harp.jpg


Uimhir 3 de 1998


AN tACHT AIRGEADAIS, 1998


RIAR NA nALT

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1.

Léiriú.

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

2.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

3.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

4.

Faoisimh phearsanta.

5.

Leasú ar alt 463 (liúntas speisialta do thuismitheoir is baintreach tar éis bhás an chéile) den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

7.

Ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearrthréimhsí.

8.

Leasú ar alt 66 (bonn speisialta ag tosach trádála nó gairme) den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 191 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le híocaíochtaí cúitimh i ndáil le Heipitíteas C) den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 202 (faoiseamh i leith athstruchtúrú comhaontaithe pá) den Phríomh-Acht.

11.

Leasú ar alt 479 (faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe) den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar Chaibidil 1 (sócmhainní a aistriú as an Stát) de Chuid 33 den Phríomh-Acht.

13.

Laghdú ar cháin ioncaim i leith ioncaim áirithe arna thuilleamh lasmuigh den Stát.

14.

Liúntas maraí, etc.

15.

Iasachtaí barúlacha a bhaineann le scaireanna, etc.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

16.

Faoiseamh don lucht dífhostaithe fadtéarma.

17.

Faoiseamh i leith bronntanas a thabharfar do scoileanna sainithe.

18.

Leasú ar alt 200 (pinsin choigríche áirithe) den Phríomh-Acht.

19.

Leasú ar alt 268 (an bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”) den Phríomh-Acht.

20.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh agus déanmhas aerfoirt.

21.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le liúntais chaipitiúla áirithe.

22.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe banaltrais príobháideacha.

23.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh bád iascaireachta mara áirithe.

24.

Leasú ar Chaibidil 3 (limistéir ainmnithe, sráideanna ainmnithe, limistéir fiontraíochta agus carrchlóis ilstóir i limistéir uirbeacha áirithe) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

25.

Leasú ar Chaibidil 1 (Limistéar Duganna Theach an Chustaim) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

26.

Leasú ar alt 344 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú carrchlós ilstóir áirithe) den Phríomh-Acht.

27.

Leasú ar alt 351 (léiriú (Caibidil 4)) den Phríomh-Acht.

28.

Leasú ar Chaibidil 6 (Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

29.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh feithiclí agus asbhaint i leith feithiclí.

30.

Mar a dhéileálfar le caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe.

31.

Leasú ar alt 403 (srian ar úsáid liúntas caipitiúil i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Phríomh-Acht.

32.

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

33.

Leasú ar alt 482 (faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh agus gairdíní suntasacha) den Phríomh-Acht.

34.

Srian le faoiseamh maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

35.

Comhshocraíochtaí idirthréimhseacha i ndáil le halt 34.

36.

Scéimeanna scaireanna d'fhostaithe.

37.

Íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe.

38.

Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme, etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

39.

Leasú ar alt 667 (forálacha speisialta i leith feirmeoirí cáilitheacha) den Phríomh-Acht.

40.

Leasú ar alt 680 (liúntas bliantúil as ídiú mianraí) den Phríomh-Acht.

41.

Leasú ar alt 681 (liúntas le haghaidh caiteachais athshlánúcháin mianaigh) den Phríomh-Acht.

42.

Leasú ar alt 734 (cánachas ar ghnóthais chomhinfheistíochta) den Phríomh-Acht.

43.

Cánachas ar scaireanna a eisítear in ionad díbhinní airgid.

44.

Leasú ar alt 843 (liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal) den Phríomh-Acht.

45.

Leasú ar Chuid 41 (féinmheasúnacht) den Phríomh-Acht.

46.

Leasú ar alt 787 (an saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid) den Phríomh-Acht.

47.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht de dhroim athrú ar airgeadra stát áirithe.

48.

Leasú ar an bPríomh-Acht de dhroim coinbhinsiúin le Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le cánachas dúbailte, etc.

49.

Leasú ar Chuid 26 (cuideachtaí árachais saoil) den Phríomh-Acht.

50.

Leasú ar alt 1013 (comhpháirtíochtaí teoranta) den Phríomh-Acht.

51.

Laghdú ar chreidmheasanna cánach i leith dáiltí.

52.

Creidmheasanna cánach a dhíothú.

53.

Leasú ar an míniú ar scaireanna cáilitheacha sonraithe.

54.

Leasú ar alt 198 (ní inmhuirearaithe ús áirithe) den Phríomh-Acht.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

55.

Ráta cánach corparáide.

56.

Leasú ar alt 22 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Phríomh-Acht.

57.

Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

58.

Comhair chreidmheasa.

59.

Leasú ar alt 449 (creidmheas i leith cánach coigríche nár creidiúnaíodh ar shlí eile) den Phríomh-Acht.

60.

Faoiseamh i leith cánachais dhúbailte.

61.

Deonacháin chorparáideacha do charthanais cháilithe.

62.

Faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh inathnuaite.

63.

Leasú ar alt 88 (asbhaint i leith bronntanas don Enterprise Trust Ltd.) den Phríomh-Acht.

64.

Leasú ar alt 715 (gnó blianachtaí: muirear ar leithligh ar bhrabúis) den Phríomh-Acht.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil.

65.

Gnóchain chaipitiúla: rátaí muirir.

66.

Leasú ar Chuid 27 (iontaobhais aonad agus cistí eischósta) den Phríomh-Acht.

67.

Leasú ar alt 538 (diúscairtí i gcás sócmhainní a chailleadh nó a scriosadh nó luach sócmhainní a bheith éirithe neamhbhríoch) den Phríomh-Acht.

68.

Leasú ar alt 547 (diúscairtí agus fáltais a áirítear a bheith déanta ar mhargadhluach) den Phríomh-Acht.

69.

Leasú ar Chaibidil 3 (sócmhainní a shealbhaítear i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach, oidhreachtaí agus socraíochtaí) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

70.

Aisghairm ar alt 592 (ráta laghdaithe cánach gnóchan caipitiúil ar dhiúscairtí áirithe scaireanna ag pearsana aonair) den Phríomh-Acht.

71.

Leasú ar alt 597 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh) den Phríomh-Acht.

72.

Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht.

73.

Leasú ar alt 652 (neamhfheidhm faoiseamh ar shócmhainní a athshuíomh i gcás diúscairtí iomchuí) den Phríomh-Acht.

74.

Leasú ar alt 980 (asbhaint ón gcomaoin i leith sócmhainní áirithe a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

75.

Leasú ar alt 1028 (daoine pósta) den Phríomh-Acht.

Caibidil 6

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh i leith Athnuachan agus Feabhsú Limistéar Uirbeach agus Tuaithe Áirithe.

76.

Leasú ar Chuid 10 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide: faoisimh i leith athnuachan agus feabhsú limistéar uirbeach áirithe, limistéar saoire áirithe agus oileán áirithe) den Phríomh-Acht.

77.

Faoisimh i leith athnuachan agus feabhsú limistéar tuaithe áirithe.

CUID 2

Custaim agus Mál

Caibidil 1

Cáin Cláraithe Feithiclí.

78.

Léiriú (Caibidil 1).

79.

Leasú ar alt 130 (léiriú) d'Acht 1992.

80.

Leasú ar alt 132 (dleacht máil a mhuirearú) d'Acht 1992.

81.

Leasú ar alt 134 (buanfhaoisimh) d'Acht 1992.

82.

Leasú ar alt 139 (cionta agus pionóis) d'Acht 1992.

Caibidil 2

Ilghnéitheach.

83.

Léiriú (Caibidil 2).

84.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin.

85.

Leasú ar alt 21 (uaireanta gnó in áitreabh cláraithe) den Acht um Gheall-Chur, 1931.

86.

Méadú sa dleacht ar dheimhniú clárúcháin áitribh geallghlacadóra.

87.

Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais, 1975.

88.

Leasú ar alt 123 (rátaí dleachta) den Acht Airgeadais, 1992.

89.

Hidreacarbóin.

90.

Leasú ar alt 21 (diúité ar íle híodrocarbóin) den Acht Airgid, 1935.

91.

Leasú ar alt 731 (exemption from rates) den Merchant Shipping Act, 1894.

92.

Leasú ar mhír 8 d'Ordú 1975.

93.

An dleacht ar bhiotáille a chur siar.

94.

Táirgí tobac.

95.

Leasú ar alt 103 (léiriú (Caibidil II)) den Acht Airgeadais, 1992.

96.

Leasú ar alt 111 (doiciméid a bheidh i dteannta táirgí inmháil) den Acht Airgeadais, 1992.

97.

Mar a dhéileálfar le caillteanais.

98.

Cúnamh frithpháirteach ginearálta.

99.

Cúnamh frithpháirteach chun éilimh a ghnóthú.

100.

Leasú ar alt 87A (oibleagáid ceisteanna áirithe a fhreagairt, coinneáil agus gabháil) den Acht Airgeadais, 1995.

101.

Samplaí a thógáil agus anailísiú (custaim agus mál).

102.

Samplaí a sheoladh ar aghaidh lena n-anailísiú.

103.

Imeachtaí a thionscnamh faoi na hAchtanna Custam, etc.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha.

104.

Léiriú (Cuid 3).

105.

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

106.

Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí dochorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht.

107.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

108.

Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

109.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

110.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

111.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

112.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

113.

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.

114.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

115.

Leasú ar alt 30 (teorainneacha ama) den Phríomh-Acht.

116.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

117.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 4

Dleachtanna Stampa.

118.

Leasú ar alt 54 (meaning of “conveyance on sale”) den Stamp Act, 1891.

119.

Leasú ar alt 59 (certain contracts to be chargeable as conveyances on sale) den Stamp Act, 1891.

120.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

121.

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982.

122.

Leasú ar alt 203 (dleacht stampa i leith cártaí airgid) den Acht Airgeadais, 1992.

123.

Leasú ar alt 107 (faoiseamh do bhallghnólachtaí) den Acht Airgeadais, 1996.

124.

Ús ar dhleacht stampa neamhíoctha nó ró-íoctha.

125.

Aisghairm (Cuid 4).

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil.

126.

Leasú ar alt 117 (margadhluach measta teaghaisí áirithe a laghdú) den Acht Airgeadais, 1991.

127.

Leasú ar alt 117 (ús ar cháin) den Acht Airgeadais, 1993.

128.

Leasú ar alt 134 (luach sócmhainní eiscthe a eisiamh) den Acht Airgeadais, 1994.

129.

Coinníollacha sula bhféadfar achomharc a dhéanamh.

CUID 6

Ilghnéitheach.

130.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

131.

Íocaíochtaí úis ag glacadóirí taisce áirithe.

132.

Imréiteach cánach don scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil.

133.

Ús ar chánacha neamhíoctha nó ró-íoctha.

134.

Achomhairc.

135.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.

136.

Leasuithe iar-chomhdhlúite.

137.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

138.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Forálacha ag Leasú an Phríomh-Achta de dhroim Athrú ar Airgeadra Stát Áirithe

Leasú ar an bPríomh-Acht de dhroim Coinbhinsiúin le Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le Cánachas Dúbailte, etc.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí

Creidmheasanna Cánach a Dhíothú

Athrú ar an Ráta Cánach Corparáide: Forálacha Breise

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Na hAchtacháin Dleachta Stampa a Aisghairtear

Leasuithe Iar-Chomhdhlúite


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Comhar-Chumann Talmhaíochta (Debentiúirí), 1934

1934, Uimh. 39

An tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988

1988, Uimh. 18

Acht na nAerchuideachtaí, 1966

1966, Uimh. 4

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht um Bord na gCapall (Díscaoileadh), 1989

1989, Uimh. 9

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

Carriers Act, 1830

11Geo.4&1 Will.4, c.68

Acht an Bhainc Cheannais, 1942

1942, Uimh. 22

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

An tAcht um Choinbhinsiúin Chonsalachta, 1954

1954, Uimh. 10

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

An tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1997

1997, Uimh. 15

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962

1962, Uimh. 12

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973

1973, Uimh. 21

Acht na bhFiaclóirí, 1985

1985, Uimh. 9

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997

1997, Uimh. 7

An tAcht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992

1992, Uimh. 15

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987

1987, Uimh. 34

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995

1995, Uimh. 35

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976

1976, Uimh. 27

Finance Act, 1895

58 & 59Vict., c.16

Finance (1909-10) Act, 1910

10 Edw.7 & 1 Geo. 5, c. 8

An tAcht Airgid, 1925

1925, Uimh. 28

An tAcht Airgid, 1931

1931, Uimh. 31

An tAcht Airgid, 1935

1935, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1966

1966, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1979

1979, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1982

1982, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1984

1984, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais, 1985

1985, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1986

1986, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1987

1987, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1988

1988, Uimh. 12

An tAcht Airgeadais, 1989

1989, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1990

1990, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1991

1991, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1992

1992, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1994

1994, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1995

1995, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais, 1996

1996, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais, 1997

1997, Uimh. 22

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990

1990, Uimh. 31

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Gáis, 1976

1976, Uimh. 30

An tAcht Mine Féir (Táirgeadh), 1953

1953, Uimh. 11

Acht Tionscail na gCon, 1958

1958, Uimh. 12

An tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais), 1990

1990, Uimh. 23

An tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997

1997, Uimh. 34

Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971

1971, Uimh. 22

Acht na dTithe, 1988

1988, Uimh. 28

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 1991

1991, Uimh. 30

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986

1986, Uimh. 9

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993

1993, Uimh. 19

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1995

1995, Uimh. 28

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994

1994, Uimh. 18

An tAcht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949

1949, Uimh. 33

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959

1959, Uimh. 30

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945

1945, Uimh. 33

An tAcht um Áiseanna Saothair, 1987

1987, Uimh. 15

An tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947

1947, Uimh. 32

Na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

Merchant Shipping Act, 1894

57&58 Vict., c.60

Acht an Bhainne (Soláthar a Rialáil), 1994

1994, Uimh. 25

An tAcht um Aistriú an Bhainc Náisiúnta, 1966

1966, Uimh. 8

An tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963

1963, Uimh. 32

National School Teachers Residences (Ireland) Act, 1875

38&39Vict., c.82

An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945

1945, Uimh. 31

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970

1970, Uimh. 4

Acht na nAltraí, 1985

1985, Uimh. 18

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14&15Vict., c. 93

An tAcht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926

1926, Uimh. 25

Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860

23&24Vict., c.107

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992

1992, Uimh. 16

Revenue Act, 1898

61&62Vict., c.46

An tAcht um Scoláireachtaí a Mhalairtiú (Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá), 1957

1957, Uimh. 24

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959

1959, Uimh. 36

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993

1993, Uimh. 27

Stamp Act, 1891

54&55Vict., c.39

Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1962

1962, Uimh. 8

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1955

1955, Uimh. 5

An tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971

1971, Uimh. 14

An tAcht Iompair, 1944

1944, Uimh. 21

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Eitinne (Sanatoria do Bhunú), 1945

1945, Uimh. 4

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

Na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1997

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978

1978, Uimh. 34

An tAcht Cánach Rachmais, 1975

1975, Uimh. 25

An tAcht Margaithe Olla, 1984

1984, Uimh. 11

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

harp.jpg


Uimhir 3 de 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [27 Márta, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

[EN]

Léiriú.

1.—Sa Chuid seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

[EN]

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

2.—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 187, trí “£8,200” agus “£4,100”, faoi seach, a chur in ionad “£8,000” agus “£4,000” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) in alt 188, i bhfo-alt (2)—

[EN]

(i) trí “£10,000” agus “£11,000”, faoi seach, a chur in ionad “£9,200” agus “£10,400”, i mír (a), agus

[EN]

(ii) trí “£5,000” agus “£5,500”, faoi seach, a chur in ionad “£4,600” agus “£5,200”, i mír (b),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) San alt seo, ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir fho-alt (2)—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 461(a), £8,200, agus

(b) in aon chás eile, £4,100.

(2) San alt seo, ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir alt 187(2)—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 461 (a), £10,000; ach má bhí an phearsa aonair nó céile na pearsan aonair 75 bliana d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn “an méid sonraithe” £11,000, agus

(b) in aon chás eile, £5,000; ach má bhí an phearsa aonair 75 bliana d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn “an méid sonraithe” £5,500.

[EN]

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3.—Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tabla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £10,000

...

...

...

24 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

...

...

...

46 faoin gcéad

an t-ard-ráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £20,000

...

...

...

24 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

...

...

...

46 faoin gcéad

an t-ard-ráta

[EN]

”.

[EN]

Faoisimh phearsanta.

4.—(1) I gcás go mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta 1998-99 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún (2) sin, an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún (2) sin.

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le hasbhaint as ioncam iomlán don bhliain 1997-98

An méid a bheidh le hasbhaint as ioncam iomlán don bhliain 1998-99 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An Príomh-Acht:

alt 461

(duine pósta)

...

...

...

5,800

6,300

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a chéile nó

a céile)

...

...

...

5,800

6,300

(baintreach)

...

...

...

3,400

3,650

(duine singil)

...

...

...

2,900

3,150

alt 462

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile i leith leanaí)

(baintreach)

...

...

...

2,400

2,650

(duine eile)

...

...

...

2,900

3,150

alt 465

(leanbh éagumasaithe)

...

...

700

800

alt 467

(duine atá fostaithe chun aire a thabhairt do dhuine

éagumasaithe)

...

...

...

7,500

8,500

alt 468

(duine dall)

...

...

...

700

1,000

(an bheirt chéile dall)

...

...

1,600

2,000

[EN]

(2) Beidh feidhm ag Sceideal 1 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

[EN]

Leasú ar alt 463 (liúntas speisialta do thuismitheoir is baintreach tar éis bhás an chéile) den Phríomh-Acht.

5.—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 463 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) I gcás ina gcruthóidh éilitheoir, i ndáil le haon bhliain de na 5 bliana measúnachta díreach tar éis na bliana measúnachta ina n-éagann céile an éilitheora—

[EN]

(a) nár phós sé nó sí arís roimh thosach na bliana, agus

[EN]

(b) go bhfuil cónaí ar leanbh cáilitheach in éineacht leis nó léi ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh cuid di,

[EN]

beidh an t-éilitheoir, maidir le gach bliain de na blianta a gcruthaíonn sé nó sí amhlaidh i ndáil léi, i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfaí asbhaint óna ioncam nó óna hioncam iomlán mar a leanas—

[EN]

(i) don chéad bhliain de na 5 bliana sin, £5,000,

[EN]

(ii) don dara bliain de na 5 bliana sin, £4,000,

[EN]

(iii) don tríú bliain de na 5 bliana sin, £3,000,

[EN]

(iv) don cheathrú bliain de na 5 bliana sin, £2,000, agus

[EN]

(v) don chúigiú bliain de na 5 bliana sin, £1,000;

[EN]

ach ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.”.

[EN]

Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

6.—Leasaítear leis seo alt 126 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (8):

[EN]

“(b)   D'ainneoin fho-alt (3) agus an Ordaithe um an Acht Airgeadais, 1992 (Tosach Feidhme Alt 15) (Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa), 1994 (I.R. Uimh. 19 de 1994), ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) (b) maidir leis na blianta measúnachta 1997-98 agus 1998-99 i ndáil le sochar dífhostaíochta a íocadh nó is iníoctha le

duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama.”.

[EN]

Ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearrthréimhsí.

7.—Leasaítear leis seo Sceideal 32 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i bhfomhír (1) de mhír 27, trí “an 6ú lá d'Aibreán, 2000” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1998” agus tá an fhomhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é—

(a) go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhír (3), agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh feidhmiú na leasuithe ar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a rinneadh le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1995, ar fo-ailt iad a athachtaítear i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 792, ina gcúis le cruatan,

ansin, ní bheidh feidhm ag na leasuithe sin, a mhéid a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 2000, maidir le diúscairt, lena mbaineann clásal (a) d'fhomhír (2), ag duine (dá ngairtear “an diúscróir” sa mhír seo), sa mhéid gurb iníoctha ioncam, de bhua nó de dhroim na diúscartha sin, i mbliain mheasúnachta le pearsa aonair nó chun sochair do phearsa aonair lena mbaineann clásal (b) d'fhomhír (2), agus dá réir sin, d'ainneoin nach ndéantar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoi mar a bhí sé sular leasaíodh é le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1995, a athachtú leis an Acht seo, beidh feidhm ag an Acht seo maille le haon mhodhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

[EN]

Leasú ar alt 66 (bonn speisialta ag tosach trádála nó gairme) den Phríomh-Acht.

8.—Maidir leis an mbliain 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 66 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Duine ar bith ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh laistigh de bhliain amháin roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é nó í—

[EN]

(a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta agus gur cuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana dar críoch an dáta sin,

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) go ndearnadh cuntas, seachas cuntas lena mbaineann mír (a), suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta nó má rinneadh níos mó ná cuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain mheasúnachta, agus

[EN]

(ii) gur bunaíodh agus gur tosaíodh an trádáil nó an ghairm 12 mhí ar a laghad roimh an gcéad dáta a luaitear i bhfomhír (i) nó, de réir mar a bheidh, an dáta is déanaí de na dara dátaí a luaitear san fhomhír sin,

[EN]

ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana dar críoch an chéad dáta sin a luaitear nó, de réir mar a bheidh, an dáta is déanaí de na dara dátaí sin a luaitear, nó

[EN]

(c) in aon chás eile, ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana measúnachta.”.

[EN]

Leasú ar alt 191 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le híocaíochtaí cúitimh i ndáil le Heipitíteas C) den Phríomh-Acht.

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 191 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

[EN]

“(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘an tAcht’ an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997;

[EN]

ciallaíonn ‘an Binse’ an Binse ar a dtugtar an Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C a bunaíodh faoi alt 3 den Acht.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon íocaíocht i leith cúitimh—

[EN]

(a) ag an mBinse de réir an Achta, nó

[EN]

(b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag duine, nó thar ceann duine, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta,

[EN]

le duine dá dtagraítear—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht, maidir le nithe dá dtagraítear san alt sin, nó

[EN]

(ii) in aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9 den Acht, maidir le nithe dá dtagraítear sna rialacháin sin.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1997.

[EN]

Leasú ar alt 202 (faoiseamh i leith athstruchtúrú comhaontaithe pá) den Phríomh-Acht.

10.—Leasaítear leis seo alt 202 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1)—

[EN]

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhaontú iomchuí” i mír (a):

[EN]

“ciallaíonn ‘comhaontú iomchuí’, i ndáil le cuideachta cháilitheach, comhaontú comhchoiteann—

[EN]

(a) a bhfuil feidhm aige—

[EN]

(i) maidir le breis agus 50 faoin gcéad de líon iomlán fhostaithe cáilitheacha na cuideachta, nó

[EN]

(ii) maidir le breis agus 75 faoin gcéad d'aicme nó d'aicmí bona fide d'fhostaithe cáilitheacha na cuideachta má chuimsíonn líon na bhfostaithe rannpháirteacha san aicme nó sna haicmí, de réir mar a bheidh, 25 faoin gcéad ar a laghad de líon iomlán fhostaithe cáilitheacha na cuideachta,

[EN]

(b) a dhéanann foráil, i measc nithe eile—

[EN]

(i) maidir le laghdú substaintiúil ar bhunphá na bhfostaithe rannpháirteacha lena mbaineann sé,

[EN]

(ii) maidir leis an mbunphá laghdaithe a íoc leis na fostaithe rannpháirteacha lena mbaineann sé ar feadh na tréimhse iomchuí, agus

[EN]

(iii) maidir le cnapshuim a íoc leo mar chúiteamh sa laghdú sin,

[EN]

agus

[EN]

(c) atá cláraithe leis an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais;”, agus

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur leis i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“(c) nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an mhínithe ar ‘comhaontú iomchuí’, an bhfuil fostaithe cáilitheacha de chuid cuideachta cáilithí cuimsithe in aicme nó in aicmí bona fide, de réir mar a bheidh, tabharfar aird ar nithe amhail comhchleachtais oibre, scileanna, socruithe bunaithe cómhargántaíochta agus an struchtúr agus na socruithe eagrúcháin laistigh den chuideachta.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (2), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) i mír (b):

[EN]

“(i) go bhfuil athrú substaintiúil codarsnach tagtha ar thimpeallacht iomaíochta na cuideachta agus gur dá réir sin a chinnfear a hinmharthanacht reatha nó leanúnach,

[EN]

(ii) chun riaradh don athrú sin agus a hinmharthanacht a chothú, gur gá di comhaontú iomchuí a dhéanamh lena fostaithe cáilitheacha, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 479 (faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe) den Phríomh-Acht.

11.—(1) Leasaítear leis seo alt 479 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “tréimhse 3 bliana” a chur in ionad “tréimhse 5 bliana” i mír (ii) den mhíniú ar “scaireanna cáilithe”,

[EN]

(b) i bhfo-alt (3)—

[EN]

(i) trí “tréimhse 3 bliana” a chur in ionad “tréimhse 5 bliana”, agus

[EN]

(ii) trí na focail ó “; ach” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

[EN]

“(5) I ndáil le scaireanna a bhfuil faoiseamh tugtha ina leith faoi fho-alt (2) agus i gcás nach bhfuil an faoiseamh sin tarraingthe siar, déanfar aon cheist—

[EN]

(a) i dtaobh cé na scaireanna díobh sin (más ann), a eisíodh chuig fostaí cáilithe ag tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo, nó

[EN]

(b) i dtaobh cibé acu a bhaineann diúscairt leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile,

[EN]

a chinneadh, chun críocha an ailt seo, faoi mar a chinnfí í chun críocha alt 498 ach gan aird a thabhairt ar an tagairt i bhfo-alt (4) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1998) den alt sin d'fho-alt (3) den alt seo.”,

[EN]

agus tá an mhír sin (ii) agus an fo-alt (3) sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998.

AN TÁBLA

(ii) nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní ná chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun fuascailte,

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon mhéid a shuibscríobhfar le haghaidh scaireanna cáilithe más rud é, laistigh den tréimhse 3 bliana ó dháta a bhfála—

(a) go ndiúscrófar na scaireanna sin, nó

(b) go bhfaighidh an fostaí cáilithe a rinne an suibscríobh aon airgead nó luach airgid i leith na scaireanna sin ar airgead nó luach airgid é nach ioncam ina lámha chun críche cánach ioncaim,

agus déanfar na measúnachtaí, na measúnachtaí breise nó na coigeartuithe ar mheasúnachtaí uile is gá chun aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim, a bheidh lamháilte cheana féin faoi fho-alt (2) maidir leis an méid a suibscríobhadh, a tharraingt siar.

[EN]

Leasú ar Chaibidil 1 (sócmhainní a aistriú as an Stát) de Chuid 33 den Phríomh-Acht.

12.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 33 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 806—

[EN]

(i) i bhfo-alt (3), trí “pearsana aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát” a chur in ionad “pearsana aonair a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát”, agus

[EN]

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

[EN]

“(5A) Ní ghlacfar le haon ní i bhfo-alt (3) mar ní a thugann le tuiscint nach bhfuil feidhm ag forálacha fho-ailt (4) agus (5) ach amháin—

[EN]

(a) má bhí cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an bpearsa aonair atá i gceist an tráth a rinneadh an t-aistriú, nó

[EN]

(b) más é an cuspóir, nó más ceann de na cuspóirí, a bhí leis an aistriú a dhéanamh dliteanas i leith cánach ioncaim a sheachaint.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 808, i mír (a) d'fho-alt (4), trí “pearsa aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát” a chur in ionad “pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo is cuma cathain a tharla an t-aistriú nó na hoibríochtaí gaolmhara ach ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hioncam a eascróidh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

[EN]

Laghdú ar cháin ioncaim i leith ioncaim áirithe arna thuilleamh lasmuigh den Stát.

13.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i gCuid 34 i ndiaidh alt 825:

“Laghdú ar cháin ioncaim i leith ioncaim áirithe arna thuilleamh lasmuigh den Stát.

825A.—(1) San alt seo—

tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 818;

tá le ‘stiúrthóir dílseánach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 472;

ciallaíonn ‘fostaíocht cháilitheach’, i ndáil le bliain mheasúnachta, oifig (lena n-áirítear oifig stiúrthóra cuideachta a bheadh laistigh de réim cánach corparáide dá gcónódh sí sa Stát, agus a sheolann trádáil nó gairm) nó fostaíocht a shealbhaítear—

(a) lasmuigh den Stát i gcríoch a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas de bhua alt 826, agus

(b) ar feadh tréimhse leanúnaí 13 sheachtain ar a laghad, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon oifig nó fostaíocht den sórt sin—

(i) a n-íoctar a díolaíochtaí as ioncam an Stáit,

(ii) le haon bhord, údarás nó comhlacht eile dá shamhail arna bhunú sa Stát le reacht nó faoi reacht;

ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ i ndáil le pearsa aonair, maidir leis an mbliain mheasúnachta lena mbaineann, an méid cánach don bhliain sin arna chinneadh de réir na foirmle—

A × B

_____

C

i gcás—

gurb é A an méid cánach ab inmhuirearaithe, ar leith ón alt seo, ar an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin, seachas cáin arna muirearú de réir alt 16 (2), agus sin tar éis aon laghduithe cánach den sórt a shonraítear sna forálacha dá dtagraítear i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458 a chur i gcuntas ach roimh chreidmheas i leith aon chánach coigríche arna híoc ar aon ioncam, brabúis nó gnóchain a mheasúnófar don bhliain sin,

gurb é B ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ioncam, brabúis nó gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach don bhliain sin,

gurb é C ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach—

(a) inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 71 (3),

(b) ina ioncam, ina mbrabúis nó ina ngnóchain lena mbaineann alt 822, nó

(c) ina ioncam, ina mbrabúis nó ina ngnóchain a íoctar le stiúrthóir dílseánach nó le céile an duine sin ag cuideachta ar stiúrthóir dílseánach uirthi an duine sin.

(3) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát éileamh chuige sin chun oifigigh údaraithe agus go ndeimhneoidh sé nó sí don oifigeach sin—

(a) go bhfuil sé nó sí ag fáil ioncaim, brabús nó gnóchan ó fhostaíocht cháilitheach,

(b) go gcomhlíontar dualgais na fostaíochta cáilithí sin go hiomlán lasmuigh den Stát i gcríoch, nó i gcríocha, a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas nó lena Rialtais de bhua alt 826,

(c) go bhfuil méid iomlán an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfostaíocht cháilitheach sin, faoi dhlíthe na críche ina sealbhaítear an fhostaíocht cháilitheach nó na críche nó na gcríoch ina gcomhlíontar dualgais na fostaíochta cáilithí, faoi réir an mhuirir cánach, agus nach bhfuil an céanna díolmhaithe, ná nach dtugtar faoiseamh ina leith ar shlí eile, ón muirear cánach,

(d) gur íocadh an cháin choigríche atá dlite ar an ioncam, ar na brabúis nó ar na gnóchain sin ón bhfostaíocht cháilitheach sin, agus nach bhfuil sí aisíoctha ná i dteideal go n-aisíocfaí í, agus

(e) i rith aon seachtaine a bhfuil sé nó sí as láthair ón Stát chun dualgais na fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, go bhfuil sé nó sí i láthair sa Stát ar feadh lae amháin ar a laghad sa tseachtain sin,

beidh sé nó sí, i gcás go mbeadh an méid cánach is iníoctha i leith a ioncaim nó a hioncaim iomláin don bhliain sin, murach an t-alt seo, níos mó ná an méid sonraithe, i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha a laghdú go dtí an méid sonraithe.

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3), an ndéantar dualgais fostaíochta cáilithí a fheidhmiú lasmuigh den Stát, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon dualgais a chomhlíontar sa Stát, nach bhfuil ina gcomhlíonadh ach ní atá teagmhasach le comhlíonadh dhualgais na fostaíochta cáilithí lasmuigh den Stát, mar dhualgais a comhlíonadh lasmuigh den Stát.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach ina n-ábhar d'éileamh ar fhaoiseamh—

(a) faoi alt 472B, nó

(b) faoi alt 823.

(6) Más rud é in aon chás go ndéanfar an cháin is iníoctha i leith ioncaim iomláin pearsan aonair do bhliain mheasúnachta a laghdú de réir fho-alt (3), ní bheidh an phearsa aonair sin, d'ainneoin aon ní i gCuid 35, i dteideal creidmheasa i leith cánach coigríche a íocadh ar an ioncam, ar na brabúis nó ar na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach sa bhliain sin.

(7) Chun críocha an ailt seo, measfar pearsa aonair a bheith i láthair sa Stát ar feadh lae má tá an phearsa aonair i láthair sa Stát i ndeireadh an lae.

(8) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an ioncam, leis na brabúis nó leis na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach, nach n-áirítear iontu aon mhéideanna arna n-íoc i leith caiteachas a tabhaíodh go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas i gcomhlíonadh dhualgais na fostaíochta cáilithí.”.

[EN]

Liúntas maraí, etc.

14.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 458, trí “Alt 472B” a chur isteach i ndiaidh “Alt 472A” (arna chur isteach leis an Acht seo) i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt sin,

[EN]

(b) i gCaibidil 1 de Chuid 15, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 472A (arna chur isteach leis an Acht seo):

Liúntas maraí, etc.

472B.—(1) San alt seo—

tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 818;

ciallaíonn ‘fostaíocht’ oifig nó fostaíocht bhrabúis de shórt a fhágann go bhfuil aon díolaíochtaí de chuid na hoifige nó na fostaíochta brabúis le muirearú i leith cánach faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E;

ciallaíonn ‘turas idirnáisiúnta’ turas a thosaíonn nó a chríochnaíonn i gcalafort lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘Ballstát’ ballstát de na Comhphobail Eorpacha;

forléireofar ‘Clár Ballstáit’ de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le hIris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (Uimh. C205) an 5ú lá d'Iúil, 1997;

ciallaíonn ‘fostaíocht cháilitheach’ fostaíocht, is fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, a ndéantar a dualgais a chomhlíonadh go hiomlán ar bord loinge farraige ar thuras idirnáisiúnta;

ciallaíonn ‘pearsa aonair cháilitheach’ pearsa aonair—

(a) a shealbhaíonn fostaíocht cháilitheach, agus

(b) a bheidh tar éis comhaontú a dhéanamh (ar a dtugtar ‘airteagail chomhaontaithe’) le máistir na loinge sin;

ciallaíonn ‘long farraige’ long—

(a) atá cláraithe i gClár Ballstáit, agus

(b) nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh na trádála arb é atá inti paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht,

ach ní fholaíonn sé soitheach iascaireachta.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar pearsa aonair a bheith as láthair ón Stát ar feadh lae má tá an phearsa aonair as láthair ón Stát i ndeireadh an lae, agus

(b) measfar go bhfolaíonn calafort lasmuigh den Stát rige, ardán nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith in aon limistéar muirí seachas limistéar a ainmnítear le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968.

(3)(a) Faoi réir mhír (b), beidh feidhm ag an alt seo maidir le fostaíocht seachas—

(i) fostaíocht a n-íoctar a díolaíochtaí as ioncam an Stáit, nó

fostaíocht le haon bhord, údarás nó comhlacht eile dá shamhail arna bhunú sa Stát le reacht nó faoi reacht.

(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam ó fhostaíocht—

(i) inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 71 (3), nó

(ii) ina ioncam a bhfuil feidhm ag alt 822 maidir leis.

(4) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát éileamh chuige sin chun oifigigh údaraithe agus go ndeimhneoidh sé nó sí don oifigeach sin gur pearsa aonair cháilitheach é nó í agus go raibh sé nó sí as láthair ón Stát ar feadh 169 lá ar a laghad, nó cibé líon laethanta is mó ná sin a dhéanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, a chur in ionad an lín sin laethanta (nó, de réir mar a bheidh, in ionad an lín laethanta a cuireadh ina ionad leis an ordú is déanaí roimhe sin faoin bhfo-alt seo), sa bhliain sin chun dualgais fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, beidh sé nó sí i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfar asbhaint £5,000 as cibé méid, más aon mhéid é, dá ioncam nó dá hioncam iomlán is inchurtha síos don ioncam, do na brabúis nó do na gnóchain ón bhfostaíocht cháilitheach.

(5) Más rud é, do bhliain mheasúnachta, go n-éileoidh pearsa aonair asbhaint faoin alt seo, ní bheidh sé nó sí i dteideal asbhainte faoi alt 823.

(6) Chun críocha an mhínithe ar ‘fostaíocht cháilitheach’ san alt seo, déileálfar, chun críocha an mhínithe sin, le haon dualgais de chuid na fostaíochta nach gcomhlíontar ar bord loinge farraige ar thuras idirnáisiúnta, agus nach bhfuil ina gcomhlíonadh ach ní atá teagmhasach le comhlíonadh dhualgais na fostaíochta ar bord loinge farraige ar thuras idirnaisiúnta, mar dhualgais a comhlíonadh ar bord na loinge farraige.”,

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 823 i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) (a) San fho-alt seo, tá le ‘fostaíocht cháilitheach’, ‘pearsa aonair cháilitheach’ agus ‘long farraige’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in alt 472B.

[EN]

(b) Más rud é, in aon tréimhse 14 lá ar a laghad as a chéile ina bhfuil pearsa aonair cháilitheach as láthair ón Stát chun dualgais fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, go ndéanann an long farraige ar a gcomhlíonann sé nó sí na dualgais sin sa tréimhse sin—

[EN]

(i) cuairt a thabhairt ar chalafort sa Ríocht Aontaithe, agus

[EN]

(ii) cuairt a thabhairt freisin ar chalafort seachas calafort sa Stát nó sa Ríocht Aontaithe,

[EN]

ansin, ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) d'fho-alt (2) (b) maidir leis an ioncam, leis na brabúis nó leis na gnóchain ón bhfostaíocht cháilitheach don tréimhse sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(d) trí “ailt 472, 472A agus 472B” a chur in ionad “alt 472” in alt 1024 (2) (a) (viii).

[EN]

(2) Tiocfaidh mír (b) d'fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

Iasachtaí barúlacha a bhaineann le scaireanna, etc.

15.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 4 de Chuid 5, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 122:

[EN]

“122A.—(1) San alt seo—

[EN]

folaíonn ‘fáil’, i ndáil le scaireanna, glacadh trí leithroinnt nó sannadh;

[EN]

tá le ‘duine bainteach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 10;

[EN]

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 113;

[EN]

tá le ‘fostaí’ agus ‘fostóir’ na bríonna céanna, faoi seach, a shanntar dóibh le halt 122;

[EN]

tá le ‘fostaíocht’ an bhrí chéanna atá leis in alt 121;

[EN]

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

[EN]

tá le ‘iasacht tosaíochta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 122;

[EN]

folaíonn ‘scaireanna’ urrúis de réir bhrí alt 135 agus stoc.

[EN]

(2) I gcás go ndéanfaidh fostaí, nó duine atá bainteach leis nó léi, scaireanna a fháil i gcuideachta (cibé acu is í nó nach í an chuideachta is fostóir í) agus go bhfaighfear na scaireanna sin ar shaorluach de bhun cirt nó deise atá ar fáil mar gheall ar a fhostaíocht nó a fostaíocht, measfar go dtairbhíonn sé nó sí d'iasacht nach iníoctha ús uirthi (dá ngairtear ‘iasacht bharúlach’ san alt seo) arna tabhairt go díreach nó go neamhdhíreach dó nó di ag duine atá, an tráth a thugtar an iasacht, nó a thagann chun bheith, tráth éigin tar éis an iasacht a thabhairt, ina fhostóir nó ina fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair agus measfar gur iasacht tosaíochta lena mbaineann alt 122 an iasacht bharúlach sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, faoi réir Chaibidil 1 de Chuid 17, maidir le bliain mheasúnachta ina bhfuil iasacht bharúlach ag pearsa aonair, de réir fho-alt (2), agus san alt seo—

[EN]

(a) aon tagairtí do scaireanna a fháil ar shaorluach is tagairtí iad do scaireanna a fháil gan íoc astu an tráth sin nó iad a fháil ar mhéid a íocadh an tráth sin ach is lú ná margadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin (i gceachtar cás, maille le hoibleagáid nó gan oibleagáid íocaíocht nó íocaíocht bhreise a dhéanamh tráth éigin is déanaí), agus

[EN]

(b) aon tagairt, i ndáil le haon scaireanna, don saorluach tráth na fála is tagairt í do mhargadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin lúide aon íocaíocht arna déanamh an tráth sin as na scaireanna.

[EN]

(4) Is é an méid a bheidh gan aisíoc i dtosach den iasacht bharúlach cibé méid den saorluach tráth na fála nach bhfuil inmhuirearaithe i leith cánach mar dhíolaíocht de chuid an fhostaí, agus—

[EN]

(a) leanfaidh an iasacht de bheith gan aisíoc go dtí go bhfoirceannfar í faoi fho-alt (5), agus

[EN]

(b) rachaidh íocaíochtaí nó íocaíochtaí breise a dhéanfar ar na scaireanna tar éis iad a fháil i dtosach chun an méid den iasacht bharúlach a bheidh gan aisíoc a laghdú.

[EN]

(5) Foirceannfar an iasacht bharúlach ar aon cheann de na teagmhais seo a leanas tarlú—

[EN]

(a) go ndéanfar an méid iomlán de a bheidh gan aisíoc a shlánú le híocaíochtaí nó íocaíochtaí breise a dhéanfar ar na scaireanna;

[EN]

(b) más é an cás é nach raibh na scaireanna láníoctha tráth na fála, go ndéanfar aon oibleagáid neamhchomhlíonta nó theagmhasach chun íoc astu a scaoileadh, a aistriú nó a choigeartú, sa tslí nach ceangal í a thuilleadh ar an bhfostaí ná ar aon duine atá bainteach leis nó léi;

[EN]

(c) go ndiúscrófar na scaireanna, trína ngéilleadh nó ar shlí eile, sa tslí nach bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici ná ag aon duine den sórt sin a thuilleadh sna scaireanna;

[EN]

(d) go bhfaighidh an fostaí bás.

[EN]

(6) Más ar shlí dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (b) nó (c) a fhoirceanntar an iasacht bharúlach, beidh feidhm ag forálacha alt 122 (3) amhail is dá mba rud é go raibh méid is comhionann leis an méid den iasacht bharúlach a bheidh gan aisíoc an tráth sin scaoilte nó díscríofa ó iasacht a thagann faoi réim an ailt sin.

[EN]

(7) Más rud é go bhfaightear scaireanna, cibé acu ar shaorluach nó nach ea, ach thairis sin de réir mar atá luaite i bhfo-alt (2), agus—

[EN]

(a) go ndiúscrófar na scaireanna ina dhiaidh sin, trína ngéilleadh nó ar shlí eile, sa tslí nach bhfuil leas tairbhiúil ag an bhfostaí ná ag aon duine atá bainteach leis nó léi a thuilleadh iontu, agus

[EN]

(b) gur diúscairt í ar chomaoin is mó ná margadhluach na scaireanna an tráth sin,

[EN]

ansin, don bhliain ina ndéantar an diúscairt, déanfar an méid den bharrachas a bheidh gan aisíoc a áireamh mar dhíolaíochtaí de chuid fhostaíocht an fhostaí agus, dá réir sin, mar mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D nó Sceideal E.

[EN]

(8) Más rud é, tráth an teagmhais ba bhun le muirear de bhua fho-alt (6), go mbeidh an fhostaíocht atá i gceist foirceanta, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin amhail is dá mba rud é nach raibh sí foirceanta.

[EN]

(9) Ní eascróidh aon mhuirear faoi fho-alt (6) faoi threoir aon diúscartha arna déanamh tar éis bhás an fhostaí, cibé acu ag a ionadaí nó a hionadaí pearsanta nó ar shlí eile.

[EN]

(10) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le fáil agus diúscairt leasa i scaireanna ar leas é is lú ná lánúinéireacht thairbhiúil (lena n-áirítear leas sna fáltais ó dhíol cuid de na scaireanna ach gan scair-rogha a áireamh) faoi mar atá feidhm aige i ndáil le fáil agus diúscairt scaireanna, faoi réir an mhéid seo a leanas:

[EN]

(a) forléireofar tagairt do na scaireanna a fhaightear mar thagairt don leas i scaireanna a fhaightear,

[EN]

(b) forléireofar tagairt do mhargadhluach na scaireanna a fhaightear mar thagairt don chion, a fhreagraíonn do mhéid an leasa, de mhargadhluach na scaireanna ina bhfuil an leas ar marthain,

[EN]

(c) forléireofar tagairt do scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a fhaightear mar thagairt do scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna ina bhfuil an leas ar marthain,

[EN]

(d) forléireofar tagairt do mhargadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin mar thagairt don chion den luach sin a fhreagraíonn do mhéid an leasa.

[EN]

(11) San alt seo, folaíonn aon tagairt d'íoc as scaireanna aon chomaoin in airgead nó i luach airgid a thabhairt nó aon suibscríobh a dhéanamh, cibé acu de bhun dliteanais dhlíthiúil nó nach ea.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag alt 122A, arna chur isteach leis an alt seo—

[EN]

(a) i gcás fho-alt (2) den chéanna, amhail ar an agus ón 4ú lá de Mhárta, 1998, maidir le scaireanna a fhaightear (cibé acu roimh an dáta sin nó dá éis); ach más rud é go bhfuarthas na scaireanna roimh an dáta sin, measfar, maidir leis an iasacht bharúlach dá dtagraítear san fho-alt sin, gur tugadh í ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, i méid is comhionann leis an méid den iasacht sin a bhí gan aisíoc ar an dáta sin,

[EN]

(b) i gcás fho-alt (6) den chéanna, maidir le foirceannadh iasachta ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis, agus

[EN]

(c) i gcás fho-alt (7) den chéanna, maidir le diúscairt arna déanamh ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Faoiseamh don lucht dífhostaithe fadtéarma.

16.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) i gCaibidil 6 de Chuid 4, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 88:

“Asbhaint dhúbailte i leith díolaíochtaí áirithe.

88A.—(1) San alt seo—

tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321(2);

tá le ‘díolaíochtaí’, ‘fostaíocht’, ‘scéim fostaíochta’, ‘fostaíocht cháilitheach’, agus ‘pearsa aonair cháilitheach’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in alt 472A;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’, i ndáil le fostaíocht cháilitheach, an tréimhse 36 mhí dar tosach an dáta a thosaíonn an fhostaíocht sin.

(2) (a) Más rud é, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ó thrádáil nó ó ghairm do thréimhse inmhuirearaithe a bheith á ríomh, go mbeidh duine, ar leith ón alt seo, i dteideal asbhainte (dá ngairtear ‘an chéad asbhaint a luaitear’ san fho-alt seo)—

(i) ar cuntas díolaíochtaí is iníoctha le pearsa aonair cháilitheach i leith fostaíochta cáilithí, agus

(ii) ar cuntas ranníoc an fhostóra leis an gCiste Árachais Shóisialaigh is iníoctha, i leith na ndíolaíochtaí sin, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh,

beidh an duine sin, sa ríomh sin, i dteideal asbhainte breise (dá ngairtear ‘an dara hasbhaint a luaitear’ san fho-alt seo) is comhionann le méid na chéad asbhainte a luaitear maidir leis an bhfostaíocht cháilitheach sin.

(b) Ní dheonófar faoiseamh faoin alt seo i leith fostaíochta cáilithí—

(i) maidir le dara hasbhaint a luaitear a bhaineann le tréimhse inmhuirearaithe nó le cuid de thréimhse inmhuirearaithe lasmuigh den tréimhse cháilitheach i ndáil leis an bhfostaíocht cháilitheach sin, nó

(ii) má tá an t-éilitheoir nó an phearsa aonair cháilitheach ag tairbhiú, nó tar éis tairbhiú, faoi scéim fostaíochta, cibé acu reachtúil nó eile.

(c) Chun críocha an ailt seo, measfar nach scéim fostaíochta gníomhaíocht, clár nó cúrsa a luaitear in alt 472A (1)(b)(i).”,

(b) i gCaibidil 1 de Chuid 15—

(i) in alt 458, trí “Alt 472A” a chur isteach i gCuid 1 den Tábla a ghabhann leis an alt sin i ndiaidh “Alt 472”, agus

(ii) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 472:

“Asbhaint dhúbailte i leith díolaíochtaí áirithe.

472A.—(1) (a) San alt seo—

tá le ‘stiúrthóir’ agus ‘stiúrthóir dílseánach’ na bríonna céanna atá leo, faoi seach, in alt 472;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (1) (a) d'alt 472 agus, i ndáil leis na heisiaimh ón míniú sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt sin dá réir sin;

ciallaíonn ‘fostaíocht’ oifig nó fostaíocht bhrabúis de shórt a fhágann go bhfuil aon díolaíochtaí de chuid na hoifige nó na fostaíochta brabúis le muirearú i leith cánach faoi Sceideal E;

ciallaíonn ‘scéim fostaíochta’ scéim nó clár lena bhforáiltear go ndéanfar deontas, fóirdheontas nó íocaíocht eile den sórt sin, a bheidh maoinithe go hiomlán nó go príomha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát nó ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, a íoc i leith fostaíochta le fostóir nó le fostaí;

tá le ‘leanbh cáilitheach’, i ndáil le héilitheoir agus bliain mheasúnachta, an bhrí chéanna atá leis in alt 462 agus, maidir leis an gceist i dtaobh an leanbh cáilitheach leanbh, cinnfear í ar an mbonn céanna is a chinnfí í chun críocha alt 462, agus beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (6) den alt sin dá réir sin;

ciallaíonn ‘fostaíocht cháilitheach’ fostaíocht—

(i) a thosaíonn an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis,

(ii) a mhaireann 30 uair an chloig ar a laghad sa tseachtain, agus

(iii) ar cumas di leanúint ar aghaidh ar feadh 12 mhí ar a laghad,

ach ní fholaíonn sé—

(I) fostaíocht ónar dífhostaíodh an sealbhóir roimhe sin go héagórach,

(II) fostaíocht le duine a rinne, sna 26 sheachtain díreach sular thosaigh pearsa aonair cháilitheach ar fhostaíocht, an líon fostaithe i dtrádáil nó i ngairm an duine sin a laghdú trí iomarcaíocht, nó

(III) fostaíocht a n-eascraíonn breis agus 75 faoin gcéad de na díolaíochtaí ina leith ó choimisiúin;

ciallaíonn ‘pearsa aonair cháilitheach’ pearsa aonair a thosaíonn ar fhostaíocht cháilitheach agus—

(i) (I) díreach roimh thosach na fostaíochta cáilithí sin, a bhí dífhostaithe go leanúnach de réir bhrí alt 120 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993, ar feadh tréimhse 312 lá agus a bhí—

(A) ag fáil sochair dhífhostaíochta faoi Chaibidil 9 de Chuid II den Acht sin,

(B) ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III den Acht sin, nó

(C) ag fáil íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora faoi Chaibidil 9 de Chuid III den Acht sin, nó

(II) atá in aon earnáil speisialta eile daoine a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh le toiliú an Aire Airgeadais,

agus

(ii) nár phearsa aonair cháilitheach chun críocha an ailt seo é nó í roimhe sin;

‘ciallaíonn ‘íocaíocht dífhostaíochta’ íocaíocht sochair dhífhostaíochta nó cúnaimh dhífhostaíochta is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.

(b) Chun críocha an mhínithe ar ‘pearsa aonair cháilitheach’—

(i) measfar gur tréimhse dífhostaíochta chun críocha an ailt seo—

(I) aon tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna neamhcheardaíochta arna sholáthar nó arna cheadú ag an bhForas Áiseanna Saothair,

(II) aon tréimhse páirteachais i gclár arna riaradh ag an bhForas Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar an Scéim Fostaíochta Pobail,

(III) aon tréimhse páirteachais i gclár arna riaradh ag an bhForas Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar an Tionscnamh Post,

(IV) aon tréimhse páirteachais i ngníomhaíocht, nó aon tréimhse páirteachais i ngníomhaíocht nó freastail ar ghníomhaíocht, lena mbaineann mír (g) nó (h), faoi seach, d'alt 120 (5) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993,

agus

(ii) maidir le haon íocaíocht i leith tréimhse freastail ar ghníomhaíocht, ar chlár nó ar scéim, nó tréimhse páirteachais sa chéanna, a luaitear i bhfomhír (i), measfar gur íocaíocht dífhostaíochta í chun críocha an ailt seo más rud é go raibh an phearsa aonair cháilitheach lena mbaineann ag fáil íocaíochta dífhostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse sin.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair gur pearsa aonair cháilitheach é nó í, beidh sé nó sí, i ndáil leis na 3 bliana measúnachta dar tosach—

(a) an bhliain mheasúnachta ina dtosaíonn fostaíocht cháilitheach, nó

(b) trí roghnú a dhéanfaidh sé nó sí i scríbhinn chuig an gcigire, an bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta ina dtosaíonn an fhostaíocht cháilitheach,

i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfar asbhaint as cibé méid dá ioncam nó dá hioncam iomlán is inchurtha síos do dhíolaíochtaí ón bhfostaíocht cháilitheach sin mar a leanas:

(i) don chéad bhliain de na 3 bliana sin, £3,000,

(ii) don dara bliain de na 3 bliana sin, £2,000, agus

(iii) don tríú bliain de na 3 bliana sin, £1,000.

(3) (a) Faoi réir fhorálacha mhíreanna (b) agus (c), más rud é, maidir le pearsa aonair cháilitheach atá i dteideal asbhainte faoi fho-alt (2) do bhliain amháin nó níos mó de na 3 bliana measúnachta dá dtagraítear san fho-alt sin, go gcruthóidh sé nó sí, maidir le bliain amháin nó níos mó de na blianta sin, go bhfuil cónaí ar leanbh cáilitheach in éineacht leis nó léi ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh cuid den bhliain, beidh sé nó sí, i leith gach bliana de na 3 bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a gcruthóidh sé nó sí amhlaidh i ndáil léi, i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfar asbhaint as cibé méid dá ioncam nó dá hioncam iomlán is inchurtha síos do dhíolaíochtaí ón bhfostaíocht cháilitheach sin mar a leanas:

(i) don chéad bhliain de na 3 bliana sin, £1,000 i leith gach linbh cháilithigh,

(ii) don dara bliain de na 3 bliana sin, £666 i leith gach linbh cháilithigh, agus

(iii) don tríú bliain de na 3 bliana sin, £334 i leith gach linbh cháilithigh.

(b) Ní cheadófar ach asbhaint amháin £1,000, £666 agus £334 i leith gach linbh cháilithigh.

(c) Más rud é, do bhliain mheasúnachta, go mbeadh, murach an mhír seo, 2 phearsa aonair cháilitheacha nó níos mó i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith an linbh cháilithigh chéanna, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) is é méid na hasbhainte a dheonófar don bhliain sin i leith an linbh cháilithigh an méid a bheidh dlite faoi mhír (a) faoi réir fhorálacha mhír (b),

(ii) más ag duine amháin de na pearsana aonair cáilitheacha lena mbaineann atá an leanbh cáilitheach á chothabháil nó á cothabháil, beidh an phearsa aonair sin i dteideal an asbhaint a éileamh,

(iii) más ag pearsa aonair cháilitheach amháin nó níos mó i gcomhpháirt atá an leanbh cáilitheach á chothabháil nó á cothabháil, déanfar an asbhaint a bheidh dlite don bhliain mheasúnachta i leith an linbh a chionroinnt idir na pearsana aonair cáilitheacha a dhéanann ranníoc i leith chothabháil an linbh—

(I) sa chomhréir chéanna ina gcothabhálann gach duine acu an leanbh, nó

(II) i cibé modh a chuirfidh siad in iúl i scríbhinn i gcomhpháirt don chigire;

(iv) d'fhonn a fhionnadh chun críocha an fho-ailt seo an gcothabhálann pearsa aonair cháilitheach leanbh cáilitheach, measfar, maidir le haon íocaíocht a dhéanann an phearsa aonair sin faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh agus atá an phearsa aonair i dteideal a asbhaint le linn a ioncam nó a hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, nach íocaíocht í faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh.

(4) Más rud é, laistigh de na 3 bliana a luaitear i bhfo-alt (3), go scoirfidh an fhostaíocht cháilitheach (dá ngairtear ‘an chéad fhostaíocht a luaitear’ san fho-alt seo) a bhfuil an phearsa aonair cháilitheach i dteideal asbhainte ina leith faoi fho-alt (2), beidh an phearsa aonair cháilitheach i dteideal go ndéanfar cibé méid de na hasbhaintí a luaitear i bhfo-ailt (2) agus (3) nach féidir a fhritháireamh in aghaidh a dhíolaíochtaí nó a díolaíochtaí ón gcéad fhostaíocht a luaitear a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh na ndíolaíochtaí ón gcéad fhostaíocht cháilitheach eile a bheidh aige nó aici, agus ón gcéad fhostaíocht cháilitheach eile sin amháin, ach ní mó an asbhaint d'aon bhliain mheasúnachta a dhéanfar a fhritháireamh in aghaidh na ndíolaíochtaí ó cheachtar fostaíocht cháilitheach nó ón dá fhostaíocht cháilitheacha ná na hasbhaintí a bheidh dlite faoi fho-ailt (2) agus (3) don bhliain sin.

(5) (a) Ní bheidh na hasbhaintí a luaitear i bhfo-ailt (2) agus (3) dlite má tá an phearsa aonair cháilitheach, nó má tá a fhostóir nó a fostóir, ag tairbhiú, nó tar éis tairbhiú, i leith na fostaíochta cáilithí ar ina leith a dhéantar éileamh faoin alt seo, faoi scéim fostaíochta, cibé acu reachtúil nó eile.

(b) Chun críocha an mhínithe ar scéim fostaíochta, measfar nach scéim fostaíochta gníomhaíocht, clár nó cúrsa a luaitear i bhfo-alt (2).

(6) Maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo—

(a) déanfar é i cibé foirm a shocróidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham, agus

(b) beidh cibé faisnéis ann, agus beidh cibé ráiteas i scríbhinn a bheidh curtha in iúl san fhoirm sin ag gabháil leis, a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha an ailt.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) i gCaibidil 1 de Chuid 44, trí “ailt 472 agus 472A” a chur in ionad “alt 472” in alt 1024(2)(a)(viii).

[EN]

Faoiseamh i leith bronntanas a thabharfar do scoileanna sainithe.

17.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

( a) i gCaibidil 1 de Chuid 15, trí “Alt 485A(4)” a chur isteach i ndiaidh “Alt 478” i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458,

[EN]

(b) i gCaibidil 2 de Chuid 15, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 485:

“Faoiseamh i leith bronntanas a thabharfar do scoileanna sainithe.

485A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán ar cóimhéid leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;

ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe’ comhlacht daoine —

(a) arna bhunú d'aon toisc chun cistí a chruinniú chun sochair do scoil shainithe ainmnithe amháin nó níos mó,

(b) arb iad a bheidh ann daoine is patrúin, iontaobhaithe, úinéirí nó gobharnóirí de chuid na scoile sainithe ainmnithe amháin sin nó de chuid na scoileanna sainithe ainmnithe sin, agus

(c) arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire;

ciallaíonn ‘scoil shainithe’ bunscoil nó iarbhunscoil atá ag fáil deontais mhéadaithe a íocann an tAire as cistí a sholáthraíonn an tOireachtas;

ciallaíonn ‘deontais mhéadaithe’ deontais, ar deontais iad atá níos mó ná na deontais chaipitíochta a íocann an tAire de ghnáth le bunscoileanna nó le hiar-bhunscoileanna agus a íoctar le scoileanna a bhfuil, i dtuairim an Aire, cion substaintiúil dá gcuid mac léinn faoi mhíbhuntáiste sóisialta nó eacnamaíochta;

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Oideachais agus Eolaíochta;

ciallaíonn ‘bronntanas iomchuí’ bronntanas airgid—

(a) a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, do scoil shainithe d'aon toisc chun gníomhaíochtaí na scoile sin a mhaoiniú nó do chomhlacht ceadaithe d'aon toisc chun gníomhaíochtaí scoile sainithe ainmnithe amháin nó níos mó a mhaoiniú,

(b) a chuireann nó a chuirfidh an scoil shainithe nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, chun feidhme chun na críche sin, agus

(c) ar leith ón alt seo, nach bhfuil inasbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh chun críocha cánach nó nach ioncam é lena mbaineann forálacha alt 792, nó nach bronntanas airgid é lena mbaineann forálacha alt 484;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás go gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil bronntanas iomchuí tugtha ag duine agus go n-éileoidh sé nó sí faoiseamh ó cháin faoi threoir an bhronntanais sin, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (4) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (7).

(3) Le linn glanmhéid an bhronntanais iomchuí a bheith á chinneadh chun críocha fho-ailt (4) agus (7), asbhainfear ó mhéid an bhronntanais méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine lena mbaineann de thoradh an bronntanas a thabhairt, cibé acu a fuarthas í go díreach nó go neamhdhíreach ón scoil shainithe nó ón gcomhlacht ceadaithe dár tugadh an bronntanas nó ar shlí eile.

(4) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas iomchuí, déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an duine don bhliain mheasúnachta sin, seachas de réir alt 16(2), a laghdú de mhéid arb é an méid is lú é díobh seo a leanas—

(a) an méid is comhionann leis an gcéatadán cuí de ghlanmhéid an bhronntanais iomchuí, agus

(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go neamhní.

(5) Chun críocha fho-alt (4), i gcás duine a mheasúnaítear i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir alt 1017, déanfar aon bhronntanas iomchuí a thug céile an duine sa bhliain sin, a mbeadh céile an duine i dteideal faoisimh ina leith faoin alt seo dá ndéanfaí an céile sin a mheasúnú i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir alt 1016 (ar leith ó fho-alt (2) den alt sin) a mheas mar bhronntanas iomchuí a thug an duine, agus dá réir sin, beidh feidhm ag fo-alt (6) maidir leis an mbronntanas iomchuí sin ar leith ó aon bhronntanas iomchuí a bheidh tugtha ag an duine.

(6) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine do bhliain mheasúnachta—

(a) mura mó ná £250 glanmhéid an bhronntanais iomchuí (nó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas iomchuí) a bheidh tugtha ag an duine sa bhliain mheasúnachta, nó

(b) don mhéid ar mó ná £1,000 glanmhéid an bhronntanais iomchuí (nó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas iomchuí) a bheidh tugtha ag an duine sa bhliain mheasúnachta.

(7) I gcás go dtugann cuideachta bronntanas iomchuí i dtréimhse chuntasaíochta, déileálfar, chun críocha cánach corparáide, le glanmhéid an bhronntanais—

(a) mar chaiteachas trádála inasbhainte de chuid trádála atá á seoladh ag an gcuideachta, nó

(b) mar chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána na cuideachta a bheith á ríomh,

don tréimhse chuntasaíochta.

(8) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo—

(a) i leith bronntanais nó bronntanas iomchuí a thugann cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta do scoil shainithe áirithe nó do chomhlacht ceadaithe áirithe, de réir mar a bheidh—

(i) mura mó ná £250 glanmhéid an bhronntanais iomchuí (nó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas iomchuí), nó

(ii) don mhéid ar mó ná £10,000 glanmhéid an bhronntanais iomchuí (nó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas iomchuí),

(b) sa mhéid gur mó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas iomchuí go léir a bheidh tugtha ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta do níos mó ná scoil shainithe agus comhlacht ceadaithe amháin, ná an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) £50,000, nó

(ii) 10 faoin gcéad de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sula gcuirtear an faoiseamh faoin alt seo i gcuntas.

(9) I gcás go dtugann cuideachta bronntanas iomchuí i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta is giorra ná 12 mhí, déanfar na méideanna £10,000 agus £50,000 a shonraítear i bhfo-alt (8) a laghdú go comhréireach.

(10) I gcás go dtugann duine inmhuirearaithe, de réir bhrí Chuid 41, bronntanas iomchuí, déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear ar an duine sin a sheachadadh faoi alt 951 don tréimhse inmhuirearaithe ina dtugtar an bronntanas.

(11) I gcás go n-éiríonn aon cheist maidir le cibé acu—

(a) is comhlacht ceadaithe comhlacht,

(b) is scoil shainithe scoil, nó

(c) is bronntanas iomchuí bronntanas,

chun críocha an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire.

(12) Déanfaidh gach scoil shainithe, nuair a cheanglaítear uirthi le fógra i scríbhinn ón Aire déanamh amhlaidh, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an Aire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ar tuairisceán é ina mbeidh sonraí faoi mhéid comhiomlán na mbronntanas iomchuí a fuair an scoil sa tréimhse a shonrófar san fhógra.

(13) Déanfaidh gach comhlacht ceadaithe, nuair a cheanglaítear air le fógra i scríbhinn ón Aire déanamh amhlaidh, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an Aire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ar tuairisceán é ina mbeidh sonraí faoi mhéid comhiomlán na mbronntanas iomchuí a fuair an comhlacht sa tréimhse a shonrófar san fhógra agus faoi dhiúscairt na mbronntanas sin.

(14) Measfar bronntanas iomchuí a bheith tugtha do scoil shainithe chun críocha an ailt seo i gcás é a bheith tugtha d'aon duine nó daoine a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialaithe, bainistíochta nó iontaobhaíochta ar an scoil nó ina leith.

(15) Chun críocha éilimh ar fhaoiseamh faoin alt seo, tabharfaidh scoil shainithe nó comhlacht ceadaithe, ar bhronntanas iomchuí a ghlacadh, admháil don duine a bheidh ag tabhairt an bhronntanais iomchuí—

(a) a mbeidh ráiteas inti—

(i) gur admháil í chun críocha an ailt seo,

(ii) gur scoil shainithe nó comhlacht ceadaithe chun críocha an ailt seo an scoil nó an comhlacht, de réir mar a bheidh, agus

(iii) gur bronntanas iomchuí chun críocha an ailt seo an bronntanas ar ina leith a thugtar an admháil, agus

(b) a thaispeánfaidh—

(i) ainm agus seoladh an duine a bheidh ag tabhairt an bhronntanais iomchuí,

(ii) glanmhéid an bhronntanais iomchuí i bhfigiúirí agus i bhfocail araon,

(iii) dáta an bhronntanais iomchuí,

(iv) ainm iomlán na scoile sainithe nó an chomhlachta cheadaithe, de réir mar a bheidh, agus

(v) dáta eisiúna na hadmhála, agus

(c) a bheidh sínithe ag oifigeach cuí-údaraithe de chuid na scoile sainithe nó an chomhlachta cheadaithe.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) i gCaibidil 1 de Chuid 44, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (x) in alt 1024(2)(a):

[EN]

“(xa) gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 485A, ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile de réir mar is eisean nó ise a thug an bronntanas iomchuí ar dá bharr an faoiseamh;”.

[EN]

Leasú ar alt 200 (pinsin choigríche áirithe) den Phríomh-Acht.

18.—Leasaítear leis seo alt 200 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le pinsean lena mbaineann fomhír (b) de mhír 1 d'Airteagal 18 (Pinsin, Slándáil Shóisialta, Blianachtaí, Ailiúnas agus Tacaíocht Leanaí) den Choinbhinsiún idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hImghabháil Fhioscach maidir le Cánacha ar Ioncam agus ar Ghnóchain Chaipitiúla arna shíniú i mBaile Átha Cliath an 28ú lá d'Iúil, 1997.”.

[EN]

Leasú ar alt 268 (an bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”) den Phríomh-Acht.

19.—Leasaítear leis seo alt 268 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5)(a)(iii) trí “30ú lá de Mheán Fómhair, 1998” a chur in ionad “31ú lá de Nollaig, 1997”.

[EN]

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh agus déanmhas aerfoirt.

20.—Leasaítear leis seo Cuid 9 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 268—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g) (arna cur isteach leis an Acht seo):

[EN]

“(h) chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú aerfoirt, seachas foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann mír (f),”,

[EN]

(ii) i bhfo-alt (9), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) (arna cur isteach leis an Acht seo):

[EN]

“(e) faoi threoir mhír (h), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú—

[EN]

(i) ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta ar an lá dílseacháin nó dá éis, agus

[EN]

(ii) ag aon duine eile ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998, nó dá éis.”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

[EN]

“(10) Chun críocha na Coda seo, tá le ‘an lá dílseacháin’ an bhrí chéanna atá leis sa Bhille a tíolacadh do Dháil Éireann ag an Aire Fiontar Poiblí an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, do dhéanamh socrú, i measc nithe eile, chun Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionna agus Aerfort Chorcaí a dhílsiú d'Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta.”,

[EN]

(b) in alt 272—

[EN]

(i) i bhfo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f) (arna cur isteach leis an Acht seo):

[EN]

“(g) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(h), le 4 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).”,

[EN]

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(3A)(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas a bheidh ar marthain—

[EN]

(i) i gcás Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, ar an lá dílseacháin, agus

[EN]

(ii) i gcás aon duine eile, ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998,

[EN]

agus a bheidh á úsáid chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú aerfoirt, nach innealra nó gléasra nó foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 268(1)(f).

[EN]

(b) Chun críocha na Coda seo, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis, measfar caiteachas a bheith tabhaithe—

[EN]

(i) i gcás Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, ar an lá dílseacháin, agus

[EN]

(ii) i gcás aon duine eile, ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998,

[EN]

ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, ar caiteachas é de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i dtosach ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

[EN]

gurb é B méid na liúntas síos-scríofa a thabharfaí faoin alt seo i leith an chaiteachais chaipitiúil dá dtagraítear in A dá mba rud é gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(h) an foirgneamh nó an déanmhas gach uile thráth agus sin ar an toimhde go raibh feidhm ag an alt sin maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh—

[EN]

(I) i gcás Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, roimh an lá dílseacháin, agus

[EN]

(II) i gcás aon duine eile, roimh dháta rite an Achta Airgeadais, 1998.

[EN]

(3B) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 268(1)(f), ar foirgneamh nó déanmhas é a bheidh ar marthain ar an lá dílseacháin agus a bheidh dílsithe d'Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta ar an lá sin.

[EN]

(b) Chun críocha na Coda seo, i gcás foirgnimh nó déanmhais a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis, measfar caiteachas a bheith tabhaithe ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta ar an lá dílseacháin ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, ar caiteachas é de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i dtosach ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

[EN]

gurb é B méid na liúntas síos-scríofa a thabharfaí faoin alt seo i leith an chaiteachais chaipitiúil dá dtagraítear in A don tréimhse go dtí an lá roimh an lá dílseacháin dá mba rud é go raibh éileamh ar na liúntais sin déanta go cuí agus ceadaithe.”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) i bhfo-alt (4)—

[EN]

(I) i mír (d), trí “agus” a scriosadh,

[EN]

(II) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

[EN]

“(e) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(f), 25 bliana dar tosach—

[EN]

(i) an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

[EN]

(ii) i gcás foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann fo-alt (3B), an lá dílseacháin,”,

[EN]

agus

[EN]

(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f) (arna cur isteach leis an Acht seo):

[EN]

“(g) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(h), 25 bliana dar tosach—

[EN]

(i) an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

[EN]

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann fo-alt (3A)—

[EN]

(I) i gcás Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, an lá dílseacháin, agus

[EN]

(II) i gcás aon duine eile, dáta rite an Achta Airgeadais, 1998.”,

[EN]

(c) in alt 274(1)(b)—

[EN]

(i) i bhfomhír (iv), trí “agus” a scriosadh,

[EN]

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

[EN]

“(v) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(f), níos mó ná 25 bliana—

[EN]

(I) tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

[EN]

(II) i gcás foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann alt 272(3B), an lá dílseacháin, agus”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v):

[EN]

“(vi) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(h), níos mó ná 25 bliana—

[EN]

(I) tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

[EN]

(II) maidir le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 272(3A)—

[EN]

(A) i gcás Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, tar éis an lae dílseacháin, agus

[EN]

(B) i gcás aon duine eile, tar éis dháta rite an Achta Airgeadais, 1998.”,

[EN]

agus

[EN]

(d) in alt 284, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

[EN]

“(8) Chun críocha na Coda seo, measfar caiteachas caipitiúil a bheith tabhaithe ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, ar an lá dílseacháin, ag soláthar innealra nó gléasra arb é an

[EN]

t-innealra nó an gléasra é a dhílsítear d'Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta an lá sin, agus measfar gurb é costas iarbhír an innealra nó an ghléasra sin méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A costas bunaidh iarbhír an innealra nó an ghléasra, agus aon chaiteachas de ghné caiteachais chaipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra ar mhodh athnuachana, feabhsaithe nó athshuímh a chur san áireamh sa chostas sin, agus

gurb é B méid aon liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfaí faoin alt seo i leith an innealra nó an ghléasra ón uair a soláthraíodh an t-innealra nó an gléasra i dtosach dá mba rud é go raibh éileamh ar na liúntais sin déanta go cuí agus ceadaithe.”.

[EN]

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le liúntais chaipitiúla áirithe.

21.—Leasaítear leis seo Cuid 9 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in ailt 271(3)(c) agus 273(7)(a)(i)—

[EN]

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ngach ceann de na forálacha sin i ndiaidh “an 31ú lá de Nollaig, 1997”, sa chéad áit a bhfuil sé:

[EN]

”, nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, dá mbeadh an caiteachas sin tabhaithe roimh an 31ú lá de Nollaig, 1997, murach imthosca a bheith ann ba chúis le himeachtaí dlí a thionscnamh, ar imeachtaí iad a bhí ina n-ábhar d'ordú ón Ard-Chúirt arna dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) trí “sa chéad áit a bhfuil sí,” a chur isteach i ngach ceann de na forálacha sin i ndiaidh “an tagairt don 31ú lá de Nollaig, 1997,”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in ailt 283(5) agus 285(7)(a)(i)—

[EN]

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ngach ceann de na forálacha sin i ndiaidh “an 31ú lá de Nollaig, 1997”, sa chéad áit a bhfuil sé:

[EN]

“, nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, más rud é go bhfuil sé á sholáthar d'aon toisc lena úsáid i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas tionscail dá dtagraítear in ailt 271(3)(c) agus 273(7)(a)(i) agus go mbeadh caiteachas i leith an tsoláthair sin tabhaithe roimh an 31ú lá de Nollaig, 1997, murach imthosca a bheith ann ba chúis le himeachtaí dlí a thionscnamh, ar imeachtaí iad a bhí ina n-ábhar d'ordú ón Ard-Chúirt arna dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) trí “sa chéad áit a bhfuil sí,” a chur isteach i ngach ceann de na forálacha sin i ndiaidh “an tagairt don 31ú lá de Nollaig, 1997,”.

[EN]

Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe banaltrais príobháideacha.

22.—Leasaítear leis seo Cuid 9 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 268—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1)—

[EN]

(I) i mír (e), trí “alt 654,” a chur in ionad “alt 654, nó”, agus

[EN]

(II) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

[EN]

“(g) chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú tí banaltrais de réir bhrí alt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais), 1990, ar teach banaltrais é atá cláraithe faoi alt 4 den Acht sin, nó”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) i bhfo-alt (9)—

[EN]

(I) i mír (b), trí “agus” a scriosadh,

[EN]

(II) i mír (c), trí “nó dá éis,” a chur in ionad “nó dá éis.”, agus

[EN]

(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

[EN]

“(d) faoi threoir mhír (g), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, agus”,

[EN]

(b) in alt 272—

[EN]

(i) i bhfo-alt (3)—

[EN]

(I) i mír (d), trí “agus” a scriosadh,

[EN]

(II) i mír (e), trí “i bhfo-alt (2)(c),” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(c).”, agus

[EN]

(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(g), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), agus”,

[EN]

(ii) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(g), 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, agus”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (6):

[EN]

“(7) Chun críocha an ailt seo, i gcás ina mbeidh liúntas síos-scríofa tugtha do dhuine d'aon tréimhse inmhuirearaithe i leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais de réir bhrí mhír (d) d'alt 268(1) agus nach mbeidh an foirgneamh nó an déanmhas in úsáid, i ndeireadh tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse, chun na gcríoch a shonraítear sa mhír sin, ansin, i ndáil leis an gcaiteachas sin—

[EN]

(a) ní dhéileáfar leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas a scoireann de bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail más rud é, ar scor dá úsáid chun na gcríoch a shonraítear i mír (d) d'alt 268(1), go ndéantar é a athchóiriú lena úsáid chun na gcríoch a shonraítear i mír (g) den alt sin agus go bhfuil sé in úsáid chun na gcríoch sin is déanaí a luaitear i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse, agus

[EN]

(b) maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin nó lena bonntréimhse agus le haon tréimhse inmhuirearaithe dá éis nó lena bonntréimhse, déileáfar leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas, d'ainneoin scor dá úsáid chun na gcríoch a shonraítear i mír (d) d'alt 268(1), amhail is dá mbeadh sé in úsáid chun na gcríoch sin más rud é, i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse, go bhfuil an foirgneamh nó an déanmhas in úsáid chun na gcríoch a shonraítear i mír (g) den alt sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) in alt 274(1)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

[EN]

“(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (c), (e) nó (g) d'alt 268(1), níos mó ná 10 mbliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair,”.

[EN]

Liúntais chaipitiúla le haghaidh bád iascaireachta mara áirithe.

23.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 284, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(3A) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hinnealra nó gléasra arb é atá ann bád iascaireachta mara atá cláraithe i gClár na mBád Iascaireachta agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse 3 bliana dar tosach an lá ceaptha, ar caiteachas é atá deimhnithe ag Bord Iascaigh Mhara mar chaiteachas caipitiúil arna thabhú chun críocha athnuachana cabhlaigh sna hearnálacha trál ilchineálach agus bíoma den chabhlach iascaireachta.

[EN]

(b) D'ainneoin fho-alt (2), ach faoi réir fho-alt (4), déanfar liúntais chaithimh agus chuimilte a bheidh le tabhairt d'aon duine i leith innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo a thabhairt le linn tréimhse síosscríofa 8 mbliana dar tosach an chéad tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse ar leis an duine sin an t-innealra nó an gléasra ina deireadh agus é in úsáid an tráth sin chun críocha thrádáil an duine sin, agus is é a bheidh sna liúntais sin—

[EN]

(i) maidir leis an gcéad bhliain den tréimhse síos-scríofa, méid is comhionann le 50 faoin gcéad de chostas iarbhír an innealra nó an ghléasra, agus aon chaiteachas de ghné caiteachais chaipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra sin trí bhíthin athnuachana, feabhsaithe nó athshuímh á chur san áireamh sa chostas iarbhír sin,

[EN]

(ii) maidir le gach bliain de na chéad 6 bliana eile den tréimhse síos-scríofa, méid is comhionann le 15 faoin gcéad d'iarmhéid an chostais iarbhír sin tar éis aon liúntas a tugadh de bhua fhomhír (i) a asbhaint, agus

[EN]

(iii) maidir leis an mbliain dheireanach den tréimhse síos-scríofa, méid is comhionann le 10 faoin gcéad d'iarmhéid an chostais iarbhír sin tar éis aon liúntas a tugadh de bhua fhomhír (i) a asbhaint.

[EN]

(c) Más rud é gurb é atá i dtréimhse inmhuirearaithe nó ina bonntréimhse tréimhse is giorra ná bliain, ní mó an liúntas caithimh agus cuimilte ná cibé cuid den mhéid a shonraítear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii), de réir mar is cuí, de mhír (b), a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse agus tréimhse bliana.

[EN]

(d) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh cibé lá (dá ngairtear an ‘lá ceaptha’ san fho-alt seo) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 403, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

[EN]

“(5A) (a) San fho-alt seo tá le ‘lá ceaptha’ an bhrí chéanna atá leis in alt 284(3A).

[EN]

(b) Maidir le liúntais chaipitiúla i leith innealra nó gléasra lena mbaineann alt 284(3A)—

[EN]

(i) d'ainneoin fho-ailt (3) agus (5)—

[EN]

(I) ní bheidh feidhm ag fo-alt (3), agus

[EN]

(II) beidh feidhm ag alt 305(1)(b),

[EN]

i gcás ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra sin sa tréimhse 2 bhliain dar tosach an lá ceaptha, agus

[EN]

(ii) d'ainneoin fho-ailt (4) agus (5)—

[EN]

(I) ní bheidh feidhm ag fo-alt (4), agus

[EN]

(II) beidh feidhm ag ailt 308(4) agus 420(2),

[EN]

i gcás ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra sin sa tréimhse 3 bliana dar tosach an lá ceaptha.

[EN]

(c) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh ar an lá ceaptha.”.

[EN]

Leasú ar Chaibidil 3 (limistéir ainmnithe, sráideanna ainmnithe, limistéir fiontraíochta agus carrchlóis ilstóir i limistéir uirbeacha áirithe) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

24.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) (i) in alt 339(1), trí “an 31ú lá de Nollaig, 1999” a chur in ionad “an 30ú lá de Mheitheamh, 2000” i mír (b) den mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”, agus

[EN]

(ii) in alt 339(2)—

[EN]

(I) i mír (a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “déanfar an tagairt i mír (a)” go dtí deireadh na míre:

[EN]

“i bhfo-alt (1), déanfar an tagairt i mír (a) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’ don tréimhse dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1997, a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1998.”,

[EN]

agus

[EN]

(II) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“(c) Más rud é, i ndáil le foirgniú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann mír (a), i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a athchóiriú ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú foirgnimh nó déanmhais den sórt sin, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú—

[EN]

(i) go mbeidh deimhniú i scríbhinn lena mbaineann an mhír sin á dheimhniú go ndearnadh méid nach lú ná 15 faoin gcéad de chostas iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhú roimh an 31ú lá d'Iúil, 1997, tugtha ag an údarás áitiúil iomchuí don duine ag a bhfuil an foirgneamh nó an déanmhas sin á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, agus

[EN]

(ii) go raibh iarratas ar chead pleanála don obair arb ionannas di an caiteachas a tabhaíodh nó a bhí le tabhú (a mhéid atá gá le cead den sórt sin) faighte ag údarás pleanála tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Mhárta, 1998, agus

[EN]

(iii) i gcás nach mbeidh an caiteachas a bhí le tabhú ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas tabhaithe go hiomlán faoin 31ú lá d'Iúil, 1998, go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn don duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) á rá gurb é a thuairim—

[EN]

(I) go raibh súil réasúnach ag an duine sin, ar an 31ú lá d'Iúil, 1997, go mbeadh an caiteachas a bhí le tabhú ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas tabhaithe go hiomlán an 31ú lá d'Iúil, 1998, nó roimhe, agus

[EN]

(II) ar bhonn cúiseanna de chineál bona fide a luadh leis, gurbh é ba chúis, go feadh méid shuntasaigh, leis an mainneachtain an caiteachas sin a thabhú go hiomlán an 31ú lá d'Iúil, 1998, nó roimhe, ná moill a bhí thar smacht díreach an duine sin, lena n-áirítear moill gan choinne ó thaobh cead pleanála nó deimhniú dóiteáin a fháil, moill gan choinne mar gheall ar imeachtaí dlí nó deacrachtaí gan choinne ó thaobh fáil láithreáin a chur i gcrích nó a bhain le mainneachtain de chuid conraitheora tógála a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh nó toisc gur ghá láithreán nó iarsmaí seandálaíochta a urramú.

[EN]

ansin, déanfar an tagairt i mír (a) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’ don tréimhse dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1997, a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1998.”,

[EN]

(b) in alt 340(2), trí “an 31 ú lá de Nollaig, 1999” a chur in ionad “an 30ú lá de Mheitheamh, 2000” i mír (ii),

[EN]

(c) in alt 343—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cuideachta cháilitheach”, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) atá ceadaithe le haghaidh cúnaimh airgeadais faoi scéim a riarann Forfás, Forbairt, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) nó Údarás na Gaeltachta, agus”,

[EN]

(ii) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “oibríochtaí trádála cáilitheacha”, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

[EN]

“(a) earraí a mhonarú de réir bhrí Chuid 14,

[EN]

(b) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa tionscail seirbhíse (de réir bhrí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1986), nó

[EN]

(c) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa nó ag bisiú gnó seolta lasta nó seirbhísí loighisticiúla a sholáthar i ndáil le gnó den sórt sin i gcás ina ndéantar na seirbhísí sin a thabhairt nó a sholáthar i limistéar nó i limistéir atá díreach tadhlach le haon cheann de na haerfoirt dá dtagraíonn alt 340(2).”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) ar mholadh ó Fhorfás (i gcomhar le Forbairt, leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) nó le hÚdarás na Gaeltachta, de réir mar is cuí), de réir treoirlínte a bheidh leagtha síos ag an Aire, agus”,

[EN]

(d) in alt 345, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “léas cáilitheach” i bhfo-alt (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, faoi réir fho-alt (8), léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach, nó laistigh den tréimhse bliana ón lá díreach tar éis dheireadh na tréimhse cáilithí, ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir do léasaí nach bhfuil bainteach leis an léasóir ná le haon duine eile atá i dteideal cíosa i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó faoi aon léas eile;”,

[EN]

agus

[EN]

(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 350:

“Foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte.

350A.—Más rud é go dtugtar faoiseamh de bhua aon fhorála den Chaibidil seo i ndáil le caiteachas caipitiúil nó caiteachas eile arna thabhú ar aon fhoirgneamh nó déanmhas, áitreabh nó carrchlós ilstóir, nó i ndáil le cíos is iníoctha ina leith, ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais nó an chíosa sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh mír (c) (ii) d'fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Leasú ar Chaibidil 1 (Limistéar Duganna Theach an Chustaim) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

25.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 322—

[EN]

(i) i bhfo-alt (1), trí “an 31ú lá de Nollaig, 1999” a chur in ionad “an 24ú lá d'Eanáir, 1999” sa mhíniú ar “an tréimhse shonraithe”, agus

[EN]

(ii) i bhfo-alt (2)(b), trí “an 31ú lá de Nollaig, 1999” a chur in ionad “an 24ú lá d'Eanáir, 1999”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 323, trí fho-alt (3)(b) a scriosadh.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

Leasú ar alt 344 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú carrchlós ilstóir áirithe) den Phríomh-Acht.

26.—Leasaítear leis seo alt 344 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an lú lá d'Iúil, 1995, agus dar críoch—

[EN]

(a) an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, nó

[EN]

(b) an 30ú lá de Mheitheamh, 1999, más rud é, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh lena mbaineann, go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó roimhe, don duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 15 faoin gcéad de chostas iomlán an charrchlóis ilstóir cháilithigh agus a láithreáin a thabhú roimh an 1ú lá d'Iúil, 1998, agus, le linn bheith ag breithniú ar chóir deimhniú den sórt sin a thabhairt, ní thabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí aird ach amháin ar threoirlínte i ndáil le deimhnithe den sórt sin a thabhairt, arna n-eisiúint ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha an mhínithe seo;”.

[EN]

Leasú ar alt 351 (léiriú (Caibidil 4)) den Phríomh-Acht.

27.—Leasaítear leis seo alt 351 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1995, agus dar críoch—

[EN]

(a) an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, nó

[EN]

(b) an 30ú lá de Mheitheamh, 1999, más rud é, i ndáil le foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a athchóiriú ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann, i ndáil le hathfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, ar foirgneamh nó déanmhas é—

[EN]

(i) a bhfuil feidhm ag alt 352 maidir leis, nó

[EN]

(ii) is áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 353, 354, 356, 357 nó 358,

[EN]

go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó roimhe, don duine ag a bhfuil an foirgneamh nó an déanmhas á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 15 faoin gcéad de chostas iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais agus a láithreáin a thabhú roimh an 1ú lá d'Iúil, 1998, agus, le linn bheith ag breithniú ar chóir deimhniú den sórt sin a thabhairt, ní thabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí aird ach amháin ar threoirlínte i ndáil le deimhnithe den sórt sin a thabhairt, arna n-eisiúint ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha an mhínithe seo;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “athfheistiú“:

[EN]

“ciallaíonn ‘an t-údarás áitiúil iomchuí, i ndáil le foirgniú foirgnimh nó déanmhais den chineál dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a athchóiriú ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú foirgnimh nó déanmhais den sórt sin, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, comhairle contae nó bardas contaebhuirge nó buirge eile nó, más cuí, comhairle an cheantair uirbigh, ar ina limistéar feidhme atá an foirgneamh nó an déanmhas suite.”.

[EN]

Leasú ar Chaibidil 6 (Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.

28.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 6 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 368, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(4A) D'ainneoin alt 274(1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—

[EN]

(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

[EN]

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhú.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 371, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) (a) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthóidh pearsa aonair, tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh an phearsa aonair i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na 9 mbliana measúnachta dá éis sin inarb é an t-áitreabh cáilitheach ar ina leith a thabhaigh an phearsa aonair an caiteachas cáilitheach aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair, go ndéanfar asbhaint as a ioncam nó a hioncam iomlán ar asbhaint í de mhéid is comhionann—

[EN]

(i) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, le 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin, nó

[EN]

(ii) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú an áitribh cháilithigh, le 10 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin.

[EN]

(b) Ní thabharfar asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais cháilithigh ach amháin a mhéid atá an caiteachas sin le háireamh faoi alt 372(5) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997.

[EN]

Liúntais chaipitiúla le haghaidh feithiclí agus asbhaint i leith feithiclí.

29.—Leasaítear leis seo Cuid 11 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 373—

[EN]

(i) i mír (i), trí “feithicle inneallghluaiste;” a chur in ionad “feithicle inneallghluaiste.”, agus

[EN]

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

[EN]

“(i) £15,500, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, nár fheithicil úsáidte nó athláimhe í ar an dáta sin nó dá éis agus a cláraíodh i gcéaduair sa Stát faoi alt 131 den Acht Airgeadais, 1992, gan í a bheith cláraithe roimhe sin in aon stát eile a dhéanann socrú cuí do chlárú feithicle inneallghluaiste.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (1) d'alt 376, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “méid iomchuí”:

[EN]

“ciallaíonn ‘méid iomchuí’—

[EN]

(a) i ndáil le caiteachas cáilitheach arna thabhú roimh an 23ú lá d'Eanáir, 1997, £14,000,

[EN]

(b) i ndáil le caiteachas cáilitheach arna thabhú an 23ú lá d'Eanáir, 1997, nó dá éis agus roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, £15,000, agus

[EN]

(c) i ndáil le caiteachas cáilitheach arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, £15,500;”.

[EN]

Mar a dhéileálfar le caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe.

30.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 409:

“Cáin ioncaim: srian ar úsáid liúntas caipitiúil ar fhoirgnimh thionscail áirithe agus ar áitribh áirithe eile.

409A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘comhpháirtí gníomhach’, i ndáil le trádáil chomhpháirtíochta, comhpháirtí a oibríonn ar feadh fhormhór a chuid ama nó a cuid ama ar bhainistíocht nó seoladh na trádála comhpháirtíochta ó lá go lá;

ciallaíonn ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire);

tá le ‘trádáil chomhpháirtíochta’ agus ‘trádáil leithleach’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo i gCuid 43;

ciallaíonn ‘foirgneamh sonraithe’—

(a) foirgneamh nó déanmhas atá, nó atá le bheith, ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de bhíthin a úsáide nó a úsáide measta chun críche a shonraítear in alt 268(1), agus

(b) aon fhoirgneamh nó déanmhas eile a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua Chuid 10 nó alt 843,

ach ní fholaíonn sé foirgneamh nó déanmhas—

(i) atá, nó a mheastar a bheith, ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de bhíthin a úsáide chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d), nó

(ii) a bhfuil feidhm ag alt 355(1)(b) maidir leis.

(2) Faoi réir fho-alt (5), i ndáil le haon liúntas atá le tabhairt do phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 d'aon bhliain mheasúnachta i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe, beidh feidhm ag alt 305 amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad fho-alt (1)(b) den alt sin:

‘(b) (b) D'ainneoin mhír (a), más rud é go mbeidh liúntas dá dtagraítear sa mhír sin ar fáil go príomha in aghaidh ioncaim den aicme shonraithe agus gur mó méid an liúntais ná méid an ioncaim den aicme sin atá ag an duine don chéad bhliain mheasúnachta a luaitear, féadfaidh an duine, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta, a roghnú go ndéanfar an bhreis nó £25,000, cibé acu is ísle, a asbhaint as ioncam eile an duine don bhliain mheasúnachta sin nó a fhritháireamh ina choinne, agus déanfar í a asbhaint as an ioncam sin nó a fhritháireamh ina choinne agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin, agus ní dhéanfar ach an t-iarmhéid, más ann, den liúntas a asbhaint as an ioncam den aicme shonraithe atá ag an duine do na blianta ina dhiaidh sin nó a fhritháireamh ina choinne.’.

(3) Faoi réir fho-alt (5), más rud é—

(a) go bhfuil aon liúntas nó liúntais faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 le tabhairt do bhliain mheasúnachta do phearsa aonair, ar pearsa aonair é nó í is comhpháirtí i dtrádáil chomhpháirtíochta, i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe, agus

(b) go bhfuil an liúntas nó na liúntais sin le tabhairt le linn trádáil leithleach na pearsan aonair a bheith á cur faoi cháin,

ansin, mura rud é, sa bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ar ina leith atá an liúntas nó na liúntais sin le tabhairt, gur comhpháirtí gníomhach i ndáil leis an trádáil chomhpháirtíochta an phearsa aonair, ní mó méid aon liúntais nó liúntas den sórt sin a bheidh le cur i gcuntas chun críocha alt 392(1) ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

A + £25,000

i gcás gurb é A méid bhrabúis nó ghnóchain thrádáil leithleach na pearsan aonair sa bhliain chaillteanais sula gcuirtear alt 392(1) i bhfeidhm.

(4) Más rud é gur comhpháirtí pearsa aonair in 2 thrádáil chomhpháirtíochta nó níos mó, ansin, chun críocha fho-alt (3), measfar, i ndáil leis an bpearsa aonair sin, gur trádáil chomhpháirtíochta aonair na trádálacha comhpháirtíochta sin nach comhpháirtí gníomhach an phearsa aonair ina leith agus measfar gur trádáil leithleach aonair trádálacha leithleacha na pearsan aonair i ndáil leis na trádálacha comhpháirtíochta sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le liúntas atá le tabhairt do phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe más rud é, roimh an dáta sin—

(a) (i) i gcás foirgníochta, gur leagadh an bhunsraith don fhoirgneamh sonraithe ina hiomláine,

(ii) i gcás tionscadail athfheistithe, go ndearnadh obair ab fhiú 5 faoin gcéad de chostas iomlán an tionscadail athfheistithe sin, nó

(iii) go raibh tionscadal, dá bhfuil an foirgneamh sonraithe le soláthar, ceadaithe le haghaidh cúnaimh deontais ag gníomhaireacht forbartha tionscail, ach sin sa chás amháin gur tugadh an ceadú sin laistigh de thréimhse 2 bhliain roimh an dáta sin,

(b) (i) go raibh iarratas ar chead pleanála don obair arb ionannas di an caiteachas sin ar an bhfoirgneamh sonraithe (a mhéid atá gá le cead den sórt sin) faighte ag údarás pleanála roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó

(ii) gur féidir leis an bpearsa aonair a chruthú, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur ullmhaíodh plean mionsonraithe don obair arb ionannas di an caiteachas sin agus go raibh pléití mionsonraithe ann le húdarás pleanála i ndáil leis an bhfoirgneamh sonraithe roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, agus gur féidir tacú leis sin le mionnscríbhinn nó le dearbhú reachtúil arna dhéanamh nó arna déanamh go cuí thar ceann an údaráis pleanála lena mbaineann,

agus go dtabhaítear an caiteachas sin faoi oibleagáid a ndeachaigh an phearsa aonair fúithi i ndáil leis an bhfoirgneamh sonraithe—

(i) roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó

(ii) roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, de bhun caibidlí a bhí ar siúl roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.

(6) Chun críocha fho-alt (5)—

(a) ní dhéileálfar le hoibleagáid mar oibleagáid a ndeachthas fúithi roimh dháta áirithe ach amháin más rud é, roimh an dáta sin, go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar marthain as ar eascair an oibleagáid sin, agus

(b) ní mheasfar go raibh caibidlí, a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun, ar siúl roimh dháta áirithe mura raibh réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i scríbhinn i ndáil leis an oibleagáid sin tugtha nó déanta roimh an dáta sin.

(7) Más rud é go ndeachaigh pearsa aonair faoi oibleagáid lena mbaineann fo-alt (5) chun caiteachas caipitiúil a thabhú ar fhoirgneamh sonraithe an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, agus go n-éagfaidh an phearsa aonair sin sula mbeidh aon chuid den chaiteachas sin tabhaithe, measfar, maidir le pearsa aonair eile—

(a) a gheallann i scríbhinn go gcomhallfaidh sé nó sí an oibleagáid a ndeachaigh an phearsa aonair éagtha fúithi, agus

(b) a thabhaíonn an chuid sin den chaiteachas caipitiúil ar an bhfoirgneamh sonraithe a bheadh tabhaithe thairis sin ag an bpearsa aonair éagtha,

go bhfuil ceanglais fho-alt (5) comhlíonta aige nó aici i ndáil leis an gcaiteachas sin.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gairm amhail mar atá feidhm aige i ndáil le trádáil.

Cáin ioncaim: srian ar úsáid liúntas caipitiúil ar óstáin áirithe, etc.

409B.—(1) San alt seo—

tá le ‘comhpháirtí gníomhach’, i ndáil le trádáil chomhpháirtíochta, an bhrí chéanna atá leis in alt 409A;

tá le ‘trádáil chomhpháirtíochta’ agus ‘trádáil leithleach’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo i gCuid 43;

ciallaíonn ‘foirgneamh sonraithe’ foirgneamh nó déanmhas atá, nó a mheastar a bheith, ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(d) ach ní fholaíonn sé—

(a) aon fhoirgneamh nó déanmhas den sórt sin (nach foirgneamh nó déanmhas atá in úsáid mar champa saoire dá dtagraítear in alt 268(3))—

(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh d'aon cheann de chontaetha riaracháin an Chabháin, Dhún na nGall, Liatroma, Mhaigh Eo, Mhuineacháin, Ros Comáin agus Shligigh ach nach bhfuil sé laistigh de limistéar saoire cáilitheach de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 10, agus

(ii) ina bhfuil an chóiríocht agus na saoráidí eile a sholáthraítear ag teacht le caighdeán atá sonraithe i dtreoirlínte arna n-eisiúint ag an Aire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa le toiliú an Aire Airgeadais,

agus

(b) foirgneamh nó déanmhas a mheastar a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas den sórt sin mar gheall ar é a úsáid mar iostán saoire den chineál dá dtagraítear in alt 268(3).

(2) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag alt 305(1)(b) i ndáil le haon liúntas atá le tabhairt do phearsa aonair do bhliain mheasúnachta faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é—

(a) go bhfuil aon liúntas nó liúntais faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 le tabhairt do bhliain mheasúnachta do phearsa aonair, ar pearsa aonair é nó í is comhpháirtí i dtrádáil chomhpháirtíochta, i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe, agus

(b) go bhfuil an liúntas nó na liúntais sin le tabhairt le linn trádáil leithleach na pearsan aonair a bheith á cur faoi cháin,

ansin, mura rud é, sa bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ar ina leith atá an liúntas nó na liúntais sin le tabhairt, gur comhpháirtí gníomhach i ndáil leis an trádáil chomhpháirtíochta an phearsa aonair, ní mó méid aon liúntais nó liúntas den sórt sin a bheidh le cur i gcuntas chun críocha alt 392(1) ná méid bhrabúis nó ghnóchain thrádáil leithleach na pearsan aonair sa bhliain chaillteanais sula gcuirtear alt 392(1) i bhfeidhm.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le liúntas atá le tabhairt do phearsa aonair faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ar fhoirgneamh sonraithe más rud é, roimh an dáta sin—

(a)   (i) i gcás foirgníochta, gur leagadh an bhunsraith don fhoirgneamh sonraithe ina hiomláine, nó

(ii) i gcás tionscadail athfheistithe, go ndearnadh obair ab fhiú 5 faoin gcéad de chostas iomlán an tionscadail athfheistithe sin,

(b)   (i) go raibh iarratas ar chead pleanála don obair arb ionannas di an caiteachas sin ar an bhfoirgneamh sonraithe (a mhéid atá gá le cead den sórt sin) faighte ag údarás pleanála roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó

(ii) gur féidir leis an bpearsa aonair a chruthú, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur ullmhaíodh plean mionsonraithe don obair arb ionannas di an caiteachas sin agus go raibh pléití mionsonraithe ann le húdarás pleanála i ndáil leis an bhfoirgneamh sonraithe roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, agus gur féidir tacú leis sin le mionnscríbhinn nó le dearbhú reachtúil arna dhéanamh nó arna déanamh go cuí thar ceann an údaráis pleanála lena mbaineann,

agus go dtabhaítear an caiteachas sin faoi oibleagáid a ndeachaigh an phearsa aonair fúithi i ndáil leis an bhfoirgneamh sonraithe—

(i) roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó

(ii) roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, de bhun caibidlí a bhí ar siúl roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.

(5) Chun críocha fho-alt (4)—

(a) ní dhéileálfar le hoibleagáid mar oibleagáid a ndeachthas fúithi roimh dháta áirithe ach amháin más rud é, roimh an dáta sin, go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar marthain as ar eascair an oibleagáid sin, agus

(b) ní mheasfar go raibh caibidlí, a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun, ar siúl roimh dháta áirithe mura raibh réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i scríbhinn i ndáil leis an oibleagáid sin tugtha nó déanta roimh an dáta sin.

(6) Más rud é go ndeachaigh pearsa aonair faoi oibleagáid lena mbaineann fo-alt (4) chun caiteachas caipitiúil a thabhú ar fhoirgneamh sonraithe an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, agus go n-éagfaidh an phearsa aonair sin sula mbeidh aon chuid den chaiteachas sin tabhaithe, measfar, maidir le pearsa aonair eile—

(a) a gheallann i scríbhinn go gcomhallfaidh sé nó sí an oibleagáid a ndeachaigh an phearsa aonair éagtha fúithi, agus

(b) a thabhaíonn an chuid sin den chaiteachas caipitiúil ar an bhfoirgneamh sonraithe a bheadh tabhaithe thairis sin ag an bpearsa aonair éagtha,

go bhfuil ceanglais fho-alt (4) comhlíonta aige nó aici i ndáil leis an gcaiteachas sin.

(7) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gairm amhail mar atá feidhm aige i ndáil le trádáil.”.

[EN]

Leasú ar alt 403 (srian ar úsáid liúntas caipitiúil i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Phríomh-Acht.

31.—Leasaítear leis seo alt 403 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (9):

[EN]

“(b) An tagairt sa mhíniú ar ‘na liúntais chaipitiúla shonraithe' d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo, is tagairt í d'innealra nó gléasra (nach scannán den chineál a luaitear i bhfo-alt (7)(a)) arna sholáthar an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, lena léasú ag léasóir chuig léasaí (is duine nach bhfuil bainteach leis an léasóir) faoi léas a bhfuil ar áireamh ina théarmaí geallúint ón léasaí gurb amhlaidh, le linn tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ san alt seo) nach lú ná 3 bliana agus dar tosach an lá a thosóidh an léasaí ag úsáid an innealra nó an ghléasra i gcéaduair, maidir leis an innealra nó leis an ngléasra a soláthraíodh amhlaidh—

[EN]

(i) i gcás gur soláthraíodh amhlaidh é roimh an 4ú lá de Mhárta, 1998, nach mbeidh sé á úsáid ag an léasaí ach amháin chun críocha trádála sonraithe arna seoladh sa Stát ag an léasaí, agus

[EN]

(ii) i gcás gur soláthraíodh amhlaidh é an lá sin nó dá éis, nach mbeidh sé á úsáid ag an léasaí ach amháin chun críocha trádála sonraithe arna seoladh sa Stát ag an léasaí agus nach mbeidh sé á úsáid chun críocha aon trádála eile, nó aon ghnó nó gníomhaíochta eile seachas trádáil an léasóra.”.

[EN]

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

32.—(1) Leasaítear leis seo alt 481 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “scannán” i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) i mír (a), trí “i bhfo-alt (2), agus” a chur in ionad “i bhfo-alt (2), nó”,

[EN]

(b) i mír (b), trí “maidir le gach scannán” a chur in ionad “maidir le haon scannán eile”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997.

[EN]

Leasú ar alt 482 (faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh agus gairdíní suntasacha) den Phríomh-Acht.

33.—Maidir le caiteachas cáilitheach arna thabhú an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 482 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (2) i ndiaidh mhír (c)—

[EN]

“(d) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh dá dtagraítear i mír (a), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, i dtréimhse inmhuirearaithe, caiteachas cáilitheach a thabhaítear i ndáil le foirgneamh ceadaithe, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas cáilitheach sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse inmhuirearaithe mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

[EN]

Srian le faoiseamh maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

34.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht i gCuid 16—

[EN]

(a) faoi réir alt 35, maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis—

[EN]

(i) in alt 491—

[EN]

(I) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

[EN]

“(2)(a) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí scaireanna cáilithe a eisiúint an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis (dá ngairtear ‘an eisiúint iomchuí’ san alt seo), ní thabharfar faoiseamh maidir leis an mbreis a bheidh ag an méid a chruinneofar amhlaidh ar an méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A—

[EN]

(i) i gcás cuideachta a chruinneoidh, nó a gcruinneoidh a fochuideachta cháilitheach, an méid de bhua alt 496(2)(a)(iv)(II), £100,000,

[EN]

(ii) i gcás infheistíochta iomchuí, £500,000,

[EN]

(iii) i gcás inar úsáideadh an t-airgead a cruinníodh, go bhfuil sé á úsáid nó go mbeartaítear é a úsáid d'aon toisc le haghaidh oibríochtaí trádála cáilitheacha dá dtagraítear in alt 496(2)(a)(ix) atá á seoladh nó le seoladh ag an gcuideachta nó ag a fochuideachta cháilitheach, £1,000,000, nó

[EN]

(iv) in aon chás eile, £250,000, agus

[EN]

gurb é B an méid is lú díobh seo a leanas—

[EN]

(i) an méid iomchuí arb ionannas dó A san fhoirmle, agus

[EN]

(ii) méid is comhionann le comhiomlán na méideanna go léir a chruinnigh an chuideachta trí scaireanna cáilithe a eisiúint tráth ar bith roimh an eisiúint iomchuí seachas—

[EN]

(I) i gcás gur £100,000 é A san fhoirmle, an chéad £400,000, agus

[EN]

(II) i gcás gur £250,000 é A san fhoirmle, an chéad £250,000,

[EN]

d'aon mhéideanna a bheidh cruinnithe ar mhodh infheistíochtaí iomchuí.

[EN]

(b) (i) I gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí eisiúint iomchuí agus gurb é atá sa mhéid sin infheistíocht iomchuí agus aon mhéid eile, measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) gurb é atá san eisiúint iomchuí 2 eisiúint ar leithligh de scaireanna cáilithe ar eisiúint i leith na hinfheistíochta iomchuí ceann acu (dá ngairtear ‘an chéad eisiúint’ sa mhír seo) agus ar eisiúint i leith an mhéid eile a bheidh cruinnithe an ceann eile (dá ngairtear ‘an dara heisiúint’ sa mhír seo).

[EN]

(ii) I gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (i), measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) go ndearnadh an chéad eisiúint an lá roimh dháta na heisiúna iomchuí agus measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) go ndearnadh an dara heisiúint ar dháta na heisiúna iomchuí agus beidh feidhm ag mír (a) dá réir sin.

[EN]

(3) (a) I gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí eisiúint iomchuí agus go bhfuil an chuideachta sin i gcomhlachas (de réir bhrí an ailt seo) le cuideachta amháin eile nó níos mó, ansin, maidir leis an gcuideachta sin, ní thabharfar faoiseamh maidir leis an mbreis a bheidh ag an méid a chruinneofar amhlaidh ar an méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A—

[EN]

(i) i gcás cuideachta a chruinneoidh, nó a gcruinneoidh a fochuideachta cháilitheach, an méid de bhua alt 496(2)(a)(iv)(II), £100,000,

[EN]

(ii) i gcás infheistíochta iomchuí, £500,000,

[EN]

(iii) i gcás gur úsáideadh an t-airgead a cruinníodh, go bhfuil sé á úsáid nó go mbeartaítear é a úsáid d'aon toisc le haghaidh oibríochtaí trádála cáilitheacha dá dtagraítear in alt 496(2)(a)(ix) atá á seoladh nó le seoladh ag an gcuideachta nó ag a fochuideachta cháilitheach, £1,000,000, nó

[EN]

(iv) in aon chás eile, £250,000, agus

[EN]

gurb é B an méid is lú díobh seo a leanas—

[EN]

(i) an méid iomchuí arb ionannas dó A san fhoirmle, agus

[EN]

(ii) comhiomlán na méideanna go léir a cruinníodh trí scaireanna cáilithe a eisiúint tráth ar bith roimh an eisiúint iomchuí nó ar dháta na heisiúna iomchuí ag na cuideachtaí go léir (lena n-áirítear an chuideachta sin) atá i gcomhlachas de réir bhrí an ailt seo seachas—

[EN]

(I) an méid a cruinníodh tríd an eisiúint iomchuí, agus

[EN]

(II) (A) i gcás gur £100,000 é A san fhoirmle, an chéad £400,000, agus

[EN]

(B) i gcás gur £250,000 é A san fhoirmle, an chéad £250,000,

[EN]

d'aon mhéideanna a bheidh cruinnithe ar mhodh infheistíochtaí iomchuí.

[EN]

(b) (i) I gcás ina gcruinneoidh cuideachta aon mhéid trí eisiúint iomchuí agus gurb é atá sa mhéid sin infheistíocht iomchuí agus aon mhéid eile, measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) gurb é atá san eisiúint iomchuí 2 eisiúint ar leithligh de scaireanna cáilithe ar eisiúint i leith na hinfheistíochta iomchuí ceann acu (dá ngairtear ‘an chéad eisiúint’ sa mhír seo) agus ar eisiúint i leith an mhéid eile a bheidh cruinnithe an ceann eile (dá ngairtear ‘an dara heisiúint’ sa mhír seo).

[EN]

(ii) I gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (i), measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) go ndearnadh an chéad eisiúint an lá roimh dháta na heisiúna iomchuí agus measfar chun críocha an fho-ailt seo (ach ní chun aon chríche eile den Chuid seo) go ndearnadh an dara heisiúint ar dháta na heisiúna iomchuí agus beidh feidhm ag mír (a) dá réir sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(II) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

[EN]

“(5) Le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha na foirmle i bhfo-alt (2)(a) nó, de réir mar a bheidh, na foirmle i bhfo-alt (3)(a), cad é an méid lena mbaineann mír (ii) den mhíniú ar ‘B’ sna foirmlí sin, ní chuirfear i gcuntas aon mhéid—

[EN]

(a) a bheidh suibscríofa ag duine seachas pearsa aonair a cháilíonn le haghaidh faoisimh, nó

[EN]

(b) a mbeidh sé toirmiscthe de bhua alt 490 faoiseamh a thabhairt ina leith.”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) trí alt 492 a scriosadh,

[EN]

(b) in alt 498, amhail ar an agus ón 12ú lá d'Fheabhra, 1998, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)—

[EN]

“(4) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna d'aon aicme i gcuideachta agus gur tugadh an faoiseamh i leith roinnt scaireanna den aicme sin ach nár tugadh é i leith roinnt eile, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne an phearsa aonair ar ghnáthscaireanna den aicme sin sa chuideachta, nach diúscairt a bhfuil feidhm ag alt 479(3) nó 512(2) maidir léi, mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin ar tugadh faoiseamh ina leith faoin gCuid seo seachas le scaireanna eile.”,

[EN]

agus

(c) in alt 504, trí “500” a chur in ionad “498” i mír (a) d'fho-alt (7).

[EN]

Comhshocraíochtaí idirthréimhseacha i ndáil le halt 34.

35.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “iniúchóir”—

[EN]

(a) i ndáil le cuideachta nó lena fochuideachta cháilitheach, an duine nó na daoine a cheapfar mar iniúchóir don chuideachta nó dá fochuideachta cháilitheach, de réir mar is cuí, chun críocha uile Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, agus

[EN]

(b) i ndáil le ciste ainmnithe sonraithe, an duine nó na daoine a cheapfar mar iniúchóir an chiste sin;

[EN]

tá le “údarás” an bhrí a shanntar dó le halt 492 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “gníomhaireacht deimhníochta” an bhrí a shanntar dó le halt 488 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “Aire deimhníochta” an bhrí a shanntar dó le halt 488 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “comhdheimhniú” an bhrí a shanntar dó le halt 492 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “Bord Fiontar Contae” bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1995;

[EN]

tá le “scaireanna cáilithe” an bhrí a shanntar dó le halt 488 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “gníomhaireacht forbartha tionscail” an bhrí a shanntar dó le halt 488 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “na príomhfhorálacha” Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984, nó Cuid 16 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “réamheolaire”, i ndáil le cuideachta, aon réamheolaire, fógra, ciorclán nó fógrán, ina ndéantar aon scaireanna cáilithe de chuid na cuideachta a thairiscint don phobal le suibscríobh lena n-aghaidh nó lena gceannach agus, sa mhíniú seo, folaíonn “an pobal” aon chuid den phobal, cibé acu a roghnaítear iad mar chomhaltaí den chuideachta nó mar chliaint de chuid an duine a eisíonn an réamheolaire nó in aon slí eile;

[EN]

tá le “fochuideachta cháilitheach”, i ndáil le cuideachta, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 495 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “oibríochtaí trádála cáilitheacha” an bhrí a shanntar dó le halt 496 den Phríomh-Acht;

[EN]

tá le “deimhniú iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 492 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “ciste ainmnithe sonraithe” ciste infheistíochta arna ainmniú faoi alt 27 den Acht Airgeadais, 1984, a dhún an 5ú lá d'Aibreán, 1997, nó roimhe;

[EN]

ciallaíonn “an tréimhse shonraithe” an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Nollaig, 1996, agus dar críoch an 2ú lá de Nollaig, 1997.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'alt 34 maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint, an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo agus a gcomhlíontar na coinníollacha i bhfo-alt (5), (6)(7) ina leith.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forálacha de Chuid 16 den Phríomh-Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, mar atá na forálacha sin arna leasú le míreanna (b) agus (c) d'alt 34, maidir le scaireanna cáilithe arna n-eisiúint an lá sin nó dá éis ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo agus a gcomhlíontar na coinníollacha i bhfo-alt (5), (6)(7) ina leith.

[EN]

(4) Tá feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta a sheolann, nó a seolann a fochuideachta cháilitheach, ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála cáilitheacha nó a bhfuil sé beartaithe aici nó ag a fochuideachta cháilitheach é sin a dhéanamh.

[EN]

(5) Is iad coinníollacha an fho-ailt seo dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

[EN]

(a) go n-eiseoidh an chuideachta na scaireanna cáilithe an 5ú lá d'Aibreán, 1998, nó roimhe, agus

[EN]

(b) go n-eiseofar na scaireanna cáilithe tar éis suibscríofa thar ceann pearsan aonair ag duine nó daoine ag a bhfuil bainistiú ciste ainmnithe shonraithe, agus

[EN]

(c) go gcruthóidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh rún aici, roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, airgead a chruinniú, an 5ú lá d'Aibreán, 1998, nó roimhe, faoi na príomhfhorálacha tríd an gciste ainmnithe sonraithe dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo,

[EN]

agus le linn dóibh cinneadh a dhéanamh an deimhin leo gur chomhlíon an chuideachta na ceanglais a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar na nithe seo a leanas—

[EN]

(i)  (I) príomhranna sínithe comhaontaithe idir an chuideachta agus an ciste, nó

[EN]

(II) malartú comhfhreagrais idir an chuideachta agus an ciste ina dtaispeántar go soiléir gur bheartaigh an ciste, an 5ú lá d'Aibreán, 1998, nó roimhe, suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe sa chuideachta,

[EN]

(ii) deimhniú ó iniúchóir an chiste ina ndaingnítear gur ciste ainmnithe sonraithe é, agus

[EN]

(iii) aon fhaisnéis eile a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun na críche.

[EN]

(6) Is iad coinníollacha an fho-ailt seo dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

[EN]

(a) go mbeidh na scaireanna cáilithe eisithe ag an gcuideachta an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó roimhe, agus

[EN]

(b) go mbeidh deimhniú iomchuí nó comhdheimhniú eisithe chuig an gcuideachta ag údarás roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.

[EN]

(7) Is iad coinníollacha an fho-ailt seo dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

[EN]

(a) go mbeidh na scaireanna cáilithe eisithe ag an gcuideachta an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó roimhe, agus

[EN]

(b) go gcruthóidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh rún aici, roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, airgead a chruinniú faoi na príomhfhorálacha, agus le linn dóibh cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta amhlaidh beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

[EN]

(i) iarratas i scríbhinn arna dhéanamh ag an gcuideachta chuig na Coimisinéirí Ioncaim sa tréimhse shonraithe chun tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil i dtaobh ar chuideachta cháilitheach a bheadh sa chuideachta chun críocha na bpríomhfhorálacha,

[EN]

(ii) iarratas i scríbhinn arna dhéanamh ag an gcuideachta chuig údarás sa tréimhse shonraithe ar dheimhniú iomchuí nó ar chomhdheimhniú,

[EN]

(iii) iarratas i scríbhinn arna dhéanamh ag an gcuideachta chuig gníomhaireacht forbartha tionscail sa tréimhse shonraithe ar dheimhniú dá dtagraítear in alt 489(2)(e) den Phríomh-Acht,

[EN]

(iv) iarratas i scríbhinn arna dhéanamh chuig gníomhaireacht deimhníochta, Aire deimhníochta nó Bord Fiontar Contae sa tréimhse shonraithe ar dheimhniú faoi alt 497 den Phríomh-Acht, agus

[EN]

(v) foilsiú réamheolaire sa tréimhse shonraithe ag an gcuideachta nó thar a ceann,

[EN]

agus

[EN]

(c) (i) i gcás cuideachta a sheolann, nó a seolann a fochuideachta cháilitheach, oibríocht trádála cháilitheach mar a luaitear i bhfomhír (i), (ii), (iii), (v), (viii), (ix), (xi) nó (xiii) de mhír (a) d'alt 496(2) den Phríomh-Acht, nó a bhfuil sé beartaithe aici nó ag a fochuideachta cháilitheach é sin a dhéanamh, go ndearna an chuideachta nó a fochuideachta cháilitheach, de réir mar a bheidh, conradh ceangailteach i scríbhinn, sa tréimhse shonraithe—

[EN]

(I) chun talamh nó foirgneamh a cheannach nó a léasú,

[EN]

(II) chun gléasra nó innealra a cheannach nó a léasú, nó

[EN]

(III) chun foirgneamh a fhoirgniú nó a athfheistiú,

[EN]

(III) le húsáid i seoladh a hoibríochta trádála cáilithí,

[EN]

(ii) i gcás cuideachta a sheolann, nó a seolann a fochuideachta cháilitheach, oibríocht trádála cháilitheach mar a luaitear i bhfomhír (vii) de mhír (a) d'alt 496(2) den Phríomh-Acht, nó a bhfuil sé beartaithe aici nó ag a fochuideachta cháilitheach é sin a dhéanamh, go ndearna an chuideachta nó a fochuideachta cháilitheach, de réir mar a bheidh, conradh ceangailteach i scríbhinn, sa tréimhse shonraithe—

[EN]

(I) chun tithe gloine a cheannach nó a léasú,

[EN]

(II) chun gléasra nó innealra a cheannach nó a léasú, nó

[EN]

(III) chun tithe gloine a fhoirgniú nó a athfheistiú,

[EN]

le húsáid i seoladh a hoibríochta trádála cáilithí,

[EN]

(iii) i gcás cuideachta a sheolann, nó a seolann a fochuideachta cháilitheach, oibríocht trádála cháilitheach mar a luaitear i bhfomhír (xii) de mhír (a) d'alt 496(2) den Phríomh-Acht, nó a bhfuil sé beartaithe aici nó ag a fochuideachta cháilitheach é sin a dhéanamh, go ndearna an chuideachta nó a fochuideachta cháilitheach, de réir mar a bheidh, conradh ceangailteach i scríbhinn, sa tréimhse shonraithe, chun táirgeadh, foilsiú, margú nó cur chun cinn a dhéanamh maidir leis an taifeadadh cáilitheach nó leis na taifeadtaí cáilitheacha a bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta nó ag a fochuideachta cháilitheach, de réir mar a bheidh, é nó iad a tháirgeadh,

[EN]

agus go gcruthóidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh an conradh a rinne sí nó a rinne a fochuideachta cháilitheach, de réir mar a bheidh, ina chuid dhílis den chuspóir, nó i gcomhréir leis an gcuspóir, a raibh rún aici airgead a chruinniú lena aghaidh faoi na príomhfhorálacha agus gurb ionann comaoin an chonartha agus 25 faoin gcéad nó níos mó den airgead a bhfuil sé beartaithe é a chruinniú amhlaidh.

[EN]

(8) Chun críocha fho-alt (7), déanfaidh iniúchóir cuideachta, nó iniúchóir a fochuideachta cáilithí, de réir mar is cuí—

[EN]

(a) an dáta ar a ndearna an chuideachta nó, de réir mar a bheidh, a fochuideachta cháilitheach, conradh, agus

[EN]

(b) an dáta ar ar fhoilsigh an chuideachta réamheolaire nó ar foilsíodh thar a ceann é,

[EN]

a dhaingniú i ndeimhniú.

[EN]

Scéimeanna scaireanna d'fhostaithe.

36.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) i gCaibidil 1 de Chuid 17, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 511:

“Scaireanna a fhaightear ó iontaobhas scairúinéireachta d'fhostaithe.

511A.—(1) Más rud é, ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998, nó dá éis, go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe leithreasú ar scaireanna lena mbaineann alt 510(3) chuig rannpháirtí agus go ndéantar na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (2) a shásamh, ansin, chun críocha na Caibidle seo mar atá feidhm aici maidir leis na scaireanna sin—

(a) críochnóidh an tréimhse choinneála, agus

(b) is é an dáta scaoilte,

an lá tar éis an lae ar ar leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna lena mbaineann a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe lena mbaineann,

(b) go raibh na scaireanna, díreach roimh an aistriú dá dtagraítear i mír (a), á sealbhú san iontaobhas scairúinéireachta sin d'fhostaithe ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana, agus

(c) gur thairbhí (de réir bhrí mhír 11 de Sceideal 12) faoin iontaobhas scairúinéireachta sin d'fhostaithe an rannpháirtí lena mbaineann gach uile thráth le linn na tréimhse 3 bliana dar críoch an dáta ar ar leithreasaíodh na scaireanna chuige nó chuici.”,

[EN]

(b) i gCaibidil 2 de Chuid 17, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) in alt 519:

[EN]

“(7) Ní bheidh iontaobhaithe iontaobhais lena mbaineann an t-alt seo inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim i leith ioncaim arb éard é díbhinní i leith urrús a shealbhaíonn an t-iontaobhas má chaitheann, agus a mhéid a chaithfidh, na hiontaobhaithe an t-ioncam laistigh den tréimhse chaiteachais (de réir bhrí mhír 13 de Sceideal 12) chun críche amháin nó níos mó de na críocha cáilitheacha dá dtagraítear sa mhír sin, ach ní bheidh na hiontaobhaithe i dteideal go ndéanfar creidmheas cánach faoi alt 136 a fhritháireamh nó a íoc i leith na ndíbhinní sin.”,

[EN]

(c) i Sceideal 11, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír 4 i ndiaidh fhomhír (1):

[EN]

“(1A) (a) Maidir le scéim brabús-roinnte a cheadófar ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998, nó dá éis, ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith deimhin de—

[EN]

(i) nach bhfuil aon ghnéithe den scéim (seachas aon ghnéithe atá ar áireamh chun ceanglais Chaibidil 1 de Chuid 17 agus an Sceidil seo a chomhlíonadh) a bhfuil nó a mbeadh d'éifeacht leo fostaithe nó iarfhostaithe d'aon tuairisc a chomhallann na coinníollacha i bhfomhír (1) a chur ó bheith rannpháirteach sa scéim, agus

[EN]

(ii) i gcás gur comhalta de ghrúpa cuideachtaí í an chuideachta lena mbaineann, nach bhfuil agus nach mbeadh d'éifeacht leis an scéim tairbhí a thabhairt go hiomlán nó go príomha do stiúrthóirí cuideachtaí sa ghrúpa nó do na fostaithe sin de chuid cuideachtaí sa ghrúpa a fhaigheann leibhéil arda luacha saothair nó na leibhéil is airde luacha saothair.

[EN]

(b) San fhomhír seo ciallaíonn ‘grúpa cuideachtaí’ cuideachta maille le haon chuideachtaí eile a bhfuil rialú aici orthu.”,

[EN]

agus

[EN]

(d) i Sceideal 12—

[EN]

(i) i mír 1—

[EN]

(I) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):

[EN]

“(3) Chun críocha an Sceidil seo, tagann cuideachta faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí aon tráth áirithe más rud é—

[EN]

(a) gurb í an chuideachta bhunaitheach í, nó

[EN]

(b) an tráth sin, go bhfuil sí faoi rialú na cuideachta bunaithí agus go ndeirtear go sroicheann an t-iontaobhas lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 2(1), chuici.”,

[EN]

agus

[EN]

(II) i bhfomhír (4)(a), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhlach”:

[EN]

“tá le ‘comhlach’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3) d'alt 433, ach an tagairt d'fhostaithe sa dá áit a bhfuil sí i bhfomhír (ii) de mhír (c) den fho-alt sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'iarfhostaithe;”,

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 2:

[EN]

“2. (1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear ‘an chuideachta bhunaitheach’ sa Sceideal seo) a bhfuil iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-iontaobhas mar iontaobhas scair-úinéireachta cáilitheach d'fhostaithe más deimhin leo go gcomhlíontar na coinníollacha i míreanna 6 go 18 i ndáil leis an iontaobhas.

[EN]

(2) (a) I gcás gur comhalta de ghrúpa cuideachtaí í an chuideachta bhunaitheach, ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim iontaobhas faoi fhomhír (1) mura deimhin leo nach bhfuil agus nach mbeadh d'éifeacht leis an iontaobhas tairbhí a thabhairt go hiomlán nó go príomha do stiúrthóirí cuideachtaí sa ghrúpa nó do na fostaithe sin de chuid cuideachtaí sa ghrúpa a fhaigheann leibhéil arda luacha saothair nó na leibhéil is airde luach saothair.

[EN]

(b) San fhomhír seo ciallaíonn ‘grúpa cuideachtaí’ cuideachta maille le haon chuideachtaí eile a bhfuil rialú aici orthu.”,

[EN]

(iii) i mír 11—

[EN]

(I) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

[EN]

“(2) Forálfar leis an ngníomhas iontaobhais gur tairbhí duine aon tráth áirithe (dá ngairtear ‘an tráth iomchuí’ san fhomhír seo) más rud é—

[EN]

(a) gur fostaí nó stiúrthóir de chuid cuideachta atá faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí an duine an tráth iomchuí,

[EN]

(b) gach tráth áirithe i dtréimhse cháilitheach, gurbh fhostaí nó stiúrthóir den sórt sin de chuid cuideachta a thagann faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí an duine an tráth áirithe sin,

[EN]

(c) i gcás stiúrthóra, gur oibrigh an duine an tráth áirithe sin mar stiúrthóir de chuid na cuideachta lena mbaineann de réir ráta 20 uair an chloig sa tseachtain ar a laghad (gan nithe ar nós laethanta saoire ná breoiteachta a áireamh), agus

[EN]

(d) go bhfuil an duine inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht atá aige nó aici.

[EN]

(2A) Féadfaidh go bhforálfar leis an ngníomhas iontaobhais gur tairbhí duine aon tráth áirithe más rud é, murach fomhír (2)(d), gur thairbhí é nó í de réir na rialach a áirítear sa ghníomhas agus go gcomhlíonann sé nó sí fomhír (2).”,

[EN]

(II) i bhfomhír (4)(a), trí “fomhíreanna (2A) agus (3)” a chur in ionad “fomhír (3)”,

[EN]

(III) i bhfomhír (5), trí “fhomhíreanna (2) agus (2A)” a chur in ionad “fhomhír (2)”,

[EN]

(IV) i bhfomhír (7), trí “fomhír (2A), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (3) nó (4)”, agus

[EN]

(V) i bhfomhír (8), trí “fomhír (2), (2A), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (2), (3) nó (4)”.

[EN]

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag mír (d) d'fho-alt (1) maidir le hiontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe arna gceadú faoi mhír 2 de Sceideal 12 den Phríomh-Acht ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

[EN]

Íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe.

37.—(1) Leasaítear leis seo Cuid 18 den Phríomh-Acht, i gCaibidil 2—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) d'alt 530, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oibríochtaí próiseála feola“:

[EN]

“ciallaíonn ‘oibríochtaí próiseála feola’ oibríochtaí d'aon tuairisc acu seo a leanas—

[EN]

(a) eallach, caoirigh, muca, éanlaith chlóis, turcaithe, éanlaith ghuine, lachain nó géanna a mharú,

[EN]

(b) éanlaith chlóis, turcaithe, éanlaith ghuine, lachain nó géanna a ghabháil,

[EN]

(c) conablaigh eallaigh, caorach, muc, éanlaithe clóis, turcaithe, éanlaithe guine, lachan nó géanna maraithe, nó aon chuid de na conablaigh sin (lena n-áirítear feoil), a roinnt (lena n-áirítear gearradh nó díchnámhú), a shórtáil, a phacáistiú (lena n-áirítear folúsphacáistiú), a athchuachadh nó a bhrandáil nó aon phróis eile dá samhail a fheidhmiú orthu,

[EN]

(d) modhanna leasaithe (lena n-áirítear fuarstóráil) a fheidhmiú ar chonablaigh eallaigh, caorach, muc, éanlaithe clóis, turcaithe, éanlaithe guine, lachan nó géanna maraithe, nó ar aon chuid de na conablaigh sin (lena n-áirítear feoil),

[EN]

(e) conablaigh eallaigh, caorach, muc, éanlaithe clóis, turcaithe, éanlaithe guine, lachan nó géanna maraithe, nó aon chuid de na conablaigh sin (lena n-áirítear feoil), a luchtú nó a dhíluchtú i mbunaíocht ar bith ina seoltar aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna (a), (c) agus (d),

[EN]

(f) conablaigh eallaigh, caorach, muc, éanlaithe clóis, turcaithe, éanlaithe guine, lachan nó géanna maraithe, nó aon chuid de na conablaigh sin (lena n-áirítear feoil), a tharlú ó bhunaíocht ar bith ina seoltar aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna (a), (c) agus (d),

[EN]

(g) bunaíocht ar bith ina seoltar aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna (a), (c) agus (d) a ghlanadh,

[EN]

(h) sicíní lae de chuid éanlaithe clóis, turcaithe, éanlaithe guine, lachan nó géanna a ghrádú, a ghnéaschinneadh agus a iompar,

[EN]

(i) eallach, caoirigh, muca, éanlaith chlóis, turcaithe, éanlaith ghuine, lachain nó géanna, nó aon ábhar, innealra nó gléasra atá le húsáid, cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear é, in aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna (a) go (h), a tharlú ar fruiliú.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i mír (b) d'alt 531(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

[EN]

“(ii) a sheolann gnó oibríochtaí próiseála feola i mbunaíocht a bheidh ceadaithe agus iniúchta de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr), 1997 (I.R. Uimh. 434 de 1997) nó, de réir mar a bheidh, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaith Clóis), 1996 (I.R. Uimh. 3 de 1996), nó”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1998.

[EN]

Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme, etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

38.—Leasaítear leis seo alt 659 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (3):

[EN]

“(a) maidir leis an gcéad bhliain den tréimhse síos-scríofa dá dtagraítear i bhfo-alt (2), i gcás inar tabhaíodh an caiteachas caipitiúil—

[EN]

(i) roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1998, méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas sin nó £10,000, cibé acu is lú, nó

[EN]

(ii) an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas sin nó £15,000, cibé acu is lú,”.

[EN]

Leasú ar alt 667 (forálacha speisialta i leith feirmeoirí cáilitheacha) den Phríomh-Acht.

39.—Leasaítear leis seo alt 667 den Phríomh-Acht, i mír (b) d'fho-alt (2)—

[EN]

(a) i bhfomhír (i), trí “ina dhiaidh sin, nó” a chur in ionad “ina dhiaidh sin,”, agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (ii) agus (iii):

[EN]

“(ii) an 6ú lá d'Aibreán, 1995, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, don bhliain mheasúnachta ina dtagann an phearsa aonair chun bheith ina fheirmeoir nó ina feirmeoir cáilitheach agus do gach bliain de na 3 bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 680 (liúntas bliantúil as ídiú mianraí) den Phríomh-Acht.

40.—Leasaítear leis seo alt 680(2) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “tráth ar bith” a chur isteach i ndiaidh “mianach cáilitheach”, agus

[EN]

(b) trí “tráth” a chur in ionad “dáta”.

[EN]

Leasú ar alt 681 (liúntas le haghaidh caiteachais athshlánúcháin mianaigh) den Phríomh-Acht.

41.—Leasaítear leis seo fo-alt (1)(a) d'alt 681 den Phríomh-Acht trí “cré thine, gual,” a chur isteach i ndiaidh “aolchloch dholaimíteach,” sa mhíniú ar “mianach cáilitheach”.

[EN]

Leasú ar alt 734 (cánachas ar ghnóthais chomhinfheistíochta) den Phríomh-Acht.

42.—Leasaítear leis seo alt 734 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii) den mhíniú ar “cuideachta shonraithe” i mír (a) d'fho-alt (1):

[EN]

“(ii) (I) a bhfuil 25 faoin gcéad ar a mhéad dá scairchaipiteal ar úinéireacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag daoine a chónaíonn sa Stát, nó

[EN]

(II) a bhfuil a scairchaipiteal go léir ar úinéireacht go díreach ag cuideachta eile a chónaíonn sa Stát agus a bhfuil 25 faoin gcéad ar a mhéid de scairchaipiteal na cuideachta eile sin ar úinéireacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag daoine a chónaíonn sa Stát,”.

[EN]

Cánachas ar scaireanna a eisítear in ionad díbhinní airgid.

43.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 816, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3)—

[EN]

“(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe;

[EN]

ciallaíonn ‘cuideachta luaite’ cuideachta a bhfuil a cuid scaireanna, nó aon aicme dá cuid scaireanna—

[EN]

(a) liostaithe ar liosta oifigiúil Stocmhargadh na hÉireann nó ar aon stocmhalartán eile, nó

[EN]

(b) luaite ar an margadh ar a dtugtar Margadh na gCuideachtaí Forásacha, nó ar an margadh ar a dtugtar Margadh na nUrrús Taiscéalaíochta, de Stocmhargadh na hÉireann nó ar aon mhargadh dá shamhail nó margadh comhréire d'aon stocmhalartán eile;

[EN]

ciallaíonn ‘scair’ scair i scairchaipiteal cuideachta agus folaíonn sé stoc agus aon leas eile sa chuideachta.

[EN]

(2) I gcás go ndéanann aon duine, de dhroim rogha a fheidhmiú (sula ndearbhóidh cuideachta dáileadh brabús nó lena linn sin nó dá éis) suim airgid nó scairchaipiteal breise sa chuideachta a ghlacadh i leith scaireanna sa chuideachta, an scairchaipiteal breise sin a fháil, ansin, déanfar méid is comhionann leis an méid a bheadh faighte ag an duine sin dá mba in airgead a bheadh an dáileadh sin faighte ag an duine sin in ionad an scairchaipitil sin—

[EN]

(a) i gcás go bhfuil cónaí ar an gcuideachta lasmuigh den Stát, a mheas chun críocha na nAchtanna Cánach mar ioncam a fuair an duine ón gcuideachta, agus áireofar an t-ioncam sin mar ioncam ó urrúis agus sealúchais lasmuigh den Stát agus déanfar é a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D,

[EN]

(b) i gcás go bhfuil cónaí ar an gcuideachta sa Stát agus gur cuideachta luaite í—

[EN]

(i) a áireamh chun críocha na nAchtanna Cánach mar dháileadh a rinne an chuideachta, agus

[EN]

(ii) a mheas chun críocha na nAchtanna Cánach mar dháileadh a fuair an duine,

[EN]

agus

[EN]

(c) i gcás go bhfuil cónaí ar an gcuideachta sa Stát agus nach cuideachta luaite í, a mheas chun críocha na nAchtanna Cánach mar bhrabúis nó gnóchain de chuid an duine, is brabúis nó gnóchain nach dtagann faoi réim aon Chás eile de Sceideal D agus nach muirearaítear de bhua aon Sceidil eile, agus déanfar é a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

(3) I gcás go n-áirítear cuideachta faoi fho-alt (2)(b)(i) mar chuideachta a dhéanann dáileadh chuig duine, beidh feidhm ag alt 152, fara aon mhodhnuithe is gá, amhail is dá mba dhíbhinn lena mbaineann fo-alt (1) den alt sin an dáileadh.”,

[EN]

(b) in alt 4 (arna leasú le halt 51), sa mhíniú ar “dáileadh” i bhfo-alt (1), trí “le hailt 436 agus 437, agus le fo-alt (2)(b) d'alt 816” a chur in ionad “le hailt 436 agus 437”,

[EN]

(c) in alt 20(1), mír 1 de Sceideal F, trí “le hailt 436 agus 437, agus le fo-alt (2)(b) d'alt 816” a chur in ionad “le hailt 436 agus 437”, agus

[EN]

(d) in alt 130(1) trí “le hailt 436 agus 437, agus le fo-alt (2)(b) d'alt 816” a chur in ionad “le hailt 436 agus 437”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le scaireanna arna n-eisiúint ag cuideachta an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 843 (liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal) den Phríomh-Acht.

44.—Leasaítear leis seo alt 843 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ceadaithe“:

[EN]

“ciallaíonn ‘foras ceadaithe’—

[EN]

(a) foras ardoideachais de réir bhrí alt 1 d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971, nó

[EN]

(b) foras sa Stát a fhaigheann maoiniú poiblí agus a chuireann cúrsaí ar fáil lena mbaineann scéim arna ceadú ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta faoi na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach“:

[EN]

“(ii) atá á ligean le foras ceadaithe,”.

[EN]

Leasú ar Chuid 41 (féinmheasúnacht) den Phríomh-Acht.

45.—(1) Leasaítear leis seo Cuid 41 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 950(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) sa mhíniú ar “dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe“:

[EN]

“(a) i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain mheasúnachta tar éis na bliana sin; ach—

[EN]

(i) maidir le cibé bliain mheasúnachta (nach luaithe ná an bhliain 1998-99) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, agus

[EN]

(ii) maidir le gach bliain mheasúnachta tar éis na bliana lena mbaineann fomhír (i),

[EN]

an 30ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta,”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 958—

[EN]

(i) i bhfo-alt (2)—

[EN]

(I) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

[EN]

“(a) i gcás gur bliain mheasúnachta le haghaidh cánach ioncaim an tréimhse inmhuirearaithe, agus faoi réir fho-alt (10), ar nó roimh an 1ú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta; ach—

[EN]

(i) maidir le cibé bliain mheasúnachta (nach luaithe ná an bhliain 1999-2000) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, agus

[EN]

(ii) maidir le gach bliain mheasúnachta tar éis na bliana lena mbaineann fomhír (i),

[EN]

an 30ú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta,

[EN]

(b) i gcás gur bliain mheasúnachta le haghaidh cánach gnóchan caipitiúil an tréimhse inmhuirearaithe, ar nó roimh an 1ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta; ach—

[EN]

(i) maidir le cibé bliain mheasúnachta (nach luaithe ná an bhliain 1998-1999) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, agus

[EN]

(ii) maidir le gach bliain mheasúnachta tar éis na bliana lena mbaineann fomhír (i),

[EN]

an 30ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta, nó”,

[EN]

agus

[EN]

(II) trí “don 1ú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta, don 30ú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta, don 1ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta, don 30ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta” a chur in ionad “don 1ú lá de Shamhain sa bhliain mheasúnachta, don 1ú lá de Shamhain tar éis na bliana measúnachta”,

[EN]

(ii) i bhfo-alt (3)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

[EN]

“(ii) más bliain mheasúnachta le haghaidh cánach gnóchan caipitiúil an tréimhse inmhuirearaithe, ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó, más déanaí é, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a ndéantar an mheasúnacht; ach—

[EN]

(I) maidir le cibé bliain mheasúnachta (nach luaithe ná an bhliain 19981999) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, agus

[EN]

(II) maidir le gach bliain mheasúnachta tar éis na bliana lena mbaineann clásal (I),

[EN]

ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, agus”,

[EN]

(iii) i bhfo-alt (4)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

[EN]

“(i) (I) 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó

[EN]

(II) i gcás measúnachta i leith cánach gnóchan caipitiúil arna déanamh ar dhuine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, arb í an bhliain 1998-99 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í, an cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe,”,

[EN]

agus

[EN]

(iv) i bhfo-alt (10)—

[EN]

(I) i mír (a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “ar nó roimh an 9ú lá de Nollaig” go dtí deireadh na míre:

[EN]

“ar nó roimh—

[EN]

(i) i gcás na mblianta 1997-98 agus 1998-99, an 9ú lá de Nollaig, agus

[EN]

(ii) i gcás na bliana 1999-2000 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis, an 9ú lá de Mhárta,

[EN]

sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann an réamhcháin de bhua fho-alt (2)(a).”,

[EN]

(II) i mír (b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “ar feadh na bliana féilire” go dtí deireadh na míre:

[EN]

“ar feadh—

[EN]

(i) i gcás na mblianta 1997-98 agus 1998-99, na bliana féilire nó cuid den bhliain sin ina bhfuil an dáta dlite i gcomhair íoc na réamhchánach sin de réir fho-alt (2)(a), agus

[EN]

(ii) i gcás na bliana 1999-2000 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, na bliana sin,

[EN]

agus déanfaidh an tArd-Bhailitheoir na tráthchodanna sin a chur chun dochair do chuntas bainc an duine sin ar an 9ú lá de gach mí sa bhliain féilire sin nó i gcuid den bhliain féilire sin nó, de réir mar a bheidh, sa bhliain sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(III) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) (i) I gcás na mblianta 1997-98 agus 1998-99, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir tráth ar bith, d'ainneoin mhír (b), aontú méid na réamhchánach a bheidh le cur chun dochair do chuntas bainc an duine inmhuirearaithe de réir an fho-ailt seo a athrú.

[EN]

(ii) I gcás na bliana 1999-2000 nó aon bhliana measúnachta dá éis, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, in aon chás áirithe, d'fhonn íoc réamhchánach de réir an fho-ailt seo a éascú, aontú líon na dtráthchodanna comhionanna míosúla a bheidh le bailiú i rith bliana a athrú nó, tar éis tráthchuid amháin nó níos mó a bheith íoctha sa bhliain sin, aontú le méadú nó laghdú ar an méid a bheidh le bailiú i dtráthchodanna dá éis sin sa bhliain sin; ach ní dhéileálfar le duine inmhuirearaithe mar dhuine a mbeidh méid réamhchánach íoctha aige nó aici de réir an fho-ailt seo mura rud é—

[EN]

(I) nach lú ná 10 líon na dtráthchodanna míosúla a bheidh íoctha ag an duine sin sa bhliain mheasúnachta, agus

[EN]

(II) go ndéantar méid nach lú ná 70 faoin gcéad de mhéid na réamhchánach is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin a íoc i dtráthchodanna ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig sa bhliain sin.”.

[EN]

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire Airgeadais faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis é a dhéanamh.

[EN]

Leasú ar alt 787 (an saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid) den Phríomh-Acht.

46.—Leasaítear leis seo alt 787 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (7), trí “ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí Chuid 41)” a chur in ionad “ar nó roimh an 31ú lá d'Eanáir sa bhliain tar éis na bliana measúnachta”.

[EN]

Leasuithe ar an bPríomh-Acht de dhroim athrú ar airgeadra stát áirithe.

47.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha den Phríomh-Acht dá dtagraítear i Sceideal 2 faoi réir na leasuithe atá sonraithe sa Sceideal sin (ar leasuithe iad arb é is cuspóir leo, i measc nithe eile, foráil a dhéanamh de dhroim athrú ar airgeadra stát áirithe).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon fhorála áirithe de Sceideal 2 agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla den sórt sin.

[EN]

Leasú ar an bPríomh-Acht de dhroim coinbhinsiúin le Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le cánachas dúbailte, etc.

48.—(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag na forálacha den Phríomh-Acht dá dtagraítear i Sceideal 3 faoi réir na leasuithe atá sonraithe sa Sceideal sin.

[EN]

(2) (a) Faoi réir mhír (b), beidh feidhm ag an alt seo amhail ag na tráthanna agus ó na tráthanna ag a mbeidh éifeacht leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Stáit Aontaithe Mheiriceá), 1997 (I.R. Uimh. 477 de 1997), de réir mhír 2 d'Airteagal 29 den Choinbhinsiún sin.

[EN]

(b) Más rud é, i ndáil le duine, go bhfuil feidhm ag mír 3 d'Airteagal 29 den Choinbhinsiún sin i leith na tréimhse a shonraítear sa mhír sin, beidh feidhm ag an bPríomh-Acht i ndáil leis an duine i leith na tréimhse sin amhail is dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (1).

[EN]

Leasú ar Chuid 26 (cuideachtaí árachais saoil) den Phríomh-Acht.

49.—(1) Leasaítear leis seo Cuid 26 den Phríomh-Acht trí “an ráta faoin gcéad cánach corparáide a shonraítear in alt 21(1)” a chur in ionad “an ráta faoin gcéad cánach corparáide a shonraítear in alt 21(1)(b)” in alt 723(6) agus alt 738(2)(c) araon.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997.

[EN]

Leasú ar alt 1013 (comhpháirtíochtaí teoranta) den Phríomh-Acht.

50.—(1) Leasaítear leis seo alt 1013 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1)—

[EN]

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “an méid comhiomlán”—

[EN]

“ciallaíonn ‘comhpháirtí gníomhach’, i ndáil le trádáil chomhpháirtíochta, comhpháirtí a oibríonn ar feadh fhormhór a chuid ama nó a cuid ama ar bhainistíocht nó seoladh na trádála comhpháirtíochta ó lá go lá;”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) sa mhíniú ar “comhpháirtí teoranta”—

[EN]

(I) i mír (b), trí “a urscaoileadh nó a chúiteamh,” a chur in ionad “a urscaoileadh nó a chúiteamh, nó”,

[EN]

(II) i mír (c), trí “a tabhaíodh chun críocha na trádála, nó” a chur in ionad “a tabhaíodh chun críocha na trádála;”,

[EN]

agus

[EN]

(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

[EN]

“(d) duine a sheolann an trádáil mar chomhpháirtí ginearálta i gcomhpháirtíocht seachas mar chomhpháirtí gníomhach i gcás go n-áirítear ar ghníomhaíochtaí na trádála gníomhaíocht arb éard í—

[EN]

(i) scannáin nó fístéipeanna a tháirgeadh nó a dháileadh, nó an céanna nó leas sa chéanna a shealbhú, nó

[EN]

(ii) taiscéaladh nó saothrú acmhainní ola nó gáis;”,

[EN]

(b) i bhfo-alt (2)(a)—

[EN]

(i) i bhfomhír (I), trí “na gnóchain ón trádáil,” a chur in ionad “na gnóchain ón trádáil, nó”,

[EN]

(ii) i bhfomhír (II), trí “agus ina aghaidh sin amháin, nó” a chur in ionad “agus ina aghaidh sin amháin”, agus

[EN]

(iii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (II):

[EN]

“(III) i gcás gur comhpháirtí teoranta an phearsa aonair i ndáil le trádáil de bhua mhír (d) den mhíniú ar ‘comhpháirtí teoranta’ agus gurb í an bhliain mheasúnachta 1997-98 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis an bhliain mheasúnachta iomchuí, faoi réir fho-alt (2A), in aghaidh ioncaim arb é atá ann na brabúis nó na gnóchain ón trádáil, agus ina aghaidh sin amháin,”,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fomhír (III) d'fho-alt (2)(a)—

[EN]

(a) maidir le hús a bheidh íoctha ar an 27ú lá d'Fheabhra, 1998, nó roimhe,

[EN]

(b) maidir le liúntas a bheidh le tabhairt i leith caiteachais a bheidh tabhaithe ar an 27ú lá d'Fheabhra, 1998, nó roimhe, nó

[EN]

(c) maidir le caillteanas a bheidh fulaingthe sa bhliain mheasúnachta 1997-98 arbh é an caillteanas é a bheadh fulaingthe sa bhliain sin dá mba rud é—

[EN]

(i) gur chríochnaigh an bhliain mheasúnachta sin ar an 27ú lá d'Fheabhra, 1998, agus

[EN]

(ii) go gcinnfí an caillteanas faoi threoir cuntas arna ndéanamh suas i ndáil leis an trádáil don tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1997, nó, más déanaí é, an dáta a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil, agus dar críoch an 27ú lá d'Fheabhra, 1998, agus faoina dtreoir sin amháin, agus ní faoi threoir cuntas arna ndéanamh suas d'aon tréimhse eile.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1998.

[EN]

Laghdú ar chreidmheasanna cánach i leith dáiltí.

51.—(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht, le héifeacht amhail ar an agus ón 3ú lá de Nollaig, 1997, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach creidmheasa” i bhfo-alt (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach creidmheasa’ do bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1997-98—

[EN]

(i) 21 faoin gcéad i gcás go bhfuil feidhm aige i ndáil le dáileadh a bheidh déanta nó a áirítear a bheith déanta ag cuideachta roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, agus

[EN]

(ii) 11 faoin gcéad i gcás go bhfuil feidhm aige i ndáil le dáileadh a bheidh déanta nó a áirítear a bheith déanta ag cuideachta an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis,

[EN]

agus

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1998-99, 11 faoin gcéad,

[EN]

agus, dá réir sin, ciallaíonn ‘ráta caighdeánach creidmheasa faoin gcéad’ don bhliain mheasúnachta 1997-98, 21 nó 11, de réir mar a bheidh, agus don bhliain mheasúnachta 1998-99, ciallaíonn sé 11;”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le Sceideal 4 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

[EN]

Creidmheasanna cánach a dhíothú.

52.—Beidh feidhm ag na forálacha den Phríomh-Acht dá dtagraítear i Sceideal 5 faoi réir na leasuithe atá sonraithe sa Sceideal sin (ar leasuithe iad arb é is cuspóir leo foráil a dhéanamh chun creidmheasanna cánach a dhíothú maidir le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis).

[EN]

Leasú ar an míniú ar scaireanna cáilitheacha sonraithe.

53.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, in ailt 723(1), 737(1) agus 838(1), trí “£200,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” sa mhíniú ar “scaireanna cáilitheacha sonraithe”.

[EN]

Leasú ar alt 198 (ní inmhuirearaithe ús áirithe) den Phríomh-Acht.

54.— Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 7 den Phríomh-Acht, in alt 198—

[EN]

(a) tríd an bhforáil atá ann a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin, agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(2) I ndáil le hús arna íoc i leith urrúis iomchuí (de réir bhrí alt 246), beidh feidhm ag fo-alt (1)—

[EN]

(a) amhail is dá ndéanfaí ‘, agus leanfaidh aon deimhniú a bheidh tugtha amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4), (5) nó (6)’ a scriosadh as fo-alt (2) d'alt 445, agus

[EN]

(b) amhail is dá ndéanfaí ‘, agus leanfaidh aon deimhniú a bheidh tugtha amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2005, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4), (5) nó (6)’ a scriosadh as fo-alt (2) d'alt 446.”.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

[EN]

Ráta cánach corparáide.

55.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1):

[EN]

(a) i mír (a), trí “de Mhárta, 1997,” a chur in ionad “de Mhárta, 1997, agus”, agus

[EN]

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) 36 faoin gcéad don chuid sin den bhliain airgeadais 1997 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus

[EN]

(c) 32 faoin gcéad don bhliain airgeadais 1998 agus do gach bliain airgeadais dá éis.”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le Sceideal 6 chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

[EN]

Leasú ar alt 22 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Phríomh-Acht.

56.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) i mír (a), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (I) agus (II):

[EN]

“(I) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 30 faoin gcéad,

[EN]

(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus sin roimh an lú lá d'Eanáir, 1998, 28 faoin gcéad, agus

[EN]

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 25 faoin gcéad.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) Chun críocha mhír (a)—

[EN]

(i) más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad, agus

[EN]

(ii) más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhomhír (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”.

[EN]

Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

57.—(1) Leasaítear leis seo alt 713(3) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “a shonraítear in alt 21(1)” a chur in ionad “a shonraítear in alt 21(1)(b)”, agus

[EN]

(b) trí “i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (6) de na brabúis neamhfhaoisimh” a chur in ionad “i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) de na brabúis neamhfhaoisimh”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997.

[EN]

Comhair chreidmheasa.

58.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 219:

“Ioncam comhar creidmheasa

219A.—(1) San alt seo, ciallaíonn ‘an tAcht’ an tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1997.

[EN]

(2) Beidh ioncam a eascraíonn chuig comhar creidmheasa—

[EN]

(a) atá cláraithe sa cháil sin faoin Acht, nó

[EN]

(b) a mheastar a bheith cláraithe amhlaidh de bhua alt 5(3) den Acht,

[EN]

díolmhaithe ó cháin chorparáide, le héifeacht ó dháta cláraithe nó dáta cláraithe mheasta, de réir mar a bheidh, an chomhair creidmheasa faoin Acht.”.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo alt 212 den Phríomh-Acht.

[EN]

Leasú ar alt 449 (creidmheas i leith cánach coigríche nár creidiúnaíodh ar shlí eile) den Phríomh-Acht.

59.—Leasaítear leis seo alt 449 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cáin choigríche iomchuí”—

[EN]

(a) i mír (c), trí “agus” a scriosadh,

[EN]

(b) i mír (d), trí “Sceideal 24, agus” a chur in ionad “Sceideal 24;”, agus

[EN]

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

[EN]

“(e) nach ndéileáiltear léi faoi Sceideal 24 mar cháin a laghdaíonn méid aon ioncaim;”.

[EN]

Faoiseamh i leith cánachais dhúbailte.

60.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, i Sceideal 24—

[EN]

(a) trí—

[EN]

“Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide trí bhíthin Creidmheasa i leith Cánach Coigríche

[EN]

CUID I

[EN]

Léiriú

[EN]

1.(1) Sa Sceideal seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—”

[EN]

a chur in ionad

[EN]

“Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide trí bhíthin Creidmheasa i leith Cánach Coigríche

[EN]

Léiriú

[EN]

1. (1) Sa Sceideal seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—”,

[EN]

(b) i mír 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cáin choigríche”:

[EN]

“ciallaíonn ‘cáin choigríche’ —

[EN]

(a) i gcás aon chríche a bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí i ndáil léi, aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, aon cháin is inmhuirearaithe agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith de bhua fhomhír (3) de mhír 9A.”,

[EN]

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9:

[EN]

“CUID 2

[EN]

Faoiseamh Aontaobhach

[EN]

9A. (1) A mhéid is léir ó na forálacha seo a leanas den mhír seo, déanfar faoiseamh (dá ngairtear ‘faoiseamh aontaobhach’ sa mhír seo) ó cháin chorparáide i leith brabús, arb ionannas dóibh díbhinní, a thabhairt i leith cánach is iníoctha faoi dhlí aon chríche seachas an Stát tríd an gcáin sin a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach corparáide, d'ainneoin nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena bhforáiltear d'fhaoiseamh den sórt sin.

[EN]

(2) Is é a bheidh i bhfaoiseamh aontaobhach cibé faoiseamh a bheadh le tabhairt faoin Sceideal seo dá mbeadh comhshocraíochtaí, a mbeadh na forálacha atá i bhfomhíreanna (3) go (5) ar áireamh iontu, i bhfeidhm le rialtas na críche atá i gceist agus déanfar tagairt sa Sceideal seo do chreidmheas faoi chomhshocraíochtaí a fhorléiriú mar thagairt d'fhaoiseamh aontaobhach.

[EN]

(3) Faoi réir Chuid 1 agus fhomhír (5), déanfar creidmheas i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche seachas an Stát i ndáil le díbhinn iomchuí a bheidh íoctha ag cuideachta a chónaíonn sa chríoch le cuideachta a chónaíonn sa Stát, a lamháil in aghaidh cánach corparáide is inchurtha síos do na brabúis arb ionannas dóibh an díbhinn.

[EN]

(4) Chun críocha fhomhír (3)—

[EN]

(a) ciallaíonn ‘cáin arna híoc faoi dhlí críche seachas an Stát i ndáil le díbhinn iomchuí a bheidh íoctha ag cuideachta’—

[EN]

(i) cáin a mhuirearaítear go díreach ar an díbhinn, cibé acu le muirear cánach, asbhaint cánach ag an bhfoinse nó ar shlí eile, agus nach n-iompródh an chuideachta ná an faighteoir iomlán na cánach sin dá mba rud é nár íocadh an díbhinn, agus

[EN]

(ii) cáin arna híoc i leith a brabús, faoi dhlí na críche, ag an gcuideachta a íocann an díbhinn a mhéid atá an cháin sin inchurtha síos go cuí don chion de na brabúis arb ionannas dó an díbhinn,

[EN]

(b) ciallaíonn ‘díbhinn iomchuí’ díbhinn arna híoc ag cuideachta a chónaíonn i gcríoch seachas an Stát le cuideachta a chónaíonn sa Stát, agus ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó ar fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a íocann an díbhinn; chun críocha na fomhíre seo, tá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile más leis an gcuideachta eile, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 50 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na chéad chuideachta.

[EN]

(5) Ní lamhálfar creidmheas de bhua fhomhír (3)—

[EN]

(a) i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche i gcás go bhfuil comhshocraíochtaí ann le rialtas na críche,

[EN]

(b) i leith aon chánach ar cáin choigríche iomchuí í de réir bhrí alt 449, nó

[EN]

(c) i leith aon chánach a bhféadfar creidmheas a lamháil ina leith faoi alt 831.

[EN]

(6) Más rud é—

[EN]

(a) go bhféadfar faoiseamh aontaobhach a thabhairt i leith díbhinne, agus

[EN]

(b) gur dealraitheach, maidir leis an measúnacht i leith cánach corparáide a bheidh déanta i leith na ndíbhinní, nach bhfuil sí déanta i leith mhéid iomlán an chéanna, nó go bhfuil sí mícheart ag féachaint don chreidmheas, más ann, a bheidh le tabhairt ar mhodh faoisimh aontaobhaigh,

[EN]

féadfar cibé measúnacht a dhéanamh nó a leasú is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán na díbhinne agus go dtabharfar an creidmheas cuí, más ann, ina leith.

[EN]

(7) Sa Sceideal seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le faoiseamh aontaobhach, ní fholaíonn tagairtí do cháin is iníoctha nó atá arna híoc faoi dhlí críche lasmuigh den Stát ach tagairtí do chánacha a mhuirearaítear ar ioncam nó ar ghnóchain chaipitiúla agus atá ar aon dul le cáin chorparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil.

[EN]

Díbhinní a Íoctar idir Cuideachtaí Gaolmhara: Faoiseamh i leith Cánacha Éireannacha agus Cánacha Tríú Tíre

[EN]

9B. (1) Más rud é go n-íocann cuideachta choigríche díbhinn le cuideachta Éireannach agus go bhfuil an chuideachta choigríche gaolmhar leis an gcuideachta Éireannach, ansin, chun creidmheas a lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí in aghaidh cánach corparáide i leith na díbhinne, cuirfear an cháin seo a leanas i gcuntas, faoi réir Chuid 1, amhail is dá mba cháin í ab iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn an chuideachta choigríche—

[EN]

(a) aon cháin ioncaim nó cáin chorparáide is iníoctha sa Stát ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús, agus

[EN]

(b) aon cháin is iníoctha, faoi dhlí aon chríche eile, ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús.

[EN]

(2) Más rud é go mbeidh díbhinn faighte ag an gcuideachta choigríche ó thríú cuideachta agus go bhfuil an tríú cuideachta gaolmhar leis an gcuideachta choigríche agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach, ansin, faoi réir fhomhír (4), déileálfar, chun críocha fhomhír (1), le haon cháin fholuiteach is iníoctha ag an tríú cuideachta, mar cháin arna híoc ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús, sa mhéid go gcuirfí an cháin fholuiteach sin i gcuntas faoin Sceideal seo dá mbeadh an díbhinn íoctha ag cuideachta choigríche le cuideachta Éireannach agus gur foráladh le comhshocraíochtaí go gcuirfí cáin fholuiteach i gcuntas.

[EN]

(3) Más rud é go mbeidh díbhinn faighte ag an tríú cuideachta ó cheathrú cuideachta agus go bhfuil an ceathrú cuideachta gaolmhar leis an tríú cuideachta agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach, ansin, faoi réir fhomhír (4), déileálfar, chun críocha fhomhír (2), le cáin is iníoctha ag an gceathrú cuideachta ar a shamhail de chuma le cáin arna híoc ag an tríú cuideachta agus mar sin de i gcás cuideachtaí comhleanúnacha a bhfuil gach ceann acu gaolmhar leis an gceann roimhe sin agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach.

[EN]

(4) Tá fomhíreanna (2) agus (3) faoi réir na dteorainneacha seo a leanas—

[EN]

(a) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith díbhinne arna híoc ag cuideachta Éireannach ach amháin cáin chorparáide is iníoctha sa Stát agus aon cháin a bhfuil an chuideachta sin i dteideal creidmheasa ina leith faoin Sceideal seo, agus

[EN]

(b) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith díbhinne arna híoc ag cuideachta choigríche le cuideachta eile den sórt sin mura bhféadfaí í a chur i gcuntas faoin Sceideal seo dá mba chuideachta Éireannach an chuideachta eile.

[EN]

(5) (a) Sa mhír seo—

[EN]

ciallaíonn ‘cuideachta choigríche’ cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát;

[EN]

ciallaíonn ‘cuideachta Éireannach’ cuideachta a chónaíonn sa Stát;

[EN]

ciallaíonn ‘cáin fholuiteach’, i ndáil le díbhinn, cáin arna hiompar ag an gcuideachta a íocann an díbhinn ar na brabúis iomchuí (de réir bhrí mhír (8)) a mhéid atá sí inchurtha síos go cuí don chion de na brabúis iomchuí arb ionannas dó an díbhinn.

[EN]

(b) Chun críocha na míre seo—

[EN]

(i) tá cuideachta gaolmhar le cuideachta eile más rud é, i gcás na cuideachta eile sin—

[EN]

(I) gur léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó

[EN]

(II) gur fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach,

[EN]

méid nach lú ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite,

[EN]

(ii) tá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile más leis an gcuideachta eile, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 50 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite,

[EN]

agus

[EN]

(iii) tá cuideachta bainteach le cuideachta eile más rud é, i gcás na cuideachta eile sin—

[EN]

(I) gur léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó

[EN]

(II) gur fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach,

[EN]

méid nach lú ná 10 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite.”,

[EN]

agus

[EN]

(d) i mír 10, trí—

[EN]

“CUID 3

[EN]

Ilghnéitheach

[EN]

10. Ní lamhálfar creidmheas”

[EN]

a chur in ionad

[EN]

Ilghnéitheach

[EN]

10. Ní lamhálfar creidmheas”.

[EN]

Deonacháin chorparáideacha do charthanais cháilithe.

61.—Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 15 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 486:

“Deonacháin chorparáideacha do charthanais cháilithe.

486A.—(1) San alt seo—

forléireofar ‘údarú’ de réir fho-alt (2);

ciallaíonn ‘carthanas cáilithe’ aon chomhlacht sa Stát is sealbhóir údarú atá i bhfeidhm;

forléireofar ‘deonachán cáilitheach’ de réir fho-alt (8).

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas chucu i cibé foirm a chinnfidh siad, nó i bhfoirm a bhfuil an éifeacht chéanna léi, ó chomhlacht sa Stát, agus ar an gcomhlacht do thabhairt cibé faisnéise do na Coimisinéirí Ioncaim a theastóidh uathu le réasún chun críche a bhfeidhmeanna faoin alt seo, doiciméad (‘údarú’) a eisiúint chuig an gcomhlacht á dhearbhú gur carthanas cáilithe an comhlacht chun críocha an ailt seo.

(3) Ní eiseofar údarú chuig comhlacht mura suífidh sé chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur comhlacht daoine nó iontaobhas é arna bhunú chun críocha carthanúla amháin,

(b) gur chun críocha carthanúla amháin a chuirtear ioncam an chomhlachta chun feidhme,

(c) go raibh, roimh dháta déanta an iarratais lena mbaineann, faoi fho-alt (2), díolúine ó cháin tugtha dó chun críocha alt 207 go ceann tréimhse nach lú ná 3 bliana,

(d) go gcuireann sé cibé faisnéis eile ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim a éileoidh siad chun críocha a bhfeidhmeanna faoin alt seo, agus

(e) go gcomhlíonann sé cibé coinníollacha, más ann, a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ó am go ham chun críocha an ailt seo.

(4) Foilseoidh carthanas cáilithe cibé faisnéis ar cibé modh a cheanglóidh an tAire Airgeadais le réasún, lena n-áirítear cuntais iniúchta an charthanais ina mbeidh—

(a) cuntas ioncaim agus caiteachais nó cuntas brabúis agus caillteanais, de réir mar is cuí, dá thréimhse chuntasaíochta is déanaí, agus

(b) clár comhardaithe amhail ar an lá deiridh den tréimhse sin.

(5) D'ainneoin aon oibleagáidí maidir le rúndacht nó srian eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi aon reacht nó ar shlí eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainm agus seoladh carthanais cháilithe a chur ar fáil d'aon duine.

(6) Faoi réir fho-alt (7), beidh éifeacht le húdarú go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a shonróidh siad ann.

(7) Más rud é gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil scortha ag carthanas cáilithe d'fho-alt (3) nó (4) a chomhlíonadh, déanfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcarthanas, údarú an charthanais a tharraingt siar agus beidh feidhm ag an tarraingt siar agus beidh éifeacht léi ó cibé dáta, i ndiaidh dháta an fhógra, a bheidh sonraithe ann.

(8) Chun críocha an ailt seo, is deonachán cáilitheach deonachán do charthanas cáilithe más rud é—

(a) gur cuideachta a thugann é,

(b) go dtugtar é an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, agus

(c) go gcomhlíonann sé ceanglais fho-alt (9).

(9) Comhlíonann deonachán arna thabhairt ag cuideachta i dtréimhse chuntastaíochta de chuid na cuideachta ceanglais an fho-ailt seo más rud é—

(a) gur i bhfoirm íocaíochta suime amháin airgid nó níos mó atá sé,

(b) nach bhfuil sé faoi réir coinníll maidir le haisíocaíocht,

(c) nach bhfaigheann an chuideachta ná aon duine atá bainteach léi tairbhe mar thoradh ar an deonachán a thabhairt,

(d) nach bhfuil mar choinníoll leis, ná ag baint leis, ná nach cuid é de chomhshocraíocht a bhfuil i gceist léi, an carthanas d'fháil maoine, ar shlí seachas ar mhodh bronntanais, ón gcuideachta is deontóir nó ó dhuine atá bainteach léi,

(e) murach fo-alt (10)—

(i) nach mbeadh sé inasbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, agus

(ii) nach mbeadh sé ina chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána chuideachta a bheith á ríomh,

agus

(f) nach ioncam é a bhfuil feidhm ag alt 792 ina leith.

(10) I gcás go dtugann cuideachta deonachán cáilitheach in aon tréimhse chuntasaíochta agus go n-éilíonn sí faoiseamh ó cháin faoi threoir an deonacháin sin, déileálfar, chun críocha cánach corparáide, le méid an chéanna—

(a) mar chaiteachas trádála inasbhainte de chuid trádála atá á seoladh ag an gcuideachta, nó

(b) mar chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána na cuideachta a bheith á ríomh,

don tréimhse chuntasaíochta sin.

(11) Déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951 don tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an deonachán cáilitheach.

(12) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo—

(a) i leith deonacháin cháilithigh arna thabhairt ag cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta do charthanas cáilithe—

(i) mura mó ná £250 méid an deonacháin cháilithigh, nó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach arna dtabhairt ag an gcuideachta sa tréimhse, nó

(ii) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an deonacháin cháilithigh, nó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach, réamhráite,

(b) sa mhéid gur mó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach go léir arna dtabhairt ag cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta do níos mó ná carthanas cáilithe amháin ná an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) £50,000, nó

(ii) 10 faoin gcéad de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sula gcuirtear an faoiseamh faoin alt seo i gcuntas.

(13) I gcás go dtugann cuideachta deonachán cáilitheach i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta is tréimhse is giorra ná 12 mhí, déanfar na méideanna £10,000 agus £50,000 a shonraítear i bhfo-alt (12) a laghdú go comhréireach.”.

[EN]

Faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh in-athnuaite.

62.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 15 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 486A (a cuireadh isteach le halt 61):

“Faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh in-athnuaite.

486B.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘dáta thosach feidhme’ an dáta a thiocfaidh alt 62 den Acht Airgeadais, 1998, i ngníomh;

ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Fiontar Poiblí;

ciallaíonn ‘gnáthscaireanna nua’ gnáthscaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta cáilithí nach bhfuil ag gabháil leo, ar feadh na tréimhse cúig bliana dar tosach an dáta a eisítear na scaireanna sin, aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchaí chun díbhinní, ná chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchaí chun a bhfuascailte;

ciallaíonn ‘cuideachta cháilitheach’ cuideachta—

(a) atá corpraithe sa Stát,

(b) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in áit eile, agus

(c) nach ann di ach amháin chun tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh;

ciallaíonn ‘tionscadal fuinnimh cáilitheach’ tionscadal fuinnimh in-athnuaite a bhfuil deimhniú tugtha ag an Aire ina leith faoi fho-alt (2), ar deimhniú é nach bhfuil cúlghairthe faoin bhfo-alt sin;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an dáta thosach feidhme agus dar críoch an lá roimh an lá ar cothrom trí bliana an dáta sin é;

ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le tionscadal fuinnimh cáilitheach, méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh tabhaithe nó le tabhú ag an gcuideachta cháilitheach chun an tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, arna laghdú de mhéid is comhionann leis an gcuid sin den chaiteachas sin—

(a) is inchurtha síos do thalamh, nó cearta i dtalamh nó thar talamh, a fháil, agus

(b) a bheidh íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát nó ag aon duine seachas an chuideachta cháilitheach;

ciallaíonn ‘asbhaint iomchuí’, faoi réir fho-ailt (4) agus (5), asbhaint de mhéid is comhionann le hinfheistíocht iomchuí;

ciallaíonn ‘infheistíocht iomchuí’ suim airgid—

(a) arna híoc sa tréimhse cháilitheach ag cuideachta thar a ceann féin le cuideachta cháilitheach i leith gnáthscaireanna nua sa chuideachta cháilitheach agus a n-íocann an chuideachta go díreach leis an gcuideachta cháilitheach í,

(b) arna híoc ag an gcuideachta chun a chumasú don chuideachta cháilitheach tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, agus

(c) arna húsáid ag an gcuideachta cháilitheach laistigh de 2 bhliain ón tsuim sin a fháil chun na gcríoch sin,

ach ní fholaíonn sé suim airgid arna híoc leis an gcuideachta cháilitheach ar théarmaí lena bhforáiltear go n-aisíocfar í, agus déanfar tagairt d'infheistíocht iomchuí a dhéanamh a fhorléiriú mar thagairt do shuim den sórt sin a íoc le cuideachta cháilitheach;

ciallaíonn ‘tionscadal fuinnimh in-athnuaite’ tionscadal fuinnimh in-athnuaite (lena n-áirítear tionscadal ar éirigh leis sa Tríú Comórtas i leith an Riachtanais d'Fhuinneamh Malartach (AER III—1997) arna thionscnamh ag an Aire) i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha teicneolaíochta seo a leanas—

(a) grianchumhacht,

(b) gaothchumhacht,

(c) hidreachumhacht, agus

(d) bithmhais.

(2) (a) (i) Féadfaidh an tAire, ar chuideachta cháilitheach do dhéanamh iarratais, deimhniú a thabhairt don chuideachta cháilitheach á dhearbhú, i ndáil le tionscadal fuinnimh in-athnuaite a bheidh le gabháil de láimh ag an gcuideachta, gur tionscadal fuinnimh cáilitheach chun críocha an ailt seo an tionscadal fuinnimh in-athnuaite.

(ii) Beidh iarratas faoin alt seo i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a ordóidh an tAire.

(b) Beidh deimhniú a thabharfaidh an tAire faoi mhír (a) faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé no sí sa deimhniú.

(c) Féadfaidh an tAire aon choinníoll (lena n-áirítear coinníoll arna leasú de bhua na míre seo) a bheidh sonraithe i ndeimhniú den sórt sin a leasú nó a chúlghairm; tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don chuideachta cháilitheach lena mbaineann maidir leis an leasú nó leis an gcúlghairm agus, ar an bhfógra sin a bheith tugtha, beidh feidhm ag an alt seo amhail is—

(i) gur sonraíodh sa deimhniú coinníoll arna leasú amhlaidh agus a sonraítear an leasú air san fhógra, agus

(ii) nár sonraíodh sa deimhniú coinníoll arna chúlghairm amhlaidh agus a sonraítear an chúlghairm air san fhógra.

(d) Aon tagairt i mír (c) don leasú ar choinníoll a shonraítear i ndeimhniú, folaíonn sí tagairt d'aon ábhar a chur, ar mhodh coinníll bhreise, le téarmaí an deimhnithe.

(e) Má mhainníonn cuideachta aon cheann de na coinníollacha a shonraítear i ndeimhniú a eisíodh chuici faoi mhír (a) a chomhlíonadh, ansin—

(i) is ionann an mhainneachtain sin agus neamhtharlú teagmhais ar dá bharr a bheidh faoiseamh le tarraingt siar faoi fho-alt (6), agus

(ii) féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(3) Faoi réir an ailt seo, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndéanann cuideachta infheistíocht iomchuí, déanfar, ar í do dhéanamh éilimh chuige sin, asbhaint iomchuí óna brabúis iomlána don tréimhse chuntasaíochta a thabhairt di; ach más rud é gur mó méid na hasbhainte iomchuí a mbeidh an chuideachta ina teideal faoin alt seo i dtréimhse chuntasaíochta ná a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin, déanfar méid is comhionann leis an mbreis sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus déileálfar leis an méid a bheidh tugtha ar aghaidh amhlaidh chun críocha an ailt seo amhail is dá mba infheistíocht iomchuí é arna déanamh sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin.

(4) Más rud é, in aon tréimhse 12 mhí dar críoch an lá roimh chothrom lae an dáta thosach feidhme, gur mó ná £10,000,000 méid nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí a bheidh déanta, nó a áirítear a bheith déanta, ag cuideachta, nó ag an gcuideachta agus ag na cuideachtaí go léir a mheasfaí tráth ar bith sa tréimhse sin a bheith bainteach leis an gcuideachta—

(a) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith mhéid na breise, agus

(b) más rud é go mbeidh níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil a bheidh cóir agus réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí agus, i gcás inar gá sin, d'fhonn méid faoisimh atá ar comhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí nó le méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne sí sa tréimhse a thabhairt do gach cuideachta lena mbaineann.

(5) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo i leith infheistíochta iomchuí a dhéantar tráth ar bith i gcuideachta cháilitheach más rud é, an tráth sin, gur mó comhiomlán mhéideanna na hinfheistíochta iomchuí sin agus na n-infheistíochtaí iomchuí eile go léir a bheidh déanta sa chuideachta cháilitheach an tráth sin nó roimhe ná méid is comhionann—

(a) le 50 faoin gcéad de chostas iomchuí an tionscadail, nó

(b) le £7,500,000,

cibé acu is lú.

(6) (a) Féadfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a lamháil tráth ar bith tar éis an trátha a shonraítear i mír (c) i leith íocaíochta suime le cuideachta cháilitheach más rud é—

(i) go mbeidh an íocaíocht sin, má úsáideann an chuideachta cháilitheach í, laistigh de 2 bhliain tar éis í a íoc, chun críocha tionscadail fuinnimh cháilithigh, ina hinfheistíocht iomchuí, agus

(ii) go gcomhlíontar nó go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a shonraítear san alt seo maidir leis an bhfaoiseamh a thabhairt,

ach déanfar an faoiseamh a tharraingt siar más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin tarlú, lena n-áirítear cúlghairm deimhnithe ag an Aire faoi fho-alt (2) nó neamhtharlú teagmhais a raibh súil lena tharlú an tráth a tugadh an faoiseamh, nach raibh an chuideachta a dhéanann an t-éileamh i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

(b) Más rud é go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta ar mhodh suibscríofa le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus go ndiúscrófar aon cheann de na scaireanna sin tráth ar bith laistigh de 5 bliana tar éis an trátha a shonraítear i mír (c), ní lamhálfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo i leith an mhéid a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna sin, agus más rud é gur tugadh aon fhaoiseamh den sórt sin, déanfar é a tharraingt siar.

(c) Is é an tráth dá dtagraítear i mír (a) agus mír (b) an tráth a rinneadh an íocaíocht a n-éilítear faoiseamh ina leith.

(7) Ní lamhálfar éileamh ar fhaoiseamh i leith infheistíochta iomchuí i gcuideachta mura mbeidh deimhniú ag gabháil leis, ar deimhniú é a bheidh eisithe ag an gcuideachta i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil nó go mbeidh na coinníollacha don fhaoiseamh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an tionscadal fuinnimh cáilitheach, comhlíonta i ndáil leis an infheistíocht iomchuí sin.

(8) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (7), tabharfaidh cuideachta cháilitheach na nithe seo a leanas don oifigeach údaraithe—

(a) ráiteas lena ndearbhaítear go gcomhlíonann nó go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha don fhaoiseamh a mhéid a bhfuil feidhm acu i ndáil leis an gcuideachta agus leis an tionscadal fuinnimh cáilitheach,

(b) cóip den deimhniú, lena n-áirítear cóip d'aon fhógra a bheidh tugtha ag an Aire lena sonraítear leasú nó cúlghairm coinníll a shonraítear sa deimhniú sin, faoi fho-alt (2) i leith an tionscadail fuinnimh cháilithigh, agus

(c) cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún.

(9) Ní eiseofar deimhniú lena mbaineann fo-alt (7)—

(a) gan údarás an oifigigh údaraithe, nó

(b) i ndáil le hinfheistíocht iomchuí nach bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith de bhua fho-alt (5).

(10) Maidir le haon ráiteas faoi fho-alt (8)—

(a) beidh cibé faisnéis ann a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún,

(b) beidh sé i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(c) beidh dearbhú ann go bhfuil sé cruinn de réir mar is fearr is eol don chuideachta agus mar a chreideann sí.

(11) Más rud é go mbeidh deimhniú eisithe ag cuideachta cháilitheach chun críocha fho-alt (7) nó go mbeidh ráiteas tugtha aici faoi fho-alt (8) agus—

(a) go mbeidh an deimhniú nó an ráiteas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha agus go mbeidh sé bréagach nó míthreorach amhlaidh de dheasca calaoise nó faillí, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (9),

ansin—

(i) dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a thionscnamh i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair ar a shamhail de chuma is a dhéantar in imeachtaí achoimre le haghaidh ghnóthú aon fhíneála nó pionóis faoi aon Acht a bhaineann leis an mál, agus

(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith an ábhair lena mbaineann an deimhniú nó an ráiteas agus, más rud é gur tugadh aon fhaoiseamh den sórt sin, déanfar é a tharraingt siar.

(12) Ní bheidh cuideachta i dteideal faoisimh i leith infheistíochta iomchuí mura rud é, maidir leis an infheistíocht iomchuí—

(a) go ndearnadh í ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ar ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint,

(b) go ndearnadh nó go ndéanfar í a úsáid chun tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, agus

(c) go ndéantar í ar phriacal na cuideachta agus nach bhfuil an chuideachta ná aon duine a mheasfaí a bheith bainteach leis an gcuideachta i dteideal aon íocaíocht in airgead nó i luach airgid, ná aon tairbhe eile atá á hiompar ag an gcuideachta cháilitheach nó is inchurtha síos di go díreach nó go neamhdhíreach, a fháil, seachas íocaíocht arna déanamh ar bhonn neamhthuilleamaíoch as earraí nó seirbhísí a soláthraíodh nó íocaíocht as na fáltais ó shaothrú a dhéanamh ar an tionscadal fuinnimh cáilitheach a bhfuil an chuideachta ina teideal faoi na téarmaí ar faoina réir a dhéantar an infheistíocht iomchuí.

(13) Más rud é go mbeidh aon fhaoiseamh tugtha faoin alt seo agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh sé dlite nó go bhfuil sé le tarraingt siar de bhua fho-alt (6) nó (11), déanfar an faoiseamh sin a tharraingt siar trí mheasúnacht a dhéanamh i leith cánach corparáide, faoi Chás IV de Sceideal D, don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta inar tugadh an faoiseamh agus, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, féadfar measúnacht den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith.

(14) (a) Faoi réir mhír (b), más rud é go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon suime nó aon chuid de shuim, nó go mbeadh sí ina theideal amhlaidh ar éileamh a dhéanamh go cuí chuige sin, mar asbhaint iomchuí óna brabúis iomlána d'aon tréimhse chuntasaíochta, ní bheidh sí i dteideal aon fhaoisimh i leith na suime sin nó an chuid sin de shuim, le linn a hioncam nó a brabúis a bheith á ríomh, nó mar asbhaint óna hioncam nó óna brabúis, d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna Cánach Gnóchan Caipitiúil.

(b) Más rud é go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta ar mhodh suibscríofa le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus nach ndiúscróidh an chuideachta aon cheann de na scaireanna sin laistigh de chúig bliana ón tráth a fuair an chuideachta sin iad, ansin, déanfar na suimeanna is inlamhála mar asbhaintí ón gcomaoin (‘an chomaoin lena mbaineann’) le linn an gnóchan nó an caillteanas a fhabhróidh chuig an gcuideachta ar dhiúscairt na scaireanna sin a bheith á ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil a chinneadh gan féachaint d'aon fhaoiseamh faoin alt seo a bheidh faighte ag an gcuideachta nó a mbeadh sí i dteideal é a fháil ar éileamh a dhéanamh go cuí chuige sin, ach amháin, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin lena mbaineann, go laghdófar iad de mhéid is comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid na hasbhainte iomchuí a lamháiltear don chuideachta faoin alt seo i leith an tsuibscríofa le haghaidh na scaireanna sin, agus

(ii) méid na breise.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

Leasú ar alt 88 (asbhaint i leith bronntanas don Enterprise Trust Ltd.) den Phríomh-Acht.

63.—Leasaítear leis seo alt 88 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)(b)—

[EN]

(a) trí fhomhír (ii) a scriosadh, agus

[EN]

(b) trí “£3,000,000” a chur in ionad “£1,500,000” i bhfomhír (iii).

[EN]

Leasú ar alt 715 (gnó blianachtaí: muirear ar leithligh ar bhrabúis) den Phríomh-Acht.

64.—(1) Leasaítear leis seo alt 715 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2):

[EN]

“(a) (i) (i) faoi réir fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv), beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 710 fara na modhnuithe is gá agus go háirithe beidh feidhm aige amhail is dá scriosfaí ón bhfo-alt sin na tagairtí go léir do shealbhóirí polasaithe seachas sealbhóirí ar pholasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean,

[EN]

(ii) más rud é, ar leith ón bhfomhír seo, go n-eisiafaí aon bhrabúis le linn an ríomhaireacht a dhéanamh de bhua an chuid sin a bheith curtha in áirithe do shealbhóirí ar pholasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean, agus dá bhua sin amháin, ní eisiafar an chuid sin amhlaidh,

[EN]

(iii) i ndáil le hinfheistíochtaí aon chiste atá in ionannas mhéid dhliteanais na cuideachta do shealbhóirí polasaithe i leith a gnó pinsean nó a gnó ghinearálta blianachtaí, de réir mar a bheidh,

[EN]

(I) cuirfear i gcuntas mar fháltas aon mhéadú ar luach na n-infheistíochtaí sin (réadaithe nó neamhréadaithe), agus

[EN]

(II) cuirfear i gcuntas mar chaiteachas aon laghdú ar luach na n-infheistíochtaí sin (réadaithe nó neamhréadaithe),

[EN]

a mhéid atá an méadú nó an laghdú, de réir mar a bheidh, san áireamh i luach na ndliteanas sin arna luacháil ag an achtúire don chuideachta, agus

[EN]

(iv) más rud é go ndéanfar brabúis cuideachta árachais do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse chuntasaíochta’ san fhomhír seo) a ríomh de réir fhomhír (iii) agus nach ndéantar brabúis na tréimhse cuntasaíochta is déanaí roimhe sin a ríomh amhlaidh, déanfar an méadú nó an laghdú ar luach na n-infheistíochtaí dá dtagraítear i bhfomhír (iii) a ríomh, maidir leis an gcéad tréimhse chuntasaíochta, faoi threoir chostas na n-infheistíochtaí an tráth a fuair an chuideachta iad agus déanfar an méadú nó an laghdú sin a áireamh mar fháltas nó mar chaiteachas, de réir mar a bheidh.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Gnóchain chaipitiúla: rátaí muirir.

65.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) in alt 28, trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “40 faoin gcéad” i bhfo-alt (3),

[EN]

(b) in alt 594, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e) d'fho-alt (2):

[EN]

“(f) D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 28, is é 40 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain iomchuí a fhabhraíonn chuig duine”,

[EN]

agus

[EN]

(c) i gCaibidil 2 de Chuid 22, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 649:

“Diúscairtí iomchuí: ráta muirir.

649A.—D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 28, is é 40 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhabhróidh chuig duine as diúscairtí iomchuí, seachas diúscairt iomchuí dá dtagraíonn alt 650.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1)

[EN]

(a) maidir le míreanna (a) agus (c), i ndáil le diúscairtí arna ndéanamh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, agus

[EN]

(b) maidir le mír (b), i ndáil le diúscairtí arna ndéanamh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar Chuid 27 (iontaobhais aonad agus cistí eischósta) den Phríomh-Acht.

66.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCuid 27, tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2:

[EN]

“CAIBIDIL 3

[EN]

Cistí eischósta:forálacha forlíontacha

Cáin ghnóchan caipitiúil: ráta muirir.

747A.—(1) San alt seo beidh le ‘leas ábhartha’, ‘ciste neamhcháilitheach’ agus ‘ciste eischósta’ an bhrí chéanna a shanntar dóibh i gCaibidil 2 den Chuid seo.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt sócmhainne ag duine, an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis, más rud é, tráth na diúscartha—

(a) gurb éard í an tsócmhainn leas ábhartha i gciste eischósta nach ciste eischósta neamhcháilitheach é agus nár chiste den sórt sin é aon tráth ábhartha, nó

(b) gurb éard í an tsócmhainn leas i gcuideachta a chónaíonn sa Stát nó i scéim iontaobhais aonad a gcónaíonn na hiontaobhaithe uirthi sa Stát an tráth sin agus, tráth ábhartha arb é atá ann an 1ú lá d'Eanáir, 1991, nó dáta dá éis, go mba chiste eischósta seachas ciste eischósta neamhcháilitheach an chuideachta nó an scéim iontaobhais aonad agus gurbh éard í an tsócmhainn leas ábhartha sa chiste sin.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (7) d'alt 741 chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thagairtí do chiste eischósta tagairtí sna fo-ailt sin do chiste eischósta neamhcháilitheach.

(4) D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 28, is é 40 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhabhróidh chuig duine as diúscairt sócmhainne lena mbaineann an t-alt seo.”.

[EN]

Leasú ar alt 538 (diúscairtí i gcás sócmhainní a chailleadh nó a scriosadh nó luach sócmhainní a bheith éirithe neamhbhríoch) den Phríomh-Acht.

67.—(1) Leasaítear leis seo alt 538 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) (a) Más rud é, mar thoradh ar dhíscaoileadh comhlachta chorpraithe, go dtiocfaidh maoin de chuid an chomhlachta chorpraithe chun bheith ina maoin de chuid an Stáit de bhua Chuid III den Acht Maoine Stáit, 1954, agus go ndéanfaidh an tAire Airgeadais, de réir an Chuid sin den Acht sin, ceart an Stáit chun na maoine sin a tharscaoileadh i bhfabhar duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chomhlacht corpraithe, ansin, d'ainneoin alt 31 agus faoi réir mhír (c), maidir le haon chaillteanas inlamhála (dá ngairtear ‘caillteanas éilithe’ san fho-alt seo) a fhabhróidh chuig an duine de bhua éilimh arna dhéanamh faoi fho-alt (2) i leith na scaireanna sin ní bheidh sé inlamhála mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe in aon bhliain mheasúnachta is luaithe ná an bhliain mheasúnachta ina ndiúscraíonn an duine an mhaoin agus féadfar aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar mhodh measúnachta nó measúnachta breise chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le comhlacht corpraithe nach bhfuil aon scairchaipiteal aige amhail is dá bhfolódh tagairtí do scaireanna tagairtí d'aon leas sa chomhlacht corpraithe arna shealbhú ag comhaltaí an chomhlachta chorpraithe.

[EN]

(c) Chun críocha mhír (a)—

[EN]

(i) más rud é, i mbliain mheasúnachta, go ndéanfar páirtdiúscairt (de réir bhrí alt 534) ar mhaoin, ní inlamhála mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe sa bhliain mheasúnachta sin ach an oiread sin den chaillteanas éilithe a mbeidh idir é agus méid an chaillteanais éilithe an chomhréir chéanna atá idir an margadhluach, nuair a bheidh sé faighte, den chuid den mhaoin a dhiúscraítear agus margadhluach iomlán na maoine sin nuair a bheidh sé faighte,

[EN]

(ii) ciallóidh an bhliain mheasúnachta ina ndiúscraíonn duine maoin, i gcás an diúscairt, ar diúscairt í le fearchéile nó le banchéile an duine, a bheith ina diúscairt a bhfuil feidhm ag alt 1028(5) maidir léi, an bhliain mheasúnachta ina ndéanfaidh banchéile nó fearchéile an duine, de réir mar a bheidh, an mhaoin a dhiúscairt ina dhiaidh sin, i gcás gur diúscairt í an diúscairt ina dhiaidh sin nach bhfuil feidhm ag alt 1028(5) maidir léi.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le ceart an Stáit chun maoine a tharscaoileadh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 547 (diúscairtí agus fáltais a áirítear a bheith déanta ar mhargadhluach) den Phríomh-Acht.

68.—(1) Leasaítear leis seo alt 547 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) (a) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, de bhua alt 31 den Acht Maoine Stáit, 1954, go ndéanfaidh an tAire Airgeadais ceart an Stáit chun maoine a tharscaoileadh i bhfabhar duine, measfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Gnóchan Caipitiúil, fáil na maoine ag an duine a bheith ar chomaoin ar cóimhéid le méid (lena n-áirítear méid nialais) na híocaíochta airgid arna déanamh ag an duine mar cheann de théarmaí an tarscaoilte sin.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn a fháil an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar Chaibidil 3 (sócmhainní a shealbhaítear i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach, oidhreachtaí agus socraíochtaí) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

69.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 19 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 577—

“An duine atá i dteideal leasa saoil do scaradh leis an leas sin.

577A.—I gcás ina measfar, de bhua alt 576 (1), na sócmhainní is cuid d'aon mhaoin shocraithe a bheith diúscartha agus faighte ar ais láithreach ag an iontaobhaí ar an ócáid a dtagann duine chun teideal iomlán a bheith aige nó aici chun na sócmhainní amhail in aghaidh an iontaobhaí, ansin, más í an ócáid sin an duine atá i dteideal leasa saoil (de réir bhrí alt 577) do scaradh leis an leas sin, tabharfar cibé faoiseamh don iontaobhaí a thabharfaí faoi ailt 598 agus 599 don duine a scar leis an leas saoil—

(a) dá mba rud é go raibh an duine tagtha chun teideal iomlán a bheith aige nó aici chun na sócmhainní amhail in aghaidh an iontaobhaí tráth thosach an leasa saoil agus gur lean sé nó sí de bheith i dteideal amhlaidh ar feadh na tréimhse (dá ngairtear an ‘tréimhse leasa saoil’ san alt seo) a raibh an leas saoil ar marthain, agus

(b) amhail is dá mbeadh aon chaiteachas den chineál dá dtagraítear i mír (b) d'alt 552(1), a thabhaigh an t-iontaobhaí ar na sócmhainní i rith na tréimhse leasa saoil, tabhaithe ag an duine.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt a mheastar a bheith déanta an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

[EN]

Aisghairm ar alt 592 (ráta laghdaithe cánach gnóchan caipitiúil ar dhiúscairtí áirithe scaireanna ag pearsana aonair) den Phríomh-Acht.

70.—(1) Aisghairtear leis seo alt 592 den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 597 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh) den Phríomh-Acht.

71.—(1) Leasaítear leis seo alt 597 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) cáilmheas,

[EN]

(d) aon sócmhainní airgeadais atá ar úinéireacht ag comhlacht daoine dá dtagraítear i mír (f) d'fho-alt (2); chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘sócmhainní airgeadais’ scaireanna de chuid aon chuideachta agus stoic, bannaí agus oibleagáidí de chuid aon rialtais, aon bhardais cathrach, aon chuideachta nó aon chomhlachta chorpraithe eile.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht.

72.—(1) Leasaítear leis seo alt 598 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha”—

[EN]

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

[EN]

“(i) sócmhainní inmhuirearaithe gnó na pearsan aonair a bhí, ar leith ó mhaoin shochorraithe inláimhsithe, ar úinéireacht aige nó aici ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 10 mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus arbh iad a shócmhainní nó a sócmhainní inmhuirearaithe gnó iad i gcaitheamh na tréimhse 10 mbliana dar chríoch dáta na diúscartha sin,”,

[EN]

(ii) i mír (ii), trí “ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 5 bliana, agus” a chur in ionad “ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 5 bliana;”,

[EN]

agus

[EN]

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii):

[EN]

“(iii) talamh a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta atá á seoladh ag an bpearsa aonair agus a bhí ar úinéireacht aige nó aici, agus a d'úsáid sé nó sí chun na críche sin, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 10 mbliana dar chríoch an t-aistriú ar leas sa talamh sin chun críocha téarmaí na Scéime a chomhlíonadh;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sócmhainní cáilitheacha”:

[EN]

“ciallaíonn ‘an Scéim’ an scéim ar a dtugtar an Scéim um Luath-Scor ó Fheirmeoireacht a thug an tAire Talmhaíochta agus Bia isteach chun Rialachán (CEE) Uimh. 2079/92 an 30 Meitheamh 1992 ón gComhairle a chur i ngníomh*;”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn a dhiúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 652 (neamhfheidhm faoiseamh ar shócmhainní a athshuíomh i gcás diúscairtí iomchuí) den Phríomh-Acht.

73.—(1) Leasaítear leis seo alt 652 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)—

[EN]

“(3A) (a) San fho-alt seo—

[EN]

tá le ‘rás con’, ‘rás-rian con’ agus ‘ceadúnas rás-riain chon’ na bríonna céanna faoi seach atá leo in alt 2 d'Acht Tionscail na gCon, 1958;

[EN]

ciallaíonn ‘sócmhainní rás-riain chon údaraithe’ sócmhainní rás-riain chon ar rás-rian con údaraithe é i gcás go n-úsáidtear na sócmhainní ar mhaithe le saoráidí nó seirbhísí cuí a sholáthar chun rásaí con a sheoladh nó mar chóiríocht do dhaoine a bhaineann le rásaíocht chon, lena n-áirítear daoine den phobal;

[EN]

ciallaíonn ‘rás-rian con údaraithe’ rás-rian con a mbeidh ceadúnas rás-riain chon deonaithe ina leith, agus nach mbeidh an ceadúnas sin cúlghairthe.

[EN]

(b) Faoi réir mhír (c), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le comaoin a fuarthas i leith diúscartha iomchuí más rud é—

[EN]

(i) go mbeidh, i gcaitheamh tréimhse 5 bliana dar críoch tráth na diúscartha, na seansócmhainní, agus

[EN]

(ii) go mbeidh na sócmhainní nua de réir bhrí alt 597,

[EN]

ina sócmhainní rás-riain chon údaraithe.

[EN]

(c) Beidh feidhm ag alt 597 i ndáil le sócmhainní rás-riain chon údaraithe—

[EN]

(i) amhail is dá bhfolódh tagairtí i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt sin do shócmhainní nua do scor de bheith á n-úsáid chun críocha trádála tagairt do shócmhainní nua do scor de bheith ina sócmhainní rás-riain chon údaraithe, agus

[EN]

(ii) amhail is dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (11) (b).

[EN]

(3B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le comaoin a fuarthas i leith diúscartha iomchuí arna cur i gcrích le hordú a rinneadh faoi alt 28 (1) den Acht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith diúscairtí iomchuí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis.

[EN]

74. Leasú ar alt 980 (asbhaint ón gcomaoin i leith sócmhainní áirithe a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

74.— Leasaítear leis seo alt 980 den Phríomh-Acht, maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, trí “£150,000” a chur in ionad “£100,000” i bhfo-alt (3).

[EN]

Leasú ar alt 1028 (daoine pósta) den Phríomh-Acht.

75.— Leasaítear leis seo alt 1028 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, trí fho-alt (4) a scriosadh.

*I.O. Uimh. L215 an 30.7.1992 Ich.91.

Caibidil 6

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh i leith Athnuachan agus Feabhsú Limistéar Uirbeach agus Tuaithe Áirithe

[EN]

Leasú ar Chuid 10 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide: faoisimh i leith athnuachan agus feabhsú limistéar uirbeach áirithe, limistéar saoire áirithe agus oileán áirithe) den Phríomh-Acht.

76.—Leasaítear leis seo Cuid 10 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 6:

[EN]

“CAIBIDIL 7

[EN]

Limistéir cháilitheacha

Léiriú agus feidhm (Caibidil 7).

372A.—(1) Sa Chaibidil seo—

tá le ‘léas’, ‘léasaí’, ‘léasóir’, ‘préimh’ agus ‘cíos’ na bríonna céanna faoi seach atá leo i gCaibidil 8 de Chuid 4;

ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le foirgneamh, le déanmhas nó le teach, an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe an fhoirgnimh, an déanmhais nó an tí dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an bhfoirgneamh, ar an déanmhas nó ar an teach don díoltóir, lúide an chuid den phraghas sin ab inchurtha síos d'fháil na talún, nó d'fháil ceart sa talamh nó thar an talamh, ar a bhfoirgnítear an foirgneamh, an déanmhas nó an teach;

ciallaíonn ‘carrchlós ilstóir’ foirgneamh nó déanmhas a bhfuil 2 stór nó níos mó ann agus a úsáidtear go hiomlán nó go formhór chun spás loctha d'fheithiclí inneallghluaiste a sholáthar, ar tháille chuí a íoc, do dhaoine den phobal i gcoitinne, gan tosaíocht a bheith ag aon aicme áirithe daoine;

ciallaíonn ‘limistéar cáilitheach’ limistéar nó limistéir a shonraítear mar limistéar cáilitheach faoi alt 372B;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’, faoi réir alt 372B, an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1998, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 2001;

ciallaíonn ‘athfheistiú’, i ndáil le foirgneamh nó le déanmhas, seachas chun críocha ailt 372H agus 372I, aon obair foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana, lena n-áirítear saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú, a dhéantar le linn an foirgneamh nó an déanmhas a dheisiú nó a athréiteach nó le linn cothabháil ar mhodh deisiúcháin nó athréitigh a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas.

(2) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo má ritheann an tOireachtas Acht a dhéanann tagairt don Chaibidil seo agus a dhéanann socrú chun limistéir uirbeacha áirithe a athnuachan agus chun pleananna (ar a dtabharfar ‘Pleananna Limistéar Comhtháite’) a chur faoi bhráid an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ar pleananna iad a bheidh tarraingthe suas ag údaráis áitiúla nó ag cuideachtaí arna mbunú ag údaráis áitiúla (is údaráis áitiúla dá dtagraítear san Acht sin) i leith limistéir nó limistéar arna sainaithint ag údarás nó ag cuideachta den sórt sin ar bhonn critéar arna n-ullmhú ag an Aire sin, lena n-áirítear athnuachan fhisiceach agus shocheacnamaíoch limistéir nó limistéar den sórt sin.

Limistéir cháilitheacha.

372B.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil (ar moladh é a chuirfidh san áireamh Plean Limistéar Comhtháite a chuirfidh údarás áitiúil nó cuideachta arna bunú ag údarás áitiúil faoi bhráid an Aire sin i leith limistéir a bheidh sainaitheanta aige nó aici), a ordú le hordú—

(a) go mbeidh an limistéar nó na limistéir (a bheidh suite go hiomlán laistigh de theorainneacha an limistéir lena mbaineann an Plean Limistéar Comhtháite) a thuairiscítear san ordú ina limistéar cáilitheach chun críocha ailt amháin nó níos mó den Chaibidil seo,

(b) i gcás ina bhfuil limistéar nó limistéir den sórt sin le bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372D, go mbeidh nó nach mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha foirgnimh nó déanmhais a luaitear i bhfo-alt (2) ina áitreabh cáilitheach nó ina n-áitreabh cáilitheach de réir bhrí an ailt sin, agus

(c) maidir le haon limistéar den sórt sin a thuairiscítear amhlaidh san ordú, go bhforléireofar an míniú ar ‘tréimhse cháilitheach’ in alt 372A mar thagairt do cibé tréimhse a shonrófar san ordú i ndáil leis an limistéar sin; ach ní thosóidh aon tréimhse den sórt sin a shonrófar san ordú roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1998, ná ní chríochnóidh sí níos déanaí ná—

(i) i gcás ailt 372C, 372D agus 372E, an 31ú lá de Nollaig, 1999, agus

(ii) in aon chás eile, an 31ú lá d'Iúil, 2001.

(2) Is iad na hearnálacha foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)—

(a) foirgnimh nó déanmhais arb é atá iontu cóiríocht oifige,

(b) carrchlóis ilstóir, agus

(c) aon fhoirgnimh nó déanmhais eile nach mbaineann níos mó ná 10 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach ar a bhfoirgniú nó ar a n-athfheistiú le foirgniú ná le hathfheistiú cóiríochta oifige.

(3) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (1) leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) D'ainneoin ordaithe faoi fho-alt (1), beidh deonú faoisimh de bhua aon fhorála den Chaibidil seo faoi réir cibé ceanglas eile a shonrófar san Acht dá dtagraítear in alt 372A(2) nó faoin Acht sin.

Liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail.

372C.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a).

(2) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 271 i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo—

(a) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(b) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a) (i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,

(c) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,

(d) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:

(4) Méid is comhionann le 25 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,

agus

(e) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 273 i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo—

(a) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(b) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:

(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.’,

agus

(c) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.

(4) Sa chás go dtabhófar caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(5) D'ainneoin alt 274 (1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le foirgneamh no déanmhas lena mbaineann an t-alt seo mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—

(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhú.

(6) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas faoi alt 271 nó 273 arna fheidhmiú leis an alt seo, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe.

372D.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus—

(a) ar leith ón alt seo, nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir bhrí alt 268, agus

(b)

(i) atá in úsáid chun críocha trádála nó gairme, nó

(ii) bíodh nó ná bíodh sé á úsáid amhlaidh, atá ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach ní fholaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas atá in úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (6), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní da mhalairt sna forálacha sin, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach (seachas alt 372C) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail—

(i) amhail is dá mba é a bheadh in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268 (1) (a), agus

(ii) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht atá á seoladh san áitreabh cáilitheach, amhail is dá mba thrádáil í.

(b) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse cháilitheach.

(3) Sa chás go dtabhófar caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an áitribh cháilithigh díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(4) Chun críocha fheidhmiú ailt 271 agus 273 le fo-alt (2), i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh—

(a) beidh feidhm ag alt 271—

(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(ii) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a) (i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,

(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,

(iv) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:

(4) Méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,

agus

(v) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh,

agus

(b) beidh feidhm ag alt 273—

(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh, agus

(ii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (2)(b) agus (3) go (7) den alt sin a scriosadh.

(5) D'ainneoin alt 274(1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—

(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an t-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an áitribh cháilithigh a thabhú.

(6) (a) D'ainneoin fho-ailt (2) go (4), déanfar aon liúntas nó muirear a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a thabhairt nó a ghearradh de bhua fho-alt (2) i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh a laghdú go dtí leath an mhéid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfo-alt seo, méid an liúntais nó an mhuirir sin.

(b) Chun críocha mhír (a), déanfar méid liúntais nó muirir a bheidh le laghdú go dtí a leath a ríomh—

(i) amhail is dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) amhail is dá mbeadh éifeacht tugtha do na liúntais go léir a bheidh curtha i gcuntas le linn an méid sin a bheith á ríomh amhlaidh.

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'oibriú alt 274(8).

(7) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (2), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe.

372E.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, faoi réir fho-alt (8), léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir chuig léasaí nach bhfuil baint aige nó aici leis an léasóir ná le haon duine eile atá i dteideal cíosa i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó faoi léas ar bith eile;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5)(a), foirgneamh nó déanmhas—

(a) (i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 372C,

(ii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 372D, nó

(iii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil i leith a fhoirgnithe nó a athfheistithe sa tréimhse cháilitheach ar caiteachas é a dtabharfaí liúntas ina leith, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9,

agus

(b) atá ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, is tréimhse chíosa iomchuí an oiread sin de thréimhse, is tréimhse ina mbeidh cíos iníoctha ag duine i ndáil le háitreabh cáilitheach faoi léas cáilitheach, nach faide ná—

(a) 10 mbliana, nó

(b) an tréimhse ar faide 10 mbliana ná—

(i) aon tréimhse roimhe sin, nó

(ii) más ann do níos mó ná tréimhse amháin roimhe sin, comhiomlán na dtréimhsí sin,

dá raibh cíos iníoctha ag an duine sin nó ag aon duine eile i ndáil leis an áitreabh sin faoi léas cáilitheach.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh, go mbeidh duine, ar leith ón alt seo, i dteideal aon asbhainte (dá ngairtear ‘an chéad asbhaint a luaitear’ san fho-alt seo) ar chuntas cíosa i leith áitribh cháilithigh atá á áitiú ag an duine sin chun críocha na trádála nó na gairme sin agus is iníoctha ag an duine sin do thréimhse chíosa iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach sin faoi léas cáilitheach, beidh an duine sin, sa ríomh sin, i dteideal asbhainte breise (dá ngairtear ‘an dara hasbhaint a luaitear’ san fho-alt seo) is comhionann le méid na chéad asbhainte a luaitear, ach i gcás go bhfuil an chéad asbhaint a luaitear ar chuntas cíosa is iníoctha ag an duine sin le duine bainteach, ní bheidh an duine sin i dteideal an dara hasbhaint a luaitear sa ríomh sin.

(4) Más rud é go bhfuil leas in áitreabh cáilitheach ag duine agus go ndéantar léas cáilitheach a bhunú go díreach nó go neamhdhíreach as an leas sin i leith an áitribh cháilithigh agus go ndéantar éileamh ar asbhaint bhreise faoin alt seo i leith cíosa is iníoctha faoin léas cáilitheach, agus, maidir leis an duine sin nó le duine eile atá bainteach leis an duine sin—

(a) go ndéanfaidh sé nó sí áitreabh cáilitheach (dá ngairtear ‘an dara háitreabh a luaitear’ san fho-alt seo) atá á áitiú ag an duine sin nó ag an duine eile sin, de réir mar a bheidh, a thógáil faoi léas cáilitheach chun críocha trádála nó gairme, agus

(b) go bhfuil sé nó sí, ar leith ón alt seo, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh, i dteideal asbhainte ar chuntas cíosa i leith an dara háitreabh a luaitear,

ansin, mura suífidh an duine sin nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, nach chun asbhaint bhreise ar chuntas cíosa a fháil faoin alt seo agus chuige sin amháin, nó nach chuige sin go príomha, a rinne sé nó sí an dara háitreabh a luaitear a thógáil ar léas, ní bheidh an duine sin nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, i dteideal aon asbhainte breise ar chuntas cíosa i leith an dara háitreabh a luaitear le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh.

(5) (a) Ní bheidh foirgneamh nó déanmhas atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d) ina áitreabh cáilitheach chun críocha an ailt seo mura ndéanfaidh an duine dá dtabharfaí liúntas faoi Chaibidil 1 de Chuid 9, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, i leith an chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, a roghnú, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcigire iomchuí (de réir bhrí alt 950), na liúntais go léir faoin gCaibidil sin i leith an chaiteachais chaipitiúil sin a shéanadh.

(b) Déanfar roghnú faoi mhír (a) a chur san áireamh sa tuairisceán a cheanglaítear ar an duine lena mbaineann a thabhairt faoi alt 951 le haghaidh na chéad bhliana measúnachta nó le haghaidh na chéad tréimhse cuntasaíochta, de réir mar a bheidh, a dtabharfaí liúntas ina leith don duine sin faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i leith an chaiteachais chaipitiúil sin murach fo-alt (6).

(c) Beidh roghnú faoi mhír (a) neamh-inchúlghairthe.

(d) Tabharfaidh duine a bhfuil roghnú faoi mhír (a) déanta aige nó aici cóip den roghnú sin d'aon duine (dá ngairtear ‘an dara duine a luaitear’ sa mhír seo) dá ndeonaíonn an duine léas cáilitheach i leith an áitribh cháilithigh, agus déanfaidh an dara duine a luaitear an chóip a chur san áireamh sa tuairisceán a cheanglaítear ar an dara duine a luaitear a thabhairt faoi alt 951 le haghaidh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta, de réir mar a bheidh, ina bhfuil cíos iníoctha den chéad uair ag an dara duine a luaitear faoin léas cáilitheach i leith an áitribh cháilithigh.

(6) Más rud é go ndéanann duine, a bhfuil caiteachas caipitiúil tabhaithe aige nó aici sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d), roghnú faoi fho-alt (5)(a), ansin, d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach—

(a) ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 don duine i leith an chaiteachais chaipitiúil sin,

(b) ar aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear in alt 274(1) tarlú i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas, measfar gur nialas iarmhar an chaiteachais (de réir bhrí alt 277) i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin, agus

(c) ní bheidh feidhm ag alt 279 i gcás aon duine a cheannóidh an leas iomchuí (de réir bhrí alt 269) san fhoirgneamh nó sa déanmhas.

(7) Chun cinneadh a dhéanamh, i ndáil le mír (a)(iii) den mhíniú ar ‘áitreabh cáilitheach’ agus le fo-ailt (5) agus (6), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse inmhuirearaithe, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

(8) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘luach reatha’, i ndáil le híocaíochtaí léasa íosta, luach na n-íocaíochtaí sin arna lascainiú go dtí a luach láithreach de réir ráta a thabharfaidh, nuair a chuirtear chun feidhme é tráth tionscanta an léasa—

(i) ar na híocaíochtaí sin, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'aon íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, agus

(ii) ar aon iarmharluach neamhráthaithe den áitreabh cáilitheach, gan aon chuid den luach sin a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti,

luachanna láithreacha lascainithe arb ionann a méid comhiomlán agus méid luach cóir an áitribh cháilithigh;

ciallaíonn ‘luach cóir’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, méid is ionann agus cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí i leith an áitribh í ar dhíol arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch lúide aon deontais is infhaighte faoi chomhair an t-áitreabh cáilitheach a cheannach;

ciallaíonn ‘tráth tionscanta an léasa’ an tráth a thosófar ag baint úsáide as an áitreabh cáilitheach nó an dáta a fhabhróidh cíosanna faoin léas den chéad uair, cibé acu is luaithe;

ciallaíonn ‘íocaíochtaí léasa íosta’ na híocaíochtaí íosta thar a mbeidh fágtha de théarma an léasa a bheidh le híoc leis an léasóir agus folaíonn sé aon iarmharmhéid a bheidh le híoc leis an léasóir ag deireadh théarma an léasa agus a bheidh ráthaithe ag an léasaí nó ag duine a bhfuil baint aige nó aici leis an léasaí;

ciallaíonn ‘iarmharluach neamhráthaithe’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an chuid sin d'iarmharluach an áitribh sin ag deireadh téarma léasa, arna mheas tráth tionscanta an léasa, nach mbeidh a réadú ag an léasóir forchinntithe, nó nach mbeidh an réadú sin ráthaithe ach amháin ag duine a bhfuil baint aige nó aici leis an léasóir.

(b) Ní léas cáilitheach chun críocha an ailt seo léas airgeadais, is é sin le rá—

(i) léas i leith áitribh cháilithigh i gcás gurb ionann, tráth tionscanta an léasa, comhiomlán luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta (lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'aon íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti) is iníoctha ag an léasaí i ndáil leis an léas, agus méid is comhionann le 90 faoin gcéad nó níos mó de luach cóir an áitribh cháilithigh, nó

(ii) léas a meastar faoi, sna himthosca go léir, go dtugann sé go substaintiúil don léasaí na fiontair agus na tairbhí a ghabhann le húinéireacht an áitribh cháilithigh seachas teideal dlí chuig an áitreabh sin.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athchóiriú

372F.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372J(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla agus iad sin amháin ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(a), (4)(c) agus (5) d'alt 372J, teach—

(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach,

(b) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(c) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(d) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus

(e) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir deireadh léasa cháilithigh amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (4), méid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an caiteachas a tabhaíodh chun aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe, nó chun cearta sa talamh sin nó thairsti, a fháil, agus

(b) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.

(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.

(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá—

(a) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus

(b) ar an méid arbh é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin, dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, de réir mar a bheidh,

chun an caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh agus an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(6) (a) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais ar fhoirgniú an tí atá ar cóimhéid leis an méid a áiríodh, faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an tí; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó ná an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (7), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar cheannach tí an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí, a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(i) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(ii) an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach,

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, maidir leis an trádáil go léir nó le haon chuid di, foirgnimh a fhoirgniú d'fhonn iad a dhíol agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é i gcúrsa na trádála sin nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa an chuid sin den trádáil sin—

(i) déanfar an duine (dá ngairtear ‘an ceannaitheoir’ sa mhír seo) a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an bpraghas iomchuí a d'íoc an ceannaitheoir ar an gceannach (dá-ngairtear ‘an chéad cheannach’ sa mhír seo), agus

(ii) i ndáil le haon díolachán nó díolacháin dá éis sin den teach sula n-úsáidtear an teach, beidh feidhm ag mír (a) amhail is dá mba thagairt don phraghas iomchuí a íocadh ar an gcéad cheannach an tagairt do mhéid an chaiteachais a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.

(8) Beidh feidhm ag alt 372J chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athchóiriú

372G.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘caiteachas athchóirithe’, faoi réir fho-alt (2), caiteachas a tabhaíodh—

(a) chun foirgneamh a athchóiriú ina theach, ar foirgneamh é—

(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach, agus

(ii) nach raibh in úsáid roimhe sin mar theaghais,

agus

(b) chun foirgneamh a athchóiriú ina 2 theach nó níos mó, ar foirgneamh é—

(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach, agus

(ii) nach raibh in úsáid mar theaghais, nó a bhí in úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú,

agus forléireofar tagairtí san alt seo agus in alt 372J do ‘athchóiriú’, ‘athchóiriú ina theach’ agus ‘caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú’ dá réir sin;

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372J(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na míre seo gurb é margadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh an tráth sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b), (4)(c) agus (5) d'alt 372J, teach—

(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(b) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athchóirithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an athchóiriú sin, agus

(d) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfolaíonn caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú foirgnimh caiteachas a tabhaíodh i gcúrsa an athchóirithe ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon—

(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú,

i ndáil leis an bhfoirgneamh nó le haon fhotheach a chomhghabhann leis an bhfoirgneamh nó a theachtar leis de ghnáth, ach ní mheasfar go bhfolaíonn sé—

(i) aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, nó

(ii) aon chaiteachas is inchurtha sios d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athchóiriú a chríochnú.

(3) Chun críocha fho-alt (2)(ii), más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos d'fhoirgneamh i gcoitinne agus ní go díreach d'aon teach nó d'aon aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh ar an athchóiriú a chríochnú, measfar gur méid is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe cibé méid den chaiteachas sin a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithigh agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh.

(4) Faoi réir fho-alt (5), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas athchóirithe i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(5) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.

(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (4), an caiteachas athchóirithe a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.

(6) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid d'fhoirgneamh é a bhfuil an foirgneamh sin é féin ar cheann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin chun an caiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(7) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (4), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(8) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (7) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais athchóirithe i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas athchóirithe a áiríodh, faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (5)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—

(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach.

(9) I gcás caiteachas athchóirithe a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas athchóirithe i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(b)    (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach;

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas athchóirithe a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athchóiriú mura mbeidh cead pleanála maidir leis an athchóiriú tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993.

(11) Beidh feidhm ag alt 372J chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athfheistiú

372H.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372J(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe—

(i) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh, agus

(ii) nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na fomhíre seo gurb é margadhluach an tí ar an dáta sin méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b), (4)(c) agus (5) d'alt 372J, teach—

(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(b) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athfheistithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas iomchuí a tabhaíodh iarbhír ar an athfheistiú sin, agus

(d) atá, ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí, ligthe (nó, mura bhfuil sé ligthe ar an dáta sin, a ndéantar é a ligean den chéad uair, gan é a bheith úsáidte i ndiaidh an dáta sin) ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘athfheistiú, i ndáil le foirgneamh, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon—

(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(b) saoráidí uisce, séaracháis nó téacháin a sholáthar nó a fheabhsú,

i gcás ina ndeimhneoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, in aon deimhniú um chostas réasúnach arna thabhairt ag an Aire sin i ndáil le haon teach atá san fhoirgneamh, gur ghá na hoibreacha sin a dhéanamh nó na saoráidí sin a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go mbeadh aon teach san fhoirgneamh oiriúnach le bheith ina theaghais agus cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an líon tithe san fhoirgneamh, nó cruth nó méid aon tí den sórt sin, a athrú i gcúrsa an athfheistithe sin;

ciallaíonn ‘caiteachas iomchuí’ caiteachas a tabhaíodh ar athfheistiú foirgnimh shonraithe, seachas caiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athfheistiú a chríochnú, agus chun críocha an mhínithe seo, más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos don fhoirgneamh sonraithe i gcoitinne (agus ní go díreach d'aon teach nó aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh, ar an athfheistiú a chríochnú), is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó, mura raibh an t-áitreabh ligthe faoi léas cáilitheach ar an dáta sin, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta an chéadligin den sórt sin tar éis an dáta críochnaithe sin;

ciallaíonn ‘foirgneamh sonraithe’ foirgneamh—

(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach,

(b) a bhfuil, roimh an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí, 2 theach nó níos mó ann, agus

(c) a bhfuil, ar an athfheistiú sin a chríochnú, 2 theach nó níos mó ann (cibé acu i dteannta aon aonaid neamhchónaithe nó nach ea).

(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas iomchuí i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile—

(i) is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir, agus

(ii) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh.

(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas iomchuí a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.

(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas iomchuí a tabhaíodh ar an bhfoirgneamh nó ar na foirgnimh sin chun an caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(6) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais iomchuí i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas iomchuí a áiríodh, faoi alt 372J(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—

(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach.

(7) I gcás caiteachas iomchuí a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas iomchuí i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach;

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas iomchuí a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athfheistiú ar bith mura mbeidh cead pleanála, a mhéid is gá sin, maidir leis an obair a rinneadh i gcúrsa an athfheistithe tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993.

(9) Ní áireofar i gcaiteachas a mbeidh duine i dteideal faoisimh faoin alt seo ina leith aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(10) Beidh feidhm ag alt 372J chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Cóiríocht chónaithe: liúntas d'úinéirí áititheoirí maidir le caiteachas áirithe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú

372I.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘caiteachas cáilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, méid is comhionann le méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú áitribh cháilithigh ar teaghais úinéir-áitithe cháilitheach é i ndáil leis an bpearsa aonair tar éis aon suim—

(a) i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin,

(b) i leith nó faoi threoir an áitribh cháilithigh, nó

(c) i leith nó faoi threoir na hoibre foirgníochta nó, de réir mar a bheidh, na hoibre athfheistithe ar tabhaíodh an caiteachas sin ina leith,

a bheidh faighte ag an bpearsa aonair, nó a mbeidh sé nó sí i dteideal a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón Stát, ó aon bhord arna bhunú le reacht nó ó aon údarás poiblí nó áitiúil, a asbhaint ón méid sin caiteachais;

ciallaíonn ‘teaghais úinéir-áitithe cháilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cáilitheach a úsáideann an phearsa aonair den chéad uair, tar éis an caiteachas cáilitheach a bheith tabhaithe, mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe dó féin nó di féin;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, i ndáil le caiteachas cáilitheach a thabhú, faoi réir fho-ailt (4) agus (5) d'alt 372J, teach—

(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach,

(b) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(c) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith agus nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe nó, de réir mar a bheidh, chostas athfheistithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú nó ar an athfheistiú sin, de réir mar a bheidh, agus

(d) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán;

tá le ‘athfheistiú’ an bhrí chéanna atá leis in alt 372H.

(2) (a) Más rud é go gcruthóidh pearsa aonair, tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh an phearsa aonair i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na 9 mbliana measúnachta dá éis sin inarb é an t-áitreabh cáilitheach ar ina leith a thabhaigh an phearsa aonair an caiteachas cáilitheach aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair, go ndéanfar asbhaint as a ioncam nó a hioncam iomlán ar asbhaint í de mhéid is comhionann—

(i) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, le 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin, nó

(ii) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú an áitribh cháilithigh, le 10 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin.

(b) Ní thabharfar asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais cháilithigh ach amháin a mhéid atá an caiteachas sin le háireamh faoi alt 372J(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.

(3) I gcás ina dtabhóidh 2 dhuine nó níos mó caiteachas cáilitheach i ndáil le háitreabh cáilitheach, measfar gur thabhaigh gach duine de na daoine sin an caiteachas sna comhréireanna inar iompair siad an caiteachas iarbhír agus cionroinnfear an caiteachas dá réir sin.

(4) Beidh feidhm ag alt 372J chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Forálacha d'fhorlíonadh ailt 372F go 372I.

372J.—(1) In ailt 372F go 372I—

ciallaíonn ‘deimhniú um chostas réasúnach’ deimhniú arna thabhairt ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, chun críocha alt 372F, 372G, 372H nó 372I, de réir mar a bheidh, á rá go bhfeictear don Aire sin, tráth an deimhniú a thabhairt agus ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil don Aire sin an tráth sin, gur méid réasúnach an méid a shonraítear sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí, costas an athchóirithe ina theach, costas athfheistithe an tí nó, de réir mar a bheidh, costas foirgnithe nó athfheistithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, maidir le deimhniú um chostas réasúnach amhail is dá mba dheimhniú um luach réasúnach de réir bhrí an ailt sin é;

folaíonn ‘teach’ aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann nó a theachtar de ghnáth leis an bhfoirgneamh sin nó leis an gcuid sin d'fhoirgneamh;

ciallaíonn ‘achar urláir iomlán’ achar urláir iomlán tí arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4(2)(b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.

(2) Ní léas cáilitheach léas chun críocha alt 372F, 372G nó 372H má tá aon fhoráil i dtéarmaí an léasa á chumasú don léasaí nó d'aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas sa teach lena mbaineann an léas a fháil tráth ar bith ar chomaoin is lú na an chomaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá seolfaí na caibidlí don fháil sin ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte.

(3) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372F, 372G nó 372H—

(a) má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine atá bainteach leis an duine atá i dteideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an tí, ar an athchóiriú ina theach nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an tí, asbhaint a fháil faoi alt 372F(2), 372G(4) nó 372H(2), de réir mar a bheidh, agus

(b) mura bhfuil téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach den chineál a bhféadfaí a bheith ag súil go mbeidís sa léas dá mba rud é gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.

(4) (a) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372F nó, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas seachas caiteachas ar athfheistiú, alt 372I, mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin foirgníochta tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.

(b) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372G nó 372H nó, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas ar athfheistiú, alt 372I, mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin feabhsúcháin tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.

(c) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372F, 372G, 372H nó 372I mura gcomhlíonfaidh an teach nó, i gcás gur ceann de líon tithe i bhforbairt aonair an teach, an fhorbairt ar cuid di é, cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiuil ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, chun cuspóirí na hathnuachana uirbí a chur chun cinn agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh forálacha a bheith sna treoirlínte sin i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní amháin nó níos mó acu—

(i) dearadh agus foirgniú tithe, an t-athchóiriú ina thithe, athfheistiú tithe nó, de réir mar a bheidh, foirgniú nó athfheistiú tithe,

(ii) achar urláir iomlán agus toisí seomraí laistigh de thithe, arna dtomhas ar cibé modh a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil,

(iii) soláthar saoráidí agus taitneamhachtaí coimhdeacha i ndáil le tithe, agus

(iv) an chothromaíocht a bheidh le baint amach idir tithe de chineálacha agus de mhéideanna éagsúla laistigh d'fhorbairt aonair ina bhfuil 2 theach nó níos mó nó laistigh d'fhorbairt den sórt sin agus a comharsanacht ghinearálta ag féachaint don tithíocht atá sa chomharsanacht sin nó atá beartaithe a bheith inti.

(5) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372F, 372G, 372H nó 372I mura gceadaítear do dhaoine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha na n-alt sin an teach a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údaruithe a thabhairt ar aird má iarrann an duine dá ndéantar difear orthu déanamh amhlaidh.

(6) Chun críocha ailt 372F go 372I, déanfar tagairtí sna hailt sin d'fhoirgniú aon áitribh, d'athchóiriú in aon áitreabh, d'athfheistiú aon áitribh nó, de réir mar a bheidh, d'fhoirgniú nó d'athfheistiú aon áitribh, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh suite nó a úsáidtear i dtaca le gairdíní, fearainn, rochtain nó taitneamhachtaí a sholáthar i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, mar thagairtí a fholaíonn go háirithe na nithe seo a leanas—

(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,

(b) glanadh láithreáin, uachtar talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, leagan bunsraitheanna, tógáil scafaill, aisiriú láithreáin, tírdhreachú agus soláthar ród agus oibreacha rochtana eile,

(c) ballaí, soláthar cumhachta, siltean, sláintíocht agus soláthar uisce, agus

(d) foirgniú aon fhothithe nó aon fhoirgneamh nó déanmhas eile lena n-úsáid ag áititheoirí an áitribh nó lena n-úsáid i dtaca le taitneamhachtaí a sholáthar do na háititheoirí.

(7) (a) Chun cinneadh a dhéanamh, i ndáil le haon éileamh faoi alt 372F(2), 372G(4), 372H(2) nó 372I(2), de réir mar a bheidh, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, ar athfheistiú áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar fhoirgniú nó athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar ach le cibé méid den chaiteachas sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh, ar an athchóiriú ina áitreabh, ar athfheistiú an áitribh nó, de réir mar a bheidh, ar fhoirgniú nó athfheistiú an áitribh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

(b) Más rud é, de bhua fho-alt (6), go bhfuil caiteachas ar fhorbairt aon talún san áireamh i gcaiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, ar athfheistiú áitribh cháilithigh, nó, de réir mar a bheidh, ar fhoirgniú nó athfheistiú áitribh cháilithigh, beidh feidhm ag mír (a) fara aon mhodhnuithe is gá amhail is dá mba thagairtí d'fhorbairt na talún sin na tagairtí sa mhír sin d'fhoirgniú an áitribh cháilithigh, don athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, d'athfheistiú an áitribh cháilithigh, nó, de réir mar a bheidh, d'fhoirgniú nó d'athfheistiú an áitribh cháilithigh.

(8) (a) Chun críocha ailt 372F agus 372G seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(b) Chun críocha alt 372H seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil le hathfheistiú áitribh cháilithigh a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta thosach na tréimhse iomchuí, i ndáil leis an áitreabh, arna chinneadh maidir leis an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí.

(c) Chun críocha alt 372I seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar an dáta is luaithe, tar éis an caiteachas a thabhú iarbhír, ar a bhfuil an t-áitreabh in úsáid mar theaghais.

(9) Chun críocha ailt 372F go 372H, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh sé íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

(10) Beidh feidhm ag alt 555 amhail is dá mba liúntas caipitiúil asbhaint faoi alt 372F(2), 372G(4) nó 372H(2), de réir mar a bheidh, agus amhail is dá mba mhuirear cothromaíochta aon chíos a mheastar a bheith faighte ag duine faoi alt 372F(5), 372G(7) nó 372H(5), de réir mar a bheidh.

(11) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo nó faoi alt 372F, 372G, 372H nó 372I (seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte

372K.—Más rud é go dtugtar faoiseamh de bhua aon fhorála den Chaibidil seo i ndáil le caiteachas caipitiúil nó caiteachas eile a tabhaíodh ar aon fhoirgneamh, déanmhas nó áitreabh nó i ndáil le cíos is iníoctha i leith aon fhoirgnimh, déanmhais nó áitribh, ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais sin ná an chíosa sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.”.

[EN]

Faoisimh i leith athnuachan agus feabhsú limistéar tuaithe áirithe.

77.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) i gCuid 10, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 7 (a cuireadh isteach leis an Acht seo):

“Caibidil 8

Limistéir thuaithe cháilitheacha

Léiriú (Caibidil 8).

372L.—(1) Sa Chaibidil seo—

tá le ‘léas’, ‘léasaí’, ‘léasóir’, ‘préimh’ agus ‘cíos’ na bríonna céanna faoi seach atá leo i gCaibidil 8 de Chuid 4;

ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le foirgneamh, le déanmhas nó le teach, an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe an fhoirgnimh, an déanmhais nó an tí dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an bhfoirgneamh, ar an déanmhas nó ar an teach don díoltóir, lúide an chuid den phraghas sin ab inchurtha síos d'fháil na talún, nó d'fháil ceart sa talamh nó thar an talamh, ar a bhfoirgnítear an foirgneamh, an déanmhas nó an teach;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2001;

ciallaíonn ‘limistéar tuaithe cáilitheach’ aon limistéar a thuairiscítear i Sceideal 8A;

ciallaíonn ‘athfheistiú’, i ndáil le foirgneamh nó le déanmhas, seachas chun críocha alt 372R, aon obair foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana, lena n-áirítear saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú, a dhéantar le linn an foirgneamh nó an déanmhas a dheisiú nó a athréiteach nó le linn cothabháil ar mhodh deisiúcháin nó athréitigh a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas.

Liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail.

372M.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach agus atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a).

(2) Faoi reir fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 271 i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo—

(a) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(b) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a) (i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,

(c) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,

(d) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:

‘(4) Méid is comhionann le 25 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,

agus

(e) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 273 i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo—

(a) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(b) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:

‘(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.’,

agus

(c) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.

(4) Sa chás go dtabhófar caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(5) D'ainneoin alt 274 (1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—

(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhú.

(6) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas faoi alt 271 nó 273 arna fheidhmiú leis an alt seo, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tráchtála.

372N.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘scéim cheadaithe’ scéim a bhfuiltear ag gabháil di le ceadú ó údarás áitiúil agus arb é an cuspóir atá léi, nó ar ceann dá cuspóirí, saoráidí séarachais, soláthairtí uisce nó bóithre a chur ar fáil chun críocha poiblí;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach agus—

(a) ar leith ón alt seo, nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir bhrí alt 268, agus

(b) (i) atá in úsáid chun críocha trádála nó gairme nó chun críocha scéime ceadaithe, nó

(ii) bíodh nó ná bíodh sé á úsáid amhlaidh, atá ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach ní fholaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas atá in úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe.

(2)(a) Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (6), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna forálacha sin, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach (seachas alt 372M) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail—

(i) amhail is dá mba é a bheadh in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268 (1) (a), agus

(ii) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht atá á seoladh san áitreabh cáilitheach, amhail is dá mba thrádáil í.

(b) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse cháilitheach.

(3) Sa chás go dtabhófar caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin más rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an áitribh cháilithigh díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.

(4) Chun críocha fheidhmiú ailt 271 agus 273 le fo-alt (2), i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh—

(a) beidh feidhm ag alt 271—

(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,

(ii) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a) (i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,

(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,

(iv) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:

‘(4) Méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,

agus

(v) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh,

agus

(b) beidh feidhm ag alt 273—

(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh, agus

(ii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (2)(b) agus (3) go (7) den alt sin a scriosadh.

(5) D'ainneoin alt 274(1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—

(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an t-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an áitribh cháilithigh a thabhú.

(6) (a) D'ainneoin fho-ailt (2) go (4), déanfar aon liúntas nó muirear a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a thabhairt nó a ghearradh de bhua fho-alt (2) i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh a laghdú go dtí leath an mhéid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfo-alt seo, méid an liúntais nó an mhuirir sin.

(b) Chun críocha mhír (a), déanfar méid liúntais nó muirir a bheidh le laghdú go dtí a leath a ríomh—

(i) amhail is dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) amhail is dá mbeadh éifeacht tugtha do na liúntais go léir a bheidh curtha i gcuntas le linn an méid sin a bheith á ríomh amhlaidh.

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'oibriú alt 274(8).

(7) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (2), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

Liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe.

372O.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5), léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir chuig léasaí nach bhfuil baint aige nó aici leis an léasóir ná le haon duine eile atá i dteideal cíosa i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó faoi léas ar bith eile;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas—

(a) (i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 372M, nó

(ii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 372N,

agus

(b) atá ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, is tréimhse chíosa iomchuí an oiread sin de thréimhse, is tréimhse ina mbeidh cíos iníoctha ag duine i ndáil le háitreabh cáilitheach faoi léas cáilitheach, nach faide ná—

(a) 10 mbliana, nó

(b) an tréimhse ar faide 10 mbliana ná—

(i) aon tréimhse roimhe sin, nó

(ii) más ann do níos mó ná tréimhse amháin roimhe sin, comhiomlán na dtréimhsí sin,

dá raibh cíos iníoctha ag an duine sin nó ag aon duine eile i ndáil leis an áitreabh sin faoi léas cáilitheach.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh, go mbeidh duine, ar leith ón alt seo, i dteideal aon asbhainte (dá ngairtear ‘an chéad asbhaint a luaitear’ san fho-alt seo) ar chuntas cíosa i leith áitribh cháilithigh atá á áitiú ag an duine sin chun críocha na trádála nó na gairme sin agus is iníoctha ag an duine sin do thréimhse chíosa iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach sin faoi léas cáilitheach, beidh an duine sin, sa ríomh sin, i dteideal asbhainte breise (dá ngairtear ‘an dara hasbhaint a luaitear’ san fho-alt seo) is comhionann le méid na chéad asbhainte a luaitear, ach i gcás go bhfuil an chéad asbhaint a luaitear ar chuntas cíosa is iníoctha ag an duine sin le duine bainteach, ní bheidh an duine sin i dteideal an dara hasbhaint a luaitear sa ríomh sin.

(4) Más rud é go bhfuil leas in áitreabh cáilitheach ag duine agus go ndéantar léas cáilitheach a bhunú go díreach nó go neamhdhíreach as an leas sin i leith an áitribh cháilithigh agus go ndéantar éileamh ar asbhaint bhreise faoin alt seo i leith cíosa is iníoctha faoin léas cáilitheach, agus, maidir leis an duine sin nó le duine eile atá bainteach leis an duine sin—

(a) go ndéanfaidh sé nó sí áitreabh cáilitheach (dá ngairtear ‘an dara háitreabh a luaitear’ san fho-alt seo) atá á áitiú ag an duine sin nó ag an duine eile sin, de réir mar a bheidh, a thógáil faoi léas cáilitheach chun críocha trádála nó gairme, agus

(b) go bhfuil sé nó sí, ar leith ón alt seo, le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh, i dteideal asbhainte ar chuntas cíosa i leith an dara háitreabh a luaitear,

ansin, mura suífidh an duine sin nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, nach chun asbhaint bhreise ar chuntas cíosa a fháil faoin alt seo agus chuige sin amháin, nó nach chuige sin go príomha, a rinne sé nó sí an dara háitreabh a luaitear a thógáil ar léas, ní bheidh an duine sin nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, i dteideal aon asbhainte breise ar chuntas cíosa i leith an dara háitreabh a luaitear le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil nó ón ngairm sin a bheith á ríomh.

(5)(a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘luach reatha’, i ndáil le híocaíochtaí léasa íosta, luach na n-íocaíochtaí sin arna lascainiú go dtí a luach láithreach de réir ráta a thabharfaidh, nuair a chuirtear chun feidhme é tráth tionscanta an léasa—

(i) ar na híocaíochtaí sin, lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'aon íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti, agus

(ii) ar aon iarmharluach neamhráthaithe den áitreabh cáilitheach, gan aon chuid den luach sin a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti,

luachanna láithreacha lascainithe arb ionann a méid comhiomlán agus méid luach cóir an áitribh cháilithigh;

ciallaíonn ‘luach cóir’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, méid is ionann agus cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí i leith an áitribh í ar dhíol arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch lúide aon deontais is infhaighte faoi chomhair an t-áitreabh cáilitheach a cheannach;

ciallaíonn ‘tráth tionscanta an léasa’ an tráth a thosófar ag baint úsáide as an áitreabh cáilitheach nó an dáta a fhabhróidh cíosanna faoin léas den chéad uair, cibé acu is luaithe;

ciallaíonn ‘íocaíochtaí léasa íosta’ na híocaíochtaí íosta thar a mbeidh fágtha de théarma an léasa a bheidh le híoc leis an léasóir agus folaíonn sé aon iarmharmhéid a bheidh le híoc leis an léasóir ag deireadh théarma an léasa agus a bheidh ráthaithe ag an léasaí nó ag duine a bhfuil baint aige nó aici leis an léasaí;

ciallaíonn ‘iarmharluach neamhráthaithe’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an chuid sin d'iarmharluach an áitribh sin ag deireadh téarma léasa, arna mheas tráth tionscanta an léasa, nach mbeidh a réadú ag an léasóir forchinntithe, nó nach mbeidh an réadú sin ráthaithe ach amháin ag duine a bhfuil baint aige nó aici leis an léasóir.

(b) Ní léas cáilitheach chun críocha an ailt seo léas airgeadais, is é sin le rá—

(i) léas i leith áitribh cháilithigh i gcás gurb ionann, tráth tionscanta an léasa, comhiomlán luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta (lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh ach gan aon íocaíocht nó cuid d'aon íocaíocht a áireamh a mbeidh an léasóir cuntasach don léasaí inti) is iníoctha ag an léasaí i ndáil leis an léas, agus méid is comhionann le 90 faoin gcéad nó níos mó de luach cóir an áitribh cháilithigh, nó

(ii) léas a meastar faoi, sna himthosca go léir, go dtugann sé go substaintiúil don léasaí na fiontair agus na tairbhí a ghabhann le húinéireacht an áitribh cháilithigh seachas teideal dlí chuig an áitreabh sin.

Cóiríocht chónaithe chíosa; asbhaint i leith caiteachais áirithe ar fhoirgniú.

372P.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372S(2), léas ar an teach nach giorra ná 12 mhí a ré agus arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla agus iad sin amháin ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(a) agus (5) d'alt 372S, teach—

(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach,

(b) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(c) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(d) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus

(e) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir deireadh léasa cháilithigh amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (4), méid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an caiteachas a tabhaíodh chun aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe, nó chun cearta sa talamh sin nó thairsti, a fháil, agus

(b) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(3)(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.

(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.

(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá—

(a) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus

(b) ar an méid arbh é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin, dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, de réir mar a bheidh,

chun an caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh agus an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(6)(a) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais ar fhoirgniú an tí atá ar cóimhéid leis an méid a áiríodh, faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an tí; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó ná an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (7), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar cheannach tí an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí, a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.

(7)(a) Faoi réir mhír (b), i gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(i) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(ii) an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach,

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, maidir leis an trádáil go léir nó le haon chuid di, foirgnimh a fhoirgniú d'fhonn iad a dhíol agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é i gcúrsa na trádála sin nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa an chuid sin den trádáil sin—

(i) déanfar an duine (dá ngairtear ‘an ceannaitheoir’ sa mhír seo) a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an bpraghas iomchuí a d'íoc an ceannaitheoir ar an gceannach (dá ngairtear ‘an chéad cheannach’ sa mhír seo), agus

(ii) i ndáil le haon díolachán nó díolacháin dá éis sin den teach sula n-úsáidtear an teach, beidh feidhm ag mír (a) amhail is dá mba thagairt don phraghas iomchuí a íocadh ar an gcéad cheannach an tagairt do mhéid an chaiteachais a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.

(8) Beidh feidhm ag alt 372S chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athchóiriú.

372Q.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘caiteachas athchóirithe’, faoi réir fho-alt (2), caiteachas a tabhaíodh—

(a) chun foirgneamh a athchóiriú ina theach, ar foirgneamh é—

(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach, agus

(ii) nach raibh in úsáid roimhe sin mar theaghais,

agus

(b) chun foirgneamh a athchóiriú ina 2 theach nó níos mó, ar foirgneamh é—

(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach, agus

(ii) nach raibh in úsáid mar theaghais, nó a bhí in úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú,

agus forléireofar tagairtí san alt seo agus in alt 372S do ‘athchóiriú’, ‘athchóiriú ina theach’ agus ‘caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú’ dá réir sin;

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372S(2), léas ar an teach nach giorra ná 12 mhí a ré agus arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na míre seo gurb é margadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh an tráth sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b) agus (5) d'alt 372S, teach—

(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(b) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athchóirithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an athchóiriú sin, agus

(d) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfolaíonn caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú foirgnimh caiteachas a tabhaíodh i gcúrsa an athchóirithe ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon—

(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú,

i ndáil leis an bhfoirgneamh nó le haon fhotheach a chomhghabhann leis an bhfoirgneamh nó a theachtar leis de ghnáth, ach ní mheasfar go bhfolaíonn sé—

(i) aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, nó

(ii) aon chaiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athchóiriú a chríochnú.

(3) Chun críocha fho-alt (2)(ii), más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos d'fhoirgneamh i gcoitinne agus ní go díreach d'aon teach nó d'aon aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh ar an athchóiriú a chríochnú, measfar gur méid is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe cibé méid den chaiteachas sin a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithigh agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh.

(4) Faoi réir fho-alt (5), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas athchóirithe i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(5)(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.

(b)  Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (4), an caiteachas athchóirithe a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.

(6) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin chun an caiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(7) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (4), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(8) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (7) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais athchóirithe i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas athchóirithe a áiríodh, faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (5)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—

(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach.

(9) I gcás caiteachas athchóirithe a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas athchóirithe i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) (i) (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach;

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas athchóirithe a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athchóiriú mura mbeidh cead pleanála maidir leis an athchóiriú tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993.

(11) Beidh feidhm ag alt 372S chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athfheistiú.

372R.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372S(2), léas ar an teach nach giorra ná 12 mhí a ré agus arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó

(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe—

(i) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh, agus

(ii) nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na fomhíre seo gurb é margadhluach an tí ar an dáta sin méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b) agus (5) d'alt 372S, teach—

(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,

(b) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,

(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athfheistithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas iomchuí a tabhaíodh iarbhír ar an athfheistiú sin, agus

(d) atá, ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí, ligthe (nó, mura bhfuil sé ligthe ar an dáta sin, a ndéantar é a ligean den chéad uair, gan é a bheith úsáidte i ndiaidh an dáta sin) ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);

ciallaíonn ‘athfheistiú’, i ndáil le foirgneamh, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon—

(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a sholáthar nó a fheabhsú,

i gcás ina ndeimhneoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, in aon deimhniú um chostas réasúnach arna thabhairt ag an Aire sin i ndáil le haon teach atá san fhoirgneamh, gur ghá na hoibreacha sin a dhéanamh nó na saoráidí sin a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go mbeadh aon teach san fhoirgneamh oiriúnach le bheith ina theaghais agus cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an líon tithe san fhoirgneamh, nó cruth nó méid aon tí den sórt sin, a athrú i gcúrsa an athfheistithe sin;

ciallaíonn ‘caiteachas iomchuí’ caiteachas a tabhaíodh ar athfheistiú foirgnimh shonraithe, seachas caiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athfheistiú a chríochnú, agus chun críocha an mhínithe seo, más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos don fhoirgneamh sonraithe i gcoitinne (agus ní go díreach d'aon teach nó aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh, ar an athfheistiú a chríochnú), is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iolmán an fhoirgnimh;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó, mura raibh an t-áitreabh ligthe faoi léas cáilitheach ar an dáta sin, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta an chéadligin den sórt sin tar éis an dáta críochnaithe sin;

ciallaíonn ‘foirgneamh sonraithe’ foirgneamh—

(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach,

(b) a bhfuil, roimh an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí, teach amháin nó níos mó ann, agus

(c) a bhfuil, ar an athfheistiú sin a chríochnú, teach amháin nó níos mó ann (cibé acu i dteannta aon aonaid neamhchónaithe nó nach ea).

(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas iomchuí i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—

(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.

(3)(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile—

(i) is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir, agus

(ii) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh.

(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas iomchuí a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus

(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.

(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas iomchuí a tabhaíodh ar an bhfoirgneamh nó ar na foirgnimh sin chun an caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.

(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.

(6) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais iomchuí i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas iomchuí a áiríodh, faoi alt 372S(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—

(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach.

(7) I gcás caiteachas iomchuí a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas iomchuí i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—

(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus

(b) (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó

(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach;

ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas iomchuí a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athfheistiú ar bith mura mbeidh cead pleanála, a mhéid is gá sin, maidir leis an obair a rinneadh i gcúrsa an athfheistithe tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993.

(9) Ní áireofar i gcaiteachas a mbeidh duine i dteideal faoisimh faoin alt seo ina leith aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(10) Beidh feidhm ag alt 372S chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Forálacha d'fhorlíonadh ailt 372P go 372R.

372S.—(1) In ailt 372P go 372R—

ciallaíonn ‘deimhniú um chostas réasúnach’ deimhniú arna thabhairt ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, chun críocha alt 372P, 372Q nó 372R, de réir mar a bheidh, á rá go bhfeictear don Aire sin, tráth an deimhniú a thabhairt agus ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil don Aire sin an tráth sin, gur méid réasúnach an méid a shonraítear sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí, costas an athchóirithe ina theach nó costas athfheistithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, maidir le deimhniú um chostas réasúnach amhail is dá mba dheimhniú um luach réasúnach de réir bhrí an ailt sin é;

folaíonn ‘teach’ aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann nó a theachtar de ghnáth leis an bhfoirgneamh sin nó leis an gcuid sin d'fhoirgneamh;

ciallaíonn ‘achar urláir iomlán’ achar urláir iomlán tí arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4(2)(b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.

(2) Ní léas cáilitheach léas chun críocha alt 372P, 372Q nó 372R má tá aon fhoráil i dtéarmaí an léasa á chumasú don léasaí nó d'aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas sa teach lena mbaineann an léas a fháil tráth ar bith ar chomaoin is lú ná an chomaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá seolfaí na caibidlí don fháil sin ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte.

(3) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372P, 372Q nó 372R—

(a) má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine atá bainteach leis an duine atá i dteideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an tí, ar an athchóiriú ina theach nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an tí, asbhaint a fháil faoi alt 372P(2), 372Q(4) nó 372R(2), de réir mar a bheidh, agus

(b) mura bhfuil téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach den chineál a bhféadfaí a bheith ag súil go mbeidís sa léas dá mba rud é gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.

(4) (a) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372P mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin foirgníochta tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.

(b) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372Q nó 372R mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin feabhsúcháin tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.

(5) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372P, 372Q nó 372R mura rud é—

(a) go gceadaítear do dhaoine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha na n-alt sin an teach a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údaruithe a thabhairt ar aird má iarrann an duine dá ndéantar difear orthu déanamh amhlaidh, agus

(b) go n-úsáidtear an teach, ar feadh thréimhse aon léasa cháilithigh a bhaineann leis an áitreabh sin, mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe an léasaí i ndáil leis an léas cáilitheach sin.

(6) Chun críocha ailt 372P go 372R, déanfar tagairtí sna hailt sin d'fhoirgniú aon áitribh, d'athchóiriú in aon áitreabh nó d'athfheistiú aon áitribh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh suite nó a úsáidtear i dtaca le gairdíní, fearainn, rochtain nó taitneamhachtaí a sholáthar i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, mar thagairtí a fholaíonn go háirithe na nithe seo a leanas—

(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,

(b) glanadh láithreáin, uachtar talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, leagan bunsraitheanna, tógáil scafaill, aisiriú láithreáin, tírdhreachú agus soláthar ród agus oibreacha rochtana eile,

(c) ballaí, soláthar cumhachta, siltean, sláintíocht agus soláthar uisce, agus

(d) foirgniú aon fhothithe nó aon fhoirgneamh nó déanmhas eile lena n-úsáid ag áititheoirí an áitribh nó lena n-úsáid i dtaca le taitneamhachtaí a sholáthar do na háititheoirí.

(7) (a) Chun cinneadh a dhéanamh, i ndáil le haon éileamh faoi alt 372P(2), 372Q(4) nó 372R(2), de réir mar a bheidh, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar ach le cibé méid den chaiteachas sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh, ar an athchóiriú ina áitreabh nó ar athfheistiú an áitribh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.

(b) Más rud é, de bhua fho-alt (6), go bhfuil caiteachas ar fhorbairt aon talún san áireamh i gcaiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, beidh feidhm ag mír (a) fara aon mhodhnuithe is gá amhail is dá mba thagairtí d'fhorbairt na talún sin na tagairtí sa mhír sin d'fhoirgniú an áitribh cháilithigh, don athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó d'athfheistiú an áitribh cháilithigh.

(8) (a) Chun críocha ailt 372P agus 372Q seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(b) Chun críocha alt 372R seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil le hathfheistiú áitribh cháilithigh a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta thosach na tréimhse iomchuí, i ndáil leis an áitreabh, arna chinneadh maidir leis an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí.

(9) Chun críocha ailt 372P go 372R, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh sé íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

(10) Beidh feidhm ag alt 555 amhail is dá mba liúntas caipitiúil asbhaint faoi alt 372P(2), 372Q(4) nó 372R(2), de réir mar a bheidh, agus amhail is dá mba mhuirear cothromaíochta aon chíos a mheastar a bheith faighte ag duine faoi alt 372P(5), 372Q(7) nó 372R(5), de réir mar a bheidh.

(11) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo nó faoi alt 372P, 372Q nó 372R (seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Gan feidhm a bheith ag faoiseamh i gcásanna áirithe agus foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte.

372T.—(1) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, ní bheidh feidhm ag ailt 372M, 372N agus 372O i ndáil le haon fhoirgneamh nó déanmhas atá in úsáid chun críocha trádála, nó aon ghníomhaíochta a áirítear mar thrádáil, i gcás gurb ionann agus 250, nó gur mó ná 250, an líon pearsana aonair atá fostaithe ag seoladh na trádála nó na gníomhaíochta nó atá ag gabháil don chéanna.

(2) Más rud é go dtugtar faoiseamh de bhua aon fhorála den Chaibidil seo i ndáil le caiteachas caipitiúil nó caiteachas eile a tabhaíodh ar aon fhoirgneamh, déanmhas nó áitreabh nó i ndáil le cíos is iníoctha i leith aon fhoirgnimh, déanmhais nó áitribh, ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais sin ná an chíosa sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 8:

“Alt 327L.

SCEIDEAL 8A

Tuairisc ar Limistéir Thuaithe Cháilitheacha

CUID 1

Tuairisc ar limistéir thuaithe cháilitheacha an Chabháin

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Ármhach, Loch na Féinne, Cill na Seanrátha, Baile an Mhuilinn, Corrach Fionn, Greallach, Cill Connaidh, Béal Tairbirt Uirbeach, Ard Odhbha, Carn, Baile na bhFraochán, Drom Cárthach, An Dúgharraí, Lios an Uabhair, Baile Mhic Shamhráin, Béal Átha Conaill, An Bábhún Buí, Teampall an Phoirt, Beann Bhreac, Tigh Pheadair an Bhóthair, Tír Cáine, Muileann an Iarainn, Cill Náile, Doire na Neannta, Dún Mhac Íomhair, An Damhshraith, Doire Leathan, Tuaim, Cill na Laighneach, Eisceach, Taobh Bán, Screabach, Loch Damhain, Cnoc Brúsa, Drom Carbháin, Corr, Cros Domhnaigh agus Coillidh Caoin.

CUID 2

Tuairisc ar limistéir thuaithe cháilitheacha Liatroma

Contae riaracháin Liatroma.

CUID 3

Tuairisc ar limistéir thuaithe cháilitheacha an Longfoirt

Contae riaracháin an Longfoirt.

CUID 4

Tuairisc ar limistéir thuaithe cháilitheacha Ros Comáin

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Baile an Tobair, Caisleán Teithín, An Cheathrú Dhubh, Cill Bhríde Thuaidh, Lios Ó nDubhthaigh, Cill an Bheacháin, Tearmann Bearaigh, Rúscaigh, Cill Ghlais Thuaidh, Cill Ghlais Theas, Buimlinn, Cluain Fionnlocha, Cill Lúcain (i dTuathcheantar Ros Comáin), Béal na mBuillí, Eanach Mór, Tuilsce, Cúil Luachra, Baile an Locha, Cill Tulach, Cluain Fobhair, Airteach Theas, Airteach Thuaidh, Bealach an Doirín, An Tulachán Mór, Loch Glinne, Buac-choill, Mullach na Sí, An Caisleán Riabhach, Dún Gar, Béal Áth na gCarr, Lios Lachna, Baislic Mhór, Brídeog, Alt an Ghabhláin, Loch Aillionn, Béal Átha Fearnáin, Céideadh, Achadh Finn, Baile Formaoile, Crosnach, Cill Brian, Mainistir na Búille Tuaithe, Mainistir na Búille Uirbeach, Taobhanna, Luachra, Tumna Thuaidh, Tumna Theas, Cill Lúcain (i dTuathcheantar Mhainistir na Búille Uimh. 1), Páirc Dharach, Caladh na Carraige, Ráth Danann, Cluaintín, Cill Mhór, Éille, Baile Garaidh, Eachdhroim Thoir, Eachdhroim Thiar, Craobh (i dTuathcheantar Mhainistir na Búille Uimh. 1), Craobh (i dTuathcheantar Ros Comáin), Ail Finn, An Ros Mór, Cluain Uí Choinn, Oghdheala, An Móinteach, Lios Garbh, Cill Mochoimse, Cill Colg, Díseart Nuadhain, Cruachán, Cill Lomad, Na Creaga, Cluain Uí Ghormacáin, Cill Bhríde Theas, Cill Géibhinn, Cluain Tuaiscirt, Droim Damh agus Cill Taobháin.

CUID 5

Tuairisc ar limistéir thuaithe cháilitheacha Shligigh

Na Toghranna Ceantair seo a leanas: Baile an Tóchair Thoir, Baile na Cille, Lios Conaidh, Droim Fionn, Baile an Mhóta, Cluain Eochaille, Liatroim, Tobar an Choire, Cill Toraí, Coill Mhór, Cill Fraoigh, Cúil Ó bhFinn, Cill Athracht, Teampall an Mhanaigh, Eachineach, Cill Mhic Treana, Baile na Sí, Seanchua, Droim Colm, Baile idir Dhá Abhainn, Achadh Mhór, Breicshliabh, Droim Ráithe, Tuaim Fhobhair, Cill Sealbhaigh, Cill Duibh Dúin, Cill Dá Loch, Cartrún, Cúil Áine, Abhainn Mhór, An Teampall, Eanach, Carraig Beannchair, Cúil Mhuine agus Baile an Tóchair Thiar.”.

CUID 2

Custaim agus Mál

Caibidil 1

Cáin Cláraithe Feithiclí

[EN]

Léiriú (Caibidil 1).

78.—Sa Chaibidil seo ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais, 1992.

[EN]

Leasú ar alt 130 (léiriú) d'Acht 1992.

79.—Leasaítear leis seo alt 130 (arna leasú leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992) d'Acht 1992 trí “nó feithicil a mbeidh na Coimisinéirí sásta maidir léi nach féidir í a ghluaiseacht go meicniúil” a chur isteach i ndiaidh “atá oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh easlán” sa mhíniú ar “feithicil inneallghluaiste”.

[EN]

Leasú ar alt 132 (dleacht máil a mhuirearú) d'Acht 1992.

80.—Maidir le cáin cláraithe feithiclí arna muirearú, arna tobhach agus arna híoc amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1998, leasaítear leis seo alt 132 d'Acht 1992, i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992—

[EN]

(a) i mír (a), trí “28 faoin gcéad” a chur in ionad “29.25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 85 den Acht Airgeadais, 1994), agus

[EN]

(b) i mír (b), trí “22.5 faoin gcéad” a chur in ionad “23.2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 85 den Acht Airgeadais, 1994).

[EN]

Leasú ar alt 134 (buanfhaoisimh) d'Acht 1992.

81.—Leasaítear leis seo alt 134 d'Acht 1992—

[EN]

(a) i bhfo-alt (11) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993), tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i mír (b):

[EN]

“Ar choinníoll, chun críocha fho-ailt (11) go (14), nach bhfolóidh feithicil feithicil atá fruilithe, tugtha ar iasacht nó tugtha nó socraithe ar shlí eile ag duine údaraithe mar fheithicil ionaid d'fheithicil atá á deisiú nó le deisiú aige nó thar a cheann agus nár dearbhaíodh roimhe sin faoi fho-alt (11).”,

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (13) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993):

[EN]

“(13) Ní thabharfar aisíoc do dhuine faoi fho-alt (11)—

[EN]

(a) i gcás gur thaistil feithicil níos lú ná 5,000 míle ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú,

[EN]

(b) i gcás go n-aistreofar feithicil óna fruiliú laistigh de 3 mhí ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú,

[EN]

(c) i gcás go n-aistreofar feithicil óna fruiliú roimh an 31ú lá de Lúnasa i mbliain a dearbhaithe le haghaidh clárú,

[EN]

(d) i gcás nach mbeidh feithicil ag áitreabh a úsáideann an duine chun gnó a sheoladh arb é atá ann feithiclí a fhruiliú faoi chonarthaí féintiomána gearrthéarma laistigh de 10 lá oibre ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú,

[EN]

(e) i gcás nár íocadh aon cháin cláraithe feithiclí nó aon cháin bhreisluacha is iníoctha ag an duine faoin dáta aisíoca, nó

[EN]

(f) i leith feithicle ar íocadh dleacht máil mótarfheithicle faoi Ordú 1979 uirthi roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1991.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) i bhfo-alt (15) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) :

[EN]

“(aa) go ndearnadh an fheithicil nó an gluaisrothar, de réir mar a bheidh, a choimeád agus a úsáid chun críocha taispeána ar feadh tréimhse nach lú ná 3 mhí ón dáta clárúcháin, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 139 (cionta agus pionós) d'Acht 1992.

82.—Leasaítear leis seo alt 139 d'Acht 1992, i bhfo-alt (3)—

[EN]

(a) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (e), agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(ee) a bheith i seilbh na feithicle más feithicil athchóirithe í nár dearbhaíodh sonraí an athchóirithe i ndáil léi de réir alt 131 nó más feithicil athchóirithe í ar dearbhaíodh sonraí an athchóirithe i ndáil léi ach nár íocadh cáin cláraithe feithiclí ar an dearbhú, mura duine údaraithe é, nó”.

Caibidil 2

Ilghnéitheach

[EN]

Léiriú (Caibidil 2).

83.—Sa Chaibidil seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

[EN]

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin.

84.—Leasaítear leis seo an Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860—

[EN]

(a) in alt 8 (arna leasú le halt 96 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), tríd an méid seo a leanas a scriosadh:

[EN]

“Provided always, that no licence to sell foreign wine by retail to be consumed on the premises shall be granted for any refreshment house which, with the premises belonging thereto and occupied therewith, shall be under the value of eight pounds a year, nor for any refreshment house situated in any city, borough, town or place containing a population exceeding ten thousand according to the then last Parliamentary census, if such refreshment house, with the premises belonging thereto and occupied therewith, shall be under the value of fifteen pounds a year; and”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 13 (arna leasú le halt 50(2)(b) den Acht Airgeadais, 1989), trí “, and the net annual value of such house, according to the valuation thereof last made for poor law purposes under the laws then in force” a scriosadh agus trí “or not of the annual value required by this Act,” a scriosadh.

[EN]

Leasú ar alt 21 (uaireanta gnó in áitreabh cláraithe) den Acht um Gheall-Chur, 1931.

85.—Leasaítear leis seo alt 21(1) den Acht um Gheall-Chur, 1931, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1999, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Ní dhéanfar áitreabh cláraithe a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun gnó a dhéanamh aon uair aon Lá Nollag, Aoine an Chéasta ná Domhnach Cásca agus i gcás aon lae eile—

[EN]

(a) ón 1ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain go dtí an 31ú lá de Mhárta an bhliain dár gcionn, aon uair roimh a seacht a chlog ar maidin agus tar éis leathuair tar éis a sé a chlog tráthnóna an lae eile sin, agus

[EN]

(b) ón 1ú lá d'Aibreán in aon bhliain go dtí an 31ú lá de Lúnasa sa bhliain sin, aon uair roimh a seacht a chlog ar maidin agus tar éis a deich a chlog tráthnóna an lae eile sin”.

[EN]

Méadú sa dleacht ar dheimhniú clárúcháin áitribh geallghlacadóra.

86.—Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931, ar chlárú a dhéanamh, nó ar athnuachan a dhéanamh ar chlárú, faoin Acht um Gheall-Chur, 1931, ar aon áitreabh ina ndéantar gnó geallghlacadóireachta, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1999, de réir ráta £300 in ionad an ráta a sonraíodh ag uimhir thagartha 5 i gCuid IV den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1992, agus dá réir sin ón dáta sin déanfar an tagairt, atá os coinne na huimhreach tagartha sin i gcolún 4 (an dáta feidhme), don 1ú lá de Nollaig, 1992, a fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá de Nollaig, 1999, agus déanfar an tagairt, atá os coinne na huimhreach tagartha sin i gcolún 5 (an ráta dleachta), do £200 a fhorléiriú mar thagairt do £300.

[EN]

Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais, 1975.

87.—(1) Leasaítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais, 1975, i mír (aa) (a cuireadh isteach le halt 74(2) den Acht Airgeadais, 1980) d'fho-alt (7), trí “le hAointe, le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire” a chur in ionad “le Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” sa chéad áit a bhfuil sé, agus trí “Aointe, Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” a chur in ionad “Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” sa dara háit a bhfuil sé.

[EN]

(2) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón 1ú lá de Bhealtaine, 1998, maidir le ceadúnas meaisín cearrbhachais, den chineál dá dtagraítear in alt 43(7)(aa) den Acht Airgeadais, 1975, arna dheonú ar an dáta sin nó dá éis faoi alt 43(4) den Acht Airgeadais,1975.

[EN]

(b) Maidir le ceadúnas meaisín cearrbhachais, den chineál dá dtagraítear in alt 43(7)(aa) den Acht Airgeadais, 1975, arna dheonú roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, faoi alt 43(4) den Acht Airgeadais, 1975, ar ceadúnas marthanach é ar an dáta sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón dáta sin ar feadh iarmhéid na tréimhse a bhfanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ar a feadh.

[EN]

Leasú ar alt 123 (rátaí dleachta) den Acht Airgeadais, 1992.

88.—(1) Leasaítear leis seo alt 123 den Acht Airgeadais, 1992, sa choinníoll (a cuireadh isteach le halt 88 den Acht Airgeadais, 1994) a ghabhann le mír (c) (a cuireadh isteach le halt 70 den Acht Airgeadais, 1993), trí “le hAointe, le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire poiblí” a chur in ionad “le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire poiblí”.

[EN]

(2) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón 1ú lá de Bhealtaine, 1998, maidir le ceadúnas meaisín siamsa, den chineál dá dtagraítear in alt 123(c) den Acht Airgeadais, 1992, arna dheonú ar an dáta sin nó dá éis faoi alt 122 den Acht Airgeadais, 1992.

[EN]

(b) Maidir le ceadúnas meaisín siamsa, den chineál dá dtagraítear in alt 123(c) den Acht Airgeadais, 1992, arna dheonú roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, faoi alt 122 den Acht Airgeadais, 1992, ar ceadúnas marthanach é ar an dáta sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón dáta sin ar feadh iarmhéid na tréimhse a bhfanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ar a feadh.

[EN]

Hidreacarbóin.

89.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Airgeadais, 1988;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra le mír 11(1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, de réir £361.36 an 1000 lítear in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 82 d'Acht 1997.

[EN]

(3) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) d'alt 56 d'Acht 1988, a ríomh de réir £66.92 an 1,000 lítear maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi, an 4ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

[EN]

(4) Chun críocha an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) d'alt 82 d'Acht 1997, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin (4) amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, amhail is dá mba thagairt d'fho-alt (2) den alt seo an tagairt ann d'fho-alt (2) den alt sin 82.

[EN]

Leasú ar alt 21 (diúité ar íle híodrocarbóin) den Acht Airgid, 1935.

90.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935

[EN]

(a) i bhfo-alt (15)—

[EN]

(i) sa mhíniú ar “mótar-fheithicil” (arna leasú le halt 84(6) den Acht Airgeadais, 1994) trí “lena n-áirítear aon fheithicil a bheidh ceaptha, déanta nó modhnaithe chun go mbeidh sí oiriúnach lena tarraingt ar bhóthar ag feithicil inneallghluaiste,” a chur isteach i ndiaidh “ar bhóithre,”, agus

[EN]

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe ar “trealamh soghluaiste tollta toibreacha“(a cuireadh isteach leis an alt sin 84(6)):

[EN]

“ciallaíonn an abairt ‘dabhach breosla’ aon dabhach i mótarfheithicil nó ar mhótarfheithicil a úsáidtear nó ar féidir é a úsáid chun breosla a sholáthar lena dhó in inneall na mótarfheithicle, chun críocha gluaiste, nó mótarfheithicle eile ar féidir léi tarraingt a chur ar fáil chun na gcríoch sin;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

[EN]

“(16) Chun críocha an mhínithe ar ‘dabhach breosla’ i bhfo-alt (15) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur féidir dabhach a úsáid chun breosla a sholáthar lena dhó in inneall mótarfheithicle chun críocha gluaiste má tá aon easrais ón dabhach seachas—

[EN]

(a) na heasrais sin atá i gceangal go buan agus d'aon toisc le córais chuisnithe, ocsaiginithe, inslithe teirmigh nó sainchóras eile sa mhótarfheithicil nó ar an mótarfheithicil, agus atá ann d'aon toisc chun breosla a sholáthar le haghaidh na gcóras sin, nó

[EN]

(b) na heasrais sin atá ann d'aon toisc chun breosla a scardadh as tancaer bóthair ola chuig soitheach nó dabhach atá ar leithligh ón tancaer ola sin.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

Leasú ar alt 731 (exemption from rates) den Merchant Shipping Act, 1894.

91.—Leasaítear leis seo alt 731 den Merchant Shipping Act, 1894, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

[EN]

“Provided that no such exemption shall be allowed in respect of excise duty on any hydrocarbon oil.”.

[EN]

Leasú ar mhír 8 d'Ordú 1975.

92.—Leasaítear leis seo mír 8 d'Ordú 1975 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (4) (a cuireadh isteach le Rialachán 17 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992)):

[EN]

“(4) Sa mhír seo, ciallaíonn ‘leann úll agus leann piorraí’ leann úll agus leann piorraí is mó ná 1.2% toirte ach nach mó ná 22% toirte a fhaightear ó ghiosáil sú úll nó sú piorraí agus gan aon deoch alcólach ná aon deoch ná substaint eile a bheith curtha leis—

[EN]

(i) a chuireann dath orthu nó a thugann blas dóibh, agus

[EN]

(ii) a athraíonn go suntasach, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, sainghné an táirge ón tsainghné a bheadh aige thairis sin.”

[EN]

An dleacht ar bhiotáille a chur siar.

93.—Leasaítear leis seo mír 4 d'Ordú 1975 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) arna leasú le Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc na Dleachta Máil ar Bhiotáille agus ar Fhíon Déanta Allmhairithe agus ar Bheoir a Chur Siar), 1980 (I.R.Uimh. 405 de 1980):

[EN]

“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheadú, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur chun íocaíocht ar an dleacht a fháil, íocaíocht na dleachta a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná—

[EN]

(a) i gcás go mbeidh an dleacht iníoctha lá i mí na Nollag aon bhliain nach déanaí ná an 20ú lá den mhí sin, an lá deireanach den mhí sin an bhliain chéanna, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, an lá deireanach den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh an dleacht iníoctha.”.

[EN]

Táirgí tobac.

94.—(1) San alt seo agus i Sceideal 7

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997;

[EN]

tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh” agus “tobac eile chun a chaite ina dheatach” na bríonna céanna atá leo in Acht 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), le Rialacháin 26 agus 29 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992) agus le halt 86 d'Acht 1997.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i Sceideal 7 in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977.

[EN]

Leasú ar alt 103 (léiriú (Caibidil II)) den Acht Airgeadais, 1992.

95.—Leasaítear leis seo alt 103 (arna leasú le Rialachán 7(a) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992)) den Acht Airgeadais, 1992, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Comhphobal”:

[EN]

“ciallaíonn ‘Comhphobal’ críoch an Chomhphobail arna míniú leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus, go háirithe, le hAirteagal 227 den Chonradh sin ar leith ó na críocha náisiúnta seo a leanas:

[EN]

(a) i gcás na Gearmáine, Oileán Heligoland agus críoch Büsingen,

[EN]

(b) i gcás na hIodáile, Livigno, Campione d'Italia agus uiscí na hIodáile de Loch Lugano,

[EN]

(c) i gcás na Ríochta Aontaithe, Oileáin Mhuir nIocht,

[EN]

(d) i gcás na Gréige, Cnoc Athos,

[EN]

(e) i gcás na Spáinne, na hOileáin Chanáracha, Ceuta agus Melilla,

[EN]

(f) i gcás na Fraince, Ranna thar lear na Poblachta, agus

[EN]

(g) i gcás na Fionlainne, Oileáin Áland;”.

[EN]

Leasú ar alt 111 (doiciméid a bheidh i dteannta táirgí inmháil) den Acht Airgeadais, 1992.

96.—Leasaítear leis seo alt 111 (arna leasú le Rialachán 11 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992) agus le halt 100 den Acht Airgeadais, 1995) den Acht Airgeadais, 1992—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Ar leith ó tháirgí inmháil—

[EN]

(a) dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 106, agus

[EN]

(b) arna seoladh nó arna n-iompar ag díoltóir Stáit nó ag díoltóir nach díoltóir Stáit, nó thar a cheann, de réir fhorálacha alt 107,

[EN]

beidh i dteannta táirgí inmháil i gcúrsa seachadadh—

[EN]

(i) ó Bhallstát eile ar aon duine sa Stát,

[EN]

(ii) ó aon duine sa Stát ar aon duine i mBallstát eile,

[EN]

(iii) ón Stát trí Bhallstát eile ar áit chinn scríbe sa Stát,

[EN]

(iv) tríd an Stát ó Bhallstát eile ar áit chinn scríbe sa Bhallstát sin,

[EN]

(v) ó Bhallstát amháin tríd an Stát ar Bhallstát eile,

[EN]

(vi) ar an Stát ó Bhallstát eile i gcás go bhfuil feidhm ag díolúine ó dhleacht máil faoi alt 113(1), agus

[EN]

(vii) ón Stát ar Bhallstát eile faoi aon díolúine dá bhforáiltear i mír 1 d'Airteagal 23 den Treoir,

[EN]

gach tráth le linn dóibh a bheith sa Stát i gcúrsa seachadadh den sórt sin, doiciméad (dá ngairtear ‘doiciméad a bheidh i dteannta táirgí inmháil’ sa Chaibidil seo).”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1995):

[EN]

“(2B) I gcás ina ndéanfar táirgí inmháil a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta lena seachadadh ar dhuine sa Stát i gcás go mbeidh feidhm ag díolúine ó dhleacht máil faoi fho-alt (1) d'alt 113, glacfaidh an duine sin gach beart réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar, de bhreis ar an doiciméad a bheidh i dteannta táirgí inmháil, deimhniú (ar a dtabharfar ‘an deimhniú díolúine’) a sheoladh in éineacht leis na táirgí inmháil sin agus go mbeidh sé ina dteannta i gcúrsa a seachadta.”.

[EN]

Mar a dhéileálfar le caillteanais.

97.—Leasaítear leis seo alt 114 den Acht Airgeadais, 1992, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Maidir le caillteanais, seachas na caillteanais sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus le haon ghanntanais táirgí inmháil faoi shocrú fionraí dleachta, dlífear dleacht máil a chur orthu de réir an ráta a bheidh i bhfeidhm an tráth a tharla na caillteanais nó na ganntanais sin, arna shuíomh chun sástachta oifigigh, nó an tráth a tháinig na caillteanais nó na ganntanais sin ar iúl oifigigh, agus beidh dleacht iníoctha láithreach agus déanfaidh an duine a bheidh údaraithe chun na táirgí inmháil sin a tháirgeadh, a phróiseáil, a shealbhú, a iompar, a sheachadadh nó a ghlacadh (de réir mar a bheidh) í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an modh forordaithe.”.

[EN]

Cúnamh frithpháirteach ginearálta.

98.—Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116:

[EN]

“116A.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach a bheidh údaraithe i scríbhinn ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo;

[EN]

ciallaíonn ‘an Treoir ón gComhairle’ Treoir Uimh. 77/799/CEE an 19 Nollaig 1977 ón gComhairle1, arna leasú le Treoir Uimh. 79/1070/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle2 agus le Treoir Uimh. 92/12/CEE an 25 Feabhra 1992 ón gComhairle3;

[EN]

(2)(a) Féadfaidh na Coimisinéirí agus oifigigh údaraithe aon fhaisnéis i dtaobh dleachtanna máil, is gá a nochtadh amhlaidh de bhua na Treorach ón gComhairle, a nochtadh d'údaráis inniúla Ballstáit eile.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí ná oifigeach údaraithe aon fhaisnéis a nochtadh de bhun na Treorach ón gComhairle mura deimhin leo go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann faoi cheangal ag rialacha rúndachta i leith na faisnéise, nach lú déine ná na rialacha sin a bhaineann leis an bhfaisnéis sa Stát, nó go bhfuil geallta acu rialacha rúndachta den sórt sin a urramú.

[EN]

(c) Ní cheadóidh aon ní san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim ná d'oifigeach údaraithe a údarú faisnéis a bheidh nochta de bhua na Treorach ón gComhairle d'údaráis inniúla Ballstáit eile a úsáid ar shlí seachas chun críocha cánachais nó chun imeachtaí dlí a éascú i leith mainneachtana dlíthe cánach an Stáit sin a chomhlíonadh.”.

[EN]

Cúnamh frithpháirteach chun éilimh a ghnóthú.

99.—Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116A (arna chur isteach leis an Acht seo)—

[EN]

“116B.—(1)(a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘an Treoir ón gCoimisiún’ Treoir Uimh. 77/794/CEE an 4 Samhain 1977 ón gCoimisiún1;

[EN]

ciallaíonn ‘an Treoir ón gComhairle’ Treoir Uimh. 76/308/CEE an 15 Márta 1976 ón gComhairle2, arna leasú le Treoir Uimh. 79/1071/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle3 agus le Treoir Uimh. 92/12/CEE an 25 Feabhra 1992 ón gComhairle.

[EN]

(b) Tá le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir ón gComhairle nó sa Treoir ón gCoimisiún, mura léir a mhalairt a bheith ar intinn, an bhrí san alt seo atá leis nó léi sa Treoir ón gComhairle nó sa Treoir ón gCoimisiún, de réir mar a bheidh.

[EN]

(2) Maidir leis an méid dleachta máil a bheidh sonraithe in aon iarraidh arna déanamh go cuí de bhun na Treorach ón gComhairle ag údarás i mBallstát eile chun aon mhéid a ghnóthú sa Stát a bheidh éilithe ag údarás den sórt sin de bhun éilimh dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir ón gComhairle, beidh sé inghnóthaithe in aon chúirt dlínse inniúla ag an Aire Airgeadais agus, chun críocha an mhéid sin roimhe seo, measfar gurb é atá sa mhéid fiach a bheidh dlite don Aire sin, den duine ar ina aghaidh a dhéanann an t-údarás sin an t-éileamh, i leith dleachta nó cánach atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí nó fiach conartha shimplí a bheidh dlite den duine sin don Aire sin, de réir mar is cuí.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos—

[EN]

(a) in Airteagail 4 go 12 agus 14 go 17 den Treoir ón gComhairle,

[EN]

agus

[EN]

(b) in Airteagail 2 go 21 den Treoir ón gCoimisiún,

[EN]

i ndáil le héilimh i leith dleachta máil dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir ón gComhairle a éireoidh i mBallstát eile agus is ábhar d'imeachtaí dlí a bheidh tionscanta faoin alt seo.

[EN]

(4) In aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo, déanfar aon doiciméad a bheidh san fhoirm atá sonraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir ón gCoimisiún, agus a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe sa tslí atá sonraithe in Airteagal 11 den Treoir sin, a ghlacadh i bhfianaise gan cruthúnas ar aon séala nó síniú a bheidh air ná, maidir le haon duine a shínigh é, gurbh é an duine cuí é lena shíniú, agus beidh an doiciméad sin, go dtí go suífear a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh luaite ann.

[EN]

(5)(a) Maidir le himeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo chun aon suim a ghnóthú, déanfar iad a bhac má shásaíonn an cosantóir an chúirt go bhfuil imeachtaí dlí is iomchuí maidir lena dhliteanas i leith an éilimh, lena mbaineann na himeachtaí a thionscnófar amhlaidh, ar feitheamh nó ar tí a dtionscanta os comhair cúirte, binse nó comhlachta inniúil eile i mBallstát eile, ach féadfar aon bhac den sórt sin a bhaint mura ndéanfar na himeachtaí dlí sa Bhallstát sin a thabhairt ar aghaidh nó a thionscnamh faoi luas réasúnach.

[EN]

(b) In aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh go bhfuil breith chríochnaitheach ar an éileamh lena mbaineann na himeachtaí tugtha ina fhabhar ag cúirt, binse nó comhlacht dlínse inniúla eile i mBallstát eile, agus, i ndáil le haon chuid d'éileamh lena mbaineann na himeachtaí dlí sin, is cosaint é don chosantóir a shuíomh gur tugadh breith den sórt sin i ndáil leis an gcuid sin den éileamh.

[EN]

(c) Ní ardófar aon cheist in aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo i dtaca le dliteanas an chosantóra i leith an éilimh lena mbaineann na himeachtaí ach amháin mar a fhoráiltear i mír (b) den fho-alt seo.

(d) Chun críocha an ailt seo, measfar imeachtaí dlí a bheith ar feitheamh fad is a fhéadfar achomharc a thionscnamh in aghaidh aon bhreithe sna himeachtaí agus, chun na gcríoch sin, measfar gur breith chríochnaitheach breith nach mbeidh aon ábhar achomhairc ina haghaidh nó a mbeidh ábhar achomhairc ina haghaidh laistigh de thréimhse a bheidh imithe in éag, gan achomharc a bheith tionscanta.”.

[EN]

Leasú ar alt 87A (oibleagáid ceisteanna áirithe a fhreagairt, coinneáil agus gabháil) den Acht Airgeadais, 1995.

100.—Leasaítear leis seo alt 87A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1997) den Acht Airgeadais, 1995, trí “féadfaidh an comhalta sin an duine a ghabháil gan bharántas” a chur in ionad “féadfaidh an t-oifigeach sin an duine a ghabháil gan bharántas” i mír (b) d'fho-alt (3).

[EN]

Samplaí a thógáil agus anailísiú (custaim agus mál).

101.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “gníomhaireacht” an tSaotharlann Stáit agus aon chomhlacht nó duine eile a bheidh ainmnithe ag an gCeimiceoir Stáit nó ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo chun sampla a bheidh curtha ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht sin a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú;

[EN]

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

ciallaíonn “oifigeach” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí;

[EN]

folaíonn “úinéir”, i ndáil le hearraí, duine atá i bhfeighil nó i seilbh na n-earraí;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí faoi fho-alt (14);

[EN]

ciallaíonn “taifead” taifead i bhfoirm inléite nó taifead is féidir a léamh i bhfoirm inléite;

[EN]

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit nó an duine a bheidh de thuras na huaire ag feidhmiú go cuí fheidhmeanna an Cheimiceora Stáit nó duine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (11) chun feidhmeanna an Cheimiceora Stáit faoin alt seo a chomhall.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le samplaí d'aon earraí a bheidh tógtha ag oifigeach faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál i gcás gur dóigh leis an oifigeach go bhféadfadh gur ghá, dá éis sin, go ndéanfadh gníomhaireacht aon cheann de na samplaí a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú chun a chinneadh ar chóir aon imeachtaí a thionscnamh faoi na dlíthe sin nó, i gcás go mbeifear tar éis é sin a chinneadh, chun críche na n-imeachtaí sin.

[EN]

(3) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2), déanfaidh an t-oifigeach—

[EN]

(a) i gcás ina mbeidh an t-úinéir nó ionadaí an úinéara i láthair, a chur in iúl dó nó di cé na hearraí a bhfuil sé i gceist ag an oifigeach samplaí a thógáil ina leith, agus

[EN]

(b) maidir leis na hearraí a bheidh i gceist, 2 shampla ar a laghad, más féidir, nó in aon chás eile aon sampla amháin díobh a thógáil, agus

[EN]

(i) gach sampla díobh a shéalú, nó

[EN]

(ii) i gcás iad a bheith pacáistithe cheana féin i gcoimeádán atá oiriúnach lena shéalú, an coimeádán ina bhfuil sé pacáistithe a shéalú, i ndáil le gach sampla den sórt sin, nó

[EN]

(iii) más cuí é sna himthosca, gach sampla díobh a chur i gcoimeádán ar leithligh agus gach coimeádán díobh sin a shéalú.

[EN]

(4) Déanfaidh an t-oifigeach lena mbaineann, roimh sampla nó coimeádán a shéalú faoi fho-alt (3)(b), a dheimhniú dó nó di féin go bhfuil an sampla nó an coimeádán (de réir mar a bheidh) i riocht oiriúnach i gcomhair séalú.

[EN]

(5) Déanfar ceann amháin de na samplaí d'earraí lena mbaineann fo-alt (3)(b)

[EN]

(a) i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(a) freisin, a thairiscint d'úinéir na n-earraí nó d'ionadaí an úinéara agus féadfaidh an duine sin an sampla a bheidh le tabhairt dó nó di a roghnú, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, a thabhairt d'úinéir na n-earraí, nó d'ionadaí an úinéara, ar iarraidh a bheith déanta—

[EN]

(i) ag féachaint don chineál sampla atá ann, ar a n-áirítear é a bheith meatach ar shlí ar bith, laistigh de thréimhse réasúnach, nó

[EN]

(ii) laistigh de 3 mhí,

[EN]

ón uair a séalaíodh an sampla de réir fho-alt (3)(b), cibé acu is túisce a tharlaíonn, ach ní dhéanfar aon ní sa mhír seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an sampla a thabhairt amhlaidh ar iarraidh a dhéanfar dá éis sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina mbaineann na samplaí le hearraí a mbeifear tar éis iad go léir a choinneáil nó a urghabháil faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál.

[EN]

(6) I gcás ina gcinnfidh oifigeach go bhfuil sampla lena mbaineann fo-alt (3)(b) le hanailísiú, le tástáil nó le scrúdú ag gníomhaireacht de réir an ailt seo, déanfaidh oifigeach, a luaithe is indéanta, é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara go gcuirfear ar aghaidh é chuig gníomhaireacht.

[EN]

(7) I gcás ina mbeidh sampla lena mbaineann an t-alt seo curtha ar aghaidh chuig an tSaotharlann Stáit lena anailísiú, lena thástáil nó lena scrúdú ag gníomhaireacht, féadfaidh an Ceimiceoir Stáit a chur faoi deara go ndéanfaidh—

[EN]

(a) an tSaotharlann Stáit, nó

[EN]

(b) gníomhaireacht a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (10),

[EN]

é a anailísiú, é a thástáil nó é a scrúdú, agus i gcás ina gcinnfidh an Ceimiceoir Stáit gur cóir feidhm a bheith ag mír (b) maidir le sampla, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta, é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara go gcuirfear ar aghaidh é chuig an ngníomhaireacht sin.

[EN]

(8) I gcás ina ndéanfar sampla a thógáil, a shéalú, a thairiscint don úinéir nó d'ionadaí an úinéara, a stóráil, a thabhairt don úinéir nó d'ionadaí an úinéara, nó ina ndéanfar é a chur ar aghaidh nó ina gcuirfear faoi deara é a chur ar aghaidh chuig gníomhaireacht ag oifigeach, coimeádfaidh gach oifigeach den sórt sin taifead air sin, mar aon le taifead ar aon ní eile a fhorordófar chun críche an fho-ailt seo.

[EN]

(9) Déanfaidh gach gníomhaireacht lena mbaineann an t-alt seo, ar shampla a fháil, a sheiceáil an bhfuil séala air nó ar an gcoimeádán ina bhfuil sé, agus, má tá séala air, go bhfuil an séala slán, agus coimeádfaidh sí taifead scríofa air sin mar aon le taifead ar an bhfáil, ar an stóráil agus ar aon ní eile a fhorordófar chun críche an fho-ailt seo.

[EN]

(10) Féadfaidh an Ceimiceoir Stáit agus na Coimisinéirí araon comhlacht nó duine amháin nó níos mó a ainmniú i scríbhinn chun críche an ailt seo chun sampla a bheidh curtha ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin nó chuig an duine sin, nó aicme de shamplaí sonraithe nó samplaí i gcoitinne, a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú, agus beidh gach comhlacht nó duine den sórt sin ina ghníomhaireacht chun críocha an ailt seo.

[EN]

(11)(a) Gan dochar d'fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo ag an gCeimiceoir Stáit tráth ar bith, féadfaidh an Ceimiceoir Stáit duine amháin nó níos mó a bheidh fostaithe sa tSaotharlann Stáit a údarú i scríbhinn chun na feidhmeanna sin a chomhall, agus leanfaidh aon údarú den sórt sin go dtí go ndéanfaidh an Ceimiceoir Stáit de thuras na huaire é a chúlghairm nó go scoirfidh an duine a bheidh údaraithe amhlaidh de bheith fostaithe sa tSaotharlann Stáit.

[EN]

(b) Maidir le feidhmeanna na gCoimisinéirí gníomhaireacht amháin nó níos mó a ainmniú chun críocha an ailt seo, féadfaidh aon oifigeach, a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chun na feidhmeanna sin a chomhall, na feidhmeanna sin a fheidhmiú.

[EN]

(12) Más rud é, in aon imeachtaí faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, go dtabharfar doiciméad ar aird a airbheartaíonn—

[EN]

(a) gur ainmniú i scríbhinn é faoi fho-alt (10) nó gur deimhniú é arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit, ag duine de na Coimisinéirí nó ag duine arna údarú faoi fhomhír (a) nó (b) d'fho-alt (11) á rá gur gníomhaireacht chun críocha an ailt seo comhlacht nó duine i leith sampla shonraithe, i leith aicme de shamplaí sonraithe nó i leith samplaí i gcoitinne (de réir mar a bheidh),

[EN]

(b) gur údarú i scríbhinn é faoi mhír (a)(b) d'fho-alt (11) nó gur deimhniú é arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit nó ag Coimisinéir á rá go bhfuil duine údaraithe chun na feidhmeanna dá dtagraítear sa mhír (a) nó (b) sin, de réir mar is cuí, a chomhall,

[EN]

(c) gur deimhniú é ón tSaotharlann Stáit nó ó ghníomhaireacht eile á dheimhniú—

[EN]

(i) go bhfuair an ghníomhaireacht a bheidh i gceist an sampla nó an coimeádán lena mbaineann agus nach raibh a shéala briste nó nach raibh aon séala air,

[EN]

(ii) go ndearnadh an sampla lena mbaineann a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú, de réir mar a bheidh, agus

[EN]

(iii) cad iad na tátail, na torthaí nó na fíorais atá le baint as an anailísiú, as an tástáil nó as an scrúdú sin, de réir mar a bheidh,

[EN]

ansin, go dtí go suífear a mhalairt, beidh an doiciméad sin ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh ráite ann gan cruthúnas ar aon síniú nó séala a bheidh air ná, maidir le haon duine a shínigh é, gur duine cuí é nó í lena shíniú nó leis an séala air a fhíordheimhniú.

[EN]

(13) I gcás ina mbeidh doiciméad eisithe faoi fho-alt (12), toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go ndearnadh forálacha fho-ailt (6)(7), nó iad araon, de réir mar is cuí, a chomhlíonadh i leith an tsampla lena mbaineann.

[EN]

(14) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

[EN]

(15) In aon imeachtaí faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann fianaise a thabhairt ar aird go cuí, ar shlí seachas de réir na bhforálacha eile den alt seo, ar na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) sampla d'earraí a thógáil faoi na dlíthe sin, nó

[EN]

(b) aon tátail, torthaí nó fíorais a bheidh bainte as aon anailísiú, tástáil nó scrúdú, de réir mar a bheidh, ar an sampla sin.

[EN]

Samplaí a sheoladh ar aghaidh lena n-anailísiú.

102.—(1) San alt seo, tá le “gníomhaireacht”, “oifigeach”, “an Ceimiceoir Stáit” agus “na Coimisinéirí” an bhrí chéanna atá leo in alt 101.

[EN]

(2) Más rud é, faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, go dtógfaidh oifigeach sampla agus go gcinnfear é a sheoladh chuig gníomhaireacht lena anailísiú, lena thástáil nó lena scrúdú, agus i gcás nach bhfuil feidhm ag forálacha alt 101, féadfaidh oifigeach nó an Ceimiceoir Stáit é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara é a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht sin.

[EN]

Imeachtaí a thionscnamh faoi na hAchtanna Custam, etc.

103.—D'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Custam nó in áit eile, ní bheidh gá le hordú ó na Coimisinéirí Ioncaim chun go dtosóidh imeachtaí nó go leanfar d'imeachtaí faoi na hAchtanna sin.

1IO Uimh. L336 an 27 Nollaig 1977, lch. 15

2IO Uimh. L331 an 27 Nollaig 1979, lch.8

3IO Uimh. L76 an 23 Márta 1992, lch.1

1IO Uimh. L333 an 24 Nollaig 1977, lch. 11

2IO Uimh. L73 an 19 Márta 1976, lch. 18

3IO Uimh. L331 an 27 Nollaig 1979, lch. 10

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

[EN]

Léiriú (Cuid 3).

104.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais, 1992;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997.

[EN]

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

105.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f)—

[EN]

“(f) duine inchánach do leithreasú earraí chun aon chríche seachas críoch a ghnó nó duine inchánach do dhiúscairt earraí saor ó tháille i gcás—

[EN]

(i) an cháin ab inmhuirearaithe i ndáil leis na hearraí sin—

[EN]

(I) ar iad a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal nó a allmhairiú ag an duine inchánach, nó

[EN]

(II) ar iad a fhorbairt, a dhéanamh, a chóimeáil, a mhonarú, a tháirgeadh, a asbhaint nó a úsáid faoi mhír (e),

[EN]

de réir mar a bheidh, a bheith inasbhainte go hiomlán nó go páirteach faoi alt 12, nó

[EN]

(ii) gur aistríodh úinéireacht na n-earraí chuig an duine inchánach le linn gnó nó cuid de ghnó a aistriú agus gur measadh nár sholáthar earraí de réir fho-alt (5)(b) an t-aistriú úinéireachta sin, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí do-chorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht.

106.—Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach le hAcht 1997):

[EN]

“(9) I gcás diúscairt leasa in earraí do-chorraithe a bheith inmhuirearaithe i leith cánach agus i gcás nár forbraíodh na hearraí ó dháta diúscartha an leasa sin (dá ngairtear ‘an leas inchánach’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo), measfar, chun críocha an Achta seo, gur soláthar earraí do-chorraithe a bhfuil feidhm ag fo-alt (6) ina leith aon diúscairt leasa sna hearraí sin tar éis an dáta sin ag duine seachas an duine a fuair an leas inchánach.

[EN]

(10)(a) I gcás diúscairt leasa in earraí do-chorraithe a bheith inmhuirearaithe i leith cánach agus go bhfuil d'oibleagáid ar an duine a fhaigheann an leas sin cíos a íoc le duine eile (dá ngairtear ‘an tiarna talún’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo) faoi na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha síos maidir leis an leas sin, ansin—

[EN]

(i) measfar, d'ainneoin fhorálacha alt 8, nach duine inchánach an tiarna talún i leith idirbheart i ndáil leis na hearraí do-chorraithe sin seachas—

[EN]

(I) soláthairtí de na hearraí do-chorraithe sin a bhfuil cáin inmhuirearaithe orthu de réir fhorálacha an ailt seo, nó

[EN]

(II) soláthairtí earraí nó seirbhísí eile arna ndéanamh ag an tiarna talún ar chomaoin, nó

[EN]

(III) caiteachais iarligin i leith an leasa sin,

[EN]

(ii) ní bheidh an tiarna talún i dteideal cáin a asbhaint i leith idirbheart i ndáil leis na hearraí do-chorraithe sin seachas—

[EN]

(I) soláthairtí de na hearraí do-chorraithe sin a bhfuil cáin inmhuirearaithe orthu de réir fhorálacha an ailt seo seachas fo-alt (4), nó

[EN]

(II) soláthairtí earraí nó seirbhísí eile arna ndéanamh ag an tiarna talún ar chomaoin, nó

[EN]

(III) caiteachais iarligin i leith an leasa sin,

[EN]

(iii) measfar, i gcás nach é an tiarna talún sin an duine a rinne an leas a dhiúscairt, gur duine inchánach an tiarna talún i leith caiteachas iarligin i ndáil leis an leas sin agus beidh an tiarna talún, i ndáil leis na caiteachais iarligin sin, i dteideal cáin a asbhaint, de réir alt 12, amhail is gur chun críocha sholáthairtí inchánach an tiarna talún na caiteachais iarligin sin.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is éard iad caiteachais iarligin i ndáil le leas in earraí do-chorraithe caiteachais arna dtabhú ag an tiarna talún—

[EN]

(i) le linn seirbhísí a chur i gcrích a bhfuil sé d'oibleagáid ar an tiarna talún iad a chur i gcrích faoi théarmaí agus coinníollacha an chonartha i scríbhinn a rinneadh ar dhiúscairt an leasa a bhí inmhuirearaithe i leith cánach ach ní fholaíonn sé idirbhearta nach bhfuil an oibleagáid chun iad a chomhlíonadh le brath sa chomaoin ar ar muirearaíodh cáin ar dhiúscairt an leasa sin, nó

[EN]

(ii) a bhaineann go díreach le bailiú cíosa a eascraíonn faoin gconradh dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

[EN]

(iii) a bhaineann go díreach le hathbhreithniú ar chíos i gcás go ndéantar socrú i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha dá dtagraítear i bhfomhír (i) maidir le hathbhreithniú den sórt sin, nó

[EN]

(iv) a bhaineann go díreach le feidhmiú rogha chun an leas a fhadú nó chun clásal scoir a fheidhmiú i ndáil leis an leas sin i gcás go ndéantar socrú i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha dá dtagraítear i bhfomhír (i) maidir le rogha den sórt sin nó le clásal scoir den sórt sin,

[EN]

ach ní fholaíonn siad aon chaiteachais a bhaineann le hearraí nó le seirbhísí den chineál a shonraítear in alt 12(3).”.

[EN]

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

107.—Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (6)—

[EN]

(i) trí “, nó cárta teileafóin mar a mhínítear i bhfo-alt (6A),” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís teileachumarsáide” i mír (dd) (a cuireadh isteach le hAcht 1997),

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd):

[EN]

“(ddd) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Stát an áit a soláthraítear seirbhís teileachumarsáide, nó cárta teileafóin mar a mhínítear i bhfo-alt (6A), nuair is duine inchánach a sholáthraíonn an tseirbhís sin ó bhunaíocht sa Stát agus nuair a fhaigheann duine í, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal atá a ghnáth-áit chónaithe, agus nuair is sa Stát a úsáidtear agus a theachtar go héifeachtach í.”,

[EN]

(iii) trí “cé is moite den soláthar seirbhísí dá dtagraítear in míreanna (ddd) agus (ee) sna himthosca a shonraítear sna míreanna sin faoi seach agus” a chur isteach i ndiaidh “a shonraítear sa Cheathrú Sceideal” i mír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), agus

[EN]

(iv) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(ee) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Stát an áit a soláthraítear seirbhísí den tuairisc a shonraítear i mír (v) den Cheathrú Sceideal, nuair a sholáthraíonn duine na seirbhísí sin i gcúrsa nó ag bisiú gnó atá bunaithe sa Stát agus nuair a fhaigheann duine iad, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal atá a ghnáth-áit chónaithe, agus nuair is sa Stát a úsáidtear agus a theachtar go héifeachtach iad.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

[EN]

“(6A)(a) Faoi réir mhír (b), i gcás soláthar cárta teileafóin a bheith inchánach laistigh den Stát agus go n-úsáidtear an cárta teileafóin sin dá éis sin lasmuigh den Chomhphobal chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, measfar an áit a soláthraítear an tseirbhís teileachumarsáide sin a bheith lasmuigh den Chomhphobal agus beidh soláthróir an chárta teileafóin sin i dteideal, sa tréimhse inchánach ar lena linn a fhaigheann an soláthróir sin cruthúnas gur úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh lasmuigh den Chomhphobal, laghdú a fháil ar an gcáin is iníoctha ag an soláthróir sin i leith sholáthar an chárta teileafóin sin, ar laghdú é de mhéid a ríomhfar de réir mhír (c).

[EN]

(b) I gcás soláthar cárta teileafóin a bheith inchánach laistigh den Stát agus gurb é an duine a dhlíonn an cháin a íoc ar an soláthar sin duine dá dtagraítear in alt 8(2)(a)—

[EN]

(i) nach bhfuil i dteideal laghdú a fháil, de réir alt 12, ar an gcáin go léir is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin, nó

[EN]

(ii) atá i dteideal laghdú a fháil, de réir alt 12, ar an gcáin is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin de bhrí go bhfuarthas an cárta sin chun críocha athdhíola,

[EN]

agus go n-úsáidfear an cárta teileafóin sin dá éis sin lasmuigh den Chomhphobal chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, measfar an áit a soláthraítear an tseirbhís teileachumarsáide sin a bheith lasmuigh den Chomhphobal agus beidh an duine atá inchánach i leith sholáthar an chárta teileafóin sin i dteideal, sa tréimhse inchánach ar lena linn a fhaigheann an duine sin cruthúnas gur úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh lasmuigh den Chomhphobal, laghdú a fháil ar an gcáin is iníoctha i leith an tsoláthair sin den chárta teileafóin sin, a mhéid a úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh.

[EN]

(c) Chun críocha an fho-ailt seo déanfar méid an laghdaithe dá dtagraítear i mír (a) a ríomh mar seo a leanas:

(A-B) ×

C

______

C + 100

[EN]

i gcás—

[EN]

gurb é A an praghas, lena n-áirítear cáin, a ghearr an soláthróir ar an gcuid sin den cheart sa chárta teileafóin a caitheadh le linn rochtain a fháil ar an tseirbhís teileachumarsáide a measadh a bheith á soláthar lasmuigh den Chomhphobal,

[EN]

gurb é B an praghas, lena n-áirítear cáin, a gearradh ar an soláthróir ar an gcuid sin den cheart sa chárta teileafóin a caitheadh le linn rochtain a fháil ar an tseirbhís teileachumarsáide a measadh a bheith á soláthar lasmuigh den Chomhphobal, agus

[EN]

gurb é C an ráta faoin gcéad cánach ab inmhuirearaithe ar sholáthar an chárta teileafóin tráth an tsoláthair sin ag an soláthróir sin.

[EN]

(d) I gcás go n-úsáidtear cárta teileafóin chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, tabharfar neamhaird, chun críocha alt 10(2), ar luach an chárta teileafóin a úsáidtear amhlaidh.

[EN]

(e) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘cárta teileafóin’ cárta nó modh seachas airgead a thugann ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide agus dá bhfuil an soláthróir, nuair a sholáthraítear an cárta nó an modh eile do dhuine seachas chun críocha athdhíola, i dteideal comaoine i leith an tsoláthair agus nach bhfuil úsáidire an chárta nó an mhodha eile sin faoi dhliteanas maidir le haon mhuirear breise i leith fháil na seirbhíse teileachumarsáide a bhfaightear rochtain uirthi leis an gcárta nó leis an modh eile sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

108.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)—

[EN]

(a) i mír (a):

[EN]

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (i):

[EN]

“(ia) earraí arb éard iad seamhan beostoic, nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £40,000 agus, le linn an chomaoin iomlán sin a bheith á ríomh, tabharfar neamhaird ar sholáthairtí seamhain beostoic—

[EN]

(I) d'aon fheirmeoir eile atá ceadúnaithe mar ionad inseamhnaithe shaorga de réir fhorálacha an Achta Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947, nó

[EN]

(II) do dhuine inchánach a bhfeidhmíonn an feirmeoir sin rialú air,

[EN]

nó”,

[EN]

(ii) trí “seirbhísí a shonraítear i bhfomhír (i) agus earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ia) nó earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ii), nó iad araon, arna soláthar sna himthosca a leagtar amach san fhomhír sin” a chur in ionad “seirbhísí agus earraí a shonraítear i bhfomhír (i) agus (ii)” i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach le hAcht 1997),

[EN]

(iii) trí “nó” a chur isteach i ndeireadh fhomhír (iii), agus

[EN]

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii):

[EN]

“(iv) earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ia) agus earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ii) arna soláthar sna himthosca a leagtar amach san fhomhír sin, nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £40,000,”,

[EN]

(b) i bhfomhír (ia) (a cuireadh isteach le hAcht 1997) den choinníoll a ghabhann leis, trí “, (a)(ia)” a chur isteach i ndiaidh “mír (a)(i)”.

[EN]

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

109.—Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (6), trí “, seachas seirbhísí teileachumarsáide,” a chur isteach i ndiaidh “earraí nó seirbhísí”.

[EN]

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

110.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1992), trí “3.6 faoin gcéad” a chur in ionad “3.3 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1997) i mír (f).

[EN]

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

111.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “, seachas seirbhísí arb éard iad fruiliú mótarfheithiclí (mar a mhínítear i bhfo-alt (3)(b)) lena n-úsáid sa Stát,” a chur isteach i ndiaidh “lasmuigh den Stát” i bhfo-alt (1)(b)(iii), agus

[EN]

(b) trí “ailt 20(1A) agus 20(5)” a chur in ionad “alt 20(1A)” i bhfo-alt (2).

[EN]

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothromráta) den Phríomh-Acht.

112.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “3.6 faoin gcéad” a chur in ionad “3.3 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1997).

[EN]

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.

113.—Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)(c), trí “nó i leith mótarfheithiclí (mar a mhínítear in alt 12(3)(b))” a chur in ionad “nó i leith modhanna iompair”.

[EN]

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

114.—Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4)(a) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar críoch roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, ní dhéanfar, faoi réir mhír (b), aon aisíoc faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile den Acht seo ná faoi rialacháin mura ndéanfar éileamh ar an aisíoc sin laistigh den tréimhse deich mbliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh.

[EN]

(b) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, nó dá éis, agus an 1ú lá de Bhealtaine, 1999, nó dá éis, i ndáil le haon tréimhse inchánach eile, ní dhéanfar aon aisíoc faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile den Acht seo ná faoi rialacháin mura ndéanfar éileamh ar an aisíoc sin laistigh den tréimhse sé bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1992):

[EN]

“(5)(a) Más rud é, mar gheall ar thoimhde iomrallach in oibriú na cánach, cibé acu is duine inchánach, aon duine eile nó na Coimisinéirí Ioncaim a rinne an toimhde iomrallach sin, go dtugann duine cuntas i méid cánach nach raibh an duine sin cuntasach go cuí ann, dá ngairtear an ‘méid ró-íoctha’ina dhiaidh seo san fho-alt seo, féadfaidh an duine sin aisíoc den mhéid ró-íoctha a éileamh agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, an méid ró-íoctha a aisíoc leis an éilitheoir mura mbeadh de thoradh ar an aisíoc sin go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir.

[EN]

(b) Ciallaíonn saibhriú míchóir an éilitheora chun críocha an ailt seo méid ró-íoctha nó aon chuid de mhéid ró-íoctha a aisíoc leis an éilitheoir in imthosca inar aistrigh an t-éilitheoir, ar chúiseanna praiticiúla, costas an mhéid ró-íoctha sin nó cuid de chuig daoine eile sa phraghas a ghearr an t-éilitheoir ar earraí nó seirbhísí a sholáthair an t-éilitheoir.

[EN]

(c) Más rud é, i ndáil le haon éileamh faoi mhír (a), go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis méid den mhéid ró-íoctha a éilítear faoi mhír (a) a choinneáil siar de bhrí go mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fhorálacha mhír (a), an méid a chainníochtaítear ag mír (d)(iii) agus a chúiteodh an t-éilitheoir go cuí in aon chaillteanas brabús mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach a aisíoc leis an éilitheoir as an méid a coinníodh siar, i gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur comhlíonadh na coinníollacha i mír (d).

[EN]

(d) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (c) nach mór don éilitheoir—

[EN]

(i) a shuíomh, bunaithe ar anailísiú eacnamaíoch a chuireann leaisteachas praghais éilimh na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthraíonn an t-éilitheoir i gcuntas, gur bhain caillteanas láimhdeachais do ghnó an éilitheora mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach,

[EN]

(ii) méid an chaillteanais sin a chainníochtú,

[EN]

(iii) méid chaillteanas bhrabús an éilitheora de bharr an chaillteanais láimhdeachais sin a chainníochtú.

[EN]

(e) Más rud é, i ndáil le haon éileamh faoi mhír (a), go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis méid den mhéid ró-íoctha a éilítear faoi mhír (a) a choinneáil siar de bhrí go mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an éilitheoir, d'ainneoin fhorálacha mhír (a), an chuid sin den mhéid a coinníodh siar a gheall an t-éilitheoir a aisíoc leis na daoine ar aistríodh costas an mhéid ró-íoctha chucu i gcás gur deimhin leo go bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta ag an éilitheoir chun na daoine sin a aithint agus chun aisíoc a dhéanamh leo.

[EN]

(f) Más rud é go bhfaigheann éilitheoir aisíoc de réir mhír (e) agus go mainníonn sé aisíoc a dhéanamh leis na daoine lena mbaineann faoin tríochadú lá, ar a dhéanaí, tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an t-aisíoc sin a íoc, ansin déileálfar le haon mhéid nach bhfuil aisíoctha amhlaidh, chun críocha an Achta seo, ionann is dá mba cháin é a bhí dlite den éilitheoir don tréimhse inchánach ina bhfuil an lá sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 30 (teorainneacha ama) den Phríomh-Acht.

115.—Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (4), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a)(i) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar críoch roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, féadfar, faoi réir fhomhír (ii), meastachán cánach nó measúnacht chánach faoi alt 22 nó 23 a dhéanamh aon tráth nach déanaí ná deich mbliana tar éis dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán nó an mheasúnacht nó, i gcás arb éard atá sa tréimhse a ndéantar an meastachán nó an mheasúnacht ina leith dhá thréimhse inchánach nó níos mó, tar éis dheireadh na tréimhse inchánach is luaithe a áirítear sa tréimhse sin.

[EN]

(ii) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, nó dá éis, agus an 1ú lá de Bhealtaine, 1999, nó dá éis, i ndáil le haon tréimhse inchánach eile, féadfar meastachán cánach nó measúnacht chánach faoi alt 22 nó 23 a dhéanamh aon tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán nó an mheasúnacht nó, i gcás arb éard atá sa tréimhse a ndéantar an meastachán nó an mheasúnacht ina leith dhá thréimhse inchánach nó níos mó, tar éis dheireadh na tréimhse inchánach is luaithe a áirítear sa tréimhse sin.

[EN]

(aa) D'ainneoin mhíreanna (a)(i) agus (a)(ii), i gcás aon chineál calaoise nó faillí i dtaca nó i ndáil le cáin a bheith déanta ag aon duine nó thar ceann aon duine, féadfar meastachán nó measúnacht mar a dúradh a dhéanamh aon tráth d'aon tréimhse a gcaillfeadh an Státchiste cáin ina leith murach sin, de dheasca na calaoise nó na faillí.”.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

116.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vb) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1993):

[EN]

“(vc) soláthar seirbhísí loingseoireachta ag Údarás Eitlíochta na hÉireann chun freastal do riachtanais aerárthaí a úsáideann gnóthas iompair a oibríonn ar luaíocht ar chonairí idirnáisiúnta go príomha;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xva) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982):

[EN]

“(xva) leabhair agus leabhráin chlóite lena n-áirítear atlais ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) nuachtáin, tréimhseacháin, bróisiúir, catalóga agus cláir,

[EN]

(b) leabhair stáiseanóireachta, leabhair seiceanna agus a leithéidí,

[EN]

(c) dialanna, eagraitheoirí, bliainirisí, beartaitheoirí agus a leithéidí arb éard atá in 25 faoin gcéad nó níos mó d'achar iomlán a gcuid leathanach spásanna bána chun faisnéis a thaifeadadh,

[EN]

(d) albaim agus a leithéidí, agus

[EN]

(e) leabhair stampaí, leabhair ticéad nó leabhair cúpón.”.

[EN]

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

117.—Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1992) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír

[EN]

(xia) (a cuireadh isteach le hAcht 1997):

[EN]

“(xib) seirbhísí inseamhnaithe ainmhithe;

[EN]

(xic) seamhan beostoic;

[EN]

(xid) éanlaith bheo agus ostraisí beo;”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xii):

[EN]

“(xii) ábhar clóite arb éard é:

[EN]

(a) nuachtáin agus tréimhseacháin;

[EN]

(b) bróisiúir, bileoigíní agus cláir;

[EN]

(c) catalóga, lena n-áirítear eolairí agus ábhar clóite dá samhail;

[EN]

(d) léarscáileanna, cairteacha hidreagrafacha agus cairteacha dá samhail;

[EN]

(e) ceol clóite seachas i bhfoirm leabhair nó leabhráin;

[EN]

ach gan na nithe seo a leanas a áireamh:

[EN]

(i) ábhar clóite eile ar fógraíocht atá ann go hiomlán nó go substaintiúil,

[EN]

(ii) na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna (b) go (e) de mhír (xva) den Dara Sceideal, agus

(iii) aon ábhar clóite eile;”.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

[EN]

Leasú ar alt 54 (meaning of “conveyance on sale”) den Stamp Act, 1891.

118.—Leasaítear leis seo alt 54 den Stamp Act, 1891, trí “upon the sale or compulsory acquisition thereof” a chur in ionad “upon the sale thereof”.

[EN]

Leasú ar alt 59 (certain contracts to be chargeable as conveyances on sale) den Stamp Act, 1891.

119.—(1) Leasaítear leis seo alt 59 den Stamp Act, 1891, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

[EN]

“(7) In subsection (1) ‘stock, or marketable securities’ does not include a share warrant issued in accordance with the provisions of section 88 of the Companies Act, 1963.”.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le conarthaí nó comhaontuithe chun scairbharántais a dhíol arna ndéanamh an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

120.—Leasaítear leis seo an ceannteideal “BILL OF EXCHANGE or PROMISSORY NOTE” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “drawn in the State     ...     ...     ...     ...     ...     ...

7p”:

of the following:

“Where drawn on an account in the State     ...

7p

In any other case:

Where drawn or made in the State     ...

7p”;

agus

(b) trí na díolúintí seo a leanas a chur isteach:

“(10) Direct debits and standing orders.

(11) Bill drawn on an account outside the State.”.

[EN]

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982.

121.—(1) Leasaítear leis seo alt 92 den Acht Airgeadais, 1982, i bhfo-alt (1), trí “aicmí I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII agus IX” a chur in ionad “aicme VII” i mír (c) den mhíniú ar “méid eisiata”.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo fo-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) d'alt 92 den Acht Airgeadais, 1982.

[EN]

Leasú ar alt 203 (dleacht stampa i leith cártaí airgid) den Acht Airgeadais, 1992.

122.—Leasaítear leis seo alt 203 den Acht Airgeadais, 1992, i bhfo-alt (2):

[EN]

(a) trí “mír (a), (b)(c), nó” a chur in ionad “mír (a), (b)(c),” i bhfomhír (B) de mhír (II) den choinníoll, agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach sa choinníoll i ndiaidh mhír (II):

[EN]

“(III) más cárta airgid é in ionad cárta airgid atá san áireamh cheana féin sa ráiteas iomchuí,”.

[EN]

Leasú ar alt 107 (faoiseamh do bhallghnólachtaí) den Acht Airgeadais, 1996.

123.—(1) Leasaítear leis seo alt 107 den Acht Airgeadais, 1996, i bhfo-alt (1), tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

[EN]

“Ar choinníoll:

[EN]

(a) más rud é agus a mhéid nach n-aistreoidh an ballghnólacht na hurrúis sin chuig ceannaitheoir bona fide roimh dheireadh na tréimhse míosa ó dháta an aistrithe, dá ngairtear ‘an tréimhse shonraithe’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo, go n-íocfaidh an ballghnólacht leis na Coimisinéirí, laistigh de 14 lá tar éis dheireadh na tréimhse sonraithe, an méid dleachta ad valorem ab inmhuirearaithe ar an aistriú dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo;

[EN]

(b) go bhféadfaidh an ballghnólacht, i ndáil le haon díolachán den sórt sin nach déanaí a dháta críochnaithe ná 30 lá ó dháta an chonartha i gcomhair díolacháin agus roimh dháta an chonartha, a roghnú go ndéanfar an dáta críochnaithe sin a áireamh mar dháta an dara haistriú a luaitear, dá dtagraítear i mír (a), agus, sa chás sin, measfar, chun críocha mhír (a), gurb é an dáta críochnaithe sin dáta an dara haistriú sin a luaitear.”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis de bhun conarthaí i gcomhair díolacháin a dhéanfar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

[EN]

Ús ar dhleacht stampa neamhíoctha nó ró-íoctha.

124.—(1) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis na hailt seo a leanas—

[EN]

(i) alt 15(1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1991) den Stamp Act, 1891,

[EN]

(ii) alt 69(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den Acht Airgeadais, 1973,

[EN]

(iii) ailt 16(6) agus 17 (5) (b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981,

[EN]

(iv) ailt 91(6) agus 92 (6) den Acht Airgeadais, 1982,

[EN]

(v) alt 90(6) den Acht Airgeadais, 1983,

[EN]

(vi) alt 97(6) den Acht Airgeadais, 1984,

[EN]

(vii) alt 55(6) den Acht Airgeadais, 1985,

[EN]

(viii) ailt 92(6) agus 93(6) den Acht Airgeadais, 1986,

[EN]

(ix) alt 48(6) den Acht Airgeadais, 1987,

[EN]

(x) alt 64(6) den Acht Airgeadais, 1988,

[EN]

(xi) alt 64(6) den Acht Airgeadais, 1989,

[EN]

(xii) ailt 108(6), 109 (5) agus 113 (4) den Acht Airgeadais, 1990,

[EN]

(xiii) alt 89(6) den Acht Airgeadais, 1991,

[EN]

(xiv) ailt 200(6) agus 203(6) den Acht Airgeadais, 1992,

[EN]

(xv) alt 112(6) den Acht Airgeadais, 1994,

[EN]

(xvi) ailt 142(6) agus 150 (3) den Acht Airgeadais, 1995, agus

[EN]

(xvii) alt 107(2) den Acht Airgeadais, 1996.

[EN]

(b) Más rud é go mbeidh aon ús lena mbaineann an fo-alt seo inmhuirearaithe, d'aon tréimhse a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, i leith dleachta stampa a dhlífear a íoc roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó dá éis, beidh an t-ús sin inmhuirearaithe de réir 1 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí i gcás úis ab inmhuirearaithe, murach an mhír seo, de réir 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí, nó de réir 15 faoin gcéad sa bhliain, de réir mar a bheidh, a shonraítear sna hailt sin agus beidh éifeacht leis na hailt sin amhail is dá ndéanfaí an ráta 1 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí a chur in ionad an ráta a shonraítear amhlaidh.

[EN]

(2) Maidir le haon mhí, nó cuid de mhí, a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, leasaítear leis seo alt 69 den Acht Airgeadais, 1973, trí “6 faoin gcéad sa bhliain” a chur in ionad “9 faoin gcéad sa bhliain” i mír (ii) den dara coinníoll a ghabhann le fo-alt (1).

[EN]

(3) Maidir le haon mhí, nó cuid de mhí, a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, leasaítear leis seo alt 112 den Acht Airgeadais, 1990

[EN]

(a) i bhfo-alt (3)(b) trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “aon faoin gcéad”, agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (6) trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “aon faoin gcéad”.

[EN]

Aisghairm (Cuid 4).

125.—Aisghairtear leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear os coinne an lua sin i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

[EN]

Leasú ar alt 117 (margadhluach measta teaghaisí áirithe a laghdú) den Acht Airgeadais, 1991.

126.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1991, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 117:

[EN]

“117.—(1) A mhéid is teach nó an chuid iomchuí de theach í oidhreacht—

[EN]

(a) ar dháta na hoidhreachta, agus

[EN]

(b) ar an dáta luachála,

[EN]

agus go nglacann comharba í arb amhlaidh dó nó di, ar dháta na hoidhreachta, gur dírshinsear, dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach linbh éagtha), deartháir nó deirfiúr, nó leanbh dearthár nó deirféar, leis an diúscróir é nó í, agus

[EN]

(i) a chónaigh leis an diúscróir sa teach nó, i gcás an teach sin a bheith curtha go díreach nó go neamhdhíreach in ionad maoine eile, sa teach sin agus sa mhaoin eile sin, ar feadh tréimhsí leanúnacha arbh ionann iad le chéile agus—

[EN]

(I) sa chás gur deartháir nó deirfiúr leis an diúscróir an comharba agus, ar dháta na hoidhreachta, go bhfuil 55 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, na 5 bliana díreach roimh dháta na hoidhreachta, agus

[EN]

(II) in aon chás eile, na 10 mbliana díreach roimh dháta na hoidhreachta, agus

[EN]

(ii) nach bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige nó aici chuig aon teach eile nó chuig an gcuid iomchuí d'aon teach eile,

[EN]

déanfar margadhluach measta an tí nó an chuid iomchuí den teach a laghdú, d'ainneoin aon ní dá mhalairt in alt 15 den Phríomh-Acht, de 80 faoin gcéad nó de £150,000, cibé acu is lú:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás gur maoin talmhaíochta de réir bhrí alt 19 (1) den Phríomh-Acht an teach nó an chuid iomchuí den teach atá san oidhreacht, ar an dá dháta sin, agus gur feirmeoir de réir bhrí an ailt sin an comharba ar an dáta luachála agus tar éis an oidhreacht a ghlacadh, nach mbeidh feidhm ag forálacha an ailt seo.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

tá le ‘an chuid iomchuí’, i ndáil le teach, an bhrí a shanntar dó, i ndáil le maoin, le fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn ‘teach’ foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, a úsáideann an diúscróir mar phríomh-theaghais nó mar aonteaghais, maille leis an ngairdín nó na tailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad.”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le hoidhreachtaí arna nglacadh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 117 (ús ar cháin) den Acht Airgeadais, 1993.

127.—(1) Leasaítear leis seo alt 117 den Acht Airgeadais, 1993—

[EN]

(a) i mír (b), trí “aon faoin gcéad” a chur in ionad “aon agus ceathrú faoin gcéad”, agus

[EN]

(b) i mír (c), trí “aon faoin gcéad” a chur in ionad “aon agus ceathrú faoin gcéad”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin phrobháide a bheidh dlite roimh dháta rite an Achta seo, ar an dáta sin nó dá éis i gcás gur ar an dáta sin nó dá éis a thosaíonn an tréimhse a mbeidh ús le muirearú, nó a mbeidh lascaine le tabhairt, ina leith.

[EN]

Leasú ar alt 134 (luach sócmhainní eiscthe a eisiamh) den Acht Airgeadais, 1994.

128.—Beidh éifeacht le halt 134 den Acht Airgeadais, 1994, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, amhail is dá gcuirfí na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-alt (7):

[EN]

“(7) Más rud é, i ndáil le bronntanas nó le hoidhreacht—

[EN]

(a) go mbeidh maoin ghnó iomchuí, ar scaireanna i gcuideachta nó urrúis de chuid cuideachta í, ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht ar an dáta luachála, agus

[EN]

(b) ar an dáta sin, go mbeidh maoin, ar gnó nó leas i ngnó í nach dtagann faoi réim alt 127(4) (dá ngairtear ‘maoin ghnó chuideachta’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo), ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta sin nó, más rud é gur cuideachta shealbhaíochta de chuid cuideachta amháin nó níos mó atá laistigh den ghrúpa céanna í an chuideachta sin, ag aon chuideachta atá laistigh den ghrúpa sin,

[EN]

beidh an mhaoin ghnó chuideachta sin, chun críocha fho-alt (1), ina maoin eisiata i ndáil leis na scaireanna nó leis na hurrúis sin, mura mbeadh sí, ar leith ó alt 127(3), ina maoin ghnó iomchuí dá mba rud é—

[EN]

(i) go raibh sí ina hábhar don bhronntanas nó don oidhreacht sin, agus

[EN]

(ii) go raibh sí san áireamh sa diúscairt do na tréimhsí a raibh sí ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta chéadluaite sin nó ag aon chomhalta den ghrúpa sin, fad a bhí sí ina comhalta den sórt sin, nó ar áireamh iarbhír sa diúscairt.

[EN]

(8) Le linn a bheith ag cinneadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann maoin ghnó chuideachta míreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (7), beidh feidhm ag forálacha alt 129, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an maoin ghnó chuideachta sin mar atá feidhm acu maidir le cás lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 129.”.

[EN]

Coinníollacha sula bhféadfar achomharc a dhéanamh.

129.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 52 den Acht sin:

[EN]

“52A.—Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoi alt 51 nó 52 go dtí cibé tráth a dhéanfaidh an duine arb ábhar éagóra leis an cinneadh nó an mheasúnacht (de réir mar a bheidh) alt 36(2) a chomhlíonadh i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta ar i ndáil leis nó léi a dhéantar an cinneadh nó an mheasúnacht, amhail is dá mba rud é nach raibh aon teorainn ama ann chun alt 36(2) a chomhlíonadh agus amhail is dá mba dhuine é an duine sin atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35(1) agus a gceanglaíonn na Coimisinéirí trí fhógra i scríbhinn air tuairisceán a sheachadadh.”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais nó le hoidhreachtaí a ghlacfar an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

CUID 6

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

130.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1997” alt 164 den Acht Airgeadais, 1997;

[EN]

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

[EN]

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is daichead” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950.

[EN]

(2) I ndáil leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1997 ach “£95,826,511” a chur in ionad “£94,679,697”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1997 ach “£72,545,813” a chur in ionad “£72,772,950”.

[EN]

(4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £120,289,536 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998.

[EN]

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is daichead a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is daichead, nach mó ná £92,457,250 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is daichead a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

Íocaíochtaí úis ag glacadóirí taisce áirithe.

131.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

[EN]

(a) in alt 256(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “cáin chuí”:

[EN]

“(a) i gcás taisce iomchuí nó taiscí iomchuí atá i gcuntas coigiltis speisialta, de réir ráta 20 faoin gcéad, agus”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 891, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘comhar creidmheasa’ cumann arna chlárú faoin Acht um Chomhar Creidmheasa, 1997, lena n-áirítear cumann a mheastar a bheith cláraithe amhlaidh faoi alt 5(3) den Acht sin.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon ús a íocann nó a chreidiúnaíonn comhar creidmheasa i leith airgid a fhaigheann nó a choinníonn sé.”.

[EN]

(2)(a) Beidh feidhm ag mír (a) d'fho-alt (1) amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1998.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) maidir le tréimhsí inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, nó dá éis.

[EN]

Imréiteach cánach don scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil.

132.—Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962, in alt 10(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

[EN]

“(d) (i) ceanglas ar aturnae a chuir in iúl do chláraitheoir contae, de réir na Rialachán um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965 (I.R. Uimh. 12 de 1965), go bhfuil sé toilteanach gníomhú do dhaoine dá dtabharfar deimhnithe um chúnamh dlíthiúil, nach foláir dó, nuair a cheanglóidh an tAire air déanamh amhlaidh, deimhniú arna eisiúint ag an Ard-Bhailitheoir (de réir bhrí alt 851 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) i leith an aturnae sin a thabhairt don Chláraitheoir Contae á dheimhniú gur chomhlíon sé na hoibleagáidí go léir a fhorchuirtear air leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, agus leis na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin (agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin)—

[EN]

(I) i ndáil le híoc nó le cur ar aghaidh na gcánacha, an úis agus na bpionós a cheanglaítear a íoc nó a chur ar aghaidh, agus

[EN]

(II) i ndáil le seachadadh tuairisceán,

[EN]

(ii) ceanglas ar abhcóide, ar chuir Ardchomhairle Bharra na hÉireann in iúl don Aire, de réir na Rialachán um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965, go bhfuil sé toilteanach gníomhú do dhaoine dá dtabharfar deimhnithe um chúnamh dlíthiúil, nach foláir dó, nuair a cheanglóidh an tAire air déanamh amhlaidh, deimhniú arna eisiúint ag an Ard-Bhailitheoir (de réir bhrí alt 851 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) i leith an abhcóide sin a thabhairt don Aire á dheimhniú gur chomhlíon sé na hoibleagáidí go léir a fhorchuirtear air leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, agus leis na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin (agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin)—

[EN]

(I) i ndáil le híoc nó le cur ar aghaidh na gcánacha, an úis agus na bpionós a cheanglaítear a íoc nó a chur ar aghaidh, agus

[EN]

(II) i ndáil le seachadadh tuairisceán,

[EN]

(e) na coinníollacha nach foláir a chomhlíonadh sula bhféadfaidh an tArd-Bhailitheoir (de réir na brí a dúradh) deimhniú dá dtagraítear i mír (d) den fho-alt seo a eisiúint,

[EN]

(f) nithe a leanfaidh as ceanglas nó coinníoll, nó a bhainfidh le ceanglas nó coinníoll, a fhorordaítear faoi mhír (d) nó (e) den fho-alt seo (a bhféadfaidh foráil a bheith iontu á chumasú ainm aturnae nó abhcóide a mhainnigh ceanglas a chomhlíonadh a fhorordaítear faoin mír (d) sin a bhaint d'aon liosta a choinnítear de bhun rialachán faoin bhfo-alt seo).”.

[EN]

Ús ar chánacha neamhíoctha nó ró-íoctha.

133.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

[EN]

(a) in ailt 240(3)(a), 531(9) agus 991(1) agus i míreanna (a) agus (b) d'alt 1080(1), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(b) in alt 953(7), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “0.6 faoin gcéad”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1983

[EN]

(a) in alt 105(1), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad”, agus

[EN]

(b) in alt 107(2), d'ainneoin Rialachán 3 de na Rialacháin um Ús a Íoc ar Ró-Íocaíochtaí Cánach, 1990 (I.R. Uimh. 176 de 1990), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in áit “1.25 faoin gcéad”.

[EN]

(3) Aisghairtear leis seo alt 46 den Acht Airgeadais, 1978, a mhéid a bhaineann sé le cáin bhreisluacha.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

[EN]

(a) in alt 41(2), mar a fhorléirítear é faoi threoir alt 43 den Acht Airgeadais, 1978, trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad”, agus

[EN]

(b) in alt 46(1), d'ainneoin Rialachán 3 de na Rialacháin um Ús a Íoc ar Ró-Íocaíochtaí Cánach, 1990, trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “aon faoin gcéad”.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Rachmais, 1975

[EN]

(a) in alt 18(2), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.5 faoin gcéad”, agus

[EN]

(b) in alt 22(2), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “1.5 faoin gcéad”.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hús is inmhuirearaithe nó is iníoctha—

[EN]

(i) faoi ailt 240, 531, 953, 991 agus 1080 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997,

[EN]

(ii) faoi ailt 105 agus 107 den Acht Airgeadais, 1983,

[EN]

(iii) faoi ailt 41 agus 46 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976,

[EN]

(iv) faoi ailt 18 agus 22 den Acht Cánach Rachmais, 1975, agus

[EN]

(v) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972,

[EN]

d'aon mhí, nó d'aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó dá éis, i leith méid a dhlitear a íoc nó a tharchur nó méid a dhlitear a aisíoc nó a choinneáil, de réir mar a bheidh, cibé acu roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó dá éis de réir na bhforálacha sin.

[EN]

Achomhairc.

134.—(1) Leasaítear leis seo Cuid 40 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

[EN]

(a) i gCaibidil 1, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 944:

“Cinntí Coimisinéirí Achomhairc a fhoilsiú.

944A.—Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc socruithe a dhéanamh chun tuarascálacha a fhoilsiú ar cibé cinntí dá gcuid is dóigh leo is cuí, ach cinnteoidh siad go bhfuil aon tuarascáil den sórt sin i bhfoirm a choisceann, a mhéid is féidir é, aithne a thabhairt ar aon duine a ndéileáiltear le cúrsaí dá chuid nó dá cuid sa chinneadh.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i gCaibidil 2, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e), i bhfo-alt (2) d'alt 945:

[EN]

“(ee) le foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc,”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 25(2) den Acht Cánach Breisluacha, 1972, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(ee) foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc;”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 52(5) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v), i mír (a):

[EN]

“(va) foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc;”.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hachomhairc arna gcinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc tar éis dháta rite an Achta seo.

[EN]

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.

135.—Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, i ndeireadh Chuid I sa Tríú Sceideal a ghabhann leis—

[EN]

(a) trí “Uimh. 39 de 1997” a chur léi i gcolún (1),

[EN]

(b) trí “An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997” a chur léi i gcolún (2), agus

[EN]

(c) trí “Alt 857” a chur léi i gcolún (3).

[EN]

Leasuithe iarchomhdhlúite.

136.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, dá dtagraítear i Sceideal 9 faoi réir na leasuithe a shonraítear sa Sceideal sin.

[EN]

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1997.

[EN]

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

137.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

138.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid 1 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(3) Déanfar Cuid 2 (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1997, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1998, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(5) Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(6) Déanfar Cuid 5 (a mhéid a bhaineann le cáin fháltas caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(7) Déanfar Cuid 6 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1998, agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin rachmais) a fhorléiriú i dteannta an Achta Cánach Rachmais, 1975, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag Cuid 1, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1998.

[EN]

(9) I ndáil le Cuid 3:

[EN]

(a) measfar gur tháinig ailt 104, 110 agus 112 agus mír (a) d'alt 116 i bhfeidhm, agus glacfaidh siad éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1998;

[EN]

(b) glacfaidh ailt 107 agus 109, mír (b) d'alt 116, mír (xid) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, mar a cuireadh isteach le mír (a) d'alt 117 agus mír (b) d'alt 117 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1998;

[EN]

(c) glacfaidh alt 108 agus míreanna (xib) agus (xic) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, mar a cuireadh isteach le mír (a) d'alt 117, éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1998;

[EN]

(d) beidh éifeacht le forálacha na Coda seo, seachas na forálacha sin a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c), amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

[EN]

(10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

(11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Alt 4.

Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 461—

(i) i mír (a), trí “£6,300” a chur in ionad “£5,800”,

(ii) i mír (b), trí “£3,650” agus “£6,300”, faoi seach, a chur in ionad “£3,400” agus “£5,800”, agus

(iii) i mír (c), trí “£3,150” a chur in ionad “£2,900”,

(b) i bhfo-alt (2) d'alt 462, trí “£2,650” agus “£3,150”, faoi seach, a chur in ionad “£2,400” agus “£2,900”,

(c) in alt 465, trí “£800” a chur in ionad “£700” gach áit a bhfuil sé,

(d) i bhfo-alt (1) d'alt 467, trí “£8,500” a chur in ionad “£7,500” gach áit a bhfuil sé,

agus

(e) i bhfo-alt (2) d'alt 468, trí “£1,000” a chur in ionad “£700” gach áit a bhfuil sé agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,600”.

SCEIDEAL 2

Forálacha ag Leasú an Phríomh-Achta de dhroim Athrú ar Airgeadra Stát Áirithe

Alt 47.

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo.

1. In alt 79(1), cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha an ailt seo, aon ghnóchan nó caillteanas a eascróidh chuig cuideachta agus a thig go díreach d'athrú ar ráta iomlaoide, folóidh sé gnóchan nó caillteanas a thig go díreach de theagmhas a chuirfidh airgeadra eile Stáit in ionad airgeadra an Stáit sin i gcás go ndéanfar, de thoradh an teagmhais, airgeadra feidhme (de réir bhrí alt 402) na cuideachta den airgeadra eile.”

2. In alt 80(1), sa mhíniú ar “ráta sonraithe”, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (a):

“(a) an ráta ar a dtugtar an Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Eorpach, nó”.

3. In alt 110(1), sa mhíniú ar “sócmhainn cháilitheach”, i mír (a), cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (i):

“(i) arb éard í aon iasacht, léas, infhaighteach trádála nó tomhaltais nó aon fhiach nó infhaighteach eile, urraithe nó neamhurraithe, nó leas in aon cheann acu sin, nó ceart conarthach chun aon cheann acu sin, agus”.

4. In alt 133(13)—

(a) i mír (b), déanfar “den ráta ar a dtugtar an Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Eorpach” a chur in ionad “den ráta ar a dtugtar Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Bhaile Átha Cliath ar phuint Éireannacha (dá ngairtear “Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Bhaile Átha Cliath” san fho-alt seo) a gcothabhálann Banc Ceannais na hÉireann taifead air”,

(b) i mír (c)—

(i) i bhfomhír (i),

agus

(ii) i bhfomhír (iii),

déanfar “den ráta ar a dtugtar an Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Eorpach” a chur in ionad “de Ráta Tairgthe 3 mhí Idirbhainc Bhaile Átha Cliath” i ngach cás acu.

5. In alt 402(1), cuirfear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) San alt seo, aon tagairtí do mhéid a bheith tabhaithe in airgeadra, nó a bheith ríofa i dtéarmaí airgeadra, seachas airgeadra feidhme cuideachta, ní fholóidh siad tagairt do mhéid a bheith tabhaithe in aigeadra stáit, nó a bheith ríofa i dtéarmaí airgeadra stáit, ar airgeadra é a mbeidh airgeadra eile de chuid an stáit sin curtha ina ionad, i gcás gurb é an t-airgeadra eile sin airgeadra feidhme na cuideachta.

(e) Chun críocha an ailt seo, más rud é, tráth ar bith, i ndáil le stát, go ndéanfar airgeadra eile a chur in ionad an airgeadra (dá ngairtear ‘an seanairgeadra’ ina dhiaidh seo sa mhír seo), ciallóidh an ráta iomlaoide ionadaitheach d'airgeadra an Stáit sin agus d'airgeadra stáit eile tráth ar bith roimhe sin an ráta iomlaoide ionadaitheach do sheanairgeadra an stáit sin agus d'airgeadra an stáit eile sin.”.

6. In alt 404(1)—

(a) i mír (a), sa mhíniú ar “íocaíocht léasa iomchuí”, i mír (ii), déanfar “ráta ar a dtugtar an Ráta Tairgthe Idirbhainc Eorpach” a chur in ionad “ráta ar a dtugtar Ráta Tairgthe Idirbhainc Bhaile Átha Cliath agus a gcothabhálann Banc Ceannais na hÉireann taifead air”,

agus

(b) i mír (b) (ii), déanfar “den ráta ar a dtugtar an Ráta Tairgthe 6 mhí Idirbhainc Eorpach” a chur in ionad “den ráta ar a dtugtar Ráta Tairgthe 6 mhí Idirbhainc Bhaile Átha Cliath agus a gcothabhálann Banc Ceannais na hÉireann taifead air”.

7. In alt 445, cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon oibríocht a thiocfadh faoi réim aon aicme nó cineál oibríochta a sonraítear i ndeimhniú faoi fho-alt (2) í a bheith ina hoibríocht trádála iomchuí murach go bhfuil airgeadra an Stáit i gceist léi, measfar, le héifeacht ó thosach feidhme alt 47 den Acht Airgeadais, 1998, i ndáil le mír 7 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, go dtagann sí faoi réim na haicme nó an chineáil oibríochta sin agus measfar í a bheith sonraithe sa deimhniú sin mar oibríocht trádála iomchuí.”.

8. In alt 446—

(a) cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon oibríocht a thiocfadh faoi réim aon aicme nó cineál oibríochta a sonraítear i ndeimhniú faoi fho-alt (2) í a bheith ina hoibríocht trádála iomchuí murach go bhfuil airgeadra an Stáit i gceist léi, measfar, le héifeacht ó thosach feidhme alt 47 den Acht Airgeadais, 1998, i ndáil le mír 8 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, go dtagann sí faoi réim na haicme nó an chineáil oibríochta sin agus measfar í a bheith sonraithe sa deimhniú sin mar oibríocht trádála iomchuí.”,

agus

(b) i bhfo-alt (7)(c)—

(i) cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (i):

“(i) seirbhísí, de chineál a chuireann banc ar fáil de ghnáth i ngnáthchúrsa a thrádála, a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát,”,

(ii) i bhfomhír (ii)—

(I) cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (II):

“(II) déileálacha idirnáisiúnta in airgeadraí agus i dtodhchaíochtaí, i roghanna agus i sócmhainní airgeadais dá samhail,”,

agus

(II) cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (III):

“(III) déileálacha i mbannaí, i gcothromais agus in ionstraimí dá samhail,”.

9. Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 541:

“Mar a dhéileálfar le fiacha ar athrú airgeadra.

541A.—(1) Más rud é, aon lá, go ndéanfar fiach in airgeadra na hÉireann d'fhiach (nach bhfuil feidhm ag alt 541 maidir leis de bhua fho-alt (6) den alt sin) a bheidh dlite do dhuine in airgeadra seachas airgeadra na hÉireann de thoradh airgeadra eile a bheith á chur in ionad airgeadra Stáit, ar airgeadra é an t-airgeadra eile sin a ndéanfar airgeadra na hÉireann de an lá sin freisin, ansin, faoi réir fho-alt (2), measfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, go ndearna an duine, an lá roimh an lá sin, an fiach sin a dhiúscairt agus a fháil ar ais láithreach ar a mhargadhluach.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, más rud é, i leith féich, go bhfabhróidh gnóchan inmhuirearaithe chuig duine de bhua fho-alt (1), déanfar an gnochan inmhuirearaithe sin a mheasúnú agus a mhuirearú ionann is dá mba ghnóchan inmhuirearaithe é a d'fhabhraigh chuig an duine an tráth ar diúscraíodh an fiach agus ní dhéanfar é a mheasúnú ná a mhuirearú ar shlí eile.

(3) Chun críocha fho-alt (2), i ndáil le fiach a bheidh dlite do dhuine, déileálfar le sásamh an fhéich nó cuid den fhiach mar dhiúscairt ar an bhfiach nó ar an gcuid sin tráth an fiach nó an chuid sin a shásamh.”.

10. In alt 552, cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A)(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘ráta iomlaoide’ ráta a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfadh daoine a bheadh ag déileáil ar neamhthuilleamaí 2 airgeadra a mhalartú ar a chéile dá réir.

(b) Chun críocha fho-alt (1), i gcás gur in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a tabhaíodh suim is inlamhála mar asbhaint, sloinnfear í i dtéarmaí airgeadra an Stáit faoi threoir an ráta iomlaoide d'airgeadra an Stáit agus don airgeadra eile an tráth ar tabhaíodh an tsuim.”.

SCEIDEAL 3

Leasú ar an bPríomh-Acht de dhroim Coinbhinsiúin le Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le Cánachas Dúbailte, etc.

Alt 48.

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo.

1. In alt 44(1), sa mhíniú ar “críoch iomchuí”, scriosfar “Stáit Aontaithe Mheiriceá nó”.

2. In alt 168(1)—

(a) in alt (a)(ii)(II), scriosfar “i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó”, agus

(b) i mír (b), scriosfar—

(i) an míniú ar “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá”, agus

(ii) “, seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá,”.

3. In alt 222(1)(b)—

(a) i bhfomhír (i), scriosfar “i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó”, agus

(b) i bhfomhír (ii), scriosfar—

(i) an míniú ar “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá”, agus

(ii) “ seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá”.

4. In alt 452—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a), scriosfar an míniú ar “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá”, agus

(ii) i mír (b), scriosfar “, seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá,”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)(c), scriosfar “i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó”.

5. In alt 627(2)(a), cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “críoch iomchuí”:

“ciallaíonn ‘críoch iomchuí’ críoch a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826 déanta lena rialtas.”.

6. In alt 690(2), scriosfar—

(a) i mír (c), “i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó”,

(b) “ tá le ‘cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá’ an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 25, agus”, agus

(c) “, seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá,”.

7. In alt 730, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) nach bhfuil sí i dteideal faoisimh, nó go séanann sí, le fógra i scríbhinn chuig an gcigire cuí (de réir bhrí alt 950(1)), faoiseamh, i leith an dáilte faoi chomhshocraíochtaí arna ndéanamh faoi alt 826 mar a chuirtear chun feidhme é le haghaidh cánach corparáide,”.

8. In alt 826(1), scriosfar “833 go”.

9. In alt 830, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach críoch seachas críoch a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 826.”.

10. Scriosfar ailt 833 agus 834.

11. I Sceideal 22, i mír 4(2), scriosfar “nó 833”.

12. I Sceideal 24, sa mhíniú ar “comhshocraíochtaí” i mír 1(1), scriosfar “nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1950”.

13. Scriosfar Sceideal 25.

SCEIDEAL 4

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí

Alt 51.

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo.

1. (a) In alt 145(2), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar ‘B’ i mír (a) a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí arna bhfáil ag cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an t-alt seo—

(i) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .2295 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988,

(ii) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .2883 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983,

(iii) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .2626 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1988, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989,

(iv) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .3178 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1989, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1991,

(v) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .3707 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1991, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1995,

(vi) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .4137 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1995, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1997, agus

(vii) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú faoi .4649 a mhéid is creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1997, agus roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.”.

(b) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le dáileadh a bheidh déanta nó a áirítear a bheith déanta ag cuideachta an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

2. In alt 729, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (7):

“(7) Chun críocha fho-alt (5)—

(a) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh, agus

(b) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear cuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileáiltear léi faoi mhír (a) mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta, nó an chuid de thréimhse chuntasaíochta, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an 2ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 3ú lá de Nollaig, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, nó an chuid de thréimhse chuntasaíochta, de réir mar a bheidh, agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh.”.

SCEIDEAL 5

Creidmheasanna Cánach a Dhíothú

Alt 52.

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas.

1. In alt 136, i bhfo-alt (1), déanfar “, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “Más rud é”.

2. In alt 139, i bhfo-alt (1), déanfar “agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999” a chur isteach i ndiaidh “an dáta sin nó dá éis”.

3. In alt 143:

(a) i bhfo-alt (2), déanfar “, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “dáileadh a rinneadh”,

(b) i bhfo-alt (5), déanfar “, más ann,” a chur isteach i ndiaidh “an chreidmheasa cánach”, agus

(c) i bhfo-alt (7), déanfar “, i gcás go ndéantar an dáileadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “50 faoin gcéad agus”.

4. In alt 145, i bhfo-alt (1), déanfar “arna dhéanamh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, ar dáileadh é” a chur isteach i ndiaidh “san alt seo)”.

5. In alt 147, i bhfo-alt (5)(a), déanfar “arna dhéanamh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “faighteoir dáilte iomchuí”.

6. In alt 150, i bhfo-alt (1), déanfar “roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “dáileadh arna dhéanamh”.

7. In alt 152, i bhfo-alt (1)(b), déanfar “i gcás an dáileadh a dhéanamh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach roimh “(cibé acu”.

8. Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 156:

“Ioncam infheistíochta frainceáilte agus íocaíochtaí frainceáilte.

156.—(1) Maidir le hioncam cuideachta a chónaíonn sa Stát arb é atá ann dáileadh arna dhéanamh ag cuideachta eile a chónaíonn sa Stát, déanfar ‘ioncam infheistíochta frainceáilte’ de chuid na cuideachta a ghairm de sna hAchtanna Cánach Corparáide agus is éard a bheidh i méid ioncam infheistíochta frainceáilte cuideachta den sórt sin—

(a) i gcás go mbeidh an chuideachta i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte, méid is comhionann le comhiomlán mhéid nó luach an dáilte agus mhéid an chreidmheasa, agus

(b) in aon chás eile, méid nó luach an dáilte.

(2) Aon tagairt sna hAchtanna Cánach Corparáide do ‘íocaíocht fhrainceáilte’ i ndáil le cuideachta a chónaíonn sa Stát agus a dhéanfaidh dáileadh, forléireofar í mar thagairt—

(a) i gcás go mbeidh faighteoir an dáilte i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte, do shuim mhéid nó luach an dáilte agus mhéid an chreidmheasa cánach, agus

(b) in aon chás eile, do mhéid nó luach an dáilte,

agus is tagairtí don tréimhse ina ndéantar an dáileadh áirithe sin tagairtí d'aon tréimhse chuntasaíochta nó tréimhse eile ina ndéantar íocaíocht fhrainceáilte.”.

9. In alt 157, i bhfo-alt (1), déanfar “agus go ríomhfar méid an ioncaim sin de réir fho-alt (1)(a) d'alt 156” a chur isteach i ndiaidh “go bhfaighidh cuideachta ioncam infheistíochta frainceáilte”.

10. In alt 158, i bhfo-alt (1), déanfar “agus go ríomhfar méid an ioncaim sin de réir fho-alt (1)(a) d'alt 156” a chur isteach i ndiaidh “go bhfaighidh cuideachta ioncam infheistíochta frainceáilte”.

11. In alt 159, déanfar “, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “sa Chaibidil seo, más rud é”.

SCEIDEAL 6

Athrú ar an Ráta Cánach Corparáide: Forálacha Breise

Alt 94.

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo.

1. In alt 26(4)(b), cuirfear “an 31ú lá de Nollaig, 1997” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1998”.

2. In alt 78(3)(c)(ii), cuirfear “an 31ú lá de Nollaig, 1997” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1998”.

3. I bhfo-alt (2) d'alt 448—

(a) i mír (a), cuirfear “fiche a dó de thríocha dóithe” in ionad “fiche a sé de thríocha séithe” maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, agus

(b) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) I gcás go n-éileoidh agus go gcruthóidh cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di earraí a mhonarú, maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí (ar tréimhse chuntasaíochta í atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998) go raibh, le linn na tréimhse cuntasaíochta sin, aon mhéid infhaighte i leith díol earraí i gcúrsa na trádála, déanfar cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin, a laghdú—

(i) fiche a hocht de thríocha ochtuithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997,

(ii) fiche a sé de thríocha séithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus

(iii) fiche a dó de thríocha dóithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an mbliain airgeadais 1998,

agus is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—

(I) chun críocha fho-alt (i), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(II) chun críocha fho-alt (ii), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(III) chun críocha fho-alt (iii), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an mbliain airgeadais 1998, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.

4. I Sceideal 32—

(a) i mír 5—

(i) i bhfomhír (2)—

(I) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (i):

“gurb é S—

(A) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 38/28,

(B) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 36/26, agus

(C) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 32/22,”,

(II) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (ii):

“gurb é S—

(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 10/28,

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 10/26, agus

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 10/22.”,

agus

(ii) i bhfomhír (3), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a):

“(a) Chun críocha fhomhír (2)—

(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”,

(b) i mír 6—

(i) i bhfomhír (2), cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (ii)—

“gurb é S—

(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 10/28,

(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 10/26, agus

(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 10/22.”,

agus

(ii) i bhfomhír (3), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a):

“(a) Chun críocha fhomhír (2)—

(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”,

(c) i mír 16—

(i) cuirfear na clásail seo a leanas in ionad chlásail (a) agus (b) d'fhomhír (3):

“(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 23 faoin gcéad,

(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 21 faoin gcéad, agus

(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 17 faoin gcéad;”

agus

(ii) cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (5):

“(5) Chun críocha na míre seo—

(a) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(b) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi chlásal (a) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”,

agus

(d) i mír 18—

(i) cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (b) d'fhomhír (4):

“(b) Faoi réir chlásal (c), is éard a bheidh i bhfaoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid a chinnfear de réir na foirmle—

(A - B) - (C - D)

i gcás—

gurb é A méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó mhír 16, ón mír seo agus ó alt 448, don tréimhse chuntasaíochta,

gurb é B méid a chinnfear trí ráta—

(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, is comhionann le 23 faoin gcéad,

(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, is comhionann le 21 faoin gcéad, agus

(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, is comhionann le 17 faoin gcéad,

a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta,

gurb é C méid na cánach corparáide a bheadh inmhuirearaithe, ar leith ó mhír 16, ón mír seo agus ó alt 448, don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí, agus

gurb é D méid a chinnfear trí ráta—

(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, is comhionann le 23 faoin gcéad,

(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, is comhionann le 21 faoin gcéad, agus

(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, is comhionann le 17 faoin gcéad,

a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí.”,

agus

(ii) i bhfomhír (6), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a):

“(a) Chun críocha na míre seo—

(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”.

SCEIDEAL 7

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 125.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní

...

...

...

...

...

...

£65.01 an míle mar aon le méid is comhionann le 17.53 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

...

...

...

...

...

£99.115 an cileagram

Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh

......

£83.638 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach

...

...

£68.762 an cileagram

SCEIDEAL 8

Na hAchtacháin Dleachta Stampa a Aisghairtear

Alt 136.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

11 Geo. 4 & 1 Will. 4, c. 68.

Carriers Act, 1830.

In alt 3, na focail “, which receipt shall not be liable to any stamp duty”.

14 & 15 Vict., c. 93.

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

Alt 40.

38 &39 Vict., c. 82

National School Teachers Residences (Ireland) Act, 1875.

Alt 6.

54 & 55 Vict., c. 39.

Stamp Act, 1891.

Alt 6;

In alt 7 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984), na focail “of an amount not exceeding 7p” agus na focail “not appropriated by any word or words on the face of them to any particular description of instrument”;

In alt 8(1), na focail “, or for any postal purpose,”;

In alt 9(1)(a), na focail “or uses for any postal purpose”;

Ailt 10 agus 23(3);

In alt 32, na focail ó “; and the expression ‘bill of exchange payable on demand’ includes—” go dtí deireadh an ailt sin;

In alt 56, na focail “or in perpetuity, or for any indefinite period not terminable with life” i bhfo-alt (2) agus fo-alt (3) go hiomlán;

In alt 77, fo-ailt (3) agus (4) go hiomlán;

Ailt 83 agus 84;

In alt 87(1), na focail “, and a reconveyance, release, discharge, surrender, resurrender, warrant to vacate, or renunciation of any such security,”;

Alt 115;

Sa Chéad Sceideal, faoin gceannteideal “GENERAL EXEMPTIONS FROM ALL STAMP DUTIES”, mír (1)(iii) go hiomlán;

An Dara Sceideal.

58 & 59 Vict., c. 16.

Finance Act, 1895.

Alt 12.

61 & 62 Vict., c. 46.

Revenue Act, 1898.

Ailt 7(4) agus 10(3).

Uimh. 28 de 1925.

An tAcht Airgid, 1925.

Alt 47.

Uimh. 25 de 1926.

An tAcht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926.

Alt 6.

Uimh. 27 de 1927.

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927.

Alt 86;

In alt 95, na focail “, agus fós chun crícheanna na saoirse darb uimhir 3 fén mírcheann ‘Agreement or any memorandum of an agreement’ agus atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san”.

Uimh. 39 de 1934.

An tAcht Comhar-Chumann Talmhaíochta (Debentiúirí), 1934.

Alt 7(3).

Uimh. 22 de 1942.

Acht an Bhainc Cheannais, 1942.

Alt 15(3).

Uimh. 21 de 1944.

An tAcht Iompair, 1944.

In alt 58, fo-ailt (1) agus (3) go hiomlán.

Uimh. 4 de 1945.

An tAcht Eitinne (Sanatoria do Bhunú), 1945.

Alt 3.

Uimh. 31 de 1945.

An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945.

In alt 5, fo-ailt (1) agus (2) go hiomlán.

Uimh. 33 de 1945.

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945.

Alt 9.

Uimh. 10 de 1946.

An tAcht Forbartha Móna, 1946.

Alt 68.

Uimh. 33 de 1949.

An tAcht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949.

In alt 4, fo-ailt (1) agus (2) go hiomlán.

Uimh. 12 de 1950.

An tAcht Iompair, 1950.

In alt 67, fo-ailt (1) agus (3) go hiomlán.

Uimh. 11 de 1953.

An tAcht Mine Féir (Táirgeadh), 1953.

Alt 4(1).

Uimh. 10 de 1954.

An tAcht um Choinbhinsiúin Chonsalachta, 1954.

Alt 10.

Uimh. 5 de 1955.

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1955.

Alt 15.

Uimh. 24 de 1957.

An tAcht um Scoláireachtaí a Mhalairtiú (Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá), 1957.

Alt 17.

Uimh. 30 de 1959.

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959.

Alt 11.

Uimh. 36 de 1959.

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.

Alt 7.

Uimh. 8 de 1962.

Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1962.

Alt 2(6).

Uimh. 32 de 1963.

An tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963.

Alt 5.

Uimh. 33 de 1963

Acht na gCuideachtaí, 1963.

Alt 337 (2).

Uimh. 4 de 1966.

Acht na nAerchuideachtaí, 1966.

Alt 19.

Uimh. 8 de 1966.

An tAcht um Aistriú an Bhainc Náisiúnta, 1966.

Alt 7.

Uimh. 17 de 1966.

An tAcht Airgeadais, 1966.

Alt 20.

Uimh. 21 de 1969.

An tAcht Airgeadais, 1969.

Fo-ailt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) agus (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981) d'alt 49;

I mír (a) d'fho-alt (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1996) d'alt 49, na focail “D'ainneoin fo-ailt (2) agus (2A) den alt seo,” agus “(ar leith ó na fo-ailt sin (2) agus (2A))”.

Uimh. 4 de 1970.

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970.

Alt 8.

Uimh. 14 de 1971.

An tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971.

Alt 19.

Uimh. 21 de 1973.

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973.

Alt 3(6).

Uimh. 27 de 1976.

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976.

In alt 14, na focail “dleacht stampa ná”.

Uimh. 30 de 1976.

An tAcht Gáis, 1976.

Alt 35(8).

Uimh. 4 de 1978.

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978.

Alt 7(8).

Uimh. 32 de 1981.

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981.

Alt 29(1).

Uimh. 11 de 1984.

An tAcht Margaithe Olla, 1984.

Alt 3(8).

Uimh. 9 de 1985.

Acht na bhFiaclóirí, 1985.

Alt 7(8).

Uimh. 18 de 1985.

Acht na nAltraí, 1985.

Alt 7(8).

Uimh. 15 de 1987.

An tAcht um Áiseanna Saothair, 1987.

Alt 27.

Uimh. 34 de 1987.

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987.

Alt 6.

Uimh. 18 de 1988.

An tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988.

Alt 29.

Uimh. 28 de 1988.

Acht na dTithe, 1988.

Alt 4(2)(b).

Uimh. 9 de 1989.

An tAcht um Bord na gCapall (Díscaoileadh), 1989.

Alt 2(8).

Uimh. 10 de 1990.

An tAcht Airgeadais, 1990.

In alt 114, na focail “I dteannta fhorálacha alt 14 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 (a bhaineann le díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí áirithe i gcás nascthionóntacht in áras an teaghlaigh a chruthú)”.

Uimh. 31 de 1990.

An tAcht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990.

Alt 6.

Uimh. 13 de 1991.

An tAcht Airgeadais, 1991.

Alt 104(3)(a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1992).

Uimh. 30 de 1991.

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 1991.

Alt 6.

Uimh. 9 de 1992.

An tAcht Airgeadais, 1992.

In alt 212(2)(a), na focail “nó alt 14 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976,”.

Uimh. 15 de 1992.

An tAcht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992.

Alt 19(7).

Uimh. 16 de 1992.

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992.

Alt 18(7).

Uimh. 19 de 1993.

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993.

Alt 17.

Uimh. 18 de 1994.

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994.

Alt 76.

Uimh. 25 de 1994.

Acht an Bhainne (Soláthar a Rialáil), 1994.

Alt 3(8).

Uimh. 28 de 1995.

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1995.

Alt 4(7).

Uimh. 35 de 1995.

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995.

Alt 14(5).

SCEIDEAL 9

Leasuithe Iar-Chomhdhlúite

Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo.

1. In alt 82(3), cuirfear “faoi fho-alt (2)” in ionad “faoi fho-alt (1)”.

2. In alt 109(3), cuirfear “alt 83 nó 707” in ionad “alt 83 nó 709”.

3. In alt 128(8), déanfar “an chirt a sannadh nó a scaoileadh ach gur áiríodh uirthi méid nó luach” a chur isteach i ndiaidh “i leith a fhála luach”.

4. In alt 140(4)(b), cuirfear “fo-alt (3)” in ionad “fo-alt (2)”.

5. In alt 279(1), scriosfar na focail “ní fholaíonn ‘caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais’ aon chaiteachas de réir bhrí alt 270(2);”.

6. In alt 346(7)(b)(ii), cuirfear “ar an gcéad cheannach” in ionad “ar an gcéad díol”.

7. In alt 950(1), sa mhíniú ar “forálacha sonraithe”, cuirfear “d'alt 888(2)” in ionad “d'alt 888(1)”.