear amhlaidh go n-aisíocfar leis”, agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go mbeidh duine a chomhlíonann chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim cibé coinníollacha a shonrófar san ordú i dteideal, maidir le hearraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear amhlaidh a sholáthar don duine sin, go n-aisíocfar leis cibé méid. mar a shonrófar san ordú, d'aon cháin a d'iompair nó a d'íoc sé maidir leis an soláthar sin is cáin nach bhfuil cáilithe i leith asbhaint faoi alt 12 agus a dhliteanas cánach á ríomh. |
Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.
60.—Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “, fho-alt (6) nó (7) d'alt 15 nó mhír (ia) den Séú Sceideal” a chur in ionad “nó fho-alt (6) nó (7) d'alt 15” i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
61.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (g) de mhír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987):
“(gg) bainisteoireacht gnóthais ar gnóthas comhinfheistíochta é de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1989, seachas seirbhísí a shonraítear i bhfomhír (g);”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (iii):
“(iii) seirbhísí gairmiúla liachta, seachas seirbhísí a shonraítear i mír (iiib), ach gan seirbhísí den chineál sin, arna soláthar i gcúrsa gnó a sheoladh arb éard é go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol, a chur san áireamh;”,
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iiia) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986):
“(iiib) seirbhísí gairmiúla déidliachta nó súil-liachta;”,
agus
(d) trí “i bhfomhír (g) nó (gg) de mhír (i)” a chur in ionad “i mír (i) (g)” i mír (ix).
Leasúar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
62.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí, “, spéaclaí ceartaitheacha ná lionsaí tadhaill ceartaitheacha” a chur isteach i ndiaidh “fiacla saorga” i bhfomhír (b) de mhír (xixa) (a cuireadh isteach leis an Ordú Cánach Breisluacha (Ráta a Laghdú) (Uimh. 5), 1981 (I.R. Uimh. 53 de 1981)).
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
63.—Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):
“(ia) gach saothar ealaíne arb é atá ann—
(a) péintéireacht, líníocht nó pastal, nó aon chumasc den chéanna, ar de láimh a rinneadh go hiomlán é, gan earraí monaraithe lámh-mhaisithe, ná pleananna agus líníochtaí chun críocha ailtireachta, innealtóireachta, tionsclaíochta, tráchtála nó topagrafaíochta, nó chun críocha dá samhail, a áireamh;
(b) liteagraf, greanadh nó prionta bunaidh, nó aon chumasc den chéanna, arna tháirgeadh go díreach ó chlocha liteagrafacha, ó phlátaí nó ó dhromchlaí greanta eile, agus atá déanta go hiomlán de láimh,
(c) dealbhóireacht nó dealbh bhunaidh, gan atáirgí olltairgthe ná saothair cheardaíochta de chineál tráchtála a áireamh, nó
(d) faoi réir agus de réir rialachán, ball troscáin, airgid, gloine nó poircealláin, cibé acu lámh-mhaisithe nó nach ea, a bheidh sonraithe sna rialacháin sin, i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur sine ná 100 bliain d'aois é, seachas earraí a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c);
(ib) lámhscríbhinní liteartha a mbeidh sé deimhnithe ag Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann gur lámhscríbhinní iad a bhfuil tábhacht mhór náisiúnta leo agus a bhfuil tábhacht leo ó thaobh an chultúir nó na healaíne de;”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ix):
“(ixa) spéaclaí ceartaitheacha agus lionsaí tadhaill ceartaitheacha, lena n-áirítear páirteanna den chéanna;”.
CUID IV
Dleachtanna Stampa
Tobhach ar bhainc.
64.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £12,000,000 a bhaint as an gcomhrann;
ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1988, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;
ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 20ú lá d'Eanáir, 1988, an 17ú lá d'Fheabhra, 1988, an 31ú lá de Mhárta, 1988, an 20ú lá d'Aibreán, 1988, an 18ú lá de Bhealtaine, 1988, an 30ú lá de Mheitheamh, 1988, an 20ú lá d'Iúil, 1988, an 17ú lá de Lúnasa, 1988, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1988, an 19ú lá de Dheireadh Fómhair, 1988, an 16ú lá de Shamhain, 1988, agus an 31ú lá de Nollaig, 1988;
ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2, i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint ó chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.
(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1989, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:
(a) 0.31 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £120,000,000, agus
(b) 0.423 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £120,000,000:
Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £120,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.31 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.
(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 13ú lá de Mheán Fómhair, 1989, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.
(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.
Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim).
65.—Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina bhfaigheann Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart ar bith eile thar an talamh nó thar an uisce nó ina leith.
Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa (An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t.).
66.—(1) Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon chomhaontú nó ionstraim eile a dhéanfar chun airleacan airgid ag an nGníomhaireacht chuig údaráis tithíochta a urrú, nó i ndáil leis an urrú sin.
(2) San alt seo—
ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t., an comhlacht ar a dtugtaí an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe roimhe seo;
ciallaíonn “údarás tithíochta” údarás tithíochta de réir bhrí Acht na dTithe, 1966.
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1ú lá de Shamhain, 1986, nó dá éis.
Leasú ar alt 27 den Stamp Duties Management Act,1891.
67.—Leasaítear leis seo alt 27 den Stamp Duties Management Act, 1891—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “die”:
“The expression ‘die’ includes any plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any other means whatsoever, used by or under the direction of the Commissioners for expressing or denoting any duty, or rate of duty or the fact that any duty or rate of duty or penalty has been paid or that an instrument is duly stamped or is not chargeable with any duty or for denoting any fee, and also any part or combination of any such plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any such other means:”;
(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “stamp”:
“The expression ‘stamp’ means—
(a) any stamp, image, type, mark, seal, impression, imprint or perforation, whatsoever, impressed by means of a die, or
(b) any receipt in whatever form issued by or under the direction of the Commissioners, or
(c) an adhesive stamp issued by or under the direction of the Commissioners,
for denoting any duty or fee:”;
(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar an bhfocal “stamped”:
“The expression ‘impressed’ includes any method of applying, producing or indicating a stamp on instruments or material by means of a die:”.
Leasú ar alt 122 den Stamp Act, 1891.
68.—Leasaítear leis seo alt 122 den Stamp Act, 1891—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar an bhfocal “stamp”:
“The expression ‘stamp’ means—
(a) any stamp, image, type, mark, seal, impression, imprint or perforation, whatsoever, impressed by means of a die, or
(b) any receipt in whatever form issued by or under the direction of the Commissioners, or
(c) an adhesive stamp issued by or under the direction of the Commissioners,
for denoting any duty or fee:”;
(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar an bhfocal “stamped”:
“The expression ‘die’ includes any plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any other means whatsoever, used by or under the direction of the Commissioners for expressing or denoting any duty, or rate of duty or the fact that any duty or rate of duty or penalty has been paid or that an instrument is duly stamped or is not chargeable with any duty or for denoting any fee, and also any part or combination of any such plate, type, tool, implement, apparatus, appliance, device, process and any such other means:
The expression ‘impressed’ includes any method of applying, producing or indicating a stamp on instruments or material by means of a die:”.
Leasú ar an Forgery Act, 1913.
69.—Leasaítear leis seo an Forgery Act, 1913—
(a) in alt 8 (2) (b), trí “(as amended by the Finance Act, 1989)” a chur isteach i ndiaidh “Stamp Duties Management Act, 1891”, agus
(b) in alt 18, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Notwithstanding subsection (1) of this section, the expressions ‘die’ and ‘stamp’, when used in this Act in relation to the Revenue Commissioners, have the same meanings, respectively, as are assigned to them by the Stamp Duties Management Act, 1891 (as amended by the Finance Act, 1989).”.
Faoiseamh ó dhleacht stampa aistrithe i gcás cuideachtaí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.
70.—(1) (a) Más rud é, i gcúrsa athchóiriú nó cónascadh bona fide ar chuideachtaí, is athchóiriú nó cónascadh atá de réir fhorálacha alt 31 den Acht Airgeadais, 1965, ach amháin nach bhfuil an chuideachta is aistrí cláraithe sa Stát ach go bhfuil sí cláraithe go cuí i mBallstát eile de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa—
(i) go bhfaighidh an chuideachta is aistrí an scairchaipiteal eisithe go léir de chuid cuideachta láithrí áirithe agus gurb é atá go hiomlán sa chomaoin i leith na fála eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láithreach mar mhalairt ar na scaireanna a shealbhaigh siad sa chuideachta láithreach, agus
(ii) go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir leis an gcuideachta láithreach áirithe agus leis an gcuideachta is aistrí, gur fochuideachtaí ar lán-úinéireacht de chuid na cuideachta sealbhaíochta céanna iad, ansin ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun na scaireanna a aistriú nó i ndáil leis an aistriú sin.
(b) San alt seo tá le “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachtaí” na bríonna céanna atá leo in Acht na gCuideachtaí, 1963.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 20ú lá de Nollaig, 1988, nó dá éis.
Leasú ar alt 44 (stoc áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1970.
71.—(1) Leasaítear leis seo alt 44 den Acht Airgeadais, 1970, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) San alt seo ciallaíonn ‘stoc'—
(a) aon stoc iasachta de chuid cuideachta atá cláraithe nó bunaithe sa Stát nó de chuid Bhord a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht den Oireachtas nó d'Oireachtas Shaorstát Éireann agus a bhfuil íoc an úis air ráthaithe ag an Aire Airgeadais, nó
(b) aon stoc iasachta de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais, Radio Telefís Éireann, Chorparáid an Chairde Tionscail c.p.t., Bhord Telecom Éireann nó Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t., nach bhfuil feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis.”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 27ú lá de Mheitheamh, 1988, nó dá éis.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.
72.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, faoin gceannteideal “LEASE”—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):
“(1) For any indefinite term or any term not exceeding 35 years: | |
Of any dwelling-house, part of a dwelling-house, or apartment at a rent not exceeding £6,000 per | |
annum ... ... ... ... | Exempt”, |
agus
(b) trí fhomhír (a) de mhír (2) a scriosadh.
CUID V
Cáin Fháltas Caipitiúil
Caibidil I
Ginearálta
Léiriú (Cuid V).
73.—Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.
Caibidil II
Comhshocraíochtaí maidir le Tuairisceáin agus Measúnachtaí
Tuairisceáin a sheachadadh.
74.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 36—
“36.—(1) San alt seo—
(a) d'ainneoin aon ní in ailt 6 agus 12—
(i) is tagairt do bhronntanas inchánach a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, tagairt do bhronntanas inchánach;
(ii) is tagairt d'oidhreacht inchánach a glacadh an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, tagairt d'oidhreacht inchánach; agus
(iii) folaíonn tagairt, seachas i bhfomhír (i), do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt d'oidhreacht nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh; agus
(b) folaíonn tagairt do dheontaí tagairt do chomharba.
(2) Aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35 (1), nó de bhua mhír (c) d'alt 107 den Acht Airgeadais, 1984, déanfaidh sé, laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (5)—
(a) tuairisceán iomlán fírinneach a sheachadadh ar na Coimisinéirí ar na nithe seo a leanas—
(i) gach bronntanas a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh ina leith;
(ii) an mhaoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas sin ar an dáta luachála;
(iii) meastachán ar mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála; agus
(iv) cibé sonraí is iomchuí maidir leis an measúnacht cánach i leith an bhronntanais sin;
(b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán sin maidir leis an méid cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an dáta luachála sin de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus
(c) méid na cánach sin a íoc go cuí.
(3) Ní mór forálacha fho-alt (2) (c) a chomhlíonadh—
(a) i gcás ina mbeidh an cháin atá dlite agus iníoctha i leith aon chuid den bhronntanas á híoc ina tráthchodanna faoi fhorálacha alt 43, trí na méideanna seo a leanas a íoc go cuí, eadhon—
(i) méid a mbeidh ar áireamh ann aon tráthchuid cánach a bhí dlite roimh nó ar dháta na measúnachta cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b); agus
(ii) aon tráthchodanna eile den cháin sin ar na dátaí dlite de réir an ailt sin;
(b) i gcás inarb é atá sa cháin atá dlite agus iníoctha cáin oidhreachta atá á híoc go hiomlán nó go páirteach trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais faoi fhorálacha alt 45—
(i) trí iarratas chun an cháin go léir, nó cuid di, a íoc tríd an aistriú sin, a sheachadadh ar na Coimisinéirí i dteannta an tuairisceáin;
(ii) trí aistriú na n-urrús chuig an Aire Airgeadais a chur i gcrích laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe ag na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn; agus
(iii) tríd an mbreis, más ann, a íoc go cuí, arb í an bhreis í atá ag méid na cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b), nó i mír (a) (i), ar aghaidhluach ainmniúil na n-urrús a thairgtear chun an cháin a íoc de réir fhorálacha fhomhír (i).
(4) Tá feidhm ag fo-alt (2) maidir le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984, agus maidir le haon bhronntanas eile, más rud é—
(a) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh roimh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982—
(i) gur mó luach inchánach an bhronntanais sin ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe, ar dháta an bhronntanais sin, maidir le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin;
(ii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais roimhe sin a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i bhfomhír (i) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh; nó
(iii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais roimhe sin a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is mó ná an méid a shronraítear i bhfomhír (i);
agus, sa mhír seo—
(I) aon tagairt do luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir folaíonn sí tagairt do luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir;
(II) tá le ‘bronntanas inchomhiomlánaithe’ agus le ‘luach inchomhiomlánaithe’ na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal;
(b) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh ar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, agus roimh an 26ú lá de Mhárta, 1984—
(i) gur mó luach inchánach an bhronntanais sin ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe, ar dháta an bhronntanais sin, maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais sin;
(ii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó aon diúscróir agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ó aon diúscróir ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i bhfomhír (i) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh; nó
(iii) go mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó aon diúscróir agus go méadaíonn sé, ar an gcaoi sin, luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir, arna gcomhiomlánú amhlaidh, a ghlac an deontaí sin ó aon diúscróir ó mhéid is mó ná an méid a shonraítear i bhfomhír (i);
(c) sa mhéid gur bronntanas inchánach é arna ghlacadh ar an 26ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, gur mó comhiomlán luachanna inchánach na mbronntanas inchánach go léir arna nglacadh ag an deontaí ar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, ná méid arb éard é 80 faoin gcéad den méid tairsí (mar a mhínítear sin sa Dara Sceideal) a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcáin ar an gcomhiomlán sin a ríomh; nó
(d) go gceanglaítear ar an deontaí nó, i gcás lena mbaineann alt 23 (1), ar an aistrí (de réir bhrí an ailt sin agus a mhéid dá bhforáiltear ann), le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh,
agus, chun críocha an fho-ailt seo, aon tagairt do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach folaíonn sí tagairt do chuid de bhronntanas nó do chuid de bhronntanas inchánach, de réir mar a bheidh.
(5) Chun críocha an ailt seo, is é an dáta iomchuí—
(a) an dáta luachála nó an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989, cibé acu is déanaí; nó
(b) i gcás ina gceanglaítear ar an deontaí nó, i gcás lena mbaineann alt 23 (1), ar an aistrí (de réir bhrí an ailt sin agus a mhéid dá bhforáiltear ann), le fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí, tuairisceán a sheachadadh, dáta an fhógra.
(6) Aon duine atá cuntasach in íoc cánach de bhua fho-alt (2) nó (9) d'alt 35 déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air, le fógra i scríbhinn, déanamh amhlaidh, forálacha mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh (ionann is dá mba dhuine é a bhí cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35 (1)) laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra.
(7) (a) Déanfaidh aon duine cuntasach, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é le fógra i scríbhinn, na nithe seo a leanas a sheachadadh ar na Coimisinéirí agus a fhíorú dóibh laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—
(i) ráiteas (ar fhoirm a sholáthróidh nó a cheadóidh siad, más cuí) ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann le haon mhaoin; agus
(ii) cibé fianaise a iarrfaidh siad,
is dóigh leo is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith an bhronntanais.
(b) Féadfaidh na Coimisinéirí duine a údarú chun iniúchadh a dhéanamh—
(i) ar aon mhaoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas; nó
(ii) ar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile, i cibé foirm ina mbeidh siad á stóráil, á gcothabháil nó á gcoinneáil, a bhaineann le haon mhaoin agus is dóigh leo is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith bronntanais,
agus ní mór don duine a mbeidh an mhaoin sin, nó na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid sin, ina choimeád nó ina sheilbh aige, a cheadú don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an t-iniúchadh sin a dhéanamh cibé tráthanna réasúnta is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.
(8) Féadfaidh na Coimisinéirí, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cuntasach—
(a) tuairisceán breise a sheachadadh orthu laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, más dealraitheach do na Coimisinéirí go bhfuil tuairisceán a thug an duine cuntasach sin lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní atá ann nó a fágadh ar lár as;
(b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán breise sin maidir leis an méid leasaithe cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbronntanas iomchuí, de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus
(c) an cháin a bheidh gan íoc, más ann, agus a mbeidh sé cuntasach inti maidir leis an mbronntanas sin, a íoc go cuí;
agus
(i) beidh feidhm ag ceanglais fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) d'fho-alt (2) (a) maidir le cibé tuairisceán breise a cheanglaítear a thabhairt de bhua mhír (a); agus
(ii) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (3) maidir le haon íocaíocht a cheanglaitear a dhéanamh de bhua mhír (c).
(9) I gcás fios a bheith ag aon duine cuntasach a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise, nó i gcás dó fios a fháil aon tráth, go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní atá ann nó a fágadh ar lár as, déanfaidh sé, gan iarratas ó na Coimisinéirí agus laistigh de thrí mhí ó fhios a fháil amhlaidh—
(a) tuairisceán breise a sheachadadh orthu;
(b) d'ainneoin fhorálacha alt 39, measúnacht a dhéanamh sa tuairisceán breise sin maidir leis an méid leasaithe cánach is cóir a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbronntanas iomchuí, de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé; agus
(c) an cháin a bheidh gan íoc, más ann, agus a mbeidh sé cuntasach inti maidir leis an mbronntanas sin, a íoc go cuí;
agus
(i) beidh feidhm ag ceanglais fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) d'fho-alt (2) (a) maidir le cibé tuairisceán breise a cheanglaítear a thabhairt de bhua mhír (a); agus
(ii) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (3) maidir le haon íocaíocht a cheanglaítear a dhéanamh de bhua mhír (c).
(10) Beidh ag gabháil leis an tuairisceán, agus íocfar le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí, aon mhéid cánach is iníoctha ag duine cuntasach i leith measúnachta cánach a bheidh déanta aige i dtuairisceán arna sheachadadh aige (seachas aon mhéid den cháin sin is iníoctha trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais faoi fhorálacha alt 45).
(11) Beidh ar áireamh in aon mheasúnacht nó íocaíocht cánach a dhéanfar faoi fhorálacha an ailt seo, aon ús ar an gcáin is iníoctha de réir fhorálacha alt 41.”.
Feidhm alt 39 (cáin a mheasúnú) den Phríomh-Acht.
75.—Ní choiscfidh aon ní in alt 36 den Phríomh-Acht na Coimisinéirí ar mheasúnacht cánach, measúnacht cheartaitheach cánach nó measúnacht bhreise cánach a dhéanamh faoi fhorálacha alt 39 den Acht sin.
Leasú ar alt 41 (cáin agus ús ar cháin a íoc), den Phríomh-Acht.
76.—(1) Leasaítear leis seo alt 41 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), ní bheidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de thrí mhí ón dáta luachála, agus i gcás cáin agus ús, más ann, uirthi a bheith íoctha laistigh de thríocha lá ó dháta na cánach sin a mheasúnú, ní rithfidh ús ar an gcáin sin ar feadh na tréimhse tríocha lá ó dháta na measúnachta ná ar feadh aon choda den tréimhse sin:
Ar choinníoll, i ndáil le measúnacht cánach a bheidh déanta ag duine cuntasach i dtuairisceán a sheachaid sé, nach mbeidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de cheithre mhí ón dáta luachála.”.
(2) Déileálfar le híocaíocht cánach ó dhuine cuntasach mar íocaíocht ar cuntas cánach chun críocha alt 41 den Phríomh-Acht, d'ainneoin an íocaíocht a bheith coinníollach nó an mheasúnacht cánach a bheith mícheart.
Leasú ar alt 63 (pionóis) den Phríomh-Acht.
77.—Leasaítear leis seo alt 63 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) (a) Aon duine a sháróidh aon cheanglas nó foráil faoi alt 36, nó a mhainneoidh déanamh dá réir, dlífear pionós £2,000 a chur air.
(b) I gcás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt, ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £25 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine lena mbaineann.”,
(b) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” i bhfo-alt (2),
(c) trí “£5,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (3), agus
(d) trí “£1,000” a chur in ionad “£250” i bhfo-alt (7).
Leasú ar alt 107 (feidhm an Phríomh-Achta) den Acht Airgeadais, 1984.
78.—Leasaítear leis seo alt 107 den Acht Airgeadais, 1984—
(a) trí mhír (e) a scriosadh, agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g):
“(g) ní bheidh feidhm ag ailt 35 (1), 40, 45 agus 57 den Phríomh-Acht, ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.”.
Formhuirear maidir le gearrluacháil maoine.
79.—(1) Más rud é—
(a) go seachadfaidh duine cuntasach tuairisceán, agus
(b) go mbeidh an meastachán de mhargadhluach aon sócmhainne atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht agus atá sa tuairisceán sin, arna lua mar chéatadán de luach fionnta na sócmhainne sin, laistigh d'aon cheann de na céatadáin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo,
ansin déanfar méid na cánach is inchurtha i leith na maoine arb í an tsócmhainn sin í a mhéadú de shuim (dá ngairtear an “formhuirear” anseo feasta san alt seo) is comhionann leis an gcéatadán comhfhreagrach, atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin os coinne na gcéatadán iomchuí sa cholún sin (1), den mhéid sin cánach.
(2) Beidh ús iníoctha, faoi fhorálacha alt 41 den Phríomh-Acht, ar aon fhormhuirear ionann is dá mba cháin an formhuirear, agus beidh an formhuirear agus aon ús air inmhuirearaithe agus inghnóthaithe ionann is dá mba chuid den cháin an formhuirear agus an t-ús sin.
(3) Aon duine arb éagóir leis formhuirear a bheith forchurtha air faoin alt seo i leith aon sócmhainne féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ó mhéid an fhormhuirir sin a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne an formhuirear sin a fhorchur ar na forais, agus ar na forais amháin, go raibh, ag féachaint do na himthosca uile, forais leordhóthanacha ann ar a bhféadfadh sé le réasún a mheastachán de mhargadhluach na sócmhainne a bhunú.
(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a rinneadh chucu faoi fho-alt (3) a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnachta cánach, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha alt 52 den Phríomh-Acht a bhaineann le hachomharc, nó le hathéisteacht achomhairc, nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.
(5) San alt seo ciallaíonn “luach fionnta” an margadhluach faoi réir cirt achomhairc faoi alt 51 nó alt 52 den Phríomh-Acht.
AN TÁBLA | |
An meastachán de mhargadhluach na sócmhainne sa tuairisceán, arna lua mar chéatadán de luach fionnta na sócmhainne sin | Formhuirear |
(1) | (2) |
Ar comhionann le, nó níos mó ná, 0 faoin gcéad ach níos lú ná 40 faoin gcéad | 30 faoin gcéad |
Ar comhionann le, nó níos mó ná, 40 faoin gcéad ach níos lú ná 50 faoin gcéad | 20 faoin gcéad |
Ar comhionann le, nó níos mó ná, 50 faoin gcéad ach níos lú ná 67 faoin gcéad | 10 faoin gcéad |
Caibidil III
Ilghnéitheach
Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.
80.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—
(a) sa mhíniú ar “leanbh” i bhfo-alt (1), trí “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988” a chur in ionad “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974”, gach áit a bhfuil sé, agus
(b) i bhfo-alt (5), trí “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988” a chur in ionad “na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974” sa dá áit a bhfuil sé.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 26ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.
Leathnú ar alt 35 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.
81.—(1) I gcás oidhreacht arna glacadh ar nó roimh dháta báis an diúscróra, beidh an diúscróir freisin ina dhuine atá cuntasach in íoc aon mhéid den cháin a ndéantar na daoine dá dtagraítear in alt 35 (1) den Phríomh-Acht cuntasach go príomha ann, agus, faoi réir fho-alt (2), beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) (b) den Acht sin an diúscróir sin:
Ar choinníoll nach mbeidh an diúscróir, sa chás sin, cuntasach amhlaidh i gcás inar dháta roimh an lú lá de Bhealtaine, 1989, dáta na diúscartha.
(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) agus (9) d'alt 35 den Phríomh-Acht maidir le diúscróir atá cuntasach in íoc cánach faoi fho-alt (1).
Leasú ar alt 37 (síniú tuairisceán, etc.) den Phríomh-Acht.
82.—Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) (a) Aon tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadfar faoin Acht seo—
(i) is ar fhoirm a bheidh soláthraithe nó ceadaithe ag an Coimisinéirí a thabharfar é, nó
(ii) ach amháin i gcás lena mbaineann fo-alt (2) ach i gcás ina bhfuil feidhm ag fó-alt (3), beidh sé i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí agus a sheachadfar trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe acu agus sin in imthosca ina mbeidh sé ceadaithe acu an próiseas sin a úsáid agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad.
(b) Is ar fhoirm a bheidh soláthraithe nó ceadaithe ag na Coimisinéirí a thabharfar mionnscríbhinn, mionnscríbhinn bhreise, cuntas nó cuntas breise a sheachadfar faoin Acht seo.”.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
83.—(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 9:
“9. (1) Sa mhír seo—
ciallaíonn ‘cuideachta’ cuideachta—
(a) is cuideachta thrádála phríobháideach de réir na brí a shanntar le halt 16 (2); agus
(b) is cuideachta den sórt sin, don tréimhse iomchuí—
(i) atá faoi rialú an diúscróra; agus
(ii) ar stiúrthóir uirthi an diúscróir;
ciallaíonn ‘cuideachta atá faoi rialú an diúscróra’ cuideachta atá faoi rialú ag aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá—
(a) an diúscróir,
(b) ainmnithe an diúscróra,
(c) iontaobhaithe socraíochta arna déanamh ag an diúscróir;
forléireofar ‘rialú', i ndáil le cuideachta, de réir alt 16 (4) (b);
tá le ‘ainmní’ an bhrí chéanna atá leis in alt 16;
ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí'—
(a) an tréimhse cúig bliana dar críoch dáta na diúscartha; nó
(b) más rud é, ar dháta na diúscartha,
(i) go bhfuil leas seilbhe—
(I) sa mhaoin dá dtagraítear i bhfomhír (2) (a), nó
(II) sna scaireanna dá dtagraítear i bhfomhír (2) (b),
de réir mar a bheidh, teoranta don diúscróir faoin diúscairt, agus
(ii) nach é atá sa mhaoin sin, nó sna scaireanna sin, maoin arb éard í an chuid iomchuí de mhaoin, de réir bhrí alt 5 (5), ar a muirearaítear nó ar a n-urraítear blianacht nó ceart bliantúil eile a bheidh teoranta chun foirceannadh ar an diúscróir d'fháil bháis,
an tréimhse cúig bliana dar críoch an tráth a mbeidh deireadh leis an leas sin,
faoi réir, i ndáil le hobair, tréimhsí réasúnacha saoire bliantúla nó breoiteachta a bheith eiscthe ón tréimhse cúig bliana sin.
(2) D'fhonn an cháin a ríomh is iníoctha ar bhronntanas nó oidhreacht, measfar gaol linbh a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir in aon chás inar leanbh le deartháir an diúscróra, nó le deirfiúr an diúscróra, an deontaí nó an comharba, agus—
(a) gur oibrigh an deontaí nó an comharba go substainteach ar bhonn lánaimseartha don diúscróir ar feadh na tréimhse iomchuí ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, trádáil, gnó nó gairm an diúscróra, agus gurb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht maoin a úsáideadh i ndáil leis an ngnó, leis an trádáil nó leis an ngairm sin; nó
(b) gur oibrigh an deontaí nó an comharba go substainteach ar bhonn lánaimseartha do chuideachta ar feadh na tréimhse iomchuí ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, trádáil, gnó nó gairm na cuideachta, agus gurb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht scaireanna sa chuideachta sin.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), ní mheasfar go bhfuil deontaí nó comharba ag obair go substainteach ar bhonn lánaimseartha do dhiúscróir nó do chuideachta mura rud é—
(a) i gcás inarb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht maoin a úsáideadh i ndáil le gnó, trádáil nó gairm an diúscróra, go n-oibríonn an deontaí nó an comharba—
(i) ar feadh breis agus 24 uaire an chloig sa tseachtain don diúscróir, in áit ina seoltar an gnó, an trádáil nó an ghairm sin; nó
(ii) ar feadh breis agus 15 uaire an chloig sa tseachtain don diúscróir, in áit ina seoltar an gnó, an trádáil nó an ghairm sin, agus go bhfuil an gnó, an trádáil nó an ghairm sin á seoladh go heisiatach ag an diúscróir, ag aon chéile de chuid an diúscróra agus ag an deontaí nó comharba;
nó
(b) i gcás inarb é atá sa bhronntanas nó san oidhreacht scaireanna sa chuideachta, go n-oibríonn an deontaí nó an comharba—
(i) ar feadh breis agus 24 uaire an chloig sa tseachtain don chuideachta, in áit ina seoltar gnó, trádáil nó gairm na cuideachta; nó
(ii) ar feadh breis agus 15 uaire an chloig don chuideachta, in áit ina seoltar gnó, trádáil nó gairm na cuideachta, agus go bhfuil an gnó, an trádáil nó an ghairm sin á seoladh go heisiatach ag an diúscróir, ag aon chéile de chuid an diúscróra agus ag an deontaí nó comharba.
(4) Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacann deontaí nó comharba faoi iontaobhas lánroghnach.”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an lú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis.
Leasú ar alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985.
84.—Leasaítear leis seo alt 60 den Acht Airgeadais, 1985, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) San alt seo ciallaíonn ‘árachaí’ pearsa aonair nó, i ndáil le polasaí árachais cáilitheach i gcás—
(a) gurb é atá san árachaí, ar an dáta a gcuirtear an polasaí i gcrích, pearsa aonair agus céile na pearsan aonair sin;
(b) go n-íocann ceachtar acu, nó an bheirt acu, préimheanna bliantúla le linn á gcomhshaol, agus go n-íocann an marthanóir iad le linn saol an mharthanóra sin; agus
(c) go mbeidh fáltais an pholasaí iníoctha ar an marthanóir sin d'fháil bháis, nó ar an dá chéile sin d'fháil bháis go comhuaineach,
ciallaíonn sé—
(i) i gcás fáltais an pholasaí a bheith iníoctha amhlaidh ar an marthanóir sin d'fháil bháis, an marthanóir sin, agus measfar fáltais an pholasaí a bheith curtha ar fáil ag an marthanóir sin, mar dhiúscróir; nó
(ii) i gcás fáltais an pholasaí a bheith iníoctha amhlaidh ar an dá chéile sin d'fháil bháis go comhuaineach, gach céile acu, agus measfar fáltais an pholasaí a bheith curtha ar fáil ag gach céile acu sin—
(I) a mhéid a bheidh na fáltais sin curtha chun feidhme chun cáin iomchuí an árachaí, arb é an céile sin é, a íoc, agus
(II) i gcás nach gcuirtear fáltais an pholasaí chun feidhme chun cáin iomchuí a íoc, a mhéid a bheidh na fáltais, nach gcuirtear chun feidhme amhlaidh, ar áireamh in oidhreacht a ghlactar faoi dhiúscairt arna déanamh ag an gcéile sin.”.
Gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe a bheith díolmhaithe.
85.—(1) San alt seó tá le “gnóthas comhinfheistíochta sonraithe” agus “aonad” na bríonna faoi seach atá leo in alt 18.
(2) I gcás go mbeidh aon aonad de chuid gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht, ansin—
(a) beidh an t-aonad sin díolmhaithe ó cháin, agus
(b) ní chuirfear an t-aonad sin i gcuntas nuar a bheidh cáin á ríomh ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba,
más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí—
(i) go bhfuil an t-aonad ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht—
(I) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus
(II) ar an dáta luachála;
(ii) gurb amhlaidh, ar dháta na diúscartha—
(I) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí ar an diúscróir sa Stát; nó
(II) nach é dlí an Stáit dlí cuí na diúscartha;
agus
(iii) nach bhfuil, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, sainchónaí ná gnáthchónaí ar an deontaí nó ar an gcomharba sa Stát.
(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar ar dháta an Achta seo a rith nó ar dháta dá éis.
CUID VI
Frithsheachaint
Idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint.
86.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “na hAchtanna”—
(i) na hAchtanna Cánach,
(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,
(iii) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,
(iv) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,
(v) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin, agus
(vi) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa,
agus aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna;
ciallaíonn “gnó” aon trádáil, gairm nó slí bheatha;
ciallaíonn “fógra tuairime” fógra arna thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi fhorálacha fho-alt (6);
ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear a chuirtear, de réir fhorálacha na nAchtanna, faoi chúram agus bainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim, agus aon ús, pionós nó méid eile is iníoctha de bhun na bhforálacha sin;
ciallaíonn “buntáiste cánach”—
(i) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, lena n-áiritear aon mhuirear nó measúnacht féideartha nó ionchasach, nó
(ii) aisíocaíocht nó íocaíocht méid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine, lena n-áirítear aon mhéid féideartha nó ionchasach is inaisíoctha nó is iníoctha amhlaidh,
a éiríonn de bharr nó de thoradh idirbhirt, lena n-áirítear idirbheart i gcás nach ndéanfaí idirbheart eile a ghabháil de láimh nó a shocrú chun na torthaí, nó aon chuid de na torthaí, a bhaint amach a baineadh amach nó a bheartaítear a bhaint amach de bharr an idirbhirt;
tá le “idirbheart seachanta cánach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);
ciallaíonn “iarmhairtí cánach”, i ndáil le hidirbheart seachanta cánach, cibé coigeartuithe agus gníomhartha a fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh de bhun fho-alt (5) d'fhonn an buntáiste cánach a thig de thairbhe an idirbhirt seachanta cánach a tharraingt siar nó a dhiúltú;
ciallaíonn “idirbheart”—
(i) aon idirbheart, gníomh, bealach gníomhaithe, bealach iompair, scéim, plean nó togra, agus
(ii) aon chomhaontú, comhshocraíocht, comhthuiscint, geallúint nó gealltanas, cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad infheidhmithe, nó ceaptha a bheith infheidhmithe, le himeachtaí dlí, agus
(iii) aon sraith nó cumasc de na himthosca dá dtagraítear i míreanna (i) agus (ii),
arna dhéanamh nó arna shocrú ag duine amháin, nó ag dhá dhuine nó níos mó—
(I) bíodh nó ná bíodh siad ag gníomhú de chomhbheart, nó
(II) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar é, nó a shocraítear nó nach socraítear é, go hiomlán nó go páirteach lasmuigh den Stát, nó
(III) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar é, nó a shocraítear nó nach socraítear é, mar chuid d'idirbheart níos mó, nó i gcomhar le haon idirbheart nó idirbhearta eile.
(b) I bhfo-ailt (2) agus (3), chun críocha éisteacht nó athéisteacht a thabhairt faoi fho-alt (8) d'achomharc arna dhéanamh faoi fho-alt (7) nó chun cinneadh a dhéanamh ar cheist dlí a éiríonn de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air, déanfar na tagairtí do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí do na Coimisinéirí Achomhairc nó do bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó, a mhéid is gá sin, do bhreitheamh den Ard-Chúirt, de réir mar is cuí.
(2) Chun críocha an ailt seo agus faoi réir fho-alt (3), is “idirbheart seachanta cánach” idirbheart más rud é, ag féachaint d'aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá—
(a) torthaí an idirbhirt,
(b) mar a úsáideadh é chun na torthaí sin a bhaint amach, agus
(c) aon mhodh eile trína bhféadfaí na torthaí nó aon chuid de na torthaí a bhaint amach,
go dtagann na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim—
(i) go n-eascraíonn nó, murach an t-alt seo go n-eascródh, buntáiste cánach dá bharr, agus
(ii) nach ndearnadh nó nár socraíodh an t-idirbheart go príomha chun críocha seachas chun go n-eascródh buntáiste cánach dá bharr,
agus aon tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim do theacht ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart forléireofar iad mar thagairtí do na Coimisinéirí sin do theacht ar thuairim maidir leis an idirbheart de réir fhorálacha an fho-ailt seo.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fhorálacha fho-alt (2), le linn dóibh teacht ar thuairim, de réir an fho-ailt sin agus fho-alt (4), maidir le cibé acu an idirbheart seachanta cánach idirbheart nó nach ea, ní mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart más deimhin leo—
(a) d'ainneoin go bhféadfaí cuspóir nó cuspóirí an idirbhirt a bhaint amach trí idirbheart éigin eile a bheadh ina bhun le méid is mó cánach a bheith iníoctha ag an duine—
(i) go ndearna nó gur shocraigh duine an t-idirbheart le hionchas, go díreach nó go neamhdhíreach, brabúis a réadú i gcúrsa na ngníomhaíochtaí gnó de ghnó a sheolann an duine, agus
(ii) nach ndearnadh nó nár socraíodh an t-idirbheart go príomha chun go n-eascródh buntáiste cánach dá bharr,
nó
(b) go ndearnadh nó gur socraíodh an t-idirbheart d'fhonn tairbhe a bhaint as aon fhaoiseamh, liúntas nó lacáiste eile a chuirtear ar fáil le haon fhoráil de chuid na nAchtanna agus nach mbeadh de thoradh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar an idirbheart go mbainfí drochúsáid nó mí-úsáid as an bhforáil ag féachaint do na cuspóirí dár cuireadh ar fáil í:
Ar choinníoll go mbeidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim, le linn dóibh bheith ag teacht mar a dúradh ar thuairim i ndáil le haon idirbheart, ar na nithe seo a leanas—
(I) foirm an idirbhirt sin,
(II) substaint an idirbhirt sin,
(III) substaint aon idirbhirt nó idirbheart eile a bhféadfaí a mheas le réasún baint nó ceangal, díreach nó neamhdhíreach, a bheith ag an idirbheart sin leis nó leo, agus
(IV) críoch agus toradh deiridh an idirbhirt sin agus aon chumaisc de na hidirbhearta eile sin a bhfuil baint nó ceangal acu amhlaidh.
(4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tráth ar bith, i ndáil le haon idirbheart—
(a) teacht ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart,
(b) an buntáiste cánach is dóigh leo a eascraíonn, nó a d'eascródh murach an t-alt seo, de bharr an idirbhirt, a ríomh,
(c) na hiarmhairtí cánach is dóigh leo a d'eascródh i leith an idirbhirt, dá dtiocfadh a dtuairim chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte de réir fho-alt (5) (e), a chinneadh, agus
(d) méid aon fhaoisimh ó chánachas dúbailte, a bheartóidís a thabhairt d'aon duine de réir fhorálacha fho-alt (5) (c), a ríomh.
(5) (a) I gcás ina dtiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte féadfaidh siad, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, na coigeartuithe agus na gníomhartha sin go léir a dhéanamh atá cóir agus réasúnach (sa mhéid go mbeidh na coigeartuithe agus na gníomhartha sin sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime arna thabhairt faoi fho-alt (6) agus faoi réir an chaoi ar cinneadh go críochnaitheach aon achomharc a rinneadh faoi fho-alt (7) i gcoinne aon ní a sonraíodh nó a tuairiscíodh san fhógra tuairime, lena n-áirítear aon choigeartuithe agus gníomhartha nach raibh sonraithe nó tuairiscithe amhlaidh san fhógra tuairime ach ar cuid iad de chinneadh críochnaitheach ar aon achomharc den chineál a dúradh) ionas go ndéanfar an buntáiste cánach atá mar thoradh ar idirbheart seachanta cánach a tharraingt siar ó aon duine lena mbaineann nó a dhiúltú dó.
(b) Faoi réir mhír (a), ach gan dochar do ghinearáltacht na míre sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim—
(i) ceadú nó dícheadú a dhéanamh, go hiomlán nó go páirteach, ar aon asbhaint nó méid eile atá ábhartha chun an cháin is iníoctha, nó aon chuid den chéanna, a ríomh,
(ii) aon asbhaint, caillteanas, lacáiste, faoiseamh, liúntas, díolúine, ioncam nó méid eile, nó aon chuid den chéanna, a leithroinnt ar dhuine nó a dhiúltú dó, nó
(iii) cineál aon íocaíochta nó méid eile a athaicmiú chun críocha cánach.
(c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon choigeartú nó aon ghníomh chun críocha mhír (a), tabharfaidh siad faoiseamh ó aon chánachas dúbailte is dóigh leo a d'eascródh, murach an mhír seo, de bhua aon choigeartaithe nó gnímh arna dhéanamh acu de bhun na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.
(d) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, más rud é—
(i) de bhun fho-alt (4) (c), go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim na hiarmhairtí cánach is dóigh leo a d'eascródh i leith idirbhirt dá dtiocfadh an tuairim atá acu, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, agus
(ii) de bhun an chinnidh sin, go sonróidh siad nó go dtuairisceoidh siad, i bhfógra tuairime, aon choigeartú nó gníomh is dóigh leo a bheadh mar iarmhairtí cánach air sin nó a bheadh mar chuid de na hiarmhairtí sin,
ansin, sa mhéid go raibh aon cheart achomhairc ann faoi fho-alt (7) i gcoinne aon choigeartaithe nó gnímh den sórt sin arna shonrú nó arna thuairisciú amhlaidh, ní bheidh aon cheart achomhairc, ná ceart eile achomhairc, ann faoi na hAchtanna i gcoinne an choigeartaithe nó an ghnímh sin an tráth a dhéanfar é de réir fhorálacha an fho-ailt seo ná i gcoinne aon choigeartaithe nó gnímh arna dhéanamh amhlaidh nach mbeidh sonraithe nó tuairiscithe amhlaidh san fhógra tuairime ach ar cuid é den chinneadh críochnaitheach ar aon achomharc a rinneadh faoin bhfo-alt sin (7) i gcoinne aon ní a bhí sonraithe nó tuairiscithe san fhógra tuairime.
(e) Chun críocha an fho-ailt seo beidh tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte—
(i) más rud é, laistigh den teorainn ama a thugtar, nach ndéanfar aon achomharc faoi fho-alt (7) i gcoinne aon ní nó nithe a bheidh sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra nó i bhfógraí tuairime a bheidh tugtha de bhun na tuairime sin, nó
(ii) amhail mar a bheidh agus nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta ar na hachomhairc go léir a rinneadh faoin bhfo-alt sin (7) i gcoinne aon ní nó nithe den sórt sin agus i gcás nach ndearnadh aon cheann de na hachomhairc a chinneadh amhlaidh trí ordú á ordú go bhfuil tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a deir gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, ar neamhní.
(6) (a) Más rud é, de bhun fho-ailt (2) agus (4), go dtiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, déanfaidh siad láithreach air sin fógra i scríbhinn faoin tuairim a thabhairt d'aon duine a ndéanfaí buntáiste cánach a tharraingt siar uaidh, nó buntáiste cánach a dhiúltú dó, nó faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt dó, dá dtiocfadh an tuairim chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, agus sonrófar nó tuairisceofar san fhógra—
(i) an t-idirbheart ar idirbheart seachanta cánach é i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim,
(ii) an buntáiste cánach, nó an chuid den chéanna, arna ríomh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a tharraingeofaí siar ón duine dá dtugtar an fógra, nó a dhiúltófaí dó,
(iii) iarmhairtí cánach an idirbhirt arna gcinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim, sa mhéid go mbainfeadh siad leis an duine, agus
(iv) méid aon fhaoisimh ó chánachas dúbailte, arna ríomh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a bheartóidís a thabhairt don duine de réir fho-alt (5) (c).
(b) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, chun críocha fógra arna thabhairt faoin bhfo-alt seo, nó faoi fho-alt (10), ionann is dá mba fhógra é arna thabhairt faoin Acht sin.
(7) Aon duine arb éagóir leis tuairim ar ar tháinig na Coimisinéirí Ioncaim, nó, sa mhéid go mbaineann sé leis an duine, ríomh nó cinneadh arna dhéanamh acu, de bhun fho-alt (4), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra tuairime, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar na forais seo a leanas agus, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, ar na forais seo a leanas amháin, eadhon, gurb amhlaidh, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear aon fhíoras nó ní nach raibh ar eolas ag na Coimisinéirí Ioncaim nuair a tháinig siad ar a dtuairim nó nuair a rinne siad a ríomh nó a gcinneadh, agus ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo—
(a) nach idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó
(b) go bhfuil méid an bhuntáiste cánach, nó méid na coda de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, arb é an méid é a tharraingeofaí siar ón duine nó a dhiúltófaí dó, mícheart, nó
(c) nach mbeadh na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó cibé cuid de na hiarmhairtí sin a bheidh sonraithe nó tuairiscithe ag an achomharcóir san fhógra achomhairc, cóir ná réasúnach d'fhonn an buntáiste cánach, nó an chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a tharraingt siar nó a dhiúltú, nó
(d) nach leor nó nach ceart méid an fhaoisimh ó chánachas dúbailte a bheartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt don duine.
(8) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a rinneadh chucu faoi fho-alt (7) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (9), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí:
Ar choinníoll, ar an achomharc a éisteacht nó a athéisteacht—
(a) nach dleathach aon fhorais eile achomhairc a ardú seachas na forais a shonraítear i bhfo-alt (7), agus
(b) má bhíonn dhá achomharc nó níos mó déanta ag dhá dhuine nó níos mó de bhun na tuairime céanna, an ríomha chéanna nó an chinnidh chéanna ar ar tháinig na Coimisinéirí Ioncaim, nó a rinne siad, de bhun fho-alt (4), go bhféadfar, ar na hachomharcóirí dá iarraidh sin, na hachomhairc sin a éisteacht nó a athéisteacht le chéile.
(9) (a) Le linn dóibh achomharc a rinneadh faoi fho-alt (7) a éisteacht, beidh aird ag na Coimisinéirí Achomhairc ar na nithe go léir a bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó a bhfuil ceangal orthu, aird a bheith acu orthu faoi fhorálacha an ailt seo agus—
(i) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é,—
(I) más dóigh leo, nó le tromlach díobh, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó aon chuid den idirbheart sin, trína ordú gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó
(II) más dóigh leo, nó le tromlach díobh, faoi réir cibé leasú nó breisiú a dhéanamh air sin a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an tromlach sin díobh, is gá agus a shonróidh nó a thuairisceoidh siad, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, nó aon chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, trína ordú go ndéanfar an t-idirbheart, nó an chuid sin de, a leasú nó a bhreisiú amhlaidh agus, faoi réir an leasaithe nó an bhreisithe, gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó
(III) mura dóigh leo, nó le tromlach díobh, amhail mar a shonraítear i gclásal (I) nó (II), trína ordú go bhfuil an tuairim ar neamhní,
nó
(ii) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar méid an bhuntáiste cánach, nó méid na coda de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, a mhéadú nó a laghdú de cibé méid a ordóidh siad, nó gur bailí don mhéid sin,
nó
(iii) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a athrú nó a bhreisiú ar cibé caoi a ordóidh siad, nó gur bailí do na hiarmhairtí sin,
nó
(iv) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar méid an fhaoisimh ó chánachas dúbailte a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a mhéadú nó a laghdú de cibé méid a ordóidh siad, nó gur bailí don mhéid sin.
(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus, a mhéid is gá sin, maidir leis an Ard-Chúirt do chinneadh aon cheist nó ceisteanna dlí a éireoidh de bharr cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air.
(10) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, aon ní a bheidh sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime a leasú, a bhreisiú nó a tharraingt siar trí fhógra (dá ngairtear an “fógra leasúcháin” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i scríbhinn faoin leasú, faoin mbreisiú nó faoin tarraingt siar a thabhairt do gach uile dhuine dá ndéanann sé difear, sa mhéid go ndéantar difear don duine amhlaidh, agus beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ar gach caoi ionann is dá mba fhógra tuairime an fógra leasúcháin agus ionann is dá mbeadh aon ní atá sonraithe nó tuairiscithe san fhógra leasúcháin sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime:
Ar choinníoll nach féidir aon leasú, breisiú nó tarraingt siar den sórt sin a dhéanamh d'fhonn aon ní a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, an tráth ar cinneadh achomharc a rinneadh i ndáil leis an ní sin faoi fho-alt (7), a chur ar ceal nó a athrú.
(11) Más rud é, de bhun fho-ailt (2) agus (4), go dtiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart agus, de bhun na tuairime sin, go mbeidh fógraí le tabhairt faoi fho-alt (6) do dhá dhuine nó níos mó, aon oibleagáid a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a choinneáil nó aon srian eile a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim maidir le nochtadh faisnéise, ní bheidh feidhm aici nó aige maidir leis na fógraí a thabhairt mar a dúradh ná maidir le haon ghníomhartha a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh, ná maidir le haon ghníomh a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon ghníomh nó feidhm i ndáil le hachomharc arna dhéanamh faoi fho-alt (7), a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach leis na gníomhartha nó na feidhmeanna a údaraítear amhlaidh.
(12) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear teacht ar thuairim, a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'oifigeach a bheidh ainmnithe amhlaidh.
(13) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéanfar nó ina socrófar an t-idirbheart go léir, nó aon chuid den idirbheart, ar an 25ú lá-d'Eanáir, 1989, nó dá éis, agus maidir le haon idirbheart a bheidh déanta nó socraithe go hiomlán roimh an dáta sin sa mhéid go n-eascraíonn nó, murach an t-alt seo, go n-eascródh, dá bharr—
(a) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, nó cuid den chéanna, má eascraíonn an muirear nó an mheasúnacht de bhua aon idirbhirt eile a sheolfar go hiomlán ar dháta, nó tar éis dáta, nó
(b) aisíocaíocht nó íocaíocht de mhéid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, nó cuid den chéanna, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine i gcás go dtiocfadh an méid sin, nó an méadú sin ar an méid, chun bheith inaisíoctha nó iníoctha amhlaidh i gcéaduair, thairis sin, leis an duine ar dháta,
is dáta nach bhféadfadh bheith níos luaithe ná an 25ú lá sin d'Eanáir, 1989, de réir mar a bheidh.
Leasú ar alt 33 (daoine bainteacha) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
87.—Leasaítear leis seo alt 33 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(5A) (a) I gcás ina ndiúscróidh duine sócmhainn chuig duine eile in imthosca a fhágann—
(i) go mbeadh feidhm murach an fo-alt seo ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5) chun margadhluach na sócmhainne a chinneadh, agus
(ii) nach bhfuil cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar an duine faoi alt 4 maidir le haon ghnóchan a fhabhraíonn as diúscairt na sócmhainne aige,
ansin, maidir le haon diúscairt dá éis sin a dhéanfaidh an duine eile ar an tsócmhainn, measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuair an duine eile sin an tsócmhainn ar mhéid ab ionann agus margadhluach na sócmhainne arna chinneadh ionann is dá mba nár achtaíodh an coinníoll sin a ghabhann le fo-alt (5).
(b) Maidir leis an bhfo-alt seo—
(i) beidh feidhm aige maidir le diúscairtí a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis, agus
(ii) beidh éifeacht leis chun cinneadh a dhéanamh maidir le haon asbhaint atá le déanamh as gnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn, an 25ú lá d'Eanáir, 1989 nó dá éis, i leith caillteanais inlamhála, d'ainneoin gur fhabhraigh an caillteanas nó, murach an t-alt seo, go bhfabhródh an caillteanas, as diúscairt a rinneadh roimh an lá sin.”.
Scéimeanna chun dliteanas cánach faoi Sceideal F a sheachaint.
88.—(1) Is alt é seo chun cur i gcoinne aon scéime nó comhshocraíochta a dhéanfaidh nó a shocróidh dlúthchuideachta, nó ar páirtí inti an dlúthchuideachta, is scéim nó comhshocraíocht arb é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, atá léi a áirithiú go seachnóidh nó go laghdóidh aon scairshealbhóir sa dlúthchuideachta muirear nó measúnacht cánach ioncaim faoi Sceideal F trí aon mhéid a chomhshó ina fháltas caipitiúil de chuid an scairshealbhóra, ar méid é a bheadh ar fáil thairis sin lena dháileadh ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir ar mhodh díbhinne.
(2) Faoi réir fho-alt (6), beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta ag scairshealbhóir más rud é, tar éis na diúscartha nó tar éis aon scéim nó comhshocraíocht a sheoladh ar cuid di an diúscairt, nach mbeidh laghdú suntasach ar leas an scairshealbhóra in aon trádáil nó gnó (dá ngairtear an “gnó sonraithe” anseo feasta san alt seo) a bhí á sheoladh ag an dlúthchuideachta tráth na diúscartha, bíodh nó ná bíodh an gnó sonraithe á sheoladh fós ag an dlúthchuideachta i ndiaidh na diúscartha.
(3) Faoi réir fho-alt (4) agus d'ainneoin fho-alt (1) d'alt 84 d'Acht 1976 nó aon fhorála de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, déanfar—
(a) méid na bhfáltas, in airgead nó i luach airgid nó iontu araon, a bheidh faighte ag scairshealbhóir as diúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta lena mbaineann an t-alt seo, nó
(b) más lú í ná na fáltais sin, an bhreis a bheidh ag na fáltais sin ar aon chomaoin—
(i) is comaoin nua arna fáil ag an dlúthchuideachta as na scaireanna sin a eisiúint, agus
(ii) is comaoin nach mbeidh curtha i gcuntas roimhe sin chun críocha an fho-ailt seo,
a áireamh, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, mar dháileadh (de réir bhrí Acht 1976) arna dhéanamh, tráth na diúscartha, ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir.
(4) (a) Maidir leis an méid is féidir, tráth ar bith, a áireamh faoi fho-alt (3) mar dháileadh arna dhéanamh ag dlúthchuideachta ar scairshealbhóir i ndáil le haon diúscairt scaireanna sa dlúthchuideachta, ní mó é ná méid an fháltais chaipitiúil, nó comhiomlán mhéideanna na bhfáltas caipitiúil, a bheidh faighte an tráth sin ag an scairshealbhóir—
(i) i leith na diúscartha, nó
(ii) mar gheall ar aon ghníomh a dhéanamh de bhun scéime nó comhshocraíochta ar cuid di an diúscairt:
Ar choinníoll—
(I) má fhaigheann scairshealbhóir fáltas caipitiúil tráth ar bith ar an diúscairt a dhéanamh nó dá éis, go mbeidh de thoradh air sin, maidir leis an tráth sin, go n-áireofar mar dháileadh (arna dhéanamh ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir tráth na diúscartha) cibé cion den mhéid a luaitear i bhfo-alt (3) nach mó ná méid an fháltais chaipitiúil, nó comhiomlán mhéideanna na bhfáltas caipitiúil sin, a bheidh faighte ag an scairshealbhóir an tráth sin ar an diúscairt a dhéanamh nó dá éis, agus
(II) más rud é, de bharr fáltas caipitiúil a bheith faighte ag scairshealbhóir, go measfar dáileadh a bheith déanta ag dlúthchuideachta air faoi fho-alt (3), go mbeidh feidhm, chun críocha na cánach a bheidh dlite i leith an dáilte sin, ag aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hús ar cháin neamhíoctha, ionann is dá mba nach raibh an cháin dlite agus iníoctha ach ón lá a bhfuair an scairshealbhóir an fáltas caipitiúil.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ciallaíonn “fáltas caipitiúil”, de réir mar is cuí sna himthosca, aon mhéid airgid nó luacha airgid, nó díobh araon (seachas scaireanna arna n-eisiúint ag dlúthchuideachta a sheolann an gnó sonraithe) ar méid é—
(i) a fhaigheann scairshealbhóir i leith diúscairt scaireanna nó mar gheall ar aon ghníomh a dhéanamh de bhun scéime nó comhshocraíochta ar cuid di an diúscairt, agus
(ii) nach bhfuíl, ar leith ón alt seo, cáin ioncaim inmhuirearaithe air i lámha an scairshealbhóra.
(5) D'ainneoin fhorálacha alt 88 (1) d'Acht 1976, i gcás ina n-áireofar faoin alt seo dáileadh a bheith faighte ó dhlúthchuideachta ag scairshealbhóir sa dlúthchuideachta sin, ní bheidh an scairshealbhóir i dteideal creidmheas cánach a fháil i leith an dáilte ach amháin a mhéid a bheidh luathcháin chorparáide íoctha ag an dlúthchuideachta i leith an dáilte de réir Chaibidil VII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1983:
Ar choinníoll, i gcás go mbeadh méid nó méid breise luathchánach corparáide íoctha ag dlúthchuideachta i leith dáilte mura mbeadh feidhmiú fhorálacha alt 41 den Acht Airgeadais, 1983, sin, go n-áireofar ansin an méid sin nó an méid breise sin luathchánach corparáide a bheith íoctha ag an dlúthchuideachta i leith an dáilte sin chun críocha an fho-ailt seo.
(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le scairshealbhóir do dhiúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta má shuitear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc a éisteacht nó a athéisteacht, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc, nó an bhreithimh den Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, go ndearnadh an diúscairt ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.
(7) (a) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “achomharc” achomharc arna dhéanamh de bhun fhorálacha alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
tá le “dlúthchuideachta” an bhrí chéanna atá leis, de bhíthin ailt 94 agus 95 d'Acht 1976, chun críocha an Achta sin;
forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975;
tá le “comaoin nua” an bhrí a shanntar dó le halt 87 d'Acht 1976;
folaíonn “scaireanna” stoc iasachta, bintiúir agus aon leas nó cearta i scaireanna, i stoc iasachta nó i mbintiúir nó tharstu, nó aon rogha i ndáil leo, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “scairshealbhóir”.
(b) (i) Chun críocha an ailt seo, beidh diúscairt scaireanna ag scairshealbhóir ann má dhiúscraíonn an scairshealbhóir scaireanna nó má mheastar, faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, scaireanna a bheith diúscartha aige, agus folóidh tagairtí do dhiúscairt scaireanna tagairtí do scaireanna a pháirtdiúscairt de réir bhrí na nAchtanna sin.
(ii) Más rud é, faoi aon chomhshocraíocht idir dlúthchuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chéadluaite” anseo feasta san fhomhír seo) agus a scairshealbhóirí nó cuid dá scairshealbhóirí (ar comhshocraíocht ar bith í atá ar aon dul le comhshocraíocht arna déanamh chun críocha scéime athchóiriúcháin nó cónasctha, nó i ndáil le scéim den sórt sin), go n-eiseoidh dlúthchuideachta eile scaireanna chuig na scairshealbhóirí sin i leith a gcuid sealbhán scaireanna sa chuideachta chéadluaite, nó i gcomhréir (nó, a mhéid is féidir é, i gcomhréir) leis na sealbháin sin, ach go gcoinneoidh na scairshealbhóirí na scaireanna sa chuideachta chéadluaite, nó go gcealófar na scaireanna sin, ansin, chun críocha an ailt seo, áireofar diúscairt, nó páirtdiúscairt, de réir mar a bheidh, a bheith á déanamh ag na scairshealbhóirí sin ar na scaireanna sa chuideachta chéadluaite mar mhalairt ar na scaireanna sin atá á sealbhú acu de thoradh na comhshocraíochta sin.
(c) Chun críocha an ailt seo, níl laghdú suntasach ar leas scairshealbhóra i dtrádáil nó i ngnó tar éis scaireanna a dhiúscairt nó tar éis scéim nó comhshocraíocht, ar cuid di an diúscairt, a sheoladh más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin, tráth ar bith tar éis na diúscartha, nach mbeidh an céatadán—
(i) de ghnáth-scairchaipiteal na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin atá faoi úinéireacht thairbhiúil ag an scairshealbhóir an tráth sin, nó
(ii) d'aon bhrabúis, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais, de chuid na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin a mbeidh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige an tráth sin, nó
(iii) d'aon sócmhainní, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais tráth foirceanta, de chuid na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin a mbeadh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige an tráth sin ar an dlúthchuideachta d'fhoirceannadh,
níos lú, go suntasach, ná an céatadán den ghnáth-scairchaipiteal sin, de na brabúis sin nó de na sócmhainní sin, de réir mar a bheidh, de chuid na dlúthchuideachta a sheol an trádáil nó an gnó tráth ar bith roimh an diúscairt—
(I) a bhí faoi úinéireacht thairbhiúil ag an scairshealbhóir, nó
(II) a raibh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige,
an tráth sin roimh an diúscairt, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag ailt 109 go 111 agus alt 114 d'Acht 1976, ach sin gan féachaint d'alt 107 (7) d'Acht 1976 sa mhéid go mbaineann sé leis na hailt sin, maidir le cinneadh a dhéanamh, chun críocha na míre seo, ar an gcéatadán de scairchaipiteal, nó de mhéid eile, a bheidh faoi úinéireacht thairbhiúil ag scairshealbhóir nó a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuige, amhail mar atá feidhm acu maidir le cinneadh a dhéanamh chun críocha Chuid XI d'Acht 1976 ar an gcéatadán d'aon mhéid den sórt sin a bheidh faoi úinéireacht amhlaidh ag cuideachta nó a mbeidh teideal amhlaidh ag cuideachta chuige.
(d) Chun críocha an ailt seo is é luach aon mhéid a gheofar i luach airgid margadhluach an luacha airgid an tráth a gheofar é.
(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon diúscairt scaireanna a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis.
Íocaíochtaí bliantúla ar chomaoin neamhinchánach.
89.—(1) Leasaítear leis seo alt 433 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le haon ús bliantúil airgid, blianacht, nó íocaíocht bhliantúil eile a íocfar an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, trí na focail “ní dhéanfar aon mheasúnacht ar an duine a bheidh i dteideal an leasa, an blianachta, nó na híocaíochta bliantúla sin, ach” i bhfo-alt (1) a scriosadh, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) I gcás inarb iníoctha, go hiomlán, as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach aon ús bliantúil airgid, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile (cibé acu is iníoctha é sa Stát nó lasmuigh de, mar mhuirear ar aon mhaoin de chuid an duine a bheidh ag íoc an chéanna de bhua aon ghníomhais nó uachta nó eile, nó mar fhorcoimeád as, nó mar fhiach nó oibleagáid phearsanta de bhua aon chonartha, nó cibé acu is iníoctha é go leathbhliantúil nó i gceann aon tréimhsí níos giorra nó níos faide), déanfar iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach ar an duine a bheidh faoi dhliteanas an úis, na blianachta nó na híocaíochta bliantúla, gan an céanna a idirdhealú, agus an duine a bheidh faoi dhliteanas an íocaíocht sin a dhéanamh, cibé acu as na brabúis nó na gnóchain a muirearaíodh i leith cánach nó as aon íocaíocht bhliantúil a bheidh faoi dhliteanas asbhainte, nó a ndearnadh asbhaint aisti beidh sé i dteideal, ar an íocaíocht sin a dhéanamh, suim a asbhaint agus a choinneáil aisti in ionannas mhéid na cánach air de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a bhí an íocaíocht sin ag faibhriú chun bheith dlite. Déanfaidh an duine ar leis a dhéanfar an íocaíocht sin cibé asbhaint a lamháil ar iarmhar an chéanna a fháil, agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint sin saortha agus urscaoilte ó cibé méid airgid dá n-ionannaíonn an asbhaint, ionann agus dá mbeadh an tsuim sin íoctha iarbhír. |
(2) (a) Maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an fo-alt seo—
(i) déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti,
(ii) ní lamhálfar mar asbhaint í le linn ioncam nó ioncam iomlán an duine a dhéanann í a bheith á ríomh, agus
(iii) ní muirear ar ioncam a bheidh inti chun críocha cánach corparáide.
(b) Baineann an fo-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, arb é atá inti—
(i) blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile ar a muirearaítear cáin faoi Chás III de Sceideal D, seachas—
(I) ús,
(II) blianacht arna deonú i ngnáthchúrsa gnó deonaithe blianachtaí, nó
(III) íocaíocht arna déanamh le pearsa aonair faoi dhliteanas a tabhaíodh i gcomaoin é do ghéilleadh, do shannadh nó d'urscaoileadh leasa i maoin shocraithe do dhuine, nó i bhfabhar duine, a bhfuil leas iardain aige,
agus
(ii) íocaíocht arna déanamh faoi dhliteanas a tabhaíodh ar chomaoin in airgead nó i luach airgid, i gcás nach gceanglaítear an chomaoin sin go léir nó aon chuid di a chur i gcuntas le linn ioncam an duine a dhéanann an íocaíocht a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide.
Comhshocraíochtaí a laghdaíonn luach scaireanna cuideachta.
90.—(1) San alt seo—
folaíonn “comhshocraíocht”—
(a) aon ghníomh nó neamhghníomh ag duine nó ag iontaobhaithe diúscartha;
(b) aon ghníomh nó neamhghníomh ag aon duine a bhfuil leas aige i scaireanna i gcuideachta;
(c) rith rúin ag aon chuideachta; nó
(d) aon chumasc gníomhartha, neamhghníomhartha nó rún dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c);
ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir na brí a shanntar le halt 16 (2) den Phríomh-Act;
tá le “cuideachta faoi rialú deontaí nó comharba” an bhrí chéanna a shanntar do “cuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba” le halt 16 den Phríomh-Act;
folaíonn “teagmhas”—
(a) bás; agus
(b) tréimhse shonraithe a bheith caite;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976;
ciallaíonn “scaireanna gaolmhara” na scaireanna i gcuideachta a ndéantar a margadhluach a mhéadú de bharr aon chomhshocraíochta: tá le “iontaobhas gaolmhar” an bhrí a shanntar dó le fo-ailt (2) agus (4);
ciallaíonn “méid sonraithe” méid is ionann agus an difríocht eatarthu seo a leanas, eadhon—
(a) margadhluach na scaireanna i gcuideachta díreach roimh chomhshocraíocht a dhéanamh, arna fhionnadh faoi fhorálacha alt 16 nó 17 den Phríomh-Acht ionann is dá mba scair i gcuideachta faoi rialú deontaí nó comharba gach scair acu; agus
(b) margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht a dhéanamh, arna fhionnadh faoi fhorálacha alt 15 den Phríomh-Acht,
agus measfar an méid sonraithe sin a bheith suite san áit ina bhfuil an chuideachta corpraithe.
(2) Más rud é—
(a) go bhfuil leas iomlán seilbhe ag duine i scaireanna i gcuideachta; agus
(b) go mbeidh de thoradh ar aon chomhshocraíocht gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,
ansin, beidh cáin iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba é a bhí i méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin, tairbhe arna glacadh, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ón duine sin, mar dhiúscróir—
(i) ag úinéirí tairbhiúla na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin; agus
(ii) sa mhéid go mbeidh na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin á sealbhú ar iontaobhas (dá ngairtear an “iontaobhas gaolmhar” san alt seo) agus nach bhfuil aon úinéirí tairbhiúla infhionnta acu, ag an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar sin ionann is dá mba é an diúscróir sin úinéir tairbhiúil iomlán na scaireanna gaolmhara sin díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh,
sa chomhréir chéanna ina ndéanfar margadhluach na scaireanna gaol mhara atá, nó a mheastar a bheith, ar úinéireacht thairbhiúil acu, a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin.
(3) Más rud é—
(a) go mbeidh leas i maoin teoranta, de bharr na diúscartha a bhunaíonn é, le scor ar teagmhas tarlú;
(b) díreach roimh chomhshocraíocht a dhéanamh lena mbaineann mír (c), go mbeidh scaireanna i gcuideachta ar áireamh sa mhaoin; agus
(c) go mbeidh de thoradh ar an gcomhshocraíocht gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,
ansin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt sin ar gach caoi—
(i) i gcás inar leas seilbhe an leas i maoin, ionann is dá mbeadh méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin ar áireamh sa mhaoin sin;
(ii) i gcás nach leas seilbhe an leas i maoin, ionann is dá mba leas seilbhe é agus ionann is dá mbeadh méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin ar áireamh sa mhaoin sin; agus
(iii) ionann is dá mbeadh an teagmhas, a raibh an leas teoranta faoin diúscairt le scor ar é do tharlú, tar éis tarlú, go feadh an méid shonraithe, díreach roimh an gcomhshocraíocht sin a dhéanamh.
(4) Más rud é—
(a) díreach roimh chomhshocraíocht lena mbaineann mír (b) a dhéanamh, go mbeidh scaireanna i gcuideachta faoi réir iontaobhais lánroghnaigh faoi réim nó de dhroim aon diúscartha; agus
(b) go mbeidh de thoradh ar an gcomhshocraíocht go leanfaidh na scaireanna sin, nó maoin in ionannas do na scaireanna sin, de bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh sin ach gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,
ansin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt sin ar gach caoi ionann is dá mba é a bhí i méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin, tairbhe arna glacadh, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh—
(i) ag úinéirí tairbhiúla na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin; agus
(ii) sa mhéid go mbeidh na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin á sealbhú ar iontaobhas (dá ngairtear an “iontaobhas gaolmhar” san alt seo) agus nach bhfuil aon úinéirí tairbhiúla infhionnta acu, ag an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar sin ionann is dá mba é an diúscróir sin úinéir tairbhiúil iomlán na scaireanna gaolmhara sin díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh,
sa chomhréir chéanna ina ndéanfar margadhluach na scaireanna gaolmhara atá, nó a mheastar a bheith, ar úinéireacht thairbhiúil acu, a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin.
(5) Ní dochar forálacha fho-ailt (2), (3) agus (4) d'aon mhuirear cánach maidir le haon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoi aon diúscairt arna déanamh an tráth a dhéanfar comhshocraíocht dá dtagraítear sna fo-ailt sin, nó aon tráth dá éis, is bronntanas nó oidhreacht arb é atá ann nó inti scaireanna i gcuideachta nó maoin in ionannas do scaireanna den sórt sin.
(6) Más rud é, maidir le scaireanna i gcuideachta atá á sealbhú ar iontaobhas faoi dhiúscairt arna déanamh ag aon diúscróir, gur scaireanna gaolmhara iad de bharr aon chomhshocraíochta dá dtagraítear san alt seo, ansin aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoin diúscairt an tráth a dhéanfar an chomhshocraíocht nó aon tráth dá éis, arb é atá ann nó inti na scaireanna gaolmhara sin nó maoin in ionannas do na scaireanna gaolmhara sin, measfar gur ón diúscróir sin a ghlactar é nó í.
(7) I ndáil leis an gcáin a bheidh dlite agus iníoctha maidir le haon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoi fhorálacha mhír (ii) d'fho-alt (2) nó mhír (ii) d'fho-alt (4), agus d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta—
(a) ní duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach sin an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar; agus
(b) aon duine is iontaobhaí, de thuras na huaire, ar an iontaobhas gaolmhar lena mbaineann, amhail ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta dá éis sin, beidh sé cuntasach go príomha amhlaidh.
(8) Aon duine atá cuntasach in íoc cánach maidir le haon mhéid sonraithe, nó chuid de mhéid sonraithe, arna ghlacadh mar bhronntanas nó oidhreacht faoin alt seo, beidh an chumhacht aige, chun an cháin a íoc nó chun méid na cánach a chruinniú nuair a bheidh sí íoctha, agus bíodh nó ná bíodh na scaireanna gaolmhara dílsithe dó, méid na cánach sin, mar aon le haon ús agus caiteachais a bheidh íoctha nó tabhaithe go cuí aige ina leith, a chruinniú trí na scaireanna gaolmhara sa chuideachta iomchuí a dhíol nó a mhorgáistiú nó trí mhuirear infhoirceanta ar na scaireanna sin.
(9) Beidh an cháin a bheidh dlite agus iníoctha, maidir le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach a ghlacfar faoin alt seo, ina muirear, agus fanfaidh sí ina muirear, ar na scaireanna gaolmhara sa chuideachta iomchuí.
(10) I gcás scaireanna gaolmhara a bheith faoi réir iontaobhais lánroghnaigh díreach tar éis comhshocraíocht a dhéanamh de réir fhorálacha an ailt seo, beidh an méid dá ndéanfar margadhluach na scaireanna sin a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin ina mhaoin chun críocha muirir chánach a éireoidh de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984.
(11) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacfar de thoradh comhshocraíochta a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis.
CUID VII
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
91.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1988” alt 67 den Acht Airgeadais, 1988;
ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1988 ach “£44,924,133” a chur in ionad “£44,807,298”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1988 ach “£34,009,980” a chur in ionad “£34,439,900”.
(4) Déanfar suim £48,206,431 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989.
(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £37,052,550 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Lamháltais cánach do thiománaithe míchumasaithe, etc.
92.—(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon achtachán, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus leis an Aire Comhshaoil, rialacháin a dhéanamh ina ndéanfar socrú—
(a) maidir leis an dleacht máil agus an cháin bhreisluacha a aisíoc, agus an cháin bhóthair a loghadh, i gcás mótarfheithicle arna húsáid, agus
(b) maidir leis an dleacht máil a aisíoc i ndáil le hola hidreacarbóin arna húsáid, lena dó in innill feithiclí a bheidh sonraithe sna rialacháin,
ag duine atá míchumasaithe go trom agus go buan—
(i) mar thiománaí, i gcás gur míthreoir de chineál í a fhágann nach bhféadfadh an duine áirithe aon fheithicil a thiomáint mura mbeadh sí déanta nó oiriúnaithe go speisialta chun an mhíthreoir sin a chur san áireamh, nó
(ii) mar phaisinéir, i gcás an fheithicil a bheith déanta nó oiriúnaithe go speisialta chun míthreoir an phaisinéara a chur san áireamh, agus, i gcás an fheithicil a bheith oiriúnaithe, nach lú costas an oiriúnaithe sin ná 30 faoin gcéad de luach na feithicle gan cáin agus dleacht máil a áireamh, nó cibé céatadán is lú ná sin i leith cásanna áirithe a bheidh sonraithe le rialacháin i ndáil le haisíoc aon chánach a bhaineann le costais oiriúnaithe agus leo sin amháin.
(2) Socrófar i rialacháin faoin alt seo—
(a) na critéir chun bheith cáilithe chun an loghadh cánacha a shonraítear i bhfo-alt (1) a fháil, lena n-áirítear cibé critéir bhreise liachta i ndáil le míchumais a mheasfar is gá,
(b) faoi réir fho-alt (3) (b), na nósanna imeachta a úsáidfear i ndáil le bundeimhniúchán liachta duine mhíchumasaithe agus le hachomhairc i gcoinne deimhniúcháin den sórt sin,
(c) na nósanna imeachta i ndáil le deimhniúchán feithiclí lena mbaineann na rialacháin,
(d) an méid cánach breisluacha agus dleachta máil is inaisíoctha i leith feithicle lena mbaineann na rialacháin,
(e) an inneallmhéid nó na hinneallmhéideanna uasta lena mbaineann na rialacháin,
(f) na teorainneacha atá le minicíocht athnuachana feithicle chun aisíoc cánach nó dleachta máil a fháil, agus
(g) i gcás an tiománaí lena mbaineann, fianaise gur dá úsáid phearsanta féin an fheithicil agus fianaise maidir lena chumas tiomána,
agus féadfar socrú a dhéanamh sna rialacháin maidir le cibé nithe eile is dóigh leis an Aire Airgeadais is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don alt seo.
(3) (a) Ar theacht i ngníomh den chéad uair do rialacháin faoin alt seo, scoirfidh alt 43 (1) den Acht Airgeadais, 1968, d'éifeacht a bheith leis.
(b) Aon duine a bhí, ar dháta rite an Achta seo, ina úinéir cláraithe ar mhótarfheithicil, is mótarfheithicil a raibh an duine sin i dteideal aisíoc cánach nó dleachta máil a fháil ina leith, agus a raibh sé tar éis í a fháil ina leith, faoi threoir alt 43 (1) den Acht Airgeadais, 1968, measfar gur duine é a bhfuil bundeimhniú liachta aige a thugann teideal dó, faoi réir na ceanglais neamhliachta atá leagtha amach sna rialacháin a bheith comhlíonta, aisíoc cánach nó dleachta máil dá samhail a fháil faoi threoir an ailt seo.
(4) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis na rialacháin a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “lia-chleachtóir” lia-chleachtóir a bheidh cláraithe faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;
ciallaíonn “bundeimhniúchán liachta” deimhniúchán liachta ag liachleachtóir is sealbhóir poist i mbord sláinte, arb é an post é ar a dtugtar de ghnáth Stiúrthóir Aireachais Phobail agus Dochtúir Oifigiúil Sláinte, sa cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine lena mbaineann an deimhniúchán, agus forléireofar “bundeimhniú liachta” dá réir sin.
Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis a fhoirceannadh.
93.—Féadfaidh an tAire, le hordú, dáta a ainmniú ar a bhfoirceannfar Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis agus ar an dáta sin—
(a) scoirfidh an Ciste sin de bheith ar marthain,
(b) déanfar na hiarmhéideanna a bheidh chun creidmheasa Chúlchuntas Colna agus Chúl-chuntas Úis an Chiste sin a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla agus cuirfear chun feidhme iad chun an phríomhshuim agus an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc, agus
(c) scoirfidh alt 34 den Acht Airgid, 1929, agus alt 17 den Acht Airgeadais, 1943, d'éifeacht a bheith leo.
Muirearú caiteachas a tabhaíodh i ndáil le bainisteoireacht duaisbhannaí.
94.—(1) (a) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956—
(i) i bhfo-alt (2), trí “agus lena mbainisteoireacht” a chur isteach i ndiaidh “lena n-eisiúint”, agus
(ii) trí fho-alt (4) a scriosadh,
agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(b) Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Airgeadais, 1958, trí fho-alt (1) a scriosadh.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1990.
AN TÁBLA |
(2) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis príomhshuim duaisbhannaí, na duaiseanna ina leith agus an caiteachas faoina raghfar i ndáil lena n-eisiúint agus lena mbainisteoireacht. |
Urrúis de chuid Radio Telefís Éireann agus Chorparáid an Chairde Tionscail c.p.t.
95.—(1) Leasaítear leis seo Cuid XXXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 467A:
“467B.—(1) Aon bhintiúir, stoc bintiúir, bannaí, nótaí, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis arna n-eisiúint tar éis dháta rite an Achta Airgeadais, 1989, ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.
(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, le linn méid brabús nó gnóchan cuideachta lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh chun críocha measúnachta faoi Sceideal D, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, ar stoc bintiúir, ar bhannaí, ar nótaí, ar dheimhnithe muirir nó ar fhoirmeacha eile urrúis a bheidh, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466 arna chur chun feidhme leis an alt seo, íoctha ag an gcuideachta gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin.
(3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Radio Telefís Éireann agus Corparáid an Chairde Tionscail c. p. t.”,
agus
(b) trí “467B,” a chur isteach i ndiaidh “467A,” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988) in alt 474 (1), agus tá an t-alt sin 474 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar arb iníoctha ús gan cáin ioncaim a asbhaint de bhua ordaithe ón Aire Airgeadais de bhun alt 467, 467A, 467B, 471, 472 nó 473 nó alt 59 den Acht Airgeadais, 1970, nó alt 92 den Acht Airgeadais, 1973. |
(2) Leasaítear leis seo alt 19 (d) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, trí “Radio Telefís Éireann, Corparáid an Chairde Tionscail c.p.t.,” a chur isteach i ndiaidh “Bord Soláthair an Leictreachais,”, agus tá an t-alt sin 19 (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(d) bintiúir, stoc bintiúir, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis a d'eisigh Bord Soláthair an Leictreachais, Radio Telefís Éireann, Corparáid an Chairde Tionscail c.p.t., Bord Telecom Éireann, Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t., Córas Iompair Éireann, Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta, Bord na Móna, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta. |
Comhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le Bord Telecom Éireann.
96.—Na híocaíochtaí (is íocaíochtaí de bhua comhaontú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 100 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983, agus faoi fho-alt (1) d'alt 68 den Acht Airgeadais, 1985) a rinne Bord Telecom Éireann leis an Aire Airgeadais ar mhodh réamhíocaíochtaí airgid ab iníoctha faoin alt sin 100, agus ar shuim £208,127,767 a bhí iontu, measfar gur íocaíochtaí faoin alt sin iad.
Ciste Bhanc Taisce an Phoist.
97.—Leasaítear leis seo alt 17 den Customs, Inland Revenue, and Savings Banks Act, 1877, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad na míre a bhfuil an uimhir (1.) léi:
“(1.) An account in the form of a balance sheet as at the thirty-first day of December, showing assets, liabilities and the accumulated reserve of the Post Office Savings Bank Fund, with notes thereto which shall include (where appropriate) particulars of interest accrued in respect of the securities standing to the credit of that Fund and of the interest paid and credited to depositors in pursuance of any enactment relating to the Post Office Savings Bank, and a note further thereto of the expenses incurred in the execution of those enactments.”.
Urrúis de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
98.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 92 den Acht Airgeadais, 1973, trí “ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa,” a chur isteach i ndiaidh “sa Stát”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984, trí “ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa,” a chur isteach i ndiaidh “an Aire Airgeadais,”, agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó le haon chineál eile urrúis arna eisiúint sa Stát ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ag an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta. (a) sa Stát, le ceadú an Aire Airgeadais, ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ag an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta mar atá feidhm leis i ndáil leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (a) den alt sin, agus |
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna.
99.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (cé is moite den dleacht máil ar cheadúnais tiomána) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
100.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1989, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I agus VII (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, a ghairm díobh le chéile.
(5) Déanfar Cuid IV agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) Cuid VII a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(6) Déanfar Cuid V agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) Cuid VII a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1989, agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983.
(8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1989.
(9) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas ailt 54, 55, 56 (a) agus 58 go 63, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1989, glacfaidh míreanna (a) agus (d) d'alt 61 agus alt 63 (a) éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1989, agus glacfaidh míreanna (b) agus (c) d'alt 61 agus ailt 62 agus 63 (b) éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1989.
(10) Tiocfaidh Caibidil II de Chuid V i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1989.
(11) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile forléireofar í, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(12) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(13) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Cuntas a Thabhairt ar Cháin, agus Íoc Cánach, a Asbhaintear ó Íocaíochtaí Iomchuí agus ó Ioncam Iomchuí Neamhdháilte
Tráth agus modh íoca
1. (1) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, beidh éifeacht leis an mír seo chun rialáil a dhéanamh ar an tráth agus ar an modh a dtabharfar cuntas ar cháin, agus a n-íocfar cáin, a asbhainfear de réir fhorálacha alt 18 (5).
(2) Le héifeacht ón 5ú lá d'Aibreán, 1990, ní mór do ghnóthas comhinfheistíochta, nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 15 lá ón 5ú lá d'Aibreán gach bliain, maidir leis na méideanna go léir ar ceanglaíodh air, de bharr alt 18 (5), cáin a asbhaint uathu sa bhliain dar chríoch an dáta sin agus maidir le méid na cánach cuí a ceanglaíodh air a asbhaint ó na méideanna sin.
(3) An cháin chuí a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite agus iníoctha an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an gnóthas comhinfheistíochta leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an ngnóthas comhinfheistíochta gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar an cháin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an ngnóthas comhinfheistíochta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid den cháin sin, íoctha ar nó roimh an dáta dlite.
(4) Más dealraitheach don chigire go bhfuil méid cánach cuí ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire míshásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an ngnóthas comhinfheistíochta go feadh a bhreithiúnais; agus aon mhéid cánach cuí a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua na fomhíre seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.
(5) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh dá thoradh sin ar an ngnóthas comhinfheistíochta nó ar aon duine eile, agus do na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.
(6) (a) Beidh aon cháin chuí a mheasúnófar ar ghnóthas comhinfheistíochta faoin Sceideal seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin dlite níos luaithe ná sin faoi fhomhír (3)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoin bhfomhír sin (3), agus
(b) tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin Sceideal seo a chinneadh, aisíocfar aon cháin chuí a ró-íocadh.
(7) (a) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—
(i) le measúnachtaí cánach ioncaim,
(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus
(iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,
beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin chuí a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.
(b) Aon mhéid cánach cuí is iníoctha de réir an Sceidil seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.
(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le hús is iníoctha faoi chlásal (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.
(d) Le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith á fheidhmiú ar aon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir an Sceidil seo, beidh éifeacht leis an alt sin ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1), agus fo-ailt (2) agus (2A), a fhágáil ar lár.
(e) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le haon cháin chuí a mhuirearófar le measúnacht a dhéanfar de réir an Sceidil seo.
(8) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán ceart iomlán an tuairisceán.
Ráiteas a bheidh le tabhairt an tráth a dhéanfar íocaíocht iomchuí
2. I gcás ina ndéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta, seachas gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, íocaíocht iomchuí óna mbeidh an cháin chuí inasbhainte de réir alt 18 (5), nó óna mbeadh sí inasbhainte amhlaidh mura mbeadh forálacha mhíreanna (a) agus (b) den mhíniú ar an gcáin chuí atá in alt 18 (1), tabharfaidh sé don sealbhóir aonad lena ndéantar an íocaíocht iomchuí ráiteas ina dtaispeánfar—
(a) méid na híocaíochta iomchuí,
(b) an méid arb éard é comhiomlán na cánach cuí a asbhaineadh ón íocaíocht iomchuí agus aon mhéid nó méideanna a asbhaineadh de bhun fhorálacha na míreanna sin (a) agus (b) le linn bheith ag cinneadh na cánach cuí nó, más rud é, mar gheall ar na forálacha sin, nach raibh aon cháin chuí le hasbhaint ó mhéid na híocaíochta iomchuí, comhiomlán na méideanna dá dtagraítear sna forálacha sin sa mhéid go mbaineann siad leis an íocaíocht iomchuí,
(c) glanmhéid na híocaíochta iomchuí,
(d) dáta na híocaíochta iomchuí, agus
(e) cibé faisnéis eile faoin íocaíocht iomchuí is gá chun gur féidir an méid ceart cánach, más ann, is iníoctha ag an sealbhóir aonad, nó is inaisíoctha leis, i ndáil leis an íocaíocht iomchuí, a chinneadh.
Pionóis
3. (1) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1989, mír 1 (2) den Chéad Sceideal” a chur isteach i gcolún 2, agus
(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1989, alt 18 (5)” a chur isteach i gcolún 3.
(2) Leasaítear leis seo alt 94 (2) den Acht Airgeadais, 1983, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986):
“(ddd) (i) go mainneoidh sé aon asbhaint a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh le halt 18 (5) den Acht Airgeadais, 1989, nó
(ii) go mainneoidh sé, tar éis dó an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a asbhaineadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe i mír 1 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.”.
AN DARA SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille
An Cineál Biotáille | An Ráta Dleachta |
Aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo, agus meascáin agus ullmhóidí allmhairithe ina bhfuil biotáille ... ... | £20.085 an lítear alcóil sa bhiotáille |
Biotáille chumhraithe allmhairithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil ... ... ... ... ... | £18.277 an lítear |
Licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile allmhairithe, sa bhuidéal, a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil | £15.464 an lítear |
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta
An Cineál Fíona agus Fíona Dhéanta | An Ráta Dleachta |
Neamhdhrithleach: | |
Nach mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £2.04 an lítear |
Ar mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £2.96 an lítear |
Drithleach ... ... ... ... ... | £4.08 an lítear |
Fíon agus Fíon déanta, drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte: | |
Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte | £0.23 an lítear |
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí
An Cineál Leanna Úll agus Leanna Piorraí | An Ráta Dleachta |
Nach mó ná 6% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £0.93 an galún |
Ar mó ná 6% toirte ach nach mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte ... ... | £4.03 an galún |
Ar mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte ... ... ... ... ... | £9.27 an galún |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
An Cineál Táirge | An Ráta Dleachta | ||||||
Toitíní | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £40.70 an míle mar aon le méid is ionann agus 13.56 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní |
Todóga | ... | ... | ... | ... | ... | £60.217 an cileagram | |
Tobac píopa milsithe | ... | ... | ... | ... | £60.851 an cileagram | ||
Tobac cruafháiscthe | ... | ... | ... | ... | £38.914 an cileagram | ||
Tobac píopa eile | ... | ... | ... | ... | £48.916 an cileagram | ||
Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun a | |||||||
choganta | ... | ... | ... | ... | ... | £50.814 an cileagram |
AN SÉÚ SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Cheadúnais Áirithe
CUID I
Ceadúnais Deochanna Meisciúla
(1) | (2) | (3) | ||||||
Uimhir Thagartha | An Cineál Ceadúnais | An Ráta Dleachta | ||||||
CEADÚNAIS MHONARÓIRÍ | ||||||||
Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag: | ||||||||
1. | Ceartaitheoir nó cumascóir biotáille | ... | ... | ... | £100 | |||
2. | Déantóir milseán chun a ndíola | ... | ... | ... | £100 | |||
3. | Déantóir leanna úll nó leanna piorraí chun a dhíola | £100 | ||||||
CEADÚNAIS MHÓRDHÍOLTÓIRÍ | ||||||||
Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag: | ||||||||
4. | Mórdhíoltóir biotáille | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
5. | Mórdhíoltóir beorach | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
6. | Mórdhíoltóir fíona | ... | ... | ... | ... | ... | £100 | |
7. | Mórdhíoltóir biotáille fíona | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
AR-CHEADÚNAIS MHIONDÍOLTÓIRÍ | ||||||||
Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag: | ||||||||
8. | Miondíoltóir biotáille | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
9. | Miondíoltóir beorach | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
10. | Miondíoltóir fíona | ... | ... | ... | ... | ... | £100 | |
11. | Miondíoltóir milseán | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
12. | Miondíoltóir leanna úll | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
EIS-CHEADÚNAIS MHIONDÍOLTÓIRÍ | ||||||||
Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag: | ||||||||
13. | Miondíoltóir biotáille | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
14. | Miondíoltóir beorach | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
15. | Miondíoltóir leanna úll | ... | ... | ... | ... | £50 | ||
16. | Miondíoltóir fíona | ... | ... | ... | ... | ... | £100 | |
17. | Miondíoltóir milseán | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
CEADÚNAIS ÁRTHAÍ PAISINÉIRÍ | ||||||||
18. | Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus a bheidh ainmnithe ag | |||||||
úinéir an árthaigh | ... | ... | ... | ... | ... | £100 | ||
19. | Ceadúnas a bheidh le baint amach maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus a bheidh ainmnithe ag úinéir an árthaigh, agus nach mbeidh i bhfeidhm ach ar feadh aon | |||||||
lá amháin | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £20 | |
CEADÚNAIS CHARBAD BIA IARNRÓID | ||||||||
20. | Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain maidir le carbad bia iarnróid ag an gcuideachta iarnróid nó ag | |||||||
duine eile ar leis an carbad | ... | ... | ... | ... | £100 | |||
CEADÚNAIS AERÁRTHAÍ PAISINÉIRÍ | ||||||||
21. | Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag gnólacht aeriompair maidir le haerárthach ar eitilt is leis an | |||||||
ngnólacht sin nó atá fruilithe aige | ... | ... | ... | £100 |
CUID II
Deimhnithe Airm Tine
An Cineál Deimhnithe | An Ráta Dleachta |
Ar dheimhniú airm tine i leith piostail, lena n-áirítear aerphiostal, nó gunnán ... ... ... ... ... ... ... ... | £25 |
Ar dheimhniú airm tine i leith raidhfil, lena n-áirítear mionraidhfil | £25 |
Ar dheimhniú airm tine i leith aerghunna, lena n-áirítear aer-raidhfil | £25 |
Ar dheimhniú airm tine i leith airm thoirmiscthe ... ... ... | £3 |
Ar dheimhniú airm tine i leith gunna gráin lena mbaineann forálacha alt 12 d'Acht na nArm Tine, 1964 ... ... ... ... | £4 |
Ar aon deimhniú airm tine eile— Ar dheimhniú amháin den sórt sin ... ... ... ... | £17 |
I gcás ina ndeonófar dhá dheimhniú nó níos mó den sórt sin don duine céanna (ní gá gurb é an tráth céanna é) agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna— | |
Ar an gcéad deimhniú den sórt sin ... ... ... ... | £17 |
Ar an dara deimhniú den sórt sin agus gach deimhniú den sórt sin ina dhiaidh sin ... ... ... ... ... ... | £4 |
CUID III
Ceadúnais Chearrbhachais
An Cineál Ceadúnais | An Ráta Dleachta |
I gcás an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le heisiúint mar a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, á údarú an ceadúnas a eisiúint— | |
(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí ... ... ... | £100 |
(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí ... ... ... ... ... ... ... | £200 |
(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí ... ... ... ... ... ... ... | £300 |
(d) a bheith níos faide ná naoi mí ... ... ... ... | £400 |
CUID IV
Ceadúnais Eile
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
Uimhir Thagartha | An Cineál Ceadúnais | An tAchtachán lena bhforchuirtear an dleacht | An Dáta Feidhme | An Ráta Dleachta |
1. | Ceadúnas ceantálaí | An 6ú lá d'Iúil, 1989 | £160 | |
2. | Cead ceantála | An 6ú lá d'Iúil, 1989 | £160 | |
3. | Ceadúnas gníomhaire tithe | An 6ú lá d'Iúil, 1989 | £80 | |
4. | Ceadúnas geallghlacadóra | An 1ú lá de Nollaig, 1989 | £160 | |
5. | Deimhniú cláraitheachta áitribh gheallghlacadóra | An 1ú lá de Nollaig, 1989 | £160 | |
6. | Ceadúnas scagaire ola hidreacarbóin | Alt 1 (4) den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 | An 1ú lá d'Fheabhra, 1990 | £100 |
7. | Ceadúnas déantóra lasán | Alt 3 (2) den Finance (New Duties) Act, 1916 | An 1ú lá d'Aibreán, 1990 | £100 |
8. | Ceadúnas déantóra biotáille meitilí | Alt 27 den Revenue Act, 1889 | An 1ú la de Dheireadh Fómhair, 1989 | £100 |
9. | Ceadúnas miondíoltóra biotáille meitilí | Alt 27 den Revenue Act, 1889 | An 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989 | £5 |
10. | Ceadúnas iasachtóra airgid | Alt 18 (1) den Acht Airgid, 1933 | An 1ú lá de Lúnasa, 1989 | £200 |
11. | Ceadúnas geallbhróicéara | An 1ú lá de Lúnasa, 1989 | £200 | |
12. | Ceadúnas déantóra uiscí boird | Alt 9 den Finance Act, 1916 | An 1ú lá de Bhealtaine, 1990 | £100 |
13. | Ceadúnas monaróra táirgí tobac | Alt 10 (1) den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 | An 1ú lá d'Eanáir, 1990 | £100 |
AN SEACHTÚ SCEIDEAL
CUID I
Aisghairm Forálacha a bhaineann le Ceadúnais Mhangairí
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
51 & 52 Vict., c. 33. | Hawkers Act, 1888. | An tAcht iomlán. |
Alt 12. | ||
Alt 24. | ||
Alt 21. | ||
Alt 19. | ||
Alt 16 (4). |
CUID II
Aisghairm Forálacha a bhaineann le Ceadúnais Tithe Úrúcháin
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
23 & 24 Vict., c. 107. | Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860. | Ailt 1, 2 agus 9. |
Alt 10 agus Foirm Uimh. 1 sa Sceideal. | ||
Ailt 11, 12, 18 agus 34. | ||
24 & 25 Vict., c. 91. | Revenue (No. 2) Act, 1861. | Alt 9. |
25 & 26 Vict., c. 22. | Revenue Act, 1862. | Alt 15. |
27 & 28 Vict., c. 18. | Revenue (No. 1) Act, 1864. | Alt 5. |
Alt 21. | ||
Alt 77 (5). | ||
Alt 38. |