[EN]

Uimhir 14 de 1945.


[EN]

AN tACHT CUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT CUSTAM.

[24ú Aibreán, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]Acht 1876.

ciallaíonn an abairt “Acht 1876” an Customs Consolidation Act, 1876, arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu;

[EN]achtachán.

ciallaíonn an focal “achtachán” aon achtachán is—

[EN]

(a) reacht Breataineach,

[EN]

(b) reacht de chuid Shaorstáit Éireann, nó

[EN]

(c) Acht den Oireachtas (pé acu roimh an Acht so do ritheadh nó dá éis a rithfear é);

[EN]onnmhuiriú.

léireofar tagairtí d'onnmhuiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'earraí do loingsiú mar stóranna loinge nó d'earraí do lódáil mar stóranna i gcóir aer-árthach;

[EN]oifigeach Custam agus Máil.

folaíonn an abairt “oifigeach Custam agus Máil” comhalta den Ghárda Síochána agus duine ar bith sa tseirbhís phoiblí a bheas de thuras na huaire ar fostú chun allmhuiriú nó onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach do chosc;

ionstraim reachtúil.

ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil” ionstraim a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus is—

(a) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht so do rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht do bheirtear le haon achtachán, nó

(b) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht so do rith nó dá éis) nó ordachán i scríbhinn arna thabhairt (roimh an Acht so do rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht do bheirtear le hordú arna dhéanamh i bhfeidmiú cumhacht do bheirtear le haon achtachán.

[EN]

Allmhuiriú earraí go neamhdhleathach.

2.—Aon earraí a mbeidh a n-allmhuiriú toirmeasctha nó srianta do thuras na huaire le haon achtachán nó ionstraim reachtúil, is tuigthe iad a bheith ar na hearraí a háirítear agus a tuairiscítear sa Táibhle de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Thabhairt Isteach atá in alt 42 d'Acht 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála Achta 1876.

[EN]

Pionós mar gheall ar earraí d'onnmhuiriú, etc., go neamhdhleathach.

3.—(1) Gach duine—

[EN]

(a) a dhéanfas aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó

[EN]

(b) a bhéarfas fá aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó

[EN]

(c) a bhéarfas nó a chuirfeas aon earraí go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó

[EN]

(d) a bhéarfas fá aon earraí do bhreith nó do chur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó

[EN]

(e) a bheas páirteach go feasach i ndeighleáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) le hintinn an toirmeasc nó an srianadh san do sheachaint, nó

[EN]

(f) a choimeádfas aon earraí in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó

[EN]

(g) a chabhrós, a neartós nó a chuideos nó dhéanfas comhcheilg le duine eile chun cionta fá mhír (a), (b), (c), (d), (e), nó (f) den fho-alt so do dhéanamh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta i gcoinne na nAcht Custam agus in aghaidh gach cionta fá leith den tsórt san caillfidh i ngeallbhroid trí oiread luacha na n-earraí nó céad punt pé acu is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar an duine sin do choinneáil nó féadfar an dlí do shaothrú air trí ghairm.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh an pionós mar gheall ar aon chionta fá fho-alt (1) den alt so le háireamh do réir trí oiread luacha aon earraí áirithe, is tuigthe gurb é is luach do na hearraí an praghas ar a ndearnadh earraí dá samhail, ach gur den chéad scoth iad, ar ar híocadh an diúité nó na diúitéthe (más ann), do dhíol an tráth do rinneadh an cionta nó timpeall an trátha san.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, aon earraí d'onnmhuiriú ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go ndearnadh ar an dáta san nó timpeall an dáta san na hearraí d'onnmhuiriú, agus

[EN]

(iii) go raibh na hearraí ar únaeracht nó ar seilbh ag an duine sin nó fána choinneáil nó fána urláimh tráth réasúnach roimh iad d'onnmhuiriú amhlaidh,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go ndearna an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san na hearraí d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, tabhairt fá aon earraí d'onnmhuiriú ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go dtug an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san fá na hearraí d'onnmhuiriú.

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go dtug an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san fá na hearraí d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, aon earraí do bhreith nó do chur ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go ndearna an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san na hearraí do bhreith nó do chur go dtí an áit sin,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go ndearna an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san na hearraí do bhreith nó do chur go dtí an áit sin chun na críche sin.

[EN]

(6) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, tabhairt fá aon earraí do bhreith nó do chur ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe go dtí áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go dtug an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san fá na hearraí do bhreith nó do chur go dtí áit,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go dtug an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san fá na hearraí do bhreith nó do chur go dtí áit chun na críche sin.

[EN]

(7) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, bheith páirteach go feasach i ndeighleáil ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) le hintinn an toirmeasc nó an srianadh san do sheachaint, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go raibh an duine sin páirteach ar an dáta san nó timpeall an dáta san i ndeighleáil leis na hearraí i slí go mb'fhusaide an toirmeasc nó an srianadh san do sheachaint,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, an duine sin do bheith páirteach go feasach ar an dáta san nó timpeall an dáta san i ndeighleáil leis na hearraí le hintinn an toirmeasc nó an srianadh san do sheachaint.

[EN]

(8) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar duine do chúiseamh sa chionta san, earraí do choimeád ar dháta áirithe nó timpeall dáta áirithe in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina gcruthófar sna himeachta—

[EN]

(i) gur earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta leis an achtachán nó an ionstraim reachtúil sin na hearraí, agus

[EN]

(ii) go bhfuair oifigeach Custam agus Máil na hearraí san áit sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san, agus

[EN]

(iii) go bhfuil an áit sin ar thalamh nó ar áitreabh nó i dtalamh nó in áitreabh an duine sin nó i ngarchomharsanacht an tailimh nó an áitribh sin,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go ndearna an duine sin ar an dáta san nó timpeall an dáta san na hearraí do choimeád san áit sin chun na críche sin.

[EN]

(9) I gcás—

[EN]

(a) duine (dá ngairmtear an príomh-chiontaitheoir sa bhfo-alt so) do chiontú i gcionta (dá ngairmtear an príomhchionta sa bhfo-alt so) fá mhír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) d'fho-alt (1) den alt so, agus

[EN]

(b) imeachta do bhunú i gcoinne duine eile á chúiseamh sa chionta san, cabhrú, neartú, nó cuidiú nó comhcheilg do dhéanamh le duine eile chun an príomh-chionta do dhéanamh,

[EN]

beidh fianaise gur ciontaíodh an príomh-chiontaitheoir sa phríomhchionta ina fianaise, sna himeachta san, go ndearnadh an príomhchionta.

[EN]

Forála mar chabhair chun daoine bheas ag onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach do bhrath agus do chiontú.

4.—(1) Aon uair a mbeidh amhras réasúnach ag oifigeach Custam agus Máil go bhfuiltear ar intinn aon earraí áirithe d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, féadfaidh a iarraidh ar dhuine ar bith, a bhfaghfar na hearraí ina sheilbh nó fána urláimh nó ar a thalamh nó a áitreabh nó ina thalamh nó áitreabh nó i ngar-chomharsanacht a thailimh nó a áitribh, an fhaisnéis go léir, a bhainfeas le gach ceann nó aon cheann de na habhair fiosruithe seo leanas agus a bheas ag an duine sin nó is eol dó, do thabhairt dó, agus gach scríbhinn, a bhainfeas le haon abhar fiosruithe den tsórt san agus a bheas ar seilbh nó fá choinneáil an duine sin, do thaspáint dó, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ainm agus seoladh únaera na n-earraí,

[EN]

(b) an chríoch chun a bhfuil na hearraí san áit ina bhfuarthas iad,

[EN]

(c) an ní atá beartaithe a dhéanamh leis na hearraí,

[EN]

(d) an bhfuiltear ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú,

[EN]

(e) má táthar ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú, an bhfuarthas ceadúnas nó údarás eile chun na hearraí d'onnmhuiriú nó, mura bhfuarthas, ar hiarradh san.

[EN]

(2) Nuair a iarrfas oifigeach Custam agus Máil, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt-so, ar dhuine ar bith a bhfaghfar aon earraí (is earraí a mbeidh amhras réasúnach aige é bheith beartaithe iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil) ina sheilbh nó fána urláimh nó ar a thalamh nó a áitreabh nó ina thalamh nó áitreabh nó i ngarchomharsanacht a thailimh nó a áitribh, aon colas den tsórt a luaitear sa bhfo-alt san do thabhairt dó nó aon scríbhinn den tsórt a luaitear sa bhfo-alt san do thaspáint dó, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) déanfaidh an duine sin láithreach, ar feadh a eolais nó a chumais, an t-eolas san do thabhairt nó an scríbhinn sin do thaspáint amhlaidh (pé acu é),

[EN]

(b) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine sin déanamh amhlaidh nó má bheireann sé aon eolas bréagach nó míthreorach, ansan—

[EN]

(i) beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann dlífear pionós custam de chaoga punt do chur air agus féadfar é do choinneáil nó an dlí do shaothrú air trí ghairm,

[EN]

(ii) más rud é—

[EN]

(I) go mbunófar imeachta ina choinne mar gheall ar na hearraí d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, agus

[EN]

(II) go gcruthófar gur haistríodh na hearraí (ar shlí seachas le húdarás nó fá údarás ó oifigeach Custam agus Máil) as an áit ina bhfuarthas iad, beidh an mainniú nó an diúltú san nó tabhairt an eolas bhréagaigh nó mhí-threoraigh sin (pé acu rinneadh nó ná dearnadh é do chúiseamh ann) ina fhianaise sna himeachta san, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go ndearna sé na hearraí d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin.

[EN]

Earraí a bheas á n-onnmhuiriú, nó a mbeifear ag tabhairt fána n-onnmhuiriú, go neamhdhleathach, do gheallbhroid, etc.

5.—(1) Más rud é gur deighleáladh nó go mbeifear ag deighleáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go ndearnadh iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó

[EN]

(b) go mbeifear ag tabhairt fána n-onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim réachtúil sin, nó

[EN]

(c) gur tugadh nó gur cuireadh iad go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó

[EN]

(d) go mbeifear á mbreith nó á gcur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó

[EN]

(e) gur deighleáladh nó go mbeifear ag deighleáil leo in aon tslí eile le hintinn an toirmeasc nó an srianadh san do sheachaint, nó

[EN]

(f) gur coimeádadh iad nó go mbeifear á gcoimeád in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin,

[EN]

geallbhroidfear na hearraí.

[EN]

(2) Geallbhroidfear gach long, bád, carráiste nó cóir iompair eile, maraon le gach capall agus gach ainmhí agus rud eile dá ndéanfar úsáid chun aon earraí d'onnmhuiriú nó d'iompar is earraí a bheas, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so, ingheallbroite.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar imeachta do bhunú, de bhun ailt 207 d'Acht 1876, chun aon earraí do gheallbhroid agus do dhaoradh is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmeasctha nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil, agus

[EN]

(b) ina ndéarfar sa bhfaisnéis gur gabhadh na hearraí toisc go rabhthas ag deighleáil leo i slí a sonnrófar (is slí dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt so), agus

[EN]

(c) ina gcruthófar sna himeachta gur gabhadh na hearraí ar amhras go rabhthas ag deighleáil leo sa tslí a sonnrófar amhlaidh,

[EN]

is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, go rabhthas, ar dháta na gabhála, ag deighleáil nó tar éis deighleáil leis na hearraí sa tslí a sonnrófar amhlaidh.

[EN]

Fógra i dtaobh earraí do ghabháil.

6.—I gcás aon earraí do ghabháil mar earraí geallbhroite, féad far an fógra gabhála a gceangaltar le halt 207 d'Acht 1876 é thabhairt d'únaer na n-earraí do thabhairt, murab eol aon tseoladh ag an únaer sa Stát, trí fhógra i dtaobh na gabhála d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

[EN]

Alt 1 den Acht Custam (Leasú), 1942, do leasú.

7.—Léireofar fo-alt (6) d'alt 1 den Acht Custam (Leasú), 1942 (Uimh. 21 de 1942), agus beidh éifeacht aige fé is dá ndéantaí na focail “agus féadfar é do choinneáil nó féadfar an dlí do shaothrú air trí ghairm” do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.

[EN]

Imeachta chun earraí do gheallbhroid agus do dhaoradh.

8.—Féadfar imeachta in aon chúirt dlínse inniúla chun earraí do gheallbhroid agus do dhaoradh a bhunú in ainm nó ar agra an Ard-Aighne.

[EN]

Achomhairc ón gCúirt Dúiche.

9.—(1) I gcás ina ndéanfar imeachta mar gheall ar chionta fá na hAchta Custam do dhíbhe, pé acu do réir chearta na cúise nó gan dochar dóibh é, ag an gCúirt Dúiche, féadfaidh an gearánaí achomharc i gcoinne an orduithe dhíbhe do dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird a bheas an Tigh Cúirte ina ndearnadh an t-ordú san.

[EN]

(2) Beidh breith Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar achomharc fán alt so ina breith dheiridh gan aon dul thairsti agus ní féadfar achomharc do dhéanamh ina coinne.

[EN]

(3) Féadfaidh breitheamh ar bith den Chúirt Chuarda, más rogha leis é, a ordú, ar achomharc fán alt so, an gearánaí d'íoc na gcostas fána ndeachaidh an freagróir maidir leis an achomharc san.

[EN]

Cás ríofa.

10.—Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda, ar íarratas do dhéanamh, roimh an mbreith do thabhairt, ag aon pháirtí in achomharc a bheas ar feitheamh ina láthair fá alt 9 den Acht so, aon cheist dlí éireos san achomharc san do chur fá bhráid na Cúirte Uachtaraí i bhfoirm cháis arna ríomh chun an Chúirt Uachtarach dá chinneadh.

[EN]

Meáchan earraí d'fháil amach.

11.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin do dhéanamh ag ordú na slí ina ndéanfar meáchan earraí de shaghas sonnraithe (arna mhíniú i pé slí agus fá threoir pé nithe a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is ceart) d'fháil amach chun críocha na nAcht Custam nó aon ionstraime reachtúla a bhaineas leis na Custaim agus, i gcás aon rialacháin fán alt so maidir le hearraí de shaghas áirithe do bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar, chun na gcríoch san, meáchan na n-earraí sin d'fháil amach sa tslí a hordófar leis na rialacháin sin.

[EN]

Míniú ar na hAchta Custam.

12.—San Acht so agus i ngach Acht eile den Oireachtas (pé acu roimh an Acht so do ritheadh nó dá éis a rithfear é) ciallóidh an abairt “na hAchta Custam” agus, i gcás aon Achta den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht so, is tuigthe gur chiallaigh sí riamh gach achtachán a bhaineas leis na Custaim.

[EN]

Athghairm.

13.—Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis seo d'athghairm sa mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

14.—(1) Féadfar an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an t-aonú lá tríochad de Mhárta, 1950, agus ansan raghaidh in éag.

[EN]

(3) Léireofar an tAcht so agus na hAchta Custam mar éinní amháin.

[EN]

SCEIDEAL

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

40 & 41 Vic., c. 68

The Destructive Insects and Pests Act, 1877.

In alt 1, ó na focail “If any person lands” go dtí deireadh an ailt.

Uimh. 58 de 1924

...

An tAcht Toradh Deiríochta, 1924.

Alt 13.

Uimh. 10 de 1930

...

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930.

Alt 46.

Uimh. 11 de 1930

...

An tAcht chun Géim do Chosaint, 1930.

Fo-ailt (5) agus (6) d'alt 27.

Uimh. 26 de 1931

...

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Prátaí), 1931.

Alt 30.

Uimh. 25 de 1932

...

An tAcht Substaintí Ice, 1932.

Alt 13.

Uimh. 16 de 1933

...

Acht na bhFrancach Muisc, 1933.

Alt 22.

Uimh. 26 de 1933

...

An tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933.

Alt 4.

Uimh. 1 de 1934

...

Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934.

Alt 4.

Uimh. 12 de 1934

...

An tAcht chun Iomportála do Rialú, 1934.

Fo-alt (2) d'alt 5.

Uimh. 37 de 1934

...

An tAcht Tobac, 1934

Alt 61.

Uimh. 42 de 1934

...

An tAcht um Beithígh agus Caoire do Mharú, 1934.

Fo-alt (3) d'alt 30.

Uimh. 21 de 1935

...

An tAcht Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935.

Fo-alt (6) d'alt 24; mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 29; fo-alt (5) d'alt 31.

Uimh. 23 de 1935

...

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935.

Fo-alt (5) d'alt 6; fo-alt (5) d'alt 7.

Uimh. 24 de 1935

...

An tAcht Muc agus Bagúin, 1935.

Alt 67.

Uimh. 14 de 1936

...

An tAcht Síolta Talmhaíochta, 1936.

Fo-alt (5) d'alt 3.

Uimh. 16 de 1936

...

An tAcht Siúcra (Iomportáil do Rialú), 1936.

Fo-alt (2) d'alt 4.

Uimh. 5 de 1938

...

An tAcht um Chraicne Caorach (Easportáil do Rialú) (Leasú), 1938.

Fo-ailt (2) agus (3) d'alt 2.

Uimh. 6 de 1938

...

An tAcht um Shean-Iarann (Easportáil do Stiúradh), 1938.

Fo-ailt (2) agus (3) d'alt 3.

Uimh. 11 de 1938

...

An tAcht Stroighne (Leasú) 1938.

Fo-alt (4) d'alt 13.

Uimh. 14 de 1938

...

An tAcht Torthaí Talmhaíochta (Iomportáil do Rialáil), 1938.

Fo-alt (1) d'alt 3.

Uimh. 16 de 1938

...

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Arúr), 1938.

Alt 3; fo-ailt (2) agus (3) d'alt 25.

Uimh. 2 de 1939

...

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Uibhe), 1939.

Alt 34.

Uimh. 13 de 1939

...

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939.

I bhfo-alt (3) d'alt 11, ó na focail “agus tuigfear gach cóip den tsórt san” go dtí deireadh an fho-ailt.

Uimh. 17 de 1939

...

An tAcht Iascaigh, 1939.

Alt 43; fo-alt (6) d'alt 46.

Uimh. 21 de 1939

...

An tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939.

Fo-alt (4) d'alt 63.